beatha le bua - nicurriculum.org.uk · Ronaldinho R onaldinho an t-ainm a thugann daoine ar fhear...
Transcript of beatha le bua - nicurriculum.org.uk · Ronaldinho R onaldinho an t-ainm a thugann daoine ar fhear...
beatha le bua
Arna fhoilsiú i 2008 ag Stòrlann Nàiseanta na Gàidhlig agus Cànan, le tacaíocht ón Bhuidheann Eadar-roinneil airson Ionnsachadh agus Leasachadh Coimhearsnachd (An Grúpa um Foghlaim agus Forbairt Pobail).
© Stòrlann Nàiseanta na Gàidhlig thar cionn na nÚdarás a bhfuil ionadaíocht acu ar MRG 2008.
Faigheann Stòrlann Nàiseanta na Gàidhlig tacaíocht ó Bhòrd na Gàidhlig.
Pictiúr Clúdaigh © DAMIEN MEYER/AFP/Getty Images.
Pictiúr le Corbis agus Getty Images.
Gach ceart ar cosaint. Ní féidir cuid ar bith den leabhar seo a athfhoilsiú i gcruth ar bith nó ar dhóigh ar bith gan cead a fháil roimh ré ó Stòrlann Nàiseanta na Gàidhlig.
Arna dhearadh ag Cànan Teo.
Arna aistriú agus arna tháirgeadh ag Multmedia CCEA.
Arna chur ar fáil ag COGG.
Tá CCEA fíorbhuíoch as cead a fháil an áis seo a aistriú agus a chur in oiriúint ó Stòrlann Nàiseanta na Gàidhlig.
RO
NA
LD
INH
Obeatha le bua
Téacs le Gillebride Mac ‘Illemhaoil.
ooooooooooooooooaooooofooooo
0ooxooooooooowooooo
>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o
4
Ronaldinho
Ronaldinho an t-ainm a thugann daoine ar fhear de na peileadóirí is fearr ar an domhan. Rugadh Ronaldo de Assis Moreira i 1980 sa Bhrasaíl agus thug sé Ronaldinho air féin le hidirdhealú a dhéanamh idir é féin agus Ronaldo, imreoir clúiteach eile as an Bhrasaíl. Tá Ronaldinho ar pheileadóir chomh maith is a d’imir sacar riamh. Is dócha gurb é a scil leis an liathróid a scarann é ó dhaoine eile, agus go mbíonn sé chomh sona sin nuair a bhíonn sé ag imirt. Is annamh nach mbíonn aoibh an gháire ar Ronaldinho i gcluiche ar bith.
RONALDINHO
oooooooo
0oooooooaooooofo0ooooxoooo
<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0
5
RONALDINHO
© Albert Gea/Reuters/CORBIS
ooooooooooooooooaooooofooooo
0ooxooooooooowooooo
>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o
6
RONALDINHO
© Reuters/CORBIS
ooooooooooooooooaooooofooooo
0ooxooooooooowooooo
>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o
7
RONALDINHO
An Tús
Ní raibh teaghlach Ronaldinho chomh bocht le cuid mhór imreoirí eile as Meiriceá Theas. Banaltra a bhí ina mháthair agus bhí a athair ag obair in oibreacha iarainn. Peileadóir a bhí ina athair fosta, ach bhí air éirí as nuair a gortaíodh é. Is tír an-bhocht í an Bhrasaíl, ach bhí teaghlach Ronaldinho compordach go leor, agus bhí sé sona sásta nuair a bhí sé óg.
ooooooooooooooooaooooofooooo
0ooxooooooooowooooo
>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o
8
Ag imirt go proifisiúnta
Bhí Ronaldinho 18 mbliana d’aois sular imir sé go proifisiúnta. Thosaigh sé ag imirt don fhoireann Gremio. Bhain sé clú amach dó féin in am gairid. Roimh i bhfad bhí foirne móra na hEorpa ag iarraidh é a mhealladh chucu féin. Ina ainneoin sin chuaigh sé go Páras ar dtús ag imirt le Paris St Germain, foireann nach raibh díreach chomh clúiteach sin. Bhí sé ansin ar feadh dhá bhliain agus i 2003 chuaigh sé go Barcelona. D’íoc Barcelona £18 milliúin as. Bhuaigh Barcelona Sraith na Spáinne i 2005 agus 2006 agus bhuaigh siad Sraith na hEorpa i 2006 fosta. Deir saineolaithe nach n-éireodh chomh maith le Barcelona gan Ronaldinho.
RONALDINHO
oooooooo
0oooooooaooooofo0ooooxoooo
<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0
9
R O N A L D I N H O
© Lluis Gene/GETTY IMAGES
RONALDINHO
RONALDINHO
© Carmen Jaspersen/epa/CORBIS
ooooooooooooooooaooooofooooo
0ooxooooooooowooooo
>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o
1 2
RONALDINHO
© Kai Pfaffenbach/Reuters/CORBIS
An Bhrasaíl
D’éirigh go maith le Ronaldinho taobh amuigh de na clubanna fosta. Bhain an Bhrasaíl Corn an Domhain i 2002 agus arís bhí tionchar mór ag Ronaldinho air sin. Tá cuimhne ag cuid mhór ar an chluiche idir an Bhrasaíl agus Sasana. Fuair Ronaldinho cúl ó 30 méadar agus tamall gairid ina dhiaidh sin cuireadh den pháirc é as cic a bhualadh ar imreoir Sasanach. D’imir Ronaldinho sa chluiche ceannais nuair a fuair siad an bua ar an Ghearmáin.
ooooooooooooooooaooooofooooo
0ooxooooooooowooooo
>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o
1 3
RONALDINHO
ooooooooooooooooaooooofooooo
0ooxooooooooowooooo
>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o
1 4
Ba é Corn an Domhain i 2006 an chéad uair a bhí díomá ar Ronaldinho ina shaol mar imreoir proifisiúnta. Níor imir sé rómhaith i gCorn an Domhain sa Ghearmáin agus cuireadh an Bhrasaíl amach sa chluiche ceathrú ceannais. Fuair Ronaldinho cáineadh as cóisir a bheith aige ina theach dhá lá i ndiaidh an chluiche a chailleadh i gCorn an Domhain.
RONALDINHO
oooooooo
0oooooooaooooofo0ooooxoooo
<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0
1 5
RONALDINHO
© PAULO WHITAKER/Reuters/CORBIS
ooooooooooooooooaooooofooooo
0ooxooooooooowooooo
>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o
1 6
RONALDINHO
© Buda Mendes/LatinContent/GETTY IMAGES
Ar shiúl ón pháirc
Bhí íomhá Ronaldinho le feiceáil ar chuid mhór earraí. Bhí sé ag fáil níos mó airgid ón fhógraíocht ná imreoir ar bith eile. Bhí sé ag déanamh fógraí le haghaidh éadaí, deochanna agus cluichí ríomhaire. Níl rud is fearr leis ná a bheith ag damhsa lena chairde le ceol na Brasaíle. Bíonn sin le feiceáil nuair a fhaigheann sé cúl, nó bíonn sé ag damhsa ar an pháirc ina dhiaidh.
Tá sé soiléir go bhfuil gaisce mór déanta ag Ronaldinho agus go bhfuil deis aige go fóill clú a bhaint amach mar fhear de na himreoirí is fearr a bhí ann riamh.
ooooooooooooooooaooooofooooo
0ooxooooooooowooooo
>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o
1 7
RONALDINHO
Cé hé?Dáta breithe21/03/1980
Cárb as éAn Bhrasaíl
Aois nuair a thosaigh sé ag imirt go proifisiúnta18
Teaghlach Ó theaghlach a bhí saibhir go leor
DuaiseannaCorn an Domhain 2002Sraith na SpáinneSraith na hEorpa
RONALDINHO© Ramin Talaie/Corbis