BH
UEL
! M
ár
ta 2
010
Io
na
d n
a G
aei
lge
Labh
ar
tha
E
ag
ar
thó
ir:N
ua
la d
e Bú
rc
a
Mí na Gaeilge 2010
Dé Luain 15 Márta:
I rith an lae - Fugitive na Cuallachta 8pm - Ciorcal Comhráidh, Ionad Pobail Charraig Thuathail
9.30pm - Seisiún sa Spailpín Fánach
Dé Máirt 16 Márta: 7pm – Blind Date sa Seanbheár.
8pm – Tráth na gCeist san Óstán Clarion 9.30pm – Ceolchoirm sa Spailpín Fánach
Dé Céadaoin 17 Márta: I rith an lae - Mórshiúl
Déardaoin 18 Márta:
6.30pm - Ciorcal Comhráidh, Leabharlann Bhaile an Easpaig 7.30pm - Ciorcal Comhráidh, Bungaló CDP sa Ghort Álainn
8.30pm – Daon-phoblacht Chorcaí: Oíche shóisialta sa Roundy
Ciorcail Chomhráidh:
20 Márta, Leabharlann na Cathrach, 11.15am
22 Márta, Ionad Pobail an Ghleanntáin, 8 pm 22 Márta, Óstán Clarion, 8 pm
23 Márta, Leabharlann Mhainistir Fhear Maí, 12pm
24 Márta, Leabharlann Bheanntraí, 11 am
25 Márta, Leabharlann Bhaile an Easpaig, 6.30 pm
25 Márta, Bungaló CDP sa Ghort Álainn, 8 pm 26 Márta, Leabharlann na Dúglaise, 11 am
27 Márta, Leabharlann na Cathrach, 11.15am
29 Márta, Ionad Pobail Charraig Thuathail, 8pm
31 Márta, Leabharlann Bheanntraí, 11 am
Ná Caill Léacht Poiblí 2010
Dé Máirt 23 Márta 5 pm, G01, ÁUR
“An Ghaeilge sa Reachtaíocht” Colm Breathnach
Rannóg an Aistriúcháin
Breis eolais: 021-4903529 / 4902314
Fáilte roimh chách
Gradam na Gaeilge
An spreagann tú an Ghaeilge san
ollscoil? Má spreagann tú tá seans iontach agat Gradam na Gaeilge a
bhuachaint!
Bronnfar an gradam seo ar an mac léinn is mó a dheineann iarracht an
Ghaeilge a chur chun cinn sa Choláiste agus is fiú €1000 é don té
a bhaineann é.
Is féidir le gach mac léinn san Ollscoil cur isteach air.
Tuilleadh eolais le fáil ó Oifig na Gaeilge Labhartha, Seomra G02,
Áras Uí Rathaille ag 021-4903529.
Urraithe ag Banc na hÉireann.
Dáta deireanach le cur isteach ar an nGradam: Dé hAoine 19 Márta.
Eagarfhocal
Más mian le héinne píosa eolais, alt, scéilín nó dán a scríobh don chéad eagrán eile cuir do phíosa go hOifig in Ionad na Gaeilge Labhartha nó cuir ríomhphost chugam ag [email protected]
Comórtas
Cén t-ainm atá ar albam Sheachtain na Gaeilge?
Dearbhán €30 (An Post) an duais!
Seol do fhreagra a, b nó c chugam ag [email protected] nó cuir do fhreagra go
hOifig na Gaeilge Labhartha faoin 2 Aibreán.
C
lár
Fó
gr
aí
Clár Ghael-Taca
Gach Déardaoin
4pm
Raidió Campus 97.4fm
Áras Uí Thuama Meán Fómhair 2010 – Meitheamh 2011
Suite gar do Pháirceanna na Laoi tá Áras Uí Thuama. Tógadh an t-áras álainn seo sa bhliain 2006. Naoi n-árasán atá i gceist anseo a bhfuil seacht mac léinn is fiche ag cur futhu iontu. Is geall le mion-Ghaeltacht an tIonad Cónaithe Gaeilge atá eagraithe ag Ionad na Gaeilge Labhartha C.O.C, atá faoi stiúir Phóil Rúiséal agus Claire Ní Mhuirthile. Faigheann gach mac léinn deontas €500 ag deireadh na bliana acadúla - bíonn orthu feidhmiú go huile is go hiomlán trí mheán na Gaeilge agus freastal ar imeachtaí a bhíonn eagraithe ag Ionad na Gaeilge Labhartha.
“Caithfidh mé a rá gur fiú go mór é cur isteach ar an scoláireacht seo. Buaileann
tú le daoine eile go bhfuil suim acu sa Ghaelainn, bíonn tú i dteangmháil le
cainteoirí dúchais ón nGaeltacht agus bíonn seans níos fearr agat cultúr na tíre
seo a bhlaiseadh.”
“Dheineas a lán cairde maithe san Ionad. Thug an bhliain seo seans dom buaileadh
le daoine a bhfuil an tsuim chéanna sa Ghaeilge acu. Molaim an tIonad Cónaithe
go hard!”
“Taitníonn an áit go mór liom. Bíonn imeachtaí suimiúla á n-eagrú ag an
gCoiste an t-am ar fad.”
“Ba léir ón gcéad chruinniú go raibh an-suim go deo ag na daoine san Ionad sa Ghaolainn.
Bhíos ag tnúth le bliain a chaitheamh san Ionad agus anois ag deireadh na bliana níl díoma ar
bith orm! Tá an deontas go hiontach chomh maith.”
Tá na foirmeacha agus tuilleadh eolais le fáil in Ionad na Gaeilge Labhartha, Áras Uí Rathaille. Ná caill do sheans, bígí linn!!!
Buaiceanna na Bliana 2008-2009
• D’fhreastail líon ard mac léinn ar chláir teanga Ionad na Gaeilge Labhartha i gcaitheamh na bliana. Is é an líon a bhí sa treis 1908. Tá méadú faoi dhó déanta ar an uimhir seo ón mbliain 2000 i leith (932). Méadú 3.5% a bhí i gceist thar líon na bliana seo caite. • Bhí isteach is amach le dhá mhíle mac léinn rannpháirteach sna scéimeanna agus sna gníomhaíochtaí cultúrtha. Dá bhrí sin dhein an tIonad freastal ar riachtanais teanga breis agus cheithre mhíle mac léinn i rith na bliana. D’éirigh leis an Ionad méadú 2.5% a dhéanamh ar líon iomlán na mac léinn a ghlac páirt sna scéimeanna agus sna cúrsaí teangan. • Eagraíodh 96 ghrúpa foghlama teanga san Ionad, i gcomhar leis an Ionad agus i nDún Chíomháin. • D’fhreastail 1600 duine geall leis ar na gníomhaíochtaí sin teanga a bhí faoi choimirce dhíreach Bhord na Gaeilge : Gníomhaíocht Rannpháirtithe Clár teanga na dteaghlach foirne .................. 36 Scéim na scol ......................................... (11 mheánscoil Ghaeilge) 24 Léachtaí poiblí agus Imeachtaí Eile ............... 1,380 Líonadh na Bearna .................................. 40 Clár Rochtana ........................................ 103 Iomlán : .............................................. 1,583 • Eagraíodh dhá rang foirne san ollscoil i gcomhthéacs na scéime teanga 2006-09 agus dhá ghnáthrang foirne. D’fhreastail tríocha ball foirne ar chúrsaí sa Ghaeilge Labhartha a chabhróidh leis an ollscoil seirbhísí áirithe dátheangacha a chur ar fáil. Lean cruinnithe de chuid choiste monatóireachta na scéime ar aghaidh, faoi chathaoirleacht an Leas-Uachtaráin Grace Neville. • Bhronn Meadhbh Ní Urdail agus Gearóid Ó Riain t/c Bhanc na hÉireann, Gradam na Gaeilge ar fiú míle ‘euro’ é, ar Mhichelle Ní Mhurchú agus ar Ghearóid Ó Duinn. Ba é Banc na hÉireann a dhein urraíocht ar an gcomórtas oscailte tras- ollscoile seo. • Deineadh athchóiriú agus feabhsú iomlán ar Dhún Chíomháin chun é a chur i bhfearas do riachtanais na 21ú aoise. • Cuireadh ar siúl cúrsaí nua do Choláiste an Leighis (modúl MX 1007), do Roinn an Oideachais (Staidéir Spóirt), do Choimisiún na Scrúduithe Stáit agus do Thionóntaí Tí Bhaile an Fhirtéaraigh i gcomhar le Comhairle Chontae Chiarraí. • Mar chuid d’Oireachtas Náisiúnta na Gaeilge 2008 eagraíodh Mór-Ócáid Cheoil agus Litríochta mar chomóradh agus mar cheiliúradh speisialta ar shaothar an Triúr Seán, Seán Ó Tuama, Seán Ó Ríordáin, Seán Ó Riada ar 28 Deireadh Fómhair. • Eagraíodh seimineár ar leith ar 13 Feabhra a bhain le forbairt na Gaeilge sna tíortha thar lear. Ba é Micheál Ó Máirtín TD, Aire Gnóthaí Eachtracha an t-aoichainteoir.
Tu
ar
asc
áil
bh
lia
ntú
il B
ho
rd
na
Ga
eilg
e
Top Related