Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa …...Téigh timpeall an ranga agus cuir an...
Transcript of Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa …...Téigh timpeall an ranga agus cuir an...
1 © Gaelchultúr 2012
Conas an Ghaeilge a Mhúineadh
go hÉifeachtach sa Seomra Ranga: Modúl 2
Ceacht 2: Siopadóireacht / Rudaí a cheannach
Aidhmeanna: Cur ar chumas na ndaltaí fiosrú faoi earraí atá ar fáil i siopaí agus faoin bpraghas atá ar earraí
Cuspóirí:
cineálacha éagsúla siopaí a ainmniú;
cluiche a imirt ar an tsiopadóireacht;
cleachtadh a dhéanamh ar euro a chomhaireamh
Feidhmeanna teanga:
mianta a léiriú nó fiosrú fúthu
Struchtúir: An bhfuil __________ agat?
Tá./Níl.
Cé mhéad atá air?
__________ euro.
An bhfuil __________ uait?
Tá./Níl.
Seo duit.
Go raibh maith agat.
Stór focal: Ba cheart neart stór focal a roghnú atá ar eolas ag na daltaí cheana féin
- Siopa peataí: coinín, iasc órga, hamstar, nathair, pearóid
- Siopa spóirt: clogad, trampailín, gloiní snámha, mála spóirt, liathróid
cispheile, raicéad leadóige
- Siopa ríomhairí: iPod, Nintendo, cluasáin, printéir, ríomhaire glúine, dúch
- Siopa ealaíne: marcóirí, scuaba péinte, péinteanna, cailc, criáin
- Siopa bréagán: balúin, teidí, scútar, míreanna mearaí, cluiche boird
- Siopa éadaí: geansaí, T-léine, carbhat, stocaí, crios, caipín
- Siopa milseán: líreacán, milseáin, seacláid, uachtar reoite
- Siopa seodra: fáinne, slabhra, uaireadóir, bráisléad
- Bácús: builín aráin, cáca, borróg, pióg
Gramadach: Euronna a chomhaireamh, 1–20
Ábhar: An póstaer “An tIonad Siopadóireachta” ar A3;
Na pictiúrchártaí atá le fáil ar an leathanach “Téigh ag siopadóireacht: Earraí”
(Babhtaí 1–3);
2 © Gaelchultúr 2012
Na cártaí atá le fáil ar an leathanach “Téigh ag siopadóireacht: Liostaí
siopadóireachta”;
Na cártaí atá le fáil ar an leathanach “Téigh ag siopadóireacht: Praghasliostaí”;
Airgead bréagach
3 © Gaelchultúr 2012
A. Réamhchumarsáid
1. Stór focal a bhaineann leis an tsiopadóireacht
(a) Cuir an póstaer “An tIonad Siopadóireachta” ar an gclár agus déan plé ar na siopaí
éagsúla atá le feiceáil ann, e.g. siopa spóirt, siopa peataí, siopa ealaíne, etc. Cuir na
ceisteanna thíos, agus cinn eile cosúil leo, ar na daltaí.
An bhfuil aon duine ábalta an siopa peataí a thaispeáint dom?
Cá bhfuil an siopa spóirt?
Cén leibhéal ar a bhfuil an siopa seodra?
Cad iad na rudaí éagsúla a bhíonn ar díol sa siopa bréagán de ghnáth?
(b) Cuir pictiúrchártaí d’earraí ó na leathanaigh “Téigh ag siopadóireacht: Earraí” ar an gclár
agus iarr ar dhaltaí éagsúla cabhrú leat an stór focal a shórtáil de réir an tsiopa chirt.
Scríobh ainmneacha na siopaí seo a leanas ar an gclár:
siopa peataí
siopa bréagán
siopa spóirt
siopa ríomhairí
siopa ealaíne
siopa éadaí
siopa milseán
siopa seodra
bácús
(c) De réir mar a ainmníonn na daltaí na hearraí a bhaineann leis na siopaí éagsúla, cuir na
pictiúir chuí in aice le hainmneacha na siopaí.
2. Cluiche tomhais faoin tsiopadóireacht
(a) Abair leis na daltaí go bhfuil tú chun ligean ort go bhfuil tú ar do bhealach chuig siopa
éigin.
Tá mé ag dul dtí an siopa peataí.
(b) Scríobh na ceisteanna thíos ar an gclár agus abair leis na daltaí iad a chur ort. Iarr ar na
daltaí tomhas céard atá ag teastáil ón múinteoir.
An bhfuil hamstar uait? Níl.
An bhfuil coinín uait? Tá.
(c) Tabhair deis do dhalta sa rang ansin ligean air féin go bhfuil sé ag dul chuig siopa faoi
leith. Beidh ar na daltaí eile tomhas céard atá uaidh. Imir cúpla babhta den chluiche seo,
agus tabhair deis do dhalta difriúil “dul go dtí an siopa” i ngach babhta.
4 © Gaelchultúr 2012
3. Cleachtadh ar chomhrá i siopa
(a) Abair leis na daltaí go bhfuil sibh chun gníomhaíocht bheag rólghlactha a dhéanamh
anois a bheidh suite i siopa peataí. Iarr ar dhalta amháin teacht amach os comhair an
ranga. Cuir bord idir tú féin agus an dalta, a bheidh mar “chuntar” an tsiopa. Bíodh an
comhrá thíos agat leis an dalta; tabhair leideanna agus cabhair dó chun freagraí a
chumadh, más gá.
Múinteoir: Dia duit.
Dalta: Dia is Muire duit.
Múinteoir: An bhfuil marcóirí agat?
Dalta: Tá, cinnte.
Múinteoir: Cé mhéad atá orthu?
Dalta: Trí euro an paicéad.
Múinteoir: Ba mhaith liom paicéad amháin, le do thoil.
Dalta: Cinnte. Seo duit. Trí euro, le do thoil.
Múinteoir: Seo duit.
Dalta: Go raibh maith agat. Seo do shóinseáil agus do mharcóirí. An bhfuil
mála uait?
Múinteoir: Níl, go raibh maith agat. Slán leat.
Dalta: Slán agat.
(b) Bíodh an comhrá céanna agat le beirt daltaí eile sa rang. Roghnaigh siopaí difriúla agus
earra nua le ceannach gach uair.
(c) Iarr ar bheirteanna eile ansin comhráite a bheith acu i siopaí éagsúla.
5 © Gaelchultúr 2012
An tIonad Siopadóireachta
Leibhéal 2
siopa milseán
siopa leabhar
siopa bróg
gruagaire
siopa poitigéara
bialann mhearbhia
Leibhéal 1
siopa éadaí
siopa bréagán
bácús
siopa seodra leithreas
siopa spóirt
Bunleibhéal
bialann Iodálach
siopa ealaíne siopa ríomhairí
An Mála Mór (siopa málaí)
carrchlós
siopa ceoil
siopa peataí
6 © Gaelchultúr 2012
Téigh ag siopadóireachta: Earraí
Babhta 1
1
iPod
1
mála spóirt
1
Nintendo
1
raicéad leadóige
1
míreanna mearaí
1
uaireadóir
1
clogad
1
bráisléad
1
cluasáin
1
liathróid
cispheile
1
carbhat
1
crios
7 © Gaelchultúr 2012
1
printéir
1
ríomhaire glúine
1
T-léine
1
caipín
1
geansaí
1
stocaí
8 © Gaelchultúr 2012
Babhta 2
2
scuaba péinte
2
uaireadóir
2
míreanna
mearaí
2
slabhra
2
cailc
2
cáca
2
fáinne
2
coinín
2
borróg
2
caipín
2
pearóid
2
péinteanna
9 © Gaelchultúr 2012
3
iasc órga
3
balúin
3
seacláid
3
líreacán
3
dúch
3
hamstar
10 © Gaelchultúr 2012
Babhta 3
3
builín arán
3
uachtar reoite
3
balúin
3
liathróid
cispheile
3
milseáin
3
míreanna
mearaí
3
printéir
3
cluiche boird
3
raicéad leadóige
3
criáin
3
gloiní snámha
3
stocaí
11 © Gaelchultúr 2012
3
trampailín
3
scútar
3
pióg
3
nathair
3
marcóirí
3
teidí
12 © Gaelchultúr 2012
B. Fíorchumarsáid
Cluiche cumarsáide: Téigh ag siopadóireacht!
(a) Bíodh na cártaí atá ar na leathanaigh “Téigh ag siopadóireacht: Earraí” (thuas), “Téigh ag
siopadóireacht: Praghasliostaí” agus “Téigh ag siopadóireacht: Liostaí Siopadóireachta”
cóipeáilte agus gearrtha amach agat.
(b) Abair leis na daltaí go mbeidh siad ag imirt cluiche siopadóireachta i gceann cúpla
nóiméad.
(c) Roinn an rang i bhfoirne de thriúr nó de sheisear, ag brath ar cé mhéad dalta atá sa rang,
agus glaoigh Foireann A, B agus C orthu.
(d) Le cabhair ó na grúpaí léirigh conas a imrítear an cluiche.
(i) I mbabhta 1, beidh Foireann C mar shiopadóirí agus beidh Foireann A agus B
mar chustaiméirí.
(ii) Beidh an triúr siopadóirí ina suí ag boird éagsúla agus gheobhaidh siad cártaí
earraí don siopa agus praghasliostaí.
(iii) Gheobhaidh na custaiméirí liostaí siopadóireachta agus airgead bréagach.
(iv) Nuair a chuirfidh an múinteoir tús leis an mbabhta, caithfidh Foirne A agus B
na rudaí atá ar a liostaí ar fad a fháil ó na siopaí éagsúla chomh tapa agus is
féidir leo.
(v) Beidh an bua ag an gcéad fhoireann a n-éireoidh leo na hearraí ar fad ar an
liosta a cheannach. Beidh deis ag buaiteoirí an bhabhta a bheith mar
shiopadóirí ansin.
(vi) Ba cheart trí bhabhta den chluiche a imirt ionas go mbeidh deis ag gach
foireann a bheith mar shiopadóirí.
(vii) Ag tús gach babhta nua, gheobhaidh na siopadóirí praghasliostaí nua agus
cártaí earraí nua a bhaineann leis an mbabhta sin agus gheobhaidh na foirne
custaiméirí liostaí siopadóireachta nua.
13 © Gaelchultúr 2012
Téigh ag siopadóireacht:
Liostaí siopadóireachta
Liosta 1 – Babhta 1
uaireadóir
míreanna mearaí
bráisléad
carbhat
mála spóirt
liathróid cispheile
geansaí
ríomhaire glúine
clogad
Liosta 2 – Babhta 1
iPod
raicéad leadóige
crios
cluasáin
T-léine
printéir
Nintendo
caipín
stocaí
Liosta 1 – Babhta 2
scuaba péinte
uaireadóir
míreanna mearaí
slabhra
cailc
cáca
iasc órga
balúin
seacláid
Liosta 2 – Babhta 2
fáinne
coinín
borróg
caipín
pearóid
péinteanna
líreacán
dúch
hamstar
Liosta 1 – Babhta 3
builín aráin
uachtar reoite
balúin
liathróid cispheile
milseáin
míreanna mearaí
trampailín
scútar
pióg
Liosta 2 – Babhta 3
printéir
cluiche boird
raicéad leadóige
criáin
gloiní snámha
stocaí
nathair
marcóirí
teidí
14 © Gaelchultúr 2012
Téigh ag siopadóireacht: Praghasliostaí
Siopa 1 – Babhta 1
geansaí €5
liathróid cispheile
€20
mála spóirt €12
printéir €70
Nintendo €150
ríomhaire glúine
€200
Siopa 2 – Babhta 1
stocaí €5
crios €10
clogad €25
T-léine €15
caipín €10
míreanna mearaí
€10
Siopa 3 – Babhta 1
uaireadóir €60
rothar €100
carbhat €10
iPod €160
cluasáin €30
raicéad leadóige
€25
Siopa 1 – Babhta 2
scuaba péinte €10
líreacán €1
uaireadóir €25
dúch €20
slabhra €25
seacláid €2
Siopa 2 – Babhta 2
balúin €3
caipín €8
borróg €1
hamstar €30
péinteanna €5
míreanna mearaí
€10
Siopa 3 – Babhta 2
iasc órga €15
fáinne €30
cáca €4
cailc €1
pearóid €150
coinín €70
Siopa 1 – Babhta 3
criáin €2
gloiní snámh €7
balúin €4
liathróid cispheile
€10
míreanna mearaí
€10
marcóirí €5
Siopa 2 – Babhta 3
pióg €4
raicéad leadóige
€20
builín aráin €2
teidí €10
scútar €8
nathair €60
Siopa 3 – Babhta 3
trampailín €45
uachtar reoite €1
milseáin €2
cluiche boird €16
printéir €70
stocaí €4
15 © Gaelchultúr 2012
C. Iarchumarsáid
Cleachtadh ar labhairt faoi euronna
(a) Tabhair suim airgid do gach uile dhalta sa rang idir €1 agus €10. Tóg suim airgid tú féin
chomh maith.
(b) Scríobh suim airgid faoi leith, e.g. €8, ar an gclár ansin agus abair an méid seo leo:
Caithfidh mé €8 a aimsiú. Tá cúig euro agam féin, mar sin caithfidh mé teacht ar
dhuine eile a bhfuil trí euro aige.
Téigh timpeall an ranga agus cuir an cheist “Cé mhéad euro atá agat?” ar dhaltaí éagsúla
sa rang ansin go dtí go n-aimseoidh tú duine a bhfuil trí euro aige.
(c) Scríobh suim eile airgid ar an gclár an uair seo agus abair leis na daltaí siúl timpeall agus
ceist a chur ar dhaoine eile cé mhéad euro atá acu le go n-aimseoidh siad duine ag a
mbeidh an méid ceart airgid.
(d) Cuir i gcuimhne do na daltaí gur cheart dóibh foirm threise an fhorainm réamhfhoclaigh a
úsáid agus an cheist á cur an dara huair. Scríobh an comhrá seo ar an gclár leis an bpointe
a léiriú.
Cé mhéad euro atá agat?
Trí euro. Cé mhéad euro atá agatsa?
Dhá euro.
(e) I ndiaidh duit cúpla babhta den chluiche a imirt le suimeanna airgid suas go €10, déan na
céimeanna thuas arís i gcás suimeanna airgid idir €11–€20.