Teist Ilrogha Gaeilge...4 Clisteacht agus crógacht a n-athar a chuidigh leo an uaimh a fháil ar...

25
1 An Teist Aistrithe Teist Ilrogha Gaeilge Teist Chleachtaithe Páipéar 40 Fad Ama: 50 bomaite

Transcript of Teist Ilrogha Gaeilge...4 Clisteacht agus crógacht a n-athar a chuidigh leo an uaimh a fháil ar...

Page 1: Teist Ilrogha Gaeilge...4 Clisteacht agus crógacht a n-athar a chuidigh leo an uaimh a fháil ar ais. Ar dtús, scairt sé ar an bhéar, lena aird a tharraingt. Chaith sé clocha

1

An Teist Aistrithe

Teist Ilrogha Gaeilge

Teist Chleachtaithe

Páipéar 40

Fad Ama: 50 bomaite

Page 2: Teist Ilrogha Gaeilge...4 Clisteacht agus crógacht a n-athar a chuidigh leo an uaimh a fháil ar ais. Ar dtús, scairt sé ar an bhéar, lena aird a tharraingt. Chaith sé clocha

2

Intreoir Tá scéalta sa leabhrán seo. Tá sleachta ann ó chineálacha difriúla leabhar. Tá súil againn go mbainfidh tú sult agus tairbhe astu. Cuirfear ceisteanna ort maidir leis na sleachta féin agus ar úsáid leabhar go ginearálta. De réir mar a oibríonn tú tríd an leabhar déan tagairt don Ghluais agus don Chlár am ar bith a ba mhaith leat.

Clár leathanach Cara sa Choill 3 Obair Bhaile 8 An tSean-Ghréig 9 Bolcáin 13 Bréan den Bhraon 14 Ceisteanna Ginearálta 21 Gluais 22 Leabharliosta 22 Innéacs 22

Page 3: Teist Ilrogha Gaeilge...4 Clisteacht agus crógacht a n-athar a chuidigh leo an uaimh a fháil ar ais. Ar dtús, scairt sé ar an bhéar, lena aird a tharraingt. Chaith sé clocha

3

Léigh an sliocht seo agus freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a leanas ina dhiaidh. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, seans go bhfaighidh tú iad sa Ghluais ag deireadh an leabhráin.

Cara sa Choill

“A Pheilí,” arsa Airne i gcogar brónach. “Cá huair a bheidh siad ar ais?”

Aníos ó aibhleoga na tine d’amharc Peilí ar a dheirfiúr. “Gan mhoill,” ar

seisean léi agus fios maith aige gur bréag a bhí ann.

“Beimid ar ais roimh éirí na gréine amárach,” a dúirt a n-athair leo, ach bhí

an ghrian i ndiaidh éirí trí huaire ó shin agus ní raibh na tuismitheoirí ar ais.

Agus Peilí ag stánadh ar an tríú cloch, an ceann a leag sé amach d’éirí na

gréine an lae inniu, thiontaigh a ghoile le heagla. Uafás éigin a tharla lena

gcoinneáil ar shiúl chomh fada sin.

“Coimhéad an tine, a Pheilí,” an rud deireanach a dúirt a athair leis. “Agus

fan amach as an choill.” Thóg sé lansa agus a bhata agus shiúil sé cosnocht, é

féin agus a mháthair, síos cosán cúng na háille. Bhí an seansparán craicinn ina

raibh a chuid uirlisí gearrtha crochta faoina choim. Choimhéad Peilí agus Airne

orthu ó bhéal na huaimhe go dtí gur imigh siad as radharc isteach sa choill.

“Tá ocras orm agus tá mé fuar.” Bhí Airne ag gearán agus ag cur isteach ar

smaointe a dearthár. Bhí sé mall sa tráthnóna, agus oíche eile rompu leo féin.

Thosaigh sí a chrith nuair a nocht na scamaill as cúl na sléibhte thiar. Mhúch

siad solas na gréine a bhí ag lonrú ag barr na gcrann thíos sa choill. Bhí

tuilleadh fearthainne ar an bhealach. Ba é seo an tríú lá fliuch i ndiaidh a chéile.

Tharraing Airne craiceann an bhéir a mharaigh siad an fómhar roimhe sin go

teann thar a corp tanaí.

Tráthnóna mar seo a bhí ann nuair a thug an béar iarraidh an uaimh a ghabháil

do chodladh fada an gheimhridh. Ní raibh fágtha den tine ach dornán aibhleoga

agus chuaigh an teaghlach isteach sa choill a chruinniú adhmaid don tine.

Bhí siad ar a mbealach ar ais chun na huaimhe nuair a chonaic Peilí an béar.

Bhí sé ina shuí ar a ghogaide ag béal na huaimhe, gan aird aige ar an tine lag.

Mar gheall ar a gcrúba fíochmhara agus ar a láidreacht, ní bhíonn eagla ar na

béir roimh rud ar bith.

1

5

10

15

20

25

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 4: Teist Ilrogha Gaeilge...4 Clisteacht agus crógacht a n-athar a chuidigh leo an uaimh a fháil ar ais. Ar dtús, scairt sé ar an bhéar, lena aird a tharraingt. Chaith sé clocha

4

Clisteacht agus crógacht a n-athar a chuidigh leo an uaimh a fháil ar ais. Ar

dtús, scairt sé ar an bhéar, lena aird a tharraingt. Chaith sé clocha leis go dtí

gur bhúir sé le fearg, agus ansin theith sé ar ais sa choill agus an béar sa tóir

air. Mheall sé i dtreo poill é a bhí tochailte acu le torc allta a cheapadh, agus

rith sé go héadrom thar na bataí a bhí á chlúdach. Ón taobh thall, scairt sé air

agus chaith sé tuilleadh cloch.

Thug an béar ruathair faoi! Bhris a mheáchan trom trí na bataí laga agus

isteach leis sa pholl. Ansin, sháigh an t-athair agus an mháthair agus Peilí an

beithíoch le lansaí agus le sleánna go dtí go bhfuair sé bás.

“Is trua gur imigh mo mháthair agus m’athair.” Bhí Airne ag gearán go fóill.

“Ní raibh siad ag iarraidh imeacht,” a d’inis Peilí di arís. Cá mhéad uair a bhí

sin ráite aige? “Chuaigh siad a sheilg cionn is go gcaithfimid feoil a bheith

againn.”

“Ach cad chuige a ndeachaigh siad chomh fada sin ón bhaile?”

“Cionn is nach fiú bheith ag seilg san áit seo. Sin mar atá ó bhí an samhradh

ann. Tá a fhios agat go raibh muid stiúgtha leis an ocras.” Smaoinigh sé ar an

choinín agus ar an charn beag cnónna agus caor a bhí le hithe acu go

bhfillfeadh na tuismitheoirí. Ní raibh fágtha anois ach cnámha an choinín.

Níorbh iontas ar bith é go raibh ocras orthu.

“Cad chuige nár thug siad leo muid?”

“Tá a fhios agat cad chuige!” Bhí Peilí ag éirí mífhoighneach. Ach, nuair a

tharraing Airne a cos siar as radharc faoi chraiceann an bhéir, tháinig náire air.

Bhí fuath aici ar a cos. Bhí sí ní ba lú ná an leathchos eile, agus ní raibh sí

ábalta a ladhracha a lúbadh mar is ceart. Bhí sí bacach. Ní bheadh sí ábalta

gluaiseacht chomh gasta le daoine eile ar thuras fada.

30

35

40

45

50

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 5: Teist Ilrogha Gaeilge...4 Clisteacht agus crógacht a n-athar a chuidigh leo an uaimh a fháil ar ais. Ar dtús, scairt sé ar an bhéar, lena aird a tharraingt. Chaith sé clocha

5

Freagair na ceisteanna seo le do thoil. Amharc ar an sliocht arís más gá. Ba chóir duit an freagra is fearr a roghnú agus é a mharcáil ar do leathanach freagraí.

Cá mhéad uair a d’éirigh an ghrian ó d’imigh na tuismitheoirí? A éirí na gréine amháin

B trí éirí na gréine

C cúig éirí na gréine

D seacht éirí na gréine

E deich éirí na gréine Cén dá rud a d’inis a athair do Pheilí sular imigh sé? A an tine a choimhéad agus gan dul isteach sa choill

B fanacht tirim agus an tine a mhúchadh

C aire a thabhairt don choinín agus an uaimh a ghlanadh

D dul isteach sa choill agus torc a mharú

E rith ar shiúl má thagann béar Cá mhéad lá fliuch a bhí acu i ndiaidh a chéile? A ceann amháin

B dhá cheann

C trí cinn

D ceithre cinn

E cúig cinn Cá huair a mharaigh siad an béar? A an fómhar roimhe sin

B an geimhreadh roimhe sin

C an t-earrach roimhe sin

D an samhradh roimhe sin

E dhá bhliain roimhe sin

1

2

3

4

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 6: Teist Ilrogha Gaeilge...4 Clisteacht agus crógacht a n-athar a chuidigh leo an uaimh a fháil ar ais. Ar dtús, scairt sé ar an bhéar, lena aird a tharraingt. Chaith sé clocha

6

Cad chuige a ndeachaigh an béar isteach san uaimh? A le codladh fada an gheimhridh a dhéanamh

B le codladh oíche a chur isteach

C le mil a fháil

D le dul i bhfolach ó shealgairí

E le teas a fháil ón tine Cad é mar a cheap siad an béar? A chaith siad é suas le rópaí

B bhuail siad é ar an chloigeann nuair a bhí sé ina chodladh

C scanraigh siad é le tine

D thit sé isteach i bpoll i ndiaidh dó dul sa tóir ar athair Pheilí

E bhí a chos gafa i bhfonsa rópa agus tógadh san aer bunoscionn é Cad é an míchumas atá ar Airne? A tá sí dall

B tá cos amháin aici atá níos lú ná an chos eile

C tá sí bodhar

D tá lámh amháin aici atá níos lú ná an lámh eile

E tá sí banbh Cad is ciall leis an fhrása ‘stiúgtha leis an ocras’ ar líne 43? A ocras an domhain a bheith ort

B gan a bheith ocrach a thuilleadh

C giota beag ocrais a bheith ort

D dul ar aghaidh ag ithe cé go bhfuil tú lán

E do sháith de bhia a bheith ite agat

5

6

7

8

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 7: Teist Ilrogha Gaeilge...4 Clisteacht agus crógacht a n-athar a chuidigh leo an uaimh a fháil ar ais. Ar dtús, scairt sé ar an bhéar, lena aird a tharraingt. Chaith sé clocha

7

Cén dá ainmfhocal ar líne 21? A mar agus an

B seo agus nuair

C béar agus uaimh

D thug agus gabháil

E tráthnóna agus bhí Cé acu na briathra ar líne 16? A chrith agus scamall

B thosaigh agus mhúch

C nocht agus cúl

D sí agus as

E sléibhte agus thar

9

10

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 8: Teist Ilrogha Gaeilge...4 Clisteacht agus crógacht a n-athar a chuidigh leo an uaimh a fháil ar ais. Ar dtús, scairt sé ar an bhéar, lena aird a tharraingt. Chaith sé clocha

8

Tá meancóga litrithe sa sliocht seo. Ar gach líne uimhrithe tá meancóg amháin ann nó níl meancóg ar bith ann. Aimsigh an grúpa focal leis an mheancóg ann agus marcáil a litir ar do leathanach freagraí. Muna bhfuil meancóg ar bith ann, roghnaigh N ar do leathanach freagraí.

Obair Bhaile

Ní rud maith é obair bhaile, dar liom. B’fhearr liom am a chaitheamh ag súgrú le mo chairde. Go deimhin, le linn am scoile, ní bhíonn an sos nó an lón fada go leabhar le bheith ag súgradh agus ag caint, dá bharr sin is é an t-am saor sa bhaile an t-am is fear le bualadh le cairde agus rudaí a ghlacadh go bog. Tá sé tábhachtach scileanna sóisialta a fhorbairt agus ní bheidh tú ábatla sin a dhéanamh má chaithean tú cuid mhór ama i ndiaidh scoile ag déanamh obair bhalla. Nach mbeadh sé níos fearr d’am taobh amuigh den scoil a chaitheamh ag foghlaim scileanna eile, karaté, piel nó pianó mar shampla. Is minic a bhím tuirseach traochta inné dom lá a chaitheamh ar scoil, sílim go mbeinn ábalta níos mó a fhoghlaim ar scoil dá mbeadh sos agam an ithe roimh ré?

11 A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

12

13

14

15

16

17

18

19

20

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 9: Teist Ilrogha Gaeilge...4 Clisteacht agus crógacht a n-athar a chuidigh leo an uaimh a fháil ar ais. Ar dtús, scairt sé ar an bhéar, lena aird a tharraingt. Chaith sé clocha

9

Léigh an sliocht seo agus freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a leanas ina dhiaidh. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, seans go bhfaighidh tú iad sa Ghluais ag deireadh an leabhráin.

An tSean-Ghréig

Intreoir

Tugtar ‘áit bhreithe shibhialtacht an Iarthair’ ar an tSean-Ghréig. Bhí sí i mbun a

réime idir 2000BC agus 146BC. Chruthaigh na Gréagaigh modh maireachtála a

raibh meas ag daoine eile ann agus a chóipeáil siad. Tá tionchar na Sean-

Ghréige le mothú go fóill sa lá atá inniu ann.

Tíreolas

Chónaigh na Sean-Ghréagaigh sa tír a dtugaimid an Ghréig uirthi anois agus

sna tíortha a dtugaimid an Bhulgáir agus Turcaí orthu anois. Thug siad a modh

maireachtála chuig cuid mhór áiteanna nuair a chuaigh siad amach ar an

fharraige le trádáil agus le teacht ar thalaimh nua. Bhí Gréagaigh san Iodáil, sa

tSicil, san Afraic Thuaidh agus san Fhrainc fosta.

Stáit Chathrach

Ní hé go raibh tír amháin ann darb ainm ‘An tSean-Ghréig’. Bhí an tSean-

Ghréig scartha ina chuid mhór stát beag darb ainm ‘stáit chathrach’. Bhí a

dhlíthe, rialtas agus airgead féin ag gach stát ach labhair na stáit chathrach uilig

an teanga chéanna agus bhí an reiligiún céanna acu. B’iad an dá stát

chathrach is mó tábhacht ná an Aithin agus Sparta. In amanna, throid na stáit

chathrach in éadan a chéile, ach tháinig siad le chéile nuair a bhí siad ag troid

na naimhde is mó s’acu, Impireacht na Péirse.

Daonlathas

Chruthaigh na Sean-Ghréagaigh an daonlathas, a chiallaíonn ‘rialtas ag na

daoine’. Tá rialtas daonlathach againn in Éirinn inniu. Thosaigh an nós seo san

Aithin nuair a bhí ar gach saoránach bheith sásta páirt a ghlacadh i rialú a

gcathrach. Gach bliain, bhí ar 500 saoránach feidhmiú mar reachtóirí na Sean-

Aithne. Bhí ar gach saoránach na hAithne vótáil ar dhlí nua ar bith a chum an

1

5

10

15

20

25

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 10: Teist Ilrogha Gaeilge...4 Clisteacht agus crógacht a n-athar a chuidigh leo an uaimh a fháil ar ais. Ar dtús, scairt sé ar an bhéar, lena aird a tharraingt. Chaith sé clocha

10

grúpa de 500 saoránach seo. Níor shaoránaigh iad na mná, páistí nó

sclábhaithe agus ní raibh cead acu vótáil.

An Maratón

I 490BC, rith teachtaire darb ainm Phidippides ón Aithin go dtí Sparta le cuidiú a

iarraidh uathu in éadan na Peirseach go díreach roimh Chath Mharatón. I 1896,

an bhliain de na chéad Chluichí Oilimpeacha nua-aimseartha, shocraigh siad ar

rás a reáchtáil ag comóradh rith cáiliúil 25 míle (40.2 km) de chuid Phidippides.

Tugadh an ‘maratón’ ar an rás mar gheall ar thús-phointe an teachtaire.

An Aibítir

Bhí ról tábhachtach ag na Sean-Ghréagaigh ag forbairt na haibítre. Ba é aibítir

na Gréige an chéad aibítir ina raibh gutaí. Tugann an chéad dá litir d’aibítir na

Gréige, alpha agus beta, an focal ‘alphabet’ dúinn i mBéarla.

Freagair na ceisteanna seo le do thoil. Amharc ar an sliocht arís más gá. Ba chóir duit an freagra is fearr a roghnú agus é a mharcáil ar do leathanach freagraí.

Cá huair a bhí an tsean-Ghréig i mbun a réime? A idir 2000BC agus 146BC

B idir 1000BC agus 146BC

C idir 200BC agus 146BC

D idir 1500BC agus 146BC

E idir 2000BC agus 1460BC Cad é an rud a bhí i gcoitianta ag na stáit chathrach? A an cineál céanna airgid

B dlithe céanna

C an teanga chéanna

D rith siad uilig maratóin

E an rialtas céanna

21

22

30

35

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 11: Teist Ilrogha Gaeilge...4 Clisteacht agus crógacht a n-athar a chuidigh leo an uaimh a fháil ar ais. Ar dtús, scairt sé ar an bhéar, lena aird a tharraingt. Chaith sé clocha

11

Cérbh iad na naimhde is mó s’acu? A Sparta

B Sean-Aithin

C can Bhulgair agus an Tuirc

D Imipireacht na Péirse

E Maratón Cén bealach ar rith Phidippedes? A ón Aithin go dtí Sparta

B ón Phéirse go dtí Maratón

C ó Mharatón go dtí an Phéirse

D ó Sparta chuig Aithin

E ón Aithin go dtí an Phéirse Cá mhéad saoránach a bhíodh ag feidhmiú mar rialtas sa tSean-Aithin A 500

B 2000

C 146

D 200

E 25 Tugtar ‘maratón’ ar rás 25 míle mar A is achar an-fhada é.

B rith an teachtaire 25 míle roimh chath Maratón.

C sin an t-ainm a thug Phidippedes air.

D gurb é ‘maratón’ an Ghréigis ar rás fada.

E gur sin an fad a bhí le taistil ag na Gréigigh don Chath Maratón.

23

24

25

26

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 12: Teist Ilrogha Gaeilge...4 Clisteacht agus crógacht a n-athar a chuidigh leo an uaimh a fháil ar ais. Ar dtús, scairt sé ar an bhéar, lena aird a tharraingt. Chaith sé clocha

12

Bhí aibítir na Gréige A déanta le dhá litir, alpha agus beta.

B déanta le gutaí amháin.

C déanta le dhá ghuta.

D ar an chéad aibítir a d’úsáid gutaí.

E ar an chéad aibítir ar an domhan. Cérbh iad na daoine a raibh cead vótála acu sa tSean-Ghréig? A mná

B mná

C páistí

D fir

E gach duine Cé acu focal ó pharagraf 1 a chiallaíonn ‘ag dul i bhfeidhm ar’? A modh

B maireachtála

C réime

D shibhialtacht

E tionchar Cad is ciall leis an fhocal ‘comóradh’ ar líne 32? A magadh

B cóipeáil

C dul i bhfeidhm ar

D ceiliúradh

E tabhairt amach faoi

27

28

29

30

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 13: Teist Ilrogha Gaeilge...4 Clisteacht agus crógacht a n-athar a chuidigh leo an uaimh a fháil ar ais. Ar dtús, scairt sé ar an bhéar, lena aird a tharraingt. Chaith sé clocha

13

Cé acu an aidiacht dhílis ar líne 31? A chluichí

B chéad

C Oilimpeacha

D bhliain

E shocraigh Cén sórt focail é ‘nua’ ar líne 10? A ainmfhocal

B aidiacht

C forainm

D briathar

E réamhfhocal Cén sórt focal iad Iodáil, Sicil, Afraic agus Frainc ar líne 10? A ainmfhocail

B forainmneacha

C aidiachtaí dílse

D aidiachtaí

E ainmfhocail dhílse Cé acu na focail le fléiscín i bparagraf 1? A bun réime

B daoine eile

C sean-Ghréig

D modh maireachtála

E go fóill

32

33

34

31

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 14: Teist Ilrogha Gaeilge...4 Clisteacht agus crógacht a n-athar a chuidigh leo an uaimh a fháil ar ais. Ar dtús, scairt sé ar an bhéar, lena aird a tharraingt. Chaith sé clocha

14

Sa sliocht seo tá meancóga ann le ceannlitreacha agus poncaíochta. Ar gach líne uimhreacha tá meancóg amháin ann nó níl meancóg ar bith ann. Aimsigh an grúpa focal leis an mheancóg ann agus marcáil a litir ar do leathanach freagraí. Muna bhfuil meancóg ar bith ann, roghnaigh N ar do leathanach freagraí.

Bolcáin

Tá bolcáin ann ar fud na cruinne agus “tá cuid acu ciúin agus cuid eile gníomhach, Tá bolcáin ann nach mbrúchtfaidh choíche arís. Tá siad imithe in éag nó marbh. Bíonn roinnt bolcán ina suan. D’eir muid go bhfuil siad suanach agus go dtiocfadh leo. múscailt in am ar bith. Tá roinnt bolcán atá gníomhach agus deirimid gur bholcáin bheo iad seo. bíonn siad ag dorsán agus ag tormáil i rith ama agus bíonn i gcónaí baol ann go mbrúchtfaidh siad arís. Tugtar magma, ar an charraig dhearglasta a bhíonn ina luí thíos faoi bholcán agus tugtar laibhe ar an charraig dhearglasta a bhrúchtar amach as an bholcán?

35 A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

A B C D

36

37

38

39

40

41

42

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 15: Teist Ilrogha Gaeilge...4 Clisteacht agus crógacht a n-athar a chuidigh leo an uaimh a fháil ar ais. Ar dtús, scairt sé ar an bhéar, lena aird a tharraingt. Chaith sé clocha

15

Léigh an sliocht seo agus freagair na ceisteanna ar na leathanaigh a leanas ina dhiaidh. Má tá focail ar bith ann nach dtuigeann tú, seans go bhfaighidh tú iad sa Ghluais ag deireadh an leabhráin.

Bréan den Bhraon

“Ní chreidim seo! Tá sé ag cur fearthainne go fóill!” Chuimil Seosamh a shúile

agus bhuail sé an cheannadhairt. “Níl sé cothrom!”

Lá breithe Sheosaimh a bhí ann agus bhí an teaghlach ag dul ar phicnic sa

pháirc cois na habhann. Ach, dhá lá ó shin, thosaigh sé a chur.

“Beidh an fhearthainn thart roimh an mhaidin,” arsa a athair nuair a bhí

Seosamh ag dul a luí.

Bhí an mhaidin ann anois, agus bhí sé ag cur go fóill – go trom. Bhí an

fhearthainn ag bualadh ar an díon agus ag dul síos na draenacha. Bhí an

fhearthainn ag titim ar na crainn agus ag sileadh de na duilleoga. Fearthainn,

fearthainn agus tuilleadh fearthainne…

Rith Seosamh isteach sa chistin agus é ag gearán. “A mhamaí, tá sé ag cur

fearthainne go fóill!”

“Tá, cinnte,” arsa a mháthair. “Nár chuala tú aréir í? Amharc amach ar an

fhuinneog go bhfeicfidh tú.”

Bhí an gairdín beagnach faoi uisce. “Amharc sin!” arsa Seosamh. Ansin

chuimhnigh sé. “Cad é a dhéanfaidh muid faoin phicnic?” ar seisean agus

díomá air. “Dúirt daidí go mbeadh gach rud i gceart.”

“A Sheosaimh, a stór, níl neart ag d’athair ar an aimsir,” arsa mamaí agus í

ag gáire. Thug sí barróg dó. “Ní dhearna muid dearmad. Lá breithe sona duit.

Is gasúr mór anois tú: deich mbliana d’aois. Éist, ní bheidh picnic ar bith againn

san aimsir seo ach déanfaidh muid rud éigin eile. Idir an dá linn, an mbeidh

bricfeasta agat?”

“Tá mise ag ithe calóga arbhair,” arsa Antain, deartháir beag Sheosaimh a

bhí ina shuí ag an tábla cheana féin.

“Beidh calóga arbhair agamsa fosta,” arsa Seosamh. “Cá bhfuil daidí? An

bhfuil sé ina chodladh?”

“Níl, leoga!” arsa mamaí. “D’imigh sé amach go luath le cuidiú leis na

Dochartaigh na hainmhithe a bhogadh ar eagla go mbeadh tuile ann. Tá do

dheirfiúracha leis. Tabharfaimid do bhronntanais duit nuair a thiocfaidh siad ar

ais.”

1

5

10

15

20

25

30

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 16: Teist Ilrogha Gaeilge...4 Clisteacht agus crógacht a n-athar a chuidigh leo an uaimh a fháil ar ais. Ar dtús, scairt sé ar an bhéar, lena aird a tharraingt. Chaith sé clocha

16

Nuair a bhí an bricfeasta ite acu, sheas Seosamh agus Antain sa vearanda

ag amharc ar an fhearthainn.

Ní sruthán a bhí in aice leis an sconsa anois ach abhainn mhór dhonn. Bhí

an gairdín clúdaithe ar fad agus bhí an t-uisce ag lapadaíl ag doras an bhotháin.

“Tá súil agam go mbeidh tuile cheart ann, tuile mar a fheiceann tú ar an

teilifís,” arsa Seosamh le hAntain.

“A Sheosaimh,” a scairt a mháthair, “cuir ort do chuid éadaigh. B’fhéidir go

mbeadh uisce tríd an teach againn. Caithfimid rudaí a chur in áit níos airde sa

dóigh is nach n-éireoidh siad fliuch. Beidh ort féin agus ar Antain cuidiú liom.”

“Ceart go leor, cad é a dhéanfaimid?” arsa Seosamh.

“Ar dtús, tarraingeoimid na tarraiceáin ísle ar fad amach agus cuirfimid suas

ar an tábla iad. Ba chóir dúinn an stuif atá ar urlár na cistine a chur i mboscaí

agus a iompar suas staighre. Beidh orainn gach rud atá ar an urlár a thógáil nó

beidh siad scriosta. Ach caithfimid deifir a dhéanamh, ceart go leor?”

“An síleann tú go dtiocfaidh an t-uisce isteach sa teach, a mhamaí,” a

d’fhiafraigh Antain nuair a bhí siad tamall ag obair.

Dhírigh mamaí í féin agus d’amharc sí air. “Tá súil agam nach dtiocfaidh, a

thaisce, ach tá an t-uisce ag éirí domhain go leor amuigh ansin. An rachaimid

amach go bhfeicfimid?”

Sheas siad ar an vearanda ag amharc ar an fhearthainn. Bhí an áit

pháirceála agus na cosáin faoi uisce agus bhí an bothán gairdín ina oileán. Ní

raibh siad cinnte cá háit a raibh a sruthán mar bhí an gairdín ar fad clúdaithe in

uisce.

Nach mbeadh sé go breá dul a shnámh ann, arsa Seosamh leis féin.

“Beidh orainn tuáillí a rolladh suas agus a chur ag bun na ndoirse sa dóigh is

nach dtiocfaidh an t-uisce isteach.” Bhí mamaí ag amharc ar an uisce ag

lapadaíl ar an chéim ag an doras tosaigh. “Ansin beidh orainn…” Thóg sí a

ceann go tobann. “Cad é an callán sin?”

Thar bualadh na fearthainne chuala siad callán an-ard, toirneach a bhí ann.

D’amharc mamaí ar an chnoc bheag a bhí taobh leis an sruthán ar chúl an tí.

“Isteach sa teach libh go gasta,” a scairt sí agus dhruid sí an doras de phlab.

Chonaic Seosamh brat clábair agus uisce agus é ag sleamhnú anuas an

cnoc ina dtreo.

35

40

45

50

55

60

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 17: Teist Ilrogha Gaeilge...4 Clisteacht agus crógacht a n-athar a chuidigh leo an uaimh a fháil ar ais. Ar dtús, scairt sé ar an bhéar, lena aird a tharraingt. Chaith sé clocha

17

Freagair na ceisteanna seo le do thoil. Amharc ar an sliocht arís más gá. Ba chóir duit an freagra is fearr a roghnú agus é a mharcáil ar do leathanach freagraí.

Cén lá speisialta a bhí ann? A lá breithe Sheosaimh

B an Nollaig

C an Cháisc

D Oíche Shamhna

E Lá Fhéile Pádraig Cad chuige nach mbeadh siad ábalta dul ar phicnic? A bhí sé rófhuar

B bhí sé róthe

C bhí sé rófhliuch

D bhí sé róthirim

E bhí sé rógheal Cad é mar a mhothaigh Seosamh faoin drochaimsir ar a bhreithlá? A ba chuma leis

B bhí díomá air

C bhí sé sona sásta

D bhí sé ar nós cuma liom

E bhí sé thar a bheith sásta Cad chuige ar imigh daidí amach go luath? A le cuidiú leis an bhaicéir áitiúil

B le cuidiú le feirmeoir áitiúil

C le cuidiú leis na múinteoirí sa scoil

D le socruithe a dhéanamh don phicnic

E le traenáil a dhéanamh don mharatón

43

44

45

46

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 18: Teist Ilrogha Gaeilge...4 Clisteacht agus crógacht a n-athar a chuidigh leo an uaimh a fháil ar ais. Ar dtús, scairt sé ar an bhéar, lena aird a tharraingt. Chaith sé clocha

18

Cad é a bhí as bealach faoin ghairdín an mhaidin sin? A bhí cuid mhór froganna ann

B bhí bó ann

C bhí an féar rófhada

D bhí crann mór ag fás ann

E bhí sé faoi uisce Cad é an buaireamh a bhí ar mhamaí faoin teach an mhaidin sin? A go rachadh uisce isteach ann

B go mbeadh sé rófhuar

C nach mbeadh sé réidh in am don chóisir

D nach raibh calóga arbair ann

E go mbeadh an gairdín lán d’ainmhithe Cad é a ba mhaith le Seosamh a dhéanamh sa ghairdín? A bricfeasta a bheith aige ar an vearanda

B rith go gasta chuig an bhothán

C fáil réitithe den uisce don phicnic

D peil a imirt ann

E dul a shnámh ann Cad é a bhí mar chúis leis an challán an-ard? A bhí toirneach ann

B bhí sleamhnú clábair ann

C bhí timpiste cairr ann

D tháinig tuile mór uisce

E tháinig mótarbhád síos an abhainn

47

48

49

50

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 19: Teist Ilrogha Gaeilge...4 Clisteacht agus crógacht a n-athar a chuidigh leo an uaimh a fháil ar ais. Ar dtús, scairt sé ar an bhéar, lena aird a tharraingt. Chaith sé clocha

19

Cé acu an t-ainmfhocal dílis ar líne 28? A hainmhithe

B bhogadh

C Dochartaigh

D eagla

E tuile Cé acu an aidiacht ar líne 20? A gasúr

B mbliana

C picnic

D againn

E mór Cé acu na forainmneacha ar líne 19? A ag agus dó

B gáire agus barróg

C sí agus muid

D dearmad agus dhearna

E ní agu slá Cad is ciall leis an fhocal ‘tuile’ ar líne 28? A barraíocht uisce ar an talamh

B éadach a úsáid le rudaí a thriomú suas

C scipéad a úsáidtear i siopa don airgead

D bata leictreachais a úsáidtear leis an ruaig a chur ar bha

E bataí a úsáidtear le rámhaíocht a dhéanamh i mbád

51

52

54

53

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 20: Teist Ilrogha Gaeilge...4 Clisteacht agus crógacht a n-athar a chuidigh leo an uaimh a fháil ar ais. Ar dtús, scairt sé ar an bhéar, lena aird a tharraingt. Chaith sé clocha

20

Cad is ciall leis an fhrása ‘níl neart ag d’athair ar an aimsir’ ar líne 18? A is fuath le daidí an aimsir

B tá daidí láidir sa drochaimsir

C níl na héadaí cearta ag daidí don aimsir

D ní thig le daidí an aimsir a athrú

E tá an aimsir ag cur isteach ar dhaidí

55

Gabh ar aghaidh chuig an chéad leathanach eile

Page 21: Teist Ilrogha Gaeilge...4 Clisteacht agus crógacht a n-athar a chuidigh leo an uaimh a fháil ar ais. Ar dtús, scairt sé ar an bhéar, lena aird a tharraingt. Chaith sé clocha

21

Ceisteanna Ginearálta

Leis na ceisteanna seo a fhreagairt, seans go mbeidh ort smaoineamh ar na sleachta atá léite agat. Amharc siar orthu más gá. Amharc ar an Chlár fosta ag tús an leabhráin agus ar an Innéacs, Gluais agus Leabharliosta ag deireadh an leabhráin más gá.

Cad é a thugtar ar fhoilseachán priontáilte a chuimsíonn leathanaigh fhillte gan stáplaí ina bhfuil nuacht agus ailt speisiúla A nuachtán B dialann

C litir D léarscáil Cén dóigh a dtig le duine an leabharliosta a úsáid? A le sainmhíniú a fháil ar fhocail chasta

B treoir a thabhairt don léitheoir ar leabhair eile ar an ábhar céanna

C treoir a thabhairt don léitheoir chuig codanna eile den leabhar céanna

D treoir a thabhairt don léitheoir do liosta leabhar a úsáideadh sa téacs Cad é an uimhir iolra den fhocal ‘crann’? A crannta B crannacha C crainn D cranndaí Cé acu a thugann an aimsir chaite de ‘faigh’ agus ‘ith’? A fháil agus ithe

B fuair agus d’ith

C faigheann agus itheann

D fuair agus d’íosfadh Sa cheist seo caithfidh tú an focal is fearr a roghnú leis an abairt a chomhlánú sa dóigh is go bhfuil ciall léi. Roghnaigh ceann amháin de na freagraí agus marcáil an litir ar do leathanach freagraí Thug sé bronntanas dubh dom dubhadh dódh ar mo bhreithlá.

56

57

58

59

60

DEIREADH NA TEISTE

A B C D

Page 22: Teist Ilrogha Gaeilge...4 Clisteacht agus crógacht a n-athar a chuidigh leo an uaimh a fháil ar ais. Ar dtús, scairt sé ar an bhéar, lena aird a tharraingt. Chaith sé clocha

22

Gluais aibhleoga na codanna atá lasta go fóill de thine atá

beagnach as

bacach gan a bheith ábalta siúl mar is ceart

comóradh ceiliúradh

cosnocht gan bhróga

lansa arm fada géar

mífhoighneach deacracht a bheith ag duine fanacht le rud

saoránach ball dleathach de stát

tionchar dul i bhfeidhm ar rud

tuile barraíocht uisce a bheith ar an talamh

uafás rud millteanach, an-olc ar fad

Leabharliosta Marie Gibson, Cara sa Choill, 2001

Teist Chleachta Gaeilge GL, Obair Bhaile, 2013

Teist Chleachta Gaeilge GL, An tSean-Ghréig, 2013

Sandra Iverson, Bolcáin, 1999

Joy Watson, Breithlá Báite, 2001

Innéacs Gréig lth. 9

magma lth. 13

muintir uaimhe lth. 3

obair bhaile lth. 8

tuile lth. 14

Page 23: Teist Ilrogha Gaeilge...4 Clisteacht agus crógacht a n-athar a chuidigh leo an uaimh a fháil ar ais. Ar dtús, scairt sé ar an bhéar, lena aird a tharraingt. Chaith sé clocha

23

Teist 40

Marcáil na boscaí le líne thanaí chothrománach mar seo: TOSAIGH ANSEO

54 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

55 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

48 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

33 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

34 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

26 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

27 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

Scór

1 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

2 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

3 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 4 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 5 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

6 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

7 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

8 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 9 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 10 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 11 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

12 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 13 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

14 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

15 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

16 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 17 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 18 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

19 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

20 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 21 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

22 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

23 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

24 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 25 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

28 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

29 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

30 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

31 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 32 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

35 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 36 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

37 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

38 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

39 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 40 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

41 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

42 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 43 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

44 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

45 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

46 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 47 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

49 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

50 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

51 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

52 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 53 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

56 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › 57 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › 58 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›

59 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›

60 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›

Leathanaigh 3 – 6

Leathanach 7 (Meancóga Litrithe)

Leathanaigh 8 – 12

Leathanach 13 (Meancóga Poncaíochta)

Leathanaigh 14 – 17

Leathanach 18 (Ceisteanna Ginearálta)

Ainm: ___________________

Dáta na Teiste: ________________

Dáta Breithe: ________________

Page 24: Teist Ilrogha Gaeilge...4 Clisteacht agus crógacht a n-athar a chuidigh leo an uaimh a fháil ar ais. Ar dtús, scairt sé ar an bhéar, lena aird a tharraingt. Chaith sé clocha

24

Teist Gaeilge 40 - Freagraí

54 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 55 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

48 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

33 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 34 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

26 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 27 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

1 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

2 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

3 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

4 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 5 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

6 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

7 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

8 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

9 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 10 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 11 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

12 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 13 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 14 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

15 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

16 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

17 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 18 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 19 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

20 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 21 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

22 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

23 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

24 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

25 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

28 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 29 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

30 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

31 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

32 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

35 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 36 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 37 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

38 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

39 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 40 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 41 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N ›

42 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ N › 43 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

44 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

45 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

46 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

47 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

49 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E › 50 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

51 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

52 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

53 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › ‹ E ›

56 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›

57 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › 58 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D › 59 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›

60 ‹ A › ‹ B › ‹ C › ‹ D ›

Leathanaigh 3 – 6

Leathanach 7 (Meancóga Litrithe)

Leathanaigh 8 – 12

Leathanach 13 (Meancóga Poncaíochta)

Leathanaigh 14 – 18

Leathanach 19 (Ceisteanna Ginearálta)

Page 25: Teist Ilrogha Gaeilge...4 Clisteacht agus crógacht a n-athar a chuidigh leo an uaimh a fháil ar ais. Ar dtús, scairt sé ar an bhéar, lena aird a tharraingt. Chaith sé clocha

25