STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030 · 2020. 9. 29. · Bhaile Átha Cliath, thar ceann...

30
STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030 Rialtas na hÉireann

Transcript of STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030 · 2020. 9. 29. · Bhaile Átha Cliath, thar ceann...

Page 1: STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030 · 2020. 9. 29. · Bhaile Átha Cliath, thar ceann an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Ó thaobh na Gaeltachta

STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE

2010 – 2030

Rialtas na hÉireann

Page 2: STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030 · 2020. 9. 29. · Bhaile Átha Cliath, thar ceann an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Ó thaobh na Gaeltachta

STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030

2

CLÁR

Lch.

1. An Fhís .....................................................................................................................................................................................................3

2. Comhthéacs Polasaí ..................................................................................................................................................................4

3. Straitéis Chéimnithe .................................................................................................................................................................8

4. Cuspóirí Sonracha .......................................................................................................................................................................9

5. Struchtúir Feidhmithe .........................................................................................................................................................10

6. Réimsí Gnímh: ..............................................................................................................................................................................11

6.1 Oideachas ..............................................................................................................................................................................11

6.2 An Ghaeltacht ..................................................................................................................................................................19

6.3 An Teaghlach ag Cur na Teanga ar Aghaidh – Idirghabháil go Luath................21

6.4 Riarachán, Seirbhísí agus Pobal .....................................................................................................................23

6.5 Na Meáin agus an Teicneolaíocht ...............................................................................................................26

6.6 Foclóirí ......................................................................................................................................................................................28

6.7 Reachtaíocht agus Stádas ....................................................................................................................................29

6.8 Saol Eacnamaíochta ...................................................................................................................................................29

6.9 Tionscnaimh Leathana ............................................................................................................................................30

Page 3: STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030 · 2020. 9. 29. · Bhaile Átha Cliath, thar ceann an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Ó thaobh na Gaeltachta

STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030

3

1. AN FHÍS

Ainneoin na gcéadta bliain de dhaoine a bheithag athrú ó Ghaeilge go Béarla, tá an Ghaeilgefós beo mar theanga bheo phobail i roinntáiteanna a d’fhan ina nGaeltacht agus tá cuidmhaith daoine lasmuigh den Ghaeltacht agúsáid na Gaeilge ó lá go lá.

Tá bláthú tagtha ar litríocht agus ar chineálachaeile ealaíon trí mheán na Gaeilge le céad bliainanuas, sa chaoi is gur teanga iomlán nua-aimseartha Eorpach í an Ghaeilge anois.

Is é aidhm pholasaí an Rialtais i leith na Gaeilgená úsáid agus eolas ar an nGaeilge a mhéadúmar theanga phobail ar bhonn céimiúil. Isaidhm ar leith de chuid an Rialtais é a chinntiúgo bhfuil an oiread saoránach agus is féidirdátheangach i nGaeilge agus i mBéarla. Tá séina dhlúthchuid de pholasaí an Rialtais i leith nateanga go ndéanfaí cúram agus soláthar ar leithdon teanga sa Ghaeltacht go háirithe ibhfianaise an taighde a léiríonn go bhfuilgéarchéim ann maidir le hinmharthanacht naGaeilge mar theanga phobail agus theaghlaighsa Ghaeltacht.

Is é aidhm pholasaí an Rialtais chomh maith:

• cur le méid na dteaghlach ar fud na tíre abhaineann úsáid as an nGaeilge mar theangachumarsáide laethúil;

• tacaíocht theangeolaíoch a sholáthar donGhaeltacht mar phobal labhartha Gaeilge athugann aitheantas do shainriachtanais nagceantar sin ina bhfuil an Ghaeilge martheanga phobail agus theaghlaigh;

• a chinntiú chomh fada agus is féidir gombeidh úsáid na Gaeilge nó an Bhéarla marrogha ag an saoránach i ndioscúrsa poiblíagus i seirbhísí poiblí agus de réir a chéile gondéanfaidh níos mó daoine ar fud an Stáitcinneadh a ngnó a dhéanamh trí mheán naGaeilge; agus

• a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge níosinfheicthe sa tsochaí againn, mar theangalabhartha ag ár gcuid saoránach mar aon lebheith le feiceáil ar chomharthaí agus ilitríocht.

Tá an Ghaeilge mar chuid de chultúr agusd’oidhreacht Thuaisceart Éireann agus tá curchun cinn agus cosaint na teanga ann marthosaíocht freisin ag an Rialtas.

Aithníonn an Rialtas an buntáiste mór freisin dágcuid saoránach líofacht Béarla a bheith acu, anteanga is mó úsáide i ngnóthaí idirnáisiúnta.Geallann an Rialtas go gcinnteoidh siad gogcoinneofar an buntáiste seo trí shochaídhátheangach a fhorbairt ina mbeidh an oireaddaoine agus is féidir in ann Gaeilge agus Béarlaa úsáid chomh héasca le chéile. Aithníonn anRialtas chomh maith, áfach, na riachtanais arleith atá ag an nGaeltacht mar cheantar sainiúilteanga agus sa chomhthéacs sin aithnítear nachi gcónaí a oireann polasaí dátheangach docheantair Ghaeltachta.

Siúd agus gur príomhfhócas den Straitéis seoseasamh na Gaeilge sa chóras oideachais aneartú, tá an-tábhacht leis an nGaeilge martheanga bheo a chur ar aghaidh laistigh denteaghlach agus idir na glúine. Is é an cur chuigeforiomlán atá againn creat oibre tacúil achruthú agus deiseanna a chruthú trínabhféadfar an Ghaeilge a chur chun cinn arbhealach nádúrtha laistigh de líonta tí agus dephobail. Tá tábhacht nach beag ag baint leis seoi gcomhthéacs na Gaeltachta.

Braitheann an méid atá i ndán don teanga ardhaoine a roghnóidh go cinnte leas a bhaint asna deiseanna a chruthóidh an Straitéis seo. Sin éan dúshlán atá amach romhainn ar fad.

Page 4: STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030 · 2020. 9. 29. · Bhaile Átha Cliath, thar ceann an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Ó thaobh na Gaeltachta

STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030

4

Luaitear an méid seo a leanas in airteagal 8 deBhunreacht na hÉireann:

“Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is ían phríomhtheanga oifigiúil í.”

D’eascair an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge seoas an stádas atá ag an teanga sa Bhunreachtagus tógtar ar Ráiteas an Rialtais i leith naGaeilge1 a foilsíodh i mí na Nollag 2006.Dhearbhaigh an Ráiteas tacaíocht an Rialtaisd’fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge agusna Gaeltachta agus leag sé amach 13 cuspóir óthaobh polasaí maidir leis sin:

Cuspóir 1: Seasfar leis an stádas faoi leith atáag an nGaeilge sa Bhunreacht agus i ndlíthena tíre ar nós Acht na dTeangacha Oifigiúla2003, an tAcht Oideachais 1998, an tAcht umPleanáil agus Forbairt 2000 agus an tAchtCraolacháin 20012.

Cuspóir 2: Cuirfear Acht na dTeangachaOifigiúla i bhfeidhm go hiomlán. Forbrófarcearta an phobail an Ghaeilge a úsáid agusiad ag plé leis an Stát agus le dreamanna eileagus déanfar socruithe cuí chun é seo a chur ibhfeidhm.

Cuspóir 3: Tabharfar spreagadh agustacaíocht do phobal na Gaeilge sa Ghaeltachtagus lasmuigh di, an Ghaeilge a thabhairtdon chéad ghlúin eile mar theangatheaghlaigh. Chuige sin, cuirfear réimseleathan seirbhísí ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Cuspóir 4: Tabharfar tacaíocht ar leith donGhaeltacht mar cheantar labhartha Gaeilge.

Cuspóir 5: Déanfar an Ghaeilge a theagascmar ábhar riachtanach ó leibhéal na bunscoilego leibhéal na hArdteistiméireachta. Cuirfidhan curaclam ar chumas na ndaltaí an Ghaeilgea labhairt agus a scríobh go cruinn, chomhmaith le tuiscint a thabhairt dóibh ar fhiúntasna teanga dúinn mar phobal. Chun na crícheseo, déanfar infheistíocht fheabhsaithe ibhforbairt phroifisiúnta agus i dtacaíochtleanúnach do mhúinteoirí mar aon le isoláthar téacsleabhar agus acmhainní, agus idtacaíocht do mhodhanna nuálacha teagaiscagus foghlama.

Cuspóir 6: Cuirfear oideachas lán-Ghaeilge arardchaighdeán ar fáil do dhaltaí scoile arb émian a dtuismitheoirí/gcaomhnóirí é. Leanfarleis an tacaíocht do ghaelscoileanna ag leibhéalna bunscoile agus déanfar forbairt ar sholátharlán-Ghaeilge ag leibhéal na hiarbhunscoilechun freastal ar éileamh de réir mar is gá.

Cuspóir 7: Leanfar leis an tacaíocht a thugtardon réamhscolaíocht Ghaeilge agus déanfarbreis forbartha ar an gcóras oideachais tríúleibhéal trí mheán na Gaeilge.

Cuspóir 8: Leanfar leis an tacaíocht a thugannan Stát d’Fhoras na Gaeilge de réir an Achta umChomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999.

Cuspóir 9: Déanfar cinnte de go bhfuil seirbhísícuimsitheacha craolacháin ar ardchaighdeán arfáil trí mheán na Gaeilge, go mór mhór trífhorbairt leanúnach a dhéanamh ar RTÉ, arRaidió na Gaeltachta agus ar TG4.

Cuspóir 10: Tabharfar gach cúnamh agustacaíocht don Aontas Eorpach i bhfeidhmiúan chinnidh an Ghaeilge a bheith ina teangaoibre agus ina teanga oifigiúil san AE ón 1Eanáir 2007.

Cuspóir 11: Leanfar le treisiú na hoibre atá arbun ag an Roinn Gnóthaí Pobail,Comhionannais agus Gaeltachta agus ag nagníomhaireachtaí agus na comhlachtaí athagann faoina scáth chun an Ghaeilge a churchun cinn go náisiúnta agus chun í achaomhnú agus a threisiú sa Ghaeltacht.

Cuspóir 12: Leanfar agus déanfar forbairt arúsáid na Gaeilge sa Gharda Síochána agus snaFórsaí Cosanta.

Cuspóir 13: Aithníonn an Rialtas an rólfíorthábhachtach atá ag an earnáil dheonachGhaeilge agus leanfar ag tabhairt tacaíochta di.

Is aidhm de chuid an Rialtais é freisin tacú le curchun cinn agus le teagasc na Gaeilge thar lear,tríd an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus an RoinnGnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta.Tá béim faoi leith curtha ar thacaíocht athabhairt do mhúineadh na Gaeilge i gcoláistítríú leibhéal i roinnt tíortha éagsúla.

2. COMHTHÉACS POLASAÍ

1. http://www.pobail.ie/ie/AnGhaeilge/RaiteasileithnaGaeilge2006/

2. Acht Craolacháin 2009 anois

Page 5: STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030 · 2020. 9. 29. · Bhaile Átha Cliath, thar ceann an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Ó thaobh na Gaeltachta

STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030

5

Tríd is tríd mar sin is gnéithe de chomhthéacsnua-aimseartha na Gaeilge na nithe seo aleanas:

• Is Stát dátheangach í Éire inarb í an Ghaeilgean chéad teanga oifigiúil de réir airteagal 8de Bhunreacht na hÉireann;

• Is í an Ghaeilge an teanga labhartha litearthais ársa san Eoraip i gcomhthéacs ár n-oidhreachta Eorpaí;

• De réir Dhaonáireamh 2006, tá cumas áiritheag 42% de dhaonra na hÉireann an Ghaeilgea labhairt - is ionann sin agus thart ar 1.66milliún duine in aois na 3 bliana nó os achionn as daonra cónaitheach iomlán de thartar 4.2 milliún;

• Is í an Ghaeilge an phríomhtheanga phobailagus theaghlaigh de 3% de dhaonra na tíre;

• De réir suirbhéanna agus pobalbhreitheannacreideann an chuid is mó den daonra gombaineann tábhacht faoi leith leis annGaeilge óna dtaobh féin go pearsantaagus/nó don tír tríd is tríd; agus

• Tugadh stádas teanga oifigiúil agus teangaoibre ag leibhéal an AE don Ghaeilge lehéifeacht ón 1 Eanáir 2007.

Sa Straitéis seo, déantar iarracht cur leis angcomhthéacs agus leis na haidhmeannathuasluaite trí shraith réimsí a ngníomhófaí inaleith a leagan amach le leas a dhéanamh donteanga agus don Ghaeltacht as seo go ceann 20bliain. Creideann an Rialtas go mbaineanntábhacht faoi leith leis an nGaeilge do mhuintir,do shochaí agus do chultúr na hÉireann. Martheanga labhartha phobail, is leis an tír seoamháin a bhaineann an Ghaeilge agus mar sintá fíorthábhacht léi ó thaobh fhéiniúlachtmhuintir na hÉireann agus ó thaobh oidhreachtdhomhanda. Sa chomhthéacs seo, tá tábhachtar leith ag baint le caomhnú agus cur chun cinnna Gaeilge sa Ghaeltacht ar mhaithe lehoidhreacht, cultúr agus saíocht na teanga achaomhnú agus a chosaint sna háiteanna sin inabhfuil sí fós mar theanga phobail agustheaghlaigh. Aithnítear chomh maith gogcuireann stádas na Gaeilge mar theangaphobail sa Ghaeltacht le cuspóir na Straitéiseúsáid na Gaeilge a leathnú ar bhonn náisiúnta.

Mar bhonntaca leis an Straitéis tá anailís3 ar angcaoi a bhfuil an Ghaeilge, anailís a rinnemeitheal de chomhairleoirí idirnáisiúnta, abhfuil saineolas acu ó thaobh ceisteannateanga, faoi stiúir Fiontar in Ollscoil ChathairBhaile Átha Cliath, thar ceann an Aire GnóthaíPobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Óthaobh na Gaeltachta de, tá aird á tabhairt saStraitéis ar na moltaí a rinneadh sa StaidéarCuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilgesa Ghaeltacht4, a rinne Acadamh nahOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann,Gaillimh thar ceann an Aire Gnóthaí Pobail,Comhionannais agus Gaeltachta.

Tugtar aird sa Straitéis freisin ar staidéar a rinnean tAthair Micheál Mac Gréil agus FergalRhatigan de chuid na Roinne Socheolaíochta inOllscoil na hÉireann, Má Nuad ar Attitudestowards Competence in and Use of the IrishLanguage 2007-2008. Léirítear sa staidéar gurfhan dearcthaí dearfacha agus dea-thoil i ndáilleis an nGaeilge ag leibhéil an-ard ó rinne an t-údar staidéir roimhe sin sa bhliain 1973(Prejudice and Tolerance In Ireland) agus sabhliain 1996 (Prejudice in Ireland Revisited).Léiríonn na torthaí tacaíocht ollmhór dochaomhnú na Gaeilge: tá 52.5% ag iarraidh gogcaomhnófaí an Ghaeilge sa Ghaeltacht agus gondéanfaí í a athbheochan lena húsáid snahealaíona agus sa chultúr lasmuigh denGhaeltacht, agus tá 40.9% ag iarraidh gondéanfaí an teanga a athbheochan chun críochapoiblí ar fud an Stáit.

Léargais Idirnáisiúnta

Aithnítear go hidirnáisiúnta an fiúntas abhaineann le héagsúlacht theangeolaíoch. Isiad teangacha na príomhuirlisí atá ag an duinele hidirghníomhú a dhéanamh agus le smaointe,mothúcháin, eolas, cuimhní agus luachanna achur in iúl. Déanann teangacha nathannacainte cultúrtha agus oidhreacht theibíchultúrtha a thabhairt leo freisin, ar nithe iad iscroí d’fhéiniúlacht an duine aonair agusd’fhéiniúlacht grúpaí. Tá ról tábhachtachteangacha ó thaobh léiriú agus tarchuroidhreachta cultúir aitheanta sa 2003 UNConvention for the Safeguarding of theIntangible Cultural Heritage5.

3. http://www.pobail.ie/ie/AnGhaeilge/

4. http://www.pobail.ie/ie/AnGhaeltacht/AnStaidearTeangeolaioch/

5. http://www.unesco.org/culture/ich/index.php?lg=en&pg=00006

Page 6: STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030 · 2020. 9. 29. · Bhaile Átha Cliath, thar ceann an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Ó thaobh na Gaeltachta

STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030

6

Caithfear, mar sin, teangacha cosúil leis annGaeilge a chosaint chun éagsúlacht cultúr achoinneáil ar fud an domhain. TuairiscíonnUNESCO6 go bhfuil leath de na 6,700 teanga alabhraítear faoi láthair i gcontúirt dul i léigroimh dheireadh an chéid, próiseas nach féidir amhoilliú ach le gníomh práinne ó Rialtais agus óna pobail a labhraíonn na teangacha.Cothaíonn an Endangered LanguagesProgramme de chuid UNESCO comhoibriú arbhonn idirnáisiúnta le haird a tharraingt ar anstaid thromchúiseach sin agus le réiteachnuálach a mholann pobail, saineolaithe agusúdaráis a chur chun cinn. Chuir an t-eagrán isdéanaí den Atlas of the World’s Languages inDanger7 (UNESCO) síos ar an nGaeilge martheanga atá “definitely endangered”. Tá anstádas sin athraithe ó shin agus feabhsaithe godtí an stádas “vulnerable”, i gcomhthéacs eolaisfaoi bhearta atá glactha ag an Rialtas le tacú leisan teanga le blianta beaga anuas.

D’aithin an 2003 UN Convention for theSafeguarding of the Intangible CulturalHeritage8 an ról fíorthábhachtach atá ag teangaó thaobh oidhreacht bheo a chur in iúl agus achur chun cinn. Braitheann oidhreacht cultúirtheibí ar theanga ó thaobh a beochta laethúlaagus lena cur ar aghaidh chuig an gcéad ghlúineile. I gcás traidisiúin bhéil, lena n-áirítearamhráin, filíocht agus béaloideas, ní amháingurb í an teanga a úsáidtear chun an oidhreachtchultúir a tharchur ach is í an teanga croílár nahoidhreachta sin. Chomh maith le hanailís adhéanamh ar staid teangacha atá faoi bhrú arfud an domhain, tá forbairt déanta ag UNESCOar chreat oibre le beocht teanga a thomhas lecuidiú le Rialtais agus le dreamanna eile óthaobh polasaí a fhorbairt, riachtanais agusbearta cosanta cuí a aithint. Tugadh aird ar angcreat9 sin atá bunaithe ar na naoi gcritéar seo aleanas agus an Straitéis seo á forbairt:

Absolute numberof speakers

Proportion of speakerswithin the total population

Availability of materialsfor language

education and literacy

Response to newdomains and media

Type and qualityof documentation

Governmental andinstitutional language attitudesand policies, including official

status and use

Shifts in domains of language use

Community members’ attitudestowards their own language

Intergenerational language transmission

LanguageVitality

6. http://www.unesco.org/culture/ich/index.php?pg=00136

7. http://www.unesco.org/culture/ich/index.php?pg=00136

8. http://portal.unesco.org/en/ev.php-URL_ID=17716&URL_DO=DO_TOPIC&URL_SECTION=201.html

9. http://www.unesco.org/culture/ich/index.php?lg=en&pg=00142

Page 7: STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030 · 2020. 9. 29. · Bhaile Átha Cliath, thar ceann an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Ó thaobh na Gaeltachta

STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030

7

Tá Straitéis an Rialtais mar atá leagtha amach sacháipéis seo bunaithe orthu seo a leanas:

• cur le heolas ar an nGaeilge;

• deiseanna a chruthú le Gaeilge a úsáid; agus

• dearcthaí dearfacha i leith úsáid na Gaeilge achothú.

Tá a fhios againn ó staid na Gaeilge nachionann cumas a bheith ag duine sa teanga agusí a úsáid. Leanann úsáid iarbhír teanga ascumas, deis agus dearcthaí dearfacha a bheith inéineacht lena chéile. Tá an Straitéis seo mar sinag iarraidh cúinsí dearfacha a chruthú le gombainfidh daoine níos mó úsáide as an gcumasteanga atá acu agus go gcuirfear leis an gcumassin go fírinneach le himeacht ama.

Léiríonn an Straitéis seo tacaíocht an Rialtaisd’fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge tríthiomantas fadtéarmach a thabhairt do churchuige comhleanúnach agus cuimsitheach indáil le todhchaí na teanga, ar teanga bheo í alabhraíonn daoine agus a bhfuil stádasdaingean aici sa chóras oideachais, ag naleibhéil is airde den chóras polaitíochta, iriarachán poiblí agus sa Ghaeltacht.

Mar a dúradh cheana, is cuid d’oidhreacht agusde chultúr Thuaisceart Éireann í an Ghaeilgeagus is tosaíocht don Rialtas cosaint agus curchun cinn na teanga ansin.

I gcomhthéacs thiomantas leanúnach an Rialtaisó thaobh Chomhaontú Aoine an Chéasta afheidhmiú go hiomlán, leanfaidh sé ag tacú leForas na Gaeilge, comhlacht forfheidhmitheThuaidh/Theas a bhfuil dualgas air an teanga achur chun cinn ar bhonn uile-oileáin, agus lenaoibriú éifeachtach leanúnach a chinntiú. Beidhdea-thionchar ag Straitéis an Rialtais ar luchtlabhartha na Gaeilge i dTuaisceart Éireann.Leanfaidh an Rialtas ag obair freisin le gogcuirfear i bhfeidhm go hiomlán tiomantais óthaobh na Gaeilge a bhaineann le Rialtas naBreataine agus Feidhmeannas ThuaisceartÉireann, lena n-áirítear Acht Teanga donGhaeilge a thabhairt isteach chomh maith lefeabhsú, cosaint agus forbairt na Gaeilge idTuaisceart Éireann.

Page 8: STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030 · 2020. 9. 29. · Bhaile Átha Cliath, thar ceann an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Ó thaobh na Gaeltachta

STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030

8

Mar a luadh thuas, d’aithin Ráiteas an Rialtais ileith na Gaeilge 2006 príomhchuspóirí anpholasaí trína dtabharfar tacaíocht donGhaeilge agus don Ghaeltacht. Tá na réimsí aleagtar amach thíos ceangailte le chéile agusgrúpáilte de réir na gcuspóirí sin agus tabharfaraghaidh orthu go céimneach, mar seo a leanas:

Céim an BhunaitheDíreofar sa bhliain seo ar dhaoine a chur aran eolas faoi na spriocanna agus faoi ábharna Straitéise agus na struchtúir eagraíochtúlaagus oibríochtúla a chaithfear a bhunú.Chomh maith leis sin, déanfar na hacmhainníforiomlána a theastóidh a leithroinnt aguscomhaontófar agus bunófar na nósannaimeachta monatóireachta, measúnaithe agusmodhnaithe. Iarrfar pleananna oibríochtúla óna gníomhaireachtaí poiblíforfheidhmiúcháin ar fad agus gheofar iad.Bunófar príomhbhearta tosaíochta.

Céim Feidhmithe I – Na Bunsraitheanna aLeagan SíosLe linn bhlianta tosaigh na Straitéise, bunófarbearta fadtéarmacha le go mbeidh ansoláthar de mhúinteoirí cáilithe agus deshaineolaithe eile ar fáil, nó go mbeidh nacórais oiliúna cuí i ndáil leis sin bunaithe goluath sa Straitéis. Chomh maith leis sin,déanfar cuid mhaith de na bearta afheidhmiú go hiomlán nó a thosú ag angcéim seo lena n-áirítear ábhair d’oideachasagus litearthacht teanga a ullmhú.

Céim Feidhmithe II – Leathnú agus DoimhniúTá trí fho-chéim ag baint leis an gcéim seoach tríd is tríd is éard atá i gceist:lánfheidhmiú na mbeart ábhartha ar fad;tabhairt faoi mheasúnuithe ar bhonn atrátha;agus feachtais a reáchtáil do chur chun cinnagus do chothú dearcadh dearfach ó thaobhna teanga de. Cuirfear na chéad chéimithe óna cláir athbhreithnithe d’oiliúint múinteoiríar fáil agus fostófar iad i scoileanna agus ininstitiúidí oideachais eile.

Le linn na céime seo, déanfaidh Éireceiliúradh ar chothrom 100 bliain d’ÉiríAmach na Cásca agus ar ár neamhspleáchasagus déanfar nasc idir na hócáidí sin agus anStraitéis seo. Léireofar an méid a bheidhbainte amach, déanfar athbhreithniú mór arna torthaí agus cothófar rannpháirtíocht agustacaíocht an phobail thart ar spriocanna,spiorad agus fís na Straitéise.

Céim Feidhmithe III: ComhdhlúthúBeidh an chéim chomhdhlúite dírithe ar nabearta ar fad a phríomhshruthú. Cuirfidh séleis an gcumas níos fearr a bheidh ag daoineGaeilge a labhairt, leis na deiseanna breise abheidh ann chun í a úsáid agus le spreagadhgníomhach dearcthaí dearfacha i ndáil leis annGaeilge a baineadh amach sna céimeannaroimhe seo.

Beidh soláthar na n-acmhainní agus natacaíochta cuí fíorthábhachtach ó thaobhfheidhmiú na Straitéise. Is í an Roinn GnóthaíPobail, Comhionannais agus Gaeltachta adhéanfaidh maoirsiú ar an soláthar sin agusdéanfar feidhmeanna a leithroinnt arghníomhaireacht (nó ar ghníomhaireachtaí) atáann cheana nó déanfar iad a fhoinsiú sanearnáil phríobháideach de réir mar is cuí.

Cuirfear comhshocruithe i bhfeidhm chun:

• monatóireacht a dhéanamh arghníomhaíochtaí pleanála teanga praiticiúlaó shochaithe eile, tacú leo agus iad a oiriúnú;

• ábhair a éascóidh úsáid na Gaeilge athionscnamh, suirbhé a dhéanamh orthu agusiad a athbhreithniú;

• bunachar sonraí láir d’ábhair, do theimpléidagus d’fheidhmiúcháin TF i nGaeilge a óstáil;

• treoracha agus ábhair a chuideoidh le daoineaonair agus le heagraíochtaí aonair anGhaeilge a chur chun cinn a ullmhú;

• cabhair-líne phoiblí náisiúnta a chur ar fáil;

• ionad eolais náisiúnta agus áit imréitigh dosheirbhísí aistriúcháin agus do sheirbhísíteangabhunaithe eile a chur ar fáil;

• bunachar sonraí náisiúnta deghníomhaíochtaí dea-chleachtais i bpleanáilteanga a chothabháil;

• cuidiú le tacaíochtaí a fhorbairt dothionscnaimh áitiúla agus leis an gcumastionscnaimh den sórt sin a fhorbairt agus abhainistiú; agus

• forbairt córas bainistíochta teanga a churchun cinn i gcomhthéacsanna éagsúla.

Braitheann go leor de na tosaíochtaí sa Straitéisseo ar na tacaíochtaí agus na hacmhainní sin abheith ar fáil agus is tosaíocht ard mar sin iad aeagrú chomh luath agus is féidir.

3. STRAITÉIS CHÉIMNITHE

Page 9: STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030 · 2020. 9. 29. · Bhaile Átha Cliath, thar ceann an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Ó thaobh na Gaeltachta

STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030

9

Mar thoradh ar Ráiteas an Rialtais i leith naGaeilge 2006, leagadh amach mar mhórspriocna nithe seo a leanas a mhéadú sna 20 bliainamach romhainn:

• an líon daoine a mbeidh eolas acu ar annGaeilge ón 1.66 milliún atá ann faoi láthairgo 2 mhilliún; agus

• an líon daoine a úsáideann an Ghaeilge gachlá ón leibhéal atá ann faoi láthair de thart ar83,000 go 250,000.

Ba é comhlíonadh na spriocanna uaillmhianachasin an chloch ba mhó ar an bpaidrín aguscinneadh á dhéanamh ar na réimsí inangníomhófaí sa Straitéis seo.

Ba iad na haidhmeanna sonracha agus anStraitéis seo á hullmhú:

• an líon daoine a labhraíonn Gaeilge gach lálasmuigh den chóras oideachais a ardú ó83,000 go 250,000;

• an líon daoine a labhraíonn Gaeilge saGhaeltacht gach lá a ardú faoi 25% tríd istríd, mar beidh borradh a chur faoinnGaeltacht fíorthábhachtach don Straitéisfhoriomlán. Táthar ag súil leis go mbeidhspriocanna sonracha do cheantairGhaeltachta ar leith leagtha amach snapleananna teanga áitiúla atá molta; agus

• an líon daoine a úsáideann seirbhísí Stáit tríGhaeilge agus atá in ann teilifís, raidió agusna meáin chlóite a rochtain tríd an teanga aardú.

4. CUSPÓIRÍ SONRACHA NA STRAITÉISE

Page 10: STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030 · 2020. 9. 29. · Bhaile Átha Cliath, thar ceann an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Ó thaobh na Gaeltachta

STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030

10

Déanfar an Straitéis 20 Bliain a lánpháirtiú legnáth-oibríochtaí ghníomhaireachtaí an Stáit faoistiúir threoir agus cheannaireacht láidir ón Rialtas.Tá ról ag gach rannóg den riarachán poiblí agusag príomhgheallsealbhóirí náisiúnta agus áitiúla óthaobh an fheidhmithe. Is gá “normalú nateanga” chun úsáid na Gaeilge a leathnú. Tá antéarma seo bunaithe ar an gcleachtadh atáfaighte ag teangacha eile a bhfuil a róil imithe inéag. Is é an bealach agus an t-aon bhealach, ambainfidh an Ghaeilge áit shóisialta níos sláineamach ná trí fheasacht ghníomhach agus trídhearcthaí dearfacha a bheidh ag iarraidh anchaoi a bhfuil sí á himeallú a athrú thart, chomhmaith le níos mó úsáide go neafaiseach a bheith ábaint as an teanga do ghnáthchríocha agus dochríocha príomhshrutha cumarsáide. Éilíonn antasc sin go gcomhoibreoidh na gníomhaireachtaícuí ar fad agus iad ag iarraidh spriocanna aguscláir na Straitéise a bhaint amach agus go mbeidhstruchtúr bainistíochta comhleanúnach aguséifeachtach i bhfeidhm don Straitéis. Baineanntábhacht ar leith le scoileanna toisc an tionchar abhíonn acu ar fheasacht ar an teanga agus ariompraíocht teanga, agus mar sin ní mór díriúfreisin ar shaineolas agus scileanna a fhorbairt imeasc an lucht teagaisc chun luach agus tábhachtchultúrtha na Gaeilge a léiriú do mhuintir nahÉireann.

Seo a leanas na príomhstruchtúir a bheidh ag anRialtas chun an Straitéis a sheachadadh:

• Déanfaidh an Coiste Rialtais ar an nGaeilgeagus ar an nGaeltacht, a mbeidh an Taoiseachina chathaoirleach air, maoirseacht ar an dulchun cinn agus tabharfaidh sé tuairisc donRialtas mar is gá.

• Tacóidh Grúpa Oifigeach Sinsearach a bheidhcomhdhéanta d’oifigigh ardleibhéil ó Rannacuí leis an gCoiste Rialtais.

• Beidh Aire sinsearach agus Roinn Rialtais (anRoinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agusGaeltachta) ar a mbeidh lárfhreagracht maidirle cúrsaí Gaeilge fós ann.

Déanfar pleanáil agus feidhmiú na Straitéise athreorú ó Aonad Straitéise laistigh den Roinnsin. Beidh foireann thiomanta ann agus sannfardualgais agus róil feidhmithe doghníomhaireachtaí forfheidhmithe mar is gá.

Beidh an tAonad Straitéise freagrach as:

• maoirseacht a dhéanamh ar an bpróiseaspleanála straitéise;

• monatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtacmhainní;

• a chinntiú go ndéantar feidhmiú tras-rannachar thionscnaimh;

• sainchomhairle a sholáthar;

• maoirseacht a dhéanamh ar phleanannaoibríochta mar a bheidh forbartha ag nacomhlachtaí forfheidhmithe; agus

• tuairiscí cothrom le dáta agus cáipéisíochtchuí a fhoilsiú mar eolas don phobal.

Féadfar líon beag d’fhoireann ar iasacht ambeidh saineolas acu i mbainistiú riaracháinphoiblí, i bpleanáil teanga agus in oideachas ashannadh don Aonad le tascanna ar leith adhéanamh más gá. Féadfaidh an tAonadmeasúnuithe, nuair is gá, nó seirbhísí sonracha,a choimisiúnú ó ghníomhaireachtaí atá ann nóón earnáil phríobháideach. Déanfar pleanannaagus tiomantais earnálacha a sheachadadh trína Ranna agus na gníomhaireachtaí cuí.

Maidir leis an bpríomhghníomhaireachtforfheidhmithe a bheidh freagrach as anStraitéis a sheachadadh, moltar Údarás Gaeilgeagus Gaeltachta a bhunú (Údarás na Gaeilgeagus na Gaeltachta) a ghníomhóidh ar bhonnnáisiúnta agus a chomhlíonfaidh feidhmeannaábhartha a dhéanann Údarás na Gaeltachtaagus eagraíochtaí Stáit agus neamhrialtasachaeile i láthair na huaire, de réir mar is cuí. Siúd isgo leanfaidh feidhmiú pholasaí agusphleananna áirithe Gaeltachta mar fhreagrachtar an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannaisagus Gaeltachta, féadfaidh sí áfachfeidhmeanna a tharmligean mar is cuí chuigÚdarás na Gaeilge agus na Gaeltachta. Leagfarsíos ról sonrach agus feidhmeanna sonracha anÚdaráis mholta nua i ndréacht-reachtaíocht afhoilseofar sa bhliain 2011.

Leanfaidh Foras na Gaeilge ag seachadadh afhreagrachtaí reachtúla maidir leis an nGaeilge.Áireofar orthu sin tabhairt faoi thionscadailthacúla agus deontais a thabhairt dochomhlachtaí agus do ghrúpaí le tacú leis anteanga mar is cuí, forbairt a dhéanamh arthéarmaíocht agus ar fhoclóirí, tacú lehoideachas trí mheán na Gaeilge agus le teagascna Gaeilge ar an oileán agus úsáid na teanga sasaol poiblí agus príobháideach a spreagadh agusa éascú tríd is tríd. Agus é ag comhlíonadh adhualgais go hiomlán, fanfaidh Foras na Gaeilgemar phríomhghné den struchtúr tacaíochta donteanga sa dá chuid den oileán.

5. STRUCHTÚIR FEIDHMITHE

Page 11: STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030 · 2020. 9. 29. · Bhaile Átha Cliath, thar ceann an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Ó thaobh na Gaeltachta

STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030

11

Leagtar Réimsí Gnímh, faoi na naoibpríomhcheannteideal seo a leanas, amach saStraitéis:

• Oideachas

• An Ghaeltacht

• An Teaghlach ag Cur na Teanga ar Aghaidh -Idirghabháil go Luath

• Riarachán, Seirbhísí agus Pobal

• Na Meáin agus an Teicneolaíocht

• Foclóirí

• Reachtaíocht agus Stádas

• Saol Eacnamaíochta

• Tionscnaimh Leathana

6.1 RÉIMSÍ GNÍMH – OIDEACHAS

Léirítear na nithe seo a leanas i dtuarascálacha afoilsíodh le gairid faoin nGaeilge sna scoileanna:

• Mheas na cigirí nach raibh Gaeilge ámúineadh go caighdeán ard nó caighdeán an-ard ach i leath de na ranganna bunscoile ar andearnadh cigireacht agus go raibh Gaeilge ámúineadh trí mheán an Bhéarla sa tríú cuidde na seomraí ranga. Ní raibh ach beagán oscionn leath de na daltaí sna ceachtannaábalta iad féin a chur in iúl go sásúil inGaeilge;

• Léirigh tuarascáil Harris (Iúil 2007) go raibhtitim de 36.1% agus 40.5% i mbunscoileannaa bhfuil an Béarla mar mheán iontu agus imbunscoileanna Gaeltachta faoi seach ar anlíon daltaí a raibh máistreacht acu arfhorbairt scileanna éisteachta, scileannafoclóra agus tuisceana idir 1985 agus 2002.Siúd is gur éirigh le beagán os cionn leath nandaltaí líofacht a bhaint amach i dtuairisciúagus i gcumarsáid béil in 1985 i scoileanna abhfuil an Béarla mar mheán iontu, ba lú náan tríú cuid a bhain an líofacht sin amach in2002. Aimsíodh sa staidéar freisin gur tháinigmeath mór ar mhuinín múinteoirí; dúirtbeagnach 25% de na múinteoirí i scoileanna abhfuil an Béarla mar mheán iontu go raibh agcaighdeán Gaeilge féin lag;

• Tuairiscítear ag an leibhéal iarbhunscoile goraibh cumas cainte daltaí teoranta sa tríú cuid

de na scoileanna sa tsraith shóisearach.Cuireadh bearta i gcrích idir an dá linn leis namarcanna a bhronntar de bharr an scrúdúcainte deonach sa Teastas Sóisearach agus anscrúdú cainte náisiúnta san Ardteistiméireachta ardú go 40% do na hiontrálaithe nua ar fada thosaigh scolaíocht dara leibhéal in 2007/8.

Siúd is go léiríonn na fíricí sin atá luaite roimheseo chomh mór is atá an dúshlán atá romhainn,tá na bearta atá molta i réimse an oideachaisleagtha amach leis na prionsabail atá taobhthiar den Straitéis a bhaint amach:

• an cumas i nGaeilge a leathnú agus cur leis arbhealach níos doimhne agus sin a dhéanamh imeasc líon níos mó daoine;

• dearcthaí diúltacha i leith úsáid na Gaeilge aathrú ar ais agus dearcthaí dearfacha achothú ina n-áit; agus

• na deiseanna atá laistigh den chórasoideachais d’úsáid na Gaeilge a leathnú trídan nGaeilge a bheith ina meán teagaiscchomh maith le bheith ina hábhar, agus trífhoghlaim na teanga ar scoil a cheangal lehúsáid neamhfhoirmiúil na teanga ingníomhaíochtaí áineasa agus cultúir agus ingníomhaíochtaí eile lasmuigh den scoil.

Tá trí chuspóir a bhaineann leis an oideachas iRáiteas an Rialtais i leith na Gaeilge 2006:

Cuspóir 5: Déanfar an Ghaeilge a theagasc marábhar riachtanach ó leibhéal na bunscoile goleibhéal na hArdteistiméireachta. Cuirfidh ancuraclam ar chumas na ndaltaí an Ghaeilge alabhairt agus a scríobh go cruinn, chomh maithle tuiscint a thabhairt dóibh ar fhiúntas nateanga dúinn mar phobal. Chun na críche seo,déanfar infheistíocht fheabhsaithe i bhforbairtphroifisiúnta agus i dtacaíocht leanúnach domhúinteoirí mar aon le i soláthar téacsleabharagus acmhainní, agus i dtacaíocht domhodhanna nuálacha teagaisc agus foghlama.

Cuspóir 6: Cuirfear oideachas lán-Ghaeilge arardchaighdeán ar fáil do dhaltaí scoile arb émian a dtuismitheoirí/gcaomhnóirí é. Leanfarleis an tacaíocht do Ghaelscoileanna ag leibhéalna bunscoile agus déanfar forbairt ar sholátharlán-Ghaeilge ag leibhéal na hiarbhunscoile chunfreastal ar éileamh de réir mar is gá.

Cuspóir 7: Leanfar leis an tacaíocht a thugtardon réamhscolaíocht Ghaeilge agus déanfarbreis forbartha ar an gcóras oideachais tríúleibhéal trí mheán na Gaeilge.

6. RÉIMSÍ GNÍMH

Page 12: STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030 · 2020. 9. 29. · Bhaile Átha Cliath, thar ceann an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Ó thaobh na Gaeltachta

STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030

12

Naisc le húsáid na teanga lasmuigh denscoil

Tá an córas oideachais ar cheann de na príomh-mhodhanna chun an cumas teanga a bhfuil anStraitéis 20 Bliain bunaithe air a chothú. Sascolaíocht fhoirmiúil, tá an Stát ábalta cuidiú gogníomhach le cumas teanga ár ndaoine afhorbairt. Is sprioc lárnach é mar sin go n-éireodh leis na húdaráis oideachais fócasnáisiúnta níos córasaí agus níos dlúithe a bhaintamach ó thaobh fhoghlaim na Gaeilge.

Is é an tátal a bhaintear as iarrachtaíathneartaithe teangacha ar fud an domhain gobhfuil sé thar a bheith riachtanach beocht achur sa Ghaeilge lasmuigh den seomra ranga igcás na ndaoine óga atá á foghlaim sa chórasoideachais foirmiúil. Má táthar le cultúr agusféiniúlacht don óige agus a gcineálacha cuíGaeilge a chothú, caithfear deiseanna a chur arfáil le go n-úsáidfear an teanga go nádúrthaagus go gcruthófar gréasáin chainteoirí trítheicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide.Oibreoidh an earnáil oideachais i gcomhpháirtle gníomhaireachtaí cuí maidir leis sin.

Leanfaidh an Roinn Gnóthaí Pobail,Comhionannais agus Gaeltachta, i gcomhar leisan Roinn Oideachais agus Scileanna ag cur leforbairt chóras na gcoláistí samhraidh Gaeilge saGhaeltacht. Leagfar béim faoi leith ar chúnamha thabhairt do na coláistí agus do na teaghlaigha chuireann cóiríocht ar fáil do na foghlaimeoiríteanga le cothabháil a dhéanamh ar éifeachtachtagus ar chaighdeán na seirbhísí a sholáthraíonnsiad agus le cur leo. I gcomhpháirt le CONCOS -scátheagraíocht na gcoláistí - agus leis nateaghlaigh sa Ghaeltacht, oibreoidh an RoinnGnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachtalena chinntiú go mbeidh taithí Ghaeilge ag micléinn agus go mbeidh teagmháil sheasta lena linnag na mic léinn le Gaeilge mar theanga bheo naGaeltachta ó lá go lá. Óna thaobh sin, cuideoidhan Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agusGaeltachta le forbairt a dhéanamh ar thaithífhoghlama teanga teaghlaigh le go bhféadfargréasáin d’úsáid nádúrtha na Gaeilge a chur chuncinn agus go mbeidh meicníochtaí ann le goleanfaidh siad sin ar aghaidh le linn na bliana arfad. Cuideoidh athstruchtúrú agus feabhsú archláir a bheidh dírithe ar ábhair bhunmhúinteoiríleis sin agus beidh sé freisin mar chuid deleasuithe níos leithne a bheidh an ChomhairleMhúinteoireachta a chur chun cinn i gcúrsaítosaigh oideachais do bhunmhúinteoirí.

Páirt-Tumadh

Tá sé i gceist, chomh luath agus is féidir i gCéimFeidhmithe II, dul go dtí an staid ina dtairgfearpáirt-tumadh sa Ghaeilge do gach leanbh.Déanfar é sin a fheidhmiú ar bhonn céimnitheag teacht leis an dul chun cinn a dhéanfar óthaobh inniúlachtaí múinteoirí a neartú saréimse sin trí chlár cuimsitheach infheistíochtad’fhorbairt ghairmiúil do mhúinteoirí.D’fhéadfaí sin a sholáthar trí roinnt ábhairphríomhshrutha a theagasc trí Ghaeilge iranganna na naíonán agus mar chomhlánú airsin, dhéanfaí ullmhú i gCéim II ar réimsí ábhairainmnithe a theagasc trí Ghaeilge sna bliantaláir agus sna hardbhlianta sa bhunscoil. Ardeireadh, is é an aidhm atá ann faoin am ambeidh Céim Feidhmithe III bainte amach gombeidh oideachas páirt-tumtha i nGaeilge áthairiscint in ábhair eile do gach dalta snascoileanna príomhshrutha a bhíonn ag gabháildon Ghaeilge mar chroí-ábhar. Bainfear nabearta sin amach ar bhonn céimnithe agus lecuidiú leis sin, déanfar infheistíocht imbreisoiliúint múinteoirí. Bainfear leas mar iscuí as dreasachtaí mar scéim duaiseanna GLEO(Gaeilge Labhartha san Earnáil Oideachais) lemisneach a thabhairt do scoileanna sa réimseseo. Mar thacaíocht leis an straitéis sin, déanfarforbairt ar acmhainní agus ar ábhair doscoileanna agus cuirfear ar fáil iad.

Beidh sé fós ina pholasaí náisiúnta tumoideachastrí Ghaeilge i ngach ábhar seachas Béarla iscoileanna Gaeltachta agus i ngaelscoileannaagus i naíonraí a chur chun cinn.

Measúnú Náisiúnta

Déanfar measúnú náisiúnta ar inniúlachtéisteachta agus labhartha i nGaeilge a fheidhmiúsa tsraith shóisearach agus sa tsraith shinsearach igcás gach scoil dara leibhéal aitheanta.Aithnítear nach féidir go fírinneach measúnúlabhartha sa tsraith shóisearach a dhéanamh achi gcomhthéacs sampla measúnaithe áitiúil adhéanfadh múinteoirí ranga faoimhodhnóireacht sheachtrach. Tá ionstraimítástála caighdeánaithe ag an mbunleibhéal ábhforbairt don Ghaeilge faoi láthair.

Éilíonn nuálaíochtaí sa churaclam go ndéanfaíforbairt ar ionstraimí agus ar nósanna imeachtacuí le measúnú a dhéanamh ar fhoghlaim naGaeilge. Féadfar nasc tairbhiúil a dhéanamh leComhchreat Tagartha na hEorpa umTheangacha le sainmhíniú a dhéanamh ar nacaighdeáin teanga agus chumarsáide a fhíorófarfaoi na nósanna imeachta measúnaithe.

Page 13: STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030 · 2020. 9. 29. · Bhaile Átha Cliath, thar ceann an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Ó thaobh na Gaeltachta

STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030

13

Curaclam do mhúineadh na Gaeilge

Tá an curaclam ag an leibhéal bunscoile sáchnua agus dealraíonn sé go bhfuil comhaontúann go bhfuil sé ag comhlíonadh dea-chleachtasagus ag teacht leis an smaointeoireacht reathaar mhúineadh teangacha. Sa chomhthéacs sin,beidh níos mó fócais ar na cuspóirí teanga achur in iúl ar bhonn níos soiléire ag leibhéiléagsúla na bunscolaíochta agus ar fhorbairt adhéanamh ar ábhair ardchaighdeáin le tacú lefeidhmiú an churaclaim.

Ag an mbunleibhéal, tá forbairt déanta archuraclam Gaeilge ar leithligh do scoileannaGaeltachta agus do ghaelscoileanna a thugannar aird riachtanais teanga forbartha éagsúla abhaineann le daltaí i scoileanna Béarla agus ingaelscoileanna. Déanfar coigeartú ar angcuraclam i ngaelscoileanna le níos mó béime achur ar ról na Gaeilge ó thaobh fhorbairtchognaíoch agus mhothachtálach ghinearáltaleanaí a chur chun cinn.

Ag an iar-bhunleibhéal, leanfar de bheith agsoláthar difreáil tríd an nGaeilge a thairiscint agtrí leibhéal sa Teastas Sóisearach agus sanArdteistiméireacht agus beidh béim mhór arinniúlacht cainte, éisteachta agus scríofa inGaeilge a chothú agus ar athrú suntasach achinntiú ina gcuirfear béim ar an nGaeilge martheanga labhartha, le go mbeidh daltaí in anncumarsáid agus a bheith i mbun caidrimh arbhealach nádúrtha agus go labhrófar Gaeilgegach lá sna scoileanna.

Tá siollabas athbhreithnithe i nGaeilge nahArdteistiméireachta á fheidhmiú i ngach scoilagus scrúdófar den chéad uair é in 2012. Tá séleagtha amach sa chaoi go ndíreofar níos mó aridirghníomhú ó thaobh na cainte sa seomraranga agus beidh ardú go 40% sna marcanna acheadófar don mheasúnú cainte. Déanfaidh anChomhairle Náisiúnta Curaclaim agusMeasúnachta athbhreithniú ar fheidhmiú antsiollabais i gcomhthéacs thaithí an chéadchohórt de na hiarrthóirí faoin gcórasmeasúnaithe athbhreithnithe. Ar na ceisteannaa bhreithneofar san athbhreithniú sin, beidhchomh maith agus a d’éirigh leis an siollabas óthaobh aghaidh a thabhairt go cuí ar riachtanaisgach dalta, lena n-áirítear daltaí a bhfuilardchumas i nGaeilge acu, go háirithe iscoileanna Gaeltachta agus i ngaelscoileanna.Más gá, déanfar tuilleadh forbartha ar ansiollabas i gcomhthéacs thorthaí anathbhreithnithe.

Cláir thacaíochta do thuismitheoirí agusdon réamhscolaíocht

Is gnéithe tábhachtacha d’athneartú na Gaeilgeiad foghlaim neamhfhoirmiúil agus foghlaimréamhscoile. Léiríonn an taighde ar fad saréimse seo gur sna luathbhlianta is fusa teanganua a shealbhú. Tá sé i gceist mar sin gombeidh leibhéal éigin d’oideachas Gaeilgeréamhscoile ar fáil i ngach áit.

Éascófar saoráidí cúram leanaí agus réamhscoilele gné Ghaeilge a thairiscint agus letimpeallacht a bheidh fabhrach i leith naGaeilge a chruthú do leanaí óga mar shampla,trí thacaí a chur ar fáil mar DVDanna Gaeilge abheidh dírithe ar leanaí óga agus rannta aguscluichí naíonán i nGaeilge. Is é an fócas abheidh ann go sonrach ná a chinntiú go mbeidhsoláthar déanta do naíonraí i ngach áit inambeidh gaelscoil agus in áiteanna eile inambeidh éileamh.

Teastóidh atreisiú gníomhach ar a litearthacht inGaeilge ó thuismitheoirí le go mbeidís ábaltaleanúint de bheith ag tacú le foghlaim a gcuidleanaí a bheidh ag dul i méid ó thaobh naGaeilge le linn bhlianta na bunscoile. Tátábhacht leis an oiliúint sin freisin ó thaobhdaoine gairmiúla eile a bhíonn i mbun cúraimagus oideachais agus cuirfear an oiliúint sin aroibrithe cúraim lae, oibrithe i naíolanna agusdaoine i gcumainn phobail, go háirithe ináiteanna ina bhfuil líon measartha den phobalina gcainteoirí Gaeilge.

Soláthar Sainábhar

Cuirfear seirbhísí in oideachas áineasa (mar nahamharcealaíona agus na taibh-ealaíona)lasmuigh de churaclam foirmiúil na scoileannasan áireamh i bpleananna teanga ceantar áitiúille linn bhlianta na bunscoile.

Oideachas Múinteoirí

Tá sé ríthábhachtach go mbeidh lucht saothairmúinteoirí ann a bheidh in ann na cuspóirí óthaobh inniúlachta i nGaeilge a bhaint amachagus go gcaithfear naisc a chruthú idirscoileanna, ionaid áineasa agus óige, clubannaagus gníomhaíochtaí daoine óga. Maidir leissin, tugtar ar aird go bhfuil freagracht domhúinteoirí ar an gComhairleMhúinteoireachta, an comhlacht reachtúil atáfreagrach as caighdeáin do ghairm namúinteoireachta a chinneadh, oiliúint tosaighag an leibhéal bunscoile agus iar-bhunscoile aathbhreithniú agus a chreidiúnú.

Page 14: STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030 · 2020. 9. 29. · Bhaile Átha Cliath, thar ceann an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Ó thaobh na Gaeltachta

STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030

14

Rachfar i gcomhairle leis an gComhairleMhúinteoireachta ar mhaithe le cur chuigedébhealach a mholtar sa Straitéis seo afheidhmiú chun an lucht saothair múinteoirí aullmhú le freastal ar na cuspóirí atá molta.Chun Cuspóir 5 de Ráiteas an Rialtais i leith naGaeilge 2006 a bhaint amach, déanfar plé leisan gComhairle Mhúinteoireachta ar mhaithelena bheith ag obair go leanúnach le caighdeánan chumais Ghaeilge do mhúineadh na Gaeilgemar ábhar a ardú. Moltar tionscnaimhshonracha, lena n-áireofar na nithe seo a leanas:

Oideachas Príomhshrutha – An CórasBunscoile

Lena chinntiú go mbainfear caighdeán “GaeilgeGhairmiúil” amach i ngach coláiste oideachaismúinteoirí, táthar ag súil go neartóidh anChomhairle Mhúinteoireachta, mar chuid denathbhreithniú atá luaite thuas, teagasc na Gaeilgefeadh an tsoláthair tosaigh d’oideachas múinteoiríar fad agus go ndéanfaidh sí caighdeánú air.

Moltar na nithe seo a leanas:

• Déanfar bearta le húsáid na Gaeilge tríd istríd a spreagadh sa seomra ranga aguslasmuigh de;

• Déanfar ábhair eile atá sa churaclamd’oideachas tosaigh do mhúinteoirí, chomhmaith le Gaeilge Ghairmiúil, a sholáthar trímheán na Gaeilge;

• I réimse an oideachais múinteoirí, leanfaidhábhair mhúinteoirí clár sainithe do theagascteanga sa Ghaeltacht. Cuirfear freisin leis anam teagaisc agus freastail d’ábhairmhúinteoirí a dhéanann freastal ar chúrsaíGaeltachta;

• Tabharfar scéim scoláireachta Gaeltachta nuaisteach do bhunmhúinteoirí le freastal ardhianchúrsaí sa Ghaeltacht;

• Spreagfar Coláistí Oideachais chuntionscnaimh a thosú chun mic léinn a mbeidhcumas ard acu i nGaeilge ón nGaeltacht, óghaelscoileanna agus ó scoileanna eile amhealladh. Coinneofar suas le 20% de naháiteanna i gColáistí Oideachais do mhic léinna fhaigheann a gcuid oideachais trí Ghaeilge iscoileanna Gaeltachta agus i ngaelscoileannaagus beidh mic léinn as scoileanna a bhfuil anBéarla mar mheán iontu incháilithe freisinfaoi réir tairseach ard feidhmíochta i nGaeilgea bhaint amach san Ardteistiméireacht;

• Socrófar tréimhse fhada sa Ghaeltacht do goleor de na hábhair mhúinteoirí, tréimhse inaleanfaidh na mic léinn clár sainmhínithe óthaobh teagasc teanga;

• Cuirfear leis na comhpháirteanna Gaeilgeagus teagaisc trí Ghaeilge atá sa chúrsa céimeBaitsiléir san Oideachas chomh maith ledianchúrsaí Gaeilge a sholáthar mar is cuí igcomhar leis an gComhairleMhúinteoireachta; agus

• Tabharfar isteach speisialtóireacht nua idteagasc bunscoile trí mheán na Gaeilge(páirt-tumadh nó tumadh iomlán) i gColáistíOideachais.

Oideachas trí mheán na Gaeilge – AnCóras Bunscoile

Tabharfar clár iarchéime isteach a bheidh dírithego sonrach ar riachtanais na scoileanna amhúineann trí mheán na Gaeilge. TabharfarDioplóma Iarchéime nua san Oideachas Gaeilge(Bunmhúinteoireacht) isteach agus soláthróidhsé sainscileanna i nGaeilge dóibh sin a mbíonnclár oideachais múinteoirí críochnaithe cheanaféin acu.

Oideachas trí mheán na Gaeilge – AnCóras Iar-bhunscoile

Tabharfar Dioplóma Iarchéime nua sanOideachas isteach a dhéanfar a sholáthar gohiomlán trí mheán na Gaeilge.

Chun cuidiú tuilleadh le Cuspóir 5 agus Cuspóir 6de Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge 2006 abhaint amach, bunófar Ionad Náisiúntad’Fhorbairt Ghairmiúil Múinteoirí trí Mheán naGaeilge in institiúid oideachais atá ann cheanaféin. Is ionad barr feabhais a bheidh ann athabharfaidh cúnamh agus comhairle do naColáistí Oideachais agus iad ag ullmhú múinteoirídon timthriall iomlán sna scoileanna inandéanfar an teagasc trí mheán na Gaeilge tríchomhchomhairle, gníomhaíochtaí forbarthagairmiúla, cláir oiliúna chreidiúnaithe agusforbairt acmhainní. Oibreoidh an tIonadNáisiúnta i gcomhar leis na Coláistí Oideachaisagus spreagfar soghluaiseacht na bhfoirnegairmiúla idir na córais agus na soláthróiríoideachais ar fad agus an tIonad Náisiúnta.Beidh cáilíocht ghairmiúil ar fáil do na múinteoiríbunscoileanna agus meánscoileanna ar fad letacú leo le teagasc a dhéanamh i scoileanna adhéanann teagasc trí mheán na Gaeilge.

Page 15: STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030 · 2020. 9. 29. · Bhaile Átha Cliath, thar ceann an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Ó thaobh na Gaeltachta

STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030

15

Is cáilíocht bhreise tharraingteach agusinmhianaithe a bheidh inti seo do dhaoine armian leo oibriú i scoileanna a dhéanann teagasctrí Ghaeilge agus is treoir úsáideach a bheidhinti d’fhostóirí go bhfuil an inniúlachtriachtanach teanga ag iarrthóirí.

Cuirfear na cláir acadúla nua - Baitsiléir sanOideachas, Dioplóma Céime san Oideachas(Teagasc Bunleibhéil) agus Dioplóma Iarchéimesan Oideachas - chomh maith le feidhmiú anIonaid Náisiúnta d’Fhorbairt PhroifisiúntaMúinteoirí trí mheán na Gaeilge amach arthairiscint iomaíoch phoiblí oscailte i measc nan-institiúidí oideachais cuí atá ann.

Cuirfear leis na deiseanna forbartha gairmiúlaatá aitheanta thuas trí bhíthin infheistíocht atáméadaithe go suntasach a chur isteach iroghanna forbartha gairmiúla ar líne agusgearrthréimhseacha le haghaidh múinteoirí atáag obair agus cuirfear iad ar fáil trí na seirbhísítacaíochta curaclaim agus trí ghréasán an IonaidOideachais ag an leibhéal bunscoile agus iar-bhunscoile.

Chun cuidiú tuilleadh leis na bearta sin aguschun cur le háit na teanga a dhaingniú sa chórasoideachais ag gach leibhéal, tabharfaraitheantas speisialta do scoileanna ina mbíonndea-chleachtas ó thaobh mhúineadh na Gaeilge.Déanfar raon leathan de théacsleabhair, d’ábhairtheicneolaíochta nua agus d’acmhainní le cuidiúle múineadh na Gaeilge agus le múineadh tríGhaeilge a fhorbairt agus a chur ar fáil.

Cuirfimid scéim scoláireachtaí ar fáil do leanaí ólimistéir faoi mhíbhuntáiste le freastal ar chúrsaísa Ghaeltacht agus cuirfear maoiniú ar fáil docholáistí Gaeilge samhraidh ar fud na tíre.

Déanfar athbhreithniú ar na socruithe dodhíolúine ó staidéar a dhéanamh ar an nGaeilgei scoileanna lena chinntiú go mbeidh díolúintíbunaithe ar chritéir theanga oibiachtúla.

Oideachas Ardleibhéil in Éirinn

Leanfar de bheith ag forbairt agus ag tacú lecláir i nGaeilge do dhaoine fásta ag leibhéalollscoile agus ag leibhéil eile nach iad agussoláthrófar sainchláir ghairmiúla.

Agus breis forbartha á déanamh ar oideachastríú leibhéal trí Ghaeilge, cuirfidh an Rialtas nanithe seo a leanas san áireamh:

• Rinne an Roinn Gnóthaí Pobail,Comhionannais agus Gaeltachta agus Údarásna Gaeltachta infheistíocht shuntasach sanearnáil seo le déanaí laistigh den Ghaeltachtagus lasmuigh di, lenar áiríodh ach goháirithe tacaíocht d’Acadamh nahOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil nahÉireann, Gaillimh agus Fiontar in OllscoilChathair Bhaile Átha Cliath; agus

• Tá creat oibre reachtúil ann faoi láthaird’oideachas tríú leibhéal i nGaeilge, lena n-áirítear an oibleagáid atá ar an Údarás umArd-Oideachas faoi Acht an Údaráis um Ard-Oideachas, 1971: “coimeádfaidh sé igcuimhne i gcónaí na haidhmeanna náisiúntaatá ann an Ghaeilge a aisiriú agus an tsaíochtnáisiúnta a chaomhnú agus a fhorbairt agusféachfaidh sé le cabhrú leis na haidhmeannasin a chur i gcrích”. Tá sé sin neartaithetuilleadh in alt 12 d’Acht na nOllscoileanna1997, lena bhforáiltear go bhfolóidh cuspóirígach ollscoile “teangacha oifigiúla an Stáit [achur chun cinn], ag féachaint go speisialta dochaomhnú, do chur chun cinn agus d’úsáid naGaeilge agus do chaomhnú agus do chur chuncinn chultúir shainiúla na hÉireann”.Aithnítear ról faoi leith Ollscoil na hÉireann,Gaillimh maidir le cláir tríú leibhéal trí mheánna Gaeilge a sholáthar in Acht an CholáisteOllscoile, Gaillimh (Leasú) 2006.

Caithfidh caighdeán ard a bheith ag baint lehoideachas tríú leibhéal trí mheán na Gaeilgeagus caithfear é a sholáthar ar bhealachstraitéiseach agus comhordaithe lena chinntiú:

• deiseanna do mhic léinn leas a bhaint astréimhsí fada socrúcháin/staidéir saGhaeltacht le cur lena gcumas sa teanga idtimpeallacht ina labhraítear an teanga gonádúrtha;

• go mbainfidh éagsúlacht leis an raondisciplíní a bheidh á dtairiscint agus gombeidh fócas faoi leith ar riachtanais anmhargaidh do dhaoine a bheidh inniúil inGaeilge;

• cur amach céimithe a bheidh cáilithe gomaith leis na scileanna sonracha is gá lefreastal ar stádas náisiúnta agus stádas AE naGaeilge;

• forbairt a dhéanamh ar speisialtóireacht arleith i ngach coláiste agus srian a chur ledúbailt soláthair go dtí suíomh amháin nódhá shuíomh ar a mhéid;

Page 16: STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030 · 2020. 9. 29. · Bhaile Átha Cliath, thar ceann an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Ó thaobh na Gaeltachta

STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030

16

• luach ar airgead agus dearbhú cáilíochta sataighde agus sa teagasc, agus dúbailt nóilroinnt a sheachaint freisin; agus

• cúrsaí agus creidiúnú i nGaeilge Ghairmiúil afhorbairt don oiread gairmeacha agus is féidir.

Cuirfear maoiniú ar fáil lena chur ar chumas anÚdaráis um Ard-Oideachas clár sonrach a bhunúleis an earnáil seo a fhorbairt go straitéiseach.

Tá sé tábhachtach ó thaobh normalú adhéanamh ar úsáid na teanga go mbeadhteacht ar ranganna agus ar ghníomhaíochtaíGaeilge agus go gcruthófaí atmaisféar archampas a aithníonn gur cuid dhlúth den saolsóisialta chomh maith le cuid dhlúth den saolacadúil sa choláiste í an teanga. Tá róltábhachtach ag institiúidí tríú leibhéal ó thaobhtionchar a imirt ar an teanga a labhróidh duinear feadh a shaoil agus ó thaobh a húsáide imeasc mic léinn agus maidir le tacú letionscnaimh theanga áitiúla sa phobal trí chéileagus spreagfar iad leis sin a dhéanamh.

Daoine Fásta ag Foghlaim Teanga

Tabharfar tuilleadh deiseanna do dhaoine fásta arsuim leo an teanga a fhoghlaim nó cur lenagcumas Gaeilge a labhairt. Déanfar clár foghlamaGaeilge a bheidh creidiúnaithe do dhaoine fástaagus déanfaidh sé freastal ar gach leibhéal mar anclár foghlama teanga náisiúnta comhaontaithe.

Le barr feabhais a chothú ar leibhéal ard acadúil istaidéar ar an nGaeilge, cuirfidh an Rialtas lehobair Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliathagus na nollscoileanna ó thaobh forbairt taighdeagus teagaisc maidir leis an Léann Ceilteach agusneartóimid áit na hÉireann mar ionad barrfeabhais sa disciplín sin ar fud an domhain.

Seirbhísí Comhairle agus Tacaíochta

Cuirfear ábhair eolais agus acmhainní ar fáil dochatagóirí éagsúla de lucht gairme a bhíonn agplé le scoileanna amhail teiripeoirí urlabhra,treoirchomhairleoirí, comhairleoirígairmthreorach agus daoine eile a chuirfidhchun cinn na buntáistí a bhaineann leis andátheangachas (go háirithe foghlaim naGaeilge). Tabharfar comhairle shonrach do nagrúpaí seo a leanas:

• Leanaí arb í an Ghaeilge a gcéad teanga agus/nó leanaí atá ag freastal ar scoileanna abhfuil an Ghaeilge mar mheán iontu.Tá sé tábhachtach go dtabharfaidh foireannghairmiúil agus foireann pharaghairmiúiltacaíocht go leanúnach do chothabháil na

Gaeilge. Cuirfear in iúl do na grúpaí gairmiúlasin an lear mór litríochta atá ann a léiríonn nabuntáistí intleachta, labhartha agus nabuntáistí ó thaobh slite beatha a bhaineannleis an dátheangachas. Tabharfar comhairleshonrach le tacú le riachtanais dhátheangachaleanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu.

• Leanaí arb é an Béarla a gcéad teangaagus/nó leanaí atá ag freastal ar scoileanna abhfuil an Béarla mar mheán iontu.Cuirfear eolas ar fáil freisin d’fhoireann nascoile a bhíonn ag déileáil le leanaí a bhfuilriachtanais speisialta acu faoi na buntáistíintleachta, labhartha agus slite beatha abhaineann leis an dátheangachas - agus goháirithe na buntáistí a bhaineann le Gaeilge afhoghlaim agus a úsáid.

• Clann inimirceach in Éirinn.Tabharfar an deis do leanaí inimirceach atátar éis teacht go hÉirinn le gairid a bheithpáirteach i ngach gníomhaíocht Gaeilge agustabharfar aird faoi leith ar a gcuid riachtanasfoghlama teanga.

Oideachas sa Ghaeltacht

Baineann na bearta thuas ar fad chomh maithcéanna leis an nGaeltacht. Chomh maith leo sin,aithníonn an Rialtas an deacracht faoi leith abhaineann le freastal ar riachtanais leanaí lenambaineann cumais teanga éagsúla i scoileannaGaeltachta. Agus féadann an scéal sin a bheithníos casta fós ag brath ar stádas na Gaeilgelaistigh de phobal na scoile. Aithnítear gur ceistmhór do scoileanna Gaeltachta iad acmhainníteagaisc ag an mbunleibhéal agus ag an daraleibhéal araon. Is fiú a thabhairt ar aird, debharr infheistíochta ó Fhoras na Gaeilge agus óngComhairle um Oideachas Gaeltachta agusGaelscolaíochta (COGG), go bhfuil feabhas mórtagtha ar acmhainní atá ar fáil do theagasc tríGhaeilge cé go dteastaíonn infheistíochtmharthanach sa réimse sin. Baineann nariachtanais chéanna le gaelscoileanna. Chomhmaith leis sin, tá géarghá le hacmhainní donGhaeilge a sholáthar do bhunscoileanna a bhfuilan Béarla mar mheán iontu.

Ag an am céanna, tuigeann an Rialtas go maithan tábhacht a bhaineann leis an gcórasoideachais ó thaobh chothabháil na teanga saGhaeltacht agus cuireadh an cuspóir sin sanáireamh san Acht Oideachais 1998. Chomhmaith leis na tionscnaimh sin atá luaite thuas, tásocraithe ag an Rialtas roinnt beart a bhrú chuncinn sa Ghaeltacht mar chuid den Straitéis seo:

Page 17: STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030 · 2020. 9. 29. · Bhaile Átha Cliath, thar ceann an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Ó thaobh na Gaeltachta

STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030

17

• Déanfar athbhreithniú ar an scéimscoláireachtaí Gaeltachta a fheidhmíonn anRoinn Oideachais agus Scileanna le súil curlena héifeachtacht mar mheicníochttacaíochta don Ghaeilge;

• Déanfar beart láithreach le dlús a chur leforbairt an ionaid acmhainní oideachaisGhaeilge i mBaile Bhuirne i gCo. Chorcaí;

• Déanfar forbairt ar aonad sealbhaithe teangaag an mbunleibhéal i ngach ceann de na tríphríomhréigiún Gaeltachta;

• Déanfar soláthar freisin do dhianchúrsaísamhraidh/tráthnóna do dhaltaí iar-bhunscoile sa Ghaeltacht a dteastaíonn breistacaíochta uathu;

• Leanfaidh an Roinn Oideachais agus Scileannaag leithroinnt cigirí ainmnithe do scoileannaGaeltachta agus do ghaelscoileanna;

• Déanfar athbhreithniú ar an gcur chuige atáann faoi láthair ó thaobh Coláistí SamhraidhGaeltachta ar mhaithe le ról níoscomhleanúnaí a thabhairt don Stát i rialáilagus i bhforbairt na gcoláistí sin, le cur lehéifeachtacht agus caighdeán na seirbhísí achuirtear ar fáil iontu agus le próiseas dearthacuraclaim a chinntiú iontu atá níos fearr agusníos comhleanúnaí;

• Beidh sé fós ina pholasaí náisiúntatumoideachas trí Ghaeilge a chur chun cinn ingach ábhar seachas Béarla i scoileannaGaeltachta agus i ngaelscoileanna agus inaíonraí;

• Déanfar athbhreithniú ar an soláthartumoideachais ag leibhéal na hiarbhunscoilesna gaelscoileanna agus sa Ghaeltacht;

• Déanfar scéimeanna a fheidhmíonn an RoinnGnóthaí Pobail, Comhionannais agusGaeltachta chun tacú leis an gcóras oideachaissa Ghaeltacht (amhail tacaíochtaí do chúntóiríGaeilge agus tacaíochtaí eile i scoileannaGaeltachta, chomh maith leis an scéimcuairteanna baile ar mhaithe le tacaíochtteanga) a neartú i gcomhairle leis an RoinnOideachais agus Scileanna;

• Leanfar de bheith ag tabhairt deise do gachdalta Gaeltachta a gcuid oideachais a fháil trímheán na Gaeilge. Déanfaidh an RoinnOideachais agus Scileanna i gcomhairle leis anRoinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agusGaeltachta iniúchadh ar na socruithe

oiriúnacha don soláthar sin i gcúinsíathraitheacha gach limistéir Ghaeltachta aguscuirfear i bhfeidhm iad; agus

• Déanfar socruithe struchtúrtha cuí, igcomhthéacs aon athbhreithniú ar struchtúirna gCoistí Gairmoideachais ar bhonnnáisiúnta chun soláthar a dhéanamhd’oideachas dara leibhéal lán-Ghaeilge ar fudan Stáit, lena n-áireofar sa Ghaeltacht, aguschun a chinntiú go mbeidh an fhoireann arfad i ngaelscoileanna ábalta a gcuid gnó adhéanamh trí Ghaeilge ar bhonn laethúilagus go nglacfar le cur chuige comhtháite óthaobh seirbhísí cúnta, comhairleacha agustacaíochta a chur ar fáil do ghaelscoileannachun go soláthrófar na seirbhísí sin i nGaeilgenuair is féidir. Cuirfear tacaíochtaí oideachaisamhail téacsleabhair agus ábhairchlosamhairc i nGaeilge ar fáil do nascoileanna sin.

Bunú Scoileanna Nua

Leagann an tAcht Oideachais 1998 oibleagáidísonracha ar an gcóras cur leis an bpolasaí agusna cuspóirí náisiúnta maidir leis an nGaeilge abhaint amach, an Ghaeilge a chothú marphríomhtheanga phobail i limistéir Ghaeltachtaagus riachtanais teanga agus chultúir mhic léinna chur chun cinn ag féachaint do roghanna agcuid tuismitheoirí.

Bhí cur chun cinn na Gaeilge mar aidhmthábhachtach ag rialtas i ndiaidh rialtais inÉirinn agus tá freastal déanta ag an RoinnOideachais agus Scileanna ar éilimh ar scolaíochttrí mheán na Gaeilge atá imithe i méid leblianta beaga anuas. Tá sé sin soiléir ag anmbunleibhéal ón líon níos airde gaelscoileannaa bunaíodh lasmuigh de limistéir Ghaeltachta.Tá 17 gaelscoil nua aitheanta ag an Roinn ar aniomlán ó 2005, sin 138 gaelscoil san iomlán abhfuil aitheantas acu. Ag an iarbhunleibhéal, táan líon gaelcholáistí (gaelscoileanna daraleibhéal) ardaithe go 45 (agus 13 díobh sinbunaithe ó 2000) agus in éineacht leis sin, tá 10n-aonad (sain-aonaid ina bhfuil an Ghaeilge marmheán agus atá nasctha le scoil dara leibhéal)agus 10 sruth (sruth nó rang labhartha Gaeilge iscoil ina bhfuil an Béarla mar mheán).Éascaíonn struchtúr an aonaid agus an tsruthasoláthar oideachais trí mheán na Gaeilge sa chásgo bhfuil éileamh mór ar oideachas trí mheánna Gaeilge ach nach mbeadh dóthain éilimh anndo ghaelscoil neamhspleách.

Page 18: STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030 · 2020. 9. 29. · Bhaile Átha Cliath, thar ceann an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Ó thaobh na Gaeltachta

STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030

18

B’éigean níos mó áiteanna scoile breise asholáthar i gceantair áirithe ar fud na tíre margheall ar an ardú sa daonra le deich mblianaanuas nó mar sin agus meastar go leanfaidh an t-ardú sin sa tréimhse ghearrthéarmach go dtí antréimhse mheántéarmach. Tá éileamh níos móann ar éagsúlacht ó thaobh cineálachascoileanna, lena n-áirítear oideachas trí mheánna Gaeilge, ar fud na tíre in áiteanna a bhfuil andaonra ag fás iontu agus áiteanna nach bhfuil.Fágann na héilimh sin atá ag dul i neart gogcaithfear leasú a dhéanamh ar na nósannaimeachta ó thaobh aitheantais a thabhairt dobhunscoileanna nua. Go dtí go mbeidh an t-athbhreithniú sin déanta, bhí ar an RoinnOideachais agus Scileanna glacadh le straitéiseatramhach faoina gceadaítear bunscoileannanua a bhunú chun freastal a dhéanamh ar fhásdéimeagrafach agus sin amháin, chun go mbainfíamach an tosaíocht fhoriomlán go mbeidh áitscoile ar fáil do gach leanbh. Is é an Coimisiúnum Chóiríocht Scoile atá i mbun anathbhreithnithe, a bhfuil dul chun cinn maithdéanta ann, agus tá na comhpháirtitheoideachais ar fad páirteach san obair. Is é antoradh a bheidh ar an athbhreithniú gombreithneofar socruithe nua ó thaobhbunscoileanna nua a aithint agus go nglacfar leo.Déanfar na héilimh ar leathnú ar sholátharoideachais trí mheán na Gaeilge a bhreithniú igcomhthéacs na socruithe nua a bhunófar óthaobh aitheantas a thabhairt do scoileanna nua.

Ag an iar-bhunleibhéal, bunaíodh socruithe nuad’aitheantas scoileanna dara leibhéal i mí Iúil2010. Tá soláthar iontu sin do chreat nua inaleagtar amach critéir shoiléire faoina ndéanfariarratais ar scoileanna nua dara leibhéal amheas. Samhlaíonn na critéir nua sin nachmbunófar scoileanna nua ach in áiteanna inambeidh éileamh déimeagrafach agus gur idir800 agus 1000 dalta ar an meán a bheidh snascoileanna nua. Leag na critéir amach freisingur 400 an bhonntairseach do ghaelcholáistí, agféachaint don rogha ar aonad a bhunú laistighde scoil.

An Chomhairle um OideachasGaeltachta agus Gaelscolaíochta(COGG)

Beidh príomhról ag an gComhairle umOideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta ibhfeidhmiú na Straitéise san earnáil oideachais igcomhar leis na gníomhaireachtaí atá ann.Cuirfear an fhoireann chuí agus na hacmhainní

cuí ar fáil don Chomhairle lena dualgas achomhlíonadh mar atá:

• soláthar téacsleabhar agus áiseannad’fhoghlaim agus do mhúineadh trí Ghaeilgea phleanáil agus a chomhordú;

• comhairle a chur ar an Aire maidir le polasaithea bhaineann le hoideachas trí mheán naGaeilge a chur ar fáil agus a chur chun cinn iscoileanna aitheanta i gcoitinne agus iscoileanna atá suite i limistéar Gaeltachta;

• seirbhísí taca trí mheán na Gaeilge a chur arfáil do na scoileanna sin;

• taighde a sheoladh ar aon ní nó ar gach nílena mbaineann an mhír seo; agus

• soláthar téacsleabhar agus áiseannad’fhoghlaim agus do mhúineadh na Gaeilge aphleanáil agus a chomhordú agus taighde asheoladh agus comhairle a chur ar an Airemaidir le straitéisí a bhfuil an cuspóir acufeabhas a chur ar éifeachtacht mhúineadh naGaeilge i scoileanna aitheanta agus i lárionaidoideachais.

Neartófar ról COGG mar aitheantas ar an ngá ledul i ngleic le saincheisteanna éagsúla abhaineann go sonrach le teagasc agus lefoghlaim na Gaeilge i scoileanna atá ag feidhmiútrí mheán na Gaeilge, sa Ghaeltacht aguslasmuigh di araon, agus le teagasc na Gaeilge ingach scoil aitheanta. Beidh ról lárnach agCOGG ó thaobh comhairle dhíreach a chur arghaelscoileanna faoi dhea-chleachtas i dtaca lehoideachas a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.

I ndáil leis an tsaincheist thábhachtach abhaineann le riachtanais shainiúla scoileannaGaeltachta agus riachtanais shainiúlaghaelscoileanna, déanfaidh grúpa ardleibhéilathbhreithniú ar na polasaithe atá ann i láthairna huaire agus déanfaidh siad iniúchadh arathruithe féideartha, lena n-áirítear forbairtpolasaithe nua do scoileanna Gaeltachta agusdo ghaelscoileanna. Déanfar feidhmeannaféideartha eile do COGG a bhreithniú igcomhthéacs an phlé sin.

Beidh ionadaithe de chuid na bpáirtitheleasmhara ábhartha ar an ngrúpa ardleibhéil,lena n-áirítear an Roinn Oideachais agusScileanna, an Roinn Gnóthaí Pobail,Comhionannais agus Gaeltachta, an Chomhairleum Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta,Foras na Gaeilge agus Údarás nua na Gaeilgeagus na Gaeltachta.

Page 19: STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030 · 2020. 9. 29. · Bhaile Átha Cliath, thar ceann an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Ó thaobh na Gaeltachta

STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030

19

Cúrsaí Gaeilge Tríú Leibhéal Thar Lear

Bhunaigh an Roinn Gnóthaí Pobail,Comhionannais agus Gaeltachta cistetiomnaithe sa bhliain 2006 chun tacú le forbairtcúrsaí Gaeilge in institiúidí tríú leibhéal tharlear. Is iad aidhmeanna an chiste dea-thoil ileith na Gaeilge agus go deimhin i leith nahÉireann agus cultúr na hÉireann a chothú agusa chur chun cinn ar fud na hEorpa, MheiriceáThuaidh agus Cheanada agus ardán a sholátharóna bhféadfaí an Ghaeilge a mheas agus a léiriúmar theanga idirnáisiúnta. Cuireann sé sin lefeasacht faoin nGaeilge agus faoi chultúr nahÉireann lasmuigh d’Éirinn agus cothaíonn sénaisc idir Éirinn agus na tíortha ina bhfuil nahInstitiúidí sin, rud a fhágann go mbeidh torthaídearfacha ann don teanga sa tréimhsefhadtéarmach. Tugann sé deis iontach freisin anGhaeilge a chur i láthair an phobail acadúil arfud an domhain agus tugann sé an stádascéanna don Ghaeilge agus atá ag teangachaEorpacha eile a mhúintear ar fud an domhain.Ina theannta sin, leanann go leor mac léinn adhéanann staidéar ar an nGaeilge ina dtíorthaféin lena gcuid staidéir anseo in Éirinn agus dábharr sin bíonn mic léinn ó gach cearn dendomhan ag freastal ar chúrsaí sa Ghaeltacht. Dábharr sin, cruthaítear cairdeas, suim agustuiscint maidir leis an teanga agus cultúr saibhirna tíre seo.

Faoi láthair, tá breis is tríocha coláiste agusollscoil tríú leibhéal sna Stáit Aontaithe, idtíortha san Eoraip agus níos faide i gcéin agsoláthar clár Ghaeilge agus clár sa LéannCeilteach ina gcuid institiúidí.

Leanfaidh an Roinn Gnóthaí Pobail,Comhionannais agus Gaeltachta ar aghaidh leisna bearta sin chun tacú le teagasc na Gaeilgethar lear (lena n-áirítear an comhchlár leCoimisiún Fulbright agus an Ireland CanadaUniversity Foundation) mar mhodh chunleathnú breise a dhéanamh ar mhúineadh agusar fhoghlaim na Gaeilge in ollscoileannalasmuigh d’Éirinn.

6.2 RÉIMSÍ GNÍMH - AN GHAELTACHT

I Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge 2006,dhearbhaigh an Rialtas a pholasaí ó thaobh anGhaeltacht a neartú mar phobal ina labhraítearan Ghaeilge agus dhaingnigh an Rialtais athacaíocht don Ghaeilge. Tá trí chuspóir athagraíonn don Ghaeltacht sa Ráiteas:

Cuspóir 3: Tabharfar spreagadh agus tacaíochtdo phobal na Gaeilge sa Ghaeltacht aguslasmuigh de, an Ghaeilge a thabhairt don chéadghlúin eile mar theanga theaghlaigh. Chuigesin, cuirfear réimse leathan seirbhísí ar fáil trímheán na Gaeilge.

Cuspóir 4: Tabharfar tacaíocht ar leith donGhaeltacht mar cheantar labhartha Gaeilge.

Cuspóir 11: Leanfar le treisiú na hoibre atá arbun ag an Roinn Gnóthaí Pobail,Comhionannais agus Gaeltachta agus ag nagníomhaireachtaí a thagann faoina scáth chunan Ghaeilge a chur chun cinn go náisiúnta aguschun í a threisiú sa Ghaeltacht.

Moltar sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht 2007 gur chóirgurb é an príomhfhócas straitéiseach ó thaobhpolasaí teanga sa Ghaeltacht tacaíocht athabhairt sa todhchaí do ghlúnta tuismitheoiríóga Gaeltachta agus a chur ar a gcumas a gcuidleanaí a thógáil le Gaeilge. Dearbhaíonn anStaidéar ach go háirithe an tábhacht abhaineann leis an líon cainteoirí gníomhachaGaeilge atá i limistéir Ghaeltachta a chaomhnúagus a mhéadú.

Is sa chomhthéacs sin atá an Rialtas ag feidhmiúna n-athruithe móra atá leagtha amach saStraitéis seo. Beidh forbairt córas cuimsitheachpleanála teanga ag leibhéal an phobail saGhaeltacht ag croílár na straitéise a bhunófarchun a chinntiú go mairfidh an Ghaeilge martheanga phobail sa Ghaeltacht.

Page 20: STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030 · 2020. 9. 29. · Bhaile Átha Cliath, thar ceann an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Ó thaobh na Gaeltachta

STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030

20

Stádas teanga pobal Gaeltachta –reachtaíocht nua

Glacann an Rialtas tríd is tríd le treo ghinearáltana moltaí sa Staidéar CuimsitheachTeangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltachtmaidir le stádas na Gaeltachta a bheithbunaithe ar chritéir teanga. Tabharfar stádasreachtúil dó sin trí Acht Gaeltachta nua. Beidhan sainmhíniú bunaithe ar an mórchuid ar nacritéir atá leagtha amach sa Staidéar le roinntmionathruithe bunúsacha.

Mar a luadh roimhe seo, bunófar Údarás naGaeilge agus na Gaeltachta a bheidh freagrachas gnóthaí Gaeilge ar fud an Stáit. Beidh acheannáras sa Ghaeltacht agus beidh séfreagrach as feidhmeanna ábhartha atá Údarásna Gaeltachta ag cur i bhfeidhm faoi láthair,mar aon le heagraíochtaí neamhrialtasacha aguseagraíochtaí Stáit eile mar is cuí. Ullmhófarreachtaíocht in 2011 chun an tÚdarás seo abhunú. Tabharfar aird ar a shainchúramGaeltachta agus ar a shainchúram náisiúnta níosleithne araon. Tabharfar aghaidh freisin ar anngá atá le saineolas sa réimse pleanálateangacha mionlaigh nuair a bhunófar astruchtúr stiúrtha. Coinneoidh an t-údarás nua,Údarás na Gaeilge agus na Gaeltachta, nafeidhmeanna atá Údarás na Gaeltachta ag cur ibhfeidhm i láthair na huaire, lena n-áirítearfeidhm fiontraíochta.

Chun críocha pleanála teanga agus feidhmitheteanga, beidh na cineálacha éagsúlaidirghabhálacha straitéiseacha agus cothabhálateanga (lena n-áirítear pleananna teangacomhtháite) bunaithe ar riachtanais teangaaitheanta na bpobal éagsúil d’fhonn an líondaoine a labhraíonn Gaeilge ó lá go lá a ardú.

I gcás pobal ina labhraíonn a thromlach Gaeilge,cuirfear an bhéim ar na pobail sin atá láidir óthaobh na teanga a chosaint agus a neartú trínachinntiú go gcoinneofar an Ghaeilge martheanga an phobail sna réigiúin sin. I gcásréigiúin Ghaeltachta eile ina labhraíonnmionlach sách mór an Ghaeilge ó lá go lá,cuirfear an bhéim ar na gréasáin phobailGhaeilge atá fós iontu a neartú.

Tabharfar tréimhse dhá bhliain do phobail nachmbeidh ábalta na critéir sa reachtaíocht nua achomhlíonadh chun pleananna a fhorbairt lenachinntiú go gcoinneoidh siad a stádas marphobail Ghaeltachta. Ní bheidh pobail nach

n-éireoidh leo pleananna inbhuanaitheinghlactha a fhorbairt laistigh den tréimhse dhábhliain san áireamh níos mó mar chuid denGhaeltacht.

Déanfar athbhreithniú ar na pleananna gachseacht mbliana agus caillfidh ceantair nachmbaineann na critéir teanga Gaeltachta a bheidhleagtha síos faoin Acht nua amach a stádasGaeltachta. Féadfar ceantair nua a chur isteach saGhaeltacht freisin má chomhlíonann siad na critéirteanga a bheidh leagtha síos faoin Acht nua.

Pleanáil Teanga sa Ghaeltacht

Tosófar próiseas pleanála teanga agus déanfarplean teanga a ullmhú ag leibhéal pobail dogach ceantar Gaeltachta faoin Acht nua.Déanfaidh na pleananna sin comhtháthú ar angcur chuige maidir le ceisteanna teanga,oideachas, pleanáil fhisiciúil agus forbairtshóisialta agus pobail. Beidh rannpháirtíochtagus comhoibriú ón bpobal ríthábhachtach.Cuirfear acmhainní ar fáil leis na pleanannateanga a chur i bhfeidhm.

Thar aon ní eile, beidh na pleananna sin teanga-lárnaithe. Cuimseofar gach gné de shaol anphobail sna ceantair sin iontu. Tabharfartosaíocht do ghníomhaíochtaí pleanála teanga abhfuil gá leo le háit na Gaeilge mar theangaphobail a chinntiú chun aghaidh a thabhairt aran mbagairt d’inbhuanaitheacht na Gaeltachtamar eintiteas teanga. Beidh gníomhaíochtaí/pleananna sna pleananna teanga sin leagthaamach faoi na ceannteidil seo a leanas:

• Pleanáil Oideachais;

• Seirbhísí Tacaíochta Teaghlaigh, lena n-áirítear seirbhísí cúram leanaí, seirbhísíréamhscoile, seirbhísí comhairle teanga dotheaghlaigh, seirbhísí iarscoile, gréasáin dothuismitheoirí agus do leanaí a labhraíonnGaeilge, seirbhísí comhairle réamhphóstaagus réamhbhreithe, clár feasachta teanga dotheaghlaigh, seirbhísí teiripe urlabhra agussíceolaíochta, agus seirbhísí sláinte poiblí;

• Seirbhísí Óige, lena n-áirítear feasacht teangaa chur chun cinn i measc daoine óga saGhaeltacht, i gColáistí Samhraidh agus igcampaí Gaeltachta;

• Seirbhísí Rialtais Áitiúil;

• Pleanáil Áitiúil agus Fhisiciúil, lena n-áirítearforbairt infreastruchtúir, forbairteacnamaíochta, polasaí tithíochta aguslonnaíochta.

Page 21: STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030 · 2020. 9. 29. · Bhaile Átha Cliath, thar ceann an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Ó thaobh na Gaeltachta

STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030

21

• Forbairt Pobail;

• Pleanáil d’fhorbairt eacnamaíochta,thionsclaíoch agus gnó áitiúil, lena n-áirítearcur chun cinn feasachta teanga i meascsoláthraithe seirbhísí gnó i gceantairGhaeltachta;

• Forbairt ar Thurasóireacht Oideachais/Cultúir;

• Seirbhísí Reiligiún;

• Cúram do dhaoine scothaosta;

• Cúram do Leanaí a bhfuil riachtanaisspeisialta acu;

• Seirbhísí Sláinte; agus

• Spórt.

Cinnfear amach anseo caiteachas an Stáit ar anteanga sa Ghaeltacht de réir an tionchair abheidh aige ar an teanga agus tabharfartosaíocht faoi leith do thacaíochtaí teanga dotheaghlaigh agus do dhaoine óga chun achinntiú go leanfar de bheith ag cur na teangaar aghaidh ó ghlúin go glúin.

Cuirfear béim faoi leith ar chur chun cinn cultúróige Gaeilge sa Ghaeltacht agus dá bharr sindéanfar tuilleadh forbartha ar sheirbhísí óige naGaeltachta agus ar naisc trí Choláistí SamhraidhGaeltachta le heagraíochtaí óige náisiúnta.

Déanfaidh an Stát forbairt freisin ar shraithchuimsitheach tacaíochtaí do theaghlaigh saGhaeltacht a labhraíonn Gaeilge i gcomhairle letuismitheoirí leanaí óga agus naíonán agustuismitheoirí atá ag súil le páiste.

Pleanáil agus Forbairt sa Ghaeltacht

Ullmhóidh an Roinn Comhshaoil, Oidhreachtaagus Rialtais Áitiúil treoirlínte leathana pleanálachun cuidiú le húdaráis áitiúla maidir lefeidhmiú an Achta Pleanála agus Forbartha saGhaeltacht chun a chinntiú go dtabharfarcosaint d’fhéiniúlacht teanga faoi leith naGaeltachta.

Mar aitheantas ar an riachtanas atá lecomhoibriú níos fearr idir rialtas áitiúil agusrialtas náisiúnta agus idir na hearnálachaéagsúla chun seirbhís níos éifeachtúlacomhtháite a sholáthar, beidh sé mar aidhm agan Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus RialtaisÁitiúil i gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Pobail,

Comhionannais agus Gaeltachta agus naBainisteoirí Cathrach agus Contae forbairt adhéanamh ar sheirbhísí comhroinnte nua agusbeidh saineolas cuí ann do na limistéirGhaeltachta san earnáil pleanála.

Bainfidh an stádas céanna le pleanannalimistéar Gaeltachta agus a bhaineann lepleananna bailte. Chomh maith le ceadú a fháilón údarás áitiúil, ceadóidh Údarás nua naGaeilge agus na Gaeltachta na pleananna chuna chinntiú go mbeidh dóthain ionchuir iontu óthaobh a chinntiú go bhfuil inbhuanaitheachtna teanga ina gné de na pleananna.

Seirbhísí á soláthar chuig pobailGhaeltachta

Is iad an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannaisagus Gaeltachta agus Údarás na Gaeilge agus naGaeltachta a dhéanfaidh soláthar ar an oireadseirbhísí agus is féidir sa Ghaeltacht nachseirbhísí teanga iad, i bhfianaise an chumaisfhócasaithe atá acu seirbhísí a sholáthar tríGhaeilge.

6.3 RÉIMSÍ GNÍMH – AN TEAGHLACH AGCUR NA TEANGA AR AGHAIDH –IDIRGHABHÁIL LUATH

Tá an-tábhacht leis na gníomhartha atábeartaithe sa réimse a bhaineann leis anteaghlach ó thaobh an teanga a chur araghaidh. Tá an cuspóir seo a leanas i Ráiteas anRialtais i leith na Gaeilge 2006:

Cuspóir 3: Tabharfar spreagadh agus tacaíochtdo phobal na Gaeilge sa Ghaeltacht aguslasmuigh de, an Ghaeilge a thabhairt don chéadghlúin eile mar theanga theaghlaigh. Chuigesin, cuirfear réimse leathan seirbhísí ar fáil trímheán na Gaeilge.

Is gné fhíorthábhachtach ó thaobh an phróisispleanála teanga an teanga a chur ar aghaidh sateaghlach chuig an gcéad ghlúin eile agus iscloch choirnéil é san obair ó thaobh cur leis anméid cainteoirí líofa.

Tá níos mó aitheantais á thabhairt ar fud andomhain anois ar chur ar aghaidh na teanga sateaghlach mar cheann de na príomhcheisteannaa gcaithfear a chíoradh má tá teangacha

Page 22: STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030 · 2020. 9. 29. · Bhaile Átha Cliath, thar ceann an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Ó thaobh na Gaeltachta

STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030

22

neamhfhorleathana le tabhairt slán. Teastaíonntreoir agus comhairle ó theaghlaigh inalabhraíonn na tuismitheoirí Gaeilge faoin gcaoiinar féidir leo a gcuid leanaí a thógáil marchainteoirí cothroma dátheangacha, go háirithemura labhraíonn ach tuismitheoir amháin anteanga.

Tá fíorthábhacht leis an mbaile, leis an teaghlachagus leis an gcomharsanacht - an chéim sind’idirghníomhú neamhfhoirmiúil cainte ó lá golá idir seantuistí, tuismitheoirí agus leanaí - óthaobh an Ghaeilge a choinneáil mar theangabheo. Is é an teaghlach an chloch choirnéil óthaobh a leithéid de chur ar aghaidh teanga.Thar aon ní eile, is sa teaghlach a chothaítear, aroinntear agus a mhúnlaítear ceangal dlúth leteanga agus le gníomhaíochtaí teanga inabhféiniúlacht phearsanta agus shóisialta chomhmaith le féiniúlacht teanga agus cultúir.

B’fhéidir nach dtuigeann tuismitheoirí gohiomlán na buntáistí eacnamaíochta,fostaíochta agus oideachais a bhaineann leGaeilge a labhairt lena gcuid leanaí. Baineannna hidirghabhálacha atá molta sa réimse seomar sin le spreagadh agus tacaíocht a thabhairtdo thuismitheoirí a gcuid leanaí a thógáil godátheangach ar thaobh amháin agus, ar antaobh eile, le heolas fíriciúil a chur ar fáil aguscur le feasacht faoi na buntáistí nádúrtha abhaineann leis an leanbh a bheith ábalta níosmó ná teanga amháin a labhairt.

Is é an aidhm a bheidh ag tacaíochtaí Stáit marsin ó thaobh chur ar aghaidh na teanga sateaghlach ná:

• comhairle, treoir agus tacaíocht a chur ar fáildo theaghlaigh ina labhraítear an Ghaeilge sateach; agus

• níos mó tuisceana faoi dhátheangachaspraiticiúil sa timpeallacht teaghlaigh a churchun cinn.

Is é seo a bheidh i gceist leis sin, i dtéarmaípraiticiúla:

• cur le feasacht i measc tuismitheoirí, daoine abheidh ina dtuismitheoirí amach anseo, agus imeasc an phobail tríd is tríd faoi bhuntáistí andátheangachais;

• tacú le hathrú patrúin teanga teaghlach inalabhraíonn tuismitheoir amháin Gaeilged’fhonn cur leis an líon leanaí a labhraíonnidir Ghaeilge agus Bhéarla sa bhaile; agus

• na buntáistí a bhaineann leis andátheangachas a chur in iúl ina gcuid oibre ólá go lá do na soláthraithe seirbhísí sóisialtaagus sláinte a chuireann comhairle arthuismitheoirí nua.

Tá go leor taithí i ndlínsí eile, lena n-áirítear anBhreatain Bheag agus Tír na mBascach, maidir letacaíocht do thuismitheoirí a bhíonn ag tógáilclainne le dhá theanga. Agus muid ag tógáil aran taithí in Éirinn, ó thaobh tacú le gréasáin detheaghlaigh a labhraíonn Gaeilge ach goháirithe agus ó thaobh tacaíocht teanga a churar fáil do leanaí i scoileanna Gaeltachta, agus agtógáil ar an dea-chleachtas idirnáisiúnta,socrófar raon beart praiticiúil d’fhonn tacú leisan nGaeilge a tharchur sa teaghlach:

• Leathnófar Scéim na gCúntóirí Teanga atá agfeidhmiú i scoileanna Gaeltachta chuig gachgaelscoil;

• Tabharfaimid tacaíocht níos fearr doghréasáin de theaghlaigh a labhraíonnGaeilge ag an leibhéal áitiúil;

• Tacóimid le cláir chun cuidiú le seantuistí agusle daoine scothaosta eile an teanga a chur araghaidh go dtí an chéad ghlúin eile;

• Socrófar deiseanna foghlama teanga abheidh dírithe d’fhonn cuidiú le teaghlaighnach labhraíonn ach tuismitheoir amháiniontu an Ghaeilge;

• Cuirfidh na Coláistí Samhraidh Gaeltachtaníos mó béime ar thaithí foghlama teanga dotheaghlaigh chun gur féidir gréasáin ina n-úsáidtear an Ghaeilge go nádúrtha a churchun cinn trí mheicníochtaí ina leanfar leo sini measc teaghlach agus grúpaí cairde nuair abhíonn an tréimhse sa Choláiste Samhraidhthart;

• Cuirfimid le feasacht faoi na buntáistí abhaineann leis an dátheangachas in obairphríomhshrutha gairmithe sláinte aguscúraim shóisialta a bhíonn ag obair leteaghlaigh óga; agus

• Is é Údarás nua na Gaeilge agus na Gaeltachtaa chomhlíonfaidh feidhmeanna na gcoistícontae cúram leanaí sa todhchaí maidir leis anearnáil réamhscolaíochta ar fud an Stáit.

Page 23: STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030 · 2020. 9. 29. · Bhaile Átha Cliath, thar ceann an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Ó thaobh na Gaeltachta

STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030

23

6.4 - RÉIMSÍ GNÍMH - RIARACHÁN,SEIRBHÍSÍ AGUS POBAL

Tá na gníomhartha atá beartaithe i réimse anriaracháin, seirbhísí agus pobail leagtha amachchun tacú le go mbainfear amach cumas,deiseanna agus dearcthaí a chuideoidh leleathnú na Gaeilge. Tá cúig chuspóir i Ráiteasan Rialtais i leith na Gaeilge 2006 maidir leis naréimsí sin:

Cuspóir 3: Tabharfar spreagadh agus tacaíochtdo phobal na Gaeilge sa Ghaeltacht aguslasmuigh de, an Ghaeilge a thabhairt don chéadghlúin eile mar theanga theaghlaigh. Chuigesin, cuirfear réimse leathan seirbhísí ar fáil trímheán na Gaeilge.

Cuspóir 8: Leanfar leis an tacaíocht a thugannan Stát d’Fhoras na Gaeilge de réir an Achta umChomhaontú na Breataine-na hÉireann 1999.

Cuspóir 11: Leanfar le treisiú na hoibre atá arbun ag an Roinn Gnóthaí Pobail,Comhionannais agus Gaeltachta agus ag nagníomhaireachtaí a thagann faoina scáth chunan Ghaeilge a chur chun cinn go náisiúnta aguschun í a threisiú sa Ghaeltacht.

Cuspóir 12: Leanfar agus déanfar forbairt arúsáid na Gaeilge sa Gharda Síochána agus snaFórsaí Cosanta.

Cuspóir 13: Aithníonn an Rialtas an rólfíorthábhachtach atá ag an earnáil dheonachGhaeilge agus leanfar ag tabhairt tacaíochta di.

Athruithe Struchtúrtha

Déanfar líon athruithe móra struchtúrtha:

• Tabharfar reachtaíocht nua isteach d’fhonnÚdarás nua na Gaeilge agus na Gaeltachta abhunú, a mbeidh freagracht air as gnóthaíGaeilge ar fud an Stáit;

• Leanfar de bheith ag tacú le Foras na Gaeilgeó thaobh acmhainní agus tacaíochtaí a churar fáil don teanga ag leibhéal uile-Éireann;

• Aithneofar catagóir eile pobail teanga sanAcht nua chun soláthar a dhéanamh dospriocthionscnaimh le pobail/gréasáin nuateanga a fhorbairt lasmuigh den Ghaeltacht.I bpobail uirbeacha is mó a bheidh siad sin,pobail a bhfuil an mhais chriticiúil riachtanachde thacaíocht Stáit agus pobail acu donGhaeilge;

• Agus aitheantas á thabhairt don ghá atá leníos mó comhoibrithe idir rialtas áitiúil agusrialtas náisiúnta agus idir na hearnálachaéagsúla ó thaobh sholáthar seirbhísíéifeachtacha comhtháite, oibreoidh napáirtithe leasmhara cuí i gcomhar lena chéiled’fhonn seirbhísí comhroinnte nua a mbeidhan saineolas cuí acu a fhorbairt do na limistéirGhaeltachta sa réimse pleanála; agus

• Déanfar breithniú ar chomh hindéanta agus abheidh sé go gcuirfidh Údarás nua na Gaeilgeagus na Gaeltachta, ar bhonngníomhaireachta, feidhmeanna trí Ghaeilge igcrích do chomhlachtaí poiblí eile, laistighagus lasmuigh den Ghaeltacht.

Bearta don Ghaeilge sa tSeirbhís Phoiblí

Ní mór cláir feasachta teanga agus cláir oiliúnateanga a fhorbairt agus a neartú chun gombeadh cion níos mó d’fhoireann na seirbhísepoiblí in ann go fírinneach feidhmiú i nGaeilgeagus in ann seirbhísí a sholáthar i nGaeilge dochustaiméirí a bhíonn á n-iarraidh sin.Ceapfaidh an Roinn Airgeadais agus an tSeirbhísum Cheapacháin Phoiblí socruithe cuí d’fhonncur leis an gcohórt seirbhíseach poiblí atá in annfeidhmiú go dátheangach. Bunófar nasocruithe sin de réir a chéile, ag aithint nasrianta atá faoi láthair ar earcaíocht chuig anearnáil phoiblí. Mar thaca leo sin, déanfarforbairt ar chóras creidiúnaithecaighdeánbhunaithe neamhspleách d’inniúlachtGaeilge sa tseirbhís phoiblí laistigh den chreatoibre cáilíochtaí náisiúnta foriomlán atá annfaoi láthair. Dearfar agus tairgfear DioplómaNáisiúnta sa Dátheangachas agus i gCleachtasTeanga d’fhonn cuidiú le seirbhísí arardchaighdeán a sholáthar don phobal imBéarla agus i nGaeilge.

Tá glactha ag Acht na dTeangacha Oifigiúla leisan “scéim teanga” mar an lár-ionstraim trínasoláthrófar seirbhísí dátheangacha. Sonróidhscéimeanna teanga amach anseo na poistlaistigh d’eagraíocht a mbeidh cumas saGhaeilge riachtanach dóibh.

Page 24: STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030 · 2020. 9. 29. · Bhaile Átha Cliath, thar ceann an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Ó thaobh na Gaeltachta

STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030

24

Tionscnaimh agus Pleananna TeangaÁitiúla lasmuigh den Ghaeltacht

Mhol Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch arÚsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht go dtabharfaíaitheantas do chineálacha sonracha pobalteanga sa Ghaeltacht a ndéanfaí sprioc-idirghabhálacha pleanála teanga cuí a cheapadhdóibh. Is dóigh leis an Rialtas go bhfuil sé cuí gondéanfaí cineál nua “Gaeltacht gréasáin” aaithint san Acht nua. Tabharfaidh an chatagóirnua sin deis do spriocthionscnaimh phleanálateanga forbairt a dhéanamh ar phobail/ghréasáin teanga nua lasmuigh den Ghaeltacht.I bpobail uirbeacha, a bhfuil mais chriticiúilbhunúsach tacaíochta pobail agus Stáit iontudon Ghaeilge, nithe mar shaoráidí cúram leanaítrí Ghaeilge, gaelscoileanna, oideachas daraleibhéal trí Ghaeilge, clubanna óige Gaeilgeagus seirbhísí eile lena n-áirítear grúpaímáithreacha agus mamailíneach, seirbhísícreidimh i nGaeilge, a bheidh siad sin. Bainfidhcritéir shonracha a fhorbrófar don chatagóir sinle dearcthaí poiblí, cumas teanga, solátharoideachais trí mheán na Gaeilge agus an toil abheith rannpháirteach go gníomhach idtionscnaimh Ghaeilge.

Tabharfaidh an Roinn Gnóthaí Pobail,Comhionannais agus Gaeltachta agus Údarásnua na Gaeilge agus na Gaeltachta tacaíocht dona pleananna teanga sin. Beidh tacaíocht ar fáilfreisin ó oifigigh Ghaeilge atá fostaithe agúdaráis áitiúla agus ó shaineolaithe eile igcomhlachtaí atá ann cheana féin.

Is é an aidhm a bheidh le plean gnímh áitiúilmuintir na háite agus grúpaí pobail/deonacha athabhairt le chéile le húsáid na Gaeilge a éascúsa cheantar. Déanfar sin trí chomhordú amhéadú agus trí fheasacht an phobail ar nagníomhaíochtaí atá ar siúl a mhúscailt. Beidh séi gceist beocht na Gaeilge sa cheantar áitiúil amhapáil agus a aithint. Anuas air sin, beidhpróiseas iniúchta teanga a aithneoidh laigí agusláidreachtaí leanúnacha agus a sholáthróidhfianaise amshraithe den tionchar a bheadh agpolasaithe a bhaineann le teanga agus leasuithear úsáid iarbhír teanga. Déanfar na pleanannasin a chomhtháthú le Pleananna Teanga Contaeagus áireofar leo ionaid shóisialta agus ionaidacmhainní a fhorbairt.

Is é cuspóir fadtéarmach na pleananna gnímháitiúla:

• coinníollacha sóisialta a chruthú a chothóidhdearcthaí dearfacha i leith na Gaeilge agus achuirfidh lena húsáid go ginearálta;

• úsáid na Gaeilge a normalú mar mheán dochumarsáid shóisialta agus institiúide;

• béim a chur ar an dlúthbhaint idir teangaagus dearcthaí faoi shaincheisteanna i ndáil lecaighdeán maireachtála, an timpeallacht agusan geilleagar áitiúil.

Ceann de na príomhróil a bheidh ag pleanannaGaeilge áitiúla ná foghlaim agus deiseannaúsáide a chothú i scoileanna agus idir scoileannaagus i ngníomhaíochtaí áineasa, trádála,leabharlainne agus pobail. Tabharfaidh anRoinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agusGaeltachta agus Údarás nua na Gaeilge agus naGaeltachta faoi ról gníomhach éascaithe óthaobh tacú le gníomhaíochtaí a bheidhGaeilge-láraithe agus a dhéanfaidh nasc idirfoghlaim teanga ar scoil agus réimsí gaolmharacultúir, áineasa, trádála agus gníomhaíochtaífiontraíochta/fiontair. Déanfar gníomhaíochtaía bhaineann le hoideachas do dhaoine fásta, lehoideachas leanúnach agus ar feadh an tsaoilagus le hoiliúint a chuimsiú le gníomhaíochtaícomhtháthaithe ceantair áitiúil chuntionscnaimh a thugann tacaíocht don Ghaeilgea leathnú ó réimeanna na scoile agus an phobailgo litearthacht do dhaoine fásta, cláir áineasaagus cláir gairmoiliúna.

Áireofar le tionscnaimh áitiúla teanga bunú“ionaid ilfhreastail phobail” chun:

• comhairle a chur ar thuismitheoirí nua armian leo a gcuid leanaí a thógáil leis an dátheanga;

• treoir a thabhairt faoi raon na ndeiseannaoideachais trí mheán na Gaeilge atá ar fáil;

• cuidiú le heagraíochtaí poiblí agus deonachaar mian leo cur leis an méid úsáide abhaineann siad as an nGaeilge; agus

• spreagadh a thabhairt do ghnóthais ar mianleo seirbhís dhátheangach a thairiscint dágcuid custaiméirí.

D’fhéadfaí gníomhaíochtaí a dhíriú ar dheiseannafoghlama agus sóisialta a sholáthar nó a fheabhsúchun cur ar chumas leanaí agus daoine óga agcuid Gaeilge a úsáid lasmuigh den seomra rangai raon gníomhaíochtaí cultúir, sóisialta, áineasaagus spóirt.

Page 25: STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030 · 2020. 9. 29. · Bhaile Átha Cliath, thar ceann an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Ó thaobh na Gaeltachta

STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030

25

Pleananna Teanga Contae

Ceanglófar ar gach contae ina bhfuil Gaeltachtainmnithe, lena n-áirítear ceantair ina bhfuil“Gaeltacht gréasáin”, Pleananna Teanga Contaea ullmhú agus a fheidhmiú. Áireofar le gachplean díobh sin tionscnaimh a bheidh dírithe archéatadán agus líon na ndaoine a labhraíonnGaeilge gach lá a mhéadú gach bliain tríspriocthionscnaimh shonraithe a chur ibhfeidhm sa chontae sin. Déanfaidh napáirtithe leasmhara na bearta sin a chur ibhfeidhm le cúnamh ó shaineolaithe pleanálateanga. Nuair a bheidh measúnú déanta air,d’fhéadfaí an cur chuige seo a leathnú go dtícontaetha eile.

Plean Teanga do Chomhairlí Cathrachagus Contae Bhaile Átha Cliath

Tá cónaí ar líon mór daoine a labhraíonnGaeilge gach lá i Mórcheantar Bhaile ÁthaCliath agus sa cheantar mórthimpeall air.Baineann tábhacht mhór shiombalach leis annGaeilge sa phríomhchathair, ó thaobh mhuintirna hÉireann agus cuairteoirí a thagann go BaileÁtha Cliath le haghaidh gnó nó le haghaidháineasa. Déanfar mórphlean do chur chun cinnna Gaeilge i gCathair Bhaile Átha Cliath agus sacheantar mórthimpeall air a fhorbairt agus afheidhmiú sa chéad tréimhse de ChéimFeidhmithe II. Is é príomhsprioc an phlean sinan méid daoine a labhraíonn Gaeilge i mBaileÁtha Cliath a mhéadú bliain ar bhliain tríd anteanga a dhéanamh níos feiceálaí agus trí churleis na deiseanna atá ann an teanga a úsáid gonádúrtha ó lá go lá sa chathair.

Ról Tábhachtach na hEarnála Deonaí

Beidh ról tábhachtach ag an earnáil dheonacháitiúil ó thaobh forbairt a dhéanamh arthionscnaimh agus ar phleananna teangaáitiúla. Tá sé tábhachtach mar sin go n-éistfí leisan earnáil agus go dtabharfaí deis di cur lepolasaí ag an leibhéal áitiúil, agus go dtabharfaítacaíocht do ghrúpaí atá ag iarraidh plé leis anteanga ag an leibhéal áitiúil agus ag an leibhéalnáisiúnta ar bhealach a théann le haidhmeannaagus le hábhar na Straitéise.

Tá an Ghaeilge mar chuid lárnach d’éiteaseagraíochtaí deonacha náisiúnta cosúil leCumann Lúthchleas Gael agus ComhaltasCeoltóirí Éireann. Aithníonn an Rialtas anpríomhról atá acu ó thaobh chur chun cinn nateanga de. Déanfaidh an Rialtas an tacaíocht achuireann sé ar fáil do na heagraíochtaí sin chun

cuidiú leo an teanga a chur chun cinn a fhorbairtagus a threisiú. D’fhéadfadh ról lárnach a bheithag eagraíochtaí deonacha spóirt agus cultúir eileó thaobh úsáid na Gaeilge lasmuigh den seomraranga a chur chun cinn. Oibreoidh an Rialtas goforghníomhach leis na heagraíochtaí sin chunleas a bhaint as an gcumas atá ag a gcuidgníomhaíochtaí spóirt agus cultúirpobalbhunaithe cuidiú go mór leis an Straitéis.

Faoi láthair cuireann an Stát maoiniú ar fáil doroinnt mhaith eagraíochtaí Gaeilge éagsúla.Tabharfar faoi chur chuige níos comhtháite “óngcliabhán go seanaois” trí atheagrú mór adhéanamh ar eagraíochtaí teanga a fhaigheannmaoiniú ón Stát chun seirbhísí cuimsitheachatacaíochta teanga a sholáthar ar bhonn ceantair.

Ionaid Fhisiciúla Acmhainní

Déanfar ionaid acmhainní tiomanta a fhorbairt ilár Bhaile Átha Cliath agus in áiteanna mórauirbeacha eile. D’fhéadfaí spás amharclainne,siopaí caifé agus bialanna, siopaí leabhar, oifigíd’eagraíochtaí Gaeilge, ionaid idirlín, ábhair abhaineann leis an stair, seomraí cruinnithe aguscomhdhála, áiteanna taispeána, agus aonaid doghnólachtaí nua-thionscanta a bhaineann leforbairt agus taighde a chur ar fáil sna hionaidsin. In áiteanna eile, úsáidfear na hionaidacmhainní atá ann cheana féin, lena n-áirítearna hionaid acmhainní réigiúnacha a bhunaighComhaltas Ceoltóirí Éireann le cabhair ómhaoiniú poiblí agus ionaid a bhíonn á reáchtáilag comhlachtaí eile cultúrtha, spóirt agusforbartha áitiúla, chun an Ghaeilge a chur chuncinn agus chun gníomhaíochtaí Gaeilge a churar fáil, le comhaontú an chomhlachta i gceist.

An Garda Síochána agus na FórsaíCosanta

Ní mór stádas na Gaeilge sa Gharda Síochánaagus sna Fórsaí Cosanta a chothabháil agus afhorbairt, toisc tábhacht shiombalach nabhfórsaí sin sa saol náisiúnta agus toisc naseirbhísí a sholáthraíonn siadsan, go háirithe anGarda Síochána, don phobal. Déanfar tuilleadhforbartha ar bhearta atá á gcur i bhfeidhmcheana féin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúlachun an Ghaeilge a neartú mar theanga oibreinmheánach sa Ghaeltacht agus in aonaid inalabhraítear an Ghaeilge, mar theanga trínagcuirtear seirbhísí ar fáil don phobal agus martheanga atá tábhachtach ó thaobh rólsiombalach an Gharda Síochána agus na FórsaíCosanta sa saol náisiúnta agus ar ócáidí stáit.

Page 26: STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030 · 2020. 9. 29. · Bhaile Átha Cliath, thar ceann an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Ó thaobh na Gaeltachta

STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030

26

6.5 RÉIMSÍ GNÍMH - NA MEÁIN AGUSAN TEICNEOLAÍOCHT

Tá cuspóir amháin i Ráiteas an Rialtais i leith naGaeilge 2006 maidir leis na meáin agus anteicneolaíocht:

Cuspóir 9: Déanfar cinnte de go bhfuil seirbhísícuimsitheacha craolacháin ar ardchaighdeán arfáil trí mheán na Gaeilge, go mór mhór trífhorbairt leanúnach a dhéanamh ar RTÉ, arRaidió na Gaeltachta agus ar TG4.

Go Ginearálta

Tá an Ghaeilge san aonú haois is fiche agforbairt ar bhealaí nua cheana féin. Níréimeanna scartha iad earnálacha traidisiúnta anoideachais, an phobail, na n-ealaíon agus nameán a thuilleadh ina bhféadfar polasaithe arleithligh a cheapadh agus a fheidhmiú. Táteangacha a bhíodh faoi mhíbhuntáiste roimheseo toisc an bonn pobail scaipthe, i gcaoi mhaithanois le leas a bhaint as deiseanna do nuálaíochttrí theicneolaíochtaí nua cumarsáide agus meána úsáid. Is ollmhór an cumas atá ag na forbairtíseo cur le hacmhainní sna healaíona agus sanoideachas agus deiseanna nua a thabhairt dodhaoine agus do phobail cur lena gcuid eolais aran nGaeilge agus úsáid rialta a bhaint aisti.

Léamh, Scríobh agus Labhairt

Chun cur le cumas daoine an Ghaeilge a léamhagus a scríobh, tá gá le smaointeoireacht nua asháraíonn an focal ar phár. Ní mór don pholasaíamach anseo aird a thabhairt ar na deiseannaatá ann naisc a dhéanamh idir forbairtí snahealaíona, sna meáin, sa teicneolaíocht agus sanoideachas agus cur chomh maith leis na múnlaítraidisiúnta a úsáidtear chun ábhar a chruthúagus a scaipeadh. Ní mór modhannatraidisiúnta agus nuálacha araon a úsáid chunleas a bhaint as na deiseanna atá ann chun anGhaeilge a léamh agus a scríobh, lena n-áiríteartáirgeadh meán clóite agus litríochta sa teanga,agus úsáid na teanga san oideachas, sa chultúragus in áineas. Áirítear leo sin modhannacumarsáide nach mbaineann mórán úsáide as anteanga scríofa. Ba chóir leas a bhaint freisin asna meáin agus as teicneolaíochtaí nua chunméadú ar rannpháirtíocht an phobail i léamhagus i scríobh na Gaeilge ar bhealaí nua agus ináiteanna nua.

Leanfar ar aghaidh ag cur táirgí traidisiúnta cosúille nuachtáin, irisí agus leabhair ar fáil agus ag tacúleo, nuair is féidir a chruthú agus a fhíorú gobhfuil bealaí dáileacháin éifeachtacha ann agusgo mbainfí díolacháin réasúnacha amach. Ní leortacaíocht a bhaineann go príomha le táirgeadh nan-ábhar aon-mheáin seo a chur ar fáil gan tacaídáileacháin agus margaíochta a bheith i bhfeidhmagus gan leibhéal réasúnta éilimh ón bpobal abheith ann. Tá sé riachtanach go mbeidh rochtainéasca ag an bpobal ar ábhair chlóite i nGaeilge isiopaí nuachtán, i siopaí leabhar agus ar anidirlíon má tá todhchaí le bheith ann do litríochtagus d’iriseoireacht chlóite.

Siocair go mbíonn teicneolaíochtaí agus teicnícímargaíochta ag fabhrú de shíor, is dócha godtiocfaidh athrú suntasach ar an straitéis iséifeachtaí chun forbairt a dhéanamh ar léamhagus scríobh na Gaeilge sna blianta amachromhainn agus go gcaithfear athbhreithniú adhéanamh air go leanúnach. Tacófar le léamhagus le scríobh na Gaeilge le Dlúthdhioscaí,DVDanna, closleabhair, agus meáin chlóite gogearrthéarmach agus go meántéarmach trí nabearta seo a leanas a chur i bhfeidhm:

• forbairt a dhéanamh ar imeachtaí agus arghníomhaíochtaí litríochta i leabharlanna poiblíar feadh na bliana (agus ní le linn Sheachtainna Gaeilge amháin) - saothair á léamh ag a n-údair, seoltaí, clubanna léitheoireachta aguséisteachta agus cláir litríochta do scoileanna;

• cláir um léitheoireacht threoraithe iscoileanna ag pointí sonracha idirghabhála(e.g. i rang a cúig sa bhunscoil, san idirbhliainin iar-bhunscoileanna agus i gColáistíSamhraidh Gaeilge, áit a mbeadh éisteacht leleabhair agus léamh leabhar agus ábhar eile inGaeilge faoi stiúir údair nó criticeora le tacúle nósanna léitheoireachta aonair a fhorbairt);

• ábhair nua sa Ghaeilge a chur ar taispeáint gofeiceálach i siopaí leabhar ainmnithe,roghnaithe atá mór le rá in éineacht lehábhair chuí fógraíochta, seastáin,leabharmharcanna, imeachtaí fógraíochta,taispeántais fuinneoige agus cuairteanna óúdair a reáchtáil (le comhoibriú agus le tacaíochtó ghníomhaireachtaí poiblí cuí más gá);

• forbairt a dhéanamh ar chóras bainistíochtanua-aimseartha ar líne chun stoc agus orduithea bhainisteodh an phríomhghníomhaireachtdáileacháin do Dhlúthdhioscaí / DVDanna /leabhair i nGaeilge, trína bhféadfaí orduithea dhéanamh go leictreonach 24/7 agus lenabhféadfaí díoltóirí leabhar, foilsitheoiríGaeilge agus daoine aonair a mbeadh ordúdéanta acu iad a rianú;

Page 27: STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030 · 2020. 9. 29. · Bhaile Átha Cliath, thar ceann an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Ó thaobh na Gaeltachta

STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030

27

• forbairt a dhéanamh ar shiopa mealltach ar-líne d’ábhair Ghaeilge a léireoidh teidil, údair,léirmheasanna, blaganna agus acmhainní eilenua, a d’fhéadfaí a úsáid freisin i scoileannaagus i ranganna do dhaoine fásta a bhíonn agfoghlaim na teanga;

• cur chun cinn agus forbairt clubanna leabhar inGaeilge a bheith mar thosaíocht agtionscnaimh áitiúla teanga agus tacaíochtchuí ar líne a sholáthar do chlubanna leabhar;

• forbairt a dhéanamh ar ionad nó spás fisiciúilGaeilge amháin ar a laghad i mBaile ÁthaCliath, ina mbeadh siopa leabhar/Dlúthdhioscaí/DVDanna, ina reáchtálfaí clárd’imeachtaí litríochta agus ina gcuirfí saoráidímar shiopa caife ar fáil le go bhféadfadhteaghlaigh agus daoine aonair casadh lenachéile ann;

• forbairt a dhéanamh ar chúram RTÉ agus TG4ó thaobh litríocht a chur chun cinn, lena n-áireofaí príomhról a ghlacadh i nduaiseannalitríochta, cláir leabhar, údair a phróifíliú chuniad a dhéanamh níos feiceálaí agus chun curlena stádas sna meáin chumarsáide agus naiscníos láidre a chothú idir scríobh do na meáinagus foilseachán leabhar marghníomhaíochtaí “comhlántacha”;

• forbairt a dhéanamh ar thionscnaimh lescríobh i nGaeilge a chothú i measc daoineóga i raon meán - iriseoireacht, blagáil,scríbhneoireacht chruthaitheach, drámaíochtagus scripteanna scannán.

Tabharfar spreagadh agus tacaíochtd’Oireachtas na Gaeilge, príomhfhéile náisiúntana Gaeilge, le go dtiocfaidh bláth uirthi. Ní mórbainistiú cúramach a dhéanamh áfach lenachinntiú go bhfásfaidh an fhéile go horgánachagus gur féile Ghaeilge a bheidh inti i gcónaí.

Déanfaidh RTÉ, an craoltóir náisiúnta seirbhísepoiblí, normalú ar úsáid na Gaeilge agus anBhéarla ina gcuid craoltaí, rud a chuirfidh le rathSheachtain na Gaeilge. Leanfaidh RTÉ ag forbairtRaidió na Gaeltachta agus ag tabhairt tacaíochtadó lena chinntiú go soláthrófar speictreamleathan clár ar ardchaighdeán do na pobail sin abhíonn ag éisteacht leis an tseirbhís seo.

Déanfar forbairt ar raidió a bheidh dírithe ardhaoine óga trí leas a bhaint as an idirlíon agusas gnáthchraoladh raidió.

Tabharfar tuilleadh tacaíochta do TG4 leseirbhísí teilifíse trí Ghaeilge a chur ar fáil. Tásprioc nua de 6 uair an chloig sa lá de sceideal

Gaeilge ag TG4 i gcomparáid leis an sceidealreatha de 4.58 uair an chloig sa lá. Teastaíonn adhóthain maoinithe ó TG4 lena théarmaítagartha reachtúla a chomhlíonadh agus a sciarden mhargadh a choinneáil mar chomhlachtreachtúil neamhspleách i margadh atá ag éiríníos iomaíche i gcónaí.

Cinnteoidh forbairt leanúnach TG4 freisin goleanfaidh an earnáil léirithe neamhspleách saGhaeltacht de bheith ag soláthar deiseannafostaíochta éagsúla.

Leagann an tAcht Craolacháin 2009 creat oibreamach do RTÉ agus do TG4 do na blianta atáamach romhainn.

Leagann alt 25 den Acht Craolacháin 2009oibleagáid ar Údarás Craolacháin na hÉireannoibriú lena chinntiú:

maidir leis an líon agus leis na hearnálachaseirbhísí craolacháin a chuirfear ar fáil sa Státde bhua an Achta seo gurb iad is fearr afhreastalóidh ar riachtanais mhuintir oileánna hÉireann, ag cur a dteangacha agus adtraidisiúin agus a n-éagsúlacht reiligiúin,eitice agus cultúir san áireamh,

agus oibleagáid chun:

forbairt clár agus seirbhísí craolacháin Gaeilgea chur chun cinn agus a spreagadh.

Cuireann roinnt mionathruithe sonraithe ar angcreat reachtaíochta sin le stádas na Gaeilge tríghníomhaíochtaí na gcraoltóirí seirbhíse poiblí.Áirítear orthu sin:

• muirir, téarmaí agus coinníollacha níosfabhraí a cheadú i ndáil le scéimeannacartlainne ag craoltóirí seirbhíse poiblí dochraoltaí Gaeilge;

• ardú ar an leithroinnt d’airgead na dtáillíceadúnais ó RTÉ go dtí an Scéim ChistíochtaCraolacháin (ó 5% go 7%), as a bhfuil TG4 archeann de na príomhthairbhithe;

• leanúint ar aghaidh leis an “uair an chloig inaisce” de theilifís Gaeilge ó RTÉ go TG4 (ar fiúthart ar €10 milliún é);

• dualgas RTÉ i leith na Gaeilge a dhoimhniú;

• cláir Ghaeilge saor anois ó shrian an ”bhuaic-ama” i gcás mhaoiniú an Scéim ChistíochtaCraolacháin;

Page 28: STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030 · 2020. 9. 29. · Bhaile Átha Cliath, thar ceann an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Ó thaobh na Gaeltachta

STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030

28

• tugadh cumhachtaí sonracha do TG4 leseirbhísí ar líne neamhlíneacha a sholáthar inGaeilge; agus

• breithneoidh an tAire Cumarsáide, Fuinnimhagus Acmhainní Nádúrtha riachtanaismhaoinithe ilbhliantúla TG4.

Ó thaobh chomhlíonadh na n-oibleagáidí athagann as an Acht Craolacháin, cinnteoidh anRialtas go sonrach go neartófar tuilleadh antacaíocht a thugtar do sheirbhísí Gaeilge nagcraoltóirí seirbhíse poiblí.

Cuirfear go mór leis na roghannafotheidealaithe le rogha a thabhairt idirfotheidil i nGaeilge, i mBéarla nó sa dá theanga,nó gan fotheideal ar bith agus ar an mbealachsin daingneofar go mór an rochtain ar TG4 abheidh ag foghlaimeoirí agus ag lucht úsáide naGaeilge nach bhfuil líofa chomh maith lecainteoirí líofa.

Rinneadh foráil i gComhaontú Aoine an Chéastago n-oibreodh Rialtas na Breataine leis nahúdaráis chraolacháin chuí in Éirinn agus saBhreatain le go mbeadh “fáil leathan” ar TG4 idTuaisceart Éireann. Leanfaidh an Rialtas agobair le húdaráis chuí na Breataine lena chinntiúgo mbainfear sin amach i gcomhthéacs anathraithe go teilifís dhigiteach faoi 2012.

Déanfar gach tionscnamh Gaeilge lenambaineann dualgas sonrach i leith na n-ealaíon,lena n-áirítear drámaíocht agus na healaíonatraidisiúnta, a phleanáil agus a fhorbairt marchuid de straitéis ealaíon lárnach idir an RoinnPobail, Comhionannais agus Gaeltachta agus anRoinn Turasóireachta, Cultúir agus Spóirt igcomhar leis an gComhairle Ealaíon.

Teicneolaíocht Faisnéise agusCumarsáide (TFC)

Iarrfaidh an Rialtas go mbeidh an Ghaeilge sanáireamh i ngach clár TFC a fhorbróidh an AE.Oibreoidh sé go gníomhach freisin lemórsholáthróirí TF le ríomhchláir TF sa Ghaeilgea cheadúnú agus a dháileadh. Déanfar forbairtar straitéis TF le téarmaíocht TF agus acmhainnífoclóireachta; logánú agus feidhmchláir foinsíoscailte; airíonn comhéadain agus teangainmhalartaithe; fearais chruthaithe ábhairbhreise le cur le seiceálaithe litrithe agus foclóiríleictreonacha; marcóirí diaicritice; leathanaighghréasáin ilteangacha; téarmaíochtd’aistriúchán ríomhaire; córais bhainistíochtaábhar/doiciméad ilteangach; saincheisteannaagus corpais teicneolaíochta teanga;

teicneolaíocht cainte, sintéis cainte, aithintcainte, teicneolaíocht oiriúnaithe agusceisteanna leabaithe; tógáil acmhainned’úsáideoirí deiridh agus saineolaitheteicneolaíochta; ríomhfhoghlaim agus anGhaeilge; bogearraí do ghlao-ionaid; bunacharsonraí cúil agus dátheangachas/ilteangachas;meiteashonraí; feistí soghluaiste; aithint optúilcarachtar; agus aithint lámhscríobh.

Ní mór forbairtí TF den sórt sin a leabú freisin igcleachtais a bhaineann le hoideachas, igcleachtais shóisialta agus i gcleachtais abhaineann leis an obair le go mbeidh siad inamodhanna éifeachtacha chun cumarsáidfheabhsaithe a chur ar fáil.

6.6 RÉIMSÍ GNÍMH – FOCLÓIRÍ

Tá roinnt beart i bhfeidhm cheana féin lenachinntiú:

• go ndéanfar foclóirí Béarla-Gaeilge agusGaeilge-Béarla cothrom le dáta a fhorbairtagus soláthar le hiad a thabhairt cothrom ledáta/le hathbhreithniú a dhéanamh orthu gotréimhsiúil agus le foclóirí níos giorra a bhaintastu;

• go ndéanfar na foclóirí sin a fhoilsiú i gclóagus i bhformáidí leictreonacha;

• go gcruthófar acmhainní corpais agus uirlísífoclóireachta d’fhorbairt foclóireachtaGaeilge, a thacóidh le foclóirí aonteangacha(stairiúla) agus cinn dhátheangacha(comhaimseartha);

• go gcuirfear an Foclóir Gaeilge Stairiúil atá áfhorbairt ag Acadamh Ríoga na hÉireann igcrích faoi 2037;

• go ndéanfar téarmaíocht nua-aimseartha inGaeilge a fhorbairt agus a scaipeadh; agus

• go ndéanfar an Caighdeán Oifigiúil do litriúagus do ghramadach na Gaeilge aathbhreithniú go tréimhsiúil.

Leanfar ag déanamh forbairt ar na bearta sinagus ag tabhairt tacaíochta dóibh lena chinntiúgo ndéanfar freastal ar riachtanais na teanga sanua-aois.

Tá Lár-Aonad Aistriúcháin bunaithe sa RoinnGnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachtale straitéis a fheidhmiú ó thaobh IonstraimíReachtúla a aistriú. Cuirfidh sé athbhreithniú aran gCaighdeán Oifigiúil don Ghaeilge i gcrích sabhliain 2011.

Page 29: STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030 · 2020. 9. 29. · Bhaile Átha Cliath, thar ceann an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Ó thaobh na Gaeltachta

STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030

29

6.7 RÉIMSÍ GNÍMH – REACHTAÍOCHTAGUS STÁDAS

Tá trí chuspóir i Ráiteas an Rialtais i leith naGaeilge 2006 maidir le reachtaíocht:

Cuspóir 1: Seasfar leis an stádas faoi leith atá agan nGaeilge sa Bhunreacht agus i ndlíthe na tírear nós Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, antAcht Oideachais 1998, an tAcht um Pleanáilagus Forbairt 2000 agus an tAcht Craolacháin2001.

Cuspóir 2: Cuirfear Acht na dTeangachaOifigiúla i bhfeidhm go hiomlán. Forbrófarcearta an phobail an Ghaeilge a úsáid agus iadag plé leis an Stát agus le dreamanna eile agusdéanfar socruithe cuí chun é seo a chur Ibhfeidhm.

Cuspóir 10: Tabharfar gach cúnamh agustacaíocht don Aontas Eorpach i bhfeidhmiú anchinnidh an Ghaeilge a bheith ina teanga oibreagus ina teanga oifigiúil san AE ón 1 Eanáir2007.

Seasamh Dlí

Luaitear an Ghaeilge i roinnt mhaith píosaíreachtaíochta a d’achtaigh Rialtais éagsúla indiaidh a chéile ó bunaíodh an Stát. Tugadhéifeacht do stádas na Gaeilge i mBunreacht nahÉireann mar an chéad teanga oifigiúil agusteanga náisiúnta in Acht na dTeangachaOifigiúla 2003. Tá gach foráil de chuid an Achtai bhfeidhm.

Stádas AE

Tá stádas teanga oibre agus teanga oifigiúil dechuid an AE ag an nGaeilge ón 1 Eanáir 2007 ileith. Tugann an comhaontú ar thabhairtisteach an stádais sin maolú d’institiúidí an AEón oibleagáid gach dlí agus téacs de chuid anAE a aistriú go Gaeilge faoi réir athbhreithnithetréimhsiúla ar an ngá leanúint leis an maolú sin.Oibreoidh an Rialtas chun na himthosca achruthú ina mbeidh go leor céimithe cáilithe arfáil le freastal ar riachtanais earcaíochta an AEle go bhféadfar deireadh a chur leis an maolúsin le linn ré na Straitéise seo.

Reachtaíocht Nua

Mar a dúradh thuas, déanfar reachtaíocht nua aachtú le héifeacht a thabhairt do nagníomhartha atá leagtha amach sa Straitéis seolena n-áirítear:

• sainmhíniú nua a dhéanamh ar an nGaeltachtbunaithe ar chritéir theanga; agus

• reachtaíocht Údarás na Gaeltachta aaisghairm agus Údarás nua na Gaeilge agusna Gaeltachta a bhunú.

Tuaisceart Éireann

Mar a tugadh ar aird thuas, leanfaidh an Rialtasag obair freisin le go gcuirfear tiomantais óthaobh na Gaeilge a bhaineann le Rialtas naBreataine agus Feidhmeannas ThuaisceartÉireann i bhfeidhm ina n-iomláine, lena n-áirítear Acht Teanga don Ghaeilge a thabhairtisteach agus an Ghaeilge a fheabhsú, a chosaintagus a fhorbairt i dTuaisceart Éireann.

6.8 RÉIMSÍ GNÍMH – AN SAOLEACNAMAÍOCHTA

Scéimeanna Deonacha Teanga

Tabharfar isteach Scéimeanna Gaeilge sanearnáil phríobháideach ar bhonn deonach, abhunófar ar na Scéimeanna Teanga don earnáilphoiblí a ndearnadh foráil dóibh in Acht nadTeangacha Oifigiúla. Is é an aidhm a bheidh léispreagadh a thabhairt do chuideachtaí sanearnáil phríobháideach ar mór acu éagsúlachtteanga go ginearálta agus an Ghaeilge ach goháirithe, agus ar mian leo a bheith páirteach sachlár náisiúnta um sheirbhísí ar ardchaighdeán achur ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla araon.Déanfar tionscnaimh eiseamláireacha abhaineann le tacaíocht a thabhairt donGhaeilge a aithint go poiblí agus a cheiliúradh.

Lipéadú agus Pacáistiú Dátheangach

Féachfaidh an Rialtas an bhféadfaí cód deonacha thabhairt isteach do lipéadú agus dophacáistiú dátheangach i gcás gach earra adhíoltar in Éirinn. D’fhéadfaí an gníomh sin aúsáid mar mheicníocht chun forbairt adhéanamh ar raon na réimsí inar féidir le daoineGaeilge a roghnú mar theanga tráchtála.

Page 30: STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030 · 2020. 9. 29. · Bhaile Átha Cliath, thar ceann an Aire Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta. Ó thaobh na Gaeltachta

STRAITÉIS 20 BLIAIN DON GHAEILGE 2010 – 2030

30

Gníomhaíocht Eacnamaíochta

Bunófar sraith tionscnamh agus tacaí Stáit lefiontraíocht agus gníomhaíocht eacnamaíochtaa spreagadh i measc an phobail a labhraíonnGaeilge ar bhonn cuideachta, earnála nó áitiúil.Beidh trí chuid i gceist leis an gcur chuige sin:

• Fiontraíocht a spreagadh trí chláir oiliúna, tríchothú gnó, trí chuideachtaí campais agus tríghréasáin eacnamaíochta a chruthú;

• Tacaíocht a thabhairt do gheilleagar teanga abheidh ar a chumas na seirbhísí riachtanachaa sholáthar don Stát agus don AE i réimsícosúil le haistriú, ateangaireacht, múineadhteanga, foilsiú, comhchomhairle teanga agusbainistiú tionscadal, agus an geilleagar sin afhorbairt. Áireofar ar na bearta tacaíocht athabhairt do ghnólachtaí nua-thionscanta,seirbhísí meantóireachta a chur ar fáil, táirgí afhorbairt, comhairle a thabhairt faoimhargaíocht agus faoi chur chun cinn, agusseirbhísí forbartha bainistíochta; agus

• Éire a shocrú mar cheannródaí ó thaobhréitigh teicneolaíochta a chur ar fáil chunseirbhísí ilteangacha a sholáthar ar bhonncostas-éifeachtach.

Déanfaidh Údarás nua na Gaeilge agus naGaeltachta éascaíocht freisin do chruthúCumann Tráchtála don Ghaeltacht agus gnóthaíeile trí Ghaeilge. Tabharfaidh an Cumanntacaíocht do ghnóthaí a sholáthraíonn seirbhísítrí Ghaeilge nó a oibríonn trí Ghaeilge agusdéanfaidh sé feasacht a mhúscailt i measc anphobail ghnó faoin nasc idir an teanga agusforbairt eacnamaíochta, lena n-áirítear an nascidir leas eacnamaíochta na Gaeltachta agusstádas na teanga sna ceantair sin, agus antábhacht a bhain leis an teanga ó thaobh rathcuideachtaí aonair.

6.9 TIONSCNAIMH LEATHANA

Tabharfar faoi roinnt tionscnamh ar fud na réimsígnímh go léir atá leagtha amach cheana féin.

Meitheal Smaointe Ceapfar meitheal smaointe de smaointeoirícruthaitheacha agus de nuálaithe ar bhonn adhoc ó am go chéile le cineálacha nua curchuige i dtaobh chothabháil agus chur chuncinn na teanga a fhorbairt agus le forbairtí sanearnáil TFC a chur chun cinn.

Suíomh TairsíDéanfar forbairt ar shuíomh tairsí i nGaeilge.Déanfar é a leagan amach chun go mbeidhteacht oscailte éasca ag daoine ar gach ábharagus acmhainn don Ghaeilge agus saGhaeilge, lena n-áirítear ábhairríomhfhoghlama, foilseacháin, meáin,téarmaíocht, logainmneacha, foilseacháinacadúla, líonraí teanga, foinsí digitithe, aguslíonraí sóisialta agus gairmiúla.

Ról an AE ó thaobh na Gaeilge deCinnteoidh an Rialtas go ndéanfar anGhaeilge, mar theanga oifigiúil oibre, a chursan áireamh i ngach clár taighde agusforbartha AE agus intíre agus i gcláirforbartha i réimsí mar phróiseáil teanganádúrtha, foghlaim teanga agusteicneolaíochtaí teanga. Áirítear ar na réimsínach mór forbairt a dhéanamh orthuaistriúcháin uathoibríoch leictreonach, aithintoptúil carachtar, teicneolaíocht chainte, cláirfoghlama teanga, agus aithint cainte.Bainfidh an Ghaeilge leas freisin as na hardáinatá forbartha cheana féin trí chláir thaighdeagus forbartha do theangacha eile.

Clár DigititheCruthófar clár náisiúnta mar chuid dechomóradh Éirí Amach 1916 le saothair mhóraGhaeilge lena mbaineann tábhacht náisiúnta adhigitiú le súil go mbeidh teacht níos éascaorthu trína bhfoilsiú ar líne. Cuirfidh sé seo leisan obair atá ar siúl cheana féin ag an Irish Scripton Screen agus an Digital HumanitiesObservatory. Tá an Ghaeilge ina hinspioráid agroinnt mhaith foirmeacha ealaíon nua-aimseartha lena n-áirítear litríocht, ceol agusamharclannaíocht. Níl teacht éasca ar chuidmhaith de na lámhscríbhinní is tábhachtaí,áfach, mar go bhfuil siad coinnithe i dtaisclannain áiteanna éagsúla ar fud an domhain agus margo bhfuil saothair thábhachtacha eile as cló.Fágfaidh an clár seo go mbeidh teacht lárnachar ábhair Ghaeilge atá á gcoinneáil i gcartlanna,i dtaisclanna, i leabharlanna agus inollscoileanna ar fud an domhain.