An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl An Tríú … Uasal, agus Deirdre Murphy, Uasal, ......

35
An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl An Tríú Tuarascáil Bhliantúil 2006/07 Arna cur faoi bhráid an Aire Chomhshaoil, Oidhreachta & Rialtais Áitiúil Samhain 2007

Transcript of An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl An Tríú … Uasal, agus Deirdre Murphy, Uasal, ......

Page 1: An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl An Tríú … Uasal, agus Deirdre Murphy, Uasal, ... Gerry Byrne BA (Mod), PhD, MBA. (Cathaoirleach, An Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl)

An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl

An Tríú Tuarascáil Bhliantúil 2006/07

Arna cur faoi bhráid

an Aire Chomhshaoil, Oidhreachta & Rialtais Áitiúil

Samhain 2007

Page 2: An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl An Tríú … Uasal, agus Deirdre Murphy, Uasal, ... Gerry Byrne BA (Mod), PhD, MBA. (Cathaoirleach, An Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl)

Buíochas

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na daoine seo a leanas ar mhór an cúnamh iad maidir le forbairt agus forfheidhmiú leanúnach an Chláir Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl:

• An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil a thug cúnamh airgid agus taca agus comhairle leanúnach;

• Gach ball den Choiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl a thug a gcuid ama

agus a gcomheolas go díograiseach deonach don chlár;

• Bord na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) as spreagadh agus tacaíocht a thabhairt;

• An Chroífhoireann Coiscthe: An tUas. Brian Meaney, Caitríona Collins, Uasal,

Fiona McCoole, Uasal, An tUas. Martin Doyle, Odile Le Bolloch, Uasal, Jennifer Cope, Uasal, An tUas. David Dodd, An Dr Isabelle Kurz, An tUas. Keiron Phillips, Jane Kenneally, Uasal, an tUas. Michael McDonagh, Celine Horner Uasal, agus Deirdre Murphy, Uasal, as a ngairmiúlacht thiomanta i gceapadh, i bhforbairt agus i bhforfheidhmiú na dtionscadal ar a bhfuil tuairisc sa tuarascáil seo;

• Gach páirtí leasmhar, eagras agus aon duine eile a chabhraigh ar bhealach

amháin nó ar bhealach eile leis an tionscnamh tábhachtach seo. Gabhaim buíochas ó chroí le gach a bhfuil luaite thuas. Gerry Byrne BA (Mod), PhD, MBA. (Cathaoirleach, An Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl)

© An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil 2007

Cé go ndearnadh gach iarracht le cruinneas an ábhair san fhoilseachán a chinntiú, ní féidir cruinneas iomlán a ráthú. Ní ghlacann an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil, ná an

t-údar, le freagracht ar bith as cailliúint nó damáiste a tharla, nó a éilíodh gur tharla, mar thoradh, i bpáirt nó go hiomlán, ar ghníomh a rinne duine ar bith, nó a d'fhág sé gan déanamh,

de dheasca ábhar an fhoilseacháin seo. Is féidir an foilseachán iomlán seo nó cuid de a atáirgeadh gan a thuilleadh ceada, ar choinníoll go n-aithnítear an fhoinse.

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil ii

Page 3: An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl An Tríú … Uasal, agus Deirdre Murphy, Uasal, ... Gerry Byrne BA (Mod), PhD, MBA. (Cathaoirleach, An Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl)

Clár an Ábhair

Uimh. Leathanaigh Buíochas 1. Achoimre Feidhmiúcháin........................................... 1 2. Forbhreathnú ar chosc dramhaíola.

............................................ 4

3. An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl:

Tuarascálacha ar Thograí 2006/7………………………………………...

7

4. Cosc agus Bainistíocht Dramhaíola Guaisí.................... 18 5. Géilliúlacht Táirgí agus Gníomhaíochtaí Sceidealaithe 21 6. Tionscnaimh Freagrachta Táirgeoirí .................... 24 7. Clabhsúr ............................................................ 27 Aguisín A – Ionadaithe Choiste an Chláir Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl...

29

Aguisín B - Téarmaí Tagartha an Choiste 30

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil iii

Page 4: An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl An Tríú … Uasal, agus Deirdre Murphy, Uasal, ... Gerry Byrne BA (Mod), PhD, MBA. (Cathaoirleach, An Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl)
Page 5: An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl An Tríú … Uasal, agus Deirdre Murphy, Uasal, ... Gerry Byrne BA (Mod), PhD, MBA. (Cathaoirleach, An Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl)

An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl, an Tríú Tuarascáil Bhliantúil 2006/2007

1. Achoimre Feidhmiúcháin Gníomhaíocht straitéiseach thábhachtach d'Éirinn é an cosc ar dhramhaíl, le gur féidir fás inbhuanaithe iomaíoch a chinntiú sna blianta atá romhainn. Glactar leis go gcuirfidh na leasuithe atáthar á moladh sa Togra um Athcheartú ar an Treoir Réime Dramhaíola, atá faoi chaibidil faoi láthair ag an bParlaimint Eorpach agus ag an gComhairle, de cheangal ar na Ballstáit uile cláir choiscthe dramhaíola a fhorbairt agus a fheidhmiú. Sa Chlár Comhaontaithe don Rialtas 2007, deirtear inter alia "go leagfaidh an Rialtas spriocanna ardaidhmeannacha nua síos maidir le bainistíocht na dramhaíola d'fhonn an cosc, an athúsáid, an athchúrsáil agus an chóireáil nua-aoiseach is mó is féidir a bhaint amach." Is iad bunaidhmeanna an choiscthe dramhaíola torthaí dearfa a bhaint amach maidir leis na treochtaí i dtáirgeadh na dramhaíola a chur droim ar ais, leibhéal na dramhaíola a choinneáil faoi smacht agus an leas is éifeachtaí is féidir a bhaint as ár gcuid acmhainní ar chaoi is go mbrisfear an nasc idir gineadh na dramhaíola agus an forás eacnamaíoch. Caithfidh gach leibhéal den tsochaí cur le chéile agus na hacmhainní cuí a úsáid sna blianta atá romhainn chun na haidhmeanna seo a chur i gcrích. Ina dhoiciméad polasaí "Cosc agus Athchúrsáil na Dramhaíola - An tAthrú a Chur ar Fáil", a foilsíodh i mí Márta 2002, chuir an Rialtas de cheangal air féin den chéad uair Clár Náisiúnta Coiscthe Dramhaíola a chur i gcrích. D'fhógair an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil go gcuirfí maoiniú tosaigh €2 mhilliún ar fáil as an gCiste Comhshaoil le tús a chur le tionscnamh leathan coiscthe dramhaíola in Aibreán na bliana 2004. Is í an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) a ainmníodh chun an Clár Náisiúnta um Chosc Dramhaíola a fhorbairt agus a stiúradh. Tá Croífhoireann Coiscthe - ar baill foirne a raibh cleachtadh acu laistigh den GCC ar obair a bhain le bainistíocht na dramhaíola a ceapadh uirthi - i mbun oibre ó shin ar réimse leathan tionscadal coiscthe dramhaíola agus tionscadal gaolmhar, mar a léirítear sa tuarascáil seo. Tá an Chroífhoireann Coiscthe freagrach freisin as obair chomhlántach ar na Tuarascálacha Náisiúnta ar an Dramhaíl agus as monatóireacht/athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú an Phlean Náisiúnta um Bhainistíocht na Dramhaíola Guaisí. Go trásta, caitheadh nó cionroinneadh beagnach €5 mhilliún ar na tionscadail seo. Bíonn Coiste Náisiúnta Coiscthe Dramhaíola, a bunaíodh i 2004 ar chuireadh an Aire, ag déanamh maoirseachta i gcónaí ar fhorbairt agus ar fheidhmiú an chláir. Is í an GCC atá ina cathaoirleach air agus cuimsíonn sé réimse leathan páirtithe leasmhara as an tionscal, an tráchtáil, an talmhaíocht, na húdaráis áitiúla, na heagraíochtaí neamhrialtasacha agus na Ranna Rialtais (féach Aguisín A). Leagadh Téarmaí Tagartha síos don choiste (féach Aguisín B) a chuimsíonn an obair a rinne an Coiste um Fheidhmiú an Phlean Bainistíochta Dramhaíola Náisiúnta cheana. Ba mhór an chabhair iad baill an choiste maidir leis na Grúpaí Stiúrtha agus Roghnaithe Tairiscintí do chuid mhaith de thionscadail an Chláir Náisiúnta um Chosc Dramhaíola (CNCD) agus maidir leis an ionchur straitéiseach tábhachtach a chuir siad ar fáil do príomhchruinnithe an Choiste. Foilsítear Clár agus Miontuairiscí gach cruinnithe den Choiste ar leathanaigh ghréasáin an CNCD (féach http://www.epa.ie/whatwedo/resource/prevent/nwpp/about/). Bíonn An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl ag iarraidh cur leis an rath atá nó a bhí ar thionscnaimh atá ar siúl nó a cuireadh i gcrích arb aidhm dóibh úsáid inbhuanaithe na n-acmhainní nádúrtha a chur chun cinn. Is é an cuspóir atá leagtha

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Leathanach 1

Page 6: An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl An Tríú … Uasal, agus Deirdre Murphy, Uasal, ... Gerry Byrne BA (Mod), PhD, MBA. (Cathaoirleach, An Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl)

An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl, an Tríú Tuarascáil Bhliantúil 2006/2007

amach sa pholasaí clár ardaidhmeannach dea-acmhainne a bhunú d'fhonn torthaí suntasacha a baint amach maidir le cosc agus laghdú na dramhaíola, cuma dramhaíl ghuaiseach nó neamhghuaiseach. Tá léaráid i bhFigiúr 1 ar chuid de na gaolmhaireachtaí tionchair atá i dtreis. Téitear i dteagmháil go forleathan le gach eagraíocht ábhartha de chuid na bpáirtithe leasmhara d'fhonn ceacht a fhoghlaim óna gcleachtadh agus iad a tharraingt isteach i bhforbairt tionscadal comhlántach coiscthe dramhaíola/éifeachtúlachta acmhainní, mar is cuí. Tugann an tuarascáil seo forbhreathnú ar an dul chun cinn a rinneadh i 2006/7 i réimse leathan tionscadal comhtháite a dhírigh ar chosc na dramhaíola i rith tríú bliain an chláir. Sa tréimhse atá á athbhreithniú, cuireadh arís eile leis an scéim náisiúnta deontas do na Údaráis Áitiúla le haghaidh Thaispeáint an Choiscthe le go bhféadfaí breis tionscadal coiscthe a chur i bhfeidhm ar fud na tíre. Rinneadh forbairt nach beag ar Thionscnamh "Gnó Glas", a chuimsíonn Iniúchtaí Dramhaíola/éifeachtúlacht acmhainní, bunaithe ar an nGréasán, ar cuireadh i grích iad tríd an gcomhar le tionscadail an AE/Life HAZRED agus "Race Against Waste". D'oibrigh an fhoireann go dlúth le Repak le Clár Coiscthe Dramhaíola Pacáistíochta a fhorbairt agus a lainseáil. Tugadh cúnamh deontais don Taisce le treoirthionscadal nua "Teaghlaigh Ghlasa" a chur ar bun sna scoileanna. Leanadh den taca a thugtar don Oiliúint Dheimhnithe i gCosc Dramhaíola do lucht gnó agus do na hÚdaráis Poiblí. Foilsíodh an Tuarascáil Náisiúnta ar an Dramhaíl 2005 agus forbraíodh leathanach gréasáin athcheartaithe ar chosc na dramhaíola. Caithfidh na tionscadail choiscthe aird a thabhairt i gcónaí, ní hamháin ar chaomhnú na n-acmhainní ábharacha, ach ar chaomhnú an uisce agus an fhuinnimh freisin. Ar an gcaoi chéanna, caithfear air a thabhairt ar an riachtanas práinneach atá ann dramhaíl in-bhithmhillte a chosc nó a seachaint ar na láithreáin fuílligh, mar a fhorálann an Straitéis Náisiúnta ar Dhramhaíl In-bhithmhillte. Leanadh den athbhreithniú ar Phlean Bainistíochta Náisiúnta na Dramhaíola Guaisí, agus béim faoi leith ar an gcosc. Tá obair mhór déanta i dtaca le reachtaíocht chomhlántach a chur i bhfeidhm maidir le Défheinilí Polaclóirínithe, Truailleáin Orgánacha Dhianseasmhacha, Substaintí Ídithe Ózóin, Rialacháin ar Phéinteanna Maisiúcháin agus ar Thuaslagóirí (gnéithe suntasacha coiscthe ina measc seo). Chuathas chun cinn le líon áirithe Tionscnamh Freagrachta Táirgeoirí, lena n-áirítear forfheidhmiú na Rialachán faoi Fhuíollábhair Leictreacha agus Leictreonacha (FLL) agus faoi Shrian ar Shubstaintí Guaiseacha (SSG), a chuimsíonn riachtanais reachtúla maidir le athúsáid agus éicidhearadh, faoi seach. Mar chlabhsúr, rianaítear an treoir straitéiseach a rachaidh an clár coiscthe feasta. Sna blianta atá romhainn, meastar go dtiocfaidh torthaí tábhachtacha ar na tionscadail choiscthe dramhaíola nua seo, in éineacht le tionscnaimh chomhtháite bhainistíochta dramhaíola náisiúnta eile. Níor mhór na hacmhainní cuí a bheith le fáil agus chaithfeadh na páirtithe leasmhara na dúshláin a fhreagairt. Níor mhór na tionscnaimh thaiscéalaíocha atá ar siúl anois a ghéarú cuid mhaith sula bhfeicfí aon toradh ar na figiúirí náisiúnta a bhaineann le giniúint dramhaíola. Leanfaidh an Chroífhoireann Coiscthe dá cuid oibre le gach páirtí leasmhar d'fhonn cultúr coiscthe dramhaíola a chur chun cinn in Éirinn.

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Leathanach 2

Page 7: An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl An Tríú … Uasal, agus Deirdre Murphy, Uasal, ... Gerry Byrne BA (Mod), PhD, MBA. (Cathaoirleach, An Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl)

An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl, an Tríú Tuarascáil Bhliantúil 2006/2007

An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl, an Tríú Tuarascáil Bhliantúil 2006/2007 An Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl Rialtas An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl Na hÚdaráis Áitiúla Gníomhaireachtaí Fiontair Fuinneamh Inbhuanaithe An Pobal & na hEagraíochtaí Neamhrialtasacha Gnó & Tionscal Figiúr 1 – Caidrimh thionchair idir an Clár Náisiúnta um Chosc Dramhaíola agus Páirtithe Leasmhara eile

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Leathanach 3

Page 8: An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl An Tríú … Uasal, agus Deirdre Murphy, Uasal, ... Gerry Byrne BA (Mod), PhD, MBA. (Cathaoirleach, An Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl)

An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl, an Tríú Tuarascáil Bhliantúil 2006/2007

2. Forbhreathnú ar chosc na dramhaíola Plean Oibre Imlíneach an Chláir Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl

(CNCD) 2004 go 2008 Roimh theacht don Chlár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl, d'fhoilsigh an GCC togra faoi chlár imlíneach ilbhliantúil coiscthe, ag tosú le gníomhaíochtaí tionscadail a liostaíodh (féach www.epa.ie). Cuireadh tús ó shin le cuid mhaith de na gníomhaíochtaí seo agus tá mionsonrú orthu i mball eile sa tuarascáil seo, mar a thugtar le fios thíos. I measc na ngníomhaíochtaí tá an chomhchomhairle le grúpaí leasmhara, comhthiomsú na staidéar cáis d'fhonn a gcraobhscaoilte agus uirlisí a fhorbairt le cur ar chumas eagraíochtaí dul i mbun iniúchtaí dramhaíola - a bhfuil gach ceann díobh ar siúl fós (féach an Tionscnamh "Gnó Glas"). Ach cé nach raibh torthaí na mbunstaidéar taighde mar a bhíothas ag súil tar éis an athbhreithnithe, sainaithníodh earnálacha sprice ina dteastaíonn iarrachtaí coiscthe eile ar bhonn faisnéise taighde eile. Ina measc seo tá earnálacha a ghineann dramhaíl ghuaiseach (féach Plean Náisiúnta Bainistíochta Dramhaíola Guaisí) agus earnálacha na n-óstán agus an chúram shláinte (féach an Tionscnamh "Gnó Glas"). Is cuid den CNCD feasta an Tuarascáil Náisiúnta ar an Dramhaíl, mar a thugtar le fios sa phlean, agus foilsíodh tuarascáil gach bliain. Tá córas leictreonach bainistíochta faisnéise á fhorbairt le sonraí staidrimh a bhailiú. Pléadh agus leasaíodh sainmhíniú an choiscthe dramhaíola a mhol Creatlach Choiscthe Dramhaíola an ERTDI (Clár Taighde Comhshaoil agus Forbartha Teicneolaíochta agus Nuálaíochta an Rialtais).

Is é sainmhíniú an Choiscthe Dramhaíola*:

"Díothú nó laghdú ar ídiú ábhair, uisce nó fuinnimh, ar ghineadh dramhaíola (i bhfoirm cruáin, leachtach nó teasa) agus ar shubstaintí

díobhálacha" *Arna bhunú ar shainmhíniú a chuir Creatlach Choiscthe Dramhaíola an ERTDI ar fáil Ceaptar gurb amhlaidh is fearr a fhorbrófar táscairí agus spriocanna do chosc na dramhaíola ach iad a chur i bhfeidhm ar dtús ar thionscadail agus ansin ar earnálacha, de réir mar a fhoghlaimítear ón gcleachtadh (eg i leith óstán faoin Tionscnamh "Gnó Glas"). Tá ionchur nach beag ar fáil maidir le tionscnaimh freagrachta táirgeoirí, go háirithe FLL, SSG agus Pacáistíocht. Tríd is tríd, i bhfianaise an chleachta agus na n-acmhainní a bhí le fáil, thóg sé níos faide orainn ná mar a ceapadh ar dtús na tionscadail a chur ar bun, go mór mór maidir le hiniúchtaí dramhaíola bliantúla do ghnólachtaí. Os a choinne sin, forbraíodh deiseanna eile le cosc na dramhaíola a chur chun cinn, deiseanna nár sainaithníodh ar dtús. Ina measc seo tá Clár Taispeána na nÚdaráis Áitiúil maidir leis an gCosc agus an tionscadal "Teaghlaigh Ghlasa".

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Leathanach 4

Page 9: An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl An Tríú … Uasal, agus Deirdre Murphy, Uasal, ... Gerry Byrne BA (Mod), PhD, MBA. (Cathaoirleach, An Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl)

An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl, an Tríú Tuarascáil Bhliantúil 2006/2007

Creatlach Choiscthe Dramhaíola an ERTDI Bunaíodh Plean Oibre Imlíneach an CNCD cuid áirithe ar dhoiciméad Chreatlach Choiscthe Dramhaíola na GCC/ERTD a foilsíodh freisin i 2004. Sainaithníodh deich ngníomhaíocht ardtosaíochta náisiúnta, a bhfuil cuid mhaith díobh ar siúl faoi láthair. Ina measc seo tá an tús áite a chaithfidh an Rialtas, lucht tionscail agus tráchtála agus an pobal i gcoitinne a thabhairt do chúrsaí dramhaíola agus tomhaltais. Molann sé go gcuirfí acmhainní cuí ar fáil leis an bhfadhb a réiteach, lena n-áirítear Croífhoireann Coiscthe agus grúpa stiúrtha a bhunú. Moltar iniúchtaí coiscthe dramhaíola agus straitéis choiscthe a fhorbairt. Moltar seirbhísí taca theicniúil maidir leis an gcosc a chur ar fáil do lucht gnó, agus cláir oiliúna/taighde freisin. Tugann cuid mhaith de thionscadail an CNCD atá arna sonrú sa tuarascáil seo faoi na moltaí seo. I measc moltaí eile nach bhfuil údarás ag an gCroífhoireann Coiscthe orthu, tá táillí difreáilte ar dhramhaíl a bhailítear go leithleach agus táillí nó muirir chomhshaoil eile. Ina theannta sin, sainaithníodh deich ngníomhaíocht sa doiciméad creatlaí don Chroífhoireann Coiscthe. Ina measc seo bhí forbairt agus craobhscaoileadh straitéise coiscthe dramhaíola d'Éirinn. Cé go bhfuil clár tar éis a fhorbartha agus go bhfuil sé á chur i bhfeidhm, féachfar i 2008 an féidir straitéis níos fadtéarmaí a fhorbairt. Moltar pleanáil faoi iniúchóireacht agus laghdú dramhaíola a dhéanamh ar bhonn reachtaíochta sa chreatlach seo. Tá uirlisí iniúchóireachta á bhforbairt agus stiúrfar an fhorbairt de réir na hearnála féachaint an gá taca rialála chun iad a chur i bhfeidhm, mar shampla sna hearnálacha Tuaslagóirí/Péinteanna Maisiúcháin. Cé go moltar gníomhaireacht taca theicniúil a chur ar bun, tá an fheidhm seo á comhordú trí na tionscnaimh "Údaráis Áitiúla" agus "Gnó Glas". Tá cláir oiliúna ar an gcosc arna leagan amach in éineacht leis an earnáil ghnó agus clár ar leith don chosc pacáistíochta. Beidh aird mhór i gcónaí ag CNCD ar thaighde ar an gcosc dramhaíola agus beidh an taighde is bunúsaí á comhordú ag an gclár nua taighde STRIVE de chuid na GCC. Molann an chreatlach go n-oibreofaí ar bhonn na Tuarascála Náisiúnta ar an Dramhaíl lenár gcuid eolais ar shreabha na dramhaíola in Éirinn a fheabhsú. Moltar cláir ghlasa soláthair phoiblí a chur i gcrích agus tabharfaidh an Grúpa Forbartha Margaidh faoi seo. Chuathas i mbun feachtas feasachta faoi chosc na dramhaíola le déanaí tríd an bhfógraíocht An Rás in aghaidh na Dramhaíola (Race Against Waste) agus trí fhógraíocht leanúnach an CNCD. Forbrófar scéimeanna deontas comhshaoil mar chuid de chlár na n-údarás áitiúil. Togra maidir le Treoir faoin Dramhaíl l 2007, thángthas ar chomhaontú polaitiúil faoi Threoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle faoin Dramhaíl. Deir an doiciméad nár mhór do na Ballstáit cláir choiscthe dramhaíola a bhunú a leagfaidh aidhmeanna agus bearta cuí amach. Díreoidh siad seo ar an nasc a bhriseadh atá ann anois idir an forás eacnamaíoch agus an tionchar a bhíonn ag an dramhaíl a ghintear ar an gcomhshaol. Tugtar faoi deara nach bhfuiltear ag iarraidh ollmhéid na dramhaíola a ghintear a laghdú. Cinnfidh an clár ar phointí cóimheasta, spriocanna agus táscairí cuí, maidir leis an gcáilíocht agus leis an gcainníocht, ar mhaithe le bearta coiscthe dramhaíola. Tá samplaí in Iarscríbhinn IV leis an doiciméad de bhearta coiscthe dramhaíola, nár mhór a mheasúnú ó thaobh na tairbhe. Ina measc seo, tá bearta pleanála, taighde ar phróisis/tháirgí glana agus táscairí ar an mbrú ar an gcomhshaol a thagann de bharr na dramhaíola a ghintear. Moltar an t-éicidhearadh a chur chun cinn, faisnéis a sholáthar do lucht tionscail ar chosc dramhaíola/na teicníochtaí is fearr atá ar fáil agus riachtanais maidir le cosc dramhaíola a leagan síos do cheadúnais IPPC (Cosc

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Leathanach 5

Page 10: An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl An Tríú … Uasal, agus Deirdre Murphy, Uasal, ... Gerry Byrne BA (Mod), PhD, MBA. (Cathaoirleach, An Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl)

An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl, an Tríú Tuarascáil Bhliantúil 2006/2007

agus Laghdú Comhtháite an Truaillithe). Níor mhór measúnuithe dramhaíola agus pleananna coiscthe d'fhearais neamh-IPPC a chur san áireamh, mar aon le feasacht/tacaí do lucht gnó, comhaontuithe earnála agus córais bhainistíochta comhshaoil. Tá uirlisí eacnamaíocha, éicilipéadú agus feasacht an phobail, conarthaí poiblí glasa agus cur chun cinn an deisiúcháin/na hathúsáide arna liostú freisin. Tá cuid mhaith de na hidéanna seo á gcur i bhfeidhm agus cuirfear cuid eile san áireamh agus straitéis á forbairt i 2008. Ag an am cuí, foilseofar an straitéis agus cuirfear i gceadú an phobail í. Meastar go dtiocfar ar shineirgí rathúla, mar shampla i dtaobh chosc na dramhaíola pacáistíochta, de bharr chomhoibriú na mBallstát maidir lena gcláir choiscthe dramhaíola. Clár Comhaontaithe don Rialtas 2007 Cuireann an Clár nua don Rialtas de cheangal air féin cloí le hathbhreithniú idirnáisiúnta ar phleananna, ar chleachtais agus ar ghnáthaimh dramhaíola, lena n-áirítear an cosc. Tá ceangal sa doiciméad freisin maidir le spriocanna nua ardaidhmeannacha a leagan síos don bhainistíocht dramhaíola d'fhonn an cosc, an athúsáid agus chóireáil nua-aimseartha is mó is féidir a bhaint amach ar chaoi go mbeimid inchurtha leis an gcaighdeán feidhmíochta is fearr san AE agus é de chuspóir againn gan níos mó ná 10% den dramhaíl a chur de láimh i láithreáin fuílligh. Ina theannta sin, tá ceangal ann faoi fheidhmiú na Straitéise Náisiúnta ar an Dramhaíl In-bhithmhillte, arb aidhm di 80% den dramhaíl in-bhithmhillte a sheachaint ar na láithreáin fuílligh mar thoradh ar an mbailiú scagtha agus ar ghineadh múirín, agus freisin bailiú na dramhaíola guaisí teaghlaigh a chur á dhéanamh i ngach ionad cuí athchúrsála.

PICTIÚR 1

An Chroífhoireann Coiscthe Ó thaobh na láimhe clé, Brian Meaney, Jane Kenneally, Martin Doyle, Jennifer Cope, Fiona

McCoole, Keiron Phillips, Caitríona Collins, Odile Le Bolloch, Isabelle Kurz, Gerry Byrne, Michael McDonagh, David Dodd agus Celine Horner.

Ar iarraidh as an ngrianghraf, Deirdre Murphy

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Leathanach 6

Page 11: An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl An Tríú … Uasal, agus Deirdre Murphy, Uasal, ... Gerry Byrne BA (Mod), PhD, MBA. (Cathaoirleach, An Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl)

An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl, an Tríú Tuarascáil Bhliantúil 2006/2007

3. An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl: Tuarascálacha ar Thograí do 2006/7

Clár Taispeána na nÚdaráis Áitiúil maidir leis an gCosc Lainseáladh Céim 1 de Chlár Taispeána na nÚdarás Áitiúil maidir leis an gCosc i mí Iúil 2006. Tá tionscadail de chuid an chláir seo á gcur i bhfeidhm faoi láthair ag na Comhairlí i nGaillimh (Cathair agus Contae), i Muineachán, i Luimneach (Cathair agus Contae), sa Chlár agus i gCiarraí, tar éis roghnaithe ar bhonn comórtais oscailte. Is é cuspóir an chláir cuidiú leis na húdaráis áitiúla cláir chomhtháite áitiúla um chosc dramhaíola a dhearadh agus a chur i bhfeidhm. Táthar ag soláthar cúnaimh trí bhíthin an tsaineolais theicniúil (ó Ionad na Teicneolaíochta Glaine, Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí) agus airgead deontais, le gur fearr is féidir dramhaíl a chosc go háitiúil. I measc na dtionscadal tá an cosc i gcomhthéacs an phobail, na tráchtála agus an ghnó, mar shampla, ionaid siopadóireachta, aerfort réigiúnach, an tógáil, feirmeacha, an ollscoil, eagraíochtaí poiblí agus na scoileanna. Mar sheoladh isteach ar an gcúrsa, chuaigh na rannpháirtithe uile ar thuras treoraithe staidéir go dtí an Ísiltír .

PICTIÚR 2

Clár Taispeána na nÚdaráis Áitiúil maidir leis an gCosc - na rannpháirtithe ag baint spraoi as an turas treoraithe staidéir san Ísiltír

Tá Céim a Dó den chlár á cur i bhfeidhm anois agus cúnamh deontais/teicniúil á chur ar fáil do thionscnaimh nó do thionscadail aonair, arb iad na húdaráis áitiúla a chuirfidh i bhfeidhm iad. Tá seacht n-údarás áitiúla eile ag glacadh páirte anois, lena

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Leathanach 7

Page 12: An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl An Tríú … Uasal, agus Deirdre Murphy, Uasal, ... Gerry Byrne BA (Mod), PhD, MBA. (Cathaoirleach, An Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl)

An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl, an Tríú Tuarascáil Bhliantúil 2006/2007

n-áirítear na Comhairlí Contae i gCorcaigh, i nDún na nGall, i Dún Laoghaire-Ráth an Dúin, i Longfort, i Ros Comáin, i dTiobraid Árann Theas agus i gCill Mhantáin. I measc na dtionscadal a roghnaíodh tá tionscnaimh choiscthe i lár baile mhóir, i dtrí cinn de linnte snámha poiblí, i bhfoirgnimh phoiblí, ar oileán in aice an chósta, i mórionad díola, ar cheithre fheirm agus ar champas ollscoile. Tiocfaidh staidéir cháis sa dea-chleachtas agus sonraí/oilteacht sa chosc mar thoradh ar gach tionscadal, nithe a chraobhscaoilfear agus a chuirfear i bhfeidhm ar fud na tíre. Mar shampla, sainaithníodh coigilteas nach beag in Ionad Siopadóireachta Dhún Droma agus is ar an mbonn rathúil seo a thógfar an treoir don dea-chleachtas a chraobhscaoilfear ar gach ionad dá leithéid. Tionóladh ceithre Chruinniú Iomlánacha a chuimsigh rannpháirtithe uile an chláir "Údaráis Áitiúla" d'fhonn an fhoghlaim agus an cleachtadh ar fheidhmiú tionscadal coiscthe a roinnt. Tá Comhdháil bhliantúil á beartú faoi láthair d'Fheabhra 2008 le béim a chur ar na staidéir cháis ar an gcosc atá ag teacht chun solais agus ar gach a bhfuil bainte amach ag an gclár. Táthar tar éis clár oiliúna creidiúnaithe pearsantaithe a fhorbairt a chraobhscaoilfear ar na húdarás áitiúla uile, ag tosú i mí na Samhna 2007. Cinnteoidh na gníomhaíochtaí seo go gcuirfear an fhoghlaim agus na teicníochtaí coiscthe a ghnóthófar de bharr na dtreoirthionscadal i bhfeidhm go forleathan in Éirinn. Moltar Oifigigh Ghnó Ghlais agus Coiscthe Dramhaíola a cheapadh i ngach réigiún, ar leibhéal sách sinsearach, d'fhonn an cumas coiscthe dramhaíola a chraobhscaoileadh agus a dhaingniú trí mheán an chláir "Rialtais Áitiúla".

Clár na dTeaghlach Glas Is iontach mar a d'éirigh leis an Taisce san oideachas comhshaoil "Scoileanna Glasa" ("Éiceascoileanna" go hidirnáisiúnta) le deich mbliana anuas. Cuimsíonn an clár breis agus 2,700 scoil nó 66% de scoileanna na hÉireann, ar bhuaigh 1,150 díobh an Brat Glas a bhfuil tnúth ag cách leis. Tá treoirthionscadal ar a dtugtar "Teaghlaigh Ghlasa" á mhaoiniú anois ag CNCD, d'fhonn tógáil ar an mbonn rathúil

seo. Tá sé de chuspóir ag an gclár an cosc dramhaíola a chur chun cinn i dteaghlaigh na scoláirí a bhfuil baint acu leis an tionscnamh tosaigh, agus díriú ar an gcaoi sin ar bhaill áirithe den phobal i gcoitinne. Tionscadal ceannródaíoch é seo nár tugadh cheana faoi laistigh den ghluaiseacht idirnáisiúnta "Scoileanna Glasa". Tá suirbhéireacht déanta

ar dheich limistéar pobail agus tionóladh sé chruinniú fócais pobail cheana. Le linn na n-ócáidí seo atá dírithe ar na teaghlaigh, cuirtear raon fadhbanna comhshaoil i láthair ar chaoi phraiticiúil, agus cuirtear béim ar na réitigh agus ar an athrú iompraíochta a theastaíonn chun iad a chur i bhfeidhm sa bhaile. I measc na gceisteanna a phléitear, tá an fuinneamh, caomhnú an uisce, múiríniú agus dramhaíl. Tá feabhas á chur i gcónaí ar na hábhair léirithe, agus an t-aiseolas a fhaightear á

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Leathanach 8

Page 13: An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl An Tríú … Uasal, agus Deirdre Murphy, Uasal, ... Gerry Byrne BA (Mod), PhD, MBA. (Cathaoirleach, An Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl)

An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl, an Tríú Tuarascáil Bhliantúil 2006/2007

chur san áireamh iontu. Tá ábhar nua ar an gcosc dramhaíola á fhorbairt. Cuirfear ábhar cuí ar fáil ar an suíomh gréasáin www.greenhome.ie le tacú leis an tionscadal. Tá aon ócáid déag eile á mbeartú a dhíreoidh ar 2,248 teaghlach. Tá gá le cuairteanna ar na scoileanna agus leis an bhfreastal ar Chruinnithe Chomhairle na dTuismitheoirí le dul i seilbh an tionscadail ar an leibhéal áitiúil agus a inbhuaine a chinntiú. Ach é a bheith tugtha chun críche, déanfar meastóireacht ar an treoirthionscadal nua féachaint cé na hacmhainní a theastaíonn chun é a chur i bhfeidhm ar an leibhéal réigiúnach nó náisiúnta. Tá acmhainní comhshaoil ar-líne do scoileanna freisin ag GCC, lena n-áirítear na cluichí "Catulator" agus "Aqualator" (féach http://www.epa.ie/researchandeducation/education/games/catulator/) Thug an CNCD cúnamh deontais freisin do roinnt tionscnamh beag áitiúil a bhaineann leis an gcosc dramhaíola, ina measc tionscnamh de chuid Fhóram Comhshaoil Chorcaí, agus do thionscadal malartaithe leabhar scoile bunaithe ar an Idirlíon (www.schoolbookexchange.ie). An Clár um Chosc ar Dhramhaíl Pacáistíochta

Cuimsíonn an Treoir Pacáistíochta agus na rialacháin ghaolmhara cuspóirí i leith laghdú úsáid na pacáistíochta. Cé go gur suntasach an dul chun cinn atá déanta go náisiúnta i mbailiú scagtha na dramhaíola pacáistíochta chun athchúrsála, tá gá ann anois an méid pacáistíochta a ghintear a chosc ar fad nó a chosc an oiread agus is féidir. Is minic cheana comhlachtaí ag "éadromú" ábhar a gcuid pacáistíochta chun costais iompair agus eile a laghdú. Ach is mó i gcónaí an gá atá ann go n-áireodh cinnteoirí na margaíochta an éifeacht a bheadh ag an bpacáistíocht a roghnóidís ar an gcomhshaol agus go n-éileodh na custaiméirí laghdú ar an bpacáistíocht.

PICTIÚR 4

Ag seoladh an Chláir "Údaráis Áitiúla" bhí, ó thaobh na láimhe clé, An Dr Gerry Byrne (GCC), an Dr Andrew Hetherington (Repak) agus an tAire Comhshaoil,

Oidhreachta & Rialtais Áitiúil, an tUas. Dick Roche (TD)

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Leathanach 9

Page 14: An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl An Tríú … Uasal, agus Deirdre Murphy, Uasal, ... Gerry Byrne BA (Mod), PhD, MBA. (Cathaoirleach, An Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl)

An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl, an Tríú Tuarascáil Bhliantúil 2006/2007

Tá comhaontú sínithe ag CNCD agus Repak Clár Coiscthe Dramhaíola Pacáistíochta a chómhaoiniú. Tá buiséad €200,000 tar éis a cheadaithe do 2007. Is é Repak atá ag cur na dtionscadal seo i bhfeidhm agus ionchur teicniúil/straitéiseach aige ón GCC, Fiontraíocht Éireann, Musgraves Ltd agus an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil. Tionóladh ceardlanna náisiúnta ar an gcosc pacáistíochta i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh a leag béim ar raon staidéar cáis. Ina theannta sin tá seimineáir réigiúnacha á mbeartú do dheireadh na bliana. Foilsíodh roinnt staidéar cáis i bhfoirm chlóbhuailte agus ar leathanach nua gréasáin a forbraíodh do na suímh ghréasáin www.repak.ie agus www.preventandsave.ie. Tá sainchomhairleoir tar éis a cheaptha le hiniúchadh a dhéanamh ar shlabhra soláthair táirgí áirithe agus féachaint cén bonn a bhí leis na socruithe a rinneadh maidir leis an bpacáistíocht agus cé mar a géilleadh do na Riachtanais Bhunúsacha, a shonraíonn critéir reachtúla maidir leis an bpacáistíocht a laghdú an oiread agus is féidir. I measc na dtionscadal eile atá ar siúl cheana nó á mbeartú, tá oiliúint dheimhnithe sa chosc pacáistíochta, painéal saineolaithe a cheapadh le staidéir cháis ar an dea-chleachtas a chraobhscaoileadh, clár cumarsáide do na gnóthais bheaga agus mheánmhéide agus duaiseanna dearaidh don chosc pacáistíochta tríd an Graphic Design Business Association. Forbrófar tionscadail choiscthe pacáistíochta eile de réir mar a ghnóthófar an taithí agus an t-aiseolas ar an gclár tosaigh. Is cuid dhílis an clár iomlán den straitéis atá á leagan amach ag an Grúpa Straitéise Náisiúnta d'Athchúrsáil Dramhaíola Pacáistíochta.

PICTIÚR 5 An tUas. John Gormley (TD), Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, agus é ag

bronnadh Dhuais Repak 2007 don Tionscnamh Coiscthe Pacáistíochta is Fearr ar na buaiteoirí H.J. Heinz Co Ltd

Urraíonn CNCD dhá chatagóir i nDuaiseanna Bliantúla Repak don Athchúrsáil gach bliain freisin, agus béim faoi leith ar na rannpháirtithe a chruthaíonn go bhfuil éacht nach beag déanta acu i gcosc na dramhaíola pacáistíochta.

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Leathanach 10

Page 15: An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl An Tríú … Uasal, agus Deirdre Murphy, Uasal, ... Gerry Byrne BA (Mod), PhD, MBA. (Cathaoirleach, An Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl)

An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl, an Tríú Tuarascáil Bhliantúil 2006/2007

de

is, 56,000 tona dramhaíola a sheachaint ar na

An Tionscnamh "Gnó Glas" Níorbh fhurasta teacht ar staidéir mhaithe cáis a dhíríonn ar chosc na dramhaíola, seachas ar an athchúrsáil. Roghnaíodh painéal sainchleachtóirí tar éis cuiridh chun tairisceana, d'fhonn samplaí den dea-chleachtas sa chosc a shainaithint. Lena chois seo, bainfear leas as na saineolaithe seo le sprioc-chomhlachtaí cuí a aithint a bhféadfaí an dea-chleachtas a chraobhscaoileadh orthu agus le teagmháil phearsanta dhíreach a thionscnamh le cuideachtaí áirithe ar bhonn feachtais. Ar an

caoi seo, cuirfear seirbhís shaor ar fáil do ghnóthais bheaga agus mheánmhéigagus d'eagraíochtaí eile chun a saineolas ar an gcosc a fhorbairt agus a gcumas iomaíochta a fheabhsú mar thoradh ar na costais a sheachnóidh siad. Tá staidéar cáis den chéad scoth a chraobhscaoilfear go forleathan a tháinig de bharr tionscadail sa chlár "An Táirgeadh ag dul i nGlaine is i nGlaise" de chuid na GCC/ERTDI, tionscadal darb ainm "Ag Glasú Óstáin na hÉireann". Bhain an clár seo le 56 óstán, ó 3 réalta go 5 réalta maidir le rangú agus ó 30 leaba go 255 leaba maidir le méid. Forbraíodh athbhreithnithe comhshaoil, oiliúint, bainistíocht chomhshaoil, an dea-chleachtas agus pleananna d'fhonn an táirgeadh a ghlanadh. I measc an choigiltis a deimhníodh, bhí 1,113 thona dramhaíola a seachnaíodh ar na láithreáin fuílligh, laghdú 5,000 tona ar úsáid an uisce agus 3,000 tona ar na hastuithe carbóin. Ach é seo a eachtarshuí ar fud na hearnála go léir, d'fhéadfaí

81.4 milliún a spáráil ar na costa€láithreáin fuílligh, agus laghdú 4.5 milliún tona ar úsáid an uisce agus 162,000 tona ar astuithe carbóin a bhaint amach. Tá tairiscint curtha amach d'fhonn conraitheoirí oiriúnacha a fháil le torthaí suntasacha an tionscadail seo a chur i bhfeidhm go forleathan i 150 óstán eile ar fud na hÉireann. D'fhéadfaí costais shuntasacha a spáráil san earnáil, ní hamháin ar an dramhaíl ach freisin maidir le huisce agus le fuinneamh. Ach an tionscal a ghlasú, bheadh feabhas ar a chumas iomaíochta agus is amhlaidh is fusa a chreidfeadh an custaiméir in inbhuaine na ngníomhaíochtaí turasóireachta. Le himeacht aimsire,

athnófar an bonn oibre "earnála" seo de réir mar a chuirfear staidéir cháis leoiriúnacha nó faisnéis earnála ar fáil. Tá eagraíochtaí cúraim shláinte agus gníomhaíochtaí miondíola agus tógála á gcur san áireamh faoi láthair maidir leis seo. D'oibrigh an Chroífhoireann Coiscthe go dlúth le foireann an Ráis in Aghaidh na Dramhaíola le huirlis iniúchta dramhaíola ar-líne a fhorbairt a bheadh bunaithe ar an nGréasán. Gnóthaíodh neart taithí le linn an fheachtais (atá tugtha chun críche anois) "An Rás in aghaidh na Dramhaíola", nuair a baineadh leas as iniúchtaí dramhaíola i réimse leathan earnálacha agus gníomhaíochtaí. Tá clár iniúchóireachta píolótach do ghnólachtaí á fhorbairt leis an modheolaíocht a shainiú agus a bharrfheabhsú a thuilleadh. Cuirfear treoraíocht ar chaomhnú an uisce leis na modúil ar an gcosc dramhaíola, agus naisc chun faisnéise faoi bhainistíocht an fhuinnimh. Beidh an Uirlis Éifeachtúlachta Fuinnimh bunaithe ar an nGréasán agus arna hóstáil i bhfad ar shiúl ó GCC sa chaoi is nach mbeidh leisce ar dhaoine í a úsáid toisc eagla a bheith orthu roimh mhaoirseacht na rialaitheoirí ar na sonraí. Le himeacht aimsire tá sé i gceist iniúchtaí dramhaíola a dhéanamh go rialta i gcuid mhaith tionscal táirgthe agus seirbhíse, chomh maith le heagrais riaracháin, ar bhonn deonach nó éigeantach. D'fhonn pleananna laghdaithe dramhaíola a fhorbairt é seo, chun an cosc a chur i bhfeidhm go héifeachtach forleathan ar an leibhéal áitiúil. Ba cheart gur mhór an chabhair í an uirlis Ghréasáin san obair seo. Cuirfear comhairle

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Leathanach 11

Page 16: An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl An Tríú … Uasal, agus Deirdre Murphy, Uasal, ... Gerry Byrne BA (Mod), PhD, MBA. (Cathaoirleach, An Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl)

An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl, an Tríú Tuarascáil Bhliantúil 2006/2007

thaca ar fáil ar an nguthán nó tríd an ríomhphost le cabhrú le húsáideoirí na huirlise. Ina theannta sin, cuirfear cuairteanna láithreáin á ndéanamh ag saineolaithe le eirbhís athbhreithnithe agus comhairle a chur ar fáil ar chostas réasúnta. Meastar

mbeidh gá le riachtanais shainordaitheacha. Déanfaidh an hroífhoireann Coiscthe monatóireacht dhlúth ar an gcuspóir polasaí seo, agus oltaí mar is cuí.

PICTIÚR 6

Áine Higgins, Uasal (Siemens Ltd.), an Dr Kurz, An tUas. Martin Doyle, an Dr Gerry Byrne (GCC), an tUas, David McCabe (ADC Barcodes Ltd.) agus Jane Kenneally, Uasal

(GCC)

Tá an tionscadal á chur chun cinn ag Gníomhaireacht Comhshaoil Shasana agus na

sgo mbeidh na seirbhísí seo ar fáil go luath sa bhliain 2008. Moltar sa doiciméad beartais, "Delivering Change" ("An tAthrú a Chur ar Fáil"), clár iniúchtaí dramhaíola éigeantacha a thabhairt isteach d'eagraíochtaí, lena n-áireofar pleananna laghdaithe dramhaíola. Beidh an iniúchóireacht, ar Conraitheoirí Deimhnithe Iniúchóireachta a dhéanfaidh í de réir threoir-riachtanais na GCC, éigeantach d'oibreoirí atá faoi réir na Rialachán ar Thuaslagóirí agus ar Phéinteanna (féach ina dhiaidh seo sa tuarascáil). Táthar ag súil, ámh, go gcomhoibreoidh earnálacha éagsúla sa tsochaí leis na tionscnaimh choiscthe seo ar bhonn deonach, sa chaoi is nachCm

Ag freastal ar an gCeardlann B2B FEE bhí, ó thaobh na láimhe clé, Isabelle

An Tionscadal HAZRED Is tionscadal taighde feidhmí é HAZRED atá arna mhaoiniú ag EU/Life, agus is é is cuspóir dó earnálacha úd na ngnóthas beag agus meánmhéide (GBM) a aithint ina ngintear méideanna suntasacha dramhaíola guaisí agus féachaint cé mar is féidir treoraíocht agus uirlisí iniúchóireachta a fhorbairt ar mhaithe le cosc na dramhaíola.

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Leathanach 12

Page 17: An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl An Tríú … Uasal, agus Deirdre Murphy, Uasal, ... Gerry Byrne BA (Mod), PhD, MBA. (Cathaoirleach, An Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl)

An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl, an Tríú Tuarascáil Bhliantúil 2006/2007

Breataine Bige, agus an GCC mar chomhpháirtí in Éirinn sa chaoi is go mbeidh deis ag GBM na hÉireann páirt a ghlacadh ann. Cuireadh tús leis an tionscadal i mí na

ollag 2004 agus ba cheart go dtiocfadh deireadh leis i mbliana.

al a hraobhscaoileadh in Éirinn agus tá seacht GBM tar éis clárú don chlár in Éirinn.

h/monatóireacht - leis na tionscnaimh choiscthe dramhaíola earnála a luadh uas.

iliúint Deimhnithe um Chosc agus Íoslaghdú Dramhaíola

den chúrsa coiscthe deimhnithe fhorbairt, a bhaineann leis an gcosc pacáistíochta.

N Forbraíodh modheolaíocht le hearnálacha a roghnú ina ngineann na GBM lear suntasach dramhaíola guaisí. Roghnaíodh sé cinn d'earnálacha nuair a cuireadh an mhodheolaíocht chun feidhme sa Ríocht Aontaithe: Déantúsaíocht saincheimiceán orgánach; Cothabháil agus deisiú mótarfheithiclí; Cóireáil agus bratú miotal; Tógáil agus foirgníocht ghinearálta; Déantúsaíocht innealra agus trealaimh agus Próiseáil grianghrafadóireachta. D'oibrigh an Chroífhoireann Coiscthe d'fhonn an tionscadc Tá baint dhíreach anois ag na GBM a roghnaíodh leis an léiriú atáthar a dhéanamh ar éifeacht bealaigh áirithe nua leis an dramhaíl a chosc. Tá dréacht-dhoiciméad mar threoir ar an dea-chleachtas leagtha amach do gach earnáil agus tá saininiúchóir/sainoiliúnóirí tar éis a gceaptha. Fuair gach GBM iniúchadh, oiliúint agus comhairle faoin treoir, agus b'éigean dóibh clárú do phlean laghdaithe dramhaíola. Beidh cuairteanna leantacha ó shainchomhairligh ann, rud a dhearbhóidh cén éifeacht atá ag an iarracht coiscthe. Cuirfear bailchríoch ar an treoir dea-chleachtais níos faide amach i 2007, agus áireofar inti na ceachtanna a foghlaimíodh le linn na n-athbhreithnithe deiridh ar an láithreán. Sa deireadh comhtháthófar an cur chuige seo - roghnú earnála/ullmhú treorach agus iniúchadth O Tá gá ag príomhchinnteoirí sa ghnó leis an eolas agus leis na scileanna cuí leis an gcosc a chur i bhfeidhm ina n-eagrais féin. Cuidíodh le Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann (IBEC) cúrsa oiliúna oiriúnach sa chosc dramhaíola a fhorbairt do lucht gnó i 2005. D'fhorbair Ionad na Teicneolaíochta Glaine an cúrsa modúlach, a áiríonn léachtaí, staidéar baile faoi threoir, chomh maith le tionscadail choiscthe dramhaíola feidhmeacha laistigh den chuideachta. Tá IBEC ag comhordú na forbartha is gá chun an cúrsa a chur in oiriúint d'earnálacha éagsúla, ar dtús laistigh de Pharmachem. Go trásta, tá an oiliúint seo críochnaithe ag sé dhuine is tríocha. Táthar ag féachaint an féidir an cúrsa a chur ar fáil níos fairsinge fós, mar shampla trí FÁS nó trí bhíthin na cianfhoghlama. Mar a dúradh cheana, tá sainleagan á

PICTIÚR 7

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Leathanach 13

Page 18: An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl An Tríú … Uasal, agus Deirdre Murphy, Uasal, ... Gerry Byrne BA (Mod), PhD, MBA. (Cathaoirleach, An Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl)

An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl, an Tríú Tuarascáil Bhliantúil 2006/2007

Seastán taispeána le CNCD ag ócáid a d'óstáil Fiontraíocht Éireann faoi SSG/Éiceadhearadh

n Straitéis Náisiúnta um Dhramhaíl In-Bhithmhillte

oilsíodh an straitéis thábhachtach seo in Aibreán na bliana 2006 agus molann sí

Tuarascálacha Náisiúnta ar an Dramhaíl Dar leis an gCroífhoireann Coiscthe, ní mór faisnéis chruinn thráthúil a sholáthar ar an dramhaíl a ghintear le go mbeadh éifeacht ag aon chlár coiscthe. Soláthraíonn na Tuarascálacha Náisiúnta ar an Dramhaíl faisnéis faoi threochtaí sa dramhaíl a ghintear in earnálacha éagsúla agus ar an gcaoi sin dírítear na hiarrachtaí coiscthe nó athchúrsála ar bhainistíocht na sreabh tosaíochta dramhaíola. Ina theannta sin, tarraingíonn na Tuarascálacha aird na rialaitheoirí agus na gcinnteoirí polasaí agus tráchtála ar na táscairí cuí faoin dramhaíl. Rud a bhfuil tábhacht leis, is ar shonraí a fhoilsítear sna Tuarascálacha Náisiúnta ar an Dramhaíl a bhunaítear na tuarascálacha a theastaíonn ón gCoimisiún Eorpach maidir le réimse mhaith Treoracha, na Tionscnaimh Fhreagrachta Táirgeoirí agus Dramhaíola ina measc. Ar bhonn na faisnéise seo a fhorbraítear Tuarascálacha Chomhdháil Basel do na Náisiúin Aontaithe freisin. Bailítear mionsonraí ar an dramhaíl gach bliain ó rannpháirtithe iomadúla in earnáil na bainistíochta dramhaíola, lena n-áirítear oibreoirí dramhaíola, lucht athchúrsála, lucht tionscail agus údaráis áitiúla, d'fhonn na tuarascálacha a fhorbairt. Tá tábhacht le hiniúchtaí leantacha agus le hiniúchtaí suímh le fíorú a dhéanamh ar na sonraí dramhaíola a chuirtear ar fáil. Tá córais á bhforbairt le gurb éasca is féidir tuairisciú agus cóimheas a dhéanamh ar an bhfaisnéis seo go leictreonach, ar an meántéarma. Forbraítear na sonraí dramhaíola go léir de réir Rialachán Staitisticí Dramhaíola an AE. Foilsíodh an Tuarascáil Náisiúnta ar an Dramhaíl a gineadh sa bhliain 2005 go luath sa bhliain 2007, agus dá bharr pléadh ceist bhainistíocht cheart na dramhaíola go forleathan sna meáin chumarsáide agus i measc an phobail. Léiríonn an tuarascáil, cé go bhfuil dul chun cinn nach beag déanta maidir le dramhaíl in-athchúrsáilte a bhailiú, go bhfuil leibhéal an "líonta talún" ard fós (77% den dramhaíl tí). Baineadh amach an sprioc 60% de dhramhaíl phacáistíochta a athchúrsáil i bhfad roimh an spriocdháta, 2011. Measadh gurbh ionann agus 202,940 tona méid na dramhaíola tí nár bailíodh, rud ar cúis imní é. Ní mór an dul chun cinn a rinneadh maidir le dramhaíl in-bhithmhillte a sheachaint ar an dumpa agus is amhlaidh is práinní a theastaíonn sé an straitéis náisiúnta a chur i bhfeidhm. Mar chomhartha ar a laghad atá an earnáil tráchtála ag iarraidh saoráidí oiriúnacha a fhorbairt in Éirinn, easpórtáladh breis agus 80% den dramhaíl in-bhithmhillte a bailíodh. Tá an Tuarascáil Náisiúnta ar an Dramhaíl a gineadh i 2006 á réiteach faoi choinne a fhoilsithe go luath i 2008. A Froinnt spriocanna coiscthe nua don Chroífhoireann Coiscthe. Ceist phráinneach d'Éirinn é an dramhaíl in-bhithmhillte a sheachaint ar an dumpa agus tá spriocanna diana leagtha síos ag an AE dúinn don bhliain 2010 agus ina dhiaidh. Molann an straitéis don Chroífhoireann Coiscthe clár a fhorbairt ar sainaidhm dó an dramhaíl in-bhithmhillte a chosc. Chomh fada agus a ligeann ár gcuid acmhainní dúinn é, tá tionscadail uile an CNCD curtha in oiriúint don straitéis. Tá an fhaisnéis a

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Leathanach 14

Page 19: An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl An Tríú … Uasal, agus Deirdre Murphy, Uasal, ... Gerry Byrne BA (Mod), PhD, MBA. (Cathaoirleach, An Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl)

An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl, an Tríú Tuarascáil Bhliantúil 2006/2007

theastaíonn le feidhmíocht na straitéise a rianú curtha san áireamh sna próisis a úsáidtear le sonraí a bailiú le linn do na Tuarascálacha Náisiúnta ar an Dramhaíl a bheith á gcur le chéile. Ina theannta seo, faoin gceannteideal seo den tionscadal, déanfar taighde tréithrithe ar an dramhaíl i 2008 arís lena chinntiú go bhfuil an fhaisnéis is nua le fáil. Sa ghlaoch ar thograí i Staid a Dó den chlár "Údaráis Áitiúla", tugadh tús áite do thionscadail a bhain le cosc dramhaíola in-bhithmhillte. Tá faisnéis faoi mhúiríniú sa Chlár Píolótach "Teaghlaigh Ghlasa", agus sa Chlár "Scoileanna Glasa" atá ar bun cheana. Meastar gur féidir cuid mhór dramhaíola in-bhithmhillte a chosc nó a sheachaint ar an láithreán fuílligh ach an tionscadal "Ag Glasú Óstáin na hÉireann" - ar cuid den Tionscnamh "Gnó Glas" é - a fheidhmiú (chomh hard le 70% in-bhithmhillte). Ar an gcaoi chéanna, ach an leagan amach seo a leathnú chun earnáil an chúraim shláinte, ba cheart go bhféadfaí méid suntasach dramhaíola in-bhithmhillte a sheachaint ar an dumpa. Tabharfar aird faoi leith ar an gceist seo agus tionscadail eile á gcur i bhfeidhm, ina measc staidéir ar cháis agus saineolas faoi chosc dramhaíola a chur ar fáil ar láithreán an ghnó. Tá maoiniú tugtha ag an gClár "Taighde Comhshaoil agus Forbairt Teicneolaíochta agus Nuálaíochta" de chuid naGCC do "Chré" (eagras a chuireann an dea-chleachtas chun cinn sa mhúiríniú) le caighdeáin a fhorbairt do tháirgí múirín.

PICTIÚR 8

Is féidir múirín maith a úsáid in áit na móna mar mheán fáis do phlandaí

ar sin féin, ní féidir a bheith ag súil go n-oibreoidh na moltaí sa straitéis faoi chosc

Magus laghdú uathu féin agus is amhlaidh is práinní atá sé gnéithe eile a chur i bhfeidhm. I measc rudaí eile, níor mhór Grúpa Feidhmithe Straitéise a bhunú, úsáid fhorleathan a bhaint as an mbailiú scagtha agus an múiríniú tí nó tráchtála, deiseanna an mhargaidh a bheith á sainaithint ag an nGrúpa Forbartha Margaidh lena aghaidh seo.

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Leathanach 15

Page 20: An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl An Tríú … Uasal, agus Deirdre Murphy, Uasal, ... Gerry Byrne BA (Mod), PhD, MBA. (Cathaoirleach, An Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl)

An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl, an Tríú Tuarascáil Bhliantúil 2006/2007

Caomhnú Acmhainní Uisce agus Fuinnimh Ní féidir gan caomhnú an uisce agus an fhuinnimh a phlé agus cosc na dramhaíola faoi chaibidil. Cuid bhunúsach de theachtaireacht choiscthe ar bith na trí cheist seo. Níor mhór iad a nascadh le chéile nuair a bhíonn bearta feasachta á gcur i gcrích. Tá caomhnú an fhuinnimh i mbéal gach duine, anois agus na hastuithe carbóin agus an t-athrú aeráide ag déanamh imní don AE, don náisiún agus don saol mór. Tá sé ríthábhachtach freisin maidir le caomhnú an uisce. Acmhainn nádúrtha thar a bheith luachmhar é an t-uisce agus níor mhór caitheadh leis go hurramach. Ní foláir é a chaomhnú ar an iliomad ábhar, lena n-áirítear an bhithéagsúlacht, an t-oiriúnú a éilíonn athrú na haeráide agus, rud nach é is lú tábhacht é, méid na gceimiceán/an fhuinnimh a theastaíonn le huisce óil a bhailiú, a chóireáil, a chur ar stór agus a chur ar fáil. Is mó i gcónaí an phráinn atá leis an gceist ar leibhéal an AE, áit a moltar "Ordlathas Uisce" a thabharfadh tús áite don laghdú ar úsáid an uisce is nach n-iarrfadh soláthairtí nua uisce ach mar rogha an díogha. Níor mhór féachaint cé na polasaithe is féidir a chur i bhfeidhm i dtaca le héifeachtúlacht uisce, i dtaca leis an bprionsabal "is é an t-úsáideoir a íocann", le caighdeáin éifeachtúlacht uisce na dtrealamh agus le sonraíochtaí feidhmíochta uisce na bhfoirgneamh. Ceist bheo iad na hacmhainní uisce in Éirinn faoi láthair, mar gheall ar na fadhbanna a bhí ann le cáilíocht an uisce óil i nGaillimh, i gCluain Meala agus in áiteanna eile. Ina theannta sin, táthar ag iarraidh uisce a phíobú ón tSionainn leis an éileamh ar uisce atá ag géarú i gcónaí i Réigiún Thoir na hÉireann a shásamh. Táthar ag úsáid acmhainní nach beag go náisiúnta le caillteanais uisce chóireáilte sna líonraí soláthair a shainaithint agus a laghdú, ar bhonn an tSuirbhé Náisiúnta ar an Uisce a tugadh chun críche le déanaí. Is minice i gcónaí a chaitheann na húsáideoirí sa tráchtáil agus sa talmhaíocht íoc as an uisce a úsáideann siad, agus uaireanta áirithe, an cumas cóireála a chur in áireamh agus íoc as freisin (ach is den tábhacht é nach aon bhac feasta é seo ar an gcosc). Éileoidh na Rialacháin Tógála leithris dhésruthlaithe a shuiteáil ó 2008 amach. Forálann Acht nua Seirbhísí Uisce, inter alia, go bhfuil dualgas aireachais ann an fearas pluiméireachta a choinneáil saor ó ligean agus bronnann sé cumhachtaí nua ar na húdaráis áitiúla cur isteach nuair a bhíonn an caillteanas uisce iomarcach, píobáin ghairdín a thoirmeasc agus fíneálacha a ghearradh. Tá tionscadail phíolótacha ar siúl le bainistíocht tháirgeadh an uisce a chostáil agus an úsáid a laghdú sa teaghlach agus ar an bhfeirm. Tá an córas ceadúnaithe don tionsclaíocht "Rialú agus Cosc Comhtháite an Truaillithe" ag iarraidh úsáid an uisce a laghdú in earnálacha éagsúla. Tá suíomh gréasáin ag www.taptips.ie a thugann comhairle faoin dea-chleachtas i leith chaomhnú an uisce. Ní féidir gan cás a dhéanamh de chaomhnú an uisce agus an fhuinnimh nuair a bhíonn iniúchtaí coiscthe dramhaíola á gcur i gcrích. Mar sin, cuirfear na ceisteanna seo san áireamh san Uirlis Éifeachtúlachta Acmhainní atá á forbairt mar chuid den Tionscnamh "Gnó Glas". Cuirfear san áireamh freisin iad mar chuid dhílis den tionscadal "Ag Glasú Óstáin na hÉireann" agus de staidéar cáis ar bith eile atá á bheartú. Mar sin féin, an oiread agus is féidir, bainfear leas as na hacmhainní agus as an saineolas atá ag Fuinneamh Inbhuanaithe Éireann nuair a bhíonn réiteach ag teastáil ar fhadhbanna suntasacha caomhnaithe fuinnimh. Tá teagmháil straitéiseach déanta le príomhdhaoine na heagraíochta úd lena chinntiú go ndéanfar comhthagairtí idir na cláir. Maidir le caomhnú an uisce, d'éirigh le cuid de thionscadail "An Táirgeadh ag dul i nGlaine agus i bGlaise" de chuid ERTDI spáráil shuntasach a dhéanamh ar an uisce agus féachfar an ceart iad seo a chraobhscaoileadh go forleathan san earnáil áirithe. Nascfaidh an Chroífhoireann Coiscthe a cuid oibre go straitéiseach i gcónaí leis na príomhpháirtithe d'fhonn

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Leathanach 16

Page 21: An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl An Tríú … Uasal, agus Deirdre Murphy, Uasal, ... Gerry Byrne BA (Mod), PhD, MBA. (Cathaoirleach, An Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl)

An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl, an Tríú Tuarascáil Bhliantúil 2006/2007

caomhnú an uisce agus an fhuinnimh a chur chun cinn mar chuid dhílis den iarracht choiscthe dramhaíola.

PICTIÚR 9

Chuir an Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl fáilte roimh Katrijn Siebens, Uasal (OVAM - Oifig Coiscthe Dramhaíola - Flóndras) chun a chruinnithe (an tríú duine ó thaobh

na láimhe deise) Cumarsáid an Choiscthe Dramhaíola Maidir leis an iliomad tionscadal ar tugadh fúthu agus a bhfuil sonraí orthu sa tuarascáil seo, tá cumarsáid fhairsing ag teastáil le raon mór grúpaí daoine a chuireann an dea-chleachtas comhshaoil chun cinn. Ina theannta sin, tapaítear aon deis a bhíonn ann cumarsáid a dhéanamh faoin gclár leis an bpobal go forleathan, trí bhíthin eisiúintí preasa, mar shampla, nó léachtaí ag comhdhálacha, mar is cuí. Rinneadh léiriúchán ar CNCD ag searmanas bronnta duaiseanna Chumann Tráchtála Phort Láirge do ghnólachtaí a raibh caighdeáin chomhshaoil an Dragain Ghlais bainte amach acu. Coimisiúnaíodh an tsraith teilifíse "Eco-eye" arís agus forbraíodh ábhar oiriúnach craobhscaoilte mar mheán cumarsáide faoin gclár le pobal mór fairsing. Rinneadh athchóiriú iomlán ar rannán na dramhaíola de shuíomh gréasáin na GCC i 2005 sa chaoi is go bhfuil naisc leictreonacha go fairsing ann anois le faisnéis agus doiciméadúchán faoi gach gné de bhainistíocht na dramhaíola in Éirinn. Más doiciméid pholasaí é, nó pleananna dramhaíola réigiúnacha/náisiúnta, nó tuarascálacha bunachar sonraí, nó tionscnaimh faoi bhainistiú dramhaíola, tá gach sórt anois le fáil ann. Cuireadh rannán nua faoin gClár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl, agus an iliomad nasc leictreonach ann le faisnéis agus treoraíocht ar chosc na dramhaíola. Is éard atá i gceist sórt "ollmhargadh an eolais" a chur ar fáil, a ghníomhóidh mar Ionad Acmhainní Faisnéise ar an Dramhaíl do ghnólachtaí agus

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Leathanach 17

Page 22: An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl An Tríú … Uasal, agus Deirdre Murphy, Uasal, ... Gerry Byrne BA (Mod), PhD, MBA. (Cathaoirleach, An Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl)

An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl, an Tríú Tuarascáil Bhliantúil 2006/2007

don phobal i gcoitinne. Lainseáladh na leathanaigh ghréasáin an athuair i mBealtaine na bliana 2007 nuair a athleasaíodh príomh-shuíomh GCC. Is féidir iad a léamh anois ag seoladh nua: http://www.epa.ie/whatwedo/resource/.

4. Bainistíocht agus Cosc Dramhaíola Guaisí Tugadh ról ceannais don GCC agus don Chroífhoireann Coiscthe maidir le cosc agus bainistíocht na dramhaíola guaisí in Éirinn. Tá ceangal reachtúil ar an GCC Plean Náisiúnta Bainistíochta Dramhaíola Guaisí a ullmhú i dtaca le cosc/laghdú, athchúrsáil, bailiú/iompar agus diúscairt na dramhaíola guaisí. Tá mionsonraí thuas ar mar atá ag éirí leis an tionscadal HAZRED, ar sainaidhm dó an dramhaíl ghuaiseach a chosc i gnóthais bheaga agus mheánmhéide. Ina theannta sin, bíonn an fhoireann ag plé le forbairt, feidhmiú agus forfheidhmiú raon beart reachtúil a bhaineann leis an gcosc agus le feabhas a chur ar bhainistíocht réimse mhór substaintí agus táirgí dramhaíola a d'fhéadfadh a bheith guaiseach. D'fhéadfadh an obair ilchineálach seo méid suntasach dramhaíola guaisí a chosc ar réimse gníomhaíochtaí agus táirgí sceidealaithe. I measc na mbeart seo, tá feidhmiú nó forfheidhmiú na reachtaíochta a bhaineann le Truailleáin Orgánacha Dhianseasmhacha agus le Défheinilí Polaclóirínithe, na Rialacháin faoi Thuaslagóirí agus Phéinteanna Maisiúcháin, na dualgais a bhaineann le Substaintí Ídithe Ózóin agus Fuíollábhair Leictreacha agus Leictreonacha, Srian ar Shubstaintí Guaiseacha, ceallraí agus Rialacháin eile. Tugtar mionsonraí ar na gníomhaíochtaí tionscadail a bhaineann leis na Rialacháin seo sa tuarascáil ina dhiaidh seo. - An Plean Náisiúnta um Bainistíocht Dramhaíola Guaisí Foilsíodh an chéad Phlean Náisiúnta Bainistíochta Dramhaíola Guaisí i 2001 agus is é cosc na dramhaíola guaisí an bonn atá faoi na príomh-mholtaí ann. Déanann an Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl monatóireacht ar fheidhmiú an Phlean de réir Théarmaí Tagartha an Choiste, a chuireann de dhualgas air monatóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a gcuireann na húdaráis phoiblí moltaí an phlean i bhfeidhm (Féach Aguisín B). Go tráthrialta cuireann an Chroífhoireann Coiscthe tuarascálacha ar fhadhbanna a bhaineann le dramhaíl ghuaiseach faoi bhráid an choiste chun díospóireachta. De bhun an Achta um Bainistiú Dramhaíola, tá athcheartú á dhéanamh faoi láthair ar an bPlean um Bainistíocht Dramhaíola Guaisí i bhfianaise riachtanais Rialacháin an Mheasúnaithe Straitéisigh Chomhshaoil (MSC). Cuireadh tús leis an bpróiseas seo i 2005 agus tá Grúpa Stiúrtha, a chuimsíonn an chuid is mór de bhaill an Choiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl, ag déanamh maoirseachta ar an tionscadal. Táthar tar éis comhairliúchán poiblí tosaigh a chur i gcrích agus reáchtáladh roinnt cruinnithe den Ghrúpa Stiúrtha. Tá na sreabha dramhaíola guaisí á mbreithniú ina gceann agus ina gceann agus tá moltaí úra á bhforbairt le gur fearr is féidir gach dramhaíl dá leithéid a chosc, a bhailiú, a athchúrsáil nó a chóireáil, de réir mar is cuí. Táthar tar éis comhairle a ghlacadh freisin leis na húdaráis ábhartha i dTuaisceart Éireann le go mbeadh peirspictíocht uile-oileáin againn ar na ceisteanna seo.

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Leathanach 18

Page 23: An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl An Tríú … Uasal, agus Deirdre Murphy, Uasal, ... Gerry Byrne BA (Mod), PhD, MBA. (Cathaoirleach, An Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl)

An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl, an Tríú Tuarascáil Bhliantúil 2006/2007

PICTIÚR 10

Cruinniú den ghrúpa idirnáisiúnta athbhreithnithe ar phleanáil dramhaíola guaisí Foilsíodh an dréachtphlean, in éineacht le Tuarascáil Comhshaoil an MSC, i Samhain na bliana 2007. Tar éis comhairliúcháin phoiblí iomláin, foilseofar an plean deiridh agus Ráiteas ón MSC in éineacht leis. Seoladh Trasteorann (ST) Allmhairí Dramhaíola Tá Rialacháin nua faoi Sheoladh Trasteorann Allmhairí Dramhaíola tar éis an fhreagracht as na ceisteanna seo a chur ar Chomhairle Chathair Bhaile Átha Cliath ó Iúil 2007 amach. Go dtí seo, bhí an Chroífhoireann Coiscthe freagrach as forfheidhmiú na Rialachán a bhaineann le dramhaíl sceidealaithe a bhí á hiompórtáil go hÉirinn agus ag trasdul trí Éirinn agus bhí na húdaráis áitiúla go léir freagrach as an dramhaíl sceidealaithe a bhí á heaspórtáil as an Stát. Tá an fhoireann freagrach fós as forbairt na sonraí uile do thuarascálacha ST lena gcur faoi bhráid Choimisiún an AE mar chuid den tionscadal Tuarascáil Náisiúnta ar an Dramhaíl. Tá obair nach beag déanta ag an bhfoireann le bliain anuas maidir le hallmhairiú dramhaíola sceidealaithe a rialáil. Déileáladh lena lán fiosruithe faoi Sheoladh Trasteorann dramhaíola iompórtála a bhain le dramh-olaí a bhí le haisghabháil agus trasnáin iarnróid le hathúsáid. Rinneadh fiosruithe forfheidhmiúcháin in éineacht leis an Roinn Talmhaíochta, agus soláthraíodh fógraí don Údarás Sláinte agus Sábháilteachta de réir mar ba ghá. Leanfar den bhainistíocht ar cheadúnais iompórtála a eisíodh roimh na hathruithe, go dtí go dtéann siad in éag. Tá taca á thabhairt do Chomhairle Chathair Bhaile Átha Cliath agus í ag dul i mbun a róil nua maidir leis an Seoladh Trasteorann.

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Leathanach 19

Page 24: An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl An Tríú … Uasal, agus Deirdre Murphy, Uasal, ... Gerry Byrne BA (Mod), PhD, MBA. (Cathaoirleach, An Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl)

An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl, an Tríú Tuarascáil Bhliantúil 2006/2007

Feidhmiú na Rialachán faoi Dhéfheinilí Polaiclóirínithe agus faoi Thruailleáin Orgánacha Dianseasmhacha D'fhoilsigh an GCC Plean Bainistíochta do Dhéfheinilí Polaiclóirínithe sa bhliain 2002 de réir na Rialachán a chuireann Treoir 96/59/CE i bhfeidhm. Thug an plean cuntas ar staid na Défheinile Polaiclóirínithe in Éirinn, sholáthair sé treoir theicniúil agus mhínigh go hachomair na dualgais a leagtar ar shealbhóirí na n-ábhar sin fógra a chur chuig an GCC. Tá an plean agus foirm fógra le fáil ar shuíomh gréasáin na GCC. Tá conraitheoir ceaptha anois le hiarrachtaí eile a spreagadh i measc sealbhóirí Dhéfheinile Polaiclóirínithe cloí leis na riachtanais. Éilíonn an Rialachán faoi Thruailleáin Orgánacha Dianseasmhacha go gcuirfear raon beart i gcrích i dtaca le rialáil an táirgthe, leis an gcur ar an margadh, leis an úsáid, leis an stoc-charnadh, le laghdú an scaoilte agus le bainistíocht na dramhaíola. Tá rialacháin náisiúnta á n-ullmhú a ainmníonn an GCC ina hÚdarás Inniúil maidir le Truailleáin Orgánacha Dianseasmhacha. Chuathas i gcomhar go forleathan le húdaráis eile atá freagrach as an ábhar seo, lena n-áirítear an Roinn Talmhaíochta (Seirbhís Rialála Lotnaidicídí), an tÚdarás Sábháilteachta agus Sláinte, (Rialacháin ceimiceán REACH), Bord Leigheasra na hÉireann, agus páirtithe eile. Tabharfaidh GCC tús áite d'fhardail ar an aer, ar an uisce agus ar an talamh. Déanfar athbhreithniú i gcónaí ar cheadúnais IPPC i leith Truailleán Orgánach Dianseasmhach. Mar is gnách léi, foilseoidh an GCC sonraí monatóireachta ar na dé-ocsainí, na furáin agus na Dhéfheinilí Polaiclóirínithe atá sa chomhshaol. Tá Plean Náisiúnta Feidhmithe, a chuimsíonn Plean Gníomhaíochta d'fhonn scaoileadh substaintí a shainaithint, a thréithriú agus a laghdú an oiread agus is féidir, á fhorbairt agus cuirfear amach chun comhairliúcháin phoiblí iomláin é i 2008.

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Leathanach 20

Page 25: An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl An Tríú … Uasal, agus Deirdre Murphy, Uasal, ... Gerry Byrne BA (Mod), PhD, MBA. (Cathaoirleach, An Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl)

An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl, an Tríú Tuarascáil Bhliantúil 2006/2007

5. Géilliúlacht Táirgí agus Gníomhaíochtaí Sceidealaithe

Srian ar Shubstaintí Guaiseacha: Forfheidhmiú Géilliúlachta Táirgí Tháinig an Treoir "Srian ar Shubstaintí Guaiseacha" i bhfeidhm ar 1 Iúil 2006, agus tá sí ceaptha srian a chur ar úsáid substaintí díobhálacha i ndéantús trealaimh leictrigh agus leictreonaigh. Is é an cuspóir atá ag an Treoir Mhargaidh Aonair seo sláinte na ndaoine a chosaint agus cur ar a gcumas Fuíollábhair Leictreacha & Leictreonacha a dhiúscairt gan dochar a dhéanamh don chomhshaol. I measc na substaintí atá arna rialú, tá an luaidhe, an mearcair, an caidmiam, an cróimiam heicsifhiúsach agus ceimiceáin lasairmhoillitheacha. Toirmisceann na Rialacháin táirgí a chur ar an margadh nó a dháileadh ina bhfuil níos mó de na substaintí seo ná an leibhéal a leagtar síos. Go praiticiúil, leagann sé seo critéir reachtúla éicidhearaidh ar na páirtithe i slabhra soláthair agus i margadh na nÁbhar Leictreach & Leictreonach. Caithfidh na táirgeoirí taifid deimhnithe géilliúlachta nó tástála aon chompháirte a úsáideadh sa táirgeadh a choinneáil lena dheimhniú go bhfuil na riachtanais seo á gcomhlíonadh. Is í GCC an t-aon ghníomhaireacht forfheidhmithe do SSG agus bronnadh cumhachtaí fairsinge uirthi fiosrú agus tástáil a dhéanamh agus, más gá, orduithe a thabhairt táirgí toirmiscthe a tharraingt siar/a aisghairm ón margadh. Baineann treoraíocht Choimisiún an AE faoi fheidhmiú na dTreoracha Margaidh Aonair le forfheidhmiú na Treorach SSG. Ar an gCroífhoireann Coiscthe a leagadh an cúram SSG a fhorfheidhmiú in Éirinn. Tá straitéis á cur i bhfeidhm a chuimsíonn soláthar faisnéise, fiosrú ar ghearáin, meastóireacht ar sháruithe rialach a deirtear a rinne na táirgeoirí agus sampláil/tástáil na dtáirgí atá ar an margadh. Tá idirchaidreamh le comhghleacaithe an AE ar bun tríd an nGrúpa Forfheidhmithe SSG. Bíonn cúram faire á chomhlíonadh freisin, féachaint cé na deiseanna atá ann an t-éicidhearadh a spreagadh agus a chur chun cinn mar chuid den obair seo. Rialachán faoi Phéinteanna Maisiúcháin: Forfheidhmiú Géilliúlachta Táirgí Tá Treoir Mhargaidh Aonair eile curtha i bhfeidhm in Éirinn ag na Rialacháin faoi Phéinteanna Maisiúcháin. Leagtar teorainneacha síos don mhéad tuaslagóra a cheadaítear i bpéinteanna sna hearnálacha tí, gairme, agus athchríochnaithe feithiclí. Baineann treoraíocht Choimisiún an AE faoi fheidhmiú na dTreoracha Margaidh Aonair le forfheidhmiú na riachtanas a bhaineann le péinteanna maisiúcháin. Is í an GCC a ceapadh mar údarás inniúil maidir leis na Rialacháin seo. Tá straitéis feidhmithe ar siúl faoi láthair agus tá faisnéis iniúchta á réiteach le haghaidh cheistneoirí an AE. Forfheidhmiú Rialachán na Substaintí Ídithe Ózóin Is tionscnamh idirnáisiúnta é Prótacal Montréal faoi Shubstaintí a Ídíonn Ciseal an Ózóin (1989), arb aidhm dó an ciseal ózóin strataisféarach a chosaint ar an dochar a dhéanann ceimiceáin antrapaigineacha áirithe. Cosnaíonn an ciseal ózóin an Chruinne ar ghathaíocht dhíobhálach ultraivialait na Gréine. Is páirtithe iad an Comhphobal Eorpacha agus gach Ballstát de sa Phrótacal seo. Is aidhm dó táirgeadh, allmhairiú/onnmhairiú, margú, úsáid, aisghabháil, athchúrsáil, athghabháil agus scriosadh substaintí ar leith a rialú a d'fhéadfadh an t-ózón a ídiú. Tá substaintí den sórt seo in úsáid go teoranta in earnálacha éagsúla mar chuisniú agus aerchóiriú

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Leathanach 21

Page 26: An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl An Tríú … Uasal, agus Deirdre Murphy, Uasal, ... Gerry Byrne BA (Mod), PhD, MBA. (Cathaoirleach, An Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl)

An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl, an Tríú Tuarascáil Bhliantúil 2006/2007

(CFCanna agus HCFCanna), toitriú agus rialáil lotnaidí (bróimíd meitile), cosc agus díobhadh dóiteáin (halóin) agus an earnáil chógaseolaíoch (tuaslagóirí ídithe ózóin). Leagann na Rialacháin freagrachtaí, íosriachtanais cháilíochta agus dualgais tuairiscithe síos i leith na SÍÓ. Toisc nach dtáirgtear substaintí ídithe ózóin in Éirinn, díríonn feidhmiú agus forfheidhmiú an Rialacháin abhus go príomha ar rialú na húsáide agus ar bhainistíocht cheart dramhaíola SÍÓ. Baineann an rialachán iompórtála agus easpórtála le hiompórtáil agus easpórtáil ó/go tíortha nach baill den AE iad. Freastalaíodh ar chruinnithe ar an leibhéal Eorpach den Choiste Bainistíochta SÍÓ agus den Choiste Saineolaithe Náisiúnta. Caomhnaíodh an t-idirchaidreamh leis an Roinn Talmhaíochta agus Bia (Rialáil Lotnaidí, Seirbhísí Foraoise, Cosaint Plandaí), leis an Stiúrthóireacht um Shábháilteacht Mhuirí, leis an Aerchór agus le rannán Custam na gCoimisinéirí Ioncaim, mar eagraíochtaí atá freagrach as saintascanna a bhaineann le SÍÓ. Rinneadh suirbhéanna ceistneora agus cuairteanna suímh ar eagraíochtaí earnála ábhartha (lena n-áirítear comhlachtaí ionadaíochta earnála) chun an fheasacht a spreagadh, sonraí a bhailiú do thuarascálacha agus a áirithiú go bhfuiltear ag géilleadh do riachtanais an Rialacháin. Rinneadh léiriúcháin ag roinnt seimineár earnála d'fhonn an fheasacht a spreagadh agus béim a leagan ar shaincheisteanna géilliúlachta, ar nós gluaiseachtaí dramhaíola SÍÓ. Cuireadh nótaí treorach earnála ar fáil go forleathan chun leasa na n-oibreoirí ar bhain an reachtaíocht SÍÓ leo. Chuathas i dteagmháil le comhlachtaí oideachasúla lena chinntiú go bhfuil oiliúint oiriúnach ar fáil. Cuireadh gach aon tuarascáil a bhain le SÍÓ ar fáil don AE in am trátha. Fdo Ghníomhaíochtaí Sceidealaithe

eidhmiú na Rialachán faoi Thuaslagóirí agus Phéinteanna Maisiúcháin

éard is aidhm don Treoir ar Thuaslagóirí dramhaíl ghuaiseach a chosc thar réimse

ean an Chroífhoireann Coiscthe den obair ar bhonn a chur faoin dá scéim CIC seo.

Isearnálacha tionsclaíocha. In Éirinn is í an GCC a rialaíonn saoráidí móra a úsáideann tuaslagóirí faoi réimeas ceadúnaithe an Choisc agus na Rialála Comhtháite ar Thruailliú. Cuireann na Rialacháin de cheangal ar oibreoirí gnóthas beag agus meánmhéide clárú lena n-údarás áitiúil, taifid mhionsonraithe ar úsáid/laghdú na dtuaslagóirí a choinneáil agus a gcuid oibriúchán a chur faoi scrúdú go bliantúil ó Dheireadh Fómhair 2007 amach. Conraitheoirí Iniúchta Creidiúnaithe (CIC), atá cláraithe ag Bord Creidiúnaithe Náisiúnta na hÉireann de réir Chaighdeán ISO 17020 na gComhlachtaí Idirnáisiúnta Iniúchta, a dhéanfaidh na scrúduithe seo. Ar an gcaoi chéanna, éilíonn na Rialacháin nua faoi Phéinteanna Maisiúcháin go gcláróidh Athchríochnóirí Feithiclí lena n-údarás áitiúil tar éis do Chonraitheoirí Iniúchta Creidiúnaithe iniúchadh dearfa a dhéanamh orthu faoi 1 Márta 2008. Ach na Rialacháin faoi Thuaslagóirí agus Phéinteanna Maisiúcháin a fheidhmiú, is fearr a riálálfar réimse fearas a ghineann méid suntasach dramhaíola guaisí próiseála faoi láthair. LGo trásta, tá trí eagraíocht creidiúnaithe ag Bord Creidiúnaithe Náisiúnta na hÉireann mar Chonraitheoirí Iniúchta agus tá siad i mbun oibre. Tá treoracha nua, a chuirfear i láthair ag ceardlann chomhairliúcháin, á réiteach d'Athchríochnóirí Feithiclí. Tá tionscadal taighde ar siúl arb aidhm dó dualgais nua na nAthchríochnóirí Feithiclí a shainaithint agus a chur go díreach faoina mbráid. Tá na doiciméid treoraíochta tosaigh uile faoi Thuaslagóirí á n-athbhreithniú i bhfianaise na Rialachán nua ar Phéinteanna Maisiúcháin. Tar éis do na spriocdhátaí a bheith caite, caithfidh na

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Leathanach 22

Page 27: An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl An Tríú … Uasal, agus Deirdre Murphy, Uasal, ... Gerry Byrne BA (Mod), PhD, MBA. (Cathaoirleach, An Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl)

An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl, an Tríú Tuarascáil Bhliantúil 2006/2007

húdaráis áitiúla na hoibleagáidí a fhorfheidhmiú ar aon oibreoir nach bhfuil géilliúil. Tionóladh seisiún faisnéisithe faoi na riachtanais seo leis na húdaráis áitiúla uile trí Líonra Forfheidhmithe Comhshaoil na Oifige um Fhorfheidhmiúchán Comhshaoil. Tá Grúpa Oibre, a chuimsíonn na rialaitheoirí, i mbun treoraíochta do na húdaráis áitiúla.

á go leor GBM ann a bhféadfadh na Rialacháin faoi Thuaslagóirí agus Phéinteanna

An tUas. John Gormley (TD), Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, agus é ag

6. Tionscnaimh Freagrachta Táirgeoirí

TMaisiúcháin dul i bhfeidhm orthu (b'fhéidir chomh hard le 2,000). Is féidir laghdú suntasach a dhéanamh ar an dramhaíl ghuaiseach a thagann de bharr tuaslagóirí. Ba cheart gurbh fhearr a bhainisteofaí aon dramhaíl ghuaiseach de bharr na scéimeanna CIC seo.

PICTIÚR 11

bronnadh Dhuais Repak 2007 don Dea-Chleachtas ar na buaiteoirí, Alcan Packaging Ltd

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Leathanach 23

Page 28: An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl An Tríú … Uasal, agus Deirdre Murphy, Uasal, ... Gerry Byrne BA (Mod), PhD, MBA. (Cathaoirleach, An Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl)

An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl, an Tríú Tuarascáil Bhliantúil 2006/2007

onstraimí eacnamúla iad na Tionscnaimh Fhreagrachta TI

cáirgeora a chuireann de

fhoireann Coiscthe ionchur agus tacaíocht d'fhorbairt agus

na Rialachán Fuíollábhar Leictreach agus Leictreonach

gus

irítear an

heangal ar na táirgeoirí (idir dhéantúsóirí agus allmhaireoirí táirgí) a bheith freagrach i gcónaí as bainistíocht a gcuid táirgí fiú amháin nuair a théann siad i vásta. Ní mór do na táirgeoirí tionchar a gcuid táirgí ar an gcomhshaol a chur san áireamh ag staid an deartha, na húsáide agus ag deireadh a ré. Éilíonn Téarmaí Tagartha an Choiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl (Aguisín B) go ndéanfaidh sé monatóireacht ar thionscnaimh a bhaineann le freagracht na dtáirgeoirí sna hearnálacha faoi leith. Soláthraíonn an Chroíd'fhorfheidhmiú réimse Tionscnamh Freagrachta Táirgeoirí i gcomhar le páirtithe leasmhara eile, trí bhíthin na rannpháirtíochta i gcruinnithe an Ghrúpa Idirchaidrimh Fhreagrachta Táirgeorí, an Ghrúpa Monatóireachta um Fuíollábhair Leictreacha agus Leictreonacha (FLL), an Ghrúpa Oibre Ceallraí, Chumann Cláir FLL, an Ghrúpa Straitéise Náisiúnta um Athchúrsáil na Dramhaíola Pacáistíochta, na Comhairle Náisiúnta Dramhaíola Foirgníochta & Scartála agus an Ghrúpa Forbartha Margaidh.

o háirithe, soláthraítear faisnéis, mar chuid de na Tuarascálacha Náisiúnta ar an GDramhaíl, faoin méid atá fós le déanamh sula n-aisghabhtar na sreabha dramhaíola de réir sprice. Ar na sonraí a forbraíodh do na tuarascálacha seo freisin a bhunaítear na figiúirí oifigiúla a chuirtear chuig Coimisiún an AE faoi gach Treoir. Aon uair is féidir, forbraítear na gnéithe coiscthe sna Tionscnaimh Fhreagrachta Táirgeora, eg Athúsáid FLL, éicidhearadh Ábhar LL, cosc pacáistíochta etc. Tá breac-chuntas anseo thíos ar an obair atá déanta ag an bhfoireann ar na Tionscnaimh Fhreagrachta Táirgeora seo. Forfheidhmiú

tháinig na Rialacháin FLL i bhfeidhm ar an 13 Lúnasa 2005, tá cigirí aÓconraitheoirí na GCC i mbun iniúchtaí randamacha gan fógra ar mhiondíoltóirí trealaimh leictrigh agus leictreonaigh. Tá iarrachtaí suntasacha á ndéanamh freisin le táirgeoirí neamhchláraithe nár mhór dóibh clárú, nó "paraisítí", a shainaithint. Baineann na Rialacháin FLL freisin le táirgeoirí/dáileoirí a sholáthraíonn trealamh leictreach/leictreonach trí mheán na cianchumarsáide (suímh ghréasáin, catalóga postdíola, teilidhíolacháin srl.), agus tá iniúchtaí ar siúl ar oibríochtaí den sórt. Gníomhaítear de bhun gach gearáin a fhaightear, cuma cé uaidh, mar chuid den iarracht fhaireachais. Tá comhfhreagras fairsing leanúnach ar siúl le miondíoltóirí agus táirgeoirí, á gcur ar an eolas i leith a n-oibleagáidí faoi na Rialacháin. Bíonn an fhoireann ag obair go dlúth i gcónaí le comhlachtaí eile, lena n-áGhníomhaireacht Náisiúnta Tomhaltóirí, Údarás Chaighdeáin Fógraíochta na hÉireann, an Coimisiún um Ghearáin Chraolacháin, Comhlacht Cláir FLL Teo, (an comhlacht náisiúnta cláraithe táirgeoirí) agus na Coimisinéirí Ioncaim. Tá siad seo uile ag cur a gcuid saineolais chun leasa maidir le fadhbanna a bhaineann le clárú/iniúchadh díoltóirí eachtrannacha agus ciandíoltóirí ábhar leictreach/leictreonach.

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Leathanach 24

Page 29: An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl An Tríú … Uasal, agus Deirdre Murphy, Uasal, ... Gerry Byrne BA (Mod), PhD, MBA. (Cathaoirleach, An Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl)

An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl, an Tríú Tuarascáil Bhliantúil 2006/2007

PICTIÚR 12

FLL tar éis a bhailithe agus réidh chun próiseála agus scagtha ábhar

e réir na Rialachán FLL, tá húdaráis áitiúla freagrach freisin as forfheidhmiú go leor

á toradh thar a bheith suntasach ar na Rialacháin FLL agus lear mór dramhaíola dá

thchúrsáil Dramhaíola Pacáistíochta

á na húdaráis áitiúla freagrach as forfheidhmiú na Rialachán Pacáistíochta sna

eastar, de bharr na Rialachán Nua i 2007, gurb iomaí gnólacht eile a thabharfar

é go bhfuil sé tábhachtach leanúint den iarracht na spriocanna athchúrsála

Doibleagáidí miondíoltóra. Tá Grúpa Oibre FLL eagraithe ag an bhfoireann le treoraíocht a fhorbairt do na húdaráis áitiúla go léir. Baineadh leas as Líonra Forfheidhmithe Comhshaoil Oifig um Fhorfheidhmiúchán Comhshaoil na GCC le cruinniú Líonra ar FLL a óstáil, a raibh húdaráis áitiúla uile páirteach ann, i Márta 2007. Tleithéid bailithe chun athchúrsála. Tá comhairliúchán na bpáirtithe leasmhara ar siúl faoi láthair le teacht ar bhealaigh ina bhféadfaí FLL a athúsáid in Éirinn, rud ar thionscnamh tábhachtach coiscthe a bheadh ann. A Tlimistéir ina bhfuil siad inniúil, go háirithe maidir le comhlachtaí tráchtála atá ag iarraidh a bheith géilliúil. Toirmisceann Riachtanais Bhunúsacha na Pacáistíochta substaintí guaiseacha ar leith. Tugann Oifig Forfheidhmiúcháin Chomhshaoil na GCC cúnamh ceannasaíochta do na húdaráis áitiúla tríd an Líonra Forfheidhmiúcháin Chomhshaoil, d'fhonn an ghéilliúlacht do na Rialacháin Phacáistíochta a fheabhsú. Tá an Chroífhoireann Coiscthe freagrach as ráta athchúrsáil na pacáistíochta a fhíorú gach bliain mar chuid de thionscadal na Tuarascála Náisiúnta ar an Dramhaíl. Misteach i gcatagóir na dtáirgeoirí faoi iallach, nuair a laghdófar coincheap an de minimis ó 25 thona anuas go 10 dtona pacáistíochta á gcur ar an margadh. Tá tionscnamh curtha ar bun ag an bhfoireann d'fhonn na táirgeoirí go léir a bhfuil an t-iallach tar éis teacht orthu a chur ar an eolas faoi na riachtanais agus cabhrú leis na húdaráis áitiúla ina gcuid iarrachtaí forfheidhmiúcháin. Creachtúla seo a bhaint amach, iad siúd atá leagtha amach anois don bhliain 2011 ina

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Leathanach 25

Page 30: An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl An Tríú … Uasal, agus Deirdre Murphy, Uasal, ... Gerry Byrne BA (Mod), PhD, MBA. (Cathaoirleach, An Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl)

An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl, an Tríú Tuarascáil Bhliantúil 2006/2007

measc (60%), is mó i gcónaí an aird atáthar a thabhairt ar Chosc na Pacáistíochta, mar a míníodh roimhe seo sa tuarascáil seo. Tionscnaimh Freagrachta Táirgeoirí eile De réir na Rialachán faoi Fheithiclí i nDeireadh a Ré, caithfidh táirgeoirí nó sealbhóirí brandaí feithiclí líonra náisiúnta Saoráidí Cóireála Údaraithe a chur ar bun. Caithfidh na saoráidí seo sainchaighdeáin chomhshaoil a chomhlíonadh agus díthruailliú, cóireáil agus aisghabháil a chur ar fáil d'fheithiclí atá i ndeireadh a saolré fónta. Ina theannta sin, tá oibleagáidí maidir le héicidhearadh ar tháirgeoirí, lena n-áirítear an dualgas a chinntiú nach bhfuil aon luaidhe ná mearcair ná cróimiam heicsifhiúsach in ábhair ná i gcomhpáirteanna na feithicle. Tá na húdaráis áitiúla freagrach as forfheidhmiú na Rialachán seo sna limistéir ina bhfuil siad inniúil, agus is í an GCC atá freagrach as na sonraí a bhailiú. Bíonn an Chroífhoireann Coiscthe ag obair i gcomhar leis na páirtithe sna hearnálacha éagsúla féachaint cé mar is fearr is féidir sonraí athchúrsála a chnuasach. Táthar ag meastóireacht an bhfuil riachtanas ann trialacha tréithrithe dramhaíola agus stialltóirí a dhéanamh lena aghaidh seo.

PICTIÚR 13

Athgnóthaítear ábhair luachmhara ó FLL a athúsáidfear mar amhábhair Foilsíodh rialacháin faoi bhoinn rotha ídithe i 2007 ar mhaithe leis an mbainistíocht fhónta, ó thaobh an chomhshaoil de, sa tsreabh dramhaíola seo. Comhordóidh an fhoireann an fhaisnéis ar na cainníochtaí, mar chuid de thionscadal na Tuarascála Náisiúnta ar an Dramhaíl. Bunaíodh Grúpa Oibre Ceallraí laistigh den Ghrúpa Monatóireachta FLL a bhfuil faoi go mbeadh na páirtithe leasmhara uile páirteach i bhforbairt scéime náisiúnta chun riachtanais na Treorach faoi Cheallraí a chur i bhfeidhm faoi Mheán Fómhair 2008. I measc na riachtanas tá córais mhaoinithe le gur féidir spriocmhéideanna ceallraí ídithe a bhailiú (mar a dhéantar le FLL) agus na cainníochtaí de shainsubstaintí guaiseacha a shrianadh (mar a dhéantar le SSG).

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Leathanach 26

Page 31: An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl An Tríú … Uasal, agus Deirdre Murphy, Uasal, ... Gerry Byrne BA (Mod), PhD, MBA. (Cathaoirleach, An Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl)

An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl, an Tríú Tuarascáil Bhliantúil 2006/2007

7. Clabhsúr Tugann an tuarascáil seo cuntas ar réimse leathan tionscadal atá á bhforbairt ag an gCroífhoireann Coiscthe le gur fearr a bheifear in ann an dramhaíl a chosc in eagraíochtaí príobháideacha agus poiblí, agus i measc an phobail i gcoitinne. Tá sé i gceist na tionscnaimh a leathnú ar an leibhéal náisiúnta de réir mar a thugtar na céimeanna píolótacha chun críche agus mar a chuirtear meicníochtaí cuí, maoiniú agus acmhainní daonna ina measc, ar fáil lena aghaidh seo. Leanfaidh na tionscadail den tuairisciú ar na ceachtanna a foghlaimíodh agus cinnteoidh siad go gcuirfear san áireamh iad ar fud an chláir ina iomláine. De bharr teagmhálacha a rinneadh le déanaí, tá idéanna úrnua ar fáil do thionscadail nua sna blianta romhainn. Mar shampla, tá BRE Ireland ag bunú Ionaid Luathaithe Fiontraíochta in Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh leis an inbhuaine agus an nuálaíocht a chur chun cinn sa timpeallacht thógtha. Féachfar cé mar is féidir cur le chéile d'fhonn an dramhaíl tógála a chosc agus na hacmhainní a chaomhnú mar thoradh ar an dearadh. Baineann sé seo le gach staid de shaolré na timpeallachta tógtha, ón tógáil féin, go dtí an úsáid, an t-athchóiriú agus an scartáil. Ar an gcaoi chéanna, tá Clár Siombóise Tionsclaíoch Náisiúnta á chur i bhfeidhm sa Ríocht Aontaithe a sholáthraíonn naisc idir cuideachtaí d'fhonn réitigh inbhuanaithe a fháil do ghnólachtaí ar fhadhbanna bainistíochta acmhainní. Féachfar an féidir clár dá leithéid a chur ar bun feasta anseo, ar bhonn uile-oileáin b'fhéidir.

PICTIÚR 14

Éiceathógáil san Ísealtír

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Leathanach 27

Page 32: An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl An Tríú … Uasal, agus Deirdre Murphy, Uasal, ... Gerry Byrne BA (Mod), PhD, MBA. (Cathaoirleach, An Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl)

An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl, an Tríú Tuarascáil Bhliantúil 2006/2007

Gníomhaíocht straitéiseach thábhachtach d'Éirinn i gcónaí atá sa chosc ar dhramhaíl, le gur féidir fás inbhuanaithe iomaíoch a chinntiú amach anseo. Sna blianta atá romhainn, meastar go dtiocfaidh torthaí tábhachtacha ar na tionscadail choiscthe dramhaíola nua a bhfuil tuairisc orthu anseo, in éineacht le tionscnaimh bhainistíochta dramhaíola náisiúnta eile. Níor mhór na hacmhainní cuí a bheith le fáil lena aghaidh seo agus chaithfeadh na páirtithe leasmhara na dúshláin a fhreagairt. Níor mhór na tionscnaimh thaiscéalaíocha atá ar siúl anois a ghéarú cuid mhaith sula bhfeicfí aon toradh ar na figiúirí náisiúnta a bhaineann le giniúint dramhaíola. Leanfaidh an Chroífhoireann Coiscthe dá cuid oibre le gach páirtí leasmhar d'fhonn cultúr coiscthe dramhaíola a chur chun cinn in Éirinn. Ach na hacmhainní cuí a bheith le fáil agus na páirtithe leasmhara páirt a ghlacadh le fonn, cinnteoidh an Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl atá ar siúl agus á fhorbairt agus a bhfuil tuairisc air sa tuarascáil seo, go ndéanfaidh Éire forás maith i dtaca leis seo.

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Leathanach 28

Page 33: An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl An Tríú … Uasal, agus Deirdre Murphy, Uasal, ... Gerry Byrne BA (Mod), PhD, MBA. (Cathaoirleach, An Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl)

An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl, an Tríú Tuarascáil Bhliantúil 2006/2007

Aguisín A Ionadaithe Choiste an Chláir Náisiúnta um Chosc ar

Dhramhaíl

Ionadaí Eagraíocht An Dr. Gerry Byrne, Cathaoirleach An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil

An tUas. Pat Macken / Jean Clarke, Uasal An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil An tUas. Dale Crammond An Roinn Talmhaíochta agus Bia Margo Monaghan, Uasal An Roinn Fiontar, Trádála & Fostaíochta Iarratas déanta ar ainmniúchán Cumann na mBainisteoirí Cathrach agus Contae An tUas. Donal Buckley Cónaidhm Ghnólachtaí agus Fhostóirí na hÉireann An tUas. Brendan Keane Cumann Bainistíochta Dramhaíola na hÉireann An Dr. Duncan Martin Institiúid Cairte na Bainistíochta Dramhaíola Marion Byron, Uasal Cumann Déantúsóirí Cógaseolaíochta agus Ceimiceán na

hÉireann An tUas. Des Cummins Comhlachas na nGnólachtaí Beaga An Dr. John Ryan Gnóthais Bheaga agus Mheánmhéide na hÉireann An tUas. Tom Dunne/An tUas Thomas Ryan Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann An tUas. Fred McDarby Fiontraíocht Éireann Iarratas déanta ar ainmniúchán Comhar An tUas. Noel Duffy/An tUas.Tadhg Coakley Ionad na Teicneolaíochta Glaine An tUas. Frank Corcoran Eagraíochtaí Neamhrialtasacha Comhshaoil An tUas. Paul Javens Comhlachas Chumainn Tráchtála na hÉireann An tUas. Conor Creedon Comhlachas Soláthróirí Bainne na hÉireann

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Leathanach 29

Page 34: An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl An Tríú … Uasal, agus Deirdre Murphy, Uasal, ... Gerry Byrne BA (Mod), PhD, MBA. (Cathaoirleach, An Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl)

An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl, an Tríú Tuarascáil Bhliantúil 2006/2007

Aguisín B Téarmaí Tagartha an Choiste

An Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl TÉARMAÍ TAGARTHA

• Monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairt agus ar fhorfheidhmiú an Chláir Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl;

• Monatóireacht a dhéanamh ar an bhforfheidhmiú a dhéanann na húdaráis phoiblí ábhartha ar mholtaí an Phlean Náisiúnta um Bainistíocht Dramhaíola Guaisí;

• Treoir straitéiseach agus comhairle a thabhairt don Chroífhoireann Coiscthe faoi mar is féidir an Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl a fhorbairt agus a chur chun cinn;

• Ionchur a sholáthar don Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil chun críche ailt 26(6) den Acht um Bainistiú Dramhaíola 1996;

• Bearta tosaíochtaí a aithint agus moltaí a dhéanamh leis na húdaráis phoiblí agus leis na comhlachtaí príobháideacha ábhartha;

• Moltaí a bhreithniú agus a dhéanamh leis an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil maidir le tionscnaimh bheartais agus reachtaíochta chuí;

• Aird a thabhairt ar an bpolasaí agus an reachtaíocht náisiúnta, Eorpach agus idirnáisiúnta agus ar an dea-chleachtas maidir le cosc na dramhaíola agus bainistíocht na dramhaíola guaisí;

• An comhordú agus an t-idirchaidreamh idir na comhlachtaí ábhartha, idir phoiblí agus phríobháideacha, a éascú, a neartú agus a chur chun cinn maidir leis an gClár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl agus le Plean Náisiúnta Bainistíochta na Dramhaíola Guaisí;

• Moltaí a bhreithniú agus a dhéanamh leis na comhlachtaí ábhartha maidir leis na riachtanais a bhaineann leis an bhfeasacht phoiblí fá dtaobh den dramhaíl ghuaiseach agus den chosc ar dhramhaíl;

• Monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar thaighde agus ar shonraí úra faoin gcosc ar dhramhaíl, faoi threochtaí i ngineadh na dramhaíola guaisí agus neamhghuaisí agus faoi na cleachtais i mbainistíocht na dramhaíola;

• Moltaí a bhreithniú agus a dhéanamh don Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil agus don Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil faoi thosaíochtaí taighde;

• Monatóireacht a dhéanamh ar fhorás na dtionscnamh earnála fá dtaobh de fhreagracht na dtáirgeoirí;

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Leathanach 30

Page 35: An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl An Tríú … Uasal, agus Deirdre Murphy, Uasal, ... Gerry Byrne BA (Mod), PhD, MBA. (Cathaoirleach, An Coiste Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl)

An Clár Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl, an Tríú Tuarascáil Bhliantúil 2006/2007

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Leathanach 31

• Faisnéis a chraobhscaoileadh faoin dea-chleachtas i gcosc na dramhaíola agus i mbainistíocht na dramhaíola guaisí;

• Moltaí a bhreithniú agus a dhéanamh do na comhlachtaí ábhartha maidir le soláthar an mhaoinithe chun tacú le forfheidhmiú an Chláir Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl agus an Phlean Náisiúnta um Bainistíocht na Dramhaíola Guaisí; agus

• Tuarascáil bhliantúil a ullmhú ina rianaítear cé mar atá forfheidhmiú an Chláir

Náisiúnta um Chosc ar Dhramhaíl agus an Phlean Náisiúnta um Bainistíocht na Dramhaíola Guaisí ag dul chun cinn, agus í a chur faoi bhráid an Aire Chomhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil.