Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa Seomra ... · PDF fileTá...
Transcript of Conas an Ghaeilge a Mhúineadh go hÉifeachtach sa Seomra ... · PDF fileTá...
1 © Gaelchultúr 2012
Conas an Ghaeilge a Mhúineadh
go hÉifeachtach sa Seomra Ranga: Modúl 5
Ceacht 1: Ar Scoil / Rialacha agus Nósanna na Scoile
Aidhmeanna: Cur ar chumas na ndaltaí labhairt faoi nósanna agus rialacha na scoile
Cuspóirí:
stór focal ag baint le rialacha agus nósanna na scoile a fhoghlaim;
plé a dhéanamh ar rialacha agus nósanna na scoile;
cluiche fíor nó bréagach a imirt mar gheall ar rialacha agus nósanna na scoile;
cleachtadh a dhéanamh ar bhriathra san aimsir láithreach
Feidhmeanna teanga:
Eolas a thabhairt
Struchtúir: Níl _________ ceadaithe.
Tá sé sin fíor.
Tá sé sin bréagach.
Stór focal: geata na scoile, halla na scoile, gutháin phóca, seomra ranga, múinteoir(í),
príomhoide, daltaí, glan, néata, éide scoile, tionól, séipéal, lón, obair bhaile,
turas scoile, guma coganta, criospaí, deochanna boga, bulaíocht, a naoi a
chlog, a trí a chlog, rang ríomhaireachta
Gramadach:
Briathra san aimsir láithreach:
Tá ...; Níl ...; Tosaíonn ...; Bíonn ...; Coimeádann ...;
Itheann ...; Faigheann ...; Téann ...; Críochnaíonn ...
Bunuimhreacha:
ocht seomra ranga
Uimhreacha pearsanta:
ochtar múinteoirí
An t-am:
a naoi a chlog; a trí a chlog
Ábhar: An pictiúr “Dalta nua sa scoil”;
Na pictiúir ón mbileog “Rialacha agus nósanna na scoile: stór focal”;
An tsraith cártaí “Fíor nó bréagach”
2 © Gaelchultúr 2012
A. Réamhchumarsáid
1. Plé ar rialacha agus nósanna na scoile
Gníomhaíocht: Dalta nua sa scoil
(a) Croch an leathanach “Dalta nua sa scoil” ar an gclár agus mínigh do na daltaí go mbeidh
sibh ag déanamh gníomhaíochta faoi rialacha agus nósanna na scoile.
(b) Abair leo go bhfuil sibh chun ligean oraibh féin go bhfuil dalta nua ag tosú sa scoil an
tseachtain seo chugainn agus nach bhfuil aon chur amach aige/aici ar rialacha ná ar
nósanna na scoile.
(c) Iarr orthu smaoineamh ar an gcomhairle a d’fhéadfaidís a chur ar an dalta nua mar gheall
ar rialacha agus nósanna na scoile. Abair leo a lámh a chur in airde má ritheann rud éigin
leo.
(d) Scríobh na rialacha agus na nósanna seo ar an gclár de réir mar a chuirfidh siad ar fáil
iad:
Tosaíonn an lá scoile ar a naoi a chlog.
Críochnaíonn an lá scoile ar a trí a chlog.
Bíonn geata na scoile dúnta i gcónaí.
Níl sé ceadaithe rith i halla na scoile.
Níl gutháin phóca ceadaithe sa scoil.
Caitheann na daltaí ar fad éide scoile.
Bíonn obair bhaile le déanamh gach oíche.
Níl guma coganta/criospaí/deochanna boga/bulaíocht ceadaithe sa scoil.
(e) Mura mbíonn mórán smaointe ag na daltaí maidir le rialacha, d’fhéadfá na ceisteanna seo
a chur orthu chun iad a spreagadh le nósanna agus rialacha na scoile a chur ar fáil:
Cén t‑am a thosaíonn an lá scoile?
Cén t‑am a chríochnaíonn an lá scoile?
An gá éide scoile a chaitheamh?
Cad iad na rudaí nach bhfuil ceadaithe sa scoil?
An mbíonn obair bhaile le déanamh gach oíche?
2. Stór focal a bhaineann le rialacha na scoile
(a) Le cabhair ó phictiúir éagsúla ón leathanach “Rialacha agus nósanna na scoile: stór focal”
múin an stór focal a bhaineann le rialacha agus nósanna na scoile do na daltaí.
(b) Abair leis na daltaí ansin go bhfuil tú chun cluiche cuimhne a imirt leo – Cluiche Kim.
Déan na pictiúir de nithe a bhaineann leis an scoil a ghreamú leis an gclár.
(c) Déan na pictiúir ar fad a chlúdach ansin le leathanach páipéir A3.
3 © Gaelchultúr 2012
(d) Agus na pictiúir clúdaithe, bain amach ceann acu agus déan cinnte nach bhfeicfidh na
daltaí é.
(e) Cuir an leathanach A3 ar leataobh chun go mbeidh na pictiúir le feiceáil arís agus iarr ar
na daltaí a rá cé acu ceann de na rudaí atá bainte agat.
(f) Déan na céimeanna thuas arís go dtí go mbeidh tú sásta go bhfuil ainmneacha na nithe a
bhaineann leis an scoil ar eolas ag na daltaí.
4 © Gaelchultúr 2012
Dalta nua sa scoil
5 © Gaelchultúr 2012
Rialacha agus nósanna na scoile: stór focal
geata na scoile
halla na scoile
gutháin phóca
éide scoile
obair bhaile
guma coganta
criospaí
deochanna
boga
bulaíocht
6 © Gaelchultúr 2012
seomra ranga
tionól
a naoi a chlog
a trí a chlog
lón
múinteoir
turas scoile
príomhoide
rang
ríomhaireachta
7 © Gaelchultúr 2012
B. Fíorchumarsáid
Cluiche: Fíor nó bréagach
(a) Déan cóipeanna den dá bhileog “Fíor nó bréagach”. Más rud é go mbeidh sé ghrúpa sa
rang ina mbeidh ceathrar foghlaimeoirí an grúpa, déan sé chóip de na bileoga. Gearr
amach na cártaí agus cuir gach seit i gclúdach litreach.
(b) Abair leis na daltaí go mbeidh siad ag imirt cluiche.
(c) Le cabhair ó ghrúpa amháin, léirigh do na daltaí conas a imrítear an cluiche.
Rialacha
i. Beidh ceathrar i ngach grúpa.
ii. Ba cheart do gach duine sa ghrúpa an dísle a chaitheamh le fáil amach cé a
rachaidh ar dtús. Is é an duine a fhaigheann an scór is airde a rachaidh a thógfaidh
an chéad seal.
iii. Ba cheart don chéad duine cárta a thógáil as an gclúdach litreach agus an ráiteas
atá scríofa ar an gcárta a léamh os ard do na daoine eile sa ghrúpa. Ní mór dó a rá
ansin cé acu fíor nó bréagach atá an ráiteas. Má tá an ráiteas bréagach, ní mór dó
ráiteas fíor a chur ar fáil ina áit.
Tomás: Tá cead ag daltaí gutháin phóca a úsáid sa scoil. Tá sé sin
bréagach. Níl gutháin phóca ceadaithe sa scoil.
iv. Má bhíonn sé ceart, is féidir leis an cárta a choimeád – is fiú pointe é. Má bhíonn
sé mícheart, is féidir le duine eile sa ghrúpa an freagra ceart a thabhairt agus an
cárta a ghoid.
Tomás: Tá ochtar múinteoirí agus príomhoide sa scoil. Tá sé sin fíor.
Máire: Níl – tá sé bréagach. Tá deichniúr múinteoirí agus príomhoide
sa scoil. Is liomsa an pointe sin!
v. Tógfaidh an dara duine sa ghrúpa cárta as an gclúdach ansin agus tarlóidh an rud
céanna, ansin an tríú duine etc.
vi. Beidh an bua ag an té a mbeidh an líon is mó cártaí aige ag an deireadh.
8 © Gaelchultúr 2012
Fíor nó bréagach
Tá na cártaí seo le cóipeáil agus le gearradh.
Níl gutháin phóca
ceadaithe sa scoil.
Tá ocht seomra ranga
sa scoil.
Tosaíonn an lá scoile
ag a naoi a chlog.
Tá ochtar múinteoirí agus
príomhoide sa scoil.
Bíonn na daltaí ag rith sa scoil.
Coimeádann na daltaí an scoil
glan agus néata.
Tá dath gorm agus liath
ar an éide scoile.
Bíonn tionól sa scoil gach maidin
Dé Luain ag 10.30a.m.
9 © Gaelchultúr 2012
Tá dhá chéad dalta sa scoil.
Tá séipéal in aice leis an scoil.
Itheann na daltaí a lón
sa seomra ranga.
Faigheann na daltaí obair bhaile
gach oíche.
Téann an scoil ar thuras scoile
gach bliain.
Níl guma coganta ceadaithe
sa scoil.
Críochnaíonn an lá scoile ag
a trí a chlog gach lá.
Bíonn rang ríomhaireachta
ag daltaí gach seachtain.
10 © Gaelchultúr 2012
B. Iarchumarsáid
Cluiche: Cuir na longa go tóin poill
(a) Abair leis na daltaí go mbeidh siad ag imirt cluiche a chabhróidh leo na briathra san
aimsir láithreach a chleachtadh.
(b) Cuir dhá chóip A3 den bhileog “Cuir na longa go tóin poill: cleachtadh” ar an gclár taobh
le taobh.
Cuir na longa go tóin poill
1 2 3 4 5 6 7
mé tú sé sí sinn sibh siad
A Téigh
B Déan
C Faigh
D Bí
E Feic
F Tar
G Ith
(c) Ansin, le cabhair ó dhalta amháin, léirigh don rang conas a imrítear an cluiche.
(d) Scríobh ainm an dalta isteach ar ghreille amháin agus scríobh d’ainm féin ar an ngreille
eile.
(e) Abair leis an dalta go mbeidh air trí long a chur i bhfolach ar an ngreille gan suíomh na
long sin a chur in iúl don mhúinteoir. Ba cheart dó nóta a dhéanamh de thrí áit ar an
ngreille. Déanfaidh an múinteoir an rud céanna.
Cuir na longa go tóin poill
1 2 3 4 5 6 7
mé tú sé sí sinn sibh siad
A Téigh
B Déan x
C Faigh x
D Bí
E Feic
F Tar x
G Ith
11 © Gaelchultúr 2012
(f) Le tús a chur leis an gcluiche glaofaidh an múinteoir suíomh bosca ar leith, e.g. D6.
Taispeáin do na daltaí cá bhfuil an bosca sin ar an ngreille. Beidh ar an dalta “bí” agus
“sibh” a chur le chéile san aimsir láithreach agus “bíonn sibh” a rá. Má chuireann sé an
leagan ceart ar fáil, gheobhaidh sé pointe amháin. Scríobh 1 agus ainm an imreora isteach
sa bhosca má fhaigheann sé i gceart é, agus scríobh 0 agus ainm an imreora sa bhosca
mura bhfaigheann sé i gceart é.
Múinteoir: A Sheáin, cuir an briathar “bí” agus an forainm “sibh” le chéile san
aimsir láithreach.
Dalta: Bíonn sibh.
Múinteoir: Maith thú.
Cuir na longa go tóin poill
1 2 3 4 5 6 7
mé tú sé sí sinn sibh siad
A Téigh
B Déan x
C Faigh x
D Bí 1
Seán
E Feic
F Tar x
G Ith
(g) Ansin roghnóidh an dalta bosca don mhúinteoir agus tarlóidh an rud céanna.
(h) Má chuireann imreoir freagra ceart ar fáil i gcás ceann de boscaí ina bhfuil long ag an
duine eile, gheobhaidh sé cúig phointe agus scríobhfar 5 agus ainm an imreora sa bhosca
sin. Má fhaigheann sé mícheart é ní bhfaighidh sé pointe ar bith agus scríobhfar 0 agus
ainm an imreora sa bhosca sin.
Cuir na longa go tóin poill
1 2 3 4 5 6 7
mé tú sé sí sinn sibh siad
A Téigh
B Déan x
C Faigh x
D Bí 1
Seán
E Feic
F Tar x
5
Seán
G Ith
12 © Gaelchultúr 2012
(i) Beidh an bua ag an duine a mbeidh an líon is mó pointí aige ag deireadh an chluiche.
(j) Nuair a bheidh cúpla babhta déanta agat le dalta amháin, tabhair cárta imeartha “Cuir na
longa go tóin poill” do gach dalta, agus cuir an rang ag imirt an chluiche i mbeirteanna.
13 © Gaelchultúr 2012
Cuir na longa go tóin poill! (Cleachtadh)
Ainm
___________
1 2 3 4 5 6 7
mé tú sé sí sinn sibh siad
A Téigh
B Déan
C Faigh
D Bí
E Feic
F Tar
G Ith
14 © Gaelchultúr 2012
Cuir na longa go tóin poill
Cuir na longa go tóin poill!
Ainm
___________
1 2 3 4 5 6 7
mé tú sé sí sinn sibh siad
A Téigh
B Déan
C Faigh
D Bí
E Feic
F Tar
G Ith
Cuir na longa go tóin poill!
Ainm
___________
1 2 3 4 5 6 7
mé tú sé sí sinn sibh siad
A Téigh
B Déan
C Faigh
D Bí
E Feic
F Tar
G Ith