GAIRM OSCAILTE DO SHAMHLAÍOCHT NA HÉIREANN ......raon comhpháirtithe, idir áitiúil, náisiúnta...

8
Clár na Comhairle Ealaíon mar chuid d’Éire 2016 is ea EALAÍN:2016. Tá áit lárnach ag an ealaíontóir agus na healaíona sa Chomhairle Ealaíon maidir leis an gcaoi a bhfreagraíonn sí do chomóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca 1916. Ní féidir beag is fiú a dhéanamh den ról a bhí ag ealaíontóirí san Athbheochan Cheilteach agus sna himeachtaí a tharla suas go dtí an tÉirí Amach. Thug siad dúshlán agus spreag siad insint eile ina ndearnadh iarracht Éire nua, bunaithe ar chultúr, a shamhlú. Céad bliain ón Éirí Amach, bíonn ealaíontóirí fós ag fógairt ár náisiúin. Ina gcuid saothair, feictear an tsamhlaíocht bhuanseasmhach a d’fhéadfadh a bheith in Éirinn. Tá EALAÍN: Taispeántas poiblí éagsúil agus sainiúil ar ealaín Éireannach is ea EALAÍON:2016. Tá sí á cur i láthair ar fud na hÉireann agus thar lear ar feadh na bliana ar fad. I measc phríomhshraitheanna an chláir tá na Dámhachtainí Tionscadail Náisiúnta Gairmeacha Oscailte; Dámhachtainí Sparánachta don Chéad Ghlúin Eile; agus Guth an Náisiúin, ceolchoirm saor in aisce faoin spéir a bhí ar siúl in Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin, ar Dhomhnach Cásca, ina raibh saothar nua córúil agus ceolfhoirne le Shaun Davey agus Paul Muldoon, agus cór míle duine. EALAÍN:2016 – is cuid é de Chlár Comórtha Céad Bliain Éire 2016. Tá tacaíocht á tabhairt ag An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta dó, agus cruthaíodh é le raon comhpháirtithe, idir áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Dírítear go príomha san eagrán seo, an tríú eagrán agus an t-eagrán deiridh den chlár, ar Thionscadail Náisiúnta Gairmeacha Oscailte, ina ndéantar machnamh ar an obair go nuige seo, agus ina gcuirtear an t-eolas is déanaí agus breiseolas ar fáil faoi na himeachtaí a bheidh ann idir Meán Fómhair agus Nollaig 2016. www.artscouncil.ie/Art-2016 GAIRM OSCAILTE DO SHAMHLAÍOCHT NA HÉIREANN EAGRÁN 3 THESE ROOMS le ANU Productions agus le CoisCéim Dance Theatre Íomhá léiriúcháin le Ros Kavanagh ina bhfuil Justine Cooper ann.

Transcript of GAIRM OSCAILTE DO SHAMHLAÍOCHT NA HÉIREANN ......raon comhpháirtithe, idir áitiúil, náisiúnta...

Page 1: GAIRM OSCAILTE DO SHAMHLAÍOCHT NA HÉIREANN ......raon comhpháirtithe, idir áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Dírítear go príomha san eagrán seo, an tríú eagrán

Clár na Comhairle Ealaíon mar chuid d’Éire 2016 is ea EALAÍN:2016. Tá áit lárnach ag an ealaíontóir agus na healaíona sa Chomhairle Ealaíon maidir leis an gcaoi a bhfreagraíonn sí do chomóradh céad bliain Éirí Amach na Cásca 1916. Ní féidir beag is fiú a dhéanamh den ról a bhí ag ealaíontóirí san Athbheochan Cheilteach agus sna himeachtaí a tharla suas go dtí an tÉirí Amach. Thug siad dúshlán agus spreag siad insint eile ina ndearnadh iarracht Éire nua, bunaithe ar chultúr, a shamhlú. Céad bliain ón Éirí Amach, bíonn ealaíontóirí fós ag fógairt ár náisiúin. Ina gcuid saothair, feictear an tsamhlaíocht bhuanseasmhach a d’fhéadfadh a bheith in Éirinn.

Tá EALAÍN: Taispeántas poiblí éagsúil agus sainiúil ar ealaín Éireannach is ea EALAÍON:2016. Tá sí á cur i láthair ar fud na hÉireann agus thar lear ar feadh na bliana ar fad. I measc phríomhshraitheanna an chláir tá na Dámhachtainí Tionscadail Náisiúnta Gairmeacha Oscailte; Dámhachtainí Sparánachta don Chéad Ghlúin Eile; agus Guth an Náisiúin, ceolchoirm saor in aisce faoin spéir a bhí ar siúl in Ard-Mhúsaem na hÉireann, Dún Uí Choileáin, ar Dhomhnach Cásca, ina raibh saothar nua córúil agus ceolfhoirne le Shaun Davey agus Paul Muldoon, agus cór míle duine.

EALAÍN:2016 – is cuid é de Chlár Comórtha Céad Bliain Éire 2016. Tá tacaíocht á tabhairt ag An Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta dó, agus cruthaíodh é le raon comhpháirtithe, idir áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Dírítear go príomha san eagrán seo, an tríú eagrán agus an t-eagrán deiridh den chlár, ar Thionscadail Náisiúnta Gairmeacha Oscailte, ina ndéantar machnamh ar an obair go nuige seo, agus ina gcuirtear an t-eolas is déanaí agus breiseolas ar fáil faoi na himeachtaí a bheidh ann idir Meán Fómhair agus Nollaig 2016.

www.artscouncil.ie/Art-2016

GAIRM OSCAILTE DO SHAMHLAÍOCHT NA HÉIREANN

EAGRÁN 3

THESE ROOMS le ANU Productions agus le CoisCéim Dance Theatre

Íomhá léiriúcháin le Ros Kavanagh ina bhfuil Justine Cooper ann.

Page 2: GAIRM OSCAILTE DO SHAMHLAÍOCHT NA HÉIREANN ......raon comhpháirtithe, idir áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Dírítear go príomha san eagrán seo, an tríú eagrán

HEED FM - MELVIN - UNTITLED - 2016

I HAD SO MANY QUESTIONS IN MY MIND AS A CHILD LIKE, WHERE THE FUCK DO I BELONG

MY FRIENDS ARE OUT PLAYING FOOTBALL BUT IM STUCK INSIDE WRITING SONGS

IM WONDERING WHY I COULDNT DEFINE BETWEEN WHATS RIGHT AND WRONG

THE LIGHTS WENT OFF AND MOM IS GONE ITS DARK AND EVERY NIGHT WAS LONG

THINK OF DEPRESSION AS A BOXER I WASN’T SKILLED ENOUGH TO FIGHT THIS SHIT

MMY COACH WAS A COUNCILLOR THAT RECOMMENDED ME TO A PSYCHIATRIST

WHAT KIND OF LIFE IS THIS, YOU NEVER REALLY KISSED A FIGHTERS FIST

GIMME THE FUEL I NEED TO MY FIRE I SWEAR TO GOD THAT IMMA LIGHT THIS BITCH

SPAR WITH MY ANGER LOST IN A FOG TRYNA FIND AN ANSWER

FRANCIS WAS THE ONLY ONE THAT GAVE A SHIT UNTIL LATER ON SHE DIED OF CANCER

TAUGHT ME NEARLY EVERYTHING ABOUT MUSIC LIKE WHATS THE DEFINITION OF A STANZA

HOW TO PLAY THE GUITAR SHE WAS LIKE A BEST FRIEND WE SHARED THE LOVE AND BANTER

BUBUT LIFE IS LIKE A TWILIGHT THAT’S WHAT I LIKE CAUSE WHENEVER YOU THINK IT ENDS IT BEGINS

MY SOUL ON A PAPER THATS WHAT I WRITE THIS IS MY LIFE AND I AM THANKFUL FOR THIS PEN

HAD TO REALLY LEARN HOW TO DEAL WITH EMOTIONS WITHOUT TAKING DRUGS TO EXPRESS IT AGAIN

WRETCHED I FELT LIKE A PESSIMIST PISSED OFF IN THE MIDDLE OF A DESERT DEAD IN THE SAND

SO LETS TAKE A WALK IN A PLACE WHERE I GREW UP IN DUBLINS NORTH INNER CITY STREETS

BRIDGE WATER HALL SUMMER HILL PARADE IN THE NYP COME TAKE A LITTLE PEEK

AS A FOREIGN NATIONAL I CAME AND THEY EMBRACED ME LIKE THEIR OWN

YEAH I LIVED INYEAH I LIVED IN A HOUSE BUT THE PROJECT IS A PLACE I REALLY CALL MY HOME

AND THE SWAN YOUTH SERVICE IN A PLACE WHERE I FOUND TRUE PURPOSE

A PLATFORM FOR MY MUSIC TO FLOURISH AND TO STAND ON HERES A BRAND NEW SURFACE

IT KEPT ME OUT OF TROUBLE IN A TIME OF STRUGGLE AND IT REALLY HELPED TO RE ENERGISE AND RECOVER

BUT MY PET PEEVE WAS THE PEOPLE ON PLACEMENT THAT WAS SPEAKING TO ME HOWEVER THE FUCK THEY WANNA

BUT THEY DON’T KNOW ME SO HOW CAN THEY JUDGE

I TELL THEM MY STORY EVEN THOUGH I KNOW THAT HALF OF THEM DON’T GIVE A FUCK

SEE ME CRSEE ME CRAVING FOR THE DRUGS WHEN THE ONLY THING I WAS CRAVING FOR WAS LOVE

SOME OF US DON’T GET IT OUTSIDE THE YOUTH CLUB AND MY YOUTH WORKERS TRULY UNDERSTOOD

SO I PAINT A SMILE ON MY FACE AND I AM GIVING OFF A FEELING THAT I AM HAPPY THATS WHAT I AM LIKE

ACTING COOL AINT REALLY MY STYLE IVE PUT A LOT OF ENERGY IN LETTING TIME FLY

SOME OF US GET RICH SOME OF US DIE TRYING OUT OF THE ABYSS WITH A LIGHT IN MY EYE

LOOKING AT THE STARS UP IN THE NIGHT SKY TAUGHT ME ALWAYS TO LOOK AT THE BRIGHT SIDE

TO MY PAST I AM WAVING GOODBYE I HAVE DONE BAD THINGS BUT I AM STILL A GOOD GUY

HEED FMGarrett Phelan

Portráid anaithnid fhuaime fiche a hocht lá is ea HEED FM a cruthaíodh trí chomhráite duine le duine agus trí chomhráite grúpa a bheith ann i mBaile Átha Cliath le daoine idir 18–25 bliain d’aois as gach cúlra.

Cuirtear glúin i láthair sa phortráid fhuaime nach minic a chloistear a cuid tuairimí agus creideamh sa réimse poiblí agus a bhfuil easnamh abhcóideachta ar a son ann. Dhiúltaíonn HEED FM do réamhchlaontaí agus déanann sé an ghlúin seo a dhí-íogrú gan breithiúnas a thabhairt. Tugann sé deis dóibh siúd a ghlac páirt ann uaillmhianta agus rudaí ar spéis leo a chur in iúl.

Beidh teacht ar chraoladh HEED FM i mórcheantar Bhaile Átha Cliath ar HEED FM 94.3 ón 22 Deireadh Fómhair–18 Samhain 2016. Beidh teacht ar an gcraoladh i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh chomh maith ar raidió digiteach (DAB/DAB+), agus beidh sé le fáil ag www.heedfm.com

HEED FM, Sarah McIlroy – Gel Nails, Prionta digiteach, 2016 HEED FM, Hossin Moazemi – Life Risk for Unknown Life, Meáin mheasctha ar pár, 2016

CRAOLADH POIBLÍ 22 Deireadh Fómhair–18 Samhain 2016HEED FM 94.3 (Baile Átha Cliath amháin) DAB/DAB+ (Baile Átha Cliath agus Corcaigh amháin) www.heedfm.com (beoshruth ar líne) Beidh an stáisiún ar siúl ceithre huaire an chloig is fiche, seacht lá na seachtaine ar feadh fiche a hocht lá. HEED FM, Melvin – Untitled, An focal labhartha/rap, 2016.

Page 3: GAIRM OSCAILTE DO SHAMHLAÍOCHT NA HÉIREANN ......raon comhpháirtithe, idir áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Dírítear go príomha san eagrán seo, an tríú eagrán

LOOSE ENDSWillie Doherty

‘Tá ceann de na tionscadail is mó a d’eagraigh Ionad Cultúrtha Réigiúnach riamh á léiriú aige, mar chuid de chlár comóradh céad bliain Éire 2016. Tá an chéad taibhiú Loose Ends á chur i láthair, suiteáil mór nua físe ilscaileán le healaíontóir Dhoire/Dhún na nGall Willie Doherty a bhfuil iomrá mór leis ar fud an domhain. Is i láithreacha ar Oileán Ghabhla, Contae Dhún na nGall agus ar Shráid an Mhúraigh i mBaile Átha Cliath, a bhfuil baint acu leis an Éirí Amach a rinneadh an suiteáil físe, ina bhfuil guthú an aisteora mór le rá de chuid Dhún na nGall Sean McGinley, agus roinnt saothar grianghrafadóireachta ar scála mór ann.’

Donegal Daily, an 27 Meitheamh 2016

Saothar nua is ea Loose Ends a phléann an chaoi a gcuimhnítear ar agus a samhlaítear daoine, áiteanna agus imeachtaí a raibh baint acu le hÉirí Amach na Cásca 1916 sa lá atá inniu ann. Féachann an saothar le fáil amach an bhfuiltear fós ag feidhmiú faoi thionchar na n-imeachtaí sin ar bhealach, agus le scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir le guthanna agus le gníomhaíochtaí glúin amháin dul i bhfeidhm ar ghlúin eile i ngan fhios dóibh.

Is iad Comhairle Contae Dhún na nGall/Ionad Cultúrtha Réigiúnach Dhún na nGall a choimisiúnaigh Loose Ends i gcomhar le Nerve Centre, Féile Ealaíne an Earagail, Gailearaí Kerlin agus Gailearaí Matt.

www.regionalculturalcentre.comwww.kerlingallery.comwww.mattsgallery.org

TAISPEÁNTAIS REATHA AGUS TAISPEÁNTAIS ATÁ LE TEACHT GAN MHOILL Loose Ends Ionad Cultúrtha Réigiúnach, Leitir Ceanainn10 Iúil – 24 Meán Fómhair 2016

Kerlin Gallery, Baile Átha Cliath 3 Meán Fómhair–19 Deireadh Fómhair 2016

Gailearaí Matt, Londain. Earrach 2017

Loose Ends le Willie Doherty

Page 4: GAIRM OSCAILTE DO SHAMHLAÍOCHT NA HÉIREANN ......raon comhpháirtithe, idir áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Dírítear go príomha san eagrán seo, an tríú eagrán

TAIBHITHE ATÁ LE TEACHT GAN MHOILL These RoomsLáthair: 85/86 Sráid Dorset Uachtarach, Baile Átha Cliath Réamhléirithe 27, 28 Meán Fómhair, 7.30pm

Beidh an chéad taibhiú domhanda de These Rooms ann mar chuid d’Fhéile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath 2016.29 Meán Fómhair 2016, 7.30pm

Dátaí 30 Meán Fómhair, 4–7 Deireadh Fómhair, 11–14 Deireadh Fómhair, 7.30pm agus 9.30pm; 1, 8, 15 Deireadh Fómhair, 2.30pm, 7.30pm agus 9.30pm; 2, 9, 16 Deireadh Fómhair, 4.30pm agus 7.30pm

Léiriú beo pearsanta is ea These Rooms, comhshaothar tábhachtach nua idir ANU Productions agus CoisCéim Dance Theatre, ina ndéantar an damhsa comhaimseartha, an téatar agus an amharc-ealaín a thrasphailniú. Tá an saothar bunaithe ar theagmhas stairiúil, a tharla ar Shráid an Rí Thuaidh, Baile Átha Cliath in Aibreán 1916. Tarraingíonn These Rooms lucht féachana isteach sna himeachtaí a tharla céad bliain ó shin, déantar iniúchadh ann ar Éirí Amach 1916 ó pheirspictíocht shibhialtach ar chuir an choimhlint isteach ar a dtithe agus ar a saol agus tionchar tubaisteach aige.

Ceanglaíonn These Rooms fianaise fhinnéithe ó ocht mbean déag is fiche le torthaí an fhiosrúcháin a rinne an rialtas ina dhiaidh sin agus a eisíodh le déanaí, agus déantar imscrúdú ar cheisteanna a bhaineann le dínit agus tráma, muintearas agus díshealbhú. Is taibhiú fisiceach corpraithe gan scáth é, a dhíríonn ar éifeachtaí na coinbhleachta ar shaolta gnáthdhaoine agus ina n-athdhearbhaítear ról na healaíne agus an stair á caibidliú.

Eolas agus sonraí áirithintí: www.theserooms.ie www.dublintheatrefestival.com www.coisceim.com/theserooms/

THESE ROOMSANU Productions agus CoisCéim Dance Theatre

These Rooms le ANU Productions agus le CoisCéim Dance Theatre Íomhá léiriúcháin le Ros Kavanagh ina bhfuil Justine Cooper ann.

FUTURE HISTORIESPerformance Art Live Foundation

Á choimeád ag Áine Phillips agus Niamh Murphy

Ealaíontóirí: Michelle Browne, Fergus Byrne, Brian Connolly, Pauline Cummins, Francis Fay, Debbie Guinnane, Sandra Johnston, Dr Laura McAtackney, Danny McCarthy, Ciara McKeon, Alastair McLennan, Katherine Nolan, Sinéad O’Donnell, Méabh Redmond, Dominic Thorpe agus Helena Walsh.

D’fhreastail níos mó ná míle agus cúig chéad duine ar Future Histories – ealaíon léiriú beo agus imeacht meán digiteach – ag Príosún Chill Mhaighneannon ar an 21 Bealtaine 2016. Ghlac ealaíontóirí ar tugadh cuireadh dóibh páirt sa chomóradh ar Éirí Amach na Cásca 1916 trí thaibhithe am-theorannaithe a dhéanamh. Agus iniúchadh á dhéanamh ar théamaí an náisiúnachais, na saoirse agus inscne, chruthaigh na healaíontóirí peirspictíochtaí comhaimseartha maidir lenár stair, coimhlintí, géarchéimeanna agus paisin chomhroinnte i dtaca leis an Éirí Amach agus a shéadchomhartha is mó, Príosún Chill Mhaighneann.

Helena Walsh ar an ardán mar chuid de Future Histories ag Príosún Chill Mhaighneann, an 21 Bealtaine 2016

Grianghraf: Clodagh Kilcoyne

Page 5: GAIRM OSCAILTE DO SHAMHLAÍOCHT NA HÉIREANN ......raon comhpháirtithe, idir áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Dírítear go príomha san eagrán seo, an tríú eagrán

THE CASEMENT PROJECT Fearghus Ó Conchúir

Ar chlé: Ó Loose Ends le Willie Doherty

Damhsaíonn The Casement Project le corp aerach Ruairí Mhic Easmainn, ridire de chuid na Breataine, reibiliúnach Éireannach, agus daonnúlach idirnáisiúnta, chun comhlacht náisiúnta a shamhlú a chuireann fáilte roimh an strainséir ón teorainn, chomh maith leis an té atá ar an taobh eile cheana féin. Bíonn an chóiréagrafaíocht seo idir comhlachtaí agus smaointe le Fearghus Ó Conchúir, cóiréagrafaí, ar bun thar theorainneacha náisiúnta agus áirítear leis léiriú stáitse, féile cheiliúrtha damhsa, gearrscannán, siompóisiam acadúil agus sraith imeachtaí rannpháirteacha chun dul i ngleic le hoidhreacht 1916.

www.thecasementproject.ie

TAIBHITHE ATÁ LE TEACHT GAN MHOILL Butterflies and Bones: The Casement ProjectTanzmesse 2016 (stiúideo oscailte), Düsseldorf, an Ghearmáin 2 Meán Fómhair 2016

The MAC, Béal Feirste, mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon Bhéal Feirste Bhanc Uladh 13 Deireadh Fómhair 2016

Project Arts Centre, Baile Átha Cliath 20–22 Deireadh Fómhair 2016

Féile Fáilte mar chuid de The Casement Project, Trá na Bannaí, Trá Lí, Co. Chiarraí, an 23 Iúil 2016

Grianghraif: Clare Keogh

Page 6: GAIRM OSCAILTE DO SHAMHLAÍOCHT NA HÉIREANN ......raon comhpháirtithe, idir áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Dírítear go príomha san eagrán seo, an tríú eagrán

IN THE SHADOW OF THE STATESarah Browne agus Jesse Jones

In the Shadow of the State le Sarah Browne agus Jesse Jones The Touching Contract, 2016 Saothar ealaíne grafach le Sarah Browne, Jesse Jones agus Miriam O’Connor

IMEACHTAÍ POIBLÍ ATÁ LE TEACHT GAN MHOILLThe Touching ContractLáthair: Seomra an Cholúin, Ospidéal an Rotunda, Baile Átha Cliath Dátaí: 23, 24, 25 Meán Fómhair 2016 Tá eolas agus sonraí áirithintí le fáil ag www.create-ireland.ie www.intheshadowofthestate.org

I gcaitheamh 2016, bhí In the Shadow of the State á fhorbairt ó cheann ceann na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe ag ealaíontóirí Sarah Browne agus Jesse Jones. Déantar imscrúdú sa tionscadal ar ról an náisiúnstáit i dtaobh an cholainn mhná a rialú, agus déantar gnáthinstitiúidí an stáit, ina bhfuil an teach cónaithe san áireamh ann a rianú.

Déanfaidh an chéad leagan eile den tionscadal, The Touching Contract, iniúchadh ar na tréithe a bhaineann leis an gcaoi a bhfuil tadhall an stáit le brath inár saol laethúil, le cead agus gan chead. Agus é á léiriú i Seomra an Cholúin Ospidéal an Rotunda, an chéad ospidéal luí seoil in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór, scrúdaítear in The Touching Contract dlúthchomhartha an tadhaill mar phointe teagmhála leis an stát le saothar lena bhfuil taibhiú tumthach i gceist.

Téitear i dteagmháil leis an lucht féachana go díreach, agus molann The Touching Contract ró-íogaireacht de shórt éigin i leith an tadhaill, chun fírinne na polaitíochta nach mbraitear de ghnáth a léiriú. Beidh fuaimdhreach le Alma Kelliher a coimisiúnaíodh le déanaí ann mar chuid den taibhiú, agus beidh scór dlí ann a d’fhorbair ealaíontóirí in éineacht leis an mbean léinn dlí agus an gníomhaí dlí Máiréad Enright.

Leanann an t-imeacht seo Of Milk and Marble, an chéad taibhiú poiblí den tionscadal a bhí ar siúl i nDoire i bhFeabhra. In Iúil, chuir Browne agus Jones The Truncheon and the Speculum i láthair, craoladh beo ‘teilfheimineach’ ó Learpholl a bhí mar chuid d’ócáid dhébhliantúil Learphoill. Beidh an t-imeacht poiblí deiridh sa tsraith ar siúl i Londain i mí na Nollag 2016.

Comhchoimisiún Artangel agus Create is ea In the Shadow of the State.

Page 7: GAIRM OSCAILTE DO SHAMHLAÍOCHT NA HÉIREANN ......raon comhpháirtithe, idir áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Dírítear go príomha san eagrán seo, an tríú eagrán

THE SOUVENIR SHOPRita Duffy

TAISPEÁNTAIS ATÁ LE TEACHT GAN MHOILL The Souvenir Shop Centre Culturel Irlandais, Páras 16 Meán Fómhair–1 Deireadh Fómhair 2016

D’fhreastail níos mó ná míle agus ocht gcéad duine ar Souvenir Shop Rita Duffy ag 13 Sráid Sheoirse Mhór Thuaidh, Baile Átha Cliath idir an 25 Aibreán agus an 11 Meitheamh 2016. Agus tagairt á déanamh do shiopaí lár na cathrach ar le Tom Clarke, sínitheoir an Fhorógra, iad tráth, chruthaigh Duffy siopa – mar shuiteáil ealaíne – atá líonta le gnáthearraí agus le gnáthbhia-ábhair, agus iad curtha i bpacáistí ar a bhfuil íomhánna den Éirí Amach agus dá laochra fite fuaite ina chéile ann. Déantar scrúdú in The Souvenir Shop ar na hathruithe atá ag teacht ar chialla na mbeart agus na siombailí a bhaineann leis an réabhlóid, ag scrúdú an dóigh a bhfuil ‘cuimhneacháin’ á ndéanamh go ginearálta d’íomhánna, nithe agus téamaí Éirí Amach na Cásca 1916.

‘Is deacair a rá cén glacadh a bheadh ag ealaíontóirí le comóradh 1916 agus cén chuma a bheadh ar a gcuid saothar. Tá rud amháin gur féidir linn a rá áfach gur cuireadh deireadh leis an seantheimpléad. Bhíodh rogha le déanamh ag ealaíontóirí tráth – ardmheas a bheith acu ar an Éirí Amach nó sceipteachas géar a bheith orthu ina thaobh. Anois, is féidir bheith géar agus ómósach ag an am céanna. Féadfaidh seasamh leis an Éirí Amach gur bua atá ann ón am a chuaigh thart, a dhéanann achasán a thabhairt don am i láthair agus dúshlán a thabhairt don am atá le teacht.

Fintan O’Toole, Irish Times, an 30 Iúil 2016

‘Rise Up Baking Soda’, 2016 The Souvenir Shop le Rita Duffy

Grianghraf: Stanislav Nikolov

Page 8: GAIRM OSCAILTE DO SHAMHLAÍOCHT NA HÉIREANN ......raon comhpháirtithe, idir áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta. Dírítear go príomha san eagrán seo, an tríú eagrán

1916 – VISIONARIES AND THEIR WORDSLorcán Mac Mathúna

Ó pheann an Phiarsaigh, an Chonghailigh agus Phluincéid, tá lorg na gceannairí spreagúla agus a spéis dhomhain sa chultúr agus san ealaíon ar amhráin 1916 – Visionaries and their Words. Nochtann Lorcán Mac Mathúna an tionchar ceoil a chuaigh i gcion ar shaol roinnt de na daoine is spreagúla de chuid na hÉireann le linn an fichiú haois, agus comóradh céad bliain an Éirí Amach ann nochtar Sean-nós an Phiarsaigh, méadar foirfe Phluincéid, agus bailéadra an Chonghailigh. Agus téacsanna atá ina ndíol suntais agus íomhánna cartlainne beathaisnéise ag gabháil leis, nochtar in 1916 – Visionaries and their Words meon ealaíontóra agus bua cruthaíochta cheannairí an Éirí Amach.

‘Déanann amhráin leithéidí Johnny Seoighe, White Dove of the Wild Dark Eyes, Óró sé di bheatha abhaile cuntais cheoil mhothúchánaigh atá uaigneach a thabhairt ar thráth atá imithe le fada ach a bhfuil

tionchar aige ar gach Éireannach ina chroí istigh. Agus an oiread sin polaitíocht agus trioblóid ag baint lenár stair, is éasca dearmad a dhéanamh ar ár gcultúr agus ar ár dtraidisiúin a tháinig chun cinn, a tháinig feabhas orthu i gcaitheamh an ama.’

Léirmheas a bhí in Ireland Today, an 3 Feabhra 2016

Rinneadh an chéad taibhiú de 1916 – Visionaries and Their Words i mBaile Átha Cliath in Eanáir (mar chuid de TradFest), agus cuireadh é i láthair in Inis, Co. an Chláir (mar chuid de Fhleadh Cheoil na hÉireann) agus sa Bhriotáin, an Fhrainc (mar chuid de Le Festival interceltique de Lorient) i Lúnasa agus mo-ladh go hard na spéire é agus bhí an-tóir air.

www.1916visionaries.ie/shows.html

MAKING IRELAND MODERNÁ choimeád ag Gary A. Boyd agus John McLaughlin Architects

Déantar iniúchadh in Making Ireland Modern ar an ngaol idir ailtireacht, bonneagar agus teicneolaíocht nuair atá náisiún nua á thógáil. Déantar cur síos in Making Ireland Modern ar ról na hailtireachta chun féiniúlacht fhisiceach agus chultúrtha an stáit nua a chlaochlú trína hidirsheisiún i ngnáthshaol a phobail.

Tionscadal Camchuairte is ea Making Ireland Modern mar chuid de EALAÍN:2016. Cuireadh i láthair i dtosach é mar Infra Éireann – Making Ireland Modern ag Taispeántas Idirnáisiúnta Ailtireachta 2014 – La Biennale di Venezia. Tionscnamh dechuid Chultúr Éireann agus na ComhairleEalaíon is ea Éire sa Veinéis.

www.makingirelandmodern.ie

TAISPEÁNTAIS ATÁ LE TEACHT GAN MHOILL Making Ireland ModernEaglais Naomh Peadar, CorcaighAn 8 Meán Fómhair – an 1 Deireadh Fómhair 2016

Ardán Earlsfort, Baile Átha CliathAn 13 Deireadh Fómhair – an 12 Samhain 2016

Is í an Chomhairle Ealaíon an ghníomhaireacht náisiúnta atá freagrach as na healaíona in Éirinn a fhorbairt agus a chur chun cinn. Oibríonn sí i gcomhpháirt le healaíontóirí, le heagraíochtaí ealaíon, le lucht déanta beartas poiblí agus le daoine eile chun áit lárnach a chruthú do na healaíona i saol na hÉireann. Tá an Chomhairle Ealaíon á treorú ag a straitéis Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: Forbairt na nEalaíon in Éirinn a Threorú bonn eolais faoi na dámhachtainí uile. www.artscouncil.ie/ealain2016/

A POET’S RISINGÁras na Scríbhneoirí

Choimisiúnaigh Áras na Scríbhneoirí sé dhán, ceann do gach lá den Éirí Amach, ó fhilí comhaimseartha móra, Theo Dorgan, Paul Muldoon, Thomas McCarthy, Eiléan Ní Chuilleanáin, Nuala Ní Dhomhnaill agus Jessica Traynor. Déantar machnamh sna dánta ar mhórphearsana agus imeachtaí a bhain leis an Éirí Amach, lena n-áirítear Séamus Ó Conghaile, Pádraig Mac Piarais, an Dr Kathleen Lynn, Elizabeth O’Farrell agus Michael Joseph O’Rahilly. Rinneadh scannánaíocht ar gach file ag rá a ndáin ag áiteanna ábhartha agus oiriúnacha, lena n-áirítear Sráid an Mhúraigh, Halla na Cathrach, Ard-Oifig an Phoist, Halla na Saoirse agus Gairdín Cuimhneacháin Bhaile Átha Cliath.

Sheol Áras na Scríbhneoirí A Poet’s Rising ar an 31 Márta léigh filí coimisiúnaithe a gcuid filíochta agus bhí léiriú beo den scór scannáin coimisiúnaithe le Colm Mac Con Iomaire, ainmní Choice Prize ann. Craoladh A Poet’s Rising (an scannán) ar RTÉ 1 ar an 19 Aibreán, agus foilsíodh na dánta in The Irish Times le linn chomóradh Sheachtain na Cásca, ón 24–29 Aibreán. Féadfaidh cóip den chlár clóite, ina bhfuil gach dán agus gach grianghraf coimisiúnaithe ann, a íoslódáil ó www.artscouncil.ie/Art-2016/A-Poet_s-Rising/, tá aip ar líne á forbairt i láthair na huaire. Téigh chuig www.irishwriterscentre.ie le tuilleadh eolas a fháil.

Íomhá suiteála. Making Ireland Modern ag Halla Bailey Allen, Bóthar na hOllscoile, OÉ Gaillimh a bhí mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe, 11–24 Iúil 2016 Grianghraf: Alice Clancy