Post on 21-Jul-2016
description
www.derrycityandstrabanedistrict.com
SEO LINN RÉ NUA Seolfar Ollcomhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin ar an 1 Aibreán 2015
agus leis sin cuirfear tús le ré nua do na húdaráis áitiúla. As an dáta seo amach beidh an Chomhairle nua
seo ag freastal ar ollcheantar a chumascann Doire agus an Srath Bán agus ní bheidh ann do Chomhairle
Cathrach Dhoire a thuilleadh. Tá rún ag Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin clár na
Seirbhísí Gaeilge atá ar fáil faoi láthair ó Chomhairle Cathrach Dhoire a leathnú le ceantar an tSratha
Báin a chlúdach agus beidh muid ag forbairt na bpleananna seo sna míonna atá romhainn.
Cad é mar a dhéanfaidh mé teagmháil le Comhairle Chathair Dhoire & Cheantar an tSratha Báin?
Ré Nua
Grianghraf: Dee McEvoy
www.facebook.com/derrycityandstrabanedistrictcouncil
Twitter @dcsdcouncil
Ón 1 Aibreán 2015 ar aghaidh is féidir teagmháil a dhéanamh le
Comhairle Chathair Dhoire agus Cheantar an tSratha Báin ar an
uimhir fóin nua T: 028 71 253 253 nó trí ríomhphost a chur chuig
info@derrycityandstrabanedistrict.com
...scáthán Nuacht i nGaeilge ó Chomhairle Cathrach Dhoire
Eagrán 24, Eanáir-Márta 2015
………………………………………………………………………………….
...scáthán Lch 2
Seachtain na Gaeilge Lá Domhanda na Leabhar 2015
LÁ DOMHANDA NA LEABHAR Ní minic a bhíonn deis ag páistí scoile lá a chaitheamh i bhfíorstiúideo
taifeadta, ach sin go díreach a rinne páistí ó Bhunscoil Cholmcille, Ghaelscoil Éadain Mhóir agus
Ghaelscoil na Daróige ar Lá Domhanda na Leabhar mar chuid de thionscnamh a d’eagraigh Comhairle
Cathrach Dhoire agus Cultúrlann Uí Chanáin i gcomhar leis The Verbal Arts Centre dar teideal ‘What
does this book sound like?’. Le hullmhú do Lá na Leabhar fuair gach scoil cóip den leabhar POP! le léamh
sa seomra ranga le dul i dtaithí ar na carachtair agus na fuaimeanna éagsúla sa scéal. Ar Lá Domhanda na
Leabhar féin d’fhreastail na trí Ghaelscoileanna ar cheardlann fuaime ag The Verbal Arts Centre áit a
d’fhoglaim siad fán dóigh le fuaimrian a chruthú don scéal a bhí léite acu. Agus an cheardlann
críochnaithe bhí deis ag achan pháiste, seisiún a chaitheamh sa stiúideo taifeadta leis an innealtóir
fuaime Rory McCarron a thaifead glórthaí na bpáistí ag insint an scéil mar aon le héifeachtaí fuaime.
Rinneadh an taifeadadh críochnaithe, ag a raibh ionchur ag gach ceann de na Gaelscoileanna á
tháirgeadh mar scéal digiteach le fuaimrian agus gheobhaidh gach scoil cóip den áis mar leagáid de
Sheachtain na Gaeilge 2015. Tuilleadh grianghraf ar líne: www.facebook.com/foramphobalnagaeilge
Cailíní as Gaelscoil Éadain Mhóir i mbun ceirde ag The Verbal Arts Centre
...scáthán Lch 3
Féile Pan Cheilteach 2015 Clár na dTeangacha seolta
FÉILE PAN-CHEILTEACH 2015 Fillfidh an 44ú Fhéile Pan Cheilteach ar Dhoire arís i mbliana! Anuraidh bhí
an chathair ina hóstach don fhéile don chéad uair riamh ina cuid staire, agus i mbliana beidh an fhéile
uathúil linn arís ón 7ú go dtí an 12ú Aibreán. Mar aon le himeachtaí agus comórtais cheoil beidh Clár
Teangacha á eagrú ag Comhairle Cathrach Dhoire i gcomhar le hOllscoil Uladh agus Cultúrlann Uí
Chanáin, áit a mbeidh na himeachtaí ar fad ar siúl. Beidh blaschúrsaí Gaeilge, Breatnaise, Gàidhlig na
hAlban agus Coirnéise agus léachtaí éagsúla a bhaineann le hoidhreacht na dteangacha Ceilteacha.
Tá cóip den chlár ar fáil anois ag: http://issuu.com/culturlannuichanain/docs/f__ile_pan_cheilteach
Gaeilge Gàidhlig Gaelg Kernowek Brezhoneg Cymraeg
SEOLADH OIFIGIÚIL NA FÉILE
Rinne Méara Chathair Dhoire an
44ú Fhéile Pan Cheilteach a
sheoladh ar an 24 Márta 2015.
Sa ghrianghraf tá: Aisling Ní
Mhaonaigh - Club Óige Setanta,
Eibhlín Ní Dhochartaigh - CCÉ,
Méara Comhairleoir Brenda
Stevenson, Gearóid Ó hEára-
Príomhfheidhmeannach
Chultúrlann Uí Chanáin,
Donncha Mac Niallais -
Cultúrlann Uí Chanáin & Carol
Nic Conmara - Tionscnamh
Léargas - Cultúrlann Uí Chanáin.
...scáthán Lch 4
Seachtain na Gaeilge Scéim Fáinne Chomhairle Cathrach Dhoire
………………………………………………………..
BRONNTAR FÁINNÍ AR FHOIREANN CHOMHAIRLE CATHRACH DHOIRE
Le ceiliúradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge 2015, bronnadh
suaitheantais Cúpla Focal, Fáinne Airgid agus Fáinne Óir ar fhostaithe
de chuid Chomhairle Cathrach Dhoire a chuaigh faoi scrúdú béil le linn
Sheachtain na Gaeilge. Tá na fostaithe seo ag déanamh staidéar ar an
Ghaeilge mar chuid de chúrsa in-seirbhíse dar teideal Scéim Theagasc na
Gaeilge atá á reáchtáil ag an Oifigeach Gaeilge. Cuireann Comhairle
Cathrach Dhoire Scéim Theagasc na Gaeilge ar fáil ag bunleibhéal,
meánleibhéal agus ardleibhéal agus faoi láthair tá 19 fostaí ó réimse
rannóg seirbhíse cláraithe ar an chúrsa. Tá sé mar chuspóir ag Scéim
Theagasc na Gaeilge scileanna labhartha Gaeilge a theagasc don
fhoireann le cuidiú leo freastal ar iarratais ó phobal na Gaeilge agus le
cur le cumas na Comhairle an Ghaeilge a chur chun cinn sa cheantar
Comhairle. Tá rún againn tógáil ar an dúshraith dhearfach seo san
ollchomhairle nua le freastal ar Ghaeilgeoirí san ollcheantar nua.
Foghlaimeoirí Gaeilge ó Chomhairle Cathrach Dhoire ar éirigh leo fáinne a ghnothú le linn Sheachtain na
Gaeilge 2015. Sa ghrianghraf seo tá: Pól Ó Frighil – Oifigeach Gaeilge agus Oide an Chúrsa, Oonagh
O’Doherty – Oifigeach Sláinte & Sábháilteachta, Carol Nic Conmara - Scrúdaitheoir ó Chultúrlann Uí
Chanáin, Jacqui O’Hara – Clár Leagáide – Cathair Chultúir, Rose McGrellis – Forbairt Eacnamaíochta,
David Jones – Seirbhísí Custaiméara agus Ronan O’Donnell – ó The Walled City Partnership.
Seirbhísí Gaeilge ón Chomhairle: An bhfuil a fhios agat gur féidir leat do ghnó ar fad a dhéanamh leis an
Chomhairle trí Ghaeilge? Má tá seirbhís uait, tabhair cuairt ar www.derrycity.gov.uk/gaeilge le liosta
iomlán na seirbhísí reatha a fheiceáil, ach má tá seirbhís uait nach bhfuil luaite, abair linn le do thoil!
...scáthán Lch 5
Acht na Gaeilge DCAL ag dul i gcomhairliúchán leis an phobal
ACHT NA GAEILGE Tá an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta ó Thuaidh, Caral Ní Chuilín, ag iarraidh
dul i gcomhairle leis an phobal faoi láthair maidir le plean chun Bille Gaeilge a thabhairt isteach a
chosnódh cearta Gaeilgeoirí taobh istigh de fhrámaíocht nua reachtaíochta. Mar chuid den phróiseas
comhairliúcháin seo tionóladh cruinniú i nDoire ar an 11ú Márta a bhí eagraithe ag Conradh na Gaeilge i
gcomhar le Cultúrlann Uí Chanáin agus Comhairle Cathrach Dhoire. D’fhreastail ionadaithe ó phobal na
Gaeilge ar an chruinniú lena mbarúlacha a thabhairt ar an ábhar agus beidh an t-ábhar faoi chaibidil ag
an chéad chruinniú eile d’Fhóram Phobal na Gaeilge a bheas ag tarlú ar an Chéadaoin 15ú Aibreán. Tá go
dtí an 5ú Bealtaine ag an phobal le tuairim a thabhairt agus ní gá aighneacht mhór a scríobh, is féidir
ríomhphost nó litir a chur isteach ag míniú do thuairime. Tuilleadh eolais maidir leis an phróiseas ar fáil
trí cuairt a thabhairt ar: http://www.dcalni.gov.uk/irish_language_bill_consultation_2015
Acht na Gaeilge Tuairimí na nÓg á lorg
TUAIRIMÍ DHAOINE ÓGA Á LORG Tá sé tábhachtach
go gcluintear glórtha an Aois Óig le linn an phróisis
chomhairliúcháin seo. Le cabhrú le daoine óga a
gcuid smaointe ar an ábhar a mhúnlú, tá leagan
speisialta den cháipéis chomhairliúcháin táirgthe ag
an Roinn a mhíníonn cad atá i gceist le Bille Gaeilge
agus é scríofa sa dóigh is go dtuigfidh páistí atá á
dtógáil le Gaeilge cad é atá i ndán leis an
reachtaíocht mholta. Tá an cháipéis do dhaoine óga
ar fáil ón Oifigeach Gaeilge Sprioc: 5 Bealtaine 2015
...scáthán Lch 7
Seirbhísí Gaeilge
Chomhairle
Cathrach Dhoire
curtha ar fáil le
caoinmhaoiniú ó:
Pól Ó Frighil
Oifigeach Gaeilge
Comhairle Cathrach Dhoire
98 Bóthar na Trá
Doire BT48 7NN
T: (028) 71 376 579
gaeilge@derrycity.gov.uk
www.derrycity.gov.uk/gaeilge
FÁILTE roimh thuairimí agus mholtaí ar a bhfuil sa nuachtlitir seo. Má tá seirbhís
uait i nGaeilge nach bhfuil ar fáil faoi láthair tabhair le fios dúinn. Má tá foirm uait
i nGaeilge téigh chuig www.derrycity.gov.uk/gaeilge áit a bhfuil foirmeacha
coitianta na Comhairle Cathrach ar fáil i nGaeilge. Má tá eolas uait ar aon seirbhísí
eile sa Chomhairle Chathrach déan teagmháil linn. Má tá aon fhormáid eile den
nuachtlitir ag teastáil uait, bí i dteagmháil linn. GAEILGE & FÁILTE
………………………………………………………………………………….
Fóram Phobal na Gaeilge Céad chruinniú eile 15.04.15
CÉAD CHRUINNIÚ EILE Beidh an chéad chruinniú eile d’Fhóram
Phobal na Gaeilge ar siúl ar an Chéadaoin 15 Aibreán ag 6:00in i
Seomra MA007, Ollscoil Uladh, Campas Mhig Aoidh, Doire. Más
mian leat bheith i láthair gabh i dteagmháil leis an Oifigeach
Gaeilge Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge, 98 Bóthar na Trá, Doire
BT48 7NN, T: 028 71 376 579 gaeilge@derrycity.gov.uk
Oifigeach Gaeilge
Bí linn ar Facebook: www.facebook.com/foramphobalnagaeilge