Scéal Naomh Pádraig

7
NAOMH PÁDRAIG – ÉARLAMH NA hÉIREANN

Transcript of Scéal Naomh Pádraig

Page 1: Scéal Naomh Pádraig

NAOMH PÁDRAIG – ÉARLAMH NA hÉIREANN

Page 2: Scéal Naomh Pádraig

Óige Naomh PádraigRugadh Naomh Pádraig sa Bhreatain Bheag in 387. Ba Rómhánaigh iad a mhuintir. Bhí sé ina chónaí i dteach breá faoin tuath.

Gabhadh é agus tugadh go hÉirinn é.

Díoladh é le feirmeoir as Co. Aontroma darbh ainm Miolchú. Bhí Pádraig mar sclábhaí aige.

Page 3: Scéal Naomh Pádraig

Éalú Bhí Pádraig ag tabhairt aire do chaora ar Shliabh Mis.

Níor tugadh aire mhaith dó féin. Bhíodh sé ag guí agus ag rá a phaidreacha gach oíche.

Oíche amháin chuala sé glór. Dia a bhí ann. Dúirt Dia leis éalú. Cheap sé gur ag brionglóid a bhí sé, ach dúirt Dia nach raibh.

Page 4: Scéal Naomh Pádraig

Sa bhaile arís Chuaigh sé ar bord loinge ar ais go dtí an Bhreatain Bheag. Ní raibh sé i bhfad ann nuair a chuala sé an glór arís. Dúirt Dia leis dul ar ais go hÉirinn chun insint do na hÉireannaigh faoi Dhia. Shocraigh sé bheith ina shagart, agus dul go hÉirinn chun múineadh do na daoine sin faoi Dhia. Níorbh éasca é a dhéanamh. Bhí air dul go Mainistir St Martin de Torres, sa Fhrainc, chun staidéar. Ansin chuaigh sé ar ais go Sasana.

Page 5: Scéal Naomh Pádraig

Ag seanmóireacht in Éirinn

Nuair a chuaigh Pádraig ar ais go hÉirinn, bhí ionadh mór ar gach duine go raibh Gaeilge aige. D’úsáid sé seamróg chun míniú do dhaoine faoin faoinTríonóid Naofa – an tAthair, an Mac agus an Spiorad Naomh.Deirtear freisin gur chuir sé an ruaig ar an nathracha go léir, agus sin an fáth nach bhfuil nathracha in Éirinn.

Page 6: Scéal Naomh Pádraig

A shaol níos déanaí

• Chaith Naomh Pádraig seasca bliain in Éirinn. San am sin d’oirnigh sé 350 Easpag chun leanúint leis an obair.

• Fuair sé bás ar an 17 Márta, sa bhliain 493, i Sabhall i gCo. an Dúin.

• Tá sé curtha i nDún Pádraig, atá i gCo. an Dúin freisin.

Page 7: Scéal Naomh Pádraig

Lá Fhéile Pádraig

Déantar Lá Fhéile Pádraig a cheiliúradh ar an 17 Márta. Lá mór féile agus spraoi é ar fud an domhain. Bíonn paráidí agus cóisirí ag go leor daoine – go háirithe daoine de bhunadh na hÉireann iad-i gcuimhne ar Naomh Pádraig agus a dtír dhúchais nó tír a sinsear.