Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2013

12
1 Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] SAN EAGRÁN SEO: 1. Tóstal Teanga ar Árainn Mhór 2. Litríocht i gCeanannas 2. Bronnadh na Bliana 3. Nuacht Áitiúil 4. Teicneolaíocht na Teanga 4. Gaeilge na Cruinne 5. An Scríbhneoir Óg 5. Barrliosta na Leabhar 6. Spraoi, Spórt agus Stair! 6. Máistreacht Oideachais 7. Rath Raidió na Life 7. Picnic Chomhluadar 8. An Gaelbhrat 8. Buaiteoirí na Bliana 9. Ciste Rith 9. Bí I Do Bhall! 10. Aighneachtaí 10. Fochoiste Straitéise 11. Idir Ghaeilge agus Mháltais 11. Cearta Daonna Domhanda 12. Is Leor Beirt 12. Saor-Chomhairle Dlí Eagrán 8.4 5 Meitheamh 2013 B eidh turas báid ar na hoileáin bheaga, sciamhacha timpeall ar Oileán Árainn Mhóir ar cheann de bhuaicphointí Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2013 i dTír Chonaill ó 4 – 7 Iúil i mbliana. Is ag Dún na nGall atá an ceantar Gaeltachta is mó in Éirinn, agus beidh an saoire Gaeilge seo ar an dara oileán is mó sa tír a bhfuil daoine ina gcónaí air i lár an Aigéin Atlantaigh ina thaithí iontach sultmhar, sainiúil do dhuine ar bith ag iarraidh iad féin a thumadh sa teanga an samhradh seo! Tá pacáiste speisialta ar díol ar phraghas íseal de €240 a chlúdaíonn leaba agus bricfeasta don deireadh seachtaine ón Déardaoin Domhnach; an bád ó Ailt an Chorráin go hÁrainn Mhór; béilí tráthnóna; turas ar na hoileáin Inis Doirn, Inis Cú & An tÍochtar, agus Inis Chaorach; seimineár faoi staid reatha na pleanála teanga sa Ghaeltacht agus feidhmiú Acht na Gaeltachta 2012; dráma le hAisteoirí an Lóchrainn; agus na himeachtaí sóisialta ar fad, tráth na gceist agus siúlóid staire threoraithe le Proinsias Mac a’Bhaird san áireamh. fáilte speisialta á fearadh roimh chuairteoirí ó thar sáile chuig an Tionól mar chuid de Thóstal Éireann agus de Bhliain na Gaeilge 2013 i mbliana. Tá Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2013 arna eagrú i gcomhar le Comharchumann Oileán Árainn Mhóir le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta agus is féidir clárú don deireadh seachtaine ar www.cnag. ie/siopa. Tuilleadh eolais & Áirithintí: [email protected] +353 (0)1 4757401 Tóstal Teanga ar Árainn Mhór

description

SAN EAGRÁN SEO: 1. Tóstal Teanga ar Árainn Mhór 2. Litríocht i gCeanannas 2. Bronnadh na Bliana 3. Nuacht Áitiúil 4. Teicneolaíocht na Teanga 4. Gaeilge na Cruinne 5. An Scríbhneoir Óg 5. Barrliosta na Leabhar 6. Spraoi, Spórt agus Stair! 6. Máistreacht Oideachais 7. Rath Raidió na Life 7. Picnic Chomhluadar 8. An Gaelbhrat 8. Buaiteoirí na Bliana 9. Ciste Rith 9. Bí I Do Bhall! 10. Aighneachtaí 10. Fochoiste Straitéise 11. Idir Ghaeilge agus Mháltais 11. Cearta Daonna Domhanda 12. Is Leor Beirt 12. Saor-Chomhairle Dlí

Transcript of Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2013

Page 1: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2013

1Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

SAN EAGRÁN SEO:

1. Tóstal Teanga ar Árainn Mhór2. Litríocht i gCeanannas2. Bronnadh na Bliana3. Nuacht Áitiúil4. Teicneolaíocht na Teanga4. Gaeilge na Cruinne5. An Scríbhneoir Óg5. Barrliosta na Leabhar6. Spraoi, Spórt agus Stair!6. Máistreacht Oideachais7. Rath Raidió na Life7. Picnic Chomhluadar8. An Gaelbhrat8. Buaiteoirí na Bliana9. Ciste Rith9. Bí I Do Bhall!10. Aighneachtaí10. Fochoiste Straitéise11. Idir Ghaeilge agus Mháltais11. Cearta Daonna Domhanda12. Is Leor Beirt12. Saor-Chomhairle Dlí

E agrán 8.4 5 Meitheamh 2013

Beidh turas báid ar na hoileáin bheaga,

sciamhacha timpeall ar Oileán Árainn Mhóir ar cheann de bhuaicphointí Thionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2013 i dTír Chonaill ó 4 – 7 Iúil i mbliana. Is ag Dún na nGall atá an ceantar Gaeltachta is mó in Éirinn, agus beidh an saoire Gaeilge seo ar an dara oileán is mó sa tír a bhfuil daoine ina gcónaí air i lár an Aigéin Atlantaigh ina thaithí iontach sultmhar, sainiúil do dhuine ar bith ag iarraidh iad féin a thumadh sa teanga an samhradh seo! Tá pacáiste speisialta ar díol ar phraghas íseal de €240 a chlúdaíonn leaba agus bricfeasta don deireadh seachtaine ón Déardaoin – Domhnach; an bád ó Ailt an Chorráin go hÁrainn Mhór; béilí tráthnóna; turas ar na hoileáin Inis Doirn, Inis Cú & An tÍochtar, agus Inis

Chaorach; seimineár faoi staid reatha na pleanála teanga sa Ghaeltacht agus feidhmiú Acht na Gaeltachta 2012; dráma le hAisteoirí an Lóchrainn; agus na himeachtaí

sóisialta ar fad, tráth na gceist agus siúlóid staire t h r e o r a i t h e le Proinsias Mac a’Bhaird san áireamh. Tá fáilte speisialta á fearadh roimh c h u a i r t e o i r í ó thar sáile chuig an Tionól mar chuid

de Thóstal Éireann agus de Bhliain na Gaeilge 2013 i mbliana. Tá Tionól Gaeltachta Chonradh na Gaeilge 2013 arna eagrú i gcomhar le Comharchumann Oileán Árainn Mhóir le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta agus is féidir clárú don deireadh seachtaine ar www.cnag.ie/siopa.Tuilleadh eolais & Áirithintí:[email protected]+353 (0)1 4757401

Tóstal Teanga ar Árainn Mhór

Page 2: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2013

2 Cuir na s céalta chugainn roimh 12 Iúi l 2013

Litríocht i gCeanannasBeidh an fhéile litríochta

idirnáisiúnta Hay Festival ar siúl i gCeanannas Mór ó 28 - 30 Meitheamh 2013 agus tá lá breá Gaelach beartaithe ag an gCraobh Cholmchille áitiúil ar 29 Meitheamh 2013. Beidh An Siopa Leabhar i láthair agus i measc na rannpháirtithe atá deimhnithe le teacht cheana féin, tá Gabriel Rosenstock, Alan Titley, Maidhc Dainín Ó Sé, Manchán Magan, Tadhg Mac Dhonnagáin agus Sharon Ní Bheoláin. Beidh leithéidí DBC Pierre, John Banville, Germaine Greer, John

Boyne, Peter Sheridan, lucht léirithe The Secret of Kells agus tuilleadh nach iad i láthair i gcaitheamh an deireadh seachtaine chomh maith. Beidh imeachtaí an tSathairn dírithe ar litríocht agus ar scríbhneoireacht na

Gaeilge agus beidh idir cheardlann Haiku dhátheangach, dhreas ceoil, fhilíocht, léamha agus phlé ar shaibhreas teanga ar siúl.Clár iomlán:www.hayfestival.com

Thionól breis agus 300 ionadaí agus ball de choistí Gaeilge ó cheithre airde na

tíre agus ó thar lear in Óstán Chaisleán Chluain Tarbh sa phríomhchathair do Bhronnadh Ghlór na nGael le déanaí, an tAire Stáit Dinny McGinley TD ina measc. Bronnadh níos mó ná €145,000 i nduaiseanna ar choistí pobail, ar choistí scoile agus ollscoile, agus ar chóistí ó Albain agus Stáit Aontaithe Meiriceá do chomórtas na bliana seo caite. Tugadh an bualadh bos is mó do Choiste Forbartha Dobhair, Co. Dhún na nGall nuair a bhuaigh siad an mhórdhuais náisiúnta do choistí a bhfuil duine fostaithe leo agus ar fiú €40,000 í den chéad uair, comhartha maith d’fhás agus do bhuanú na Gaeilge ar fud na tíre, agus go háirithe don obair i measc

na hóige atá ar siúl ag an gcoiste sin. Thóg Cumann Gaelach Leath Chathail duais mhór na rannóige do choistí gan

cúnamh fostaíochta agus seic ar €8,000. Bronnadh duaiseanna a i t h e a n t a i s ; duaiseanna i réimsí oibre faoi leith; duaiseanna idirnáisiúnta agus duaiseanna an chomórtais speisialta do na Cumainn Ghaelacha sna coláistí

tríú leibhéal; agus duaiseanna don chomórtas nua do chlubanna Gaeilge sna meánscoileanna, Comórtas G! Bronnadh níos mó ná 30 bonn Ghlór na nGael - idir bhoinn chré umha, airgid agus óir - ar choistí a bhain céatadán ard marcanna amach sa chomórtas thar 3 bliana ó 2010 ar aghaidh den chéad uair i mbliana. Comhghairdeas leo uile! Gach eolas: www.glornangael.ie

Bronnadh na Bliana

Page 3: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2013

3Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Nuacht ÁitiúilÁth Cliath

Léireoidh Aisteoirí Bulfin an dráma Herody Katyn

agus seó filíochta Katyn a thiocfaidh tú abhaile? ag Theatre@36, Club na Múinteoirí, Cearnóg Parnell ó 13 - 15 Meitheamh 2013. Seó filíochta agus ceoil dar teideal Thar Teorainn a chuirfidh tús leis an oíche agus tá €12 ar thicéad. Áirithintí: [email protected]

Baile Locha Riach

Tá Bunchúrsa Garchabhrach i nGaeilge á eagrú ag Gaeilge Locha Riach in

Oirthear na Gaillimhe ar €50 thar dhá lá an mhí seo chugainn, Dé Sathairn, 8 agus 29 Meitheamh 2013. Tá spás do dheichniúr ar an gcúrsa atá dírithe orthu siúd atá i mbun obair dheonach. Clárú: [email protected]

Carn Tóchair

Comhghairdeas le hAisteoirí Charn Tóchair a rinne an scéal Mac na Baintrí a

léiriú ag an bhFéile Drámaíochta arna eagrú ag an gComhlachas Náisiúnta Drámaíochta i nGaillimh. Ghlac Ciara de Barra, Marion Mhic Cionnaith, Emer Ní Chionnaith agus Diarmuid Ó Maolchalláin páirt sa dráma agus bhain Diarmuid gradam fiú! Teagmháil: [email protected]

Cill Airne

Tá Tionól na Mumhan á eagrú ag Dáil na Mumhan de Chonradh na Gaeilge in

Óstán Travel Inn, An Fosadh, Cill Airne, Co. Chiarraí ó 7 – 9 Meitheamh 2013. Beidh idir léachtaí, sheisiúin cheoil, thráth na gceist, thuras ar Castlerosse, léamha filíochta, agus bhronnadh gradam ar siúl. Gach eolas: www.dailnamumhan.ie

Conamara

Tá campa samhraidh cumarsáide do dhéagóirí á reáchtáil ag

Tuismitheoirí na Gaeltachta i gConamara in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua ó 1 - 12 Iúil 2013! Tá costas €70 air agus beidh clár raidió, cur i láthair teilifíse agus nuachtlitir idir lámha ag rannpháirtithe. Foirmeacha iarratais:

[email protected]

Laois

Beidh siúlóid trí Ghaeilge ar Shliabh Bladhma, Co. Laoise ag tosú ar

11.00rn maidin Shathairn, 8 Meitheamh 2013, mar chuid d’imeachtaí Bhliain na Gaeilge. Deirtear go raibh an laoch Fionn MacCumhail in a chónaí ar Shliabh Bladhma nuair a bhí sé óg. Fáilte roimh chách! Teagmháil: +353 (0)87 6400184

Nua Eabhrac

Beidh Lá Gaeilge ina mar chomóradh 25 bliana ar Scoil Ghaeilge Ghearóid Tóibín

sa Chultúrlann Éireannach, 27 Locust Avenue, Babylon, NY 11702 Dé Sathairn, 8 Meitheamh 2013! Beidh ceardlanna agus ranganna Gaeilge, scannáin, cluichí, léitheoireacht, agus amhránaíocht mar aon le bricfeasta Éireannach agus ceapairí don lón san áireamh ar $20. Clárú: [email protected]

Rinn ua gCuanach

Chruinnigh foirne peile Gaeltachta ar Phort Láirge do Chomórtas Peile na

Gaeltachta um dheireadh seachtaine saoire bainc. Comhghairdeas áirithe le muintir Dhún na nGall: bhuaigh Gaoth Dobhair craobh shinsear na bhfear agus craobh shóisear na mban, thug mná an Tearmainn craobh shinsear na mban leo, agus bhuaigh Gaeil Fhánada craobh shóisear na bhfear.

Page 4: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2013

4 Cuir na s céalta chugainn roimh 12 Iúi l 2013

Tacaíonn Forbairt Naíonraí Teoranta

(FNT) le seirbhísí, cúram agus oideachas trí Ghaeilge a chur chun cinn do pháistí ó aois an chliabháin ar aghaidh. Tá feidhmchlár nua dar teideal BunGhaeilge á fhorbairt acu i bpáirtíocht le hAnnertech le bliain anuas, bunaithe ar an leabhar frásaí BunGhaeilge do Thuismitheoirí agus Feighlithe Leanaí. Sheol FNT an feidhmchlár nua - atá ag teacht le struchtúr an leabhráin agus roinnte i dtéamaí éagsúla - mar

cheiliúradh ar Lá na Naíonraí 2013 le déanaí. Tá leagan caighdeánach den fheidhmchlár seolta ag FNT ach tá leaganacha sna mórchánúintí ar fad beartaithe amach anseo. Tá BunGhaeilge ar fáil le híoslódáil in aisce ó shiopaí aipe Android

agus ó shiopa Apple, agus é oiriúnach do theaghlaigh agus d’fhoghlaimeoirí araon.Tuilleadh eolais:www.naionrai.ie +353 (0)1 853 5101

Ní hamháin go mbeidh Ceoltóirí Chonradh na Gaeilge ag casadh ag Féile

na Gaeilge i nGlaschú, ach beidh ceol Gaeilge le cloisteáil chomh fada i gcéin le Ceanada arís an samhradh seo! Is le bród gur fhógair coiste stiúrtha Oireachtas Gaeilge Cheanada gur ceapadh Máirín Padgett agus Séamus Mac Searraigh ina gcomh-uachtaráin ar Oireachtas 2013 le déanaí. Chuir an bheirt blianta dá gcuid ama, fuinnimh, croí agus anam isteach i bhforbairt na Gaeilge sa cheantar Oll-Thoronto agus fearann siad beirt fáilte ó chroí roimh chách bheith leo ag ceiliúradh chultúr na hÉireann in Ontairió, Ceanada ó 28 - 30 Meitheamh 2013. Ag eascairt as comhdháil Ghlór na nGael Fís Ghaeilge Mheiriceá Thuaidh i Nua-Eabhrac i 2008, is í seo an tríú bliain as a chéile

go mbeidh an fhéile idirnáisiúnta seo ar siúl agus is macasamhail d’Oireachtas

na Samhna in Éirinn atá i gceist leis na comórtais agus leis na himeachtaí - agallamh beirte, drámaí, céilithe, lúibíní, aithris filíochta, seisiúin cheoil, amhránaíocht agus damhsa ar an sean-nós san áireamh. Reáchtálfar formhór na n-ócáidí i

nGaeltacht Thuaisceart an Oileáin Úir ag #298 Gilmore Road in Erinsville/Tamworth, agus in Óstán Days Inn, Dún Laoghaire. Beidh leithéidí Máirín Uí Chéide agus Meataí Joe Shéamais Ó Flátharta, iarbhuaiteoirí Chorn Uí Riada araon; Labhras Sonaí Choilm Learraí, damhsóir aitheanta ó Chonamara; agus Ray Mac Mánais, fear na lúibíní, i measc na n-aíonna speisialta a bheidh i láthair.Gach eolas:www.oireachtas.ca

Teicneolaíocht na Teanga

Gaeilge na Cruinne

Page 5: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2013

Cnuasach gearrscéalta scríofa ag mic léinn Choláiste na Tríonóide atá i

gceist leis an saothar dar teideal An Scríbhneoir Óg. Reáchtáil An Cumann Gaelach i gColáiste na Tríonóide comórtas chun saothair nua-chumtha nár foilsíodh in áit ar bith eile a lorg ó scríbhneoirí óga an choláiste anuraidh, idir fhochéimí agus iarchéimí. Bhí duais de €100 ag dul don ghearrscéal ab fhearr, scríofa i

nGaeilge nó i nGàidhlig na hAlban, agus bhí €50 ag dul don dara háit. Bhí painéil sheachtracha i mbun moltóireachta agus is é an cnuasach seo toradh na hoibre sin, foilsithe ag Cumann Gaelach TCD le tacaíocht ó Oifig na Gaeilge TCD agus ó Fhoilseacháin na Tríonóide. Tá scéalta leis na scríbhneoirí seo a leanas le léamh ann: Ailbhe Nic Cába; Zelda Quilligan; Caolán Mac an Aircinn; Caitlín Nic Íomhair; Ciara Ní Éanacháin; Rachael Atkinson; Pádraig Schaler; Síobhra Aiken; Dónall Ó Sé; Eoin Mac Giolla Bhríde; Siobhán Fay; Oisín Mistéil; agus Philip Ó hÍcí. Teagmháil: [email protected]

Seo na leabhair is mó díolta i Siopa Leabhar Chonradh na Gaeilge le mí anuas:

Páistí agus Daoine Óga1. Máire agus a Mála – Mairéad Ní

Ghráda – An Gúm - €5.502. Conas atá tú? – Ciara Ní Dhuinn

– Cló Mhaigh Eo - €73. Amach – Alan Titley – An Gúm

- €7.954. Hóng – Anna Heussaff – CIC – €85. Smuf – Alan Titley – An Gúm

- €6.50

Daoine Fásta1. An Béal Bocht (leagan grafaic)

– Myles na gCopaleen – Cló Mhaigh Eo - €12

2. An Hobad (bog) – JRR Tolkien – Evertype - €19.95

3. An Litir - Liam Mac Cóil - Leabhar Breac - €15

4. An Geall – Liam Mac Uistín – CIC - €8

5. Ó Chéitinn go Raiftearaí – Vincent Morley – Coiscéim - €10

Eolas & orduithe: [email protected] +353 (0)1 4783814 4785428 (facs) www.cnag.ie/siopa

5Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

An Scríbhneoir Óg Barrliosta na Leabhar

Page 6: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2013

6 Cuir na s céalta chugainn roimh 12 Iúi l 2013

Spraoi, Spórt agus Stair!Tiocfaidh an grúpa dátheangach tuistí

agus leanaí Spraoi le chéile in Ionad Phobal Darach Úr i gCeatharlach maidin Shathairn, 8 agus 22 Meitheamh 2013 ar 11.00rn, fad agus a bheidh cruinniú oscailte do thuismitheoirí ar siúl i Naíonra Cheatharlach san Ionad Snámha, Gráig Chuilinn oíche Mháirt, 18 Meitheamh 2013 ar 8.00in. Reáchtálfar Corn Peile Ghlór na nGael 2013 do bhunscoileanna i bPáirc Éire Óg, áit a bheidh comórtas na gcailíní ar siúl ar 4 Meitheamh 2013 agus

comórtas na mbuachaillí an lá dar gcionn. Beidh Spraoicheist 2013 i gcomhar le Gael-Linn ar siúl do dhaltaí sna hardranganna bunscoileanna Déardaoin, 13 Meitheamh 2013. Tabharfaidh Seán Mac Diarmada, Leas-choimeádaí Mhúsaem Chontae Cheatharlach, léargas ar phríomhmhíreanna na hiarsmalainne le turas

treoraithe trí Ghaeilge maidin Mháirt, 11 Meitheamh 2013 ar 10.30rn.Gach eolas:[email protected]

Tá an iliomad tuarascálacha agus torthaí taighde a chuireann in iúl go bhfuil gá

breis tacaíochta, treorach agus deiseanna san fhorbairt ghairmiúil a chur ar fáil do mhúinteoirí an oideachais lánGhaeilge. Ó Mheán Fómhair 2013, cuirfidh Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach, Máistreacht Oideachais san Oideachas LánGhaeilge ar bun le díriú go sonrach ar shainriachtanais um fhorbairt ghairmiúil agus ar inniúlachtaí teangeolaíochta na múinteoirí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. Beidh clár nuálach iarchéime ilchodach le sraith modúl atá comhtháite, comhleanúnach agus idirghaolmhar curtha ar fáil le freastal go sonrach ar oideoirí tumoideachais agus ar ghairmithe eile a bhíonn ag obair i réimse an oideachais lánGhaeilge den chéad uair i bPoblacht na hÉireann. Cuirfear an Mháistreacht Oideachais san Oideachas LánGhaeilge ar fáil ar

bhonn páirtaimseartha thar thréimhse dhá bhliain acadúla. Beidh an fhoghlaim chumaisc mar ghné lárnach .i. cuirfear cuid den chlár ar fáil ar-líne agus an chuid

eile ar láthair. Cuirfear soláthar for-rochtana san áireamh ag brath ar riachtanais na mac léinn. Mar thoradh ar an gcur chuige cumaisc agus ar dhearadh an chláir, beidh taighdeoirí agus saineolaithe idirnáisiúnta i láthair agus pléifidh siad torthaí agus saincheisteanna nua i réimse an tumoideachais, an oideachais dhátheangaigh agus an dara teanga ar-líne leis na mic léinn. Glacfar suas le 20 duine

ar an gclár sa bhliain acadúil 2013/2014 agus tá an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) chun sparánachtaí taighde a bhronnadh ar chohórt 2013.Tuilleadh eolais: [email protected]+353 (0)61 204325

Máistreacht Oideachais

Page 7: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2013

7Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Rath Raidió na LifeBhí an-oíche ag

Raidió na Life ag Gradaim Chumarsáide an Oireachtais 2013 i nGaillimh, áit ar rug an stáisiún raidió pobail Bhaile Átha Cliathach dhá ghradam leis – Gradam Speisialta mar aitheantas don stáisiún ar 20 bliain faoi bhláth i mbliana, agus Gradam Láithreán Gréasáin na Bliana, gradam nua an Oireachtais. D’éirigh le Raidió na Life an gradam Stáisiún Raidió na Bliana a bhaint ag Féile na Meán Ceilteach 2013

in Abertawe (Swansea) na Breataine Bige le déanaí freisin. Déanann an fhéile ceiliúradh ar scannáin, teilifís, raidió agus na meáin úra a chuireann teangacha agus cultúir na dtíortha Cheilteacha chun cinn, agus seo an chéad uair i stair 34 bliana na

féile gur éirigh le stáisiún raidió pobail an teideal Stáisiún Raidió na Bliana a ghnóthú. Comhghairdeas leo! Tuilleadh eolais: www.raidionalife.ie

Bunaíodh Comhluadar i 1993 le tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí

ar mian leo Gaeilge a labhairt lena gcuid páistí, agus reáchtáil an t-eagras An Phicnic Mhór ó 18 - 19 Bealtaine 2013 chun 20 bliain ar an bhfód a cheiliúradh le teaghlaigh Ghaeilge ar fud na tíre. Bhí picnicí ar siúl ar an gCoireann, Uíbh Ráthaigh, Co. Chiarraí; i bPáirc Fhiadhúlra Fota, Corcaigh; agus in Ionad Oidhreachta Ard Achadh, Co. Longfort, Dé Sathairn fad agus a bhí lá mór teaghlaigh le spórt, spraoi agus sólaistí i bPáirc Naomh Éanna, Baile Átha Cliath 14; ag An Seandroichead, Droichead Átha, Co. na Mí; ag Fennor Play Park, Fionnúir, Co. Phort Láirge; i gCoill Dhroim nDámh, Co. Dhoire; i bPáirc Naomh Pádraig, Luimneach; i bPáirc na hArdeaglaise, An Cabhán;

agus i bPáirc na Lus, Béal Feirste. Thug muintir Mhaigh Eo faoin bpicnic i Halla Pobail Tuar Mhic Éadaigh ar Chlár

Chlainne Mhuiris, d’imigh Naíonraí na príomhchathrach chuig Páirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath agus picnic i gCoillte Móin Mhic Nua i gCo. Laoise le déanaí freisin, ach tá dhá phicnic eile eagraithe don mhí seo. Beidh spórt agus spraoi trí Ghaeilge i gCoill

Bhaile Uí Shíoda, Trá Lí, Co. Chiarraí ar 8 Meitheamh 2013 agus is in Ionad Deirbhile, Eachléim, Fód Dubh, Co. Mhaigh Eo a bhaileoidh na teaghlaigh áitiúla ar fad ar 29 Meitheamh 2013 don phicnic mhór dheireanach. Buail isteach ar an gceiliúradh!Teagmháil:[email protected]+353 (0)1 4789191

Picnic Chomhluadar

Page 8: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2013

8 Cuir na s céalta chugainn roimh 12 Iúi l 2013

An GaelbhratIs scéim ghradaim é An

Gaelbhrat a thugann aitheantas do scoileanna a ghníomhaíonn le húsáid na Gaeilge a spreagadh. Tá sí mar aidhm ag scéim an Ghaelbhrat scoileanna dara leibhéal na tíre a spreagadh agus a chumasú le gníomhú chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn tríd an scoil ar fad ar bhonn pleanáilte, leanúnach agus taitneamhach; go mbeidh tuiscint níos fearr ag an mac léinn ar na deiseanna úsáide Gaeilge lasmuigh

den scoil; agus go spreagfar comhoibriú gníomhach idir na mic léinn, na múinteoirí agus ceannasaíocht na scoile. Cuirfidh An Gaelbhrat le híomhá dearfach na Gaeilge sa scoil agus i measc an phobail áitiúil, agus d’éirigh le Coláiste Phobail Scoil Mhuire i gCo. Chorcaí Gaelbrat na scéime píolótaí a

bhaint amach i mbliana, comhghairdeas leo! Tuilleadh eolais:[email protected]

Tá Comórtas na nÓgchlubanna buaite ag Óg-Ógras i nGaelscoil Mhic Amhlaigh,

Cnoc na Cathrach, Gaillimh, as an mbrat is fearr a dhearadh chun ceiliúradh a dhéanamh ar Bhliain na Gaeilge 2013. Bhí ar na hógchlubanna lógó Bhliain na Gaeilge móide eolas ar thábhacht na Gaeilge do bhaill an Chlub a chur ar an mbrat, agus tháinig na céadta iarratas isteach ó ógchlubanna agus ó scoileanna fud fad na tíre. Is iad Coláiste Laurel Hill, Luimneach, agus Gaelscoil Nás na Ríogh, Co. Chill Dara, a thug Comórtas Seanfhocail Bhliain na Gaeilge leo freisin, i rannóg na meánscoileanna agus i rannóg na mbunscoileanna faoi seach. Bhí ar na hiontrálacha seanfhocal traidisiúnta nó seanfhocal nua a léiriú go físiúil i slí spraíúil, éagsúil do Bhliain na Gaeilge. Bhunaigh Coláiste Laurel Hill físeán le tobshlua

agus ceol ar an seanfhocal Ní Neart go Cur le Chéile [www.youtube.com/

watch?v=9VaSbt9vh74], fad agus a rinne Gaelscoil Nás na Ríogh gearrscannán Gaeilge den mhórshaothar idirnáisiúnta The Hunger Games chun an nath Aithnítear Cara i gCruatan a léiriú [www.youtube.com/

watch?v=PyggA22G8vw]. Tá sí mar aidhm ag Bliain na Gaeilge an pobal a ghríosú agus a chumasú chun an Ghaeilge a úsáid go rialta sa ghnáthshaol, agus tá na daoine óga a fógraíodh ina mbuaiteoirí ar chomórtais na féile bliana ag spreagadh na Gaeilge i measc a bpobail féin, lena gcuid samhlaíochta, lena gcuid ealaíne agus lena gcuid díograis ar son na teanga. Comhghairdeas leo uile! Tuilleadh eolais:www.gaeilge2013.ie

Buaiteoirí na Bliana

Page 9: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2013

9Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Ciste RithTá ciste de €15,000

curtha ar fáil ag Rith Teoranta do ghrúpaí pobail atá ag cur tionscnaimh Ghaeilge chun cinn fud fad na tíre. Dáileadh an ciste ar 32 choiste atá ag feidhmiú in 15 chontae éagsúla ar thograí pobail, teaghlaigh, spóirt, oideachais, drámaíochta, ealaíona, idirlín agus óige ar son na teanga. D’eascair na deontais seo as brabús ó Rith 2012, féile náisiúnta a mheall 27,000 duine le páirt a ghlacadh in ollrith sealaíochta thar

chúrsa 700km ó Ghaoth Dobhair go hInis Mór in Árann na Gaillimhe ó 8 - 17 Márta 2012. Dúirt Lorcán Mac Gabhann, C a t h a o i r l e a c h , Ciste Rith: “Tá muid dóchasach go mbeidh

an chéad Rith eile i 2014 in ann níos mó tacaíochta a chur ar fáil d’imeachtaí mar seo.” Tuilleadh eolais:[email protected]+353 (0)87 9790193www.rith.ie

Is grúpa pobail deonach é Club Chonradh na Gaeilge a bhfuil sé mar aidhm aige

caidreamh sóisialta, siamsaíocht agus caitheamh aimsire a chur ar fáil do dhaoine sa phríomhchathair trí mheán na Gaeilge. Chuige sin, tá spás ar cíos ag an gClub in íoslach Uimhir 6 Sráid Fhearchair ina mbíonn breis agus 100 imeacht ar siúl sa bhliain. I measc na n-imeachtaí úd, bronnadh Gradam Sheachtain na Gaeilge 2013 ar Phádraig Mac Fhearghusa ag searmanas speisialta sa Chlub i rith na míosa. Beidh Raidió na Life ag ceiliúradh 20 bliain ar an bhfód le cóisir agus ceol beo sa Chlub oíche Aoine, 7 Meitheamh 2013, agus fáiltítear roimh ghrúpaí agus roimh dhaoine aonair chuig Tráth na gCeist Déardaoin, 6 Meitheamh 2013, áit

a bheidh duaiseanna iontacha le buachan! Tá €20 ar bhord de cheathrar ach ní gá go mbeidh foireann socraithe agat roimh ré. Beidh Rónán Ó Snodaigh ó Kíla ag ceol arís Dé Céadaoin, 26

Meitheamh 2013, agus is gig ríspeisialta, ríphearsanta a bheidh i gceist leis. Osclóidh na doirse ar 6.00in, tosóidh an ceol ar 9.00in, agus níl ach €7 ar chead isteach nó €5 do bhaill. Íocann os cionn 200 duine táille bhallraíochta leis an gClub gach bliain agus is

tríd sin amháin gur féidir leo an t-ionad tábhachtach teanga seo a chur ar fáil. Más mian leatsa cabhrú le Club Chonradh na Gaeilge, tá foirm bhallraíochta ar fáil ag an mbeár nó ar-líne.Gach eolas:www.anclub.ie

Bí I Do Bhall!

Page 10: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2013

Tá sé i gceist ag an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta scéim nua Teanga

a dhréachtú de réir alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ó tá sé i gceist deireadh a chur le chéad scéim Ghaeilge na Roinne i mí Dheireadh Fómhair 2013. Tá aighneachtaí maidir le hullmhú na dréachtscéime sin á lorg ó pháirtithe leasmhara anois. Ba chóir aighneachtaí a sheoladh chuig [email protected] / An t-Aonad Seirbhísí

Gnó (S. 14), An Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, 23 Sráid Chill Dara, Baile

Átha Cliath 2 roimh 5.00 in Dé hAoine, 28 Meitheamh 2013. Cuirfear aighneachtaí a fhaightear ar láithreán gréasáin na Roinne Post, Fiontar agus Nuálaíochta ag www.djei.ie. Tá breis eolais maidir leis an Acht seo ar láithreán

gréasáin na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta ag www.ahg.gov.ie.

10 Cuir na s céalta chugainn roimh 12 Iúi l 2013

Aighneachtaí

Creideann Conradh na Gaeilge gur céim mhór chun tosaigh í bunú

an fhochoiste den Chomhchoiste um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht le measúnú a dhéanamh ar An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030. Beidh le feiceáil cén gaol nó glacadh ar mholtaí a eascróidh ón bhfochoiste a bheidh ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta leis, ach ar a laghad beidh ionstraim éigin den daonlathas ann chun measúnú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm éifeachtach na Straitéise. Ag an gcruinniú pobail a d’eagraigh Conradh na Gaeilge i nGaillimh le todhchaí na Straitéise a phlé i mí Feabhra, moladh go mba chóir fochoiste Dála a bhunú le plé le cur i bhfeidhm na Straitéise go leanúnach, agus thacaigh

65 eagras Gaeilge agus Gaeltachta leis na moltaí uile a d’eascair ón gcruinniú úd. Bhí sé mar phríomhmholadh freisin

go gcuirfí struchtúr riachtanach ardleibhéil ar bun idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta mar ábhar práinne, chun a chinntiú go n-aithnítear pobal na teanga mar gheallsealbhóirí i gcur i bhfeidhm na

Straitéise. Is cúis mhór dhíomá nach bhfuil mórán dul chun cinn déanta ag an Taoiseach, ag an Tánaiste ná ag an Roinn ar an gceist seo ó shin, ach tá deis iontach ag an bhfochoiste éisteacht leis na geallsealbhóirí ar fad ar chóir go mbeadh ionchur acu sa Straitéis. Mar a rinneadh mar chuid den chomhairliúchán ar an Straitéis roimhe seo, b’fhiú don fhochoiste éisteacht a chur ar bun sa Ghaeltacht.

Fochoiste Straitéise

Page 11: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2013

11Is féidir s céalta a chur chuig [email protected]

Idir Ghaeilge agus MháltaisTá ócáid liteartha

uathúil á reáchtáil ag Ionadaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn agus i Málta i gcomhar le hArd-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin mar chuid de cheiliúradh Uachtaránacht na hÉireann ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh ar 17 Meitheamh 2013. Príomh-Aire Mhálta a bhí in Alfred Sant ó 1996 - 1998 ach is mar údar próis is mó atá clú anois air agus lear leabhar agus aistí i gcló aige. Beidh an t-údar Mháltaise

i láthair le sleachta as a shaothar féin a léamh sa Mháltais in Áras na Scríbhneoirí, 19 Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath ar 6.00in, léifidh Dr Lillis Ó Laoire an saothar i nGaeilge agus Dr Annette Schiller i mBéarla. Beidh sólaistí

ar fáil agus deis ag daoine ceisteanna a chur ar an údar. Áirithintí:+353 (0)1 [email protected]

Dúirt Máire Geoghegan-Quinn, Coimisinéir na hÉireann san Aontas

Eorpach, gur ceart sibhialta é do dhaoine comhfhreagras a éileamh ina dteanga dhúchais ón státchóras Eorpach agus leagan Gaeilge de láithreán gréasáin Ionadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn á sheoladh aici i mBaile Átha Cliath an mhí seo caite. Tháinig sé seo sna sála ar dheimhniú na gCoimisinéirí Teanga ó thíortha éagsúla ar fud an domhain gur ionann cearta teanga agus cearta daonna ag an gComhdháil Idirnáisiúnta ar Chearta Teanga, arna heagrú ag Oifig an Choimisinéara Teanga; Fiontar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU); agus Ollscoil Caerdydd sa Bhreatain Bheag ar 24 Bealtaine 2013. Bhí béim ar dhea-chleachtas a roinnt ag an gcomhdháil agus labhair Graham Fraser, Ceanada;

Rafael Ribó, An Chatalóin; Mxolisi Zwane, An Afraic Theas; Meri Huws, An Bhreatain Bheag; Malin Brännkärr, An Fhionlainn;

Michel Carrier, New Brunswick, Ceanada; Seán Ó Cuirreáin, Éire; Francois Boileau, Ontario, Ceanada; Slavisa Mladenovic, An Chosaiv; agus Sandra Inutiq, Nunavut, ar an taithí a bhí acu ina dtír féin. Mar chuid den chomhdháil Dé hAoine, bunaíodh

Cumann Idirnáisiúnta na gCoimisinéirí Teanga le Coimisinéirí Teanga uile na cruinne a bhí i láthair. D’eagraigh Craobh na gCeithre Cúirteanna de Chonradh na Gaeilge seimineár in Óstaí an Rí sa phríomhchathair maidir leis na deiseanna oibre atá le fáil do chéimithe le Gaeilge san Aontas Eorpach ar 26 Aibreán 2013 freisin, áit ar labhair an tAire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha, Lucinda Creighton TD, i measc go leor eile.

Ceart Daonna Domhanda

Page 12: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Meitheamh 2013

12 Cuir na s céalta chugainn roimh 12 Iúi l 2013

Is Leor BeirtNíl slua i gcónaí de dhíth le

daoine a chur ag labhairt i nGaeilge i ngach cearn den tír - is leor beirt! Tá ábhar an leathanaigh seo dírithe ar chabhrú leat ciorcal comhrá neamhfhoirmeálta a

reáchtáil i d’áit oibre féin nó i mbialann áitiúil. Cuir fáilte roimh Ghaeilgeoirí nua tríd na ceisteanna seo a leanas a ghearradh amach agus lig do gach duine ceist a roghnú nuair a éiríonn an comhrá gann.

Cúrsaí Bia agus Dí:

• An ndéanann tú mórán cócaireachta sa bhaile?• An dóigh leat go bhfuil aiste bia sláintiúil agat?• Cad é an príomhchúrsa is mó a thaitníonn leat?• An n-itheann tú i mbialann go minic?• Cén cineál bia is fearr leat - bia ón Ind, bia

Síneach, bia Éireannach?• An bhfuil cistin mhór agat sa bhaile?• An ndearna tú fíon riamh?• Cá háit gur ith tú an béile is rómánsaí?• An ólann tú 8 ngloine uisce sa lá?• An fearr leat tosaitheoir a ithe roimh bhéile, nó milseog ina dhiaidh?• Cad a chuirfeá i sailéad?• An gcuireann tú siúcra sa tae / sa chaife?• Cé mhéad cupán tae / caife a ólfá in aon lá amháin?• An maith leat amharc ar chláir chócaireachta ar an teilifís?• Cé acu de na cócairí cáiliúla seo is fearr leat - Darina Allen, Donal Skehan,

Nigella Lawson, nó Jamie Oliver?

Aiste bia: torthaí, glasraí, anraith, sailéad, tosaitheoir, feoil, mairteoil, burgar (mairteola), bagún, uaineoil, feoilséantóir / glasraitheoir, tófú, príomhchúrsa, milseog, uachtar reoite, seacláid, cáca milis, próitéin, carbaihiodráit, déirí, vitimín, bainne, uisce, sú oráiste / úill / seadóige, tae, caife, piobar, salann, luibheanna