nós* - eagrán 13

68
BIA BLASTA GASTA Oidis nua le hullmhú faoi dheifir SAOR-LÓDÁIL, SAOR-éISTeAchT Leid na míosa faoi cheol ar líne hIBRIDÍ ÚRA FAISIN Jeggings agus coatigans chugainn www.nosmag.com &3.90 £3.50 meán fómhair 09 eag. 13 Léirmheas ar an scannán 9 nós* iris ghaeilge don nua-aois Oireachtas na Samhna Leitir ceanainn ‘09 - clár istigh todhcha í eile !

description

Meán Fómhair 2009 le scoth na léirmheasanna ceoil, scannáin agus eile. 9; Snagcheol Chorcaí; Oireachtas na Gaeilge; An Afganastáin; Gaeilge ar líne...

Transcript of nós* - eagrán 13

Page 1: nós* - eagrán 13

BIA BLASTA GASTAOidis nua le hullmhú faoi dheifir

SAOR-LÓDÁIL, SAOR-éISTeAchTLeid na míosa faoi cheol ar líne

hIBRIDÍ ÚRA FAISINJeggings agus coatigans chugainn

www.nosmag.com &3.90 £3.50

meán fómhair 09 eag. 13

Léirmheas ar an scannán 9

nós*iris ghaeilge don nua-aois

Oireachtas na SamhnaLeitir ceanainn ‘09 - clár istigh

todhchaí eile

!

Page 2: nós* - eagrán 13
Page 3: nós* - eagrán 13

www.nosmag.com 3

fáilteTá an domhan ar fad ag dul i dtreo dheireadh na bliana agus na laethanta ag éirí níos gairide anseo sa leathsféar thuaidh. Ní ionann sin is a rá ar ndóigh nach bhfuil an dlús céanna faoi spraoi an tsaoil agus a bhí ag tús na bliana agus is léiriú é an t-eagrán reatha atá i do lámha agat (nó á léamh agat ar líne) ar bheocht na cruinne, agus na nGael san áireamh, i láthair na huaire.

Fiú gan bheith ag caint ar an gheopholaitíocht nach stadann in am ar bith agus atá á clúdach an mhí seo le léargas ar an Afganastáin, anseo sa bhaile tá corraíl de shaghas iomlán eile le mothú agus Gaeil na tíre ag ullmhú le haghaidh an Oireachtais. Comórtais, cuideachta, damhsa, scannáin, seoltaí, ceol agus go leor eile i ndán do chách a bheas i Leitir Ceanainn don fhéile mhór i mbliana. Agus ó tharla gur luaigh mé ceol, ná caill rannóg cheoil na míosa seo, atá ar na rannóga is cuimsithí a bhí ar nós* go dtí seo.

Sula n-imím, bhí an-bhród ar fhoireann nós* le déanaí nuair a bronnadh an ‘Suíomh Gaeilge Is Fearr 2009’ ar nosmag.com ag na Irish Web Awards. Ní fhéadfadh muid maireachtáil chomh fada seo gan ár bpobal léitheoireachta mar sin míle buíochas libh arís as bhur dtacaíocht! Leanfaidh muid linn ag feabhsú na hirise daoibhse sa tréimhse amach romhainn.

Mar a deir Kíla, tóg é go bog é,

Tomaí Ó conghaileEagarthóir nós*

*****

** *** * ** *

Saol, gan stad

Page 4: nós* - eagrán 13

4 www.nosmag.com

nós*PO BOX 188An tIúrBT35 5BA

[email protected]

EAGARTHÓIRTomaí Ó Conghaile

FÓGRAÍOCHTSeanán Ó Coistín

RANNPHÁIRTITHEFélim Borland, Diarmuid Ó Muirgheasa, Micheál Johnny Ó Meachair, Ben Ó Faoláin, Úna Ní

Chárthaigh, Niamh Ní Shúilleabháin, Seán Ó hAdhmaill, Hugh Hefner, Eoin Dic, Seoirse Mac Giolla an Chloig GRIANGHRAIFKiritia Images - www.kiritia.com

foireann

Ar fáil i gcló gach mí, mar aon le hábhar iontach ar líne, tá nós* ar na forbairtí is suntasaí sna meáin Ghaeilge, riamh.

Má thaitníonn an iris leat, cabhraigh linn todhchaí nós* a chinntiú agus faigh síntiús duit féin, nó do do chara, inniu.

Má tá cónaí ort in Éirinn níl ach ¤40/£36 ar shíntius bliana - margadh iontach dar linn féin.

Is féidir íoc tríd an bpost nó ar líne - breis eolais ar leathanach 66 agus ar www.nosmag.com

glac síntiús!

fáilte

do your bit for your lingo’s newest, coolest mag

Page 5: nós* - eagrán 13

www.nosmag.com 5

istigh

CEOL7 Albam na Míosa: Tarot Sport10 Singlí14 Saor-Lódáil!15 Íomhánna IMRAM16 Oireachtas na Samhna20 Lá Airt: Ceiliúradh Guinness24 Suas leis an Snagcheol

SCÁILEÁN/ARDÁN27 930 Dialann an Phrintísigh

TEICNEOLAÍOCHT35 Windows 736 10 Is Fearr: Cluichí Ríomhaireachta - moladh eile38 Bréagán na mBuachaillí Móra40 Naisc

CLÓ42 Leabhar á léamh agat?

BEATHA45 The Token: Placenames46 Bia Blasta don Saol Gasta

FAISEÁN49 An Séasúr Seo50 Rogha na Rásúr

TAISTEAL53 Ar ais ar an Camino54 Ag Éalú ón Bháisteach: Puerto del Carmen, Lanzarote

AR TAISPEÁINT57 Cogadh ar na Sráideanna: 2

LÉARGAS61 An Afganastáin: Talaban

LIOSTA IMEACHTAÍ65 Gael-Imeachtaí

54

20

46

Page 6: nós* - eagrán 13

ceol

Page 7: nós* - eagrán 13

www.nosmag.com 7

FOCAIL BeN Ó FAOLÁIN

Níl iontaoibh agam, go hiondúil, as bannaí ceoil a mbíonn an ‘f-fhocal’ ina n-ainmneacha acu.

Tá slite níos cruthaithí chun aird an phobail a dhíriú ar do ghrúpa, agus níl aon emsemble ‘f-fhoclach’ freagrach as aon cheann de na halbaim atá luaite sa leabhar 1001 Albums You Must Hear Before You Die a bhíonn ina shuí i gconaí ar an mbord in aice an leithris i dtigh an scríbhneora seo (cé go ntagann Throbbing Gristle, Hole, The Sex Pistols agus The Slits gar do!).

An méid sin ráite, baineadh preab éigin áthais asam nuair a chonaic ainm Andrew Weatherall luaite mar léiritheoir fuaime ar Tarot Sport.

Lord Sabre féin, an fear a dhein Primal Scream a stiúradh i dtreo an urláir rince agus a raibh lámh aige i roinnt den cheol is riachtanaí a eisíodh le scór bliain anuas (sea, ambaiste, tá Weatherall luaite sa leabhar úd sa seomra folctha!).

Bhíos ag súil le rud éigin fiúntach a chlos, mar sin, ach ní rabhas ag súil leis an albam is corraithí atá tar éis teacht i mo threo i mbliana.

Is saothar ardaidhmeannach é Tarot Sport, albam a bheireann greim daingean ort ón dtús agus nach scaoileann leat go ceann uair a’chloig.

Tar éis an achair sin ama beidh meadhrán ionat, beidh do chluasa spíonta agus ní bheidh fonn ort éisteacht le Tarot Sport riamh arís… go dtí an chéad uair eile, mar a dúirt an t-andúilach.

Cén sórt ceoil é mar sin?Is deacair do mhéar a leagan air

go díreach, ach tá Fuck Buttons ar an domhanleithead céanna le leithéidí Death In Vegas, abair, agus an chuid is hiopnóisí agus is tuathailí de cheol The Chemical Brothers.

Ach ní comparáidí cothroma iad sin, le bheith fírinneach. Tá buillí leictreonacha ann ach ní ceol damhsa é - is grúpa ceart é Fuck Buttons (cé nach bhfuil iontu ach beirt), le gléasanna cearta ceoil.

Ach tá an oiread sin próiseála déanta acu ar fhuaim na ngléasanna sin i stiúideo Weatherall nach féidir leat

bheith cinnte an glór camtha an ghiotáir atá ag stróiceadh tríd an aer chugat nó glór leictreonach éigin a tháinig as inne threalamh Weatherall.

Bíodh sé ina cliché a leithéid a rá, ach is turas ceart é a bhfuil in Tarot Sport.

Síobann na rianta isteach ina chéile agus tá glór aontaithe ag baint leis mar shaothar.

Tá an fhoirmle bhunúsach chéanna ag formhór na rianta freisin, ach dath agus dianas éagsúil ag baint leo.

Tá poirt mar Surf Solar agus Olimpians

ar nós stoirmí fíochmhara ag teacht isteach ón fharraige, a thagann síos go talamh ar deireadh chomh mall le bruscarnach tar éis pléascadh núicléach.

Tá Flight Of The Feathered Serpent ar nós eitilte trí bholcán i héileacaptar.

Ní chreideann tú mé? Tabhair cluas do Fuck Buttons ar dtús.

Má thaitin sé seo leat, bain triall as...death in Vegas – the contino Sessions (concrete) nó Sabres of Paradise – Sabresonic (Warp)

FUcK BUttoNSTarot Sport

4.5/5ALBAM NA MÍOSA!

*

Page 8: nós* - eagrán 13

8 www.nosmag.com

ceol

cad é Seo, go díreach? Rogha d’eisiúintí an lipéid druma ‘s dord Innerground Recordings measctha go slachtmhar ag an dioscmharcach/léiritheoir Seapánach Makoto.

Tá croí Mhakoto sa liquid funk, gné mhín cheolmhar den druma ‘s dord atá go mór faoi chomaoin ag stíleanna eile ceoil mar disco, funk, agus snag-cheol Laidineach.

Rianta ceolmhara idir shean agus nua atá le clos ó leithéidí Drumagick, Marky, Random Movement, Calibre Bhéal Feirste agus an wunderkind nua Braisíleach S.P.Y.

aN BhFUil aoN Mhaith aNN?Tá rogha ceoil Makoto ábhairín glan agus éadrom, sea, ach tá fios mhaith aige conas na ceirníní sin a chasadh go héifeachtúil – tuiscint a shamhlófá le dioscmharcach house in ionad dioscmharcach druma ‘s dord na laethannta seo.

Ach an aon ionadh é go dtuigfeadh Seapánach tábhacht na cothramaíochta idir ying agus yang, abair?!

Tá fuinneamh tógalach ag baint le poirt mar ‘Riff Raff’ le Marky & S.P.Y. agus ‘Millionaire’ le Logistics.

Buille bualáimhe é athmheascán Makoto féin de ‘The Words of Love’ le Fabulous, rian a ghluaiseann go cliste ó luas druma ‘s dord go luas house agus a mhalairt de threo arís leath slí tríd.

laigí?Ní bheidh aon locht ag an té a bhfuil dúil acu in liquid funk ar mheascán Makoto, ach más buillí blaosc-bháiscneacha neurofunk nó druma ‘s dord úr íosta a tá uait b’fhearr duit dul áit éigin eile.

aN BreithiúNaS?Rogha chomh mín le tofu síodúil, measctha le mionchruinneas an samurai!

Má thaitin sé seo leat, bain triall as... ‘Fabric live 46 : ltJ Bukem’ (Fabric) / logistics – ‘reality checkpoint’ (hospital)

dJ MarKy & FrieNdS PreSeNt:MAKOTO

4/5DÍOLAMAÍ

Page 9: nós* - eagrán 13

www.nosmag.com 9

cad é Seo, go díreach? Meascán don mór-urlár rince curtha le chéile ag oll-diosmharcaigh na hIodáile, Crookers.

Tháinig Crookers chun solais tamall de bhlianta ó shin lena n-athmheascán sraimle de ‘Thunderstruck’ le AC/DC.

Sea, speisialtóireacht Crookers ná ceol electro-bass gan anam do ghlúin MTV.

Samhlaigh dhá uair a’chloig ag slogadh siar siúcra candaí – sin oíche caite i gclub na Crookers.

Tá blas milis ar dtús ar a gcuid ceoil, ach ní fada go mbíonn piann i do bholg agus rud éigin níos cothabhálaí

uait! Is iontas é, mar sin,

chomh fairsing is atá rogha na Crookers an turas seo.

Gluaiseann an meascán seo go slachtmhar ó tech-house (Photek) go UK funky (Emvee) go fidget house (Jesse Rose, Nadastrom), tríd wonky-hop (Rustie) go dubstep (Zomby, Untold), ó kuduro (Ku-Bo) go electro (Brodinski, Jack Beats).

Agus an domhain-dord mar nasc idir na seanraí úd ar fad, seans go mbeadh ‘I Love Sub-Bass’ ina theideal níos oiriúnaí ar an díolaim seo, mar is beag fíor-techno atá le clos anseo.

aN BhFUil aoN Mhaith aNN?Mar léargas ar a bhfuil ag dul “boing-fizz-boom!” i gclubanna oíche na hEorpa sa bhlian 2009 is deacair buachaint air.

Tá gluaiseacht iontach le clos leathslí tríd, agus poirt dubstep le leithéidí Untold, Zomby agus Rustie á scarshiúntú ag Crookers ar luas, agus le heasurraim, an dioscmharcaigh hip hop.

Ní féidír diúltiú do ghlór iontach Karin Dreijer (ó The Knife) ar leagan Crookers de

‘Seven’ le Fever Ray, agus is an-chleamhnas idir electro na n-ochtóidí agus dubstep garbh aigéadach na naididí é ‘U.F.O.’ le Jack Beats.

laigí?Fidget house gan luach ó Jahcoozi agus Jasse Rose.

Ró-chosúlacht idir na rianta ag druidim i treo dheireadh an mheascáin.

aN BreithiúNaS?Rogha níos aibí ná a bheifeá ag súil leis ó Crookers, ach barraíocht electro agus house leathmheasartha fós ina measc.

Má thaitin sé seo leat, bain triall as... hervé – ‘ghetto Bass’ (Music response) nó daniel haaksman – ‘Funk Mundial’ (Man Music)

crooKerSI Love Techno

2.5/5

FOCAIL BeN Ó FAOLÁIN

cad é Seo, go díreach? MGMT, La Roux, Ladyhawke… an bhfuil aon chríoch le hathbheochan synth-pop na n-ochtóidí?

Má tá aon bhaint ag lipéad Sister Phunk na Fraince leis an scéal, ní bheidh.

Cnuasaithe ag Hervé Siaird, seo ocht gceann déag de rianta syth-pop ó cheithre chúinne na cruinne - cuid a dhéanann forbairt ar an stíl, cuid eile a cumadh, is léir, i dtaom connailbhe.

Tá leithéidí Passion Pit, Teengirl Fantasy, Ou Est Le Swimming Pool, The Soft Pack agus Solid Gold i láthair.

aN BhFUil aoN Mhaith aNN?Is pop den gcéad scoth cuid mhaith de ‘Sisters’– ach

go háirithe an ‘Done Done’ iontach mianchumhach le Frankmusik.

Samhlaigh Crytal Castles ag jamáil taobh leis an linn snámha le cúpla mojito agus tá tú gar d’fhuaim thromsmaointeach thrópaiceach Rainbow Arabia Mheicsiceo ar ‘Holiday In Congo’.

Tá ‘War’ le BMX ar nós páiste súirí The Human League agus CSS i bhfoirm amhráin.

Cintíonn lámh Matthew Herbert go bhfuil blas níos comhaimseartha ar an ‘Golden Phone’ beoga le Micachu & The Shapes (ar clé), agus tá blas macabre ar ‘Second Sea’ le S.C.U.M a chuirfeadh Virgin Prunes i gcuimhne duit.

N’fheadar conas a thárla sé

go bhfuil ‘Two’ le The Antlers le haimsiú sa chomhluadar seo ach is port deas indie é a thugann faoiseamh éigin don éisteoir ó synths Roland ar fad.

laigí?Tá ‘The Golden Filter’ le Solid Gold leamh, ach sin an méid.

aN BreithiúNaS?Scoth-chnuasach den gcéad ghlúin eile de synth-pop tuathalach.

Má thaitin sé seo leat, bain triall as... ceoltóirí éagsúla – ‘Permanent Vacation Selected label Works Volume 1’ (Permanent Vacation) nó ceoltóirí éagsúla – ‘digital Penetration’ (alt del)

ceoltóirí éagSúlaSisters

4/5

Page 10: nós* - eagrán 13

10 www.nosmag.com

SINGLÍ

ceol

Dinosaur Jr – Pieces (PIAS)Tá J Mascis agus Lou Barlou athaontaithe agus tá Dinosaur Jr ag racáil leo arís ar nós nár thárla an 15 bliain deireanneach.

Tá trádmharcanna Dinosaur Jr ar fad le clos san amhrán sponcach fuinniúil seo; giotar eadarbhuasach casta suas go 11, fonn milis agus liricí imníocha Mascis.

Níor chaill an grunge riamh é! (4/5)

The Big Pink – Dominos (4AD)Nochtann Robbie Furze a chritheagla roimh bheith ceangailte le haon chailín amháin go ró-fhada thar ghlór tógálach electro-rock an uber-léiritheora Paul “Phones” Epworth (Bloc Party, Primal Scream, Florence & The Machine...).

Aintiún an indie-dioscó ó Thrá Lí go Tokyo!

Tá Florence le clos ar an amhrán breise, She’s No Sense, díséad sceirdiúil nach bhfuil le fáil ar an albam A Brief History of Love. (4/5)

Fever Ray – Seven (Rabid)Tá an glór is taibhsiúla i bpopcheol ag

Karin Dreijer Andersson.Tá a tógra nua, Fever Ray, ábhairín

níos dorcha agus níos scaoilte ná a cuid léirithe i dteannta a dearthár, mar The Knife.

D’fhéadfadh sí bheith ag leámh ón mbosca Weetabix agus do bheinn sásta éisteacht le hAndersson, ach i gcás Seven ínsíonn sí dúinn mar gheall ar chara maith dá cuid.

Tá athmheascán ann chun gach saigheas urláir rince a shásamh ach is iad an bunleagan mall balaeric agus iarracht acid-disco CSS na Braisíle na leaganacha sásúla. (3/5)

Health – Die Slow (City Slang)Déanann Health glór aoibheann anórdúil.

An chéad singil bainte óna n-albam nua, Get Colour, le Die Slow, tógann Health na heilimintí is deise de ghlór shoegaze leithéidí Slowdive agus Curve agus déantar iad a thathú le fuzz-rac The Jesus & Mary Chain agus synth-pop garbh an lae inniu ina gcomhmhéideanna.

Ceann de shinglí indie na bliana, agus níl athmheascán Pictureplane, Tobacco agus Zombie Zombie ró-olc ach an oiread. (5/5)

Yacht – Psychic City (DFA)Indie-disco tógálach cliste ar lipéad LCD Soundsystem.

Bunaithe ar synth-líne ón amhrán reggae Uptown Top Ranking le Anthea & Donna, lena liricí osréalacha curtha i láthair ar nós rann páiste, is deacair an port seo a fháil amach as do cheann. (4/5)

Yngve – Have you No Love (Yngve Wieland)Folk-amhrán misniúil frith-chogaidh ó fhear óg as Sligeach lonnaithe i Londain.

Ag eascairt as traidisiún ceol-tíre Nashville, bainneann Yngve agus a ghrúpa úsáid as an stíl thar a bheith coimeádach sin mar uirlis chun ár ndíthmhothú i dtaobh droch-chor an ghnáthdhuine i dtíortha faoi ionsaí ag fórsaí míleata an Iarthair a cháineadh.

Amhrán cumasach dáiríre ach ró-phraeitseála. (2.5/5)

Port O’ Brien – My Will Is Good (Witchita)Port eile den indie-rac Meiriceánach leamh sibhialta (dord-veidhleanna, drumadóireacht bannaí máirseála srl.) atá chomh faiseanta i láthair na huaire.

ThUAS: An bheirt Yacht

Page 11: nós* - eagrán 13

An rud sláintiúil é go mbeadh daoine óga ag éisteacht le ceol atá chomh lag sin i dtaobh teasaíochta agus corraitheachta de?! (2/5)

First Aid Kit – Hard Believer / Waltz For Richard (Witchita)Tá beagáinín de bhlas na turasóireachta cultúrtha ar an dá amhrán seo ó dheirfiúracha Johana agus Klara Soderburg na Sualainne.

Is ceol-tíre fuaimiúil cumasach atá ann, ach is í an fhírinne gur iad Hope Sandoval agus Jessica Lea Mayfield máistreásaí críochnaithe na stíle úd. (2/5)

St. Etienne – Only Love Can Break Your Heart (Heavenly)Tá Richard X tar éis albam debut St Etienne, Foxbase Alpha, a athmheascadh ina iomlán arís ón bun aníos.

Eisithe faoin dteideal Foxbase Beta, tá an leagan athmheascaithe le fáil ó fansite ar-líne an ghrúpa amháin.

Is deacair feabhsú ar fhoirfeacht ach tá jab deas déanta ar aintiún Stanley & Wiggs – é sínte amach i stíl balaeric go hocht nóimead ar fad le smeadar nua do ghiotár Spáinneach agus synth-líne plobach.

Tá leagan nua de Girl VII mar chuid den bpacáiste leis, ach is beag an difríocht idir é agus leagan 1991. (4/5)

Moderat – Sea Monkey Remixes (B-Pitch Control)Port taomach teibí ó scoth-albam Moderat, athmheascaithe ag laoch nua na dub-chéime briste, Jack ‘Untold’ Dunning, agus duine de sheanmhadraí an techno íosta, Surgeon.

Turas breá tuairteálach thar bhuillí briste 2-step garage agus synth-línte sáiteacha a bhfuil i leagan Untold.

Tá iarracht Surgeon níos dírí, ag cloí le buille 4/4 agus éífeachtaí miotalacha. Ceannaigh ar mhaithe le leagan Untold. (3/5)

Pablo – The Story of Sampling (Soma)Bíodh sé ag taifead buillí hip hop mar Pablo nó dord-línte reggae mar Butch Cassidy Sound System, bíonn gach eisúint de chuid Michael Hunter Ghlaschú thar cionn.

Ní haon eisceacht é The Story of Sampling – buillí ramhra hip hop le sreangáin chlasaiceacha a chuirfeadh léirithe DJ Premier i gcuimhne duit, agus na dosaein samplaí de rapadóirí éagsúla scarshiúntaithe le chéile ag Pablo chun scéal samplála i hip hop a insint.

Ceann de na nerds hip hop agus don úrlar rince araon! Port meabhlach scaoilte disco-boogie a bhfuil i Goes To Pluto ar chúl an cheirnín. Seod d’eisiúint. (4/5)

Major Lazer – Keep It Goin’ Louder feat. Ricky Blaze & Nina Sky (Mad Decent)Singil uimhir dó ó Diplo agus Switch mar Major Lazer, tógra nua dá gcuid atá bunaithe ar fhuaim dhigiteach dancehall raggae Iamáice na n-ochtóidí.

Port magarlach lofa é, atá níos measa fós nuair a thógann tú san áíreamh cé chomh hiontach is a bhfuil an chuid is mó den gceol atá eisithe ag Diplo agus Switch thar na blianta.

Samhlaigh amhrán de chuid Shakira canta trí vocoder leis an gcurfá “girls in the truck, ‘bout six chicks deep” leírithe ag 2-Unlimited.

Titeann na dualgaisí athmheascaithe ar Diplo féin, Il Diablo, Tommy Sunshine agus DJ Alvaro ach ní fhéadfadh éinne an píosa cacamais seo a shábháil. (0/5)

Big Daddy Kane Vs Greedy G – Extra Raw / Roe-O Vs Monk-O (Wah Dubplate)Tá cur i láthair Big Daddy Kane ar an bport Raw, seod de phort hip hop “sean-scoil” san iomaíocht, cinnte, d’aitheantas mar an rap is fearr riamh.

Tugann Ben Ó Faoláin a mheas ar na singlí is déanaí le teacht trí bhosca litreach nós*...

Page 12: nós* - eagrán 13

Tugtar anál úr don rap úd ar an mash-up spórtúil seo agus giota de reggae-funk preabach bunaithe ar Greedy G de chuid Brentford All Stars caite laistiar de. Dinimít!

Píosa de cheol anama garbh ós na seachtóidí a bhfuil ar chúl an cheirnín. (4/5)

Bad Lieutenant – Sink Or Swim (Co-op)Seo grúpa nua Bernard Sumner (New Order) i dteannta Jake Evans, giotáraí a bhfuil macallaí láidre de Johnny Marr ag baint lena stíl.

Pop neamhurchóideach don raidió FM a bhfuil i Sink Or Swim, fuaim fheothanach a chuirfeadh 1969 New Order i gcuimhne duit. (2/5)

The Datsuns – Cruel Cruel Fate (Cooking Vinyl)Stadium-rock suite áit éigin idir Simple Minds agus Status Quo a dhéanann plé ar nádúr taismeach na cinniúna.

Faic mícheart leis ach níl mórán le moladh ann ach an oiread. Cé a éistíonn le ceol den sórt seo?! (1/5)

The Low Anthem – Charlie Darwin (Bella Union)Píosa americana aoibhinn atá chomh caoindéanta le píosa fíolagrána.

Ceastóireacht mhacánta ar an dteannas idir saint phearsanta agus dúil mhuinteartha nádúrtha an chine dhaonna, i bhfoirm armóin canta ag tríréad thar steancánacht bhog ar an ngiotar acoustach. Croíúil. (4/5)

Anti-Pop Consortium – Volcano (Big Dada)Cé go bhfuil cás le déanamh do Anti-Pop Consortium, i dteannta Wu-Tang Clan agus The Roots, mar cheann de na grúpaí hip hop is ceannródaíche an taobh seo de Public Enemy, is minic a tháinig fonn an ghrúpa céim leataoibh a thabhairt do choinbhinsiúin ceoil salach ar a thoradh mar shaothar sásúil éisteachta.

Tá APC ar ais tar éis deich mbliana agus is árdán breá é funk

ramhar leictreonach Volcano do liricí osréalacha Beans agus M Sayyid.

É sin ráite, an scéal mór anseo ná athmheascán iontach Fourtet, píosa mín grástúil atá chomh hálainn ina leagan úirlise le haon rian óna seod-albam, Rounds. (4/5)

Graham Coxon – Brave The Storm / Dead Bees (Transgressive)Dhá amhrán bainte ón albam is déanaí le hiar-ghiotáraí Blur.

Téir réimdhíreach go Dead Bees, píosa blues-rock raiceáilte a dhéanann leis an rannaireacht dhíchéíllí mheallacach chéanna is a chloisfeá i saothair Robert Wyatt (3/5)

Posthuman – Lander (Handsette)Is ainmhí fíáin de phort rince é an ceann seo – tá preabóg teann de breakbeat ann, fuaimeanna mentasm a chuirfidh Dooms Night i gcuimhne do na sean-ravers agus garbhadas sean-cheol house.

Tá an obair léirithe thar na bearta ar fad, fuaimeanna ag luascadh ó thaobh go taobh agus forcheimniú fuaime glic ó thús go deireadh an riain.

Tá leagan Cursor Minor damanta freisin, hip hop ramhar salach leictreonach i dtraidisiún Tipper agus Danny Breaks. (5/5)

Collen & Webb – Mogamm ep (GAMM)Léamh nua ar cheithre chinn de sheoda ó chartlann cheirníní Motown atá sa bootleg súgradh seo ar lipead GAMM na Sualainne.

Cuirtear ceol nua rocksteady-reggae faoi bhun Got To Give It Up le Marvin Gaye, roinneann Diana Ross agus Ol’ Dirty Bastard an mic thar shnag-cheol laidineach stadach ar DownsideUp, tá leagan mod-jazz ar mire do Uptight Stevie Wonder agus leagtar snag-cheol luascadh hammond i stíl Grant Green faoi bhunleagan beo de Lets Get It On Marvin Gaye.

An-chraic go deo. (4/5)

“Faic mícheart leis ach níl mórán le moladh ann ach an oiread. Cé a éistíonn le ceol den sórt seo?!”

Page 13: nós* - eagrán 13

ceolagat?

TÁ nós* AG IARRAIDH CLOISTEÁIL Ó BHANNAÍ 7 CEOLTÓIRÍ

A CHEOLANN - NÓ ATÁ IN ANN CEOL - AS GAeILGe

Pop, rac, hip hop, gormacha, snagcheol nó trad - is cuma cén sórt ceoil a

chruthaíonn tú, má tá sé maith agus má tá Gaeilge agat, déan teagmháil

linn anois ar [email protected]

Ní hamháin go dtabharfar ardán do bhannaí agus ceoltóirí anseo ar nós*

ach beidh na traiceanna is fearr le cloisteáil ar na haerthonnta chomh

maith! BÍGÍ AG ceOL, BÍGÍ I DTeAGMhÁIL!

Page 14: nós* - eagrán 13

14 www.nosmag.com

PeNtatoNiKA Thousand Paper Cranes

Nuair a bhí leithéidí Aphex

Twin agus Autechre ag déanamh ath-shreangaithe ar a dtrealamh ceoil ag tús na nóchaidí chun ceol éisteachta na todhchaí a sholáthar don nglúin rave, bhí léiritheoirí mar Global Communications agus Simeon Bowring (Pentatonik) ag baint úsáide as a n-oiliúint chlasaiceach chun droichead a thógaint idir an ceol clasaiceach agus cultúr rince na gclubanna.

De réir a chéile d’fhág Bowring an t-urlár rince ina dhiaidh agus é ag druidim níos faide an t-am ar fad i dtreo stíl aimbiach siansach leithéidí Brian Eno, Ryuchi Sakamota agus Vangelis.

Dearbhaíonn A Thousand

Paper Cranes go bhfuil

an mheiteamorfóis curtha ag Bowring.

Ba scéal Sadako Sasaki príomh-inspioráid Bowring agus A Thousand Paper Cranes á chumadh aige.

Ba chailín dhá bhliain déag d’aois í a fuair bás de dheasca H-bhuama.

Do chreid Sasaki go dtiocfadh leigheas ar a hailse dá n-éireodh léi míle corr origami a dhéanamh.

Níor éirigh léi an méid sin a chur i gcrích, ach d’fhág sí an ráiteas seo ina diaidh: “I shall write peace upon your wings and your heart, and you shall fly around the world”.

Sea, is albam frith-chogaidh Paper Cranes, saothar lán de shiansaí searbh-milis a insíonn an dá thaobh den saol in aimsir chogaidh; scéin agus úafás,

gan dabht, ach crógacht agus lándícheall in aghaidh an anfa chomh maith.

Ceol a spreagan na mothúcháin agus a

chruthaíonn íomhánna láidre físiúla.

Is ó na haer-ruathair ar Londain sna daichidí

a fuair Bowring a chuid inspioráide do Night Raids On London, mar shampla, agus, chun an ceart a thabhairt dó, tá atmaisféar agus íomhá shonraíoch a bhaineann leis na heachtraí úd le brath sa phíosa ceoil.

Tá sé deacair i gcás By The Sword gan comparáid a dhéanamh le téama cáiliúil Ryuchi Sakamoto don scannán Merry Christmas Mr. Lawrence, ach nach í an aithris an plámás is milse?

Ní gá do Bowring a thuilleadh ama a chur amú ar aithrisí, le Paper Cranes tá a áit taobh leis na máistrí gnóthaithe go maith aige.

Má thaithin sé seo leat bain triall as... ryuchi Sakamoto – Merry

christmas Mr. lawrence (Virgin) nó Brian eno – apollo – atmospheres and Soundtracks (eg)

4/5ALBAM

ceol

Gach mí roghnaíonn Ben Ó Faoláin meascán le híoslódáil saor in aisce, sea saor in aisce, ón idirlíon. An mhí seo:

Zero T FabricLive Promo Mixhttp://www.fabriclondon.com/fabricfirst/blog/feed-your-stereo-zero-t/

Meascan úr druma ‘s dord curtha le chéile ag Zero T na tíre seo do chlub Fabric Londain. Tá athmheascán úr Zero T den seod techno Positive Education le Slam le clos ann, leagan druma ‘s dord de Strings of Life le Derrick May chomh maith le rianta nua ó Alix Perez, Rockwell agus Floating Points. Blasta.

saor-lódáil :-)

“Chreid Sasaki go dtiocfadh leigheas ar a hailse dá n-éireodh léi míle corr origami a dhéanamh.Níor éirigh léi ach d’fhág sí an ráiteas seo ina diaidh: ‘I shall write peace upon your wings and your heart, and you shall fly around the world’.”

*

Page 15: nós* - eagrán 13

www.nosmag.com 15

IMRAMTá fás suntasach tar éis theacht ar an fhéile litríochta IMRAM le blianta beaga anuas agus ag deireadh Mheán Fómhair reáchtáladh imeachtaí na bliana seo in ionaid ar fud Bhaile Átha Cliath. I measc na mbuaicphointí bhí oíche ómóis do phríomhéigeas na Gaeilge, Máire Mhac an tSaoi; léamh filíochta as Gaeilge de shaothar na mórfhilí Rúiseacha ón Ré Airgid; oíche iontach Bob Dylan ag ar ceoladh roinnt d’amhráin an Bhaird aistrithe go Gaeilge agus ócáid ar leith a ghlac an lucht éisteacht trí stair neamhinste Bhéal Feirste. Ag glacadh páirte san ócáid sin bhí na filí aitheanta Philip Cummings agus Gearóid Mac Lochlainn (ar bharr) agus an ceoltóir Tina McSherry (thuas).

GRIANGHRAIF JiM BerKeley

Page 16: nós* - eagrán 13

16 www.nosmag.com

craic

Oireachtas na Samhna Abú!Tá príomhócáid na nGael beagnach

linn arís eile agus tá an saol Gaelach

agus a mháthair réidh le haghaidh

a thabhairt ar Leitir Ceanainn, Co. Dhún

na nGall, ag laethanta deiridh mhí

Dheireadh Fómhair.

Tá gach leaba, agus tolg, sa bhaile

Ultach curtha in áirithe le tamall fada

anois, le gach duine ag súil go mór

leis an ghnáthmheascán iontach de

cheol, amhránaíocht, damhsa, seoltaí,

cruinnithe (Dáiríre? Eag.), bia agus

deoch.Ar bharr na gcomórtas ar an

sean-nós, buaicphointí Oireachtas na

Samhna ag mórán Gael ar fud na tíre,

beidh réimse an-leathan d’imeachtaí

spleodracha eile ag dul ar aghaidh go

dtí an Domhnach, má bhíonn go leor

fuinnimh fágtha ag aon duine faoin am

sin, go háirithe i ndiaidh Chlub na Féile

gach oíche san Óstán Mount Errigal.

Fógraíodh le déanaí go mbeidh

an ceoltóir óg Dáithí Ó Drónaí ag

seoladh a chéad albam, Subhóró, ag

an Oireachtas i mbliana agus beidh

réaltaí eile ón All-Ireland Talent Show,

buachaillí Uí Mhaoilchiarán, i mbun

damhsa chomh maith.

Ní rachaidh tú chun an bhaile gan

eolas níos fearr agat ar imeachtaí

cultúir agus teanga i ngach cearn den

tír ach an oiread mar beidh na heagrais

Ghaeilge ar fad i láthair ag obair, agus

ag baint suilt as an fhéile!

Beidh na meáin ann chomh maith,

nós* san áireamh, agus, muna bhfuil

tú in ann bheith i láthair i mbliana, ná

bí buartha, mar is féidir leat fanacht

sa bhaile agus amharc ar chuid de na

comórtais mhóra ar TG4, a bheas ag

craoladh beo ó Leitir Ceanainn.

Má tá tú in ann bheith i láthair,

áfach, seo thíos Clár an Oireachtais

duit… bain súp as!

DÉ CÉADAOIN 28 Deireadh fómhair10.00 Comhdháil Lae, Cultúr & Teanga - Óstán Radisson18.00 Oscailt Oifigiúil na dTaispeántas Craic, Ceol & Comórtas agus Seoid na nOileán - Ionad Cultúir Réigiúnach20.00 Ceolchoirm Fidléireachta an Oireachtais - An Grianán20.00 An tSeanbhróg drama nua le Salamandar - Ionad Cultúir Réigiúnach

DÉARDAOIN 29 DEIREADH FÓMHAIR

11.00 Amhrán is Ansa Liom- Óstán Mount Errigal12.00 Comórtais Ardáin do Dhaoine Óga – Seo Ardáin, Scéalaíochta, Agallaimh Bheirte - IT Leitir Ceanainn13.00 Seoladh Oifigiúil na Féile - Óstán Mount Errigal14.00 Seimineár ar an Tumoideachas - Óstán Mount Errigal17.00 Comórtas Lúibíní (daoine fásta) - Óstán Mount Errigal17.00 Seoladh Taispeántais JIP - Músaem an Chontae18.00 Seoladh Léarscáileanna, Togra Logainmneacha Ghaeltacht Thír Chonaill - Óstán Mount Errigal19.00 Comórtais Cháilithe Amhránaíochta ar an Sean-Nós d’Amhránaithe faoi 35 - Óstán Mount Errigal20.00 An tSeanbhróg, drama nua le Salamandar - An tIonad Cultúir Réigiúnach22.00 Club na Féile, Céilí Mór an Oireachtais - Óstán Mount Errigal

Page 17: nós* - eagrán 13

www.nosmag.com 17

Oireachtas na Samhna Abú!

10.00 Comórtais Ardáin do Dhaoine Fásta, Amhránaíocht ar an Sean-Nós; Dreas Cainte; réamhbhabhtaí Damhsa ar an Sean-Nós - IT Leitir Ceanainn10.00 Ceardlann, “Riomhaire sa Seomra Rang ag – Smaointe Nua do Mhúinteoirí” - ITLC 11.00 “Gearóidín Bhreatnach “, eagrán de Amhrán is Ansa Liom - Óstán Mount Errigal.12.00 Comórtais Cháilithe Amhránaíochta ar an Sean-Nós d’Amhránaithe os cionn 35 - Óstán Clanree13.00 Gugalaí Gug, Seó beo do phaistí óga - Ostán Clanree13.00 Seoladh Leabhar, arna eagrú ag Breacadh - Óstán Mount Errigal14.00 Seoladh Leabhair, Maggie Sailor aus Mallacht na Mic Ó gCorra - Óstán Mount Errigal15.00 Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin & Gradam Réics Carló - Óstán Mount Errigal16 .00 Seoladh Cláir Teilifíse, Tomás Ó Fiaich – Cumhacht agus Conspóid - Óstán Mount Errigal16.30 Coinneamh Luchd Labhairt na Gàidhlige - Óstán Mount Errigal17.00 Comórtas Amhrán Nua-Chumtha, Corn Sheáin Eoin Uí Shúilleabháin - Óstán Mount Errigal18.00 Mórsheoladh - Cló Iar-Chonnachta - Óstán Mount Errigal18.00 Cruinniú maidir leis an líonra COGAR, do chraoltóirí Gaeilge - Óstán Mount Errigal19.00 Mórchomórtais Sean-Nóis na bhFear & na mBan - Óstán Mount Errigal19.30 Scéalaíocht - Comórtas Cáilithe (Daoine Fásta) - Óstán Mount Errigal19.30 Seoladh láithreán greasáin nua, Cogar - Óstán Mount Errigal 20.00 An tSeanbhróg, drama nua le Salamandar - An tIonad Cultúir Réigiúnach20.30 Cuideachta na bhFoghlaimeoirí - Óstán Mount Errigal22.00 Club na Féile - Óstán Mount Errigal22.30 Casadh an tSúgáin, An Club Amhránaíochta - Óstán Mount Errigal

leitir ceanainn 2009

DÉ haoine 30Deireadh fómhair

o

andeireadh

seachtaine

Page 18: nós* - eagrán 13

18 www.nosmag.com

craic

Oireachtas na Samhna 09

10.00 Comórtais do dhaoine fásta, Píb Uileann, Veidhlín, Cláireseach/Cruit, Ceol Beirte, Dreas Cainte, Scéalaíochta, Agallaimh Beirte, Sceitse - Ionaid éagsúla11.00 Cérbh é – Darach Ó Catháin - Scáileáin TG4, Óstán Mount Errigal 11.00 “An Ghaeilge – An 20 Bliain Romhainn”, seimineár Chonradh na Gaeilge - Óstán Mount Errigal12.00 Seoladh Leabhair, ‘Ón tSeanam Anall - Scéalta Mhicí Bháin Uí Bhriain’ - Óstán Mount Errigal12.30 Seoladh Oifigiúil- Do Ghairm le Gaeilge/Your career with Irish - Óstán Mount Errigal13.00 Seoladh Oifigiúil, Rith 2010 - Óstán Mount Errigal14.00 ‘Buille faoi Thuairim’, RTÉ Raidio 1 agus Gael Linn, An t Ionad Cultúir Réigiúnach14.30 Príomhchomórtas Rince ar an Sean-Nós - AURA Ionad Fóillíochta Leitir Ceanainn16.30 Seoladh Dlúthdhiosca, “Binneas thar Meon” - Ionad Cultúrtha Réigiúnach19.00 Corn Uí Riada, Príomhchomórtas Amhránaíochta ar an Sean-Nós - AURA Ionad Fóillíochta Leitir Ceanainn20.00 An tSeanbhróg, drama nua le Salamandar - Ionad Cultúir Réigiúnach22.00 Club na Féile - Óstán Mount Errigal22.30 Casadh an tSúgáin, Club Amhránaíoctha - Óstán Mount Errigal

11.15 Aifreann an Oireachtais13.00 Cluichí Iománaíochta an Oireachtais - Páirceanna Adhamhnáin

DÉ sathairn 31 DEIREADH FÓMHAIR

DÉ domhnaigh 1 samhain

Page 19: nós* - eagrán 13

glac leisdo theanga, do rogha

www.cnag.ie/glacleis [email protected]

Page 20: nós* - eagrán 13

20 www.nosmag.com

lá airtAr 24 Meán Fómhair i mbliana rinneadh ceiliúradh domhanda ar 250 bliain den leann dubh Guinness. Mar chuid den spraoi, eagraíodh ceolchoirmeacha speisialta ar fud Bhaile Átha Cliath, agus seo blaiseadh den aicsean sin.

ceol

Page 21: nós* - eagrán 13

www.nosmag.com 21

Page 22: nós* - eagrán 13

22 www.nosmag.com

ceILIÚRADh MhIc AONGhUSAI measc na gceoltóirí móra Éireannacha agus idirnáisiúnta a bhí ag cur siamsa ar fáil ar Lá Airt bhí (leathanach 21, ón bharr) Dizzy Rascal agus Lisa Hannigan, a bhí in Whelan’s ar Shráid Loch Garman, agus (leathanaigh seo, deiseal ón chlé) Kelly Rowland ar an ardán sa Tripod; Paolo Nutini ag cur a chroí isteach ann sa Stag’s Head; Dáithí Liath, aka David Gray, i mbun amhráin ag Whelan’s; Imelda May gar don slua in Bruxelles agus Jamie Cullum ar an phianó sa Bank.

ceol

Page 23: nós* - eagrán 13

www.nosmag.com 23

Page 24: nós* - eagrán 13

24 www.nosmag.com

Cad í an difríocht idir giotáraí jazz agus giotáraí rac-cheoil?

Bhuel, bíonn giotáraí rac-cheoil in ann trí chorda a sheinm, os comhair na mílte duine.

Ok, níl an scéal grinn sin greannmhar in aon chor ach b’fhéidir go léiríonn sé an easpa suime a chuirtear sa snagcheol, go háirithe in Éirinn.

Ach, uair sa bhliain baintear téada damháin alla ó hata an bhádóra agus caitear na giobail ar leataobh le cluas éisteachta a thabhairt don snagcheol is fearr ag Féile Snagcheoil Chorcaí, a bhíonn ar siúl i gCathair na Reibiliúnach ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair gach bliain.

Agus toisc aíonna aitheanta mar Imelda May, Fun Lovin’ Criminals, Delorentos agus na Coronas bheith luaite ar chlár na féile i mbliana, is cinnte gur cuireadh an cheist go minic cheana - an bhfuil tú ag dul ag an Jazz i mbliana?

Ní bhíonn ach rogha amháin ag an saineolaí ar an

gclaí - an cuireadh a ghlacadh agus a ligean uirthi go bhfuil an saineolas ar fad aici faoi chúrsaí snagcheoil agus mar sin de. Dar ndóigh!

Agus nuair a bhíonn amhras ar shaineolaí, is fearr labhairt le saineolaí áitiúil, ceoltóir snagcheoil más féidir sa chás seo.

Tá an t-ádh leis an saineolaí áirithe seo, mar tá Paul Frost, duine de bhunaitheoirí an tsnagbhanna ‘Crossbones’, sásta cúpla rún a scaoileadh linn.

Bhí Crossbones ag seinm ag Club Daon-Phoblacht mar chuid den bhféile imeallach a bhí ar siúl in éindí le himeachtaí móra na féile.

Tá an domhan mór feicthe ag an ceoltóir jazz seo ó Inis Carra a bhíonn ag seinm an trombóin i gceolfhoireann do léiriúcháin mhóra sa West End i Londain agus seinneann sé go rialta leis an Ceolfhoireann Náisiúnta chomh maith.

Is í an chéad cheist ná cá gcloistear an ceol is fearr le linn na féile?

Cé go mbíonn ceol le cloisteáil i mbeagnach gach

tigh tábhairne sa chathair, is cosúil go mbíonn an tóir is mó ar cheolchoirmeacha a bhíonn ar siúl sna hionaid ar Sráid Mhic Curtáin, áit a bhfuil Amharclann Everyman agus Óstán an Metropole lonnaithe.

Bíonn sé de nós ag daoine buaileadh isteach ag an Metropole go háirithe i rith an lae toisc go mbíonn Club na Féile lonnaithe ann agus go mbíonn sé saor in aisce ag an am sin.

Molann Paul dul chuig Amharclann Everyman chomh maith, toisc “go mbíonn an

ceol is fearr le cloisteáil ansin i ndáiríre” dar leis.

Ach cé go bhfuil an fhéile ag dul ó neart go neart, is beag an t-eolas atá ar fáil sna meáin mar gheall ar snagcheoil in Éirinn agus cuirim an cheist ar Paul, an bhfuil snagbhanna faoi leith dar leis atá i mbarr a réime anois?

“Tá ceoltóirí Jazz den chéad scoth againn in Éirinn agus tá aitheantas orthu ar fud na cruinne.

“Go háirithe ceoltóirí cosúil le Michael Buckley agus Tom Cassidy agus cé nach mbeadh siad ró-aitheanta in Éirinn bíonn an-tóir orthu thar lear.

“Ó thaobh bannaí ceoil de is dócha gurb é an snagbhanna is mó atá againn in Éirinn ná An Dublin City Big Band. Ach bíonn sé deacair go leor ar cheoltóirí in Éirinn agus caithimid ceol níos aitheanta a sheinm ó am go ham.”

An féidir le ceoltóirí jazz maireachtáil in Éirinn, nó an spórt amaitéarach é i ndáiríre?

Dar le Paul gur deacair é a dhéanamh gan a bheith

suas leisan snag

labhair

niamh ní

shúilleabháin

leis an

cheoltóir paul

frost, faoin

snagcheol

agus fhaoi

fhéile mhór

jazz chorcaí

Page 25: nós* - eagrán 13

www.nosmag.com 25

solúbtha agus toilteanach glacadh leis na seánraí ceoil eile.

“Déanaim gach rud, ní féidir liom a bheith ag díriú ar stíl amháin nó stíl eile agus bím ag seinm sa West End i Londain agus ag seinm ceol clasaiceach leis an Cheolfhoireann Náisiúnta. Bíonn sé níos deacra anseo, bíonn tóir níos mó ar an trombón i Sasana ná in Éirinn.”

Mar chuid den bhféile imeallach, bhí ceolchoirmeacha beo i leabharlann na Cathrach, sna páirceanna agus in ionaid phoiblí eile.

Déantar iarracht i gcónaí ansin an ceol a léiriú agus a chuir faoi bhráid an phobail ar shlí tarraingteach neamhfhoirmiúil.

Ach cén saghas ceoil é snagcheol?

Ar chlár na féile luaitear luasc-cheol, func, ceol comhaimseartha agus seánraí eile, Fun Lovin’ Criminals ina measc!

Is cosúil go gcuireann an éagsúlacht sin leis na deacrachtaí a bhíonn ann, fiú amháin ag saineolaithe, sainmhíniú a thabhairt ar ‘Snagcheol’.

Ní hábhar iontais é mar sin go bhfuil mearbhall ar an saineolaí ar an gclaí faoin mbrí atá leis an bhfocal.

Cuirtear an cheist ar Paul agus míníonn sé go mbíonn “gnéithe den snagcheol i cuid mhaith den cheol a bhíonn le cloisteáil le linn na féile, fiú más snagcheol níos aitheanta agus ceol níos cáiliúla atá ann uaireanta.”

Bíonn meascán den

seanstíl agus ceol atá nuachumtha ag Paul á chasadh ag Crossbones ach is é an meascán idir dhá thrombón, pianó, drumaí agus uirlis rithime a chruthaíonn stíl ceoil úrnua agus beoga.

Is annamh ‘s a bhíonn dhá thrombón in aon ghrúpa ceoil amháin dar leis.

Ansin, scaoileann sé rún amháin eile faoin gig ag Club Daon-Phoblacht.

“Bhí muid ag iarraidh fíor-snagcheol a casadh, má tá a leithéid de rud ann. Ag gig an Daon-Phoblacht mar shampla, bhí roinnt snagcheoil nua-aimseartha á chasadh againn agus ceol ar stíl James Brown á sheinm ag deireadh na hoíche chomh maith ionas go mbeadh meascán ceoil le cloisteáil ann. Agus aistríodh na hamhráin go Gaeilge don ócáid chomh maith.”

Ceol ar an seanstíl agus amhráin i nGaeilge?

Ritheann an smaoineamh liom go mb’fhéidir go bhfuil tús curtha ag Crossbones leis an réabhlóid agus fosheánrá ceoil úrnua a chruthú acu, (Gaelsnag nó gaeljazz b’fhéidir?) ach fágfar an cheist sin go dtí an chéad lá eile is dócha.

Beidh an chéad gig eile ag Crossbones in Le Basement, BÁC, ar 15 Samhain ag 8.30in.

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil ar imeachtaí Gaeilge Chlub Daon-Phoblacht i gCorcaigh, tabhair cuairt ar www.peoplesrepublicofcork.com/gaeilge agus tá sonraí Fhéile Snagcheoil Chorcaí le fáil ag www.guinnessjazzfestival.com *

SNAGÚIL AGUS SNASTAFun Lovin’ Criminals, ar clé, agus YolanDa Brown, ar dheis, a bhí ag seinm ag Féile Snagcheoil Chorcaí i mbliana

Page 26: nós* - eagrán 13

scáileán

Page 27: nós* - eagrán 13

www.nosmag.com 27

Is beochan an-atmaisféarach é 9, ach ní le haghaidh páistí.

Suite i ndomhan scriosta ina bhfuil deireadh tar éis theacht leis an chine daonna, leanann an scannán scéal an phríomhcharachtair, 9, ar cineál bábóige é agus ar chruthaigh eolaí é i móimintí deiridh a shaoil.

Agus 9 ag taisteal trí thírdhreach iar-apacailipteach, faightear amach gurbh iad róbait ar chruthaigh an cine daonna iad a rinne ionsaí ar an chine céanna agus go gcaithfidh 9 - agus ocht gcara bábóige eile - bun mhistéir an uafáis a aimsiú.

Ar an turas seo castar na droch-róbait

orthu ar ndóigh agus ní mór dóibh bheith an-chruthaitheach le héalú uathu agus a sprioc a bhaint amach.

Cé nach bhfuil siad le feiceáil ar an scáileán féin, tá foireann an-aitheanta curtha le chéile ag Shane Ackner don bheochan - atá bunaithe ar ghearrscannán buach dá chuid féin - agus is é Elijah Wood a dhéanann guth 9, le Christopher Plummer, Jennifer Connelly agus Martin Landau i measc na nglórtha eile.

Éiríonn leis an stiúrthóir atmaisféar diamhair a chruthú le radhairc dhorcha agus is furasta lámh Tim Burton a aithint i

léiriú an tsaothair chomh maith.Is iad na grafaicí, a bhfuil an-obair

déanta orthu, buaic an scannáin agus is iad, seachas nósanna na gcarachtar féin, a chuireann beocht sna pearsana éagsúla.

Is é an locht is mó ar 9 ná nach dtagann caighdeán an scéil le caighdeán na beochana, agus is cinnte go bhféadfadh an scannán bheith píosa beag níos faide chun plota níos iomláine a chur i láthair an bhreathnóra.

Mar sin féin, ardaíonn cás 9 agus a chairde roinnt ceisteanna faoi thodhchaí an chine dhaonna agus na teicneolaíochta, agus taitneoidh an t-eispéireas go mór leo sin a bhfuil dúil acu i scannáin a bhfuil atmaisféar alltarach, agus beochan den chéad scoth, ag baint leo.

9 3.5/5Shane Acker , PG

FOCAIL TOMAÍ Ó cONGhAILe

Page 28: nós* - eagrán 13

28 www.nosmag.com

scáileán

Page 29: nós* - eagrán 13

www.nosmag.com 29

AR eITILT chORcARDheARG:Ar na scannáin dúlra is iomráití le theacht amach le tamall anuas tá The crimson Wing, a leanann - mar a fheictear sa radharc seo - saol na lasairéan ar Loch Natron i gceantar álainn iargúlta i dtuaisceart na Tansáine. Taispeánadh an scannán ag féilte éagsúla ar fud na hEorpa an samhradh seo agus eiseofar go luath é.Coinnigh súil amach faoina choinne.

Page 30: nós* - eagrán 13

30 www.nosmag.com

scáileán

Ní cúrsaí gnó agus Alan Sugar atá i gceist agam le teideal an

cholúin seo ach na meáin chumarsáide.

Tá suim agam sna meáin Ghaeilge le tamall anuas agus ba mhaith liom slí bheatha san earnáil a chruthú dom féin – mar sin seo mo chuntas ar an taithí sin.

Beidh mé fostaithe mar oiliúnaí ag an CCG (Ciste Craoltóireachta Gaeilge) ó thuaidh ar feadh bliana chun an aidhm seo a bhaint amach agus mé ag foghlaim na scileanna a bheas de dhíth orm le linn mo thaithí ag obair le comhlacht teilifíse i mBéal Feirste.

Go hádhúil le Dia, beidh ochtar eile ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh, ach amháin go mbeidh siad ag dul scileanna éagsúla eile sna

meáin a fhoghlaim. Thosaigh muid ag tús mhí

Mheán Fómhar.Roghnaíodh an naonúr

s’againn ag tús an tsamhraidh le haghaidh an chúrsa seo.

Cuireadh traenáil i gcúrsaí teilifíse leis an BBC ar fáil chun intreoir a thabhairt do na hoiliúnaithe sula dtéann muid go dtí ár bhfostóirí éagsúla.

Tá an traenáil leis an BBC críochnaithe anois agus mé ag scríobh.

B’iontach an tréimhse ghairid a chaith muid ansin mar léirmhíníodh gach rud faoin CCG dúinn, conas a oibríonn sé agus cén dóigh a dtugtar deontais chun cláir a dhéanamh.

Tá cuid mhór den eolas seo ar fáil ar www.northernirelandscreen.co.uk faoi ILBF agus “press releases”.

Mholfainn dár léitheoirí súil a choinneáil ar an suíomh seo go minic mar is é sin an dóigh a bhfuair mé féin amach faoin scéim seo agus bíonn eolas ann faoi na folúntais san earnáil.

Tá sé soiléir ón méid eolais atá ansin cad iad na cineálacha cláir a mbíonn á lorg ag na craoltóirí agus ag an CCG – agus tugtar airgead go rialta do chomhlachtaí chun na cláir a dhéanamh, i ndiaidh dóibh

dul trí phroiséas roghnaithe ar ndóigh!

D’fhoghlaim muid scileanna praiticiúla fosta ó shaineolaithe an BBC.

D’oibrigh duine de na hoiliúnóirí a theagasc muid mar cheamaradóir ar feadh breis agus 400 cluiche i bPríomhroinn Shasana agus 40 bliain taithí aige mar cheamaradóir, eagarthóir agus mar stiúrthóir.

Bhí deis againn cúpla físeán a dhéanamh – bhí an t-ádh orm bheith mar stiúrthóir ar an dá cheann acu – agus tá súil againn go mbeidh siad uaslódáilte ar youtube go luath.

Bhí seans againn chomh maith freastal ar stiúideo Newsline an BBC agus é ag craoladh beo.

Bhí sé seo fíor-shuimiúil.Craoladh an nuacht

beo ach bhí siad uilig ina suaimhneas, fiú nuair a tharla meancóg sa sceideal níor chuir seo isteach ar an láithreoir agus lean sé ar aghaidh leis an nuacht.

Thaitin an taithí sin go mór liom ach ba bhreá liom cur le mo chuid scileanna, go háirithe mar eagarthóir teilifíse toisc gur sin an cineál poist a ba mhaith liom a dhéanamh amach anseo.

Anois tá mé ar tí tosnú leis an chomhlacht teilifíse, NVTV.

Is stáisiún pobail é agus tá mé ag déanamh go mbeidh go leor saoirse agam chun mo chláir Ghaeilge féin a dhéanamh, ach gheobhaidh sibh amach faoi sin an mhí seo chugainn!

Dialann an Phrintísigh: TÚS ANAiSTiRle hIan Mac Murchaidh

“Craoladh an nuacht beo ach bhí siad uilig ina suaimhneas, fiú nuair a tharla meancóg sa sceideal...”

*

Page 31: nós* - eagrán 13

Ceol ComhaimsearthaCaint ChomhaimsearthaCuisle na Cathrach

Ar fáil i mBaile Átha Cliath ar 106.4fm agus ar líne ag

www.raidionalife.com

Siopa idirlín le haghaidh t-léinte & éadaí GhaeilgeRéimse leathan d’earraí tarraingteacha ar fáil

www.gaelshirt.com

Page 32: nós* - eagrán 13

32 www.nosmag.com

LAWNMOWeRS I MAIGh eOIs compántas beoga amharclainne é The Lawnmowers atá á rith ag, agus ar son, daoine le deacrachtaí foghlama. Déardaoin 12 Samhain beidh an compántas, atá aitheanta go hidirnáisiúnta, ar an ardán i gCaisleán an Bharraigh, Maigh Eo, nuair a chuirfidh siad an seó ‘Lawnmowers Cabaret of Fools’ i láthair in Ionad Ealaíon Halla an Línéadaigh. Tógann ‘Cabaret of Fools’ an lucht éisteachta ar thuras iontach agus tá tionchar Buster Keaton, Charlie Chaplin agus Jaques Tati le mothú ar an saothar. Tá na sceitseanna gan focal agus an-fhisiciúil, le ceol agus íomhánna áille. Breis eolais ag www.thelinenhall.com

ardán

get in thegaeilgegroove

advertiseanseo

[email protected]

Page 33: nós* - eagrán 13

www.nosmag.com 33

get in thegaeilgegroove

advertiseanseo

[email protected]

Page 34: nós* - eagrán 13

teicneolaíocht

Page 35: nós* - eagrán 13

FOCAIL DIARMUID Ó MUIRGheASA

www.nosmag.com 35

Táimid caint mhór ann faoi Windows 7 le tamaillín anois, anseo agus in áiteanna eile, agus tá an eisiúnt linn faoi dheireadh thiar thall.

Mar sin, tá tús á chur againn le sraith ghairid altanna chun sibh a threorú ar conas an méid is mó a fháil ón gcóras oibriúcháin nua, nó sibh a chur i dtreo é a cheannach.

Tá leaganacha réamh-eisiúcháin in úsáid ag nós* le tamall anois mar sin tá cur amach nach beag againn air faoin am seo, agus ní fhéadfaimis filleadh ar rud ar bith eile!

1) Uasteilgeoireacht (sa lár) – Is féidir go héasca athrú idir taispeáint ar scáileáin nó ar uasteilgeoir nó an dá rud, gan ach Win+P a bhrú.

Feabhas ollmhór ón bprácás a bhí ann i seanleaganacha de Windows.

2) An Barra Uirlisí (ar chlé) – Sa lá atá inniu ann, agus scáileáin-leathan ar fud na háite, tá sé ait go gcoimeádtar an Barra Uirlisí áit ar bith seachas ar thaobh an scáileáin.

I sean-leaganacha de Windows bhí sé indéanta é seo a athrú, ach bhí an chuma ar an scéal go raibh an barra as áit ag seasamh suas díreach.

Anois, le hathdhearadh déanta air, tá an Barra úd lán-sásta ar thaobh an

scáileáin, agus muid a chuir ansin i gcónaí é sásta chomh maith.

3) Na deilbhíní nua (ar an mbarra uirlisí) – Tá córas nua ann anois maidir leis na deilbhíní ar bhun – nó ar thaobh – an scáileáin.

Seachas deighilt idir an chuid ‘Quick Launch’ den bharra agus na cláracha atá ar oscailt, tá gach rud istigh le chéile, agus má tá clár oscailte athraíonn an dathú atá air. Sa tslí chéanna, má tá níos mó ná fuinneog amháin oscailte athraíonn an ghrafaic, agus tá dathú éagsúil ann don fhuinneog atá i bhfócas.

An-éasca, an-snasta, an-jab!

4) Peeking (bun ar chlé) – Más mian

leat sracfhéachaint a thabhairt ar a bhfuil ar an deasc, faoi bhun na bhfuinneog uilig, ní gá ach an luchóg a chur os comhair an mhionbhosca seo ar clé agus téann na fuinneoga tré-dhearcach.

Bain an luchóg arís, agus tagann siad ar ais.

Breá éasca, iontach cliste!

5) Google Chrome (fuinneog oscailte) – Níl sé mar chuid lárnach de Windows 7, ach ba chóir go mbeadh sé!

Tá Google Chrome tapa, snasta agus éasca, agus i ndiaidh áit Firefox a ghlacadh mar rogha-bhrabhsálaí i roinn teic nós*.

Ní féidir moladh níos láidre ná sin a thabhairt!

WiNdoWS 7Córas Oibriúcháin

SEACHT, TÁ SÉ ANSEO...

Page 36: nós* - eagrán 13

36 www.nosmag.com

teic

10. SONIc The heDGehOG (SeGA MeGADRIve, 1991)Admhaím nach bhfuil na cluichí is déanaí sa tsraith ró-iontach ach clasaic chluichíochta ab ea an chéad eagrán den ghráinneog ghorm agus bhán.

Cruthaíodh in aghaidh Mario ar Nintendo, bhíodh Sonic ag rábáil trí lúba ag bailiú na bhfáinní órga úda go dtí go mbíodh d’órdóga ag titim díot.

Cé go bhfuil an chuma air go bhfuil seanghlóir na gráinneoige i ngeimhriúchán faoi láthair, tá súil agam nach bhfuil a bhróga reatha rua crochta suas aige go deo.

09. cRASh BANDIcOOT (PS, 1996)Déan dearmad ar Rayman. Agus ar Spyro.

Bhí Crash Bandicoot ina rí ar na cluichí ardáin ar an bPS. Bhí sé de dhualgas ar Crash an dochtúir olc Neo Cortex a stopadh leis an cúnamh ó mhasc draíochta darb ainm Aku Aku.

Rugadh sraith agus cé go raibh Crash ina thurgnamh teipthe ag Dr. Cortex, rath mór a bhí ann do na cruthaitheoirí eile, Naughty Dog.

08. TONy hAWk’S PRO SkATeR (PS, 1999)Níl amhras ar bith ann gur chuir THPS an spórt ar an léarscáil dhomhanda. Cibé rud a bhíteá á dhéanamh – ag léim bearnaí, ag dul sa tóir ar scór ollmhór nó ag bailiú na litreacha S-K-A-T-E, taithí úrnua ab ea THPS a bhí ar oscailt do dhaoine nach raibh cleachtaithe leis an spórt.

07. FABLe (XBOX, 2004)De ghnáth i gcluichí, tugtar carachtar duit nach n-athraíonn go mór ó thús go

deireadh an scéil, ach ní gnáthchluiche é Fable.

Tosaíonn tu mar pháiste agus tá sé i do láimhe féin cén saghas duine inar mhaith leat a bheith – an mbeidh tú i do shlánaitheoir geal le fáinne solais os comhair do chinn nó an bhfásfaidh tú péire adharc de dheasca do chuid imeachtaí olca? Is leatsa an rogha!

06. kLONOA: DOOR TO PhANTOMILe (PS, 1997)Is minic a dhéantar dearmad ar Klonoa ach is fianaise í an tseoid seo den Playstation go dtagann rudaí maithe i bpacáistí beaga coinínchruthacha!

Le príomhcharachtar gleoite páistiúil, bhí an baol ann go mbeadh an cluiche mar an gcéanna ach lena stíl bhréag-3D, faightear roinnt den dearadh leibhéal ab fhearr dá bhfacthas riamh roimhe ar an bPS.

Cluiche bunaithe ar bhrionglóidí agus tromluithe, ní hiontas é gur cheann de na cluichí é Klonoa a bhíteá á imirt isteach go lár na hoíche.

05. BATMAN: ARkhAM ASyLUM (PS3, XBOX 360, Pc, 2009)Is iomaí lá dorcha caite ag cluichí bunaithe ar ghreannáin / úrscéalta grafacha, ach cuireann an Ridire Dorcha deireadh leis sin.

Lúchair atá ann agus tú ag úsáid giuirléidí Batman mar a théann tú in aghaidh le naimhde cáiliúla ar nós Poison Ivy agus Killer Croc.

Cuir cluichí breise ón Riddler san áireamh, chomh maith le carn mór de bheathaisnéisí carachtar DC, agus beidh tú craiceáilte gan am a chaitheamh sa

San eagrán deiridh, chuir Eagarthóir Teic nós* an 10 gcluiche

ríomhaireachta is fearr leis os ár gcomhair. An mhí seo tá deis ag

léitheoir dár gcuid, Brian ó cuinn, a rogha féin a thabhairt...

10 IS FeARR: Cluichí Ríomhaireachta

10

8

5

Page 37: nós* - eagrán 13

www.nosmag.com 37

10 IS FeARRghealtlann seo.

04. SID MeIeR’S cIvILIzATION 4 (Pc, 2005)Bíonn sé deacair feabhsú drámatúil a dhéanamh ar an seánra saibhear den chluiche straitéiseach, ach d’éirigh go mór le Civilization IV agus lena réimse leathan roghanna a chuir sé ar fáil: an gcloífidh tú an domhan le hairm nó an nglacfaidh tú an bealach teicneolaíochta le tógáil an chéad stáisiún spáis?

An mbeidh Alastar Mór i gceannas ar d’impireacht, nó George Washington nó fiú amháin Ghandi?

Agus céard atá le déanamh nuair is leatsa an domhan? Imir ar líne ar ndóigh!

03. FINAL FANTASy X (PS2, 2001)Le thart ar 50 uair le caitheamh ag imirt, le córas catha úrnua agus le buiséad chomh mór le scannán, thug Final Fantasy X an tsraith chuig an PS2 le pléasc.

Thug an-chuid daoine ‘an-cluiche-rólghlacaithe-is-fearr-riamh’ air nuair a tháinig sé amach agus ocht mbliana níos déanaí, aontaím leo fós! Bhí a leagan féin de Quidditch faoi uisce aige darb ainm Blitzball. Céard eile atá de dhíth ort?!

02. BIOShOck (XBOX360, Pc, 2007)Is annamh an cluiche a chruthaíonn domhan chomh barántúil agus snasta ná an chathair Rapture i mBioshock.

Ag taisteal tríd an bparthas millte díreach-amach-as-na-seascaidí agus anois foirgthe le gealta marfacha, gheobhaidh tú roinnt cumhachtaí agus cumas iontach taitneamhach, ach is í eochair an chluiche ná an ceangal maoithneach a fhorbraíonn tú le muintir na cathrach, go háirithe i gcás na ‘nDeirfiúracha Beaga’.

01 GRAND TheFT AUTO 3 (PS2, 2001)D’ardaigh GTA3 an caighdeán do gach cluiche aicsin eile toisc gur fhoirfigh sé an stíl ‘bosca-gainnimh’ de chluichíocht, stíl ar a ndéantar aithris go minic - agus don chuid is mó go bocht - ón eisiúint GTA3.

Imríonn tú mar choirpeach gan ainm, gan guth, ar bhealach chun saibhris agus chun díotlais; aistear a chlúdaigh gach gné den domhan coire ón Mafia Iodálach go dtí an Cartel Colóimeach.

An ‘Godfather’ de Chluichí gan amhras.

3

2

1

Page 38: nós* - eagrán 13

38 www.nosmag.com

teic

Ag tús mhí na Samhna beidh taispeántas toys 4 Big Boys ar siúl san RDS i mBaile Átha Cliath.Thug Micheál Johnny ó Meachair súil ar chuid de na breagáin a bheas ar taispeáint ann.

B4BB:BRÉAGÁIN4BIGBUACHAILLÍ

ARchOS 9Pc TABLeTTá an táibléad is déanaí seo ó Archos ar cheann de na giuirléidí idirlín póca is fearr go dtí seo.

Níl ach tiús 17mm ann, agus le Windows 7, trí dheasc éagsúla ar féidir iad a shocrú ar bhealach ar bith gur maith leat agus cruadhiosca 60 gigibheart, is léir go mbeidh muid in ann neart ama a chaitheamh ag spraoi leis.

Ach cén cineál spraoi gur féidir a dhéanamh leis?

An príomhbhréagán atá air ná an t-idirlíon dár ndóigh, leis seo is

féidir ceann de do thrí dheasc a shocrú mar leathanach cuardaithe Google.

Is seinnteoir ilmheáin é chomh maith agus port cluasán air chun go mbeidh tú in ann breathnú ar “The Wire” nó “The Office” agus tú ar an mbus abhaile i ndiaidh lá fada oibre.

Ó bharr mo chinn, d’fhéadfá 3 shéasúr go leith de cheachtar ceann de na cláracha seo a choimeád air. Níl locht ar bith air sin!

Tá cluichí á ndéanamh ag DTI dó faoi láthair agus tú

in ann iad a cheannach i bhfoirm feidhmchláir le rogha mór feidhmchlár eile ón idirlíon.

Glacaim leis go mbeidh feidhmchláir eile á gcur in oiriúint dó ar ball agus ráth air, ach go dtí sin is na cluichí simplí a

bhfuil taithí

againn orthu ó Facebook agus Bebo a bheas air.

Déanann táibléad Archos an-chuid rudaí simplí a mbeifeá ag súil leo chomh maith, agus féidearthachtaí Bluetooth, MS Word, agus dhá aeróg fiú a chuireann ar do chumas breathnú ar DVBT TV air (Telefís!).

Déanann Archos an-mhaíomh as a dtáirge nua, agus cé go bhfuil scáileán tadhaill aige atá níos fearr ná an-chuid roghanna eile, ní giuirléid cheannródaíoch í seo agus aithris déanta acu ar OSX de chuid Mac agus na deasca éagsúla ar fáil duit, agus ní rud nua é feidhmchláir bheith agat ar ghiuirléid ach oiread.

Beidh an táibléad seo ag brath ar nasc láidir leis an idirlíon, agus más féidir leis é sin a dhéanamh, éireoidh go geall leis.

DeLL ALIeNWARe M17XBeidh an-chuid ríomhairí agus comhlachtaí ríomhaireachta ag Toys 4 Big Boys (nó B4BB mar a ghlaonn muid anseo ag nós* air), agus an-chuid le rá

acu faoina gcuid earraí féin, is dóigh liomsa gur chóir d’aird a dhíriú ar ríomhaire cluichíochta nua Dell.

Alienware M17x a glaodh ar an meaisín is fearr dá bhfuil acu faoi láthair agus é curtha ar fáil ag Dell le déanaí ar $1999 gan uasghrádaithe ar bith.

Bhíodh Alienware ina chomhlacht ann féin tráth, a rinne blaoscanna ríomhairí do dhaoine ar suim leo cuma blaoisce a ríomhairí a athrú, agus tá an tsuim sa dearadh cruthaitheach seo soiléir ó chuma an M17x.

Ó thaobh sonraíochtaí de, tá an ríomhaire glúine seo iontach maith, mar a cheapfá.

Tá próiseáilí 1066Mhz le 12MB i dtaisce aige, físchárta 2GB, 4GB de chuimhne randamrochtana, 250GB de chuimhne cruadhiosca, scáileán LCD 17 n-orlach... cad is brí leis seo?

Page 39: nós* - eagrán 13

www.nosmag.com 39

LAcIe LAMAkey(Amazon.co.uk: £10.50stg 4GB,

£26.99stg 8GB)

Ní minic a thagann táirge chomh simplí

leis an “iamaKey” ar an margadh.

Ba bhreá linn leathnaigh a líonadh

ag labhairt faoin gclisteacht a ghabhann

leis, faoin bhfoirfeacht atá i gceist leis.

Ach níl aon gá.

Is méaróg USB atá ann i gcruth

eocrach, agus coimeádann tú le d’

eochracha é go dtí go mbíonn sé ag

teastáil.

Tá na huimhreacha luais agus a

leithéid a ghabhann leis chomh maith

leis an iomaíocht atá aige, agus tá sé

uiscefhriotaíoch agus le clúdach frith-

scrabhadh chomh maith.

Níl aon teic iontach cliste taobh thiar

de, ach tógann an “iamaKey” coincheap

na méaróige USB chuig críoch

loighiciúil, agus ní fheicfear mórán

feabhais ar an dearadh amach anseo.

Muna bhfuil méaróg USB agat,

faigh ceann dóibh seo duit féin. Ní

fhéachfaidh tú siar. DIARMUID Ó MUIRGheASA

Ní bheidh moill ar bith ar an ríomhaire agus cluiche d’aon sórt á lódáil, imirt nó sábháil agat.

Dá bhrí seo ní bheidh frustrachas nó fearg ar bith ort le rud ar bith, seachas an cluiche!

Anuas air sin, tá an chuma iontach sin air a mheallfaidh an-chuid daoine chun é a cheannach.

An cheist mhór a ardaíonn sé seo ná, an bhfuil deireadh le XPS anois le ríomhairí Alienware á ndéanamh acu Dell?

Is maith an scéalaí an aimsir, agus ní maith liomsa an aimsir a thuar.

kTM DUke 690Go dtí seo tá cúrsaí cluicíochta luaite agam, agus cúrsaí ríomhaireachta agus ilmheáin leis.

Bíonn fear eile i láthair ag taispeántas Toys 4 Big Boys, an fear atá tugtha don dáinséir agus don ghaisce.

Tagraím don fhear nach bhfuil fuil ina fheitheacha, ach aidréanailín!

Chuige seo bíonn rothair sléibhe agus BMX ann i gcónaí, agus rampa droime acu ann ar a mbíonn rothaithe ag saothrú a gceirde.

Anuas orthu siúd beidh clárscimeálaí sneachta agus na gealta a léimeann ó eitleán le málaí scoile ar a ndroim ann.

É seo ráite, thugas féin súntas don dream a bhí ann chomh fada siar le tús Toys 4 Big Boys, muintir ghluaisrothaíochta.

An gluaisrothar is craiceáilte atá feicthe agam le déanaí ná an KTM Duke 690.

Láithreach bonn nuair a fheiceann tú an Duke feicfidh tú go bhfuil an suíochán ard, go bhfuil bonn rotha rásaíochta air, agus cé go bhfuil crochadh an rotha ar chúl fada go leor, ní mór an méid spáis atá idir an dá roth.

Cén éifeacht atá aige seo ar fheidhmiúchán an ghluaisrothair?

Casfaidh sé níos sciobtha agus, luasghéarfaidh sé níos sciobtha fós.

Tá 65 each san inneall

seo, agus toisc nach bhfuil ach sorcóir amháin ann tá níos lú píosaí ag bogadh san ineall, rud a chabhraíonn le cothromaíocht an rothair, go háirithe agus tú ag casadh ag luas ard.

An rud eile faoin rothar seo ná go bhfuil each-chumhacht de 451 aige in aghaidh an tona, leath an méid atá ag an nguaisteán is sciobtha ar domhan, an Bugatti Veyron.

É seo ráite, tá idir €250,000 agus €300,000 ar Veyron, agus idir €7,500 agus €9,000 ar Duke, agus luasghéaróidh Duke go 60km san uair chomh tapa céanna leis an Veyron.

Spreagann sé seo an cheist, an bhfuil tú ag iarraidh praghas morgáiste nó iasacht chomhar creidmheasa a íoc as an gcraic chéanna?

Maidir leis an gceol a thagann ón inneall, is ionann é

agus Pavarotti in ard a ghutha agus ceolfhoireann olldoird amháin.

Tá sé fearúil, glórmhar, feargach agus chonaic mé ceann ag cur aláram gluaisteáin ag imeacht toisc dordacht an cheoil!

Mar is gnáth le rothair KTM, tá rogha de thrí dhath - oráiste, bán agus dubh - agus an cruth tarraingteach Ostarach sin air chomh maith.

Anuas air seo tá suíochán KTM ó rothair super-moto, nó easbhóthair, air atá tanaí a dhóthain le bheith compórdach agus tiomáint sciobtha fút.

Ar deireadh, más suim leat bheith i do bhall de Fight Club, is é seo an gluaisrothar a shásóidh an ghealtacht sin!

Beidh Toys 4 Big Boys ar siúl sa RDS idir 5-8 Samhain, agus tá ¤14.40 ar thicéad beirte.

Page 40: nós* - eagrán 13

FAceBOOkArbh eol duit go bhfuil Facebook ar fáil

anois as Gaeilge?Is iontach an scéal seo mar is ceann

de na suíomhanna is mó ar domhan é

Facebook agus baineann na milliúin

daoine feidhm as gach lá chun fanacht i

dteagmháil lena chéile agus chun sonraí,

grianghraif agus nithe eágsúla a fhoilsiú.

Gach mac máthair atá ag iarraidh

daoine a earcú ar son cúis amháin nó

cúis eile, cruthaíonn siad leathanach ar

Fhacebook.Ceann de na buntáistí atá ag

Facebook thar shuíomhanna eile ná gur

féidir comhrá meandrach a bheith agat

le cairde agus is féidir ríomhphost a

sheoladh chuig do chairde freisin.

Is féidir spraoi a bheith agat agus

sonc a thabhairt do do chara – ach bí

cúramach nó tabharfaidh siad ponc

duitse freisin nuair nach bhfuil tú ag súil

leis :-)Is féidir cluichí a imirt ar Fhacebook

freisin, leis an saol agus a mháthair ag

imirt FarmVille faoi láthair. Tá na mílte

feidhmchlár ann chun tuilleadh rudaí a

dhéanamh ar Facebook amhail bheith

páirteach i bpobalbhreitheanna, cluichí a

imirt agus rudaí suimiúla a dhéanamh le

híomhánna.Tosaigh saol nua ar ga-ie.facebook.

com

NAISc

teic

Cuideachta sa Chibearspás

As seo amach ar an leathanach seo léireofar suíomhanna den scoth atá ar fáil i nGaeilge anois ionas gur féidir libhse, ár léitheoirí iontacha, bhur saolta suimiúla a chaitheamh trí mheán na Gaeilge. Bígí cinnte go mbaintear feidhm as na suíomhanna agus scaipígí an scéal fúthu!

Mar sin, an maith leat bheith ag bualadh le cairde nó daoine nua ar an ghréasán domhanda? B’fhéidir gur mhaith leat bheith ag breathnú ar ghrianghraif atá foilsithe ag daoine ar an ghréasán nó ag léamh na scéaltaí is déanaí óna saolta. Is iomaí bealach atá ar fáil anois i nGaeilge chun fanacht i dteagmháil le do chairde nó do mhuintir agus aithne a chur ar dhaoine nua.

FOCAIL SeANÁN Ó cOISTÍN

MeeBOMás maith leat bheith ag comhrá tríd an ríomhaire le do chuid cairde nó do mhuirnín nó fiú daoine nach bhfuil aithne agat orthu (seachain sin), is féidir leat feidhm a bhaint as www.meebo.com

Tá sé ar fáil i nGaeilge agus ní gá duit ach Gaeilge a roghnú ar an gclár cinn agus beidh leat.

Is córas é Meebo chun teachtaireachtaí meandracha a chur chuig daoine.

Má tá cuntas agat le MSN, Yahoo nó Google Talk, is féidir feidhm a bhaint as Meebo.

Is féidir comhrá a bheith agat le daoine eile i seomraí comhrá ina bpléitear ábhar faoi leith amhail scannáin nó grá nó ceol agus araile.

Faigh an leagan Gaeilge ag www.meebo.com/index-ga-Ie

PLURkGread leat Twitter, seo chugainn Plurk!

Cad sa diabhal é Plurk, a deir tú féin?Is suíomh é Plurk inar féidir Plurkanna

(teachtaireachtaí gairide) a fhoilsiú agus inis don saol cad atá ar siúl agat.

Tá cuma spraoíúil ar an suíomh (féach na hainmhithe aisteacha atá ar an scáileán mar shampla).

Tá líne ama ann ar a bhfuil do theachtaireachtaí

agus teachtaireachtaí daoine eile foilsithe.Is féidir leat bheith i do chara le daoine

eile nó bheith mar leantóir daoine eile agus beidh tú in ann teachtaireachtaí na ndaoine sin a léamh.

Ceann de na buntáistí is mó a bhaineann le Plurk ná gur féidir leat do chuntas Facebook agus Twitter a nuashonrú ó Plurk.

Feictear an teachtaireacht chéanna ar an trí shuíomh.

Cláraigh anois ar www.plurk.com

40 www.nosmag.com

Page 41: nós* - eagrán 13
Page 42: nós* - eagrán 13

i gcló

Page 43: nós* - eagrán 13

Má tá aon rud suimiúil léite agat le tamall anuas - is cuma

cén t-ábhar atá ann ná cén teanga ina bhfuil sé! - agus má tá

spéis agat a chur in iúl don domhan mór Gaelach faoi, déan

teagmháil linn ag [email protected] Ag súil le cloisteáil uait!

LEABHAR Á LÉAMH AGAT?

Page 44: nós* - eagrán 13

beatha

Page 45: nós* - eagrán 13

www.nosmag.com 45

beatha

english

The TokenTHE pagE of THE EnglisH languagE communiTy in irEland

“it’s a disgrace really, and i’m surprised it hasn’t been exposed before.”

so said david mcmagerly, in what can only be described as a very heated phonecall to our offices.

mr mcmagerly, currently of no fixed abode, was complaining in colourful language at what he sees as blatant and on-going discrimination against English monoglots on the island.

“irish speakers have had it far too (insert expletive) easy for far too many (insert different expletive) years,” spluttered the newly-self-elected spokesman for the newly-self-established pressure group Bring in anglo-saxon Townlands and regional descriptions.

Showing a fine command of ancient anglo-saxon swear words himself, mr mcmagerly eventually calmed down enough to give us an inkling into the cause of his ire.

apparently it has recently come to his attention that the vast majority of placenames on the island are utterly meaningless in the English language.

“Belfast; what the (insert expletive) does that mean? limavady; anybody got a clue? limerick; is that some

sort of a joke?”“But it wouldn’t be

so bad,” continued the BasTard spokesman, “if we were all in the same boat; but we’re not.

“i overhead some grail growers the other day commenting on how apt the name clones was, because there actually was still a meadow of yew trees in the town.

“and there was me thinking it had something to do with sponsorship by The irish film Board and a

science fiction film.“i asked them, in English

of course, what they were on about, and apparently all these placenames that mean less than duck-all in English have hidden meanings accessible only to those who speak irish.

“i’m afraid that this is a situation up with which i will not put.”

“i’ll be going to the European court with this one; it’s a clear breach of the charter of Human rights based on language

discrimination.”spurred into action, our

team of journalists on The Token decided to do some research of their own into the subject.

almost at random, one of the team casually flicked open the phone directory and phoned up the Horse & Jockey pub in the village of Horse and Jockey, county Tipperary.

He asked the owner if could speak to one of the customers.

“customers?” replied the owner. “on a Tuesday afternoon?”

undaunted, our researcher decided to ask the owner himself about the origin of the unusual placename, enquiring if jockeys, or indeed horses, were known to frequent the locale.

His answer was a model of its kind and bears publishing in full.

“you’ve as much chance of getting a horse and jockey in here,” he said, “as i have of getting a ride!”

Which at least kept up the equine reference.

if you would like to join mr mcmagerly in his campaign to free irish towns of their useless monikers, he can be contacted through our offices, as he currently refuses to live anywhere he can’t understand.

Placenames discriminate against English speakers - BASTARD

HIDDEN MEANING: one of the offending placenames

Page 46: nós* - eagrán 13

bia blasta don saol gasta...beatha

46 www.nosmag.com

Muna bhfuil tú in ann príomhmhias

an lae a roghnú, glac leis an

gcomhairle seo.

• Beidh filléad troisc an duine uait i

dtús báire.• Fág rian ola orthu le scuaibín

cócaireachta agus cur faoin ngriolla iad

i gcomhair 3 nó 4 nóiméad.

• Agus sin á chócaireacht agat, déan

oinniún dearg a ghearradh go mion

agus déan purée as sa phróiseálaí bia.

• Cuir slisíní de chapsicum dearg

amháin leis sa phróiseálaí le dornán

basail, sú líoma iomlán, dhá thráta agus

dornán anainn.• Scaoil le lann an phróiseálaithe arís

le haghaidh 30 soicind, agus beidh do

shalsa réidh!• Ba chóir go mbeadh an trosc réidh

le hithe faoin am seo, agus gan le

déanamh agat ach é a chur ar an bpláta

le cúpla práta rósta agus píosa ime.

• An rud is fearr faoin mbéile seo ná

go bhfuil sé éasca a dhéanamh, nach

nglacann sé i bhfad é a ullmhú agus

go bhfuil sé iontach blasta le gráinnín

salainn agus piobair.

Trosc griollta le salsa Cairibeach

Más rud é nach bhfuil ach greim beag gasta uait, mholfainn go mór

triall a bhaint as an gcaoineog seo. • Caith 100g de shú craobh, banana amháin,

100ml sú anainn, spúnógín meala agus dhá spúnógín ióguirt i

ngloine.• Agus é seo déanta agat, cuir sa phróiseálaí bia i gcomhair 60 soicind é

agus beidh deoch gasta

blasta agat.

Bainigí triall as! Bon appetit!

An bhfuil aon oideas bia agat féin? Má tá seol isteach chugainn iad ag [email protected] agus cuirfidh muid i láthair dhomhan na Gaeilge iad!

Caoineog - Sú Craobh agus Banana

Page 47: nós* - eagrán 13

www.nosmag.com 47

*

“IS BReÁ LIOM AN cAILÍN SA chAThAIR”Sin an méid a bhí le rá ag rí Playboy é féin, Hugh Hefner, agus é ag labhairt le nós* an mhí seo.“Chuala mé daoine ag caint faoin chailín seo ar an raidió le déanaí agus cé nach bhfuil aon phorn ina colún - rud a chuir an-díomá orm mar a thuigfeá - is maith liom an stíl atá aici, agus ba bhreá liom cuireadh a chur uirthi theacht anseo chuig mo mhansion...”Tuigtear go bhfuil an Cailín sa Chathair ar a bealach amach go Los Angeles i láthair na huaire, ar chúis éigin, ach gheall sí dúinn go mbeadh sí ar ais anseo mar is gnáth ar an mhí seo chugainn.

Page 48: nós* - eagrán 13

faiseanagus scéimh

Page 49: nós* - eagrán 13

faisean

Nach aisteach iad na hibridí faisin seo?Céard é an coatigan a deir tú leat féin, bhuel meascán do chóta

agus cardigan is ea é, chomh simplí leis sin!Oh agus stíl na 80’s/Aztec leis.Tá siad áisiúil an tráth seo den bhliain mar corr lá níl se fuar

go leor do chóta a chaitheamh agus coimeádfaidh an coatigan té teolaí tú ach níl sé chomh trom le casóg.

Tá siad il-daite go leor mar sin is fiú an t-éadach eile a bheith breá simplí agus neodrach.

B’fhéidir gur fiú iad a cheannach i méid amháin níos lú mar tá cuid ach ollmhór.

Ní thaitníodh an stíl seo le gach duine ach má bhíonn tú ag lorg ceann tá siad ag Topshop, Urban Outfitters agus H & M.

FOCAIL SINéAD NÍ chURNÁIN

JEGGINGS: Cad iad agus conas iad a chaiteamh

Tá jeggings ar fáil ar fud na gcathracha an séasúr seo.Dóibh siúd nach bhfuil eolach ar céard go díreach iad, is luiteoga (leggings) iad ach tá siad

déanta as mianach brístí géine nó denim.Tá siad áisiúil agus compordach agus an-riachtanach don bhunfheisteas an geimhreadh seo.Tá jeggings ar díol i ngach áit - Penneys, Urban Outfitters, Topshop - agus má tá do bhuiséad

mór go leor, Brown Thomas.Tá sé riachtanach barr fada go leor a chur leis an stíl seo, cosúil le tunic nó cardigan fada a

thagann go dtí do cheathrú.Tá sé éasca buataisí arda a chur le jeggings chomh maith mar tá siad chomh cúng sin, i bhfad

níos fusa ná na skinny jeans mar níl tú ag útamáil le stocaí srl.Nuair a aimsíonn tú an cruth agus stíl ceart iontu seo, ceannaigh dhá phéire.

AN COATIGAN: Hibrid eile faisin

Léinte plaid (check shirts) Buataisí ceathrún le saillí ísle Blazers T-léinte Gúnaí le patrún posies Cardigans Cótaí fionnaidh Cló Liopaird Dearg Riteoga olann Buataisí rúitíní

Stíl na 80’s ie shoulder pads An iomarca sequins ar gach rud Bríste harem Leggings PVC agus sequinsAn iomarca dubh ins na siopaíooAn séasúr seo is maith linn... Ach táimid saghas bréan de...

www.nosmag.com 49

Page 50: nós* - eagrán 13

50 www.nosmag.com

faisean

Is mó fear atá míshásta lena n-aghaidh a bhearradh ná atá sásta. Idir bhearrthóirí

leictreacha, chartúis 2-lann, 3-lann, 4-lann agus 5-lann agus rásúir le hinneall istigh iontu, cheapfá go mbeadh an rogha leathan go leor go mbeadh an uile fhear sásta.

Ach tá costas na lann “is fearr” an-mhór, ní ghearrann na bearrthóirí leictreacha an fhéasóg gar go leor don chraiceann, agus ní féidir le roinnt fear bearradh ach gach dara lá toisc go ndónn na lanna an craiceann.

Muna mbearrann tú ach corruair in aghaidh na seachtaine nó fiú uair in aghaidh na coicíse toisc nach gá duit aghaidh ghlan a bheith agat gach lá, déanfaidh an bearrthóir leictreach nó na cartúis 3-, 4- nó 5-lann cúis.

Tá sé deacair d’aghaidh a ghearradh leis na cartúis seo, ach a luaithe a bhearrann tú dhá lá i ndiaidh a chéile, dófar do chraiceann agus beidh fuil ar d’aghaidh.

Ní féidir le do chraiceann déileáil leis an tarraingt agus gearradh a dhéanann

na cartúis il-lainne ar an bhfalacail ribe, in ainneoin éileamh na gcomhlachtaí móra go dtairgeann siad na lanna is fearr.

Má bhearrann tú gach lá, nó más maith leat bearradh níos minice ná gach 2-3 lá, is fearr rásúr sábháilte leis na lanna défhaobhracha (double-edged nó DE) a cheannach.

Tá an dearadh défhaobhrach orthu toisc nach gá duit an rásúr a ghlanadh san uisce gach cúpla soicind ós rud é gur féidir díreach an rásúr a chasadh thart agus an

rogha na rásúr

“A laghad lann ar an rásúr is ea is fearr é do do chraiceann, rud nach ndéarfaidh na comhlachaí móra leaT.”

Page 51: nós* - eagrán 13

www.nosmag.com 51

FOCAIL FéLIM BORLAND

taobh eile den lann a úsáid chun leanúint ar aghaidh leis an mbearradh.

An fáth a bhfuil na rásúir seo níos oiriúnaí don bhearradh laethúil ná toisc nach dtarraingíonn siad ar an gcraiceann óir nach bhfuil ach lann amháin ar an rásúr.

A laghad lann ar an rásúr is ea is fearr é do do chraiceann, rud nach ndéarfaidh na comhlachaí móra seo leat toisc go bhfuil brábús ollmhór á dhéanamh acu ar na cartúis il-lainne.

Beidh cuma i bhfad níos fearr ar do chraiceann má bhearrann tú go laethúil leis na rásúir shábháilte agus beidh i bhfad níos lú gearrthacha ar d’aghaidh dá bharr.

Seachas go bhfoghlaimeoidh tú conas bearradh i gceart ar an seanstíl, tá buntáistí praiticiúla eile ag baint leis na rásúir shábháilte agus na lanna

défhaobhracha.An buntáiste

praiticiúil is mó ná an tsábháil airgid a bhíonn i gceist leo: cosnaíonn gach lann dhéfhaobhrach idir 30c agus 60c.

Cuir sin i gcomparáid le costas cheann de na cartúis is costasaí ar an margadh, cartúis an Gillette Fusion a chosnaíonn ¤3.75 an ceann!

Chomh maith leis an airgead breise a shábhálfaidh tú arbh fhearr a chaitheamh ar rudaí eile, beidh tú ag déanamh do chuidse ar son na timpeallachta toisc a laghad pacáistiú a úsáidtear.

Más maith leat athrú chuig na lanna défhaobhracha, beidh ort rásúr cuí a cheannach ón rogha leathan rásúr atá amuigh ar an margadh.

Agus tú ag tosú amach, is féidir rásúr sábháilte saor agus 5 lann a cheannach in Boot’s ar ¤4.50.

Tar éis roinnt cleachtaidh, b’fhéidir go mbeadh suim agat ceann de na rásúir dheasa a cheananch, ar nós aon cheann de na cinn a dhéanann Merkur, Muhle, nó Parker.

Má tá sean-Gillette ag duine de do mhuintir - ar nós an Gillette Fat-Boy nó an Gillette Superspeed - is féidir é sin a úsáid nó ceann a cheannach ar Ebay.

Tá gach lann dhéfhaobhrach oiriúnach do gach rásúr sábháilte - ní chaithfidh tú cloí le lanna dhéantúsóir an rásúir.

Foláireamh amháin - ná húsáid an rásúr sábháilte ar

nós na gcartús il-lainne.Má chuireann tú aon

bhrú ar an rásúr i gcoinne d’aghaidhe, seans maith go ngearrfaidh tú tú féin.

Lig don rásúr agus lann an obair a dhéanamh agus

beidh an bearradh i bhfad níos compórdaí.

Seans go mbeidh ort dhá iarracht a

dhéanamh in aon seisiún bearrtha

amháin, ach is fiú go mór an t-athrú

a dhéanamh. *

AN cAIGhDeÁN BeARRThA:

Rásúr de chuid Muhle

Page 52: nós* - eagrán 13

taisteal

Page 53: nós* - eagrán 13

www.nosmag.com 53

Chodail mé néal ar an bhus go dtí Ponferrada, agus nuair a bhain muid

an áit sin amach, bhí muid réidh le tuilleadh codalta a dhéanamh.

D’éirigh linn lóistín a fháil sa tseanbhaile (ar dheis) cóngarach do Chaisleán na dTeamplóirí.

Bhí na seomraí néata, compordach agus fionnuair.

Chuaigh muid amach an tráthnóna sin le haghaidh greim bídh agus cúpla deoch.

I dtaca le cúrsaí beorach de, is é Estrella Galicia agus Cruzcampo an dá dheoch ba mhó a raibh dúil againn iontu.

Réalt de bheoir atá in Estrella Galicia.

Tá boladh cumhra leannlusach uirthi

le blas briosc glan agus fóireann sé

go maith do

shliogéisc, go háiríthe clocháin mhóra.

Déanta na fírinne, áfach, d’fhóir sé go maith do gach bia againne, bíodh sin píotsa, stéig, sceallóga, uachtar reoite, inchinn mhoncaí nó eile.

Bhí sé de bhuaibh na beorach sin gur chuir sé orainn neamhchás a dhéanamh de gach brón agus buaireamh a bhí orainn, de na piantaí sna cosa, agus den aistear fada a bhí romhainn amach.

Mar sin féin, leannán fealltach a bhí inti, nó más go mór a chuaigh muid ina muinín san oíche, is mó arís a bhí éiric an tsó le díol achan mhaidin i ndiaidh dúinn oíche a chaitheamh ina cuideachta.

Maidin ró-dhona acu seo a bhí ann nuair a d’fhág muid Ponferrada le haghaidh a thabhairt ar cheann scríbe an lae sin .i. Villafranca del Bierzo.

D’ardaigh ar an spionn s’againne de réir mar a tháinig muid chugainn féin, agus bhí achan sórt go breá nuair a stop muid i Fuentes Nuevas leis na céadlonga a bhriseadh.

Go cionn cúpla uair ina dhiaidh sin, is ag siúl trí

thalamh oscailte a bhí muid, agus ní raibh díon ar bith

le fáil ó theas na gréine go dtí gur stop muid ag

fíonghort le blaiseadh

a fháil den fhíon dearg a bhí á dhéanamh acu.

Bhí fáilte roimh an scríste agus roimh an fhíon dár ndóigh, ach chuir sé leis an tuirse, agus bhí muid marbh ar ár gcosa nuair a bhain muid Cacabellos amach, áit a raibh lón againn.

Do dhobair dom titim i mo chodladh ag an tábla, a bhuí leis an oíche mhall a bhí agam an oíche roimhe sin agus leis an fhíon a bhí agam roimh an dinnéar.

Mar sin féin, d’éirigh muid agus thug muid faoin tsiúl arís go lagmhisniúil.

Bhí an deich gciliméadar sin idir Cacabellos agus Villafranca del Bierzo ar an tráthnóna ba mhíphléisiúrtha a chaith mé riamh i mo shaol.

Ní raibh ann ach teas agus allas mullaigh bhréige. Bhí muid claoite caite ag tarraingt

isteach go dtí an Plaza Mayor i Villa Franca del Bierzo.

Bhí spuaic dhíbheirgeach i ndiaidh ardú ar mo chois chlí agus bhí tinneas cinn orm i ndiaidh bheith ag siúl trí theas neamhthrócaireach an iarnóin.

Mar sin nuair a thosaigh pensionista ar an plaza ag screadaigh go polltach ar bharr a cinn fá na seomraí a bhí ar cíos aici, bhí cathú millteanach ceann de mo bhrógaí siúil a bhaint díom agus í bhualadh go bás leis.

Chloígh mé an cathú sin, áfach, agus mar dhíoltas, ghlac muid lóistín go díreach in aice leis an pension s’aici, san Óstán San Francisco.

Díoltas leamh polltónach a bhí sa mhéid sin, agus bhí orainn aghaidh a thabhairt ar chruatan móranachaineach eile ina dhiaidh sin .i. ar na spuaiceannaibh.

taisteal

Go fóill ar an Camino cuid 3Filleann Seoirse dochloíte Mac Giolla an Chloig go caithréimeach ar scéal an Camino de Santiago i ndiaidh dó a shos bliantúil a ghlacadh ag teagasc Gaeilge Oirthear Uladh do bhundúchasaigh an Choiré Thuaidh, agus do mhiontreibheannaí eile....

*

Page 54: nós* - eagrán 13

54 www.nosmag.com

Cosúil le gach Éireannach eile, theastaigh uaim éalú ón ndrochaimsir thar an samhradh

agus píosa den ghrian a fheiscint.I mí Lúnasa, chuas ar saoire le

beirt chara go dtí Puerto del Carmen i ndeisceart Lanzarote.

Ní dheachaigh muid ar saoire tar éis na hArdteiste anuraidh agus mar sin, shocraíomar sos a thógaint gan ár dtuismitheoirí sula bhfillfimís ar ais ar an gcoláiste!

Agus muidne ag cur na saoire in áireamh ar line, ba chuma linn cén áit a rachaimís – ní rabhamar ag lorg aon rud ach an ghrian!

Bhí cúpla tairiscint ar fail go Puerto del Carmen de bharr gurb é rogha na

coitiantachta do thurasóirí le fada an lá.Fuaireamar lóistín árasáin ar feadh

seachtaine chomh maith le ticéidí eitleáin agus ticéidí bus le haghaidh ¤450 an duine.

Pacáiste taistil a bhí á tairiscint ag Falcon Travel agus an comhlacht Thompson.

B’aoibhinn agus b’ait an rud é seasamh amach as an eitleán agus aer deas teo a mhothú!

Bhí an t-ádh dearg linn maidir leis an aimsir: bhí sé idir 33 agus 36 céim gach lá le leoithne deas bog.

Bhíomar lán sásta leis an árasán a fuaireamar - Cinco Plaza b’ainm dó le féinseirbhís agus gach áis nua-aimseartha.

Á GhLAcADh ‘GO RéIDh’Don chéad cúpla lá thógamar go réidh é.

Tá trá deas fada ann atá cóngarach do gach rud - agus muna dteastaíonn uait luí ar an ngaineamh don lá ar fad d’fhéadfá dul amach ar bád mangaireachta nó dul ag curachóireacht.

Istoíche chuamar chuig an sean-bhaile le haghaidh béile.

Ní thógann sé ach cúig nóiméad sa tacsaí agus ní chosnaíonn sé ach ¤3 agus is fiú dul ann.

Tá na bialanna is fearr ar fáil sa sean-bhaile agus na radharcanna is deise.

Tá sé lonnaithe ar chuan beag ciúin. Is suíomh iontach síochánta é an sean-bhaile agus mholfainn d’éinne dul ann i gcomhair béile.

taisteal

chuaigh úna Ní chárthaigh agus a cairde go lanzarote an samhradh seo chun éalú ó fhearthainn na héireann. Seo a shíl sí den oileán...

ag éalú ónmbáisteach

Page 55: nós* - eagrán 13

www.nosmag.com 55

Ansin, agus muid lán de bhia álainn, d’fhilleamar ar ais ar an nuabaile do phíosa damhsa is dí!

Tá méid ollmhór clubanna óiche suite ar an bpríomhbhóthar agus tá formhór dóibh saor in aisce.

Tosnaíonn an ceol timpeall a deich agus ní stopann sé go dtí a seacht a chlog ar maidin!

De bharr go bhfuil gach duine ar saoire ann tá atmaisféar brea spraoiúil ann an t-am ar fad.

An t-aon rud amháin nár thaithin liom ná go bhfuil ionadaithe taobh amuigh ag iarraidh ort dul isteach agus bíonn siad do do chrá an oíche ar fad!

Is áit tráchtála é Puerto del Carmen a bhfuil formhór na comhlachtaí agus

áiseanna dírithe ar thurasóirí.Dá bharr, tá do rogha de

ghníomhachtaí le déanamh ann.Bíonn turasanna ag fágaint gach lá

go “Ranch Texas”, páirc uisce, ionad siamsaíochta nó ar thuras báid.

Chuamar ar thuras chuig an bpáirc uisce i Fuertaventura – ceann de na hoileáin Chanáracha – ar feadh lá amháin.

Spórt maith a bhí ann ach níl an méid céanna de ghníomhachtaí ar fáil ann is atá sna cinn cosúil leis ar mhór-roinn na hEorapa.

BUAIc AN LUAIMhAch an rud is fearr a rinneamar ná chuamar ar thuras luaimh, nó yacht.

Cosnaíonn sé ¤50 chun dul ar an ‘Catalina’ agus is fiú é le haghaidh lá lán

de spraoi agus spórt.San áireamh faigheann tú béile, pé

méid dí agus is mian leat, agus téann tú ag tumtha agus faigheann tú turas ar jetski.

Am iontach atá ar fáil – mholfainn go mór é.

Bhain mé féin agus mo chairde an-sult as an tseachtain, agus muna raibh tú ann cheana, mholfainn duit chun dul.

Mar sin féin ceapaim nach rachainn ar ais don dara huair.

De bharr gur áit bheag í, braithim go bhfuil sé feicthe agam anois.

Ach is áit dheas í ina gcuirtear fáílte mhór roimh thurasóirí, má tá tú ag iarraidh an bháisteach lofa a sheachaint agus do scíth a ligean – is í Puerto del Carmen an áit duit! *

Page 56: nós* - eagrán 13

ar taispeáint

Page 57: nós* - eagrán 13

ar taispeáint

www.nosmag.com 57

-

cuid 2

Page 58: nós* - eagrán 13

58 www.nosmag.com

taispeáint

Ansin, píosa beag suas ar an tsráid chéanna, trasna ón George, bhuail mé isteach sa dá bhosca

choimhthíocha seo (thuas).Bhí bosca acu déthoiseach bán,

ach an ceann eile tríthoiseach dubh le teachtaireacht scríofa air: “Admhaigh dó chuid rún anseo.”

Chomh maith leis sin thug mé faoi deara seoladh idirlín, www.myspace.com agus LetterBoxDublin, focal amháin.

Cén bhrí a bhí leis?An é seo macasamhail

chomhaimseartha de chrann darach bearbóir Labhraí Loingsigh a raibh dhá chluas capaill air?

Nó an gadaithe rún a bhí ar a chúl, gléasta in éideadh caorach.

Nó cosantóirí an chorr agus an aisteachais?

Nó an tionscnamh coláiste ealaíona a bhí ann?

An bhfuil gile agus gealltanas sa chuspóir nó an dubh chailleachaí nua-aoiseacha na hintinne atá ag seilg ar éiginnteacht an duine fháin, díomhaoin.

Scríobh mé síos an rún a ba dheacra domh admháil agus sheol mé sa bhosca litreach é, ach ní fios domh anois an dtearn mé feall orm féin nó ar an té a léighfeas an admháil shearbh throm nár éirigh liom riamh slogadh agus a tharraing mé aníos ó chraos mo ghoile géar.

D’fhág mé an suíomh sin mar a bhí, i ndiaidh grianghraf a ghlacadh, agus lean mé ar mo thóraíocht ag fiosrú na leideanna, ach ní raibh mé réidh don chead chomhartha eile a d’ionsaigh m’amharc forimeallach (thíos).

Bhí siad ag dul i dtreis.Chuimhnigh mé ansin cá bhfaca mé a

macasamhail aroimhe agus bhuail íoróin an scéil mé; is mór an chosúlacht atá acu leis na fir bheaga dhearga a fheictear ar na soilse tráchta a bhíos ag gach coirnéal den chathair ag cur in iúl do dhaoine STAD.

Bhí eagla orm, ach shiúl mé liom mar sin féin.

Stad beirt thurasóir meánaosta agus d’amharc siad orm ag glacadh grianghraif den leid seo: níor labhair siad.

Cosúil liom féin, b’fhéidir gur thuig siad gur dúcheist a bhí ann, agus nár chóir a bheith ag cur barraíocht ceisteanna.

Fuadaíodh daoine sa tír seo, agus i dtíortha eile, ar pheacaí ní ba lú.

Ansin, fuair mé an suaitheadh a ba mhó den iomlán, ar mo shiúl suas Sráid Thomáis, thug mé faoi deara go raibh an fear beag dubh i ndiaidh foirm thríthoiseach a ghlacadh, agus cé go raibh duine inteacht i ndiaidh na cosa a bhriseadh aige bhí sé soiléir gurbh é an

an mhi seo caite mhinigh eoin dic duinn cad a bhi feicthe aige ar shraideanna bhaile atha cliath.ach ca hait a nglacfaidh na comharthai anois e?

- -- -

-

-

-- -

-

Page 59: nós* - eagrán 13

www.nosmag.com 59

fear beag dubh céanna é ach go raibh sé tar éis forbairt go dtí an fhoirm trí-thaobhach (ar dheis).

Rinneadh staic eagla domh.Shocraigh mé pilleadh na bhaile agus

mo chuid smaointe a fháil i gceann a chéile.

Bhí m’intinn i siabhrán agus mo smaointe gaibhte le brí na gcomharthaí.

Choinnigh mé súil thar mo ghualainn, agus súil eile ar na ballaí.

Nuair a d’amharcfainn síos tchífinn comharthaí eile faoi mo chosa, go dtí, sa deireadh, go raibh comharthaí i ngach áit.

Bhí mé ar seachrán.Seo comhartha a fuair mé ar leacán

coise ar Fhaiche an Choláiste (ar dheis).Tá a fhios agam go bhfuil brí agus

míniú leis ach go fóill ní féidir liom ciall a dhéanamh dó.

Bhí an ghrianghraif seo glactha sular thuig mé an mhéid a bhí déanta agam.

Casadh an scáthán orm féin agus rinneadh ala mhagaidh domh.

Ag an am chéanna, cuireadh in iúl cad chuige an ndéanfadh siad a leithéid de rud sa chéad dul síos.

Ach, ina mhullach air sin, chonacthas domh fosta go raibh duine inteacht le huirlis maol ag iarraidh damáiste a dhéanamh domh go pearsanta mar indibhidiúil.

An é go raibh siad ag iarraidh mé a cheapadh san fhoirm dhéthoiseach agus ansin deireadh a chur liom, mé a thiontú isteach i m’fhear beag dubh a bheadh ag rá STAD, nó i mo phéire súile amhrasacha géara ag déanamh breithiúnais ar ealaín nó ar agóid nó ar mhíshuaimhneas an chine dhaonna?

Nuair a ghlac mé an ghrianghraf sin bhí an gníomh deireanach déanta agam.

Bhí mé sainithe acu; curtha i bpríosún ar chúl barraí iarrainn agus m’anam stróctha amach, mo cholainn pollta.

Bheir siad orm.Ní raibh aon teacht ar ais as seo.Níl fágtha ach seans inse díbhse gan

siúl isteach sa dol céanna.Beidh an bhua acu sa chogadh

dúmháil síceolaíochta atá á throid acu ar na sráideacha nó tá buana breise acu, tá siad dofheicthe agus tá siad eagraithe agus tá siad ár gcoimhéad.

Dhéanfaidh siad seilg i gcónaí don sealgaire, mar a rinne siad domhsa.

*

Page 60: nós* - eagrán 13

léargas

Page 61: nós* - eagrán 13

léargas

Cíorann Colin Ryan cás casta na hAfganastáineTír Scoilte

Page 62: nós* - eagrán 13

62 www.nosmag.com

léargas

Sa bhliain 1842 scríobh an náisiúnaí Éireannach Thomas Davis roinnt

alt ar an Afganastáin don nuachtán an Citizen, ailt a raibh tréas iontu.

Bhí saighdiúirí na Breataine ag troid ann ag an am d’fhonn teorainn na hIndia a dhaingniú agus a chosaint (agus, ar ndóigh, le heagla roimh thionchar na Rúise).

D’fhiafraigh sé cérbh iad na hAfganastánaigh agus cén fáth ar chóir do na hÉireannaigh taobhú leo, agus rinne amach go raibh na hAfganastánaigh ag iarraidh ionraitheoirí a dhíbirt agus gur spreagúil an sampla iad.

Bhí Éire féin faoi chuing agus ba chóir d’Éireannaigh gan cuidiú le smachtú na nAfganastánach, nó ní bheadh rath i ndán do na náisiúin.

cOGADh cOSTASAchTháinig cor nó dhó sa scéal ó shin.

Anois tá fórsaí an Iarthair ag iarraidh an Afganastáin a chosaint uirthi féin; is gá an Talaban a chloí, rialtas gan éifeacht a neartú agus pobal na tíre a mhisniú.

Al-Qaída a ba thúisce tharraing na fórsaí sin ar an áit, ach deirtear go bhfuair al-Qaída dídean in áiteanna eile ó shin.

Leanann an comhrac, mar sin féin; tá idir dhóchas agus éadóchas ann, agus is minic daoine á rá anois go bhfuil an cogadh caillte. Ní deacair an fhianaise a fháil.

Admhaíonn cách gur réiteach polaitiuil atá ag

teastáil i ndeireadh na dála, ach sin an áit ar mó atá an cliseadh: tá pobal na hAfganastáine (dream a bhfuil an-éagsúlacht ag roinnt leo) bréan de rialtas lag atá ag brath ar bhithiúnaigh, ar chaimiléirí agus ar eachtrannaigh a dhéanann botúin mharfacha.

Aithnítear anois gur dream dúchasach daingnithe iad an Talaban, ach chuirfí an lasóg sa bharrach dá dtabharfaidís iarracht ar an bpríomhchathair Cabul a ghabháil - iarracht a thabharfar luath nó mall.

Tá a fhios ag rialtais an Iarthair (iad siúd a chuir saighdiúirí chun na hAfganastáine) go bhfuil a bpobal féin ag éirí bréan den scéal: cogadh mírathúil i bhfad ó bhaile, a gcuid saighdiúirí á marú ann nó – rud is measa, b’fhéidir – á ngortú go dona.

Anseo san Astráil ceiltear ainmneacha na saighdiúirí gortaithe, rud a fhágann pobal na tíre dall ar cé chomh géar is atá an troid. (Is beag fáilte a chuireann an t-arm roimh iriseoirí ach oiread.)

Mar sin féin, éilíonn na ginearáil breis fórsaí, fiú agus a fhios acu gurb iad na polaiteoirí a chaithfidh an scéal a leigheas.

Ní beag é an costas: caitheann an Astráil os cionn $30 milliún in aghaidh na bliana.

RIAIL AN TALABANTá an tIarthar á fháil amach arís nach bhfuil sé i ndán dó dul i gcinsealacht sa tír cheanndána dheacair

ilchineálach úd, más le dea-mhéin féin é.

An Talaban atá dulta i gcinsealacht; deirtear go bhfuil siad lonnaithe go daingean i 70% den tír ar a laghad. Ní mór an cion atá ag formhór an phobail orthu, ach tugann siad leo rudaí nach bhfuil le fáil ón rialtas – síocháin, slándáil agus riarthóireacht rianúil.

Tá ainm na cothroime ar a gcúirteanna áitiúla, agus tá fear déanta cirte (ombudsman) dá gcuid le fáil i gCandahar.

Is mairg anois don cheannasaí Talabanach atá ciontach as mursantacht – tugtar bata agus bóthar dó mura mbásaítear é.

Tuigeann an Talaban anois go dtarraingíonn ansmacht gráin.

Tá leabhrán trí leathanach déag curtha amach acu a deir go gcaithfear roinnt go maith le bunadh na háite agus nach ceart daoine a bhású gan triail – comhairle ba chóir a thabhairt agus a chur i bhfeidhm tamall maith ó shin, más fearr mall ná riamh.

Ní bhacann sin orthu corrionsaí uafásach a dhéanamh, mar a tharla le déanaí lasmuigh d’Ambasáid na hIndia i gCabul agus slua sibhialtach (a lán ban ina measc) marbh dá bharr.

Níor chaill an chuid is crua den Talaban a seantréithe: tuiscint chúng ar an gCóran, dearcadh diúltach i leith na mban, agus an bhaint atá ag a bhformhór leis an gcuid is coimeádaí den treibh is láidre

– Paistiúnaigh an deiscirt (agus mímhuinín acu dá réir as dreamanna eile).

Ach ní mór a chuimhneamh go dtugtar ‘Talaban’ ar dhreamanna difriúla – díograiseoirí ón bPacastáin, mílisteoirí áitiúla, tiarnaí cogaidh, agus daoine nach bhfuil de rogha acu ach dul leis an lámh is láidre.

Ní furasta i gcónaí dílseacht daoine a mheas. Deirtear gur éirigh le ceannaire treibhe amháin ar a laghad a naimhde a scrios trí shaighdiúirí Astrálacha a shaighdeadh iontu le faisnéis bhréige.

Ar an taobh eile, tá na hAstrálaigh agus saighdiúirí eile go maith chun tionscadail

“Is mairg anois don cheannasaí Talabanach atá ciontach as mursantacht – tugtar bata agus bóthar dó mura mbásaítear é. Tuigeann an talaban anois go dtarraingíonn ansmacht gráin.”

Page 63: nós* - eagrán 13

www.nosmag.com 63

bhonneagair a thosú agus a chothú: ach cén t-iarsma a fhágfaidh siad ina ndiaidh?

SeANSAOL AR AISCiallaíonn seo go bhfuil an seansaol ag teacht ar ais ar a sheanléim, de réir mar a shamhlódh an Talaban.

Tá corrdhifríocht ann – féach an brabach a bhaineann saighdiúirí Dé as saothrú na bpoipíní (saothrú a cháin an Talaban go géar ar dtús, ach ní féidir leo teacht gan airgead).

Má theipeann glan ar an rialtas an tír a rialú le héifeacht, is beag an tairbhe d’fhórsaí NATO agus SAM (a bhfuil tuairim is 100,000 duine acu ann) a ndícheall a dhéanamh.

Luath nó mall, tabharfaidh siad cúl leis an tír agus an obair gan chríochnú.

Tá arm na hAfganastáine ag cruthú maith go leor, más fíor, ach ní thig leo gaisce polaitiúil a dhéanamh. Beidh ladair eile á gcur sa mhias fós.

Is fada an India agus an Phacastáin ag dul in iomaíocht ann, ach sin gnó na seirbhísí rúnda; ar éigean a chuirfidís saighdiúirí thar teorainn isteach.

Idir an dá linn tá na gnáthdhaoine ag éalú ó lámh láidir an dá thaobh; tógann cuid acu botháin ainnise lasmuigh de Chabul, áit a ndéanann an rialtas faillí iontu, baineann cuid eile amach an Phacastáin, tagann cuid eile

fós chomh fada leis an Astráil agus iad ag tnúth le dídean.

AchRANN ROMhAINNIs gearr ó dúirt feidhmeannach Briotanach go bhféadfaimis cur suas leis na drugaí nó leis na tiarnaí cogaidh, ach gur scéal eile ar fad iad an Talaban.

A mhalairt de phort a chloistear anois, agus is beag trácht a dhéantar ar al-Qaída a chloí.

Is fearr rith maith ná drochsheasamh. Ach má thagtar ar chomhréiteach san Afganastáin is treise fós a bheidh an Talaban sa Phacastáin, agus ansin íocfaidh an tír úd i gceart as an gcabhair a thug cuid de na

seirbhísí rúnda do laochra Dé.Níl bunús cultúrtha leis

an teorainn (líne chaothúil a tharraing na Briotanaigh i ndeireadh an 19ú haois), agus ní raibh smacht ceart riamh ag na húdaráis náisiúnta (nó impiriúla) ar cheantair ‘threibheacha’ na Pacastáine.

Orthu sin tá an Vaisíreastáin, áit a bhfuil an seansaol beo agus a bhfuil an Talaban fódaithe.

Anois tá siad siúd ag fuineadh in aice na mine, agus is léir ó na hionsuithe a rinne siad le déanaí i Lahór gur fearann cogaidh acu an limistéar uile.

Tá faobhar ar fhearg na bhfíréan agus leanann léirscrios í. *

RéIDh I gcÓNAÍ: Trodaithesan Afganastáin

Page 64: nós* - eagrán 13

liostaimeachtaí

Tá nós* ag cur le chéile liosta nua de na himeachtaí is fearr atá ar siúl sa saol Gaelach in Éirinn agus thar lear.

Cuir d’imeacht féin sa liosta!Seol rphost chuig [email protected]

CEOLNUA STUIFFTRAD SCANNÁIN EILE CEOLNUA TR

Page 65: nós* - eagrán 13

CEOLNUA STUIFFTRAD SCANNÁIN EILE CEOLNUA TR

www.nosmag.com 65

Club ChronáinRanganna Seite 7 Sean-Nós Gach Aoine, 8.00in-10inCeol, Rince & Amhránaíocht Gach Aoine, 9.30in, €[email protected]

Glór na Móna Oíche Ghaelach le ceol traidisiúnta, amhráin Ghaeilge agus tráth na gceistCumann Ghort na Móna, gach dara Déardaoin sa mhí

Gaeil Óga Oirialla Oíche Ghaelach le craic agus ceol sa The Real McCoy, An Mullach Bán, Ard Mhacha TheasAoine dheireannach den mhí

Fleadh FeirsteFéile úrnua ag croí Cheathrú Gaeltachta Bhéal Feirste. Imeachtaí teaghlaigh, trad agus go leor eile. 26-29 Samhain.www.fleadhfeirste.com

Club DhaonphoblachtFéach www.peoplesrepublicofcork.com le haghaidh an eolais is déanaí ó Chontae na gCeannairceach. Eagraítear an club go rialta i lár na cathrach.

Club Chonradh na GaeilgeSpraoi Gaelach ag Oíche na Mac Léinn, gach oíche Mháirt ag Club an Chonartha, Sráid Fhearchair, BÁC.Ná caill é má tá tú más mac léinn sa phríomhchathair tú!

Na Cnocadóirí Siúlóidí rialta Gaeilge i sléibhte Bhaile Átha Cliath 7 Chill Mhantáin. Fáilte roimh bhaill nua i gcónaíwww.cnocadoiri.com

An DroicheadRéimse leathan imeachtaí ar siúl gach seachtain sa lárionad ar Bhóthar Ormeau, Béal Feirste.www.androichead.com

Oireachtas na SamhnaTá príomhimeacht na Gaeilge ar siúl i Leitir Ceanainn, Dún na nGall, ó 28 Deireadh Fómhair ar aghaidh i mbliana leis an ghnáthmheascán den siamsa agus spraoi is fearr sa tír.Tuilleadh eolais ar lgh 16-18

Tá Cumann Carad na Gaeilge ag tosú as an nua chun cairdeas a chothú idir Gaeilgeoirí ar fud na cruinne. Tá tús nua ann don iris a chéadfhoilsíodh i Meiriceá sa bhliain 1881.I gcló agus ar fáil anois! Scéalta, dánta, seanchas agus níos mó!

Gach eolas ag www.angaelmagazine.com

An GaelIrisleabhar Idirnáisiúnta na Gaeilge

CEOL NUA

EILE

STUIFFTRAD

Page 66: nós* - eagrán 13

66 www.nosmag.com

Le SÍNTIÚS BLIANA:• Faigheann tú gach eagrán sa phost gach mí• Sábhálann tú airgead ar phraghas clúdaigh na hirise• Coinnítear ar an eolas tú faoi imeachtaí speisialta nós*

ÍOc:• Ar líne le cárta creidmheasa trí PAYPAL ag www.nosmag.com• Le seic/ordú poist. Díreach roghnaigh an costas ceart (féach bocsa) agus seol an íocaíocht agus an fhoirm thíos go:

nós*PO BOX 188An tIúr/NewryBT35 5BA

AINM / NAME: ........................................................................

SeOLADh / ADDRESS: ...................................................................................................................

.............................................................................................................................................................

.............................................................................................................................................................

RPhOST / EMAIL: ..................................................................

glac síntiús linn

éire ¤40 / £36Sasana, Alba, cymru £40An eoraip ¤70cuid eile den Domhan ¤80

subscribe nowand put nós*in your hands!

do shaol ar fad, gach lá

Page 67: nós* - eagrán 13

do shaol ar fad, gach lá

nuacht24tairseach úr nuachta le físeáin laethúla agus na scéaltaí is déanaí ag teacht chugat gan mhoill ag www.nuacht24.com

náisiúntaidirnáisiúnta

gaeilgegnó

ealaÍOnaspórt

Page 68: nós* - eagrán 13

*