Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa Seomra Ranga… · 2018-11-27 · 56 Sráid Mhic...
Transcript of Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa Seomra Ranga… · 2018-11-27 · 56 Sráid Mhic...
1 © Gaelchultúr 2012
Conas an Ghaeilge a Mhúineadh
go hÉifeachtach sa Seomra Ranga: Modúl 2
Ceacht 1: Bia / Sa bhialann
Aidhmeanna: Cur ar chumas na ndaltaí bia agus deochanna a ordú i mbialann
Cuspóirí:
cineálacha éagsúla bia agus deochanna ó bhiachlár a ainmniú;
cleachtadh a dhéanamh ar bhia a ordú i mbialann
Feidhmeanna teanga:
mianta a léiriú nó fiosrú fúthu
Struchtúir: Cad ba mhaith leat don chúrsa tosaigh / don phríomhchúrsa?
__________, le do thoil.
Ar mhaith leat ...?
Ba mhaith./Níor mhaith.
An mbeidh __________ agat?
Beidh./Ní bheidh.
Stór focal: cúrsa tosaigh, príomhchúrsa, milseog, sceallóga, burgar, sicín, prátaí rósta,
bradán, curaí sicín, rís, píotsa, anraith, sailéad glas, sailéad bia mara, glóthach
agus uachtar reoite, pióg úll agus uachtar
Gramadach: An maith leat ...? vs. Ar mhaith leat ...?
Ábhar: Na pictiúrchártaí atá le fáil ar na leathanaigh “Sa bhialann 1 (bia)” agus “Sa
bhialann 2 (deochanna)”;
An biachlár “Bialann Chóca”;
An bhileog “An maith leat ...? / Ar mhaith leat ...?”
2 © Gaelchultúr 2012
A. Réamhchumarsáid
1. Plé ar bhialanna
(a) Cuir plé ar bun maidir leis na bialanna éagsúla a bhfuil na daltaí eolach orthu. Cuir
ceisteanna bunúsacha orthu, ar nós na gceisteanna thíos, faoi bhia agus deoch.
An maith leat an bia in McDonalds, a Phádraig?
An maith leat an bia in Pizza Hut, a Lilí?
An raibh aon duine riamh in Luigi’s (nó ainm bialainne áitiúla eile)
An bhfuil píotsa acu?
Cad iad na rudaí éagsúla atá acu?
(b) Déan cur síos ar bhialann éigin a raibh tú féin inti le déanaí agus abair leo cad a bhí agat i
gcomhair na gcúrsaí éagsúla. Cuir pictiúir de na bianna éagsúla ar an gclár de réir mar a
bheidh tú á rá.
2. Stór focal an bhiachláir
(a) Le cabhair ó phictiúir atá le fáil ar na leathanaigh “Sa bhialann 1 (bia)” agus “Sa bhialann
2 (deochanna)”, múin an stór focal a bhaineann le biachláir.
(b) Tarraing tábla cosúil leis an gceann thíos ar an gclár agus iarr ar dhaltaí éagsúla cabhrú
leat na pictiúir a chur faoi na ceannteidil chearta.
3. Orduithe a ghlacadh i mbialann
(a) Abair leis na daltaí go bhfuil tú chun gníomhaíocht rólghlactha a imirt leo anois ina
mbeidh tusa i ról an fhreastalaí i mbialann agus ina mbeidh siadsan mar chustaiméirí.
Abair leo féachaint ar na liostaí a cuireadh le chéile ar an gclár sa ghníomhaíocht
dheireanach a bhaineann leis na cúrsaí éagsúla agus ligean orthu gurb é sin an biachlár.
Tóg orduithe ó dhaoine éagsúla sa rang.
Múinteoir: Cad ba mhaith leat don chúrsa tosaigh?
Dalta: Anraith, le do thoil.
Múinteoir: Agus don phríomhchúrsa?
Dalta: Bradán agus glasraí, le do thoil.
Múinteoir: Ar mhaith leat milseog?
Dalta: Ba mhaith. Glóthach agus uachtar reoite, le do thoil.
Múinteoir: Agus deoch?
Dalta: Cóc, le do thoil.
Cúrsaí tosaigh
Príomhchúrsaí Milseoga
Deochanna
3 © Gaelchultúr 2012
(b) Déan an comhrá seo le daltaí éagsúla sa rang ansin. Tar éis cúpla babhta, iarr ar dhaltaí
éagsúla ról an fhreastalaí a ghlacadh agus orduithe a ghlacadh ó dhaoine eile sa rang.
4 © Gaelchultúr 2012
Sa bhialann 1 (bia)
brádán agus glasraí sicín agus prátaí rósta
píotsa burgar agus sceallóga
curaí sicín agus rís sailéad glas
5 © Gaelchultúr 2012
beacáin ghairleoige glóthach agus
uachtar reoite
mealbhacán sailéad bia mara
anraith pióg úll agus uachtar
6 © Gaelchultúr 2012
Sa bhialann 2 (deochanna)
sú oráiste cóc
caife creathán bainne
bainne líomanáid
7 © Gaelchultúr 2012
tae seacláid the
8 © Gaelchultúr 2012
B. Fíorchumarsáid
Gníomhaíocht rólghlactha: Bialann Chóca
(a) Roinn an rang i ngrúpaí de cheathrar: A, B, C agus D. Beidh Dalta A mar fhreastalaí na
bialainne agus beidh Daltaí B, C agus D mar chustaiméirí.
(b) Tabhair an bhileog “Bialann Chóca” do na custaiméirí agus abair leo go mbeidh orthu
cúrsa tosaigh, príomhchúrsa, milseog agus deoch a roghnú ón mbiachlár.
(c) Ba cheart don fhreastalaí orduithe a ghlacadh ó na custaiméirí agus na ceisteanna céanna
a chur a ndearnadh cleachtadh orthu ní ba luaithe sa cheacht.
Cad ba mhaith leat don chúrsa tosaigh?
Agus don phríomhchúrsa?
Ar mhaith leat milseog?
Agus deoch?
(d) Tar éis dó na horduithe a ghlacadh ó na custaiméirí, beidh ar an bhfreastalaí cuimhneamh
ar na roghanna éagsúla (na trí chúrsa tosaigh, na trí phríomhchúrsa, na trí mhilseog agus
na trí dheoch) agus iad a thabhairt don chócaire, i.e. an múinteoir.
(e) Má éiríonn leis an bhfreastalaí cuimhneamh ar na horduithe ar fad gheobhaidh sé dhá
phointe dhéag. Caillfidh sé pointe i gcás rud ar bith a ndéanfaidh sé dearmad air. Beidh an
bua ag an bhfreastalaí ag a mbeidh an líon is mó pointí ag deireadh an bhabhta.
Nóta: Má ordaíonn níos mó ná duine amháin ag an mbord rud faoi leith, abair leis na
daltaí gur féidir leo curaí sicín faoi dhó, faoi thrí, etc. a rá agus iad ag tabhairt na
n-orduithe don chócaire.
(f) Sa chéad bhabhta eile a imreofar, beidh Dalta B mar fhreastalaí agus beidh Daltaí C, D
agus A mar chustaiméirí. Lean ar aghaidh leis an gcluiche go dtí go mbeidh deis ag gach
dalta ról an fhreastalaí a imirt.
9 © Gaelchultúr 2012
C. Iarchumarsáid
1. Léirmheas ar an mbialann
Cuir ceist ar dhaoine ó ghrúpaí difriúla faoi na béilí a d’ordaigh siad i mBialann Chóca le linn
na mbabhtaí éagsúla.
Cad a d’ordaigh tú don chúrsa tosaigh i mbabhta 4, a Róisín?
Cad a d’ordaigh tú don phríomhchúrsa i mbabhta 1, a Shiobhán?
Cad a bhí ag Cian don mhilseog i mbabhta 2, a Chaitríona?
2. Cleachtadh ar na struchtúir “is maith liom ...” agus “ba mhaith liom ...”
(a) Scríobh an dá cheist seo thíos ar an gclár:
An maith leat sicín? Is maith./Ní maith.
Ar mhaith leat sicín don bhricfeasta amárach? Níor mhaith.
(b) Cuir na ceisteanna thuas ar dhaltaí difriúla. Ansin cuir na ceisteanna céanna maidir le
bianna éagsúla. Déan iarracht ceisteanna áiféiseacha a chumadh uaireanta le haird a
tharraingt ar an difríocht atá idir an dá cheist.
An maith leat bradán? Is maith./Ní maith.
Ar mhaith leat bradán don lón inniu? Ba mhaith./Níor mhaith.
(c) Scaip an bhileog “An maith leat ...? / Ar mhaith leat ...?” ar an rang agus mínigh do na
daltaí go mbeidh orthu cúig cinn de bhianna éagsúla a roghnú agus ceisteanna a chumadh
fúthu, trí na bearnaí ar an mbileog a líonadh, i.e. cúig cheist a thosaíonn le “An maith leat
…?” agus cúig cheist a thosaíonn le “Ar mhaith ...?”.
(d) Nuair a bheidh an liosta ceisteanna cumtha ag gach beirt, abair leo go mbeidh siad ag
imirt cluiche i gcoinne beirte eile. Glaoigh Foireann A agus Foireann B ar gach ceathrar a
thiocfaidh le chéile chun an cluiche a imirt.
Ba cheart don dá fhoireann sealanna a thógáil ag cur na gceisteanna ar a chéile.
Scríobhfaidh imreoirí Fhoireann A na freagraí a gheobhaidh siad ó Fhoireann B isteach ar
an mbileog faoin gceannteideal “Freagraí” agus déanfaidh Foireann B amhlaidh le
freagraí Fhoireann A. Bronnfar pointe amháin ar gach freagra ceart. A fhad is a bheidh an
ghníomhaíocht ag dul ar aghaidh, bí thusa ag siúl timpeall ag éisteacht agus ag cabhrú leis
na daltaí, más gá.
(e) Pléigh na scóir leis na grúpaí éagsúla tar éis an chluiche.
56 Sráid Mhic Liam,
Baile na Carraige
Co. Bhaile Átha Claith
Tháinig Cóilín ar cuairt go
hÉirinn sa bhliain 2000 ar
saoire iascaireachta.
Thit sé i ngrá leis an tír, an
teanga agus bean darb
ainm Coleen.
Tá an bheirt acu paise-
anta faoi bhia úr, blasta a
bheith ar fáil ar phraghas
réasúnta.
Glacaimid le Laser,
Mastercard agus Visa
Iasc úr , feoil orgánach
Fón: O87 5565655
Facs: 565-858-5090
Ríomhphost:
Biachlár
Bialann Chócó
Uaireanta Oscailte:
Dé Máirt—Dé hAoine 6pm—10pm
Dé Sathairn & Dé Domhnaigh
5.30 — 11pm
Dé Luain — dúnta
Bialann Chócó Bialann Chócó Bialann Chócó
Mealbhacán
3.50
Anraith an lae
4.00
Sailéad glas
3.00
Beacáin ghairleoge
4.50
Sicín rósta agus prátaí
12.50
Bradán agus sceallóga
8.50
Curaí sicín agus rís
13.50
Píotsa 9.50
Glóthach agus uachtar reoite
3.50
Pióg úll agus uachtar
5.50
Mousse sú talún
4.50
Deochanna
Sú Oráiste 1.99
Cóc 1.99
Bainne 1.99
Líomanáid 1.99
Príomhchúrsaí
Cúrsaí tosaigh
Milseoga
12 © Gaelchultúr 2012
An maith leat ? / Ar mhaith leat?
Ceisteanna Freagraí
1. An maith leat __________________________? Is maith. nó Ní maith.
Ar mhaith leat ______________________ anois? Ba mhaith. nó Níor mhaith.
2. An maith leat __________________________? ___________ nó ___________
Ar mhaith leat ______________________ don lón ___________ nó ___________
inniu?
3. An maith leat _____________________? ___________ nó ___________
Ar mhaith leat ______________________ don ___________ nó ___________
dinnéar tráthnóna?
4. An maith leat __________________________? ___________ nó ___________
Ar mhaith leat __________________________ don ___________ nó ___________
tae anocht?
5. An maith leat _________________? ___________ nó ___________
Ar mhaith leat ______________________ don ___________ nó ___________
bhricfeasta amárach?
Scór: ______________________