Bunreacht USI

60
Bunreacht Aontas na Mac Léinn in Éirinn Léagan is deanaí

description

Sé Bunreacht an doiciméad a rialaíonn an tAontas - cauthfidh gach rud a dhéanann an Aontas comhlíontach leis an mbunreacht.

Transcript of Bunreacht USI

Page 1: Bunreacht USI

 

Bunreacht    Aontas  na  Mac  Léinn  in  Éirinn    

Léagan  is  deanaí    

Page 2: Bunreacht USI

Le héifeacht ón 2 Iúil, 2012, arna leasú ó am go ham ag Comhdhálacha Bliantúla de chuid Aontas na Mac Léinn in Éirinn agus ag cruinnithe de chuid Chomhairle Náisiúnta Aontas na Mac Léinn in Éirinn faoi seach.  

Clár na nÁbhar Brollach……………………………………………………………………………..……Leathanach 3

Airteagal 1……………………………………………………………………Leathanach 4

Teideal na hEagraíochta

Airteagal 2……………………………………………………………………Leathanach 4

Ballraíocht

Airteagal 3……………………………………………………………………Leathanach 5

Bunphrionsabail Aontas na Mac Léinn in Éirinn

Airteagal 4……………………………………………………………………Leathanach 5

Rialachas agus Struchtúir Déanta Beartas Aontas na Mac Léinn in Éirinn

Airteagal 5……………………………………………………………………Leathanach 8

Bord na nOifigeach

Airteagal 6……………………………………………………………………Leathanach 15

An Coiste Stiúrtha agus Toghchán

Airteagal 7……………………………………………………………………Leathanach 17

Coistí agus Painéil Chomhairleacha

Airteagal 8……………………………………………………………………Leathanach 18

Eagraíochtaí Seachtracha

Airteagal 9……………………………………………………………………Leathanach 18

Cúrsaí Airgeadais an Aontais

Airteagal 10.…………………………………………………………………Leathanach 22

Forálacha Ilchineálacha Sceideal A………………………………………………………………………………..Leathanach 25

Ballraíocht Sceideal B………………………………………………………………………………..Leathanach 29

Airgeadas Sceideal C………………………………………………………………………………..Leathanach 31

Nósanna Imeachta Sceideal D………………………………………………………………………………..Leathanach 36

Toghcháin Sceideal E………………………………………………………………………………..Leathanach 39

Na Buanorduithe Sceideal F………………………………………………………………………………..Leathanach 48

Comhaontú TríthaobachNUS-AMLÉ Sceideal G………………………………………………………………………………..Leathanach 48

Sainmhínithe Sceideal H………………………………………………………………………………..Leathanach 49

Page 3: Bunreacht USI

Painéil Chomhairleacha Sceideal I………………………………………………………………………………..Leathanach 50

Nósanna Imeachta agus Conarthaí Fostaithe Sceideal J………………………………………………………………………………..Leathanach 51

An Lámhleabhar um Rialachas agus Nósanna Imeachta Sceideal K………………………………………………………………………………..Leathanach 52

Meabhrán agus Airteagail Chomhlachais UnionofStudents in Ireland Members’ ServicesLimited

Sceideal L………………………………………………………………………………..Leathanach 53 Meabhrán agus Airteagail Chomhlachais UnionofStudents in Ireland Limited

Page 4: Bunreacht USI

Brollach:

Tagaimidne, na hAontais Mhic Léinn a dhéanann ionadaíocht do

mhic léinn in Éirinn, le chéile leis seo agus cuirimid aontas ar bun

chun ionadaíocht a dhéanamh dár mbaill ar an leibhéal náisiúnta agus

idirnáisiúnta.

Déanfaidh an tAontas ionadaíocht do na mic léinn uile agus beidh sé

ina eagraíocht ionadaíochta do mhic léinn ar bhonn náisiúnta agus

idirnáisiúnta.

Beidh an tAontas ina chónaidhm a bheidh rialaithe go daonlathach, a

dhéanfaidh ionadaíocht do chearta mic léinn agus a rachaidh i mbun feachtas

ar a son gan chlaontacht, gan fhaitíos agus gan fhabhar, agus a mbeidh meas

aici ar thuairimí éagsúla i measc a cuid ball, ach a bheidh cuntasach do na

baill uile i bhfeidhmiú a cuid dualgas.

Page 5: Bunreacht USI

Airteagal 1: Teideal na hEagraíochta

1.1   Is é ainm aontas náisiúnta mic léinn na hÉireann Aontas na Mac Léinn in Éirinn – arna ghiorrú mar A.M.L.É. nó i mBéarla; the Union of Students in Ireland – arna ghiorrú mar U.S.I., dá ngairfear ‘an tAontas’ anseo ina dhiaidh seo.

Airteagal 2: Ballraíocht

2.1   Is é an tAontas cónaidhm d'Aontais Mhic Léinn, ar a dtugtar Balleagraíochtaí .

2.2 Glacfar le gach Aontas Mic Léinn mar Bhalleagraíocht ar chuntar:

2.2.1   Go raibh a bhunreacht taofa ag an gComhairle Náisiúnta.

2.2.2   Go ndearna sé iarratas chun a bheith ina Bhalleagraíocht de réir an nóis imeachta iarratais arna shainmhíniú i Sceideal A agus gur glacadh leis an iarratas seo, agus go n-íocann sé na táillí cleamhnaithe arna socrú ag an gComhairle Náisiúnta.

2.2.3   Gur ghlac sé le Bunreacht an Aontais agus gur chomhaontaigh

sé feidhmiú beartas arna gcinneadh ag an gComhdháil a éascú, ag coinneáil nádúr cónaidhmeach an Aontais i gcuimhne.

2.2.4 Gur chomhaontaigh sé i scríbhinn nach bhféadfaidh sé díchleamhnú gan fógra i scríbhinn a chur faoi bhráid na Comhairle Náisiúnta 12 mhí ar a laghad roimh ré. Le linn na tréimhse fógra seo, beidh an Bhalleagraíocht ina Ball go fóill, leis na cearta agus na dualgais uile a bhaineann leis sin.

2.2.5 Tar éis cleamhnú, déanfaidh an Bhalleagraíocht conradh a bheidh ina cheangal de réir dlí a dhearbhóidh go nglacann sé le foráil 2.2.4 den bhunreacht.

2.3   Deirtear go bhfuil mic léinn aonair ina ngnáthbhaill den Aontas agus

tá acu na cearta atá leagtha amach sa Bhunreacht seo agus sna sceidil a ghabhann leis de bhua go bhfuil siad ina mball d'eagraíocht ar glacadh léi de réir Airteagal 2. Bíonn oifigigh thofa Bhord Oifigeach an Aontais ina ngnáthbhaill den Aontas ar feadh a dtéarmaí oifige agus bíonn acu a leithéid de chearta agus de dhualgais de bhreis air sin atá leagtha amach sa Bhunreacht seo agus sna Sceidil a ghabhann leis.

Airteagal 3: Bunphrionsabail Aontas na Mac Léinn in Éirinn

3.1   Tógann mic léinn in Éirinn a nAontas ar son leasa bunúsacha

oideachais, leasa, eacnamaíocha, polaitíochta, sóisialta, cultúrtha, agus

Page 6: Bunreacht USI

leasa eile na mac léinn uile in Éirinn a chosaint, a chur chun cinn agus a eagrú ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus is é seo a bhunphrionsabal é.

3.2   Chun an bunphrionsabal seo a bhaint amach, oibreoidh an tAontas i

dtreo córas oideachais agus oiliúna a chothú a bheidh oscailte do gach uile dhuine ar Oileán na hÉireann, beag beann ar aon chomaoin, agus a fhónfaidh dá leasa i ndáiríre.

3.3   Is í tuairim AMLÉ go bhfuil mic léinn i dteideal caighdeán imleor

maireachtála, lena n-áirítear an ceart chun tacaíocht airgid, tithíocht chuí, agus deiseanna fostaíochta in Éirinn sa todhchaí.

3.4   Sonraíonn AMLÉ cosaint agus cur chun cinn na gceart daonlathach

agus daonna uile mar chroíchuspóir den eagraíocht.

3.5   Déanfaidh AMLÉ gach iarracht seirbhísí mic léinn a chur ar fáil, seirbhísí tráchtála ina measc, ar mhaithe leis na baill, de bhua an phrionsabail gur chóir do na baill a bheith i gceannas ar sheirbhísí mic léinn.

3.6   Beidh AMLÉ ina eagraíocht dhaonlathach, a mbeidh mic léinn i

gceannas uirthi, neamhspleách ó gach údarás seachtrach, ina ndéanfar cinntí ar an leibhéal is giorra do mhic léinn agus is féidir, agus ina ndéanfaidh na mic léinn na beartais trí vótáil thromlach shimplí a dtoscairí ag an gComhdháil ach amháin ina leithéid de chásanna a leagtar amach i Sceideal C6.3 agus in Airteagal 4.1.8. Tá meas ag AMLÉ ar an gceart atá ag mic léinn, trína mballeagraíocht, chun iarraidh orthu siúd atá i seilbh oifige laistigh den aontas míniú a thabhairt, agus chun na daoine a dteipeann orthu a gcuid dualgas a chomhlíonadh a chur faoi smacht, nó a bhriseadh as oifig i ndeireadh na dála.

Airteagal 4: Rialachas agus Struchtúir Déanta Beartas Aontas na Mac Léinn in Éirinn

4.1 An Chomhdháil

4.1.1   Is í an Chomhdháil an bord rialaithe is airde san Aontas. Tá sé de

chumhacht aici leasú a dhéanamh ar an mBunreacht seo agus ar na Sceidil a ghabhann leis, beartais a chinneadh, agus treoir a thabhairt do Bhord na nOifigeach trí shainorduithe.

4.1.2   Déanfaidh an Chomhdháil Bhliantúil athbhreithniú ar bheartais,

glacadh le beartais, beartais a cheapadh, an Bunreacht a leasú, athbhreithniú ar chúrsaí airgeadais an Aontais agus ar shaothar na Comhairle Náisiúnta agus Bhord na nOifigeach, mar aon le hoifigigh a thoghadh chun Bhord na nOifigeach.

Page 7: Bunreacht USI

4.1.3   Féadfar Comhdháil Speisialta a thionól ag aon am ar bith ar údarás na Comhdhála nó na Comhairle Náisiúnta, nó tar éis don Uachtarán iarratas i scríbhinn a fháil ó ocht mBalleagraíocht nó níos mó. Ní foláir do na Balleagraíochtaí seo ionadaíocht a dhéanamh do mhéid níos mó ná aon trian de ghnáthbhaill an Aontais i dteannta a chéile. Titfidh sí amach ar lá nach luaithe ná 28 lá agus nach déanaí ná 42 lá i ndiaidh lá a gairthe agus ní dhéanfar plé ach leis an ábhar ar gaireadh an Chomhdháil lena aghaidh.

4.1.4   Beidh na toscairí don Chomhdháil comhdhéanta de bhaill Bhord

na nOifigeach agus de bhaill arna dtoghadh ag gach aon Bhalleagraíocht ó bhaill de chuid na Balleagraíochta sin ar an mbealach a leagtar síos i Sceideal C. Beidh ceart labhartha ag gach toscaire.

4.1.5   Déanfar ag an gComhdháil Bhliantúil na baill uile de Bhord na

nOifigeach a thoghadh seachas Uachtarán NUS-AMLÉ. Tá aon ghnáthbhall i dteideal dul san iomaíocht i gcomhair aon phoist thofa ag an gComhdháil. Tá gach toscaire cláraithe i dteideal vótáil i ngach toghchán ag an gComhdháil ach amháin i gcás thoghcháin na Leasuachtarán réigiúnach. Beidh ina dtoghthóirí do thoghchán an Leasuachtaráin do Réigiún na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair agus an Leasuachtaráin do Réigiún an Deiscirt na toscairí cláraithe de chuid Balleagraíochtaí atá lonnaithe i réigiún an Oifigigh sin go hiomlán nó go formhór, de réir mar atá sainmhínithe i Sceideal G agus ag an Leasuachtarán bainteach.

4.1.6   Beidh dhá chineál rún ann ag an gComhdháil:

4.1.6.1  Sainorduithe

Tugann sainorduithe treoir do bhall nó do bhaill Bhord na nOifigeach, do Choistí seachas an Coiste Airgeadais, nó don Chomhairle Náisiúnta tascanna áirithe a dhéanamh. Ní foláir do na Sainorduithe, a bheidh cuimsithe i Lámhleabhar foilsithe na Sainorduithe, dáta a chuimsiú a shonróidh an tráth a gcaithfear an tasc a chur i gcrích faoi nó an tráth a rachaidh an Sainordú i léig, dáta nach mó ná trí bliana i ndiaidh dháta na Comhdhála ag ar ritheadh é. Féadfar Sainorduithe a bhaint de Lámhleabhar na Sainorduithe tar éis an tasc a chur i gcrích le toiliú na Comhairle Náisiúnta.

4.1.6.2  Beartais an Aontais

Glacfar le beartas de chuid an Aontais go foirmiúil trí rún a rith ag an gComhdháil agus an cháipéis bheartais a chur faoi iamh an Chláir. Beidh Beartais an Aontais cuimsithe i Lámhleabhar foilsithe na mBeartas agus rachaidh siad i léig

Page 8: Bunreacht USI

tar éis 3 bliana sa ghnáthchúrsa mura ndéanann an Chomhdháil iad a athúdarú.

4.1.7   Déanfar díospóireacht ar leith ar gach Sainordú agus Beartas de chuid an Aontais a bheidh ag dul i léig go luath agus cuirfear chuig an urlár iad ag seisiún den Chomhdháil roimh an seisiún ina ndéanfar díospóireacht ar na rúin agus ar na sainorduithe a cuireadh faoi bhráid na Comhdhála sin.

4.1.8   Cuirfear rúin ag an gComhdháil, idir Shainorduithe agus Bheartais de chuid an Aontais, chuig an urlár de réir na rialacha agus na nósanna imeachta arna leagan amach i Sceideal E. Féadfaidh an Chomhairle Náisiúnta, trí rún a rith, reifreann ilroghnach a chur le Clár Gnó na Comhdhála. Déanfar reifrinn ilroghnacha dá leithéid trí bhallóid i scríbhinn de réir mhodh an aonvóta inaistrithe ag an tráth céanna leis na toghcháin d'oifigigh Bhord na nOifigeach, agus beidh na torthaí coibhéiseach le Sainordú nó Beartas de chuid an Aontais a ritear de réir na rialacha agus na nósanna imeachta arna leagan amach i Sceideal E. Ní fhéadfar a leithéid de reifrinn ilroghnacha a chur le Clár Gnó na Comhdhála ach ar chuntar go dtugtar fógra do na Balleagraíochtaí 28 lá ar a laghad roimh ré. I gcás gach reifreann ilroghnach, beidh an rogha dheireanach ar an bpáipéar ballóide ina rogha chun 'rogha ar bith de na roghanna thuas' a roghnú. Gabhfaidh aon bheartas a rithfear trí reifreann ilroghnach in ionad aon bheartais roimhe a dtiocfadh sé salach air.

4.2 An Chomhairle Náisiúnta:

4.2.1   Is í ballraíocht na Comhairle Náisiúnta baill Bhord na nOifigeach

agus aon toscaire amháin ó gach Balleagraíocht, duine a bheidh in ann ceart vótála na Balleagraíochta sin a chleachtadh. Beidh na hoifigigh thofa uile de chuid gach Balleagraíocht i dteideal freastal ar an gComhairle Náisiúnta. Beidh na cearta labhartha ag an gComhairle Náisiúnta de réir Bhuanorduithe na Comhairle Náisiúnta, dá ndéantar foráil i Sceideal E.

4.2.2   Caithfear le Bord na nOifigeach mar Bhalleagraíocht ach

amháin nach gcaithfear leis amhlaidh chun críche an chóraim.

4.2.3   Is í an Chomhairle Náisiúnta comhlacht feidhmiúcháin an Aontais agus caithfidh sí bualadh le chéile ocht n-uaire ar a laghad in aghaidh na bliana acadúla. Is iad na príomhfheidhmeanna atá aici ná feachtais éifeachtacha a eagrú agus a chur i ngníomh d'fhonn leasa mic léinn a chosaint agus a chur chun cinn i ndáil leis an gcóras oideachais agus leis an tsochaí, de réir bheartais an Aontais, agus baill Bhord na nOifigeach a choimeád cuntasach.

Page 9: Bunreacht USI

4.2.4   Ní fhéadfaidh an Chomhairle Náisiúnta beartas nó sainordú a ritheadh ag an gComhdháil a fhreaschur, ach amháin i gcás éigeandála de dheasca imthosca gan choinne, ina bhféadfaidh sí, trí olltromlach, beartas ón gComhdháil a chur ar fionraí agus beartas nua a chur ina ionad. Cuirfear an beartas nua seo le Clár na chéad Chomhdhála Bliantúla eile sa ghnáthchúrsa.

4.2.5   Féadfaidh an Chomhairle Náisiúnta glacadh le beartas

eatramhach, ar chuntar nach bhfuil aon bheartas ann cheana a bhaineann leis an réimse sin, agus cuirfear an beartas eatramhach seo le Clár na chéad Chomhdhála Bliantúla eile sa ghnáthchúrsa.

4.2.6   Cuirfear Beartas arna chruthú faoi Airteagal 4.2.4 agus Airteagal

4.2.5 leis an seisiún bainteach den Chomhdháil, agus déanfaidh an moltóir bunaidh, nó duine arna ainmniú aige, é a mholadh.

4.2.7   Beidh vóta amháin ag gach aon Bhalleagraíocht agus ag Bord na

nOifigeach, le caitheamh ag an Uachtarán nó ag duine arna ainmniú aige, i ngach vótáil ag an gComhairle Náisiúnta, ach amháin i gcás comhionannas vótaí nó i gcásanna ina n-iarrann toscairí ó chúig Bhalleagraíocht ar a laghad an vótáil a ualú de réir na dteidlíochtaí vótála ag an gComhdháil. Tabharfar cártavótáil ar an modh vótála seo.

4.2.8   Beidh sé de chumhacht ag an gComhairle Náisiúnta, trí rún a

rith, a cumhachtaí a chineachadh do chomhlacht eile de chuid an Aontais nuair is gá.

Airteagal 5: Bord na nOifigeach

5.1 Ballraíocht Bhord na nOifigeach

Is iad seo a leanas ballraíocht Bhord na nOifigeach:

5.1.1   An tUachtarán; 5.1.2   An Leasuachtarán do Ghnóthaí Acadúla agus don Dearbhú Cáilíochta; 5.1.3   An Leasuachtarán do Chúrsaí Leasa; 5.1.4   An Leasuachtarán d'Fheachtais; 5.1.5   An Leasuachtarán don Chomhionannas agus don tSaoránacht; 5.1.6   An Leasuachtarán do Réigiún na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair; 5.1.7   An Leasuachtarán do Réigiúin an Deiscirt; 5.1.8   An Leasuachtarán don Ghaeilge 5.1.9   Uachtarán NUS-AMLÉ;

Page 10: Bunreacht USI

a dtabharfar Bord na nOifigeach orthu i dteannta a chéile. Déanfaidh an tUachtarán, nó an Leasuachtarán má bhíonn an tUachtarán as láthair, cathaoirleacht ar chruinnithe de Bhord na nOifigeach, agus ní bheidh a leithéid de chruinnithe le córam ach amháin má bhíonn aon leath de Bhord na nOifigeach i láthair. Chun críche an chóraim, féadfaidh baill de Bhord na nOifigeach a bheith i láthair trí nasc físe nó trí theileachomhdháil a úsáid. I gcás comhionannas vótaí, beidh an vóta réitigh ag an gcathaoirleach. Buailfidh Bord na nOifigeach le chéile go rialta, ach aon uair in aghaidh na míosa ar a laghad.

5.2 Obair Bhord na nOifigeach

Bord na nOifigeach:

5.2.1 Déanfaidh baill de Bhord na nOifigeach plean oibre a chur le chéile dá dtéarma agus é a chur ar láimh le faomhadh nach déanaí ná an dara cruinniú de chuid na Comhairle Náisiúnta sa bhliain.

5.2.2 Déanfaidh baill de Bhord na nOifigeach tuairisc ar a gcuid oibre a chur le chéile le cur faoi bhráid gach cruinniú de chuid na Comhairle Náisiúnta agus na Comhdhála Bliantúla.

5.2.3 Déanfaidh baill de Bhord na nOifigeach comhairle a thabhairt don

Uachtarán agus don Choiste Airgeadais i dtaca le hullmhú an bhuiséid bhliantúil.

5.2.4 Beidh baill de Bhord na nOifigeach comhfhreagrach agus

freagrach ina n-aonar as Beartais an Aontais a chur i ngníomh ó lá go lá.

5.2.5 Beidh baill Bhord na nOifigeach faoi cheangal comhrúndachta.

5.2.6 Beidh ag Bord na nOifigeach an t-údarás chun feidhmiú mar

choiste gnó an Aontais agus chun cinntí a dhéanamh nuair nach féidir cruinniú den Chomhairle Náisiúnta a thionól. Ní foláir gach cinneadh dá leithéid a chur in iúl don chéad chruinniú eile de chuid na Comhairle Náisiúnta.

5.2.7 Freastalóidh baill de Bhord na nOifigeach ar chruinnithe de chuid

na Comhairle Náisiúnta, Bhord na nOifigeach, Coistí bainteacha, agus ar Choistí agus Imeachtaí Oiliúna bainteacha eile de chuid AMLÉ ach amháin i gcás imthoisce gan choinne le toiliú an Uachtaráin roimh ré.

5.2.8 Déanfaidh Bord na nOifigeach, i gcomhairle leis an gCoiste

Page 11: Bunreacht USI

Airgeadais, cuntais bhainc a oscailt agus a dhúnadh de réir mar is gá.

5.3 An tUachtarán

5.3.1 Beidh ag an Uachtarán freagracht fhoriomlán as obair an Aontais a

stiúradh, as an obair a threorú agus a dháileadh i measc bhaill Bhord na nOifigeach, agus as tuairisc a thabhairt don Chomhdháil agus don Chomhairle Náisiúnta maidir le hobair an Aontais.

5.3.2 Is é an tUachtarán príomhurlabhraí agus príomhionadaí na

mac léinn in Éirinn.

5.3.3 Is é an tUachtarán príomhoifigeach feidhmiúcháin an Aontais agus, dá bhua sin, féadfaidh sé cinntí a dhéanamh nach n-éilíonn cruinniú den Chomhairle Náisiúnta nó den Chomhdháil. Ní foláir gach cinneadh dá leithéid a chur in iúl don chéad chruinniú eile den Chomhairle Náisiúnta.

5.3.4 Is é an tUachtarán, nó duine arna ainmniú aige, a bheidh

freagrach as acmhainní daonna an Aontais a bhainistiú. Ní foláir don Uachtarándul i ndáil chomhairle leis an gCoiste Airgeadais maidir le hearcaíocht agus le foirceannadh foirne. Déanfar gach earcaíocht ar bhealach a bheidh comhaontaithe leis an gCoiste Airgeadais.

5.3.5 Molfaidh an tUachtarán, ag an gcéad cruinniú de chuid na

Comhairle Náisiúnta sa bhliain, ball de Bhord na nOifigeach le feidhmiú mar a uachtarán ionaid má bhíonn sé as láthair, nó, i gcás a bháis, a éirí as oifig nó a éagumais.

5.3.6 Déanann an tUachtarán maoirseacht ar obair Choiste an

Uachtaráin, coiste a mbeidh sé ina Chathaoirleach air.

5.3.7 Ainmneoidh an tUachtarán ball iomchuí de Bhord na nOifigeach chun cúnamh a thabhairt do Bhalleagraíochtaí nach bhfuil clúdaithe faoi Sceideal G.

5.3.8 Nuair a iarrtar ar AMLÉ ball nó baill a ainmniú chun bord

comhlachta nó coiste sheachtraigh, cuirfidh an tUachtarán an Chomhairle Náisiúnta ar an eolas faoi na hainmniúcháin uile a dhéantar faoin bhforáil seo.

5.4   An Leasuachtarán do Ghnóthaí Acadúla agus don Dearbhú Cáilíochta:

5.4.1 Beidh freagracht ar leith ag an Leasuachtarán do Ghnóthaí Acadúla

agus don Dearbhú Cáilíochta (dá ngairfear 'an LU/Acadúil' anseo

Page 12: Bunreacht USI

ina dhiaidh seo) as obair an Aontais i ndáil le beartais acadúla agus leis an dearbhú cáilíochta ar leibhéal a cúig agus níos airde ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí, lena n-áireofar mic léinn lánaimseartha agus páirtaimseartha sa Bhreisoideachas agus san Ardoideachas, mic léinn faoi scáth Clár um Ghníomhachtú an Mhargaidh Shaothair agus Printíseachtaí. Feidhmeoidh sé mar thacadóir do bheartas oideachais an Aontais ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta agus cabhróidh sé le LU/Feachtais i dtaca le feachtais a bhaineann le cúrsaí oideachais.

5.4.2 Beidh an LU/Acadúil freagrach as tacaíocht a thabhairt do

Bhalleagraíochtaí i leith beartas acadúil a fhorbairt laistigh dá n-institiúidí féin chomh maith agus déanfaidh sé a leithéid de thaighde a tháirgeadh agus a leithéid de struchtúir tacaíochta a fhorbairt a bheidh ag teastáil chun na críche seo.

5.4.3 Beidh an LU/Acadúil freagrach as beartais agus taighde i ndáil le

cúrsaí mic léinn iarchéime agus cabhróidh sé le LU/Feachtais i dtaca le feachtais a bhaineann le cúrsaí mic léinn iarchéime.

5.4.4 Beidh an LU/Acadúil ina Chathaoirleach ar an gCoiste Gnóthaí

Acadúla agus Dearbhaithe Cáilíochta agus déanfaidh sé maoirseacht air. Is í feidhm an Choiste seo tacaíocht a thabhairt don LU/Acadúil le beartais an Aontais maidir le gnóthaí acadúla agus leis an dearbhú cáilíochta a chur i ngníomh agus a phleanáil. Tugann sé cúnamh don LU/Acadúil chomh maith i leith tacú le gnóthaí acadúla agus feachtais sna Balleagraíochtaí.

5.5 An Leasuachtarán do Chúrsaí Leasa:

5.5.1 Cabhróidh an Leasuachtarán do Chúrsaí Leasa (dá ngairfear 'an

LU/Leas' anseo ina dhiaidh seo) leis an LU/Feachtais i ndáil le feachtais a bhaineann le leas mic léinn a chosaint agus a chur chun cinn.

5.5.2 Beidh an LU/Leas freagrach as beartas leasa an Aontais a chur i

ngníomh agus a fhorbairt agus déanfaidh sé maoirseacht ar obair an Choiste Leasa, coiste a mbeidh sé ina Chathaoirleach air.

5.2.3 Beidh freagracht ar leith ag an LU/Leas as foilseacháin agus

ábhair maidir le cúrsaí leasa a chur ar fáil chomh maith.

5.6 An Leasuachtarán d'Fheachtais:

5.6.1 Beidh freagracht fhoriomlán ag an Leasuachtarán d'Fheachtais (dá ngairfear 'an LU/Feachtais' anseo ina dhiaidh seo) as feachtais de chuid an Aontais a eagrú.

5.6.2 Beidh an LU/Feachtais freagrach as straitéisí feachtais agus

Page 13: Bunreacht USI

pleananna gníomhaíochta a eagrú agus a ullmhú faoi mar a éilíonn an Chomhairle Náisiúnta, Bord na nOifigeach nó an Chomhdháil air i dtreo beartais an Aontais a shaothrú, i gcuibhreann leis an Uachtarán.

5.6.3 Beidh an LU/Feachtais freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar

fhoilseacháin de chuid an Aontais, lena n-áireofar foilseacháin leictreonacha, i gcuibhreann leis an Uachtarán.

5.6.4 Déanfaidh an LU/Feachtais maoirseacht ar an gCoiste Feachtas,

coiste a mbeidh sé ina Chathaoirleach air.

5.7 An Leasuachtarán don Chomhionannas agus don tSaoránacht:

5.7.1 Beidh freagracht ag an Leasuachtarán don Chomhionannas agus don tSaoránacht (dá ngairfear 'an LU/Comhionannas' anseo ina dhiaidh seo) as na beartais uile de chuid an Aontais a bhaineann le leithcheal ar bhonn aoise, míchumais, stádas teaghlaigh, féiniúlacht inscne, stádas pósta, ballraíochta den Lucht Siúil, náisiúntachta, cine, creidimh, claonadh gnéis, agus/nó dálaí socheacnamaíocha.

5.7.2 Tabharfaidh an LU/Comhionannas cúnamh don LU/Feachtais i ndáil

le feachtais a bhaineann le cearta mic léinn i réimse an chomhionannais agus na saoránachta a chosaint agus a chur chun cinn, le béim ar leith ar chearta an lucht leispiach, aerach, déghnéasach agus trasinscneach (LADT), lena n-áireofar an beartas de chuid an Aontais i dtaca le cearta an lucht LADT a chur i ngníomh, mic léinn LADT a spreagadh chun páirt a ghlacadh san Aontas agus oibriú i dtreo claontacht i gcoinne an phobail LADT a dhíbirt.

5.7.3 Beidh freagracht fhoriomlán ag an LU/Comhionannas as imeachtaí

oiliúna comhionannais agus saoránachta agus imeachtaí oiliúna do ghníomhaithe LADT a reáchtáil, ar nós na hOiliúna 'Bándeirge'.

5.7.4 Beidh an LU/Comhionannas ina Chathaoirleach ar an

gCoiste Comhionannais agus Saoránachta.

5.7.5 Tabharfaidh an LU/Comhionannas cúnamh don LU/Feachtais i dtaca le feachtais a bhaineann le, agus beidh sé freagrach as; imeachtaí agus feachtais a reáchtáil i ndáil leis an tsaoránacht i réimsí ar nós an chomhshaoil, rannpháirtíocht shaoránach, shóisialta agus pholaitiúil, le béim ar leith ar chlárú vótálaithe; oibriú le grúpaí pobail, deonacha, srl.

5.8   An Leasuachtarán do Réigiún na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair:

Page 14: Bunreacht USI

5.8.1 Beidh an Leasuachtarán do Réigiún na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair (dá ngairfear 'an LU/TLI' anseo ina dhiaidh seo) freagrach as forbairt agus idirchaidreamh an Aontais ina réigiún. Beidh sé freagrach as treo foriomlán na hoibre ina réigiún i gcomhar le Bord na nOifigeach agus tabharfaidh sé tuairiscí do Bhord na nOifigeach chomh maith.

5.8.2 Cuirfidh an LU/TLI teachtaireacht an Aontais in iúl do

ghnáthbhaill, do Bhalleagraíochtaí, d'eagraíochtaí seachtracha agus don phobal i gcoitinne trí mheáin éagsúla, lena n-áireofar na meáin shóisialta, na meáin thraidisiúnta, cruinnithe, comhdhálacha, feachtais agus imeachtaí oiliúna, ach gan a bheith teoranta dóibh.

5.8.3 Cuirfidh an LU/TLI ceisteanna réigiúnacha agus Balleagraíochtaí in iúl do Bhord na nOifigeach.

5.8.4 Oibreoidh an LU/TLI as láimh a chéile leis na Coláistí uile i Réigiún

na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair chun a nAontais a fhorbairt, ag díriú ar Aontais a cuireadh ar fionraí nó ar Choláistí nach bhfuil Aontais fheidhmiúla acu, d'fhonn cúnamh a thabhairt do mhic léinn de chuid an Choláiste sin Aontas a chur ar bun.

5.9   An Leasuachtarán do Réigiúin an Deiscirt:

5.9.1 Beidh an Leasuachtarán do Réigiún an Deiscirt (dá ngairfear 'an LU/Deisceart' anseo ina dhiaidh seo) freagrach as forbairt agus idirchaidreamh an Aontais ina réigiún. Beidh sé freagrach as treo foriomlán na hoibre ina réigiún i gcomhar le Bord na nOifigeach agus tabharfaidh sé tuairiscí do Bhord na nOifigeach chomh maith.

5.9.2 Cuirfidh an LU/Deisceart teachtaireacht an Aontais in iúl do

ghnáthbhaill, do Bhalleagraíochtaí, d'eagraíochtaí seachtracha agus don phobal i gcoitinne trí mheáin éagsúla, lena n-áireofar na meáin shóisialta, na meáin thraidisiúnta, cruinnithe, comhdhálacha, feachtais agus imeachtaí oiliúna, ach gan a bheith teoranta dóibh.

5.9.3 Cuirfidh an LU/Deisceart ceisteanna réigiúnacha agus Balleagraíochtaí in iúl do Bhord na nOifigeach.

5.9.4 Oibreoidh an LU/Deisceart as láimh a chéile leis na Coláistí uile i

Réigiún an Deiscirt chun a nAontais a fhorbairt, ag díriú ar Aontais a cuireadh ar fionraí nó ar Choláistí nach bhfuil Aontais fheidhmiúla acu, d'fhonn cúnamh a thabhairt do mhic léinn de chuid an Choláiste sin Aontas a chur ar bun.

Page 15: Bunreacht USI

5.10   An Leasuachtarán don Ghaeilge:

5.10.1 Beidh an Leasuachtarán don Ghaeilge (dá ngairfear 'an LU/Gaeilge' anseo ina dhiaidh seo) freagrach as beartais an Aontais i ndáil leis an nGaeilge agus le cultúr Éireannach a chur i ngníomh (i gcomhar le hoifigeach lánaimseartha) agus as úsáid na Gaeilge a spreagadh laistigh den Aontas i dtreo beartas dátheangachais a fhorbairt don Aontas. Feidhmeoidh sé mar thacadóir do bheartais Gaeilge de chuid an Aontais ar an leibhéal náisiúnta agus idirnáisiúnta agus cabhróidh sé le LU/Feachtais i dtaca le feachtais a bhaineann le cúrsaí Gaeilge.

5.10.2 Beidh an LU/Gaeilge freagrach as tacaíocht a thabhairt do

Bhalleagraíochtaí i leith beartais Gaeilge a fhorbairt laistigh dá n-institiúidí féin chomh maith agus déanfaidh sé a leithéid de thaighde a tháirgeadh agus a leithéid de struchtúir tacaíochta a fhorbairt a bheidh ag teastáil chun na críche seo.

5.10.3 Beidh an LU/Gaeilge ina Chathaoirleach ar Chomhairle na Gaeilge

agus déanfaidh sé maoirseacht ar a cuid oibre. Is í feidhm an Chomhairle seo tacaíocht a thabhairt don LU/Gaeilge i leith na beartais agus na feachtais de chuid an Aontais a bhaineann leis an nGaeilge a fhorbairt, a chur i ngníomh agus a phleanáil.

5.11 Uachtarán NUS-AMLÉ

5.11.1 Beidh Uachtarán NUS-AMLÉ ina bhall de Bhord na nOifigeach agus

beidh aige na dualgais, na cearta agus na freagrachtaí arna sainmhíniú i Sceideal F.

5.12 Coinníollacha

5.12.1 Ní fhéadfaidh aon bhall de Bhord na nOifigeach bheith i seilbh oifige ar feadh tréimhse charnach níos mó ná 3 bliana. Gan an LU/Gaeilge a áireamh, duine a bheidh gan íocaíocht, íocfar tuarastal arna shocrú ag an gCoiste Airgeadais le gach ball eile de Bhord na nOifigeach. Rithfidh a dtéarmaí ón 1 Iúil go dtí an 30 Meitheamh an bhliain dár gcionn.

5.12.2 Beidh ar gach iarrthóir i dtoghcháin Bhord na nOifigeach, tar éis

dóibh glacadh leis an ainmniúchán, comhaontú go mbeidh sé faoi cheangal théarmaí agus choinníollacha na hoifige arna leagan amach ag an gCoiste Airgeadais, agus tar éis dó dul i mbun na hoifige sin, lámh a chur le conradh maidir leis na téarmaí agus coinníollacha a cuireadh in iúl dó agus ar chomhaontaigh sé leo roimh ré.

5.12.3 Beidh tuarastal bhaill Bhord na nOifigeach cothrom le grád i

Page 16: Bunreacht USI

Státseirbhís na hÉireann, le cinneadh ag an gCoiste Airgeadais. Beidh tuarastal tosaithe na n-oifigeach uile cothrom leis an ngrád céanna, ach amháin i gcás an Uachtaráin, a mbeidh a thuarastal tosaithe aon ghrád amháin níos airde ná na hoifigigh eile.

5.13 Táinseamh agus Disciplín

5.13.1 Measfar go mbeidh na hoifigigh thofa uile ina bhfostaithe de

chuid an Aontais de réir an Achta um Dhífhostú Éagórach, 1977 – 2007, agus beidh siad faoi réir agus faoi chosaint reachtaíocht fostaíochta don am i láthair arna hachtú sa Stát.

5.13.2 Is áit oibre comhionannas deiseanna é an tAontas agus tá sé

tiomanta d'áit oibre shlán shábháilte a chur ar fáil agus comhlíonfaidh na fostaithe uile téarmaí agus coinníollacha a bhfostaíochta agus beidh siad faoi réir smachtbhanna agus gníomh araíonachta suas le dífhostú.

5.13.3 Coinneoidh an tAontas lámhleabhar nósanna imeachta d'fhostaithe

cothrom le dáta, a chuimseoidh nósanna imeachta d'fhostaithe faoi chasaoid, faoi araíonacht agus bhulaíocht, agus faoi chiapadh, mar aon le cód iompair le faomhadh ag an gComhairle Náisiúnta gach trí bliana ar a laghad agus a bheidh iniata mar Sceideal I.

5.13.4 Ní cheadófar oifigeach a dhífhostú gan olltromlach ag an gComhairle Náisiúnta nó ag an gComhdháil.

5.14 Folúntas

5.14.1 Má tharlaíonn folúntas i mBord na nOifigeach, seachas i gcás an

Uachtaráin, de dheasca báis, éirí as, ardú céime go dtí an Uachtaránacht, dífhostú, táinsimh, nó éagumas fadtréimhseach eile, beidh feidhm ag an méid seo a leanas:

5.14.1.1 Má tharlaíonn an folúntas tráth a bhfuil sé mhí nó níos mó de théarma an oifigigh gan a bheith caite, déanfar fothoghchán ag an gcéad chruinniú eile de chuid na Comhairle Náisiúnta nuair is réasúnta a leithéid de thoghchán a dhéanamh i bhfianaise an ama a thógann sé chun an próiseas ainmniúcháin a chur ar bun agus a chur chun críche.

5.14.1.2 Má tharlaíonn an folúntas tráth a bhfuil tréimhse níos lú ná

sé mhí de théarma an oifigigh gan a bheith caite, déanfaidh an tUachtarán ball eile de Bhord na nOifigeach a ainmniú, nó in imthosca eisceachtúla, agus le toiliú na Comhairle Náisiúnta, ball den Chomhairle Náisiúnta a cheapadh, chun glacadh le freagrachtaí an Oifigigh sin. Sa chás go gceaptar ball den Chomhairle Náisiúnta ar an mbealach seo, ní bheidh

Page 17: Bunreacht USI

ceart vótála aige ag cruinnithe de chuid Bhord na nOifigeach.

5.14.2 Má tharlaíonn folúntas i bpost an Uachtaráin, déanfar toghchán ag cruinniú de chuid na Comhairle Náisiúnta, le tionól ar dháta nach déanaí ná 28 lá tar éis don fholúntas sin tarlú. Feidhmeoidh an tUachtarán Ionaid mar Uachtarán go dtí go dtoghfar Uachtarán nua.

5.14.3   Sa chás go bhfuil cúigear ball nó níos lú ar Bhord na nOifigeach

de thoradh ar fheidhmiú Airteagal 5.11.1.2, ní bheidh feidhm ag an Airteagal sin.

Airteagal 6: An Coiste Stiúrtha

6.1 Ballraíocht agus Toghchán an Choiste Stiúrtha

6.1.1 Déanfar toghcháin an Choiste Stiúrtha gach ré bliain agus is é an

tUachtarán a dhéanfaidh iad a eagrú agus a mhaoirsiú. Ní mór do gach iarrthóir a bheith molta ag Balleagraíocht nó ag an Uachtarán. Beidh ag an gCoiste Stiúrtha Fochoiste Toghchán, chuig a mbeidh ceathrar ball den Choiste Stiúrtha tofa ag an gCoiste Stiúrtha ina iomláine.

6.1.2 Ní bheidh baill den Choiste Stiúrtha ina mbaill reatha den Aontas,

ach caithfidh gur fhreastail siad ar Chomhdháil agus go raibh siad ina mbaill den Aontas tráth.

6.1.3 Beidh ar an gCoiste Stiúrtha dháréag ball.

Féadfar folúntais a líonadh trí chomhthoghadh agus rachaidh téarmaí na mball comhthofa i léig ag céad toghchán eile an Choiste Stiúrtha. Beidh baill incháilithe chun a n-atofa.

6.1.4 Is ionann córam do chruinnithe de chuid an Choiste Stiúrtha nó an Fhochoiste Toghchán agus aon leath de bhallraíocht iomlán an choiste móide aon duine amháin nó aon leath de bhallraíocht

iomlán an fhochoiste sin móide aon duine amháin.

6.1.5 Déanfaidh an Coiste Stiúrtha Cathaoirleach agus Leaschathaoirleach a thoghadh as a líon féin. Déanfaidh an Fochoiste Toghchán Cathaoirleach agus Leaschathaoirleach a thoghadh chomh maith. Ainmneoidh an Cathaoirleach baill de chuid an Choiste Stiúrtha mar Chathaoirleach agus mar Leaschathaoirleach/Rúnaí ar an gComhairle Náisiúnta. Ní fhéadfaidh Cathaoirleach an Choiste Stiúrtha bheith ina chathaoirleach ar an bhFochoiste Toghchán chomh maith. Is é ceann comhairimh agus leascheann comhairimh an Aontais Cathaoirleach agus Leaschathaoirleach an Fhochoiste Toghchán, faoi seach.

Page 18: Bunreacht USI

6.1.6 Féadfaidh siad fochoistí a chur ar bun agus obair riachtanach a dháileadh i measc a mball de réir mar is cuí leo.

6.1.7 Ach amháin i gcás a ndífhostaithe, beidh siad i seilbh oifige go dtí

go dtoghfar a gcomharbaí.

6.2 Feidhmeanna agus Cumhachtaí an Choiste Stiúrtha

6.2.1 Déanfaidh an Coiste Stiúrtha gnó na Comhdhála a chur in ord de réir fhorálacha na Sceideal bainteach agus threoir na Comhairle Náisiúnta.

6.2.2 Déanfaidh an Coiste Stiúrtha cathaoirleacht ar sheisiúin na

Comhdhála agus beidh sé freagrach as an gComhdháil a reáchtáil de réir an Bhunreachta agus na sceideal a ghabhann leis.

6.2.3 Beidh an Fochoiste Toghchán freagrach as toghcháin uile an Aontais a reáchtáil de réir na rialacha bainteacha agus threoir na Comhairle Náisiúnta.

6.2.4 Déanfaidh an Fochoiste Toghchán gach gearán a bhaineann le

reáchtáil thoghcháin an Aontais a fháil, a fhiosrú, agus breithniú orthu; toghcháin na Comhdhála a eagrú agus cathaoirleacht orthu, tuairiscí rialta a thabhairt don Chomhdháil agus don Chomhairle Náisiúnta maidir le toghcháin an Aontais, agus feidhmeoidh sé mar Choiste grinnfhiosraitheteistiméireachtaí do thoscairí chun na Comhdhála.

Airteagal 7: Coistí agus Painéil Chomhairleacha

7.1 Coistí

7.1.1 Beidh 10 gcoiste bhunaithe ann ar a mbeidh ionadaithe do na

Balleagraíochtaí, baill de Bhord na nOifigeach agus baill de Phainéil Chomhairleacha a dtugann Cathaoirleach an Choiste cuireadh dóibh.

7.1.2 Is iad seo a leanas na 10 gcoiste:

7.1.2.1   Coiste an Uachtaráin

7.1.2.2   An Coiste Gnóthaí Acadúla agus Dearbhaithe

Cáilíochta

7.1.2.3   An Coiste Leasa

7.1.2.4   An Coiste Feachtas

7.1.2.5   An Coiste Comhionannais agus Saoránachta

Page 19: Bunreacht USI

7.1.2.6   An Coiste Siamsaíochta

7.1.2.7   Coiste Réigiún an Deiscirt

7.1.2.8   Coiste Réigiún na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair

7.1.2.9   Coiste Réigiún Bhaile Átha Cliath

7.1.2.10   Coiste na Gaeilge

7.1.3 Déanfaidh an tOifigeach comhfhreagrach de chuid Bhord na

nOifigeach cathaoirleacht ar gach aon choiste, ach amháin i gcás Choiste Réigiún Bhaile Átha Cliath agus an Choiste Shiamsaíochta, ina ndéanfaidh an tUachtarán ball de Bhord na nOifigeach a ainmniú chun cathaoirleacht a dhéanamh ar gach Coiste. Déanfaidh gach Coiste ball eile den Choiste a thoghadh chun feidhmiú mar Leaschathaoirleach agus ball eile chun feidhmiú mar Rúnaí. Is é an Rúnaí a bheidh freagrach as na miontuairiscí a bhreacadh síos agus a scaipeadh i ndáil le gach uile chruinniú. Is é an cathaoirleach a bheidh freagrach as an gclár a chur le chéile i ndáil le gach uile chruinniú.

7.1.4 Beidh Coiste an Uachtaráin, an Coiste Gnóthaí Acadúla agus

Dearbhaithe Cáilíochta, an Coiste Leasa, an Coiste Comhionannais agus Saoránachta, Coiste na Gaeilge, agus na Coistí Réigiúnacha ina bhfóram chun na baill bhainteacha de chuid Bhord na nOifigeach a chur ar an eolas agus comhairle a chur orthu, chun beartais a dhéanamh, a athbhreithniú agus a chur i ngníomh, agus chun saineolas agus taithí a chomhroinnt.

7.1.5 Beidh an Coiste Siamsaíochta ina fhóram dá chuid ball chun

saineolas agus smaointe a chomhroinnt i ndáil le, ach gan a bheith teoranta do, imeachtaí a eagrú, a chur chun cinn agus a reáchtáil. Féadfaidh baill foirne de chuid AMLÉ nó balleagraíochtaí, nó aon aoi tar éis dó cuireadh a fháil, freastal air.

7.2 Painéil Chomhairleacha

7.2.1 Nach déanaí ná an dara cruinniú de chuid na Comhairle Náisiúnta

gach bliain, cuirfidh an LU/Acadúil, an LU/Leas agus an LU/Comhionannas faoi bhráid na Comhairle Náisiúnta, le daingniú, liosta ainmniúchán de dhaoine a mheasann siad a bheadh iomchuí chun comhairle a thabhairt dóibh i dtaca le réimsí áirithe dá gcúram. Beidh na hainmniúcháin seo, tar éis a ndaingnithe, ina

Page 20: Bunreacht USI

bPainéal Comhairleach a fhéadfaidh an tOifigeach a thionól, go hiomlán nó go páirteach, chun lámh chúnta a thabhairt dó lena chuid oibre le linn a théarma oifige.

7.2.2 Beidh ar an bPainéal Comhairleach do gach oifigeach baill le haghaidh gach réimse arna sainmhíniú i Sceideal H. Féadfar

baill de Phainéil Chomhairleacha na nOifigeach a bhaint dá gcúram trí vótáil tromlaigh shimplí ag an gComhairle Náisiúnta ar

chuntar go dtugtar ceart don bhall den Phainéal Comhairleach labhairt thar a cheann féin agus/nó uiríll phearsanta a dhéanamh

roimh an vótáil.

7.2.3 Ní bhfaighidh baill de na Painéil Chomhairleacha aon íocaíocht, ach féadfaidh siad speansais a tharraingt, de réir mar atá leagtha amach ag an gCoiste Airgeadais, ar chuntar go dtabhaítear a leithéid de speansais tar éis iarratas ar leith a fháil ón mball de chuid Bhord na nOifigeach atá i gceannas ar an bpainéal sin.

Airteagal 8: Eagraíochtaí Seachtracha

8.1   Beidh AMLÉ ina bhall d'Aontas Mic Léinn na hEorpa.

8.2   Beidh toiliú dhá thrian de bhallraíocht na Comhairle Náisiúnta ag

teastáil sula nglacann AMLÉ ballraíocht in aon eagraíocht, aon ghrúpa nó aon fheachtas seachtrach seachas na cinn a liostaítear in Airteagal 8.1 anseo thuas. Caithfear fógra seacht lá ar a laghad a thabhairt do bhaill na Comhairle Náisiúnta maidir le haon rún dá leithéid.

Airteagal 9: Cúrsaí Airgeadais an Aontais

9.1 An Coiste Airgeadais

9.1.1 Beidh an Coiste Airgeadais freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chúrsaí airgeadais an Aontais agus tabharfaidh sé comhairle don Chomhairle Náisiúnta agus don Chomhdháil maidir le haon fhorbairt a dhéantar nó aon tionscnamh a ghlactar.

9.1.2 Is é ról an Choiste Airgeadais:

9.1.2.1 Buiséad bliantúil an Aontais a dhréachtú i gcomhairle leis an

Uachtarán, duine a chuirfidh faoi bhráid an dara cruinniú den Chomhairle Náisiúnta sa bhliain acadúil ar a dhéanaí é.

9.1.2.2 Faireachán a dhéanamh ar an mbuiséad ar bhonn ráithiúil. I gcás imeacht suntasach ón mbuiséad sin, cuirfidh Cathaoirleach an Choiste tuairisc i scríbhinn faoi bhráid an chéad chruinnithe

Page 21: Bunreacht USI

eile de chuid na Comhairle Náisiúnta.

9.1.2.3 Cíoradh a dhéanamh ar chuntais bhliantúla iniúchta an Aontais agus iad a chur faoi bhráid na Comhdhála, i dteannta tráchtaireacht mhionsonraithe, le faomhadh.

9.1.2.4 Téarmaí agus coinníollacha fostaíochta le haghaidh Bhord

na nOifigeach a chinneadh, a shocrú agus a rialáil.

9.1.2.5 Maoirseacht a dhéanamh ar bhainistíocht airgeadais agus ar fhorbairt tráchtála an Aontais.

9.1.2.6 Caithfear gach cinneadh a dhéanann an Coiste Airgeadais, ach

amháin na cinntí a leagtar amach go sonrach in Airteagal 9 nó i Sceideal B, a chur faoi bhráid na Comhairle Náisiúnta chun nodaireacht a dhéanamh orthu. Chun cinneadh agus/nó beart arna dhéanamh ag an gComhairle Náisiúnta a chur ar ceal, éileofar dhá thrian de na vótaí uile móide aon vóta amháin ag an gComhairle Náisiúnta.

9.1.2.7 Rátaí speansas a shocrú do na hoifigigh, do na coistí, do na baill

foirne agus do na painéil uile de chuid an Aontais.

9.1.2.8 Iniúchóirí agus cuntasóirí an Aontais a mholadh don Chomhairle Náisiúnta le daingniú ar bhonn bliantúil.

9.1.3 Buailfidh an Coiste Airgeadais le chéile chomh minic agus is gá, ach

aon uair amháin ar a laghad in aghaidh na ráithe, agus nach lú ná sé huaire in aghaidh na bliana.

9.1.4 Beidh ar an gCoiste Airgeadais ochtar ball, eadhon:

9.1.4.1 Uachtarán an Aontais.

9.1.4.2 Cathaoirleach an Choiste, a fhónfaidh téarma trí bliana agus a bheidh ainmnithe ag Bord na nIontaobhaithe agus daingnithe ag an gComhairle Náisiúnta. Ní fhéadfar an Cathaoirleach a bhriseadh as a oifig le linn na tréimhse sin ach amháin le dhá thrian de na vótaí uile móide aon vóta amháin ag an gComhairle Náisiúnta, ar chuntar go dtabharfar fógra aon mhí amháin ar a laghad maidir lena leithéid de rún.

9.1.4.3 Beirt bhall, a bheidh ina mball den Chomhairle Náisiúnta ag tráth

a dtofa, ach nach mbeidh ina mball de Bhord na nOifigeach, agus a dtoghfaidh an Chomhairle Náisiúnta go díreach iad. Toghfar an chéad bhall ag an gcruinniú deireanach den bhliain acadúil agus beidh sé i seilbh oifige go ceann an 12 mhí dá éis sin. Toghfar an

Page 22: Bunreacht USI

dara ball ag an gcéad chruinniú den Chomhairle Náisiúnta sa bhliain acadúil agus beidh sé i seilbh oifige go ceann an 12 mhí dá éis sin. Féadfar na baill seo a bhriseadh as a n-oifig le dhá thrian de na vótaí uile móide aon vóta amháin ag an gComhairle Náisiúnta, ar chuntar go dtabharfar fógra aon mhí amháin ar a laghad maidir lena leithéid de rún. I gcás folúntais in aon cheann den dá phost seo, déanfar an folúntas sin a chomhlíonadh ag an gcéad chruinniú eile de chuid na Comhairle Náisiúnta.

9.1.4.4 Triúr daoine cáilithe ó lasmuigh den Aontas, nach mbeidh ina

mball den Aontas ach a d'fhéadfadh bheith ina n-iontaobhaithe, a fhéadfaidh cur leis an gCoiste de bhua a dtaithí. Déanfaidh an tUachtarán iad a ainmniú agus déanfaidh an Chomhairle Náisiúnta iad a dhaingniú. Beidh a leithéid de dhaoine i seilbh oifige go ceann tréimhse trí bliana. Féadfar na baill seo a bhriseadh as a n-oifig le dhá thrian de na vótaí uile móide aon vóta amháin ag an gComhairle Náisiúnta, ar chuntar go dtabharfar fógra aon mhí amháin ar a laghad maidir lena leithéid de rún. I gcás folúntais in aon cheann de na trí phost seo, déanfar an folúntas sin a chomhlíonadh chomh luath agus is féidir.

9.1.4.5 Aon Iar-Uachtarán amháin de chuid an Aontais, arna mholadh ag

an Uachtarán agus arna dhaingniú ag an gComhairle Náisiúnta, a bheidh i seilbh oifige go ceann tréimhse trí bliana, agus nach bhféadfar a bhriseadh as a oifig ach amháin le dhá thrian de na vótaí uile móide aon vóta amháin ag an gComhairle Náisiúnta, ar chuntar go dtabharfar fógra aon mhí amháin ar a laghad maidir lena leithéid de rún.

9.1.4.6 Féadfaidh baill d'fhoireann an Aontais freastal ar chruinnithe de

chuid an Choiste Airgeadais tar éis dóibh cuireadh a fháil ón Uachtarán i gcásanna ina measfaidh an Coiste Airgeadais gurb iomchuí é, agus feidhmeoidh siad mar rúnaíocht don Choiste Airgeadais.

9.1.5 Ar mhaithe le leanúnachas agus le comhtháthú, déanfaidh an

tUachtarán gach iarracht chun ceapacháin chun an Choiste Airgeadais de réir Airteagal 9.1.4.4 a dhéanamh ar bhealach a laghdóidh an dealraitheacht go bhfágfadh na triúr ceapaithe an Coiste Airgeadais ag an tráth céanna nó thart air.

9.1.6 Beidh fochoiste iniúchta agus rialachais ag an gCoiste Airgeadais a

bheidh freagrach as a chinntiú go mbíonn cleachtais agus nósanna imeachta iomchuí i bhfeidhm ó thaobh an Rialachais Chorparáidigh de.

Page 23: Bunreacht USI

9.1.6.1 Beidh ar an gcoiste seo triúr ball den Choiste Airgeadais

seachas an cathaoirleach agus an tUachtarán. Beidh an tUachtarán agus baill foirne shinsearacha i dteideal freastal ar na cruinnithe.

9.1.6.2 Buailfidh an fochoiste le chéile chomh minic agus is gá ach dhá

uair in aghaidh na bliana ar a laghad.

9.2 Bord na nIontaobhaithe

9.2.1 Féadfaidh an tUachtarán dul i ndáil chomhairle leis na

hIontaobhaithe maidir le haon ghné de ghnóthaí an Aontais.

9.2.2 Dílseofar gach réadmhaoin agus infheistíocht de chuid an Aontais sna hIontaobhaithe (cibé acu go díreach nó trí scairsheilbh aon chuideachta teoranta atá i seilbh sócmhainní de chuid an Aontais a dhílsiú sna hiontaobhaithe) agus déanfaidh siadsan plé lena leithéid de mhaoin de réir mar a threoraítear i rúin de chuid na Comhairle Náisiúnta nó na Comhdhála.

9.2.3 Beidh triúr iontaobhaithe de chuid an Aontais ar a laghad daingnithe ag

an gComhairle Náisiúnta de réir mholadh an Uachtaráin. Ní fhéadfar iontaobhaithe a bhriseadh as a n-oifig ach amháin le dhá thrian de na vótaí uile móide aon vóta amháin ag an gComhairle Náisiúnta. Beidh siad i seilbh oifige go dtí go n-éireoidh siad as, go mbrisfear as a n-oifig iad, nó go mbeidh siad éagumasaithe.

9.2.4 Déanfaidh na hIontaobhaithe cathaoirleach a thoghadh as a líon agus

buailfidh siad le chéile mar Bhord nuair is gá ach aon uair in aghaidh na bliana ar a laghad. Roimh an gComhdháil Bhliantúil, déanfaidh an Bord iad féin a shásamh faoi riocht airgeadais an Aontais. Cuirfidh siad a sásamh, nó eile, in iúl don Choiste Airgeadais agus don Chomhdháil.

9.2.5 Cuirfidh an tUachtarán agus duine de na hIontaobhaithe a lámha le

gach léas maoine tar éis don Chomhairle Náisiúnta nó don Chomhdháil rún a rith, nó i gcás léasa a bheidh á dhéanamh ag cuideachta theoranta ar leas an Aontais, cuirfidh beirt stiúrthóirí ar a laghad a lámha le haon léas dá leithéid, arb é duine amháin acu sin an tUachtarán ina cháil mar stiúrthóir na cuideachta.

9.2.6 Beidh Bord na nIontaobhaithe faoi shlánaíocht i gcoinne aon riosca

agus aon chostais as na sócmhainní de chuid an Aontais.

Page 24: Bunreacht USI

9.3 Freagrachtaí Airgeadais

9.3.1   Mar choiste gnó an Aontais, beidh an Chomhairle Náisiúnta

freagrach as cúrsaí airgeadais an Aontais faoi dheoidh.

9.3.2   Beidh sé de chumhacht ag an gComhairle Náisiúnta airgead a fháil ar iasacht, a chruinniú nó a aimsiú chun críche an Aontais agus, i dtaca leis sin, treoir a thabhairt do na hIontaobhaithe aon mhaoin phearsanta nó réadmhaoin de chuid an Aontais a mhorgáistiú nó a mhuirearú. Beidh sé de chumhacht ag an gComhairle Náisiúnta, i dtreo a leithéid d'airgead a fháil ar iasacht, a chruinniú nó a aimsiú chun críche an Aontais, údarás a thabhairt do na hIontaobhaithe agus don Uachtarán feidhmiú thar a ceann agus aon chomhaontú riachtanach a dhéanamh agus urrúis a shíniú.

9.3.3   Beidh na hIontaobhaithe agus an tUachtarán, agus iad ag

feidhmiú thar ceann na Comhairle Náisiúnta, faoi shlánaíocht i gcoinne aon riosca agus aon chostais as na sócmhainní de chuid an Aontais.

9.3.4   Coinneoidh an tAontas lámhleabhar rialachais cothrom le dáta a

chuimseoidh, ach nach mbeidh teoranta do, dualgais agus freagrachtaí na n-iontaobhaithe, dualgais agus freagrachtaí bhaill an Choiste Airgeadais, nósanna imeachta soláthair agus nós imeachta oibríochtaí inmheánacha, le dréachtú ag an gCoiste Airgeadais agus le faomhadh ag an gComhairle Náisiúnta uair sa bhliain ar a laghad, agus beidh sé iniata mar Sceideal J.

9.4 Ionchorprú

9.4.1   Féadfaidh an tAontas a leithéid de chuideachta theoranta nó de

chuideachtaí teoranta a chur ar bun de réir mar a chinnfear ó am go ham a bheidh fóirsteanach do riarachán chúrsaí airgeadais an Aontais.

9.3.2   Beidh ar Bhord Stiúrthóirí na cuideachta nó na gcuideachtaí dá

leithéid baill an Choiste Airgeadais mar aon lena leithéid de dhaoine eile, más ann, a d'fhéadfadh an Coiste Airgeadais a ainmniú ó am go ham agus beidh ainmniúcháin dá leithéid le faomhadh ag an gComhairle Náisiúnta agus ceapachán dá leithéid le cur i bhfeidhm ag an mBord Stiúrthóirí bainteach.

9.3.3   Beidh sé de dhualgas ar aon bhall de chuid an Choiste

Airgeadais éirí as aon phost atá aige ar aon Bhord Stiúrthóirí in

Page 25: Bunreacht USI

aon chuideachta dá leithéid tar éis scoireadh dá bhallraíocht sa Choiste Airgeadais.

9.3.4   Cuirfear na hairteagail agus na meabhráin chomhlachais uile faoi

iamh an bhunreachta seo mar sceideal.

9.3.5   Beidh sé mar aidhm ag AMLÉ stádas carthanach a bhaint amach. Airteagal 10: Forálacha Ilchineálacha

10.1 An Gaol idir an Bunreacht agus na Sceidil a Ghabhann Leis

Cuimsíonn na Sceidil a ghabhann leis an mBunreacht seo na forálacha mionsonraithe is gá chun airteagail éagsúla den Bhunreacht seo a achtú. Cuimsíonn an Bunreacht seo na hAirteagail seo agus na Sceidil uile a ghabhann leis. I gcás easaontais idir aon ní sna Sceidil a ghabhann leis an mBunreacht seo agus na hAirteagail, is ag na hAirteagail a bheidh tosaíocht.

10.2 Leasuithe ar an mBunreacht seo

Féadfar leasuithe ar an mBunreacht seo a mholadh ag an gComhdháil Bhliantúil nó ag Comhdháil Speisialta. Tabharfaidh an tUachtarán fógra 28 lá ar a laghad do na Balleagraíochtaí uile, ar a sonrófar an t-am, an dáta, agus an áit a mbeidh a leithéid de Chomhdháil Speisialta ar siúl agus cuimseoidh sé na leasuithe molta ar an mBunreacht. Caithfidh leasuithe bunreachtúla a bheith faofa ag dhá thrian de vótáil tromlaigh ar chuntar go mbeidh an líon a vótálann ar son an leasaithe níos mó ná leath den líon iomlán atá cláraithe le haghaidh na Comhdhála. Tiocfaidh na leasuithe i bhfeidhm 28 lá i ndiaidh na vótála ach amháin sa chás go raibh tréimhse níos lú sonraithe sa rún a tairgeadh.

10.3 Leasuithe ar na Sceidil

Féadfar leasuithe ar na Sceidil a mholadh ag an gComhairle Náisiúnta agus ag an gComhdháil, ar chuntar go dtabharfar fógra aon mhí amháin roimh ré, agus caithfidh siad a bheith faofa ag tromlach dhá thrian díobh siúd atá i láthair agus ag vótáil. Tiocfaidh na leasuithe i bhfeidhm aon mhí amháin i ndiaidh a ndaingnithe ach amháin sa chás go gcinneann an Chomhairle Náisiúnta nó an Chomhdháil a mhalairt.

10.4 Leasuithe ar Chlár na nÁbhar

Tar éis gach aon Chomhdháil, féadfaidh an Coiste Stiúrtha aon athrú a dhéanamh ar Chlár na nÁbhar a mheasfaidh siad is oiriúnach chun athruithe ar an mBunreacht seo agus ar na Sceidil a ghabhann leis a léiriú.

Page 26: Bunreacht USI

10.5 Léirmhíniú ar an mBunreacht

Dílseofar léirmhíniú ar an mBunreacht i gCathaoirleach an Choiste Stiúrtha nó i mball eile den Choiste Stiúrtha sa chás go bhfuil an Cathaoirleach sé as láthair.

10.6 An Ghaeilge

Coinneofar Bunreacht an Aontais i nGaeilge agus i mBéarla agus féadfar tagairt a dhéanamh dó i gceachtar den dá theanga. I gcás easaontas brí nó sainmhínithe idir an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla, is é an leagan Béarla a bheidh deifnídeach. Tá beartas dátheangachais ag an Aontas, ó thaobh an Bhéarla agus na Gaeilge de. Ba chóir do AMLÉ seasamh cothrom a thabhairt don dá theanga i ngach gníomhaíocht de chuid an Aontais nuair is praiticiúil amhlaidh a dhéanamh.

10.7 Cúlghairm

Déantar leis seo gach Bunreacht roimhe a chúlghairm. Ní dhéantar aon bhallraíocht, aon toghchán, aon cheapachán ná aon bheartas ar glacadh leo faoin mBunreacht roimhe neamhbhailí nó do-oibrithe de thoradh ar an gcúlghairm seo, áfach.

10.8 Comhaontú NUS-AMLÉ

10.8.1   Aithníonn AMLÉ leis seo an caidreamh leithleach agus luachach idir AMLÉ, NUSUK agus NUS-AMLÉ.

10.8.2   Tá gluaiseacht na mac léinn i dTuaisceart Éireann

comhriartha ag AMLÉ agus Aontas Mic Léinn na Ríochta Aontaithe (NUSUK). Beidh an comhaontú leithleach seo rialaithe de réir fhorálacha an Chomhaontaithe Thríthaobaigh a leagtar amach i Sceideal F a ghabhann leis seo.

10.8.3   I gcás easaontais idir Airteagail de chuid an

Bhunreachta seo agus an Comhaontú Tríthaobhach, a leagtar amach i Sceideal F, is é Sceideal F a bheidh i réim i ndáil le Balleagraíochtaí arna sainmhíniú i Sceideal G.

10.8.4   Chun críche an bhunreachta seo agus na sceideal a

ghabhann leis, is ionann an téarma 'Comheagraíocht' (CE) agus an téarma 'Balleagraíocht' (BE) ar gach bealach.

10.9 Athbhreithniú

Page 27: Bunreacht USI

Déanfar athbhreithniú iomlán ar Bhunreacht an Aontais gach cúig bliana, le héifeacht ón dáta a rith an Chomhdháil an Bunreacht seo.

10.10   Slánú

Slánóidh an tAontas na hIontaobhaithe, baill na Comhairle Náisiúnta agus baill Bhord na nOifigeach i gcoinne na ndliteanas uile a thabhaíonn siad go cuí i bhfeidhmiú a gcuid dualgas.

Page 28: Bunreacht USI

Sceideal A: Ballraíocht A1 Iarratas a dhéanamh ar Bhallraíocht

Is é seo a leanas an próiseas d'Aontais ar mian leo iarratas a dhéanamh ar Bhallraíocht:

A1.1   Ní mór d'Aontasiarrthach ar mian leis bheith ina Bhalleagraíocht

den Aontas forálacha Airteagal 2 a chomhlíonadh trí:

A1.2   Chóip dá Bhunreacht a chur faoi bhráid Bhord Oifigeach an Aontais trí seachtaine ar a laghad roimh an gcruinniú de chuid na Comhairle Náisiúnta ag a gcuirfear a iarratas ar bhallraíocht faoi chaibidil;

A1.3   Cóip de rún foirmiúil an aontais iarrthaigh, ar glacadh leis le

húdarás a bhall, ina ndéanfar iarratas ar bhallraíocht san Aontas go sonrach agus a chuimseoidh comhaontú chun táillí cleamhnaithe an Aontais a íoc, glacadh le Bunreacht an Aontais agus feidhmiú bheartais an Aontais a éascú, ag coinneáil nádúr cónaidhmeach an Aontais i gcuimhne.

A1.4   Áiritheoidh an cruinniú de chuid na Comhairle Náisiúnta go gcloítear

leis na coinníollacha ballraíochta go docht daingean agus go ndéantar breithniú ar gach iarratas mar iarratas ann féin agus go dtugtar cluas d'aon chur i láthair a dhéanann an tAontas iarrthach d'fhonn tacú lena iarratas.

A1.5   Déanfaidh an tUachtarán, tar éis dó treoir a fháil ón gCoiste

Airgeadais, ballraíochtaí iomlána nua a dheimhniú, agus ballraíochtaí leantacha a athdheimhniú, i ndáil le gach Balleagraíocht ar an 1 Iúil gach bliain.

A1.6   Ní mheasfar go mbeidh eagraíochtaí iarrthacha ina

mBalleagraíochtaí iomlána go dtí an dáta sin, agus i gcás iarratais a dhéantar i ndiaidh an 1 Iúil, ní mheasfar go mbeidh stádas Balleagraíochta bainte amach ag an iarratasóir sin go dtí an 1 Iúil an bhliain dár gcionn.

A1.7   Ní bheidh feidhm ag aon táille bhallraíochta go dtí go ndéanann

an tUachtarán an eagraíocht iarrthach a dheimhniú mar bhalleagraíocht iomlán.

A1.8   Agus é ag fanacht ar stádas iomlán Balleagraíochta, measfar go

mbeidh stádas breathnóra ag an iarratasóir agus, de bhua an

Page 29: Bunreacht USI

stádais seo, beidh a leithéid d'eagraíocht i dteideal freastal ar na himeachtaí uile a eagraíonn an tAontas, an Chomhdháil ina measc, agus cé go mbeidh an eagraíocht seo i dteideal labhairt ag an gComhdháil, ní bheidh sí i dteideal iarrthóirí a rith le haghaidh aon phoist, aon Choiste nó aon róil eile. I gcásanna inar mian le ball a bhfuil stádas breathnóra aige freastal ar an gComhdháil, beidh táillí iomchuí i gceist leis.

A1.9   Féadfaidh an tAontas iarratas ar bhallraíocht a chur siar chun

tréimhse ama a thabhairt d'aontas chun na coinníollacha ballraíochta a chomhlíonadh.

A2 Coinníollacha Ballraíochta

Is iad seo a leanas na coinníollacha a bhaineann le

Balleagraíochtaí agus na dualgais atá orthu: A2.1   Ní mór do

Bhunreacht na Balleagraíochta a bheith ar aon dul le hAirteagal

3 den Bhunreacht seo a bheag nó a mhór.

A2.2   Ní mór don Bhalleagraíocht glacadh le ballraíocht na mac léinn uile de chuid na hinstitiúide, de réir an cur síos in Airteagal 2.1.

A2.3   Ní mór don Bhalleagraíocht bheith ina heagraíocht mhic léinn go

heisiach ina bhfuil cearta agus dualgais iomlána ag na baill uile gan leithcheal.

A2.4   Má tá beartas ag Balleagraíocht atá in aghaidh bheartas an Aontais

Náisiúnta, tabharfaidh an Bhalleagraíocht sin deis d'oifigigh an Aontais tuairimí na Comhdhála a chur i láthair do bhaill de chuid na Balleagraíochta sin.

A2.5   Ní chuirfear Balleagraíochtaí san áireamh chun críche an chóraim go

dtí go gcuirfidh siad liosta dá gCoistí Gnó faoi bhráid an Aontais agus go dtí an chéad imeacht a bhfreastalaíonn toscairí de chuid na Balleagraíochta sin air idir an 1 Iúil agus an 30 Meitheamh. Aithníonn an tAontas go bhfuil roinnt mhaith de na Balleagraíochtaí páirtaimseartha agus coinneoidh an tAontas é seo i gcuimhne agus é ag cur an phointe seo i ngníomh.

A3 Ballraíocht Aonair

Page 30: Bunreacht USI

Má fhreastalaíonn aon mhac léinn ar líon níos mó ná aon choláiste amháin, glacfar leis chun críche an Bhunreachta seo go n-eascraíonn a chuid ceart agus dualgas ballraíochta de bhua stádas an Aontais sa choláiste ina ndéanann sé staidéar ar a phríomhábhar.

A4 Díbirt

Is iad seo a leanas na coinníollacha a bhaineann le díbirt Balleagraíochtaí:

A4.1   Féadfaidh an Chomhairle Náisiúnta nó an Chomhdháil, trí vótáil olltromlaigh, faoi réir achomhairc chun na Comhdhála, ballraíocht aon Bhalleagraíochta a chur ar fionraí nó aon Bhalleagraíocht a dhíbirt nuair a léirítear go mbíonn sí ag sárú bunphrionsabail an Aontais go tromchúiseach agus go gníomhach ar bhonn leanúnach.

A4.2   Beidh sárú na gcoinníollacha ballraíochta arna leagan amach sa

Bhunreacht agus sna Sceidil a ghabhann leis ina chúis le forghéilleadh an stádais mar Bhalleagraíocht ach amháin nuair a chinneann an Chomhairle Náisiúnta go bhfuil baint dhíreach ag neamhíoc dleachtanna le gníomhaíochtaí na n-údarás oideachasúil nó stáit i gcoinne na Balleagraíochta sin. Ina leithéid de chás, déanfaidh an Bhalleagraíocht a leithéid d'íocaíocht de réir mar a chinnfidh an Chomhairle Náisiúnta.

A4.3   Ní bheidh easaontas simplí ó thaobh beartais de ina chúis le

Balleagraíocht a chur ar fionraí nó a dhíbirt in aon chás.

A4.4   Scaipfear rún a mholann don Aontas a leithéid de ghníomh a dhéanamh ar na Balleagraíochtaí uile aon mhí amháin roimh an seisiún de chuid na Comhdhála nó roimh an gcruinniú de chuid na Comhairle Náisiúnta ag a ndéanfar plé leis an rún i leith Balleagraíocht a chur ar fionraí nó a dhíbirt. Beidh sé de cheart ag ionadaí de chuid na Balleagraíochtabaintí labhairt sula ndéantar an vótáil. Ní mheasfar go gcoimeádfaidh Balleagraíochtaí ar fionraí a stádas mar Bhalleagraíocht agus, mar sin, feidhmeoidh siad faoi stádas teoranta arb comhionann le Balleagraíochtaíiarrthacha é agus, dá réir sin, ní bheidh siad i dteideal ach freastal ar imeachtaí a eagraíonn an tAontas, an Chomhdháil ina measc, ach ní bheidh cearta vótála ag a leithéid de Bhalleagraíochtaí ar fionraí, ní bheidh siad i dteideal aon rún a chur faoi bhráid na Comhdhála, beidh siad fós i dteideal labhairt ag an gComhdháil, áfach, ach ní bheidh siad i dteideal aon iarrthóir a chur san iomaíocht le haghaidh aon phoist, aon Choiste ná aon róil eile. I gcásanna inar

Page 31: Bunreacht USI

mian le Balleagraíocht ar fionraí freastal ar an gComhdháil, beidh táillí iomchuí i gceist leis.

A5 Mainneachtain

A5.1   Féadfar a mheas, faoi lánrogha an Choiste Airgeadais agus na

Comhairle Náisiúnta, gur tharraing siar ón Aontas aon Bhalleagraíocht ar theip uirthi na táillí cleamhnaithe a íoc ar feadh tréimhse ní ba mhó ná trí bliana as a chéile.

A6 Athiontrálacha

A6.1   Déanfar plé le hathiontrálacha amhail is dá mb'iarratasóirí céaduaire iad. Sa chás go dtagann ballraíocht Balleagraíochta i léig nó go bhforghéilleannBalleagraíocht a ballraíocht, beidh ar an Eagraíocht sin a cuid oibleagáidí airgid uile don Aontas a chomhlíonadh sula bhféadtar a ballraíocht a chur faoi chaibidil arís ach amháin i gcásanna ina ndéantar impí cruatain, le faomhadh ag an gCoiste Airgeadais

Page 32: Bunreacht USI

Sceideal B: Airgeadas B1   Cúrsaí Airgeadais AMLÉ

B1.1   Úsáidtear an téarma "ar sochar" i dtaca le Balleagraíocht atá ag

comhlíonadh a cuid oibleagáidí airgid don Aontas de réir an Bhunreachta agus na Sceideal a ghabhann leis .

B2   Síntiúis

B2.1   Lorgóidh an tAontas sonraí maidir le huimhreacha mic léinn ón Údarás

um Ard-Oideachas roimh an 31 Nollaig gach bliain. Ní mór do Bhalleagraíochtaí nach maoiníonn an tÚdarás um Ard-Oideachas iad sonraí deimhnithe maidir le huimhreacha mic léinn a sholáthar roimh an dáta seo. Is iad na huimhreacha mic léinn i ndáil leis an mbliain acadúil chríochnaithe roimhe a bheidh i gceist.

B2.2   Socróidh an Chomhairle Náisiúnta an Síntiús Bliantúil a mbeidh

Balleagraíocht faoina dhliteanas. Déanfar é a áireamh de réir líon na mac léinn a ndearna an eagraíocht sin ionadaíocht dóibh sa bhliain acadúil chríochnaithe is déanaí. Íocfaidh Balleagraíochtaí, agus beidh siad faoi dhliteanas, as na mic léinn lánaimseartha uile agus as na mic léinn pháirtaimseartha a bhfaigheann siad táillí ina leith. Sa chás go bhfuil mac léinn de chuid Balleagraíochta ina mhac léinn páirtaimseartha i mBalleagraíocht eile chomh maith de bhua an chúrsa staidéir, ní bheidh an mac léinn sin cleamhnaithe ach tríd an mBalleagraíocht ina bhfuil sé cláraithe mar mhac léinn lánaimseartha.

B3.3   Socróidh an Coiste Airgeadais an spriocdháta i ndáil leis an síntiús

bliantúil a íoc nach déanaí ná seacht lá roimh thús na Comhdhála. D'fhéadfadh sé go mbainfí teidlíochtaí toscairí de Bhalleagraíochtaí atá fós i riaráiste i ndiaidh an dáta seo.

B3   Riaráistí

B3.1   Comhaontóidh gach Balleagraíocht i riaráiste sceideal le haghaidh

íocaíochtaí riaráistí a dhéanamh leis an gCoiste Airgeadais agus beidh a leithéid de sceideal le cur i gcrích laistigh de thréimhse dhá bhliain (laistigh de thrí bliana i gcásanna eisceachtúla le toiliú an Choiste Airgeadais). I gcás fíorchruatan airgeadais, féadfaidh an Coiste Airgeadais socraíocht struchtúrtha a dhéanamh tar éis don Bhalleagraíochtcáipéisíocht airgeadais a chur ar láimh. Mura nglacann an Coiste Airgeadais lena leithéid d'iarratas, féadfar achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin chun cruinnithe de chuid na Comhairle Náisiúnta roimh an gComhdháil. Beidh loiceadh an méid thuas a chomhlíonadh ina chúis le stádas toscaire ag an gComhdháil a chailleadh.

B3.2   Ní foláir Táillí Cleamhnaithe amuigh a ghlanadh in am is i dtráth. I gcás

Page 33: Bunreacht USI

Balleagraíochta a dteipeann uirthi sonrasc a ghlanadh nó iarchur íocaíochta a fháil ón gCoiste Airgeadais, beidh sé de cheart ag an gCoiste Airgeadais, gan dochar do cheart an Choiste Airgeadais chun stádas toscaire a tharraingt siar ag an gComhdháil, an t-ábhar a chur faoi bhráid na Comhairle Náisiúnta.

B3.3   Féadfaidh aon Bhalleagraíocht atá i gcruachás tromchúiseach airgeadais iarratas a dhéanamh ar an gCoiste Airgeadais d'fhonn socraíochtaí malartacha a dhéanamh. Ní mór dá leithéid d'iarratas bheith i scríbhinn agus a leithéid d'fhaisnéis airgeadais a atá ar fáil ina theannta. Mura nglacann an Coiste Airgeadais lena leithéid d'iarratas, féadfaidh an Bhalleagraíocht achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh sin chun cruinnithe de chuid na Comhairle Náisiúnta.

Page 34: Bunreacht USI

Sceideal C: Nósanna Imeachta C1   Nósanna Imeachta don Chomhdháil

C1.1   Is ag tús na bliana acadúla a shocróidh an Chomhairle Náisiúnta an

dáta le haghaidh na Comhdhála Bliantúla. C1.2   Féadfar Comhdháil Speisialta a ghairm ar an mbealach a leagtar síos in Airteagal 4 den Bhunreacht seo.

C2   Toscairí ag an gComhdháil

C2.1   Beidh gach Balleagraíocht i dteideal beirt toscairí ar a laghad agus aon

toscaire amháin sa bhreis le haghaidh gach 1,000 ball (nó cuid de) a n-íoctar táillí cleamhnaithe ina leith. Is iad na figiúirí a úsáidtear chun críche na n-áireamh seo na figiúirí a fhaightear ar an mbealach a leagtar amach i Sceideal B2.1. Eadhon: 0 – 1,000 mac léinn - Beirt toscairí 1,001 – 2,000 mac léinn - Triúr toscairí 2,001 – 3,000 mac léinn - Ceathrar toscairí srl.

C2.2   Toghfar na toscairí ar an mbealach atá leagtha síos ag gach aon Bhalleagraíocht.

C2.3   Beidh stádas breathnóra ag aon oifigeach nuathofa de chuid

balleagraíochta mura bhfuil sé ag feidhmiú mar thoscaire dá Bhalleagraíocht agus ní chuirfear san áireamh chun críche C3.1 é. Beidh na táillí a ghearrtar as a leithéid de Bhreathnóirí comhionann leis na táillí a ghearrtar as toscairí eile.

C2.4   D'ainneoin Sceideal C2.1, cuirfidh an Coiste Airgeadais moltaí faoi

bhráid na Comhairle Náisiúnta díreach roimh an gComhdháil maidir le teidlíochtaí toscairí Balleagraíochta a shiarchoinneáil go hiomlán nó go páirteach má tá airgead amuigh ag an mBalleagraíocht sin agus níor éirigh léi iarratas a dhéanamh de réir Sceideal B3.3.

C2.5   Beidh baill Bhord na nOifigeach ina dtoscairí ag an gComhdháil sa ghnáthchúrsa.

C3   Breathnóirí ag an gComhdháil

C3.1   Beidh gach uile Bhalleagraíocht i dteideal beirt bhreathnóirí ar a mhéad

ag an gComhdháil. Beidh ceart labhartha ag Breathnóirí ach ní bheidh ceart vótála acu ach amháin sa chás go n-aistríonn toscaire de chuid na Balleagraíochta céanna a chárta vótála chuig Breathnóir creidiúnaithe. Níl cead ag aon duine líon níos mó ná aon vóta toscaire

Page 35: Bunreacht USI

amháin a chaitheamh ag an tráth céanna.

C4   Cuairteoirí ar an gComhdháil agus ar an gComhairle Náisiúnta C4.1   Féadfaidh an Chomhairle Náisiúnta nó an tUachtarán cuireadh a

thabhairt do chuairteoirí freastal ar an gComhdháil nó ar chruinniú de chuid na Comhairle Náisiúnta. Ní labhróidh cuairteoirí ar an gComhdháil ach tar éis dóibh cuireadh agus cead sáinráite a fháil ón gComhairle Náisiúnta, faoi réir daingniú ag an gComhdháil i rith gnó foirmiúil, nó tar éis dóibh cuireadh díreach a fháil ón gComhdháil, arna chinneadh i rith gnó foirmiúil. Ní bheidh cead ag cuairteoirí vóta a chaitheamh in aon chás. Beidh an Chomhdháil ar oscailt don phobal, áfach, agus déanfar iarrachtaí réasúnta chun láthair ar leith a sholáthar ar urlár na Comhdhála ar chuntar nach gcuirfí isteach ar obair na Comhdhála.

C5   Córam ag an gComhdháil

C5.1   Is ionann córam do chruinniú de chuid na Comhdhála agus aon leath de

líon iomlán na dtoscairí atá cláraithe ag an gComhdháil móide aon duine amháin ar chuntar go mbeidh i láthair aon leath de líon iomlán na dtoscairí atá i dteideal freastal ar an gComhdháil móide aon duine amháin.

C6   Rúin ag an gComhdháil

C6.1   Féadfaidh Balleagraíochtaí suas le cúig rún a chur faoi bhráid.

Féadfaidh gach aon bhall de Bhord na nOifigeach, mar aon le gach aon Choiste a ndéanann siad cathaoirleacht orthu, trí rún a chur faoi bhráid. Ó am go ham, féadfaidh an Chomhairle Náisiúnta Coistí/Comhdhálacha adhoc a chur ar bun, a mbeidh sé de chumhacht acu suas le cúig rún a chur faoi bhráid.

C6.2   Féadfar rún a chur faoi bhráid faoi na ceannteidil seo a leanas: Eagrú

an Aontais; Gnóthaí Acadúla agus an Dearbhú Cáilíochta; Gnóthaí Náisiúnta; Cúrsaí Leasa; an Comhionannas; an tSaoránacht; Gnóthaí Idirnáisiúnta; an Ghaeilge; Riarachán agus Cúrsaí Airgeadais; agus Leasuithe ar an mBunreacht.

C6.3   Éileofar dhá thrian de na vótaí uile móide aon vóta amháin ag Comhdháil

le córam i gcás Leasuithe ar an mBunreacht, mar aon le rúin maidir le Gnóthaí Náisiúnta agus Idirnáisiúnta nach bhfuil feidhm dhíreach acu ar bhaill an Aontais. Ní éileofar ach vótáil tromlaigh shimplí i gcás gach cineál rúin eile, seachas reifrinn ilroghnacha.

C6.4   Éascóidh an Coiste Stiúrtha comhdhéanamh de rúin agus de leasuithe ar

rúin bheartais ar chuntar go gcomhaontóidh na Balleagraíochtaí atá ag moladh rúin nó leasuithe cosúla nó comhchosúla go frithpháirteach le comhdhéanamh dá leithéid de rúin agus de leasuithe. Beidh ag seisiúin chomhdhéanta ball de chuid an Choiste Stiúrtha agus moltóirí na rún agus

Page 36: Bunreacht USI

na leasuithe a bheartaítear atá le comhdhéanamh. Tarlóidh seisiúin dá leithéid ag an gcruinniú de chuid na Comhairle Náisiúnta roimh an gComhdháil. Ní dhéanfar comhdhéanamh d'aon rún comhdhéanta gan toiliú mholtóir an rúin/na rún a bheartaítear atá le comhdhéanamh. Féadfar ag seisiúin chomhdhéanta moltóirí a cheapadh le haghaidh na rún a comhaontaíodh atá le comhdhéanamh agus ord gnó a mholadh.

C6.5   Socróidh an Coiste Stiúrtha fad ama na seisiún éagsúil de chuid na

Comhdhála le comhaontú frithpháirteach le Stiúrthóir na Comhdhála agus leis an Uachtarán .

C6.6   Má tá rún á phlé nuair a imrítear an gilitín ar an seisiún sin de chuid na

Comhdhála, tabharfaidh cathaoirleach an tseisiúin sin deis don mholtóir ar an toirt achoimre a dhéanamh agus, dá éis sin, déanfaidh sé an vótáil ar an rún i gceist. Ina leithéid de chásanna, cuirfear an méid ama is leor chun an fhoráil seo a chomhlíonadh leis an seisiún de chuid na Comhdhála.

C6.7   Socróidh an Chomhairle Náisiúnta, i gcomhairle leis an gCoiste Stiúrtha,

spriocdhátaí i dtaca le rúin a chur faoi bhráid de réir mar a mheasann sí is riachtanach, ag coinneáil i gcuimhne go mbeidh ar bhaill na mBalleagraíochtaí na rúin seo a phlé go críochnúil, ach caithfidh leasuithe molta ar an mBunreacht seo a bheith faighte nach déanaí ná 28 lá roimh oscailt na Comhdhála.

C6.8   Glacfaidh an Coiste Stiúrtha le Rúin Éigeandála suas le dáta agus le ham a

fhógraíonn an Coiste Stiúrtha ag an gComhdháil ach ní dhéanfaidh siad plé ach le cásanna éigeandála. i.e. d'éirigh an t-ábhar nó thit an teagmhas amach i ndiaidh an spriocdháta i dtaca le rúin a chur faoi bhráid na Comhdhála.

C7   Clár Gnó na Comhdhála

C7.1    Beidh Clár Gnó na Comhdhála bunaithe ar:

C7.1.1   Gnó Foirmiúil C7.1.2   Tuairiscí ó bhaill Bhord na nOifigeach maidir lena gcuid oibre. C7.1.3   Beartais agus sainorduithe a bheidh le dul i léig go luath C7.1.4   Plé ar Rúin le haghaidh Reifrinn Ilroghnacha C7.1.5   Toghcháin agus Reifrinn Ilroghnacha C7.1.6   Rúin maidir le Beartais agus Sainorduithe C7.1.7   Rúin Éigeandála

C7.2   Déanfar plé leis na Rúin maidir le Sainorduithe i ndiaidh na Rún

maidir le Beartais faoi gach ceannteideal a shonraítear i C6.2. C7.3   Déanfar plé ar leasuithe ar rúin díreach roimh thairiscint an rúin a

Page 37: Bunreacht USI

leasódh an leasú sin.

C8   Ról an Choiste Stiúrtha agus Stiúrthóir na Comhdhála C8.1   Déanfaidh an Coiste Stiúrtha cathaoirleacht ar na seisiúin comhdhéanta,

déanfaidh sé iad a chomhordú, agus tabharfaidh sé comhairle don Chomhairle Náisiúnta maidir le spriocdhátaí i dtaca le tuairiscí, le hainmniúcháin, le rúin agus le leasuithe a chur faoi bhráid le haghaidh na Comhdhála.

C8.2   Tar éis ainmniú an Uachtaráin, déanfaidh an Chomhairle Náisiúnta

Stiúrthóir na Comhdhála a fhaomhadh a eagróidh an Chomhdháil de réir threoir an Choiste Stiúrtha agus an Uachtaráin.

C8.3   Caithfear rúin agus leasuithe a sheoladh chuig Stiúrthóir na Comhdhála

faoin dáta arna shocrú ag an gComhairle Náisiúnta. Caithfidh rúin a bheith ar pháipéar ceannteidil na Balleagraíochta agus sínithe ag Uachtarán na Balleagraíochta sin, agus caithfear iad a chur faoi bhráid trí chóip scanta a sheoladh tríd an ríomhphost, nó tríd an bhfacs.

C8.4   Feidhmeoidh an Coiste Stiúrtha cibé feidhmeanna eile a leagtar amach sa

Bhunreacht agus sna Sceidil a ghabhann leis, lena n-áireofar taifead a ullmhú ar na cinntí a dhéantar ag gach seisiún de chuid na Comhdhála, rud a chuirfear faoi bhráid an Uachtaráin nach déanaí ná aon mhí amháin i ndiaidh na Comhdhála.

C8.5   Faoi réir fhorálacha an Bhunreachta seo, déanfar an Chomhdháil

de réir na mBuanorduithe a leagtar síos sna Sceidil seo. C9   Nósanna Imeachta don Chomhairle Náisiúnta

C9.1   Is ionann córam do chruinniú de chuid na Comhairle Náisiúnta agus aon leath de na Balleagraíochtaí ar sochar móide ceann amháin. Ní chuirfear vótaí Bhord na nOifigeach san áireamh agus an córam á dhearbhú.

C9.2   Is é an tUachtarán a thionólfaidh cruinnithe de chuid na Comhairle

Náisiúnta. Caithfear fógra seacht lá ar a laghad a thabhairt do na Balleagraíochtaí uile i leith gnáthchruinnithe. Féadfaidh cruinnithe éigeandála den Chomhairle Náisiúnta a thionól laistigh d'aon seachtain amháin ar iarratas i scríbhinn a fháil ó chúig Bhalleagraíocht. Caithfear a lua ar an iarratas ar cúis leis an gcruinniú a ghairm agus ní dhéanfar plé ach leis an ngnó seo ag an gcruinniú. Is ionann córam dá leithéid de chruinnithe éigeandála agus aon trian de na Balleagraíochtaí uile ar sochar. Caithfear fógra cúig lá ar a laghad a thabhairt do na Balleagraíochtaí uile faoin dáta, faoin suíomh agus faoin ngnó a bheidh le plé ag a leithéid de chruinniú. Caithfear fógra cúig lá ar a laghad a thabhairt do Bhalleagraíochtaí i leith beartas na Comhdhála a chur ar fionraí.

Page 38: Bunreacht USI

C9.3   Mura bhfuil aon bhall de chuid an Choiste Stiúrtha i láthair chun

cathaoirleacht a dhéanamh ar an gComhairle Náisiúnta, féadfaidh an Chomhairle Náisiúnta cathaoirleach gníomhach a thoghadh nach mbeidh ina bhall de Bhord na nOifigeach.

C9.4   Faoi réir fhorálacha an Bhunreachta, déanfar cruinnithe de chuid na Comhairle Náisiúnta de réir na mBuanorduithebainteachta, le cinneadh ag Cathaoirleach na Comhairle Náisiúnta, de réir mar a leagtar amach i Sceideal E.

C10   Clár Gnó do Chruinnithe de chuid na Comhairle Náisiúnta

C10.1 Beidh an clár gnó do ghnáthbhaill de chuid na Comhairle Náisiúnta

bunaithe ar an méid seo a leanas: Miontuairiscí an chruinnithe roimhe Nithe ag éirí astú Tuairiscí bhaill Bhord na nOifigeach Sainorduithe Críochnaithe Gnó foirmiúil Toghcháin Aon ghnó eile

C10.2 Seolfar an clár gnó i ndáil le gach cruinniú chuig gach aon Bhalleagraíocht cúig lá ar a laghad roimh dháta ceaptha an chruinnithe sin, agus tuairisc ó gach ball de Bhord na nOifigeach ina theannta.

C10.3 Ní ghlacfaidh an Cathaoirleach le míreanna faoi 'Aon Ghnó Eile' ag

cruinnithe de chuid na Comhairle Náisiúnta ach in imthosca eisceachtúla i.e. tháinig an t-ábhar chun solais tar éis na míreanna le haghaidh chlár gnó an chruinnithe sin a dhúnadh.

C11   Nósanna Imeachta i ndáil le Toghcháin agus leis an gCoiste Stiúrtha

C11.1 Féadfaidh an Chomhairle Náisiúnta ball den Choiste Stiúrtha a bhriseadh as

a oifig trí rún briste a chur faoi bhráid an Uachtaráin. Luafar sa rún na cúiseanna leis an mbriseadh as oifig agus beidh sé de cheart ag an mball coiste i gceist labhairt ar an rún sula ndéantar aon vótáil.

C11.2 Déanfar toghchán an Choiste Stiúrtha de réir phrionsabal na hionadaíochta cionmhaire faoi chóras an aonvóta inaistrithe. Ní bheidh iarrthóirí ina mbaill reatha den Aontas. Tabharfar fógra dhá sheachtain ar a laghad do Bhalleagraíochtaí i leith an toghcháin.

C11.3 Is é an Fochoiste Toghchán a bheidh freagrach as dea-fheidhmiú na

dtoghchán uile de chuid an Aontais. Molfaidh an Fochoiste Toghchán amchláir le haghaidh Thoghcháin an Aontais don Chomhairle Náisiúnta agus cuirfidh sé na Balleagraíochtaí ar an eolas faoi na hamchláir

Page 39: Bunreacht USI

chomhaontaithe. C11.4 Déanfar Toghchán an Choiste Stiúrtha ag an gcruinniú deireanach de

chuid na Comhairle Náisiúnta gach bliain agus tosóidh a dtéarmaí ón 1 Iúil.

Page 40: Bunreacht USI

Sceideal D: Toghcháin D1   Toghcháin ag an gComhdháil agus Reifrinn Ilroghnacha

D1.1   Beidh an Fochoiste Toghchán freagrach as Toghcháin agus as Reifrinn

Ilroghnacha ag an gComhdháil agus ag cruinnithe de chuid na Comhairle Náisiúnta.

D1.2   Marcálfaidh Toghthóirí a bpáipéir bhallóide agus déanfar an

comhaireamh de réir fhorálacha an Achta Toghcháin (1992) arna leasú. D1.3   I ngach Toghchán Bhord na nOifigeach ina bhfuil aon ainmniúchán ar

bith, cuirfear an ráiteas "AthoscailAinmniúcháin" leis an bpáipéar ballóide mar rogha. Chun críche na vótaí a chomhaireamh, caithfear leis an mbosca "AthoscailAinmniúcháin" amhail is dá mb'iarrthóir é. Sa chás go dtoghtar an t-iarrthóir "AthoscailAinmniúcháin", fógróidh an Ceann Comhairimh go bhfuil an folúntas sin neamhlíonta, agus déanfar toghchán le haghaidh an phoist fholaimh ag an gcéad chruinniú eile de chuid na Comhairle Náisiúnta.

D1.4   Beidh an tUachtarán agus iarrthóirí agus/nó duine arna ainmniú acu i

dteideal freastal ar an gcomhaireamh i leith na hoifige a raibh siad ainmnithe lena haghaidh.

D1.5   Nuair a fhógrófar torthaí toghcháin nó reifrinn ilroghnaigh, fógrófar

líon na vótaí príomhrogha a fuair gach iarrthóir/rogha sa chéad chomhaireamh agus i ngach comhaireamh dá éis sin.

D1.6   Ní fhéadfaidh aon duine ar scoireadh dá bhallraíocht san Aontas dul san

iomaíocht i dtoghchán i gcomhair poist mar oifigeach.

D1.7   Caithfidh iarrthóirí ar na poist seo a leanas: an tUachtarán, an Leasuachtarán do Ghnóthaí Acadúla agus don Dearbhú Cáilíochta, an Leasuachtarán d'Fheachtais, an Leasuachtarán do Chúrsaí Leasa, an Leasuachtarán don Chomhionannas agus don tSaoránacht, an Leasuachtarán don Ghaeilge; a bheith ainmnithe ag dhá Bhalleagraíocht ar a laghad, atá ar sochar, roimh an dáta arna shocrú ag an gComhairle Náisiúnta ach nach lú ná sé lá roimh thús na Comhdhála. Caithfidh iarrthóirí ar na poist mar an Leasuachtarán do Réigiún na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair agus mar an Leasuachtarán do Réigiún an Deiscirt, a bheith ainmnithe ag dhá Bhalleagraíocht laistigh den réigiún bainteach ar a laghad, atá ar sochar, roimh an dáta arna shocrú ag an gComhairle Náisiúnta ach nach lú ná sé lá roimh thús na Comhdhála.

D1.8   Socróidh an Fochoiste Toghchán na rialacháin i dtaca le feachtais

toghcháin a stiúradh, le daingniú ag an gComhairle Náisiúnta nach déanaí ná an 31 Nollaig gach bliain.

Page 41: Bunreacht USI

D1.9   Ní bheidh aon duine a d'fhóin in aon phost ar Bhord na nOifigeach ar

feadh dhá théarma agus cuid ní ba mhó ná 50% de thríú téarma, intofa chun na hoifige sin arís. Rithfidh an téarma oifige bliana ón 1 Iúil go dtí an 30 Meitheamh an bhliain féilire dár gcionn. Leanfaidh na hOifigigh atá ag dul as oifig ar aghaidh, áfach, ag fónamh mar chomhairleoirí lánaimseartha do na daoine a thagann i gcomharbacht orthu, ón 1 Iúl go dtí an 7 Iúil tar éis dá dtéarmaí a bheith caite.

D1.10 Caithfear Ainmniúcháin a sheoladh chuig an gCeann Comhairimh faoin

dáta arna shocrú ag an gComhairle Náisiúnta. Caithfidh ainmniúcháin a bheith ar pháipéar ceannteidil na Balleagraíochta agus sínithe ag Uachtarán na Balleagraíochta sin, agus caithfear iad a chur faoi bhráid trí chóip scanta a sheoladh tríd an ríomhphost, nó tríd an bhfacs. Ní mór d'iarrthóirí a chur isteach chuig an gCeann Comhairimh roimh dhúnadh an phróisis ainmniúcháincáipéisíocht a chruthaíonn go bhfuil siad ina mball den Aontas.

D.2   Nósanna Imeachta i ndáil le Gearáin faoi Thoghcháin

D2.1   Féadfaidh aon Oifigeach tofa de chuid aon Bhalleagraíochta, aon iarrthóir

sa toghchán sin, nó ball de Bhord na nOifigeach gearáin a dhéanamh faoi aon ábhar a bhaineann le stiúradh aon toghcháin de chuid an Aontais agus déanfar a leithéid de ghearán leis an bhFochoiste Toghchán sula n-osclaítear na boscaí ballóide le haghaidh an toghcháin lena mbaineann an gearán. Ní osclófar na boscaí ballóide go dtí go dtugtar na gearáin uile chun réitigh. Molfaidh an Fochoiste Toghchán, tar éis dó an gearán a fuarthas a chur faoi chaibidil go hiomlán, beart don Chomhdháil nó do chruinniú de chuid na Comhairle Náisiúnta (de réir mar is iomchuí) agus fiafróidh sé an bhfuil aon agóid ina aghaidh. Mura bhfuil aon agóid ina aghaidh ann, beidh moladh an Fhochoiste Toghchán ina cheangal. Sonrófar agóidí go soiléir agus beidh tromlach dhá thrian de na daoine i láthair agus ag vótáil ag teastáil chun glacadh leo. Sa chás go nglactar le hagóid, ní bheidh aon rogha eile ann seachas toghchán nua a dhéanamh.

D2.2   Ní fhéadfaidh ach Uachtarán Balleagraíochta, iarrthóir nó ball de Bhord na

nOifigeach gearáin a dhéanamh faoi stiúradh comhairimh in aon toghchán de chuid an Aontais agus déanfar a leithéid de ghearán leis an bhFochoiste Toghchán tráth nach déanaí ná 14 lá i ndiaidh an chomhairimh lena mbaineann an gearán. Ní bheidh toradh an chomhairimh lena mbaineann an gearán ina cheangal go dtí go dtugtar gach uile ghearán chun réitigh. Molfaidh an Fochoiste Toghchán, tar éis dó an gearán a fuarthas a chur faoi chaibidil go hiomlán, beart do chruinniú de chuid na Comhairle Náisiúnta arna thionól nach déanaí ná 14 lá tar éis an gearán a fháil, agus fiafróidh sé den chruinniú an bhfuil aon agóid ina aghaidh. Mura bhfuil aon agóid ina aghaidh ann, beidh moladh

Page 42: Bunreacht USI

an Fhochoiste Toghchán ina cheangal. Sonrófar agóidí go soiléir agus beidh tromlach dhá thrian de na daoine i láthair agus ag vótáil ag teastáil chun glacadh leo. Sa chás go nglactar le hagóid, ní bheidh aon rogha eile ann seachas toghchán nua a dhéanamh.

D2.3   Tar éis na toghcháin uile de chuid an Aontais a chur i gcrích, déanfar na páipéir bhallóide a shéalú i bpacáistí agus coinneofar i gcóiméad chomhairleoir dlí an Aontais iad go ceann sé mhí. Mura n-osclaítear na pacáistí, déanfar iad a scriosadh tar éis na tréimhse seo. Ní osclófar na pacáistí ach amháin i gcás gearán a fháil a bhaineann le stiúradh an chomhairimh nó sa chás go dtionscnaíonn iarrthóir caingean dlí.

D.3   Cáilitheacht Iarrthóirí do Thoghcháin

D.3.1 Féadfaidh aon bhall tofa de chuid Balleagraíochta, iarrthóir, nó ball de

chuid Bhord na nOifigeach ceisteanna a ardú faoi cháilitheacht iarrthóra d'aon toghchán de chuid an Aontais agus cuirfear a leithéid de cheisteanna faoi bhráid an Fhochoiste Toghchán tráth nach déanaí ná aon seachtain amháin roimh an toghchán bainteach nó 48 uair i ndiaidh dhúnadh an phróisis ainmniúcháin, cibé acu is déanaí. Ní chuirfear tús le vótáil sa toghchán i gceist go dtí go dtugtar freagra ar gach ceist. Déanfaidh an Fochoiste Toghchán imscrúdú ar aon cheist a ardaítear agus tabharfaidh sé tuairisc don chéad chruinniú eile de chuid na Comhairle Náisiúnta agus molfaidh sé beart agus fiafróidh sé an bhfuil aon agóid ina aghaidh. Mura bhfuil aon agóid ina aghaidh ann, beidh moladh an Fhochoiste Toghchán ina cheangal. Sonrófar agóidí go soiléir agus beidh tromlach dhá thrian de na daoine i láthair agus ag vótáil ag teastáil chun glacadh leo. Sa chás go nglactar le hagóid, ní bheidh aon rogha eile ann seachas toghchán nua a dhéanamh.

Féadfaidh Uachtarán Balleagraíochta nó Ceannaire Toscaireachta nó ball de Bhord na nOifigeach ceisteanna a ardú faoi theistiméireachtaí aon toscaire chun na Comhdhála agus cuirfear a leithéid de cheisteanna faoi bhráid an Fhochoiste Toghchán. Déanfaidh an Fochoiste Toghchán imscrúdú ar aon cheist a ardaítear agus cuirfidh sé Tuairisc agus moladh faoi bhráid na Comhdhála chomh luath agus is féidir agus iarrfaidh sé go mbeidh moladh an Fhochoiste Toghchán ina cheangal. Sonrófar agóidí go soiléir agus beidh tromlach dhá thrian de na daoine i láthair agus ag vótáil ag teastáil chun glacadh leo. Sa chás go nglactar le hagóid, glacfaidh an Fochoiste Toghchán leis an mbeart sin.

Page 43: Bunreacht USI

Sceideal E: Na Buanorduithe Déanfar gnó de chuid na Comhdhála de réir na mBuanorduithe seo a leanas:

1   Is é Bord na nOifigeach a shocróidh an t-am tosaithe agus an t-am atrátha. Féadfaidh aon toscaire le tacaíocht ó 10% de na toscairí i láthair comhaireamh córaim a ghairm ar phointe oird. Sa chás nach bhfuil an Chomhdháil le córam, déanfaidh an Cathaoirleach an seisiún sin a chur ar atráth go dtí tráth a mbeidh an Chomhdháil le córam. Ní dhéanfar aon ghnó foirmiúil i ndiaidh 10.30 i.n. Ní fhéadfar an Buanordú seo a athrú i rith Comhdhála tar éis glacadh leis.

2   Beidh ball de chuid an Choiste Stiúrtha, arna cheapadh ag an gCoiste sin, i

gceannas ar gach seisiún de chuid na Comhdhála ach amháin an chéad seisiún gnó fhoirmiúil, a ndéanfaidh an tUachtarán cathaoirleacht air.

3   Ní dhéanfaidh Cathaoirleach an tseisiúin ná aon bhall eile de chuid an

Choiste Stiúrtha vóta a chaitheamh ag aon seisiún de chuid na Comhdhála ná páirt a ghlacadh in aon díospóireacht shubstainteach.

4   Is ag Cathaoirleach an tseisiúin a bheidh freagracht ghinearálta as a

chinntiú go stiúrtar an díospóireacht ar bhealach ordúil agus nach mbristear isteach ar chainteoirí ach amháin de réir mar a fhoráiltear sna Buanorduithe seo. Forghníomhóidh sé trí vótáil tromlaigh shimplí aon teorainn ama agus aon ábhar eile arna moladh ag an gCoiste Stiúrtha agus arna bhfaomhadh ag an gComhdháil.

5   Caithfidh gach rún, leasú nó tuairisc a bheith molta ag ball de chuid Bhord

na nOifigeach nó ag toscaire de chuid Balleagraíochta agus féadfar plé a dhéanamh air dá éis sin.

6   Ní labhróidh aon bhall níos mó ná aon uair amháin ar an gceist chéanna

(ach amháin más tuairisc í) seachas an duine a thairg an rún ar an gcéad dul síos, duine a dtabharfar an ceart freagartha dó díreach roimh an vótáil.

7   Déanfar vótáil ar rúin san ord arna mholadh ag an gCoiste Stiúrtha agus arna fhaomhadh ag an gComhdháil.

8   Má ghlactar le rún, athróidh moltóir an rúin sin ina mholtóir ar an rún

substainteach arna leasú. 9   Rúin Nós Imeachta

Féadfar na rúin nós imeachta seo a leanas a thairiscint:- 9a. Rún go gcuirfear an cheist láithreach

bonn;

Page 44: Bunreacht USI

9b. Rún nach gcuirfear an cheist; 9c. Rún go ndéanfar plé leis an gceist i gcodanna ar leith;

9d. Rún go dtarchuirfear (nó go dtarchuirfear ar ais) an t-ábhar chuig am sonraithe níos déanaí nó chuig cruinniú nó chuig Oifigeach nó chuig Coiste nó chuig an gComhairle Náisiúnta.

9e. Agóid in aghaidh chinneadh an Chathaoirligh; 9f. Rún mímhuiníne sa Chathaoirleach;

10   Caithfidh rúin nós imeachta a bheith cuidithe ag cuiditheoir, agus ní

fhéadfar iad a mholadh i rith pointe oird nó i rith vótáil nó i rith óráide.

11   Féadfaidh moltóir rún nós imeachta labhairt ar a shon go ceann aon

nóiméid amháin, agus féadfaidh aon chainteoir amháin labhairt ina aghaidh go ceann aon nóiméid amháin dá éis sin. Beidh tosaíocht ag moltóir an rúin shubstaintigh i leith labhairt in aghaidh rúin nós imeachta, seachas i gcás rún (e) agus rún (f) ina mbeidh tosaíocht ag an gCathaoirleach. Ansin, déanfar vótáil ar an rún gan aon díospóireacht.

12   Nuair a mholtar rún nós imeachta (e) nó (f), scarfaidh an Cathaoirleach leis

an gcathaoirleacht láithreach go dtí go ndéantar cinneadh ar an rún. Sa chás go nglactar le rún nós imeachta (e), rialóidh an Cathaoirleach de réir an rúin nós imeachta. Sa chás go nglactar le rún nós imeachta (f), ní dhéanfaidh an Cathaoirleach lena mbaineann an rún cathaoirleacht ar an seisiún sin arís.

13   Féadfaidh an Cathaoirleach diúltú do rún nós imeachta sa chás nár éirigh le

rún a raibh feidhm chosúil aige nó a bhain leis an ábhar céanna le linn na tréimhse 15 nóiméad roimhe.

14   Sa chás go nglactar le rún nós imeachta (a), tabharfaidh an Cathaoirleach

an ceart freagartha don mholtóir sula ndéantar an vótáil.

15   Ní fhéadfar ach aon rún nós imeachta amháin a mholadh ag aon tráth amháin; ní fhéadfar leasuithe a mholadh ar rúin nós

imeachta. 16   Beidh tosaíocht ag pointe oird ar gach gnó eile seachas vótáil, ach amháin

sa chás go mbaineann an pointe oird le stiúradh na vótála sin. Féadfaidh aon bhall pointe oird a ardú ar chuntar go n-éiríonn sé an pointe láithreach bonn agus go gcuireann sé in iúl go bhfuil sé ag ardú na ceiste "ar phointe oird" agus go sonraíonn sé an t-ábhar lena mbaineann an pointe oird. Ní bhainfidh pointe oird ach leis an nós imeachta ar glacadh leis nó le stiúradh na cruinnithe.

Page 45: Bunreacht USI

17   Féadfaidh aon bhall pointe eolais a ardú ach a chur in iúl go bhfuil sé ag

éirí ar a leithéid de phointe, agus gheobhaidh a leithéid de bhall éisteacht le toiliú an chainteora. Cuirfear teorainn ama de 15 shoicind le pointí eolais, agus bainfear an méid ama sin den mhéid ama a ceadaíodh don chainteoir ag an micreafón.

18   Déanfar an vótáil trí chártaí toscairí a thaispeáint, aon vóta amháin a bheidh ag gach toscaire, ach amháin i gcás toghchán, tráth a ndéanfar an vótáil trí rúnbhallóid de réir chóras na hionadaíochta cionmhaire a leagtar síos in Acht Toghcháin (1992) Phoblacht na hÉireann. Sa chás go bhfuil toscaire as láthair go sealadach, féadfaidh sé a vóta a thabhairt do bhreathnóir cláraithe de chuid na Balleagraíochta céanna ina ionad ar chuntar nach gcaithfidh an duine sin níos mó ná aon vóta amháin dá dhroim sin. Ceapfaidh an Cathaoirleach, le toiliú na Comhdhála, áiritheoirí.

19   Féadfar buanorduithe a chur ar fionraí chun gnó a éascú nach bhfuil ar an

gclár gnó agus nach bhféadfaí a thabhairt isteach gan na Buanorduithe a chur ar fionraí. Féadfar Buanorduithe, seachas an buanordú seo agus Buanordú uimhir a haon, a chur ar fionraí tar éis do thromlach dhá thrian díobh siúd atá i láthair agus ag vótáil glacadh le rún dá réir sin. Caithfidh a leithéid de rúin a bheith cuidithe ag cuiditheoir, caithfear an cuspóir a mbeidh na Buanorduithe á gcur ar fionraí chun a chríche agus an uastréimhse a mbeidh siad curtha ar fionraí gona ceann a shonrú leis, agus déanfar vótáil ar an rún gan aon díospóireacht. Ní fhéadfar iad a mholadh agus ball ag labhairt ar phointe oird nó i rith vótáil. Ní fhéadfar plé a dhéanamh ach ar an ngnó ar cuireadh na Buanorduithe ar fionraí lena aghaidh. Ní athrófar na Buanorduithe seo i rith na Comhdhála.

Page 46: Bunreacht USI

Sceideal F Comhaontú NUS-AMLÉ An comhaontú tríthaobach beartaithe, arna athbhreithniú, idir Aontas Mic Léinn na Ríochta Aontaithe (NUSUK), Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ), (na hAontais Náisiúnta) agus gluaiseacht mhic léinn NUS-AMLÉ de chuid Aontas Mic Léinn na Ríochta Aontaithe agus Aontas na Mac Léinn in Éirinn (NUS-AMLÉ) um fheidhmiú comhoibre i réigiún Thuaisceart Éireann (an Réigiún).

Brollach: 1.1   Is mian le NUSUK agus le AMLÉ, mar aontais mhic léinn ardcheannasacha

agus neamhspleácha, a gcaidreamh ar leith a fhorbairt tuilleadh trí oibriú as láimh a chéile chun ionadaíocht éifeachtach ar leas na mac léinn i dTuaisceart Éireann a bhaint amach agus a áirithiú.

1.2   Is é sprioc na comhoibre uile a dhéanann an dá Aontas Náisiúnta cearta na mac a chur chun cinn, a chosaint agus a fhorbairt agus aontais mhic léinn láidre a fhorbairt agus a chothú i dTuaisceart Éireann. Aithníonn an dá Aontas Náisiúnta go mbeidh leibhéal dlúth-chomhoibrithe os cionn an ghnáthleibhéil teagmhála idirnáisiúnta ríthábhachtach i dtreo na spriocanna seo a bhaint amach.

1.3   Tá na hAontais Náisiúnta tiomanta do thacaíocht agus do chumhacht a thabhairt d'fhéinriaradh agus d'fhéinchinntiúchán daonlathach áitiúil mar gheall ar gurb iad na bealaí is éifeachtaí chun na spriocanna seo a bhaint amach. 1.4   Tuigeann an comhaontú seo croíphrionsabalNUSUK agus AMLÉ agus iad ag oibriú de réir a gcreataí beartas féin sa réigiún, agus mar sin, tá an dá Aontas Náisiúnta tiomanta do dheis a thabhairt do na haontais mhic léinn uile sa réigiún lánpháirt a ghlacadh agus do thacaíocht a thabhairt dóibh ina struchtúir náisiúnta féin faoi seach. 1.5   Chun na críche seo, tiomnaíonn NUSUK agus AMLÉ leis seo d'oibriú i

gcomhar lena chéile d'fhonn comhlachas mic léinn atá faoi bhláth, gníomhach agus daonlathach a chur ar bun i dTuaisceart Éireann chun ionadaíocht a dhéanamh do mhic léinn agus d'aontais sa réigiún, iad a fhorbairt, iad a chomhaontú, agus tacaíocht a thabhairt dóibh. Féinriartha ar bhonn áitiúil ach lárthacaithe ag comhpháirtíocht idir NUSUK agus AMLÉ, déantar NUS-AMLÉ a bhunú agus a mhaoiniú le táillí cleamhnaithe, fóirdheontas, agus foinsí eile a fhaightear ó na hAontais Náisiúnta agus go háitiúil.

1.6   Agus iad ag oibriú lena chéile ar na bealaí seo, athdhearbhaíonn na hAontais Náisiúnta a dtiomantas do bhuansíocháin agus do bhuanseasmhacht a bhaint amach sa réigiún.

1.7   Tá meas ag na hAontais Náisiúnta ar dhearcthaí a chéile i leith a ngnóthaí náisiúnta féin agus ní thagann an comhaontú seo salach ar chearta NUSUK ná ar chearta AMLÉ mar Aontais Náisiúnta neamhspleácha ar bhealach ar bith.

1.8     Chuathas i ndáil chomhairle le NUS-AMLÉ maidir leis an gcomhaontú seo agus faomhann NUS-AMLÉ leis seo é.

Page 47: Bunreacht USI

1.9   Gabhann agus cuirtear an comhaontú seo in ionad gach uile chomhaontú déthaobhach idir NUSUK agus AMLÉ roimhe seo. Is é a chuspóir ná na coinníollacha a leagan amach a gcomhaontaíonn NUSUK agus AMLÉ leo i leith tacaíocht a thabhairt do NUS-AMLÉ feidhmiú ar bhonn féinriartha.

Ballraíocht

2.1   Cuimseoidh bunreacht NUS-AMLÉ critéir iomchuí ballraíochta, mar aon le

nósanna imeachta i ndáil le hiarratas a dhéanamh ar chomhbhallraíocht, le comhbhallraíocht a tharraingt siar agus a chur ar fionraí.

2.2   Tar éis glacadh lena bhallraíocht in NUS-AMLÉ de réir an bhunreachta, bronnfar ballraíocht in NUSUK agus in AMLÉ ar an gcomheagraíocht sin sa ghnáthchúrsa.

2.3   Scor de bhallraíocht sa dá Aontas Náisiúnta a bheidh de thoradh ar dhíchleamhnú ó NUS-AMLÉ de réir na rialacha bainteacha i mBunreacht NUS-AMLÉ. Mar an gcéanna, cuirfear an ball ar fionraí ó NUS-AMLÉ nó bainfear de NUS-AMLÉ é de thoradh ar a fhionraí ó NUSUK nó ó AMLÉ nó ar a bhaint de NUSUK nó de AMLÉ de réir na sceideal bainteach a ghabhann lena mbunreachtanna faoi seach.

Rialú agus Úinéireacht 3.1   Déanfar i mbunreacht NUS-AMLÉ foráil do shocruithe rialachais a

áiritheoidh féinriail polaitíochta dhaingean na mac léinn agus a n-aontas sa réigiún.

3.2   Áiritheoidh bunreacht NUS-AMLÉ go mbeidh na comhlachtaí polaitíochta agus ionadaíochta de chuid NUS-AMLÉ faoi stiúir mic léinn agus a n-ionadaithe.

3.3   Áiritheoidh bunreacht NUS-AMLÉ go mbeidh riarachán NUS-AMLÉ, arb é a chuspóir creatlach agus áiseanna eagraíochta a dhaingniú trínar féidir aidhmeanna NUS-AMLÉ a bhaint amach, rialaithe ag coiste bainistíochta páirtithe leasmhara, a chuimseoidh mic léinn, oifigigh de chuid aontais mhic léinn, baill thuata oiriúnacha as an réigiún agus ionadaithe do NUSUK agus do AMLÉ. Beidh an bunreacht faoi réir faomhadh ag NUSUK agus ag AMLÉ ar an mbonn go léiríonn sé forálacha an chomhaontaithe seo.

3.4   Beidh bunreacht NUS-AMLÉ ina sceideal a ghabhann le Bunreacht NUSUK agus le Bunreacht AMLÉ.

Cúrsaí Airgeadais

4.1   Is é aontas riartha NUS-AMLÉ a shocróidh an táille chleamhnaithe

bhallraíochta ach ní bheidh sí níos ísle ná an táille is ísle a ghearrann ceachtar den dá Aontas Náisiúnta. Beidh feidhm chothrom ag critéar chiste cruatain an aontais riartha ar bhaill de chuid NUS-AMLÉ.

Page 48: Bunreacht USI

4.2   Roimh an 31 Nollaig gach uile bhliain, tabharfaidh na balleagraíochtaí de chuid NUS-AMLÉ don choiste bainistíochta cruthúnas faoi:

4.2.1   na sonraí is déanaí maidir le líon na mac léinn sa bhalleagraíocht sin i.e. líon na mac léinn sa bhliain acadúil roimhe. Coimeádann NUS-AMLÉ an ceart aige féin teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Fostaíochta agus Foghlama chun na figiúirí oifigiúla a fháil más riachtanach.

4.2.2   sonraí maidir leis an maoiniú blocdheontais a fuair an eagraíocht sin. 4.3   Dearbhófar i mbunreacht nó i mBuanorduitheNUS-AMLÉ go ndéanfar

aon bhall a dteipeann air an fhaisnéis seo a thabhairt do NUS-AMLÉ a chosc ó pháirt a ghlacadh in aon vótáil bhaill NUS-AMLÉ, NUSUK nó AMLÉ.

4.4   Sonrófar i mbunreacht nó i mBuanorduitheNUS-AMLÉ go bhféadfaidh coiste bainistíochta NUS-AMLÉ an fhaisnéis airgeadais a chuirtear ar láimh faoi alt 4.2 a chur san áireamh agus é ag áireamh teidlíochtaí vótála i NUS-AMLÉ don bhliain acadúil dár gcionn. Déanfar teidlíochtaí vótála in NUSUK agus in AMLÉ faoi seach a mheas de réir na bhforálacha bainteacha i mbunreachtanna an dá aontas, ach beidh feidhm ag forálacha alt 4.4.1 agus 4.4.2 i gcás AMLÉ.

4.4.1.1   Ag aithint na mbealaí éagsúla a dhéantar an táille

chleamhnaithe a áireamh agus na n-iomalartuithe éagsúla a úsáidtear ina leith sin idir AMLÉ, NUS-AMLÉ agus NUSUK, beidh na teidlíochtaí vótála laistigh de AMLÉ do chomheagraíochtaí cinntithe tráth nach déanaí ná mí Feabhra gach bliain ag Coiste Airgeadais AMLÉ (nó ag a leithéid d'eintiteas eile laistigh de AMLÉ a d'fhéadfadh glacadh le feidhmeanna an Choiste Airgeadais mar atá sé faoi láthair amach anseo). Eiseofar an cinneadh chuig na balleagraíochtaí tráth nach déanaí ná 10 lá oibre roimh an gcéad chruinniú eile de chuid Chomhairle Náisiúnta AMLÉ díreach tar éis eisiúint an chinnidh. Beidh éifeacht ag a leithéid de theidlíocht vótála ó Chomhdháil Bhliantúil AMLÉ go dtí céad Chomhdháil Bhliantúil AMLÉ eile.

4.4.1.2  Nuair atá Coiste Airgeadais AMLÉ ag déanamh a leithéid de chinneadh, cuirfidh siad san áireamh coibhéis mic léinn lánaimseartha gach comheagraíocht arna deimhniú ag NUS-AMLÉ; na táillí cleamhnaithe a íocann gach comheagraíocht leis an aontas riartha agus/nó le NUS-AMLÉ; agus aon uiríoll a dhéantar thar ceann comheagraíochta. Tar éis a leithéid de dháilí a chur faoi chaibidil, cinnfidh Coiste Airgeadais AMLÉ cé acu ar íoc comheagraíocht táille a bhí ar cóimhéid le líon na mac léinn san eagraíocht sin ("Táille Iomlán") nó ar íoc sí táille ainmniúil i gcomhthéacs líon na mac léinn san eagraíocht sin ("Táille Ainmniúil"). 4.4.1.3 Sa chás go meastar gur

Page 49: Bunreacht USI

íoc comheagraíocht Táille Ainmniúil, ní bheidh an chomheagraíocht sin i dteideal ach an líon is ísle toscairí de réir na teidlíochtaí toscairí a leagtar amach i mBunreacht AMLÉ atá i réim ag an am. 4.4.1.4  Sa chás go meastar gur íoc comheagraíocht Táille Iomlán, beidh an chomheagraíocht sin i dteideal líon toscairí de réir choibhéis na mac léinn lánaimseartha sa chomheagraíocht sin arna háireamh mar "líon na ngnáthbhall a n-íoctar táillí cleamhnaithe ina leith" chun críche an Tábla a leagtar amach i Sceideal C, Alt 3(a) de Bhunreacht AMLÉ (nó chun críche aon fhorála de Bhunreacht AMLÉ a dhéanann an céanna a leasú, a aisghairm nó a fhorlíonadh ó am go ham. 4.4.1.5  I gcásanna ina ndéanann an Coiste Airgeadais cinneadh dá leithéid i leith comheagraíochta, ní fhéadfaidh ach an chomheagraíocht sin achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh sin chun an chéad chruinnithe eile de chuid Chomhairle Náisiúnta AMLÉ díreach i ndiaidh eisiúint an chinnidh agus mura ndéantar a leithéid d'achomharc, beidh cinneadh an Choiste Airgeadais críochnaitheach agus ina cheangal.

4.4.1.6   In imthosca neamhghnácha, beidh sé de chumhacht ag an

gCoiste Airgeadais a chinneadh gur íoc comheagraíocht táille de bhreis ar Tháille Ainmniúil, cé nár íoc sí Táille Iomlán. Ina leithéid de chásanna, féadfaidh an Coiste Airgeadais moladh a dhéanamh do Chomhairle Náisiúnta AMLÉ go mbeidh an chomheagraíocht i gceist i dteideal líon níos mó toscairí ná an íoslíon toscairí ach nach mó ná an líon toscairí a mbeadh sí ina theideal dá mba rud é gur chinn an Coiste Airgeadais gur íoc an chomheagraíocht an Táille Iomlán.

4.4.2 Ag aithint nádúr páirtaimseartha roinnt mhaith comheagraíochtaí/comhbhall, ach ag dearbhú a mballraíochta in NUS-AMLÉ ag an am céanna, ní mheasfar go bhfuil comheagraíochtaí/comhbhaill laistigh de struchtúir AMLÉ chun críche córaim go dtí go gcuirfidh siad liosta dá gCoistí Gnó faoi bhráid NUS-AMLÉ agus go dtí an chéad imeacht de chuid AMLÉ ar a bhfreastalóidh toscairí de chuid na comheagraíochta/an chomhbhaill sin i ngach bliain acadúil/bliain Aontas Mic léinn.

4.5   Comhaontóidh NUSUK agus AMLÉ leibhéal fóirdheontais bhreise de réir alt 4.8 atá réasúnta agus dóthanach d'fheidhmiú NUS-AMLÉ.

4.6   Déanfar foráil i mbunreacht NUS-AMLÉ go bhfeidhmeoidh ceann den dá aontas náisiúnta mar aontas riartha NUS-ALMÉ go ceann bliain acadúil, agus sonrófar i mbunreacht nó i mBuanorduitheNUS-AMLÉ an próiseas i dtaca leis an aontas náisiúnta a fheidhmíonn mar an aontas riartha a chinneadh. Beidh i gceist le ról an aontais riartha aon cheann nó gach ceann de na gníomhaíochtaí seo a leanas a dhéanamh thar ceann NUS-AMLÉ: Ioncam bliantúil ó tháille chleamhnaithe NUS-AMLÉ a riar Cuntas NUS-AMLÉ a fheidhmiú dá mbreactar táillí cleamhnaithe chun sochair agus as a maoinítear caiteachas ar ghníomhaíocht NUS-AMLÉ

Page 50: Bunreacht USI

Tacaíocht a chur ar fáil d'fhoireann agus do lucht bainistíochta AMLÉ Seirbhísí agus tacaíocht forbartha gnó a chur ar fáil, lena n-áirítear, ach gan a bheith teoranta do, Teicneolaíocht Faisnéise, Áiseanna Cumarsáide agus Ceannach Tacaíocht bainistíochta sinsearaí a chur ar fáil d'fhoireann NUS-AMLÉ Airgeadas NUS-AMLÉ a bhainistiú ionas go gcuirtear ráitis airgeadais le chéile ar bhonn rialta, go gcoinnítear rialú ceart airgeadais agus go ndéantar cuntais a iniúchadh go neamhspleách i dtaca le gach bliain airgeadais

4.7   Déanfar na costais iarbhír a bhaineann leis na seirbhísí seo a sholáthar,

lena n-áirítear na táillí dímheasa cuí i dtaca le trealamh caipitiúil, a áireamh ag deireadh gach bliain agus a thaifeadadh/a mhuirearú go foirmiúil mar tháille chun dochair NUS-AMLÉ faoi chomhaontú foirmiúil um an “aontas riartha” idir NUS-AMLÉ agus an aontas riartha.

4.8   Tiomnaíonn an dá aontas náisiúnta leis seo do leibhéal áirithe tacaíochta a chur ar fáil do NUS-AMLÉ as a gcistí féin faoi seach d'fhonn a rath a chinntiú i bhfoirm tuarastail don Uachtarán, dhá thrian de ó NUS agus aon trian de ó AMLÉ. Is adhoc a bheidh an leibhéal tacaíochta a chuirtear ar fáil de bhreis ar an méid seo, a dhéanfar a chinneadh mar chuid de phróiseas buiséadaithe gach aon aontas náisiúnta, agus a chuirfear in iúl do NUS-AMLÉ go soiléir. Oiread agus is féidir, déanfar aon tacaíocht “chomhchineáil” a chostáil ar mhaithe le trédhearcacht de réir alt 4.7.

4.9   Beidh an tAontas Náisiúnta riartha freagrach as aon chostas a thabhaítear de bharr aon chuairte a thugann a Choiste Gnó nó baill foirne dá chuid ar an Réigiún seachas i gcás comhchruinnithe foirmiúla a thionóltar faoin gcomhaontú seo.

4.10   Comhaontaíonn na hAontais Náisiúnta leis seo gur chóir d'aon bharrachas i gcuntas NUS-AMLÉ a chur i leataobh ar mhaithe le NUS-AMLÉ amach anseo. I gcás easnaimh, íocfar na costais as buiséad NUS-AMLÉ sna blianta dá éis; ach amháin mura féidir iad a ghlanadh ó choigiltí todhchaí.

4.11   I ndáil leis an aontas riartha: Beidh na téarmaí agus coinníollacha fostaíochta do bhaill foirne NUS-AMLÉ comhionann leis na téarmaí agus coinníollacha fostaíochta do bhaill foirne an Aontais Náisiúnta riartha. Déanfar fostaithe a spreagadh chun clárú le Ceardchumann cuí. Déanfar plé le hábhair laethúla fostaíochta agus foirne trí struchtúir bainistíocht líne an aontais riartha. Leagfar amach línte soiléire freagrachta ionas go mbeidh páirt ghníomhach ag ionadaithe de chuid NUS-AMLÉ i mbreithmheas, i bhforbairt agus i measúnú a dhéanamh ar na baill foirne a chuireann an t-aontas riartha ar fáil chun tacú le NUS-AMLÉ.

4.12   Cuirfear bunreacht NUS-AMLÉ le bunreacht NUSUK agus le bunreacht AMLÉ mar sceideal. Chomh maith leis an méid sin, is é an carthanas atá ina fhochomhlacht de NUS-AMLÉ an meán trína reáchtáiltear na

Page 51: Bunreacht USI

gníomhaíochtaí carthanacha uile de chuid NUS-AMLÉ.

An tUachtarán / Oifigeach an Limistéir Thuaidh 5.1   Aithneofar Uachtarán NUS-AMLÉ (ar a dtugtar Oifigeach Réigiún an

Tuaiscirt laistigh de struchtúir AMLÉ agus i mBunreacht AMLÉ) agus, de réir mar a chinneann NUSUK nó AMLÉ ó am go ham, oifigigh eile de chuid NUS-AMLÉ, mar ionadaí na nAontas Mic Léinn sa Réigiún agus deonófar cearta iomlán air faoi struchtúir bhainteacha AMLÉ agus NUSUK.

Comhchruinnithe 6.1   Tionólfar comhchruinniú foirmiúil idir oifigigh shinsearacha NUSUK,

AMLÉ agus NUS-AMLÉ ar bhonn leathbhliantúil. Ag na cruinnithe seo, déanfaidh ionadaithe NUSUK, AMLÉ agus NUS-AMLÉ plé ar aon ábhar a dteastaítear comhaontú foirmiúil ina leith ach beidh na cruinnithe dírithe ar chomhobair a d'fhéadfadh aidhmeanna NUS-AMLÉ a chur chun cinn den chuid is mó.

6.2   Chomh maith leis sin, tá na hAontais Náisiúnta tiomanta d'ardleibhéal teagmhála a choinneáil lasmuigh de chruinnithe foirmiúla agus socrófar cruinnithe neamhfhoirmiúla nuair is gá.

6.3   Nuair is féidir, freastalóidh beirt Uachtarán na nAontas Náisiúnta ar chomhdhálacha de chuid NUS-AMLÉ i dteannta oifigigh náisiúnta bainteacha eile.

Leasuithe 7.1   Comhaontófar leasuithe ar an gComhaontú seo ag comhchruinnithe

foirmiúla ach caithfidh siad a bheith daingnithe dá éis sin ag [comhlachtaí bainistithe] an dhá Aontas Náisiúnta.

7.2     Féadfaidh ceachtar den dá Aontas Náisiúnta tarraingt siar ón gcomhaontú tar éis dá chomhlacht bainistithe cinneadh a dhéanamh dá réir sin, ach caithfear fógra a thabhairt maidir lena leithéid d'intinn 12 mhí ar a laghad roimh an tarraingt siar. Ní fhéadfaidh NUSUK ná AMLÉ an comhaontú seo a fhoirceannadh ach amháin má tá an páirtí nach bhfuil á fhoirceannadh (i.e. NUSUK nó AMLÉ) sásta nach mbeidh foirceannadh an chomhaontaithe seo ina chúis le bagairt shuntasach ar sheasmhacht airgeadais NUS-AMLÉ nó ar leanúint de NUS-AMLÉ.

An Dlí is Infheidhme 8.1   Rialófar agus forléireofar an Comhaontú seo de réir dhlí na dlínse ina

bhfuil an t-aontas riartha. Arna shíniú agus arna chomhaontú ag

NUSUK: Liam Burns Arna dhátú an 24 Bealtaine, 2012 i Stormont,

Tuaisceart Éireann

Page 52: Bunreacht USI

AMLÉ:

GaryRedmond

Arna dhátú an 24 Bealtaine, 2012 i Stormont, Tuaisceart Éireann

NUS-AMLÉ: AdriannePeltz

Arna dhátú an 24 Bealtaine, 2012 i Stormont, Tuaisceart Éireann

Page 53: Bunreacht USI

Sceideal G: Sainmhínithe, Téarmaí, srl. Is iad seo a leanas na sainmhínithe a úsáidtear sa Bhunreacht seo

agus sna Sceidil a ghabhann leis: G1   Ciallaíonn ‘an

tAontas’ Aontas na Mac Léinn in Éirinn (AMLÉ).

G2   Ciallaíonn ‘an tUachtarán’ Uachtarán AMLÉ ach amháin nuair a chuirtear a mhalairt in iúl.

G3   Ciallaíonn ‘Coiste’ aon cheann nó níos mó de na Coistí a leagtar amach in Airteagal 7.1.2 nó nuair a chuirtear a mhalairt in iúl.

G4   Tugtar sainmhíniú ar ‘Réigiún an Deiscirt’ mar Chontae

Cheatharlach, Chontae an Chláir, Chontae Chorcaí, Chontae Chiarraí, Chontae Chill Chainnigh, Chontae Laoise, Chontae Luimnigh, Chontae Thiobraid Árann, Chontae Phort Láirge, Chontae Loch Garman agus Chontae Chill Mhantáin.

G5   Tugtar sainmhíniú ar ‘Réigiún na Teorann, Lár na Tíre agus an

Iarthair’ mar Chontae an Chabháin, Chontae Dhún na nGall, Chontae na Gaillimhe, Chontae Liatroma, Chontae an Longfoirt, Chontae Lú, Chontae Chill Dara, Chontae Mhaigh Eo, Chontae na Mí, Chontae Mhuineacháin, Chontae Uíbh Fhailí, Chontae Ros Comáin, Chontae Shligigh, agus Chontae na hIarmhí.

G6   Tugtar sainmhíniú ar an réigiún atá faoi rialú an chomhaontaithe thríthaobaigh mar Chontae Aontroma, Chontae Ard Mhacha, Chontae Dhoire, Chontae an Dúin, Chontae Fhear Manach agus Chontae Thír Eoghain.

G7   Ciallaíonn ‘olltromlach’ ag cruinniú de chuid na Comhairle Náisiúnta

tromlach dhá thrian nó níos mó de na daoine atá i láthair agus i dteideal vótáil agus go bhfuil na vótaí sin bainteach le Balleagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht do 50% de líon iomlán na mac léinn ar a laghad agus a bhfuil a dtoscairí i láthair agus i dteideal vótáil.

G8   Ciallaíonn ‘Éire’ oileán na hÉireann.

G9   Ach amháin nuair a chuirtear a mhalairt in iúl, is é dlí

Phoblacht na hÉireann an dlí is infheidhme ar an mBunreacht seo.

Page 54: Bunreacht USI

G10   Ach amháin nuair a chuirtear a mhalairt in iúl, forléireofar gurb ionann bliain agus téarma bhaill Bhord na nOifigeach i.e. ón 1 Iúil go dtí an 30 Meitheamh.

Page 55: Bunreacht USI

Sceideal H: Baill de Choistí Comhairleacha H1   Gnóthaí Acadúla agus Dearbhú Cáilíochta

H1.1   Duine a bhfuil taithí/fios aige ar phrintíseachtaí.

H1.2   Duine a bhfuil taithí/fios aige ar an taighde iarchéime. H1.3

  Duine a bhfuil taithí/fios aige ar léann na míochaine.

H1.4   Duine a bhfuil taithí/fios aige ar an mbreisoideachas. H1.6

  Duine a bhfuil taithí/fios aige ar an oiliúint múinteoirí.

H1.7   A leithéid de dhaoine eile a mheasann an LU/Acadúil is riachtanach. H2   Comhionannas agus Saoránacht

H2.1   Duine a bhfuil taithí/fios aige ar chearta daoine faoi mhíchumas.

H2.2   Duine a bhfuil taithí/fios aige ar shaincheisteanna a bhaineann le mic

léinn idirnáisiúnta. H2.3   Duine a bhfuil taithí/fios aige ar

shaincheisteanna a bhaineann le mic léinn lánfhásta.

H2.4   Duine a bhfuil taithí/fios aige ar an bhfeachtas ar son ceart agus comhionannais don Lucht Leispiach, Aerach, Déghnéasach agus Trasinscneach.

H2.5   Duine a bhfuil taithí/fios aige ar an bhfeachtas ar son na Gaeilge. H2.6

  Duine a bhfuil taithí/fios aige ar chlárú vótálaithe agus ar pholaitíocht. H2.7   Duine a bhfuil taithí/fios aige ar shaincheisteanna a bhaineann le hinscne.

H2.8   Duine a bhfuil taithí/fios aige ar shaincheisteanna a bhaineann le

comhionannas inscne.

H2.9   A leithéid de dhaoine eile a mheasann an LU/Comhionannas is

riachtanach.

H3   Leas H3.1   Duine a bhfuil taithí/fios aige ar an tsábháilteacht ar bhóithre.

H3.2   Duine a bhfuil taithí/fios aige ar fheachtais mheabhairshláinte.

H3.3   Duine a bhfuil taithí/fios aige ar fheachtais folláine coirp.

H3.4   Duine a bhfuil taithí/fios aige ar fheachtais sláinte ghnéis.

Page 56: Bunreacht USI

H3.5   Duine a bhfuil taithí/fios aige ar fheachtais mhí-úsáide substaintí.

H3.6   A leithéid de dhaoine eile a mheasann an LU/Leas is riachtanach.

Page 57: Bunreacht USI

Sceideal I: An Lámhleabhar um Nósanna Imeachta Fostaithe. (Le faomhadh níos déanaí ag cruinniú de chuid na Comhairle Náisiúnta)

Page 58: Bunreacht USI

Sceideal J: An Lámhleabhar um Rialachas agus Nósanna Imeachta. (Le faomhadh níos déanaí ag cruinniú de chuid na Comhairle Náisiúnta)

Page 59: Bunreacht USI

Sceideal K: Meabhrán agus Airteagail Chomhlachais UnionofStudents in Ireland Members’ ServicesLimited (Uimhir Chláraithe 511524).

Cuireadh Sceideal K le Bunreacht Aontais na Mac Léinn in Éirinn ar an 20 Meitheamh, 2012.De dheasca a mhéid, ní atáirgtear anseo é ach tá sé le fáil ó Cheannáras AMLÉ agus/nó ó http://www.cro.ie/search/

Page 60: Bunreacht USI

Sceideal L: Meabhrán agus Airteagail Chomhlachais UnionofStudents in Ireland Limited (Uimhir Chláraithe le deimhniú).

Cuireadh Sceideal L le Bunreacht Aontais na Mac Léinn in Éirinn ar an 20 Meitheamh, 2012.De dheasca a mhéid, ní atáirgtear anseo é ach tá sé le fáil ó Cheannáras AMLÉ agus/nó ó http://www.cro.ie/search/