Slán Sábháilte - Foras na Gaeilge · 2021. 1. 12. · 5 03 Sla˜n Sa˜bha˜ilte.indd 5...
Transcript of Slán Sábháilte - Foras na Gaeilge · 2021. 1. 12. · 5 03 Sla˜n Sa˜bha˜ilte.indd 5...
Slán Sábháilte
Slán Sábháilte
Brídín Nic Uiginn Steve Simpson a mhaisigh
03 Sla�n Sa�bha�ilte.indd 1 20/09/2006 14:41:53
03 Sla�n Sa�bha�ilte.indd 2 20/09/2006 14:41:53
Baile Átha Cliath
Slán Sábháilte
Brídín Nic Uiginn Steve Simpson a mhaisigh
03 Sla�n Sa�bha�ilte.indd 1 20/09/2006 14:41:54
Lá breá samhraidh a bhí ann. Ach
istigh sa choinicéar bhí sé fuar
dorcha.
‘Tá sé fuar dorcha istigh anseo,’
arsa Cóilín Coinín lena mháthair.
‘Ba mhaith liom dul amach.’
‘Amach leat, mar sin,’ arsa a
mháthair. ‘Ach caithfidh tú a bheith
cúramach. Ná himigh rófhada
ó bhaile.’
2
03 Sla�n Sa�bha�ilte.indd 2 20/09/2006 14:41:56
Caithfidh tú a bheith cúramach.
3
03 Sla�n Sa�bha�ilte.indd 3 20/09/2006 14:41:58
Siúd le Cóilín amach as an
gcoinicéar. Is é a bhí breá sásta
leis féin. Chonaic sé féileacáin agus
chonaic sé éin. Chonaic sé beacha
agus chonaic sé bláthanna.
‘Is maith liom an samhradh,’
arsa Cóilín.
4
03 Slan Sabhailte.indd Sec1:4 02/10/2006 11:34:44
5
03 Sla�n Sa�bha�ilte.indd 5 20/09/2006 14:42:03
Ach tar éis tamaill bhuail ocras
é. Chuimhnigh sé ar na cairéid
bhreátha a bhí sa gharraí. Ach
ansin chuimhnigh sé ar an rud
a dúirt a mháthair leis.
‘Dúirt Mamaí liom gan imeacht
rófhada ó bhaile,’ arsa Cóilín.
‘Ach tá ocras orm.’
6
03 Sla�n Sa�bha�ilte.indd 6 20/09/2006 14:42:05
7
03 Sla�n Sa�bha�ilte.indd 7 20/09/2006 14:42:07
Isteach leis sa gharraí agus
thosaigh sé ag ithe na gcairéad.
‘Tá na cairéid seo breá blasta,’ ar
seisean.8
03 Sla�n Sa�bha�ilte.indd 8 20/09/2006 14:42:10
Ach ansin chuala Cóilín glór. Léim
sé ina sheasamh. Cé a bheadh ann
ach an feirmeoir.
‘Tusa atá ann arís,’ arsa an
feirmeoir de bhéic.
‘Bailigh leat, a bhithiúnaigh! Bailigh
leat!’
Bailigh leat!
9
03 Sla�n Sa�bha�ilte.indd 9 20/09/2006 14:42:11
Rith Cóilín. Rith an feirmeoir
ina dhiaidh.10
03 Sla�n Sa�bha�ilte.indd 10 20/09/2006 14:42:14
Cóilín bocht! Bhí a chroí ina bhéal
aige. Cá raibh a mháthair? Cá
raibh Caoimhe? Tamall roimhe sin
shábháil Caoimhe é. Ach cá raibh
Caoimhe anois?11
03 Sla�n Sa�bha�ilte.indd 11 20/09/2006 14:42:15
Rith Cóilín amach ar an mbóthar
agus an feirmeoir ina dhiaidh.12
03 Sla�n Sa�bha�ilte.indd 12 20/09/2006 14:42:18
Síos an bóthar leis, síos, síos, síos
nó gur shroich sé an abhainn.13
03 Sla�n Sa�bha�ilte.indd 13 20/09/2006 14:42:20
Cóilín bocht! Bhí a chroí ina bhéal
aige.
‘Ní féidir liom snámh,’ ar seisean,
‘agus tá an feirmeoir sa tóir orm.’
Shuigh sé síos agus thosaigh sé
ag caoineadh.
14
03 Sla�n Sa�bha�ilte.indd 14 20/09/2006 14:42:22
15
03 Sla�n Sa�bha�ilte.indd 15 20/09/2006 14:42:24
Ach ansin chuala Cóilín glór eile.
Glór deas séimh. Cé a bheadh ann
ach Darach Dobharchú.
‘Ná bí ag caoineadh,’ arsa Darach
le Cóilín. ‘Suas leat ar mo dhroim
agus tabharfaidh mé trasna
na habhann tú.’
16
03 Sla�n Sa�bha�ilte.indd 16 20/09/2006 14:42:27
Suas leat ar mo dhroim.
17
03 Sla�n Sa�bha�ilte.indd 17 20/09/2006 14:42:29
Siúd trasna na habhann le Darach
agus Cóilín ar a dhroim aige.18
03 Sla�n Sa�bha�ilte.indd 18 20/09/2006 14:42:32
Nuair a shroich siad an taobh eile
shuigh Cóilín síos in éineacht le
Darach Dobharchú. D’fhan siad
ansin ag caint nó go raibh sé
dorcha.19
03 Sla�n Sa�bha�ilte.indd 19 20/09/2006 14:42:34
‘Nach bhfuil sé in am agatsa
a bheith ag dul abhaile anois?’
arsa Darach le Cóilín ansin.
‘Tá,’ arsa Cóilín.
‘Suas leat ar mo dhroim, más
ea,’ arsa an dobharchú, ‘agus
tabharfaidh mé trasna na habhann
arís tú.’
20
03 Sla�n Sa�bha�ilte.indd 20 20/09/2006 14:42:37
Tabharfaidh mé trasna
na habhann arís tú.
21
03 Sla�n Sa�bha�ilte.indd 21 20/09/2006 14:42:39
Nuair a shroich siad an taobh eile
ní raibh tásc ná tuairisc
ar an bhfeirmeoir.
‘Táim slán sábháilte anois,’ arsa
Cóilín le Darach. ‘Go raibh míle
maith agat, a Dharach.’
‘Tá fáilte romhat, a Chóilín,’ arsa
an dobharchú.
22
03 Sla�n Sa�bha�ilte.indd 22 20/09/2006 14:42:41
Táim slán sábháilte anois.
23
03 Sla�n Sa�bha�ilte.indd 23 20/09/2006 14:42:43
Suas an bóthar le Cóilín ansin,
suas, suas, suas nó gur shroich sé
an baile.24
03 Sla�n Sa�bha�ilte.indd 24 20/09/2006 14:42:46
Bhí a mháthair ina suí cois tine
go brónach.
‘Ó, a Chóilín! Cá raibh tú, a stór?
Cá raibh tú?’ ar sise leis nuair
a tháinig sé isteach.25
03 Sla�n Sa�bha�ilte.indd 25 20/09/2006 14:42:49
D’inis Cóilín an scéal ó thús
deireadh dá mháthair.
‘Dúirt tú liom gan dul rófhada
ó bhaile,’ ar seisean. ‘Ach bhuail
ocras mé.’
‘Is maith an rud é go raibh an
dobharchú ann le haire a thabhairt
duit,’ arsa a mháthair.
‘Is maith,’ arsa Cóilín. ‘Beidh mé
cúramach as seo amach agus
ní imeoidh mé rófhada ó bhaile.’
26
03 Slan Sabhailte.indd Sec1:26 02/10/2006 11:35:56
Beidh mé cúramach
as seo amach.
27
03 Sla�n Sa�bha�ilte.indd 27 20/09/2006 14:42:53
03 Sla�n Sa�bha�ilte.indd 2 20/09/2006 14:41:53
An chéad eagrán 2006
© An Roinn Oideachais agus Eolaíochta / Foras na Gaeilge, 2006Obair ealaíne © Steve Simpson, 2006
Athchló 2013
Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála, ná a tharchur ar aon mhodh ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe
ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile, gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir.
Baineann an saothar seo le scéim Dhearthóirí Áiseanna Teagaisc na Roinne Oideachais agus Eolaíochta atá ann chun áiseanna Gaeilge a sholáthar do na bunscoileanna Gaeltachta agus do na
bunscoileanna lán-Ghaeilge.
Dearthóirí Áiseanna Teagaisc na Gaeilge a scríobh
Dearadh agus leagan amach: Designit
PB Print a chlóbhuail in Éirinn
An Gúm, 24-27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1
03 Sla�n Sa�bha�ilte.indd 2 20/09/2006 14:41:53
Seo chugainn Cóilín Coinín arís!
An mbéarfaidh an feirmeoir
air an uair seo?
Sraith ‘Cóilín Coinín’ Leabhairín 2
03 Sla�n Sa�bha�ilte.indd 28 20/09/2006 14:42:53