Scáthán - Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire (Aibreán-Meitheamh 2012)
-
Upload
pol-o-frighil -
Category
Documents
-
view
244 -
download
1
description
Transcript of Scáthán - Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire (Aibreán-Meitheamh 2012)
Business Name
Gaeilge agus Fáilte
13. Aib~Meith 12
13. Apr~Jun 12
...scáthán
San eagrán seo:
Líofa 2015
Scéim an Fháinne
Ciorcail Chomhrá
Connect 3
Sráidainmneacha
Oifigeach Gaeilge
Nuachtlitir Ghaeilge Chomhairle Cathrach Dhoire
www.derrycity.gov.uk/gaeilge
Gaeilge agus Fáilte
www.facebook.com/foramphobalnagaeilge
Tá sé de chuspóir ag scéim Líofa 2015, breis agus 2015 duine a spreagadh
le clárú chun Gaeilge a fhoghlaim roimh 2015 agus forbairt mhór déanta
i dtreo na sprice ó seoladh an feachtas. Beidh Oifigigh Ghaeilge sna
comhairlí áitiúla agus eagrais Ghaeilge mar aon le soláthraithe cúrsaí
Gaeilge ag feidhmiú mar ambasadóirí ar Líofa 2015 agus ar fáil i rith an
fheachtais le treoir a thabhairt dóibh siúd ar mian leo clárú chun Gaeilge
a fhoghlaim roimh an sprioc nó a bhfuil ceisteanna acu fán scéim.
Tabhair aghaidh ar an dúshlán agus lean leat go líofacht!
Líofa 2015 - Tabhair aghaidh ar an dúshlán
...scáthán Lch 2
Baineann Coláiste Chnoc na nDealg Scial Mhic Giolla Bhríde 2012
Fóram Phobal na Gaeilge - Bí linn ar Facebook
Bígí linn ar líne: www.facebook.com/foramphobalnagaeilge
Fóram iondaíoch grúpaí Gaeilge is ea
Fóram Phobal na Gaeilge~Doire a thagann le
chéile go rialta le cúrsaí Gaeilge sa cheantar
comhairle a phlé. Cuirtear fáilte roimh
chách! Más mian leat bheith curtha ar an
liosta ríomhphoist le bheith i láthair ag an
chéad chruinniú eile cuir in iúl don
Oifigeach Gaeilge, Pól Ó Frighil, trí scairt a
chur ar T: (028) 71376579 nó seol
ríomhphost chuig [email protected].
...nó más fearr leat thig leat cuairt a thabhairt ar ár leathanach
Facebook leis an eolas is déanaí a fháil ar a bhfuil ag tarlú sa cheantar
comhairle ó thaobh na Gaeilge de agus le nuashonrúcháin a fháil ar
sheirbhísí Gaeilge na Comhairle Cathrach. Caith súil ar an leathanach
ag facebook.com/foramphobalnagaeilge agus brúigh ‘Is maith liom é’.
Tuilleadh Eolais: Pól Ó Frighil, Oifigeach Gaeilge, T: 028 71376579, [email protected]
Niall Comer, Ollscoil Uladh, Mhig Aoidh agus Uachtarán Chomhaltas Uladh ag bronnadh Sciath
Mhic Giolla Bhríde ar Coláiste Chnoc na nDealg, Buaiteoirí Sciath Mhic Giolla Bhríde (Cailíní) 2012.
Bronntar an Sciath seo ar an scoil is fearr i gCúige Uladh ó thaobh labhairt na Gaeilge de.
...scáthán Lch 3
Scéim an Fháinne 2012 - Fás agus Forbairt
Ciorcail Chomhrá sa Cheantar Comhairle
Idir Márta agus Bealtaine 2012 chuaigh 63 duine ón phobal faoi Scéim an Fháinne i mbliana agus
d’éirigh le 59 acu suaitheantas a fháil. Fuair 22 acu an Cúpla Focal, 22 acu an Fáinne Airgid agus 17
acu an Fáinne Óir. Tá fás ollmhór tagtha ar an scéim le déanaí a bhuí le fairsingeacht na ndeiseanna
atá ar fáil anois le Gaeilge a fhoghlaim sa cheantar comhairle seo. Má ta tú ag freastal ar rang agus
más mian leat clárú le Scéim Líofa caith súil ar www.dcalni.gov.uk le heolas a fháil ar an dóigh le
clárú leis an fheachtas. Caith súil ar an nasc: http://www.dcalni.gov.uk/liofa_email_version.pdf
Eolas breise uait? Líne Ghaeilge: T: (028) 71376 579
Gach Máirt
1.15in – 3.00in
Caife Sainsbury’s, Doire
Gach Déardaoin Caife Amelia, Northside
Gach Déardaoin
8.00in-10.00in
Clarendon Bar, Doire
Gach Aoine
1.00in – 3.00in
Caife Amelia, Northside
Gach Aoine Leabharlann na Cathrach
Aoine dheireanach sa mhí
9.00in – ar aghaidh
Cultúrlann Uí Chanáin, Doire
T: (028) 7126 4132
Cúpla Focal Club (Nua)
9.00in – ar aghaidh
Clarendon Bar, Doire
Suim agat Gaeilge a labhairt
lasmuigh den seomra ranga? Is
iomaí rogha atá agat ins an
cheantar seo! Ní gá áit a chur in
áirithe ach díreach bheith ann
ar an lá nó ar an oíche chuí.
Má eagraíonn tú féin ciorcal
comhrá sa cheantar seo nach
bhfuil luaite, cláraigh é ag
Comhghairdeas le gach duine a thug aghaidh ar scéim an Fháinne 2012
Tuilleadh Grianghraf ó Bhronnadh Fáinní 2012 ar fáil ag: www.facebook.com/culturlann
...scáthán Lch 4
Connect 3 - Acmhainn Feasacht Teanga
Is féidir cuairt a thabhairt ar an suíomh idirlín nua ag www.connect-3.co.uk áit a bhfuil quiz
idirghníomhach ar líne agus réimse d’acmhainní teagaisc a théann le curaclam iar-bhunoideachas
Thuaisceart Éireann. Agus más múinteoir thú a bhain feidhm as an áis, ba bhreá linn d’aiseolas.
Ar an Chéadaoin 16ú Bealtaine sheol Méara Dhoire, an Seanóir Maurice Devenney, acmhainn nua
feasacht teanga agus deachaidrimh dar teideal Connect 3. Cuideoidh an acmhainn nua ar-líne seo
atá bunaithe ar thaighde a rinneadh sa cheantar comhairle seo le múinteoiri, teagascóirí agus fogh-
laimeoirí san iar-bhunoideachas plé a dhéanamh ar an Ghaeilge, an Bhéarla agus Albainis Uladh.
Caith súil air: www.connect-3.co.uk
Ar fáil ar an Suíomh Idirlín:
Quiz Idirghníomhach Teanga
bunaithe ar thaighde a rinneadh ar
dhearcthaí i leith teangacha i
gceantar comhairle Dhoire
Amlíne na dTeangacha
Bileogaí oibre don seomra ranga
bunaithe ar churaclam
iarbhunoideachais TÉ
Nótaí do Mhúinteoirí
Crann na dTeangacha
Leathanach Aiseolais
Daltaí ó Scoil Chomhtháite Oakgrove ag baint sult as Connect-3 ag an seoladh
...scáthán Lch 5
Oifigeach Gaeilge
Seirbhísí Gaeilge
Chomhairle
Cathrach Dhoire
curtha ar fáil le
caoinmhaoiniú ó:
Pól Ó Frighil
Oifigeach Gaeilge
Comhairle Cathrach Dhoire
98 Bóthar na Trá
Doire BT48 7NN
T: (028) 71 376 579
www.derrycity.gov.uk/gaeilge
FÁILTE roimh thuairimí agus mholtaí ar a bhfuil sa nuachtlitir seo. Má tá
seirbhís uait i nGaeilge nach bhfuil ar fáil faoi láthair tabhair le fios dúinn. Má
tá foirm uait i nGaeilge téigh chuig ag www.derrycity.gov.uk/gaeilge áit a
bhfuil foirmeacha coitianta na Comhairle Cathrach ar fáil i nGaeilge. Má tá
eolas uait ar aon seirbhísí eile sa Chomhairle Chathrach déan teagmháil linn.
Má tá formáid eile den nuachtlitir ag teastáil uait, bí i dteagmháil linn.
Gaeilge & Fáilte - Scéim Sráidainmneacha Dátheangacha
Tá Scéim Sráidainmneacha ar bun ag
Comhairle Cathrach Dhoire le blianta
beaga anuas le fáilte a chur roimh
phobal na Gaeilge leagán dátheangach
den chomhartha ar an tsráid ar a bhfuil
siad ina gcónaí a iarraidh ón Chomhairle
Cathrach. Ó thosaigh an scéim tá breis
agus 259 comhartha curtha in airde ag
an Chomhairle Chathrach agus gláctar
le hiarratais nua ar bhonn leanúnach.
Más suim leat iarratas a dhéanamh dean teagmháil leis an Oifigeach Gaeilge nó tabhair cuairt ar
www.derrycity.gov.uk/gaeilge leis an bheartas agus na treoirlínte iarratais a íoslódáil.
Tá Scéim um Chomharthaíocht Dhátheangach oscailte ag Foras na Gaeilge go dtí 5ú Deireadh
Fómhair 2012 ar mhaithe le fiontair bheaga ar mian leo maoiniú meaitseála a fháil le comharthaí
gnó a tháirgeadh, m.sh. comharthaíocht lasmuigh, comharthaíocht fheithiclí, comharthaí siopa srl.
Is é aidhm an chúnaimh seo branda do sheirbhíse/do tháirge reatha a fheabhsú tríd an nGaeilge a
úsáid go comhlántach. Tá eolas ginearálta ar fáil ach teagmháil a dhéanamh le Foras na Gaeilge ar:
T: 074 9560113 / 9560114 nó seol ríomhphost chuig [email protected]
Más mian leat gailearaí de chomharthaíocht atá maoinithe cheana faoin scéim seo tabhair cuairt ar
http://www.gaeilge.ie/GNO/business_list.asp?id=1
Ná déan dearmad gur féidir leat eolas faoi do chuid imeachtaí a
chur ar Eolaire na Gaeilge ar shuíomh idirlín Fhoras na Gaeilge.
Nuair a chláraíonn tú do chuid imeachtaí ar an suíomh beidh
teacht ag daoine ar fud fad an oileáin ar d’eolas. www.gaeilge.ie