Nuachtlitir an Chonartha Feabhra 09'

12
Tá an chéad chairt-stáisiúin raidió Gaeilge don aos óg ag dul beo ar an aer le linn Sheachtain na Gaeilge 2009. Bioraígí na cluasa, seo chugaibh Raidió Rí-Rá! Bliain ó shin sheas 100 duine i bhfoirm X ollmhór ar fhaiche Choláiste na Tríonóide chun cairt-stáisiún raidió lánGhaeilge don aos óg a sheoladh – Raidió X. An fhís a bhí ag an stáisiún idirlín seo ná go mbeadh an popcheol is déanaí á sheinm 24 uair a chlog, 7 lá den seachtain, agus Gaeilge le cloisteáil fite fuaite tríd. Bli- ain níos déanaí, tá an stáisiún céanna ag feidhmiú faoin ainm Raidió Rí-Rá anois agus ag dul beo ar FM i Luim- neach, Corcaigh, Gaillimh agus Baile Átha Cliath ón 1 – 22 Márta. Is buíochas le tacaíocht óna leithéid de Chonradh na Gaeilge agus Samsung, príomhurraitheoir an stáisiúin, a tháinig an t- éacht seo chun críche agus tá Craobh Raidió an Chonartha ag tnúth go mór leis an dul chun cinn seo. Chomh maith leis na cláracha PopNuacht, GigNuacht agus Top40 Oifigiúil na hÉireann atá cheana féin ar fáil ar an stáisiún ar-líne ag www.RaidioRiRa.ie, beidh seónna beo á gcraoladh le caint agus comhrá trí mheán na Gaeilge. Beidh deis ag éisteoirí dul i dteagmháil le láithreoirí ag Raid- [email protected] nó trí chlóscéilín a sheoladh isteach chuig +353 (0)85 1328000. Beidh fáil ag múin- teoirí ar áiseanna le híoschóipeáil don seomra ranga ar an suíomh freisin, iar-chláracha PopNuacht ina measc mar aon le seó úr Ceis- teanna Craiceáilte, tráth na gceist bunaithe ar phopcheol agus ar chúlchaint na réaltaí móra. Leis na mílte daoine ag éisteacht ar-líne cheana féin, is cinnte gur bealach an- éifeachtach é an ceol le dul i bhfeidhm ar dhaoine óga. Bígí linn i mí an Mhárta! Eagrán 4.4. 16 Feabhra 2009 Eagrán 4.4. 16 Feabhra 2009 SAN EAGRAN SEO: 1. Rí-Rá Ar An Aer! 2. Oscailt na Feiceálachta 2. Ceistiú an Aire 3. Dáil Éireann 2009 3. Lá Fhéile Vailintín 4. Bailiúchán Náisiúnta 4. Mórimeachtaí Mhaigh Eo 5. Duaiseanna Ghlór na nGael 5. Feisire Eorpach Ar Cuairt 6. Seoladh na Seachtaine 6. Bailiúchán Náisiúnta 7. Seachtain na Gaeilge ’09 8. Imeachtaí na Mí 9. Cois Locha Riach 9. Foinse Béaltriail 10.Saor Chomhairle Dlí 10. ÉIR na nGluaisteán 11. Ceisteanna Craiceáilte 12. Crosfhocal 1 Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] Raidió Rí-Rá Ar An Aer Raidió Rí-Rá Ar An Aer Le cabhair ó: Le cabhair ó: Ar-líne www.RaidioRiRa.ie Ar FM 1- 22 Márta 2009 FM 100.3 Áth Cliath FM 106.7 Corcaigh FM 99.1 Gaillimh FM 105.5 Luimneach

description

Nuachtlitir Conradh na Gaeilge, Feabhra 09'

Transcript of Nuachtlitir an Chonartha Feabhra 09'

Page 1: Nuachtlitir an Chonartha Feabhra 09'

Tá an chéad chairt-stáisiúinraidió Gaeilge don aos óg agdul beo ar an aer le linnSheachtain na Gaeilge 2009.Bioraígí na cluasa, seochugaibh Raidió Rí-Rá!Bliain ó shin sheas 100 duinei bhfoirm X ollmhórar fhaiche Choláistena Tríonóide chuncairt-stáisiún raidiólánGhaeilge don aosóg a sheoladh –Raidió X. An fhís abhí ag an stáisiúnidirlín seo ná gombeadh anpopcheol is déanaí á sheinm24 uair a chlog, 7 lá denseachtain, agus Gaeilge lecloisteáil fite fuaite tríd. Bli-ain níos déanaí, tá an stáisiúncéanna ag feidhmiú faoinainm Raidió Rí-Rá anois agusag dul beo ar FM i Luim-neach, Corcaigh, Gaillimhagus Baile Átha Cliath ón 1 –22 Márta. Is buíochas le tacaíocht ónaleithéid de Chonradh naGaeilge agus Samsung,príomhurraitheoir anstáisiúin, a tháinig an t-éacht seo chun críche agus táCraobh Raidió an Chonarthaag tnúth go mór leis an dulchun cinn seo. Chomh maithleis na cláracha PopNuacht,

GigNuacht agus Top40Oifigiúil na hÉireann atácheana féin ar fáil ar anstáisiún ar-líne agwww.RaidioRiRa.ie, beidhseónna beo á gcraoladh lecaint agus comhrá trí mheán

na Gaeilge. Beidhdeis ag éisteoirí duli dteagmháil leláithreoirí ag [email protected]ó trí chlóscéilín asheoladh isteachchuig +353 (0)851328000.Beidh fáil ag múin-

teoirí ar áiseanna lehíoschóipeáil don seomraranga ar an suíomh freisin,iar-chláracha PopNuacht inameasc mar aon le seó úr Ceis-teanna Craiceáilte, tráth nagceist bunaithe ar phopcheolagus ar chúlchaint na réaltaímóra. Leis na mílte daoine agéisteacht ar-líne cheana féin,is cinnte gur bealach an-éifeachtach é an ceol le dul ibhfeidhm ar dhaoine óga.Bígí linn i mí an Mhárta!

Eagrán 4.4. 16 Feabhra 2009Eagrán 4.4. 16 Feabhra 2009

SAN EAGRAN SEO:

1. Rí-Rá Ar An Aer!

2. Oscailt na Feiceálachta

2. Ceistiú an Aire

3. Dáil Éireann 2009

3. Lá Fhéile Vailintín

4. Bailiúchán Náisiúnta

4. Mórimeachtaí Mhaigh Eo

5. Duaiseanna Ghlór

na nGael

5. Feisire Eorpach Ar Cuairt

6. Seoladh na Seachtaine

6. Bailiúchán Náisiúnta

7. Seachtain na Gaeilge ’09

8. Imeachtaí na Mí

9. Cois Locha Riach

9. Foinse Béaltriail

10.Saor Chomhairle Dlí

10. ÉIR na nGluaisteán

11. Ceisteanna Craiceáilte

12. Crosfhocal

11Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] féidir scéalta a chur chuig [email protected]

Raidió Rí-Rá Ar An AerRaidió Rí-Rá Ar An Aer

Le cabhair ó:Le cabhair ó:

Ar-línewww.RaidioRiRa.ie

Ar FM 1- 22 Márta 2009FM 100.3 Áth Cliath FM 106.7 CorcaighFM 99.1 GaillimhFM 105.5 Luimneach

Page 2: Nuachtlitir an Chonartha Feabhra 09'

22 Cuir na scéala chugainn roimh 06 Márta 2009Cuir na scéala chugainn roimh 06 Márta 2009

Cuireadh tús le Feachtas na Feiceálachtaag Seimineár Oireachtais an Chonartha2008, áit gur deineadh plé ar phacáistiúdátheangach, ar chódphoist agus archomharthaí bóithre dátheangacha mar nachéad chéimeanna chun an Ghaeilge adhéanamh níos feiceálaí sa sochaímórthimpeall orainn. Reáchtáladh cruinniúoscailte maidir le Feachtas na Feiceálachtai mBaile Átha Cliath le déanaí chun tab-hairt faoi na céimeanna seo. Socródh gurchóir díriú ar bhrú a chur ar an Rialtascothrom na Féinne a chinntiú don Ghaeilgear chomharthaí bóithre na tíre, agus go bh-fuil dóchas ann go dtiocfaidh tacaíocht dophacáistiú dátheangach ó reachtaíocht nahEorpa, amhlaidh an reachtaíocht a chin-ntigh go mbeadh rabhadh sláinte dáthean-gach ar na boscaí toitíní. Tugadh le fios

freisin go bhfuil an Conradh ag comhoibriúleis an gcomhlacht GPS Ireland ar chórascódphost PONC, atá bunaithe aruimhreacha agus atá cheana féin in úsáid(féach www.irishpostcodes.ie), le moladhdon Aire Cumarsáide agus é ag tabhairtfaoi chóras códphost a bhunú in Éirinn. Anbhfuil moladh agat maidir leis an nGaeilgea dhéanamh níos feiceálaí? Téigh gowww.cnag.ie agus éirigh gafa le Feach-tas na Feiceálachta inniu!

Tá stocaireacht leanúnach á déanamh agConradh na Gaeilge ar Airíéagsúla an Rialtais trí chóras nagceisteanna Dála chun aird atharraingt ar chúrsaí teanga ingach aireacht. Bíonn cead agTeachtaí Dála ón bhfreasúraceisteanna a chur, ní hamháinthar cheann an pháirtí lenambaineann siad, ach tharcheann an phobail go ginearálta. Bhí andeis ag na Teachtaí ceisteanna mar gheallar an Straitéis 20 Bliain i Leith na Gaeilgeagus ar an Staidéar Teangeolaíochta arÚsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a chur aran Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agusGaeltachta sa Dáil le déanaí.Dúirt an tAire Ó Cuív go raibh dréacht-straitéis 20 bliain ina sheilbh aige anois indiaidh tabhairt faoi phróiseas comhair-liúcháin phoiblí i gcomhpháirt le comhair-leoirí ó Fiontar DCU an bhliain seo caite,agus go raibh sé ag súil leis an straitéis agus

na moltaí ag baint léi a chur faoi bhráid anrialtais go luath. Thug sé le fiosfreisin go raibh Coiste Rialtaisbunaithe chun scrúdú adhéanamh ar na saincheis-teanna a thagann chun cinn -ceist teorainneacha naGaeltachta san áireamh - igcomhthéacs na hanailíse agusna moltaí atá sa tuarascáil a

d’eascair ón Staidéar Teangeolaíochta. Táan Coiste ag díriú ar phlean gníomhaíochtacomhtháite a ullmhú d’fhonn todhchaí naGaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltachta chinntiú.Beidh an tAire Ó Cuív ag freagairt ceis-teanna sa Dáil arís ar an 4 Márta 2009. Más spéis leat go gcuirfidh an Conradhceist ar aghaidh le cur air ar do shon, ní gáach amharc ar www.cnag.ie faoi fheachtasna gceisteanna Dála nó teagmháil adhéanamh le Síne Nic an Ailí san Ard-Oifigag [email protected] / +353 (0)1 4757401

Ceistiú an AireCeistiú an Aire

Cruinniú na FeiceálachtaCruinniú na Feiceálachta

Page 3: Nuachtlitir an Chonartha Feabhra 09'

33Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] féidir scéalta a chur chuig [email protected]

D’iarr Conradh na Gaeilge ar na páirtithe po-laitiúla ar fad tús áite a thabhairt don Ghaeilgele linn chomóradh 90 bliain an Chéad Dáil Éire-ann ar an 21 Eanáir 2009, mar chomharthameasa ar an oiread Gaeilge is a bhí in úsáid inDáil Éireann um an tráth seo 90 bliain ó shin.Bhí an Conradh ag súil go dtapódh gach páirtípolaitiúil an deis stairiúil le heiseamláirTheachtaí Dáil Éireann 1919 a leanúint agustromlach an ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge.

Ag comhshuí speisialta de Dháil Éireann agusde Sheanad Éireann ar an 21 Eanáir 2009, dúirtCaoimhghín Ó Caoláin, ceannaire parlaiminteShinn Féin sa Dáil: “Caithfear a admháil nachbhfuil an Dáil agus an Seanad ag tabhairt naceannaireachta ba chóir. Is le pobal na Gaeilgean cheannaireacht san obair chun an teanga achothú agus molaim iad as an obair sin. Bachóir go mbeadh sé mar rún againn inniuteanga na Chéad Dála a chur ar ais ina háitcheart mar teanga náisiúnta na hÉireann.”ArsaPádraig Mac Fhearghusa, Uachtarán Chon-radh na Gaeilge: “Ar an lá úd sin in 1919, rinneCathal Brugha, Ceann Comhairle na Chéad Dálatagairt do na “daoine i láthair ná tuigeann anGhaeidhilg [...] de dheascaibh an tsóirt sinoideachais atá in Éirinn le fada,” agus is othleis an gConradh gur iomaí faillí atá déanta idtaobh mhúineadh na Gaeilge ó shin i leithfreisin. Tá an Conradh ag iarraidh go gcuirfidhár dTeachtaí Dála reatha an scéal ina cheartagus ní hamháin an Ghaeilge a úsáid i bhfadníos minice os comhair na Dála agus sna meáintrí chéile, ach go múinfí an teanga do mhicléinn óga ar bhealach spraíúil idirghníomhach.”

Is cinnte go raibh grá san aer an mhí seo leLá Fhéile Vailintín á cheiliúradh trí mheánna Gaeilge ar fud na tíre! Bhí scoth na gce-oltóirí Gerry O’Connor, Cathal Mc Con-nell agus Gilles Le Bigot ag seinnim ins AnDroichead, Béal Feirste Oíche Vailintínféin, fad is a d’eagraigh ComhdháilNáisiúnta na Gaeilge Scóráil Sciobthacúpla lá luath ar an Déardaoin 12 Feabhra.Ócáid ghrámhar lán le craic agus spraoi abhí ann, le fíon agus sólaistí curtha ar fáilar an oíche agus scata Gaeilgeoirí ar thóiran ghrá. Ar an 14 Feabhra féin, d’eagraighÉigse Éireann mórléamh filíocht ghrá igcomhar leis an bhféile litríochta GaeilgeIMRAM agus Cois Life i Séipéal na gCair-milíteach, Baile Átha Cliath. Léadh roghadánta ón leabhar Filíocht Ghrá na Gaeilgemar chuid den Aifreann ag 11.00rn aguschan Lorcán Mac Mathúna cúpla amhránálainn ar an sean-nós don slua. Chuirmuintir an Chonartha i gClub Árus nanGael Oíche Ceoil Breiz Éireann ar siúlOíche Vailintín dóibh siúd a bhí ag lorgoíche ábhairín éagsúil agus ag iarraidhtacaíocht a thabhairt do na ScoileannaBhriotánach sa Bhriotáin. Sheinn ceoltóiríBriotánacha agus Gaelacha le chéile chuntaispeántas draíochta a chur ar fáil, maraon le cúpla crêpe traidisiúnta na Briotáinnár mhair i bhfad!

Lá Fhéile VailintínLá Fhéile VailintínAn Chéad DáilAn Chéad Dáil

Page 4: Nuachtlitir an Chonartha Feabhra 09'

44 Cuir na scéala chugainn roimh 06 Márta 2009Cuir na scéala chugainn roimh 06 Márta 2009

Tá an chéad eagrán eile den ghreannánSplunc do pháistí á réiteach faoi láthair.Má tá aon saothar ealaíne ag na páistí gurmian leo a chur isteach, seol chuig Fear-gal, Sadhbh nó Nicole i gComhluadar iadagus roghnófar na cinn is fearr le foilsiú! Isiomaí imeacht chlainne a bhíonn á eagrúag Comhluadar leis. Bhí Ceardlann Ealaínear siúl do thuismitheoirí agus a bpáistíbeaga sa Kilkerley Community Centre inDún Dealgan, Co. Lú ag tús na míosa seomar shampla, chomh maith le hiarnóinbabhlála lán de spraoi ag an KBowl i gCillDara ar an 15 Feabhra.

Más mian leatsa nó le do chlann éirí gafale himeachtaí Chomhluadar, is féidirteagmháil a dhéanamh leo ag +353 (0)852885672 (le clóscéilíní amháin), [email protected] nó ag +353 (0)1 6715116.

Beidh Féile Scoildrámaíochta Chaisleánan Bharraigh ar siúl ar an 3 Márta 2009 inGaelscoil Raifteirí, Caisleán an Bharraighag tosú ag 10.00rn. Is in ómósSheosaimh Mhic Ghabhann asCill Móibhí a bheas féile nabliana seo á reáchtáil, marchomhartha measa ar anoiread sin a rinne sé armhaithe le cur chun cinn nadrámaíochta i measc ógá-naigh agus aosaigh araon. Táan Fhéile oscailte do bhun-scoileanna uile Mhaigh Eoagus tabharfar ainmniúchándo suas le ocht gcinn de na drámaí dul araghaidh go dtí Féile Chúige Chonnachtai gCaisleán an Bharraigh ón 10 - 12 Márta.Tháinig an Ciorcal LéitheoireachtaGaeilge le chéile arís in Óstán an Wyatt igCathair na Mart ar an 12 Feabhra agusbeidh an Ciorcal ag bualadh arís go luathi Leabharlann Chathair na Mart ar an 12Márta ón 7.00 – 8.00in. Bíonn Ciorcal

Comhrá ar siúl i dTeach Ósta McCarthy’s igCaisleán an Bharraigh gach Céadaoin ag9.30in freisin, agus más spéis leat sult a

bhaint as comhluadar,comhrá agus ceol traidisiúntatrí Ghaeilge, buail isteachorainn! Beidh oíche Gaelachin Óstán an Welcome Inn agceiliúradh 25 bliain GaelscoilRaifteirí ar an 13 Márta agustá mórfháilte roimh cháchbheith i láthair ag an ócáidsin chomh maith.Tá tús curtha ag Togra MhaighEo Chonradh na Gaeilge i

gCaisleán an Bharraigh le RangannaGaeilge TEG a sholáthar ag na leibhéil seoa leanas: Bunrang, Meánrang agusArdrang. Le tuilleadh eolais a fháilmaidir leis na himeachtaí nó na ranganna thuasluaite, déan teagmháille Brídín Ní Cheallaigh ag +353 (0) 949022444 / [email protected]

Mórimeachtaí Mhaigh EoMórimeachtaí Mhaigh Eo

Splunc & SpraoiSplunc & Spraoi

Page 5: Nuachtlitir an Chonartha Feabhra 09'

55Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] féidir scéalta a chur chuig [email protected]

Fógraíodh Duaiseanna Ghlór na nGael beoar Chlár SBB ar an 30 Eanáir 2009.Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhaira bhuaigh Trófaí Ghlór na nGael agus seic€50,000, fad is a bhain ComharchumannRáth Chairn an dara duais de €12,500amach. Comhghairdeas mór ag dul leo! Seoan dara bliain as a chéile go bhfuil an daraduais faighte ag an gComharchumann.

Fuair Baile Locha Riach dea-scéal go raibhduais Ghlór na nGael buaite in athuair acufreisin. Tá an Coiste i mBaile Locha Riachiontach sásta bheith i measc na mbuaiteoiríarís agus an baile ag an leibhéal is airde sachomórtas. Bhuaigh siad €3,000 idir DhuaisCOGG as an obair atá a dhéanamh acu lescoileanna uile an cheantair agus DhuaisChló-Iar Chonnachta as an léitheoireacht aspreagadh i measc phobal na háite.Bronnfar duaiseanna Ghlór na nGael arluach €150,000 ina iomláine ag searmanasi nGaoth Dobhair ar an Satharn 28 Márta.Tuilleadh eolais: www.glornangael.ie /+353 (0)46 9430974 /[email protected]

Tá Seán Ó Neachtain, Feisire Eorpach, lecuairt a thabhairt ar Chill Ruis Dé hAoinean 20 Feabhra 2009 le caint a thabhairtdo bhaill áitiúla de Chonradh na Gaeilgeagus Coiste Forbartha na Gaeltachta igContae an Chláir. Ta fáilte roimh Ghaeil-geoirí go léir chun plé a dhéanamh arthodhchaí na Gaeilge i gContae an Chláir.Tá stair fhada ag Seán i bhforbairt naGaeilge agus tá súil aige roinnt comhairleagus inspreagadh a thabhairt don choisteforbartha teanga mar gheall ar aithean-tas Gaeltachta a bhaint amach don chon-tae sa todhchaí agus mar gheall ar annGaeilge a fhorbairt agus an teanga achoimeád beo sa chontae. Tá Coiste For-bartha Teanga Contae an Chláir thar abheith buíoch de dá bharr agus tá muidan-sásta go deo go bhfuil sé taobh thiarden Ghaeilge agus taobh thiar de ghlu-aiseacht na Gaeilge in iarthar an Chláir.Tuilleadh eolais: Mary Hamilton +353(0)86 3455961 / Seósamh Mac Ionnrachtaigh +353 (0)87 1379018

Feisire Eorpach Ar CuairtFeisire Eorpach Ar CuairtDuaiseanna Ghlór na nGaelDuaiseanna Ghlór na nGael

Page 6: Nuachtlitir an Chonartha Feabhra 09'

66 Cuir na scéala chugainn roimh 06 Márta 2009Cuir na scéala chugainn roimh 06 Márta 2009

Beidh Seachtain na Gaeilge 2009,príomhfhéile bhliantúil na Gaeilge, ar siúlidir an 2 - 17 Márta i mbliana le labhairt naGaeilge a spreagadh i measc gach duine,sa bhaile agus i gcéin. Agus seoladh spleo-drach spraíúil a bheas aige sa Button Fac-tory i mBarra an Teampall, Baile ÁthaCliath ar an 25 Feabhra! ‘Siad Bláthnaid NíChofaigh agus Ian Dempsey atá marphearsan na Seachtaine i mbliana agusbeidh siad i láthair ar an oíche, chomhmaith le scoth na ceoltóirí agus roinntaíonna speisialta eile. Chun ticéid saor inaisce a chur in áirithe don sheoladhoifigiúil seo, ní gá ach ríomhphost a churchuig [email protected] nó glaoch a chur aran oifig ag +353 (0)1 4757401

Le Lá Fhéile Phádraig ag teacht go luath,beidh Conraitheoirí i ngach contae agféachaint chuig an deis is mó atá ag aneagraíocht airgead a bhailiú ar an ta-lamh go náisiúnta. Táúdarás faighte ag an gCon-radh fud fad na tíre chundul i mbun bailiúcháin gopoiblí ar 16, 17 agus 18Márta 2009. Tá ríthábhachtag baint leis an mbailiúcháni mbliana mar gheall ar nahimpleachtaí a bheidh agcúrsaí reatha an gheilleagair armhaoiniú agus ar thuilleamh airgid naheagraíochta sna míonna amachromhainn. Tá sé mar aidhm againn gachparóiste sa tír a chlúdach agus tá ran-

npháirtíocht gach craoibhe riachtanachchun seo a bhaint amach. Beimid ag lorgtacaíochta ó ghrúpaí Gaelacha eile lehairgead a bhailiú in áiteanna nach

mbeidh aon chraobh agbailiú freisin, mar shamplaGaelscoileanna, clubannaCLG, craobhacha CCÉ aguseile. Beidh foireann anChonartha i dteagmháil ledo chraobh go luath maidirleis an mbailiúchán agus áb-hair bailiúcháin (póstaeir,

greamáin, buicéid, srl). Má tá tuilleadh eolais uait, déanteagmháil le Brenda Ní Ghairbhí sanArd-Oifig ag [email protected] / +353(0)1 4757401.

Bailiúchán Náisiúnta 2009Bailiúchán Náisiúnta 2009

Seachtain na Gaeilge 2009Seachtain na Gaeilge 2009

Page 7: Nuachtlitir an Chonartha Feabhra 09'

Beidh seoladh oifigiúil Sheachtain naGaeilge i Maigh Eo ar siúl i LeabharlannChaisleán an Bharraigh ar an 24 Feabhra2009 ag tosú ag 8.00in. Is iomaí imeacht abheas ar siúl ar fud an chontae arís imbliana. Is féidir clár imeachtaí a fháil óBhrídín Ní Cheallaigh ag+353 (0)94 9022444Tá réimse leathan imeachtaí á eagrú agCumann Gaelach Institiúid Teicneo-laíochta BÁC do Sheachtain na Gaeilge2009. Ina measc, beidh seó tallainne, lá NOBÉARLA, ceardlanna drámaíochta i bpáirtleis an gCumann Drámaíochta,tráth na gceist, tóraíochttaisce, scannáin Ghaeilge agusoíche shóisialta sa Chonradh leCumann na Meán, ceardlanndamhsa ar an sean-nós agusranganna Gaeilge le hAntaineó Farachain ag canadh agus agdamhsa, ceolchoirm Kíla agusgo leor eile. Phew! Más spéisleat éirí gafa le himeachtaíITBÁC, nó má tá aon smaointeagat féin, seol ríomhphostchuig Clare Ní Chuilleann [email protected] oíche shiamsaíochtaspeisialta Sonas ar siúl ar an 12Márta i Sráid Vicar. Tá an oícheseo á reáchtáil ag Craobh Bharra an Teampalli bpáirt le Coiste Chontae Átha Cliath agusbeidh réaltaí go leor i láthair! Beidh ceol áchasadh ag an ngrúpa clúiteach Gaeilge Kílaagus déanfaidh an fear grinn Paddy Courtneya sheó nua as Gaeilge a chur i láthair gospeisialta ar an oíche. Díoladh breis agus1,400 ticéad do mhórócáid Ghaeilge na blianaseo caite i Sráid Vicar agus tá súil amhlaidh adhéanamh i mbliana leis an nGaeilge a chur ilár an aonaigh arís i saol sóisialta aguscultúrtha na cathrach. Ticéid ar fáil ówww.ticketmaster.ie ar €25 ach tá rátaspeisialta de €15 an ticéad (€10 do mhicléinn) á ghearradh ag Conradh na Gaeilge doghrúpaí de chúigear nó níos mó. Teagmháil:Cóilín Ó Cearbhaill +353 (0)86 8599 067 /[email protected] roimh 28 Feabhra.

Ógras na GaeilgeTá Tráth na gCeist fud fad an chúige á eagrúag Ógras na Mumhan le linn Sheachtain naGaeilge le clubanna Ógrais agus Óg-Ógraisaraon a spreagadh chun cainte! Beidh antsraith spraíúil ag tosú le Tráth na gCeist inHalla Pobail Ghníomh go Leith, Co. Chiarraíar an 5 Márta idir 4.00 – 5.00in, agus ceanneile sna sála air sin idir 5.00 – 6.00in. Beidhcinn eile á reáchtáil in Halla Pobail BhaileDeasumhan, Co. Chorcaí; in Halla PobailChuilinn Uí Chaoimh, Maigh Eala, Co. Chor-

caí; i nGaelscoil ChluainMeala, Co. Thiobraid Árann; igColáiste Phobail Oileán Chiar-raí; i nGaelscoil MhichílCíosóig, Inis, Co. an Chláir;agus in Ionad Lae an Gh-leanna, Baile na Sceilge, Co.Chiarraí idir an 3 – 13 Márta2009. Gach eolas:www.ogras.ie / +353 (0)872194992 / [email protected]

SnaG @ ClubCuirfidh Club Chonradh naGaeilge in Uimhir a Sé tússpleodrach le Seachtain naGaeilge le Oíche Shean-Nóis ibpáirt le hOireachtas na

Gaeilge ar an 7 Márta. Leanfaidh Oíche nabhfoghlaimeoirí an oíche dár gcionn lecluichí agus comhrá trí mheán na Gaeilgedírithe ar fhoghlaimeoirí na teanga. TáOíche Liteartha á reáchtáil ag CraobhAimhirgín ar an 9 Márta agus beidh Oíche naMac Léinn oíche Mháirt an 10ú. Tá Tráth nagCeist beartaithe don 11 Márta ar chostas€20 do bhord de cheathrar agus beidh ceol-choirm mór leis an ngrúpa seoigh traidis-iúnta Téada ar an 13 Márta. BronnfarGradam Sheachtain na Gaeilge ar dhuinear leith a d’oibrigh go ciúin ar son cúrsaíteanga in 2008 ag searmanas sa Chlub ar an16 Márta agus tiocfaidh críoch le craic naféile le hoíche Scléip ar Lá Fhéile Phádraig.Buail isteach air!

Imeachtaí Sheachtain na Gaeilge ’09Imeachtaí Sheachtain na Gaeilge ’09

77Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] féidir scéalta a chur chuig [email protected]

Page 8: Nuachtlitir an Chonartha Feabhra 09'

88 Cuir na scéala chugainn roimh 06 Márta 2009Cuir na scéala chugainn roimh 06 Márta 2009

Is cinnte nach raibh muintir na Mí díomhaoinle déanaí! Bhuaigh Bláthnaid Ní Eochaidh asÁth Buí an chéad áit i gComórtas Siamsóir naMí faoi 18 i Ráth Chairn an mhí seo caite agusd’éirigh go hiontach le turas a thug baill deDhámh na Mí ar Ionad Chath na Bóinne ar LáBhríde. Ba é Pádraic Mac Carthaigh a thug anchaint spreagúil agus ní raibh mí-thuiscint aréinne faoi Chath na Bóinne nuair a bhí aphíosa ráite aige. Ba bhreá leis labhairt faoiChath Eachroma níosdéanaí sa bhliainmás spéis le daoineé.Thionóladh CruinniúCeann Bhlianad’Áth Buí le Gaeilge2008 in Óstán an Darnley ar an 5 Feabhrafreisin agus d’oscail ionad nua do dhéagóirímeánsceoile Ráth Chairn faoin Scéim Píoló-tach Teanga ag tús na míosa céanna. Beidh séar oscailt gach oíche Dhéardaoin ag 6.00in dodhéagóirí Bliain 1 go Bliain 3, agus ag 7.00indo dhéagóirí ós cionn na haoise sin. Tááiseanna den scoth ann: boird phúl agus haca,teilifís, seinnteoir DVD, Wii, Playstation agusríomhairí le leathbhanda. Teagmháil: +353(0)46 9432067 / [email protected]á tús curtha le ranganna damhsa agus seit-eanna gach Céadaoin 8.30 - 10.30in in ÁrasPobail Ráth Chairn agus feartar míle fáilteromhat bualadh isteach aon oíche. Cuireadhtús leis an gciorcal comhrá in Áras Pobal RáthChairn ar an 5 Feabhra freisin agus beidh dháciorcal cainte in aghaidh na míosa as seo goBealtaine. Seans iontach do foghlaimeoirí anteanga teacht le chéile faoi stiúir theagascóiragus feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge. Beidhciorcal comhrá rialta ar siúl in Óstán Head-fort, Ceanannas gach oíche Luan ag 7.30inchomh maith. Teagmháil: Clár Ní Shionóid+353 (0)46 9240076Tá muintir Ráth Chairn ag iarraidh go leor grú-

paí spéise a bhunú sa cheantar leis agus iar-rtar ort dul i dteagmháil leo más spéis leat fe-abhas a chur ar scileanna a bhaineann le haoncheann de na caithimh aimsire seo a leanas:lámh-cheardaíocht, cúram timpeallachta,siúlóid, rothaíocht, cabhair do dhaoine aosta,yoga, deileadóireachta adhmaid, déanamhboird traidisiúnta caife. Ba bhreá le roinntdaoine an grúpa siúlóide Raimeálaí RáthChairn seo a chur ar bun arís mar shampla,

fad is atá Alan ÓhEadhra ag beartútabhairt faoi Cham-chuairt na Locha (LochnEathach) 87 míle arfad ar a rothar ar anDomhnach 30 Lúnasa

2009. Deir sé go bhfuil neart ama chun cleach-tadh idir seo agus sin agus tabharfaidh túcuairt ar Chontae Ard Mhacha, Tír Eoghain,Doire, Aontroim agus an Dún ar Chamchuairtna Locha. Tá grúpa máithreacha agus páistí áeagrú faoi láthair faoin Scéim PíolótachTeanga freisin. Teagmháil: +353 (0)469432068Tá os cionn 10,000 buillí faighte anois agwww.athbui.com agus is iad na rudaí nua istábhachtaí a cuireadh ar an suíomh le bliainanuas ná Audio Links for Learners agus ansuíomh nua don ghrúpa áitiúil de ChomhaltasCeoltóirí Éireann Chomhaltas, Tlachtga.D’imigh Tlachtga ag taisteal go Sasana ledéanaí. Bhí na ceoltóirí áitiúla ag glacadh páirtin imeachtaí éagsúla, amhránaíocht, ceol agusdamhsa a bhí ar siúl in Ionad Chultúrtha nahÉireann in Hammersmith, Londain. Chan córRáth Chairn ag Aifreann speisialta a bhí ea-graithe maidin Domhnaigh freisin.Is féidir clárú le clóscéilíní saor in aisce a fháilfaoi imeachtaí Ráth Chairn trí theach-taireacht leis an bhfocal ISTEACH a sheoladhchuig +353 (0)86 6004285 nó rphost a chur go [email protected].

Imeachtaí na MíImeachtaí na Mí

Page 9: Nuachtlitir an Chonartha Feabhra 09'

Tháinig slua beag le chéile ag Tobar Bhrídei nGarraí Bhríde i mBaile Locha Riach leceiliúradh a dhéanamh ar LáFhéile Bhríde ar an chéad lá Fe-abhra. Bhí plé acu ar sheanchasBhríde, canadh cúpla amhrán inómós di, buaileadh cúpla poirtceoil agus dúradh roinntpaidreacha. Ainneoin na fuachta,ba léir go raibh an t-Earrachtagtha!Ní hamháin sin ach tá comóradhiontach leagtha amach don bh-Féile Raifteirí i mBaile Locha Riach ón 27- 29 Márta 2009, áit a dhéanfar ceiliúradhar na tréithe éagsúla a bhí ag an fhile ildá-nach Raifteirí: bua na filíochta, bua nahamhránaíochta, bua na fidléireachta ‘s ancheoil go ginearálta. Seoladh an fhéile gohoifigiúil le Seosamh Mac Donncha,

Príomhfheidhmeannach Choiste Gair-moideachais Chontae na Gaillimhe i dTeam-

pall Mháirtín, CreachmhaoilOíche Fhéile Bhríde. Bhí anócáid eagraithe go speisialta agna Culture Vultures le hamhrá-naithe a bheas ag glacadh páirtsa bhféile féin. Beidh ceard-lanna éagsúla á reáchtáil donbhféile mar aon le ciorcailamhránaíochta, seisiúin ceoil ‘sfilíochta, léacht ar Raifteiríagus ceolchoirm mhór ina

mbeidh a leithéid de Mháiréad Ní Mhaon-aigh, Manus Lunny, Joe Burke, Ann ConroyBurke, Louis De Paor, Paul O’Shaughnessy,Seosamh Ó Neachtain agus Antaine ÓFaracháin ag glacadh páirte inti. Tuilleadh Eolais: +353 (0)91 870718 /[email protected]

Cois Locha RiachCois Locha Riach

99Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] féidir scéalta a chur chuig [email protected]

Page 10: Nuachtlitir an Chonartha Feabhra 09'

1010 Cuir na scéala chugainn roimh 06 Márta 2009Cuir na scéala chugainn roimh 06 Márta 2009

Thosaigh Máirtín Tom Sheáinín,láithreoir le Raidió naGaeltachta i nGaillimh,feachtas ag deireadh nabliana seo caite chun nalitreacha ar uimhirchlár nangluaisteán uile cláraithe saPhoblacht a athrú ó IRL goÉIR. Is cosúil go bhfuil luchtna Gaeilge agus muintir naGaeltachta go háirithe agtacú go láidir leis an bhfeach-tas agus ní leo féin atá siad.Is mian leis an Aire Éamon ÓCuív go gcuirfear an tograseo a chur i gcrích leis agustá neart aird á tarraingt ar an bh-feachtas dá bharr. Tá lucht tacaíochta

Tom Sheáinín ag cur greamáin ar fáildo dhaoine gur mian leo ÉIR achur ar an uimhirchlár s’aculeis an sean-leagan IRL a chlú-dach, go dtí go n-éiríonn leisan Aire reachtaíocht mar iscuí a chur tríd an Dáil chun anleagan ÉIR a chinntiú ar gachuimhirchlár amach anseo.Más mian leat tacú leis anbhfeachtas agus greamán afháil le cur ar uimhir chlár doghluaisteáin féin, ní gá achscríobh chuig Máirtín TomSheáinín, Sruthán Buí, LeitirCaladh, Leitir Móir, Cona-

mara, Co na Gaillimhe. Breis eolais:http://anghaeltacht.net/feachtas/

ÉIR na nGluaisteánÉIR na nGluaisteán

Page 11: Nuachtlitir an Chonartha Feabhra 09'

1111Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] féidir scéalta a chur chuig [email protected]

Page 12: Nuachtlitir an Chonartha Feabhra 09'

1212 Cuir na scéala chugainn roimh 06 Márta 2009Cuir na scéala chugainn roimh 06 Márta 2009

Trasna

1 botún; dearmad (7)

3 bíoma; substaint chrua chalctha (4)

5 cáipéis (9)

6 fás fiáin cealgach (7)

8 gealach (2)

9 duine óg (7)

11 fear atá i gceannas ar mhainistir (2)

12 páirc nó clós do bheithígh (5)

15 ar aon treo le gluaiseacht an chloig (7)

16 bolgadh sa chorp de bharr buille (2)

17 pasáiste trí shléibhte (7)

Síos

1 cróchar (9)

2 masmas (7)

4 ionsaí; aimsiú ar mharc (4)

5 giota filíochta (3)

7 ragairne; réicíocht (8)

9 maighdeanas (4)

10 achrannach; trioblóideach (6)

13 dlí a ritheann parlaimint (4)

14 orgán mór de chuid an choirp

Crosfhocal Mí FeabhraCrosfhocal Mí Feabhra

Más spéis leat dearbhán ar luach €30 don siopa potadóireachta Louis Mulcahy

a bhuacaint, líon isteach an crosfhocal agus seol chuig:

An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2.