Bríd feabhra

39
Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

Transcript of Bríd feabhra

Page 1: Bríd feabhra

Naomh Brídc. 453 – 525 A D

Page 2: Bríd feabhra

Cé gur shiombail den Chríostaíocht í Bríd anois, téann na scéalta fúithi siar go dtí aimsir na págántachta.

Págántacht Críostaíocht

Page 3: Bríd feabhra

Bandia págánach na torthúlachta, agus na filíochta ea ba í.

Page 4: Bríd feabhra

Bhí an-bhaint aici freisin le huisce agus le leigheas galar.

Ainmníodh a lán toibreacha in onóir Bríde.

Page 5: Bríd feabhra

De réir traidisiúin ba iad Dubthach, fear uasal….

…agus Broicseach, sclábhaí a bhí ina dtuismitheoirí ag Bríd…

Page 6: Bríd feabhra

Ciallaíonn an t-ainm Bríd ‘saighead lasánta’.

Page 7: Bríd feabhra

Níor fhéad Bríd aon rud a ithe ach amháin bainne ó bhó na gcluas dearg a bhí tugtha di ag Draoi

Page 8: Bríd feabhra

Lá amháin bhí Broicseach, máthair Bhríde amuigh ina carbad nuair thug sí faoi deara go raibh sí ar tí páiste a bhreith…

Page 9: Bríd feabhra

Léim Broicseach dá carbad agus rith sí ar luas lasrach i dtreo a tí féin chun a páiste a bhreith..

Page 10: Bríd feabhra

…ach sular éirigh léi dul isteach sa teach, rugadh a leanbh, Bríd, ar tháirseach an tí….

Page 11: Bríd feabhra

Ciallaíonn sin go mbeadh baint ag Bríd le saol na críostaíochta (i. an teach/ séipéal) agus le saol na págántachta (i. an nádúr/ dúlra).

Page 12: Bríd feabhra

Tá a lán scéalta faoi Bhríd ó aimsir na Críostaíochta..

De réir traidisiúin, chuaigh Bríd ar lorg píosa talún ó Rí Laighean i gcontae Chill Dara mar theastaigh uaithi clochar a thógáil.

Page 13: Bríd feabhra

Dúirt an an taoiseach léi a clóca a chur síos agus bheadh cead aici aon talamh a bhí clúdaithe ag a clóca a thógáil dá clochar.

Chuir Bríd a clóca síos ar an talamh...

Page 14: Bríd feabhra

Thosaigh an clóca ag fás agus ag fás agus tháinig eagla ar an Rí …faoi dheireadh dúirt sé le Bríd a raibh uaithi den talamh a thógáil dá clochar…

Page 15: Bríd feabhra

Is cinnte gur scéal fáthchiallach é seo agus gurb ionann fás a clóca agus fás an chreidimh sa tír buíochas dá obair ar son Dé.

fás an chlóca = fás líon na gcreidmheach

Page 16: Bríd feabhra

Bhí an-ghrá ag Naomh Bríd do pháistí.

Page 17: Bríd feabhra

Chuala sí go raibh amhais fhíochmhara ag ionsaí faoi shráidbhailte Laighean.

Page 18: Bríd feabhra

Théadh Naomh Bríd go dtí na sráidbhailte a bhíodh faoi ionsaí agus deireadh sí paidreacha ar son na bpáistí uile.

Ár n-athair atá ar neamh go naofar d’ainm, go

dtaga do ríocht…

Page 19: Bríd feabhra

Tharla míorúilt. Fad is a bhíodh a paidreacha a rá ag Bríd ní bheadh na páistí le feiceáil. Ní stopadh Bríd lena paidreacha go dtí go mbíodh na hamhais go léir imithe. Sa tslí seo shábháladh sí na páistí óga ón bhás.

Ár n-athair atá ar neamh go naofar d’ainm, go

dtaga do ríocht…

Page 20: Bríd feabhra

Tá a lán scéalta draíochta maidir le Bríd…

..deirtear freisin go raibh sí ábalta an níochán a chrochadh suas ar an tuar ceatha…

Page 21: Bríd feabhra

..deirtear go raibh sí in ann labhairt leis na hainmhithe allta…

Bail ó Dhia ort!

Gurab amhlaidh duit, a Bhríd!

Page 22: Bríd feabhra

..fiú nuair nach raibh aon bhia sa teach bhí sé ar a cumas bord breá leis an mbéile ba bhlasta a chur ar fáil i gcomhair cuairteoirí…

Page 23: Bríd feabhra

..agus tá creideamh fós ann i mbailte áirithe faoin tuath dá bhfágfaí éadach nua gan smál amuigh ar sceach an oíche roimh lá Fhéile Bríde…

Page 24: Bríd feabhra

..tiocfaidh an Naomh i rith na hoíche agus beannóidh sí an t-éadach..

Page 25: Bríd feabhra

…go dtaispeánfaidh an t-éadach cumhachtaí draíochta a oibreoidh ar feadh na bliana agus a bhronnfaidh sláinte, saibhreas mar aon le saol sona ar an teaghlach go léir…

Page 26: Bríd feabhra

..ceiliúrann daoine lá Fhéile Bríde ar an gcéad lá de mhí na Feabhra...

Inniu…..

Page 27: Bríd feabhra

Téann creidmhigh gach bliain ar oilithreachtaí go toibreacha Bríde chun páidreacha a rá leis an Naomh….

Page 28: Bríd feabhra

Téann líon mór síos go dtí Tobar Bríde i gContae an Chláir

Page 29: Bríd feabhra

Téann siad timpeall an tobair naoi n-uaire

Page 30: Bríd feabhra

Fágann daoine rudaí éagsúla ag an tobar….

Maidí siúilPictiúir agus cupáin Carbhait agus ribíní

Page 31: Bríd feabhra

Fágann daoine rudaí éagsúla ag an tobar….

Maidí siúilPictiúir agus cupáin Carbhait agus ribíní

Bréagáin

Bróga

Page 32: Bríd feabhra

Ólann siad an t-uisce beannaithe….

Page 33: Bríd feabhra

Mar creideann siad go bhfuil….

…leigheas sa tobar ….agus doras go domhan eile ann

Page 34: Bríd feabhra

Cros Bhríde 

Bhí taoiseach págánach ag fáil bháis agus thug Bríd cuairt air. Shuigh sí taobh lena leaba agus thosaigh sí a rá páidreacha ar son an fhir bhreoite.

Page 35: Bríd feabhra

Cros Bhríde 

Thóg Bríd roinnt luachra den urlár agus rinne sí cros astu.

Page 36: Bríd feabhra

Cros Bhríde 

D’oscail an fear tinn a shúile agus d’fhiafraigh sé de Bhríd cad ba chiall leis an chros…

Cad é sin?

Page 37: Bríd feabhra

Cros Bhríde 

Mhínigh Bríd scéal faoi bhás Chríost ar an chros agus a aiséirí. Ansin bhaist sí an fear tinn sula bhfuair sé bás.

Page 38: Bríd feabhra

Bás BrídeDe réir staraithe áirithe bhí bean rialta stairiúil ann darbh ainm Bríd a fuair bás timpeall na bliana 525 AD

De réir traidisiúin, tá Bríd, banéirleamh na hÉireann curtha in nDún Phádraig in aice le Naomh Pádraig

Page 39: Bríd feabhra

Críoch