Bríd feabhra

Post on 14-Apr-2017

170 views 1 download

Transcript of Bríd feabhra

Naomh Brídc. 453 – 525 A D

Cé gur shiombail den Chríostaíocht í Bríd anois, téann na scéalta fúithi siar go dtí aimsir na págántachta.

Págántacht Críostaíocht

Bandia págánach na torthúlachta, agus na filíochta ea ba í.

Bhí an-bhaint aici freisin le huisce agus le leigheas galar.

Ainmníodh a lán toibreacha in onóir Bríde.

De réir traidisiúin ba iad Dubthach, fear uasal….

…agus Broicseach, sclábhaí a bhí ina dtuismitheoirí ag Bríd…

Ciallaíonn an t-ainm Bríd ‘saighead lasánta’.

Níor fhéad Bríd aon rud a ithe ach amháin bainne ó bhó na gcluas dearg a bhí tugtha di ag Draoi

Lá amháin bhí Broicseach, máthair Bhríde amuigh ina carbad nuair thug sí faoi deara go raibh sí ar tí páiste a bhreith…

Léim Broicseach dá carbad agus rith sí ar luas lasrach i dtreo a tí féin chun a páiste a bhreith..

…ach sular éirigh léi dul isteach sa teach, rugadh a leanbh, Bríd, ar tháirseach an tí….

Ciallaíonn sin go mbeadh baint ag Bríd le saol na críostaíochta (i. an teach/ séipéal) agus le saol na págántachta (i. an nádúr/ dúlra).

Tá a lán scéalta faoi Bhríd ó aimsir na Críostaíochta..

De réir traidisiúin, chuaigh Bríd ar lorg píosa talún ó Rí Laighean i gcontae Chill Dara mar theastaigh uaithi clochar a thógáil.

Dúirt an an taoiseach léi a clóca a chur síos agus bheadh cead aici aon talamh a bhí clúdaithe ag a clóca a thógáil dá clochar.

Chuir Bríd a clóca síos ar an talamh...

Thosaigh an clóca ag fás agus ag fás agus tháinig eagla ar an Rí …faoi dheireadh dúirt sé le Bríd a raibh uaithi den talamh a thógáil dá clochar…

Is cinnte gur scéal fáthchiallach é seo agus gurb ionann fás a clóca agus fás an chreidimh sa tír buíochas dá obair ar son Dé.

fás an chlóca = fás líon na gcreidmheach

Bhí an-ghrá ag Naomh Bríd do pháistí.

Chuala sí go raibh amhais fhíochmhara ag ionsaí faoi shráidbhailte Laighean.

Théadh Naomh Bríd go dtí na sráidbhailte a bhíodh faoi ionsaí agus deireadh sí paidreacha ar son na bpáistí uile.

Ár n-athair atá ar neamh go naofar d’ainm, go

dtaga do ríocht…

Tharla míorúilt. Fad is a bhíodh a paidreacha a rá ag Bríd ní bheadh na páistí le feiceáil. Ní stopadh Bríd lena paidreacha go dtí go mbíodh na hamhais go léir imithe. Sa tslí seo shábháladh sí na páistí óga ón bhás.

Ár n-athair atá ar neamh go naofar d’ainm, go

dtaga do ríocht…

Tá a lán scéalta draíochta maidir le Bríd…

..deirtear freisin go raibh sí ábalta an níochán a chrochadh suas ar an tuar ceatha…

..deirtear go raibh sí in ann labhairt leis na hainmhithe allta…

Bail ó Dhia ort!

Gurab amhlaidh duit, a Bhríd!

..fiú nuair nach raibh aon bhia sa teach bhí sé ar a cumas bord breá leis an mbéile ba bhlasta a chur ar fáil i gcomhair cuairteoirí…

..agus tá creideamh fós ann i mbailte áirithe faoin tuath dá bhfágfaí éadach nua gan smál amuigh ar sceach an oíche roimh lá Fhéile Bríde…

..tiocfaidh an Naomh i rith na hoíche agus beannóidh sí an t-éadach..

…go dtaispeánfaidh an t-éadach cumhachtaí draíochta a oibreoidh ar feadh na bliana agus a bhronnfaidh sláinte, saibhreas mar aon le saol sona ar an teaghlach go léir…

..ceiliúrann daoine lá Fhéile Bríde ar an gcéad lá de mhí na Feabhra...

Inniu…..

Téann creidmhigh gach bliain ar oilithreachtaí go toibreacha Bríde chun páidreacha a rá leis an Naomh….

Téann líon mór síos go dtí Tobar Bríde i gContae an Chláir

Téann siad timpeall an tobair naoi n-uaire

Fágann daoine rudaí éagsúla ag an tobar….

Maidí siúilPictiúir agus cupáin Carbhait agus ribíní

Fágann daoine rudaí éagsúla ag an tobar….

Maidí siúilPictiúir agus cupáin Carbhait agus ribíní

Bréagáin

Bróga

Ólann siad an t-uisce beannaithe….

Mar creideann siad go bhfuil….

…leigheas sa tobar ….agus doras go domhan eile ann

Cros Bhríde 

Bhí taoiseach págánach ag fáil bháis agus thug Bríd cuairt air. Shuigh sí taobh lena leaba agus thosaigh sí a rá páidreacha ar son an fhir bhreoite.

Cros Bhríde 

Thóg Bríd roinnt luachra den urlár agus rinne sí cros astu.

Cros Bhríde 

D’oscail an fear tinn a shúile agus d’fhiafraigh sé de Bhríd cad ba chiall leis an chros…

Cad é sin?

Cros Bhríde 

Mhínigh Bríd scéal faoi bhás Chríost ar an chros agus a aiséirí. Ansin bhaist sí an fear tinn sula bhfuair sé bás.

Bás BrídeDe réir staraithe áirithe bhí bean rialta stairiúil ann darbh ainm Bríd a fuair bás timpeall na bliana 525 AD

De réir traidisiúin, tá Bríd, banéirleamh na hÉireann curtha in nDún Phádraig in aice le Naomh Pádraig

Críoch