NÓS 33 - Bealtaine 2013

32
IRIS GHAEILGE DON NUA-AOIS BEALTAINE 2013 | EAG. 33 TODHCHAÍ 3D An domhan á athrú ag teicneolaíocht phriontála GOLLUM NA GAEILGE An raibh tionchar ag Éirinn ar shaothar JRR Tolkien? CUISLE Á PREABADH Léargas ar shraith úr cheoil don teilifís Labhraíonn Cian Ó Ciobháin ar an athbheochan cheoil i nGaillimh CEOL NA COIRIBE

description

Athbheochan cheoil i gcathair na Gaillimhe; Priontáil 3D; Tolkien agus Éire; An Gringo san Airgintín;

Transcript of NÓS 33 - Bealtaine 2013

Page 1: NÓS 33 - Bealtaine 2013

ir is ghae ilge don nua-aois

be alta ine 2013 | e ag . 33

todhchaí 3dAn domhan á athrú ag teicneolaíocht phriontála

gollum na gaeilgeAn raibh tionchar ag Éirinn ar shaothar JRR Tolkien?

cuisle á preabadhLéargas ar shraith úr cheoil don teilifís

Labhraíonn Cian Ó Ciobháin ar an athbheochan cheoil i nGaillimh

ceol nacoiribe

Page 2: NÓS 33 - Bealtaine 2013

fáilte

Page 3: NÓS 33 - Bealtaine 2013

* fáilte

nós 3

Tá rudaí ag dul i bhfeabhas. Agus cé go bhfuil muid ar thairseach an tsamhraidh, ní gá a rá nach bhfuil mé ag caint ar an aimsir. Tá mé ag caint, ar bhealach, ar an mhothúchán sin a thagann

go minic ag an am seo bliana. Seans nach bhfuil mórán níos mó gréine ann ach tá na laethanta fada agus tá súil chun tosaigh ag daoine ar shaoire an tséasúir. Tá sceitimíní ciúin séimh san aer.

Mar sin féin mothaím rud éigin eile i mbliana. Braithim é agus mé ag éisteacht leis an tallann nua a bhíonn ag craoladh ar Raidió na Life, atá, dála an scéil, ag ceiliúradh 20 bliain ar na haerthonnta i mbliana. Braithim é agus mé ag amharc ar na físeáin úra cheoil

a thagann go leanúnach ó Choláiste Lurgan nó ó Chumainn Ghaelacha in ollscoileanna fud fad na tíre. Braithim é agus mé ag

freastal ar ócáidí ar nós an G Spota. Braithim é agus mé ag caint le strainséirí i nGaeilge ag an stáisiún artola (bain triail as, oibríonn

sé!). Tá dúshlán mór romhainn ach tá gathanna solais agus dóchais ag briseadh tríd i gcónaí. Déanann muidne anseo ag NÓS iarracht cur leis an solas agus leis an dóchas sin gach mí le foisliú an eagráin is déanaí dár léitheoirí i gcéin agus i gcóngar. Tá súil agam go mbaintear sult as an ofráil úr seo. Ar ndóigh, cuireann

muid fáilte i gcónaí roimh aischothú mar sin déan teagmháil linn má tá aon rud ar intinn agat. Beidh muid ar ais i Meitheamh le

heagrán níos mó, go dtí sin mar sin, coinnigh Gaelach é.

t o m a í ó c o n g h a i l e

feabhas le mothú

Page 4: NÓS 33 - Bealtaine 2013

4 nós

nósGaeliris chultúir agus stílbheatha a chlúdaíonn suimeanna coitianta an tsaoil

chomhaimseartha. Ar fáil i gcló gach mí agus ar www.nosmag.com i gcónaí, tá sé de sprioc ag NÓS beocht fhuinniúil a chur i sochaí na hÉireann trí léargas muiníneach

Gaelach a thabhairt ar an saol thart orainn agus trí phobal na teanga a spreagadh chun spraoi, chun smaoinimh agus chun gnímh. Is iris neamhbhrabúsach í.

an iris

eagarthóirTomaí Ó Conghaile

rannpháirtitheBen Ó Faoláin, Méabh Ní Thuathaláin, Treasa Bhreathnach,

Tara Ní Mhurchú, Ciarán Dunbar, Caoimhín Ó Fearáin,Andy Field, Marie Jirousek

teagMháilCultúrlann McAdam Ó Fiaich

216 Bothár na Bhfál, An Cheathrú Ghaeltachta

Béal Feirste, BT12 6AH

[email protected]

faigh cóipTá NÓS ar díol in ollscoileanna, ionaid chultúrtha agus siopaí áirithe ar fud na

hÉireann. Dá mba mhian leat do chóip a chinntiú gach mí, is é an bealach is fearr ná síntiús bliana a ghlacadh amach. Chomh maith le hairgead a shábháil, faigheann

síntiúsóirí buntáistí breise le linn na bliana. Tuilleadh eolais ar leathanach 30.

buíochas

Page 5: NÓS 33 - Bealtaine 2013

* Ceol

nós 5

nós 5

istighCeolAgallamh le Cian Ó Ciobháin 6Léirmheasanna - Ben Ó Faoláin 10Cuisle - Sraith cheoil 13Grianghrafanna 14

an lárFuair Sí Bás 16

sCáileánBealtaine ar TG4 18

TeicPriontáil 3D 22

leabhairTolkien agus Éire 24

TaisTealScéalta Gringo - Mendoza 26

sínTiúsFaigh NÓS 30

Page 6: NÓS 33 - Bealtaine 2013

ceol

Page 7: NÓS 33 - Bealtaine 2013

renaissance ceoil cois coiribe

Page 8: NÓS 33 - Bealtaine 2013

* Ceol

8 nós

Tá athbheochan cheoil ag tarlú i nGaillimh i láthair na huaire, dar le cian Ó ciobháin. An raibh sé ag súil leis?

Ní raibh. An bhfuil sé páirteach ann? Tá. Labhair láithreoir An Taobh Tuathail le Méabh ní Thuathaláin.

cé go raibh sos cúpla bliain ag 110th Street agus The Hive, oícheanta ceoil de chuid Chian Uí Chíobháin agus Cyril Brisceo a thosaigh mall sna 90í, tá siad beirt ar

ais ar bhonn míosúil ag casadh ceirníní sa Factory agus sa Róisín Dubh i gcathair na Gaillimhe.

Tá an renaissance is mó atá feicthe ag Cian le deich mbliana ar siúl i nGaillimh faoi láthair, le daoine óga lán fuinnimh ag reáchtáil oícheanta éagsúla agus scaifte ag teacht fríd sna fichidí luath a bhfuil dúil mhór acu sa cheol.

“Ní fhacas an athbheochan seo ag teacht in aon chor,” arsa seisean.

“Bhí cúpla bliain nuair nár chuir muid an oíche ar siúl. Measaim go raibh an Ghaillimh an-chaillte ansin ar feadh tamaill. Ní raibh an spéis ann chun na hoícheanta á reáchtáil. Nuair a thosaíonn tú ag cailliúint airgid ar oícheanta á reáchtáil, cailleann tú féin suim de réir a chéile.”

Chomh maith le 110th Street agus The Hive, tá oícheanta éagsúla fán chaithair ar nós, Cult, Alice, Back to the Future ar siúl go rialta.

“Níor chualas ainmneacha ar chlubanna mar sin le blianta. Tá sé chomh deas iad a fheiceáil arís.

“Nuair a bhíos ag dul amach sa Ghaillimh sna 90í, bhí clubanna nua ag teacht ar an fhód gach cúpla seachtaine.

“Mhairfaidís ar feadh tamaill agus d’imeoidís arís. Bhí Bóthar na Trá lán le clubanna agus bhíodh do rogha oícheanta ann idir ragaee, ska, techno agus indie i rith na seachtaine,” a dúirt sé

Is dea-scéal é do lucht an cheoil leictreonaigh go bhfuil na hoícheanta nua seo faoi bhláth ach tá na deacrachtraí céanna ag cur bac ar fhorbairt shuntasach san earnáil, dar le Cian.

Faoi láthair dúnann na clubana i gCorcaigh, Luimneach agus Gaillimh idir a dó agus leath i ndiaidh a dó ar maidin.

I mBaile Átha Cliath agus Béal Feirste, is mó seans go bhfaighfeá áit éigin atá ag dul ar aghaidh níos faide san oíche ach ceapann Cian go bhfuil na clubanna i gcoitinne ag dúnamh i bhfad ró-luath.

“Níl an rithim atá ag daoine ag teacht leis na huaireanta oscailte,” ar seisean.

“Is é an nadúr atá ag daoine ná a bheith sa chlub roimh meán oíche agus tamaill a chaitheamh i mbun cainte agus cúpla deoch a hól sular dtéann siad ag damhsa. Faoin

Page 9: NÓS 33 - Bealtaine 2013

* Ceol

nós 9

am go dtosaíonn cuid mhaith daoine ag damhsa, bíonn sé thart.”

Tá Éire i bhfad taobh thiar ar thíortha eile san Eoraip, ar nós na Gearmáine agus na Spáinne, tíortha atá ag tarraingt cuairteoirí ar feadh saoire deireadh seachtaine mar gheall go mbíonn na clubanna oscailte go dtí a cúig nó a sé ar maidin.

Ba bhreá le Cian - a bhfuil a clár ceannródaíoch ar Raidió na Gaeltachta, An Taobh Tuathail, ag ceiliúradh 14 bliain ar an fhód i mbliana – ba bhreá leis go mbeadh Éire á cur chun cinn mar thír a dtiocfadh le cuairteoirí teacht chuici agus blaiseadh a fháil ar cheol atá á chasadh timpeall na tíre.

“Fiú amháin sa Bhreatain, tá múnlaí éagsúla acu le dul i ngleic leis an fhadhb seo. Stopann an beár ar feadh tamaill agus leanann an ceol. B’fhiú rudaí a thriail.”

Ceann de na deacrachtaí eile atá le brath ag djannaí in Éirinn ná go bhfuil deireadh ag teacht le ré na gceoltóirí ‘cónaithe’.

Mhínigh Cian go bhfuil sé ag éirí i bhfad níos coitianta go mbeadh clubanna ag fáil djannaí mór le rá as

tíorthaí eile chun sluaite móra a tharraingt isteach.Is beag gig rialta atá ar fáil ach sin iad na gigeanna is

mó a thaitníonn leis an Chiobhánach. “Tá rud éigin ar leith ag baint le ‘residency’. Bíonn

deis agat aithne a chur ar na daoine a thagann isteach. Nuair atá tú ag casadh ar oíche ar leith, in éineacht le dream ar leith agus atmaisféar ar leith, tá draíocht i gceist leis, ní féidir an mothúchán sin a sharú.”

Éistígí: RTÉ Raidió na Gaeltachta, Luan go hAoine, 9-11i.n. 92-94FM agus Sound Cloud. https://soundcloud.com/cianociobhainBailigí: ATT Vol I- ATT V ar fáil : www.psychonavigation.com/antaobhtuathail.htmlLeanaigí: Facebook An Taobh TuathailDéanaigí teagmháil: [email protected] nó Facebook An Taobh TuathailGabhaigí: 110th Street agus The Hive- oícheanta ceoil a bhíonn sé ag reáchtáil i nGaillimh go míosúil. http://galwaysisi.tumblr.com/ The Factory, Sráid an Gheata Bhig agus An Róisín Dubh, Sráid Doiminic.

Page 10: NÓS 33 - Bealtaine 2013

Jaipur Kawa brass band - Dance of The cobrariverboat

Léirmheas le Ben Ó Faoláin * * * * *“The brass band is something of a social phenomenon, a brotherhood, part of the British way of life. Truly amateur bands are not merely haphazard groupings of players who happen to enjoy a “blow”. They have a more serious purpose, part of which is to give opportunity for the unfolding

of artistic skill and experience in those whose daily tasks are all too often monotonous and unsatisfying, although necessary.’ Ó eagarfhocal na hirise ‘The British Bandsman’, 1954.

Cuid d’oidhreacht chóilíneach na hIndia agus Phoblacht na hÉireann araon é traidisiún bannaí práise Impireacht na Breataine. San India aimseoidh tú bannaí práise ag bainisí agus searmanais stáit agus reiligiúnacha.

Ar chúiseanna a bhaineann le stair na tíre seo ní minic a chífeá aithris dhíreach ar bhannaí máirseála na Breataine i bPoblacht na hÉireann lasmuigh den searmanas stáit, ach ná bíodh amhras ar éinne cad as ar tháinig an líon mór port spreagúil máirseála agus dáchéimeach atá fós á sheinm inniu ag grúpaí mar The Kilfenora Céilí Band.

Go deimhin, nuair a thugann bannaí ceoil druma-agus-fífe Dhaingean Uí Chúis faoi shráideanna feothanacha an bhaile ar lá an Dreoilín gach bliain is scigaithrís ar thraidisúin

10 nós léirMheasanna

ceoil

the flaming lips - The Terrorbella union

Léirmheas le Ben Ó Faoláin * * * * *“We want, or wanted, to believe that without love we would disappear. That love, somehow, would save us that, yeah, if we have love, give love and know love, we are truly alive and if there is no love, there would be no life. The Terror is, we know now, that even without love, life goes on... we just go on… there is no mercy killing.”

Wayne Coyne, Príomh-amhránaí The Flaming Lips.

Failtíonn The Flaming Lips roimh dhúshláin.Slua surfála laistigh de bholgán ollmhór plaisteach?

Fadhb ar bith. Thriail Jay-Z an méid is mó ceolchoirmeacha riamh a sheinm in aon lá amháin a shárú, d’éirigh leo ocht gcinn a dhéanamh, dála an scéil gan stró.

Aintiún dearfach, tarchéimniúil fiú, d’amhrán mar ‘Do You Realise” a scríobhadh faoi ábhar an bháis? Furast! Ach cuir rompu an dúshlán is bunúsaí dá bhfuil romhainn ar fad, an staid dhaonna, agus cailleann The Flaming Lips misneach. Ní cúis ró-imní dóibh an bás, de réir dealraimh, ach fullaingt sa saol seo.

Sea, is saothar gruama, suaite é ‘The Terror’. Faightear radharc d’ifreann inmheánach Wayne Coyne. Ní shin le rá go bhfuil an ceirnín ina dhúshlán mar ábhar éisteachta.

Is ábhar athbhríoch é ionracas Coyne agus tá ‘The Terror’ níos snasta agus níos aonchineálaí ná an ‘Embryonic’ streachlánach a d’eisigh The Flaming Lips i 2009.

Dúirt Coyne uair amháin, dá gcuirfí ceist air cén uirlis cheoil a chasann sé, go ndéarfadh sé “an stiúidió”. Ní raibh sin riamh chomh fíor agus atá anois i gcás ‘The Terror’.

Ag éisteacht le ‘Embryonic’, do shamhlófá uaireanta gur bhailigh an grúpa ar fad isteach in aon seomra amháin chun amhráin a thaifead le chéile beo.

I gcás ‘The Terror’ táthar tar éis na fuaimeanna ar fad a chur tríd miontóir leictreonach an ríomhaire agus stoirmeacha smiútúla d’amhráin a dhéanamh as an smionagar.

Ní haon rud leisciúil atá ar bun acu. Tá nós

seanchleachtaithe The Flaming Lips sineirge iontach a chruthú as bun-séis thaibhseach, armóiní ag sníomh agus glór teann Coyne anseo ó thús deireadh - bíodh do chluasa á réabadh ag géar-ghiotár uilleanach agus saobhadh leictreonach ar ‘Look... The Sun Is Rising’ nó d’aigne imithe le sruth ar fharraige an áiféala ar ‘Try To Explain’.

Beidh dúshlán eile roimh The Flaming Lips an taifead seo a athchruthú beo.

Ach bí cinnte den méid seo: rud amháin sa saol seo nach mbeidh ina ábhar díomá do lucht leanúna na Lips ná ‘The Terror’. Saothar gan cháim.

Page 11: NÓS 33 - Bealtaine 2013

* Ceol

nós 11

na mbannaí máirseála a bhfuil ar bun acu.Ní sásamh íorónach amháin a bhfuil á bhaint ag

muintir an bhaile as an gceol máirseála misniúil seo ach, mar a déarfadh an té a bhí riamh i láthair ag seó beo an Hot 8 Brass Band nó Hypnotic Brass Ensemble, tá fuinneamh tógálach ag baint le fuaim an bhanna práise.

Rud a thuig Hameed Khan nuair a bhunaigh sé an Jaipur Kawa Brass Band.

Tá a mhalairt cur chuige ag Khan is atá ag an Kilfenora Céilí Band. Dhiúltaigh muintir Chill Fhionnúrach d’uirlisí práis na hImpireachta cé gur leanadar ar aghaidh ag seinm ceol míleata ar ghléasanna traidisiúnta.

Ach ar ‘Dance Of The Cobra’ tá Jaipur Kawa Brass Band le clos ag casadh gach rud ó cheol dúchasach Rajasthan go ceol Bollywood ar uirlisí práis na hImpireachta.

Cónasc stíle é a chuirfeadh meadhrán ort, lán de dhrumaí buailte ar luas lasrach agus súnámaithe gealla de bhannafhuaim na huirlise práise. De réir dealraimh tá Khan tar éis ceol na hIndia a chur i gcómhthéacs iomlán nua leis an albam seo. Gan cur amach ró-mhór a bheith agat ar an mbuncheol dúchasach nó ceoltéamaí Bollywood, ní furasta an méid sin a thuiscint i gceart, ach dos na cluasa seo tá cosúlacht éigin idir ceol misniúil Jaipur Kawa Brass Band agus ceol preabach ghrupaí Balcánacha mar an Kocani Orkestar.

Dála Kocani Orkestar agus a gcomhghleacaithe is i gcómhthéacs an tseó bheo is mó a bheadh fonn ort éisteacht (agus rince!) le Jaipur Kawa Brass Band - tá poirt mar ‘Thumri Baaja’ agus ‘Dil Ka Chor Mera Jab Aayega’ go diail iontu féin, ach cinntíonn dianas agus luas an cheoil seo go bhfuil tuirsiúil ar do chluasa roimh dheireadh an cheirnín.

ceoltóirí éagsúla - Grime 2.0big dada

Léirmheas le Ben Ó Faoláin * * * * *Cad é seo, go díreach? Dá mbeadh aon seánra ceoil chun poc leis an ceann a thabhairt duit agus do sparán a ghoid is ceol ‘grime’ a bheadh ann.

Deirfiúr ghránna cheolta úrbacha eile Londan mar UK garage agus dubstep, is stíl é grime a dhéanann fuaimeanna gránna méarchláir a

cheiliúradh - é lán de bhuillí freangtha ar leathluas, dord-

fhuaimeanna tolla agus synth-téada géara. Domhain agus caointeach uaireanta, garbh agus

trodach uaireanta eile. Más ceol rince, go bunúsach, é ceol hip hop tá grime ar nós ceol déanta go speisialta don ghiomnáisiam dornálaíochta.

Ceol léirithe ag ógánaigh do ógánaigh - ní raibh Dizzee Rascal agus Kano beirt ach sé bliana déag nuair a thugadar aghaidh ar chairt an Top 50 na singil don gcéad uair.

Is é ‘Grime 2.0’ an bailiúchán is cuimsithí grime a eisíodh go dtí seo – spaisteoireacht uirbeach de 31 rian thar dhá dhiosca ó shean-fhonnduirí na stíle mar Wiley, Youngstar agus MRK1, chomh maith le bocanna óga ó chéin is ó chóngair mar Faze Miyake, Starkey na Stát Aontaithe, Juzlo na hAstráile, Gumnaam na hÍsiltíre agus Major Grave na hÉireann.

An bhfuil aon mhaith ann? Mar éisteoir nár thug mórán ceann do cheol grime roimhe seo, an dá rud is mó a bhuaileann tú ná airgtheacht agus brúidiúlacht dhamanta an cheoil seo.

Glacann léiritheoirí grime seilbh ar na píosaí is gránna de garage, trance, jungle, funky house, dirty south hip hop agus dancehall reggae agus déantar uirlisí troda beaga géara astu chun daoine macánta a scanrú.

Ná cas suas ró-árd poirt mhasmasacha mar ‘Mongrel’ le SNK nó ‘Nail Thrower’ Juzlo muna bhfuil fonn ort do bhricfeasta a fheiscint don tarna uair.

Tá mionchruinneas agus doimhneas ar leith ag baint le ‘L-O-K’ le Innke, bunaithe ar ghlóranna a dhéanann liathróid ping pong agus lionsa ceamara, agus crunk grime atmaisféarach ‘5000’ le Faze Miyake.

Lúbann Chaos & Order fuaim mentasm an luath-cheoil jungle ina cruth nua ar ‘Logan’s Mind’, agus is dhá posse róbat fiaclóirí le druilirí i mbun troda a shamhlófá leis an ‘Machine Molester’ (sea, nach iontach iad na teidil?!) le Stenchman.

Laigí? Níl aon locht ar scileanna léirithe leithéid Major Grave, Royal T, Prettybwoy nó Matt Shadetek ach ní bhaineann cluasa an léiritheora seo aon sásamh as na fuaimeanna mílse as pailléid sonacha R&B agus trance atá roghnaithe mar bhunús leis na rianta acu.

An breithiúnas? Smúrach go smior. Léim isteach!

Ná bíodh amhras ar éinne cad as ar tháinig an líon mór port spreagúil máirseála atá fós á sheinm inniu ag grúpaí mar The Kilfenora Céilí Band... dhiúltaigh muintir Chill Fhionnúrach d’uirlisí práis na hImpireachta cé gur leanadar ag seinm ceol míleata ar ghléasanna traidisiúnta.

Page 12: NÓS 33 - Bealtaine 2013

* Ceol

12 nós

syclops - blink of an eyerunning bacK

Léirmheas le Ben Ó Faoláin * * * * *Tá ceann mór ar Maurice Fulton, an ceoltóir/léiritheoir atá mar cheannasaí ar an ngrúpa Syclops. Ceann mór groí. Go fisiciúil, dála an scéil.

Ó thaobh na pearsantachta de is fear séimh, macánta é.

Ní cás dó a bheith chomh réasúnta. Dá

mbeadh sé ina diva glóirdhíomhaoineach (vainglorious) ceart, maithfimis dó é. Cén fáth?

Is as Baltimore SAM é, ach tá sé ag cur faoi in Sheffield Shasana le fada an lá agus is ar dhuine de laochra móra neamhaitheanta ceoil rince an chéid seo é gan amhras. Fear a dhéanann ceol atá chomh funcaí go samhlófá go raibh George Clinton, Herbie Hancock agus Juan Atkins ag réabháil istigh ina bhfo-bhríste.

Tuigeann Fulton nach gá dul thar fóir le héifeachtaí eagsúla. Mar a chruthaigh sé le ‘Where’s Jason’s K?’, a d’eisigh DFA (lipéad James Murphy LCD Soundsystem), níl ag teastáil uait ach meaisín drumadóireachta agus méarchláir chun an t-urlár rince a chur tré thine más fios duit conas na diail rudaí a sheinm.

Albam uimhir a dó ó Syclops é ‘Blink Of An Eye’. Go bunúsach, tá an ceol roinnte i ndá shaghas poirt. Rianta loma, amha diosco agus boogie house (‘Jump Bugs’, ‘Sarah’s E With Extra P’, ‘Unmatched’) agus piosaí eachtrúla snagcheoil leictreonaigh (‘Raj & Clare’, ‘Got To Get Up For Monday’).

Tá na poirt rince déanta as eilimintí fíor-shimplí, drumaí 808, méarchlár Korg de chuid na seanré, giotáir leachtúla agus piosaí de chnagadh agus pianó laidineach ó am go chéile, ach mar a léiríonn an ‘Blue Monday’ síorghlas le New Order tá an-tábhacht leis an tslí a n-úsáideann ceoltóir a chuid achmhainní seachas méid an stóir.

I gcás Fulton, bí ag súil leis an rud nach mbeifear ag súil leis. D’fhéadfá a rá go dtéann na píosaí snagcheoil beagáinín as smacht, ach tá pléasúr ar leith ag baint le cluas éisteachta a thabhairt do ghrúpa ceoltóirí atá ag leanúint de réir a mianta gan cuimhneamh ró-mhór ar cé a bheadh ag éisteacht.

Gan aon áibhéil a bheith i gceist tá an ‘Got To Get Up For Monday’ radacach ar nós Headhunters ar LSD. Níl Syclops foirfe, ach ná bí ag súil le foirfeacht is tú ag plé le ceoltóir ardéirime.

Page 13: NÓS 33 - Bealtaine 2013

* Ceol

nós 13

cuisle an cheoilThe Dirty 9s, Mo Hat Mo Gheansaí, Bréag, The Bonny Men, Dàimh... díreach cuid de na bannaí atá le cloisteáil agus le feiceáil faoi láthair sa tsraith úr cheoil Cuisle atá á chraoladh ar BBC2.

An t-amhránaí aitheanta as Béal Feirste Gráinne Holland a chuireann an seó i láthair in éineacht le hÉamonn Ó hAdhmaill agus tá an t-aicsean ar fad suite i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich sa chathair cois cuain.

Imagine Media atá taobh thiar den tsraith agus dúirt an léiritheoir, Sheila Friel, go bhfuil “rud éigin do gach duine le fáil sa tsraith seo”.

“Beidh réimse leathan ceoil ann gach seachtain, idir cheol tradisiúnta agus cheol claisiceach, idir phop agus rac-ceol agus rud beag reggae is blues

lena chois sin uilig.”Tá Cuisle ag dul amach gach oíche

Luan ar 10in ó 13 Bealtaine ar aghaidh agus ar na grúpaí a bheas ar an ardán tá an sárbhanna nua Weeping Willow ina bhfuil John Mc Sherry, Pádraig Rynne, Paul Mc Sherry agus Tóla Custy, na seanfhondúirí reggae Bréag, lads Bhaile Átha Cliath The Dirty 9’s’, an bhuíon Albanach Dàimh, na deartháireacha Gaelacha Mo Hat Mo Gheansaí agus ceann de na hóg-ghrúpaí tradisiúnta is beoga sa tír The Bonny Men’.

Beidh Ceoltóir Óg na Bliana 2013 TG4 Dónal Mc Cague agus a dheartháir Michael ann chomh maith leis an Albanach Calum Stewart agus an Briotánach Heikki Bourgault a bhíonn ag seinm meascán iontach de cheol na

hAlban agus na Briotáine. Dóibh siúd nach bhfuil suim mhór

sa cheol acu, beidh ealaíontóirí ag caint ar an rud is mó a spreagann iad. Beidh filí úra, agus filí a bhfuil clú agus cáil orthu, ag aithris a ndánta agus go leor gnéithe eile chomh maith.

Sa tsraith tugann an file Feirsteach Gearóid Mac Lochlainn léiriú ar leith i gCuisle ag aithris a dháin Dúnmharú agus tá Mark Braidner ar an ghiotár á thionlacán.

Dúirt an stiúrthóir Mal Marken, “Taitneoidh an clár le gach duine a bhfuil dúil acu sna healaíona nó sa cheol.”

“Tá talanna den chéad scoth in achan clár; tugann Cuisle ardán do na daoine éirimiúla seo a mbuanna a thaispeáint.”

Page 14: NÓS 33 - Bealtaine 2013

* Ceol

14 nós

Leathanach 13: Mark Braidner agus Gearóid Mac Lochlainn.

Leathanaigh 14/15, deiseal ón chlé: Bréag i mbun reggae na nGael; Megan Nic Ruairí as Rann na Feirste; Weeping Willow; Dàimh as Alba agus Mo Hat Mo Gheansaí i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich.

Page 15: NÓS 33 - Bealtaine 2013

* ceol

nós 15

Page 16: NÓS 33 - Bealtaine 2013
Page 17: NÓS 33 - Bealtaine 2013

graifítí gaeilge... i bpárasAr 8 Aibreán na bliana seo fuair Margaret Thatcher bás in aois 87. Príomhaire na Breataine idir 1979 agus 1990, bhí sí i gceannas nuair a thug cimí Poblachtánacha i bPríosún na Ceise Fada faoi stailc ocrais sa bhliain 1981. Ar an mhí seo caite scríobhadh an graifítí Gaeilge seo sa bhruachbhaile Saint Denis i bPáras na Fraince, ar shráid atá ainmnithe in ómós Bobby Sands, an chéad duine a fuair bás sa stailc.

Page 18: NÓS 33 - Bealtaine 2013

* scáileán

18 nós

CruaChás na Cruinnegach céadaoin 19.30Sraith chúig chlár déag a dhéanann iniúchadh ar an tionchar a bhíonn ag athrú aeráide ar thíortha éagsúla ar fud na cruinne. Bhí an triomach is mó a bhfacthas riamh sa Chéinia in 2009 agus sna Himiléithe tá oighearshruth Gangotri ag leá. Sa Bhanglaidéis, a chuirfear tús leis an tsraith chuig ceantar a mbíonn fíor-dhrochaimsir ann idir thuilte agus thornádónna.

abair amhrángach domhnach 20.00Táimid tag tha chomh fada leis an mbabhta ceathrú ceannais. Beidh na deich N-iomaitheoir is fearr ar ais ar stáitse agus iad ag iarraidh áit a bhaint amach sa mbabhta leathcheannais. Beidh iomaitheoirí as Tiobraid Árann, Muineachán, Ciarraí, Uíbh Fhailí, Port Láirge, Doire agus Ard Mhacha ar stáitse.

Fearaibh Fionntrádé domhnaigh 05 bealtaine 21.30Fear Isteach, Fear Amach: Bíonn gáire

mór ag Dave O’Shea agus ag Pat Fitz nuair a chuimhníonn siad ar na muca sa chistin. Tuigeann tú leis an ngáire sin cé chomh maith is a d’éirigh leo i Meiriceá. In Éirinn áfach tá fearaibh ar nós John Holstead a tháinig anseo ar saoire ceathracha bliain ó shin. Thaitin an áit chomh mór leis nár fhill sé ar an mbaile choíche. Tháinig an busker Harris Moore go Fionntrá agus ar nós go leor eile, d’fhan sé ann.

Geantraídé domhnaigh 05 bealtaine 22.00Ronan O’Flaherty: An fidléir Ronan O’Flaherty a chuirfidh clár deiridh na sraithe i láthair as teach tábhairne The Crane i gcathair na Gaillimhe. Beidh Brendan Browne agus Damien Stenson, an grúpa We Banjo 3 agus an t-amhránaí Pól Ó Ceannabháin i measc a chuid aíonna.

oileán na marbh: dé domhnaigh 12 bealtaine 21.30Clár faisnéise ar mhuintir na Carraige Finne i gCo. Dhún na nGall a thagann

bealtaine ar tg4

sé mo laoCh

Johnny Connollydé luain 06 bealtaine 19.30Rug ad h Joh n ny Con nol ly a r I n i s Bearachain in aice le Leitir Móir. Is cuimhin leis go mór ceol ar an oileán, go mór mór an amhránaíocht. Ba é traidisiún an oileáin a spreag é chun dul i mbun ceoil. Ba é an mileoidean an chéad uirlis ar thug sé faoi.

Thosaigh sé ag ceol ar an mbosca ceoil nuair a bhí deireadh ag teacht le ré an mhileoideain sna 50idí. Tugadh cuireadh dó chuig Féile Lorient sa Bhriotáin i 1990 agus is ansin a d’fhill sé ar an mileoidean.

Chuir sé go mór leis an gceol traidisiúnta ag us leis an damhsa ar an sean-nós agus tá an-tóir go deo ag damhsóirí ar Johnny Connolly.

brian & eithne Vallelydé luain 13 bealtaine 19.30Clár ar an lánúin Brian agus Eithne Vallely a bhfuil obair mhór déanta acu i

múineadh agus i gcur chun cinn an cheoil traidisiúnta in Ard Mhacha le dhá scór bliain.

Ag ceolchoirm Willie Clancy i Sráid na Cathrach a casadh ar a chéile iad. Bhí Eithne ina múinteoir agus bhí Brian ina phíobaire. Bhunaigh siad eagraíocht darb ainm Píobairí Ard Mhacha agus is iomaí duine óg a mhúin siad le huirlis cheoil traidisiúnta a sheinm.

Is inspioráid iad an bheirt seo do cheoltóirí traidisiúnta.

seán Ó sédé luain 20 bealtaine 19.30Rugadh an múinteoir Seán Ó Sé i mBéal Átha Leice gar do Bheanntraí. Nuair a bhí sé óg chas sé le Seán Ó Riada agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór air. Bhí tionchar mór ag Ó Riada ar a stíl amhránaíochta.

7 lá gach Máirt 19.30Clár cúrsaí reatha seachtainiúil le Páidí Ó Lionáird. Déanfar scagadh agus plé ar scéalta nuachta atá go mór i mbéal an phobail, go háirithe scéalta réigiúnacha agus Gaeltachta.

Page 19: NÓS 33 - Bealtaine 2013

* scáileán

nós 19

le chéile ar Oileán na Marbh i lár mhí Lúnasa chuile bhliain in ómós do na leanaí óga ar fad atá curtha ann.

hataídé domhnaigh 19 bealtaine 21.30Clár faisnéise faoin draíocht a bhaineann le hataí agus an tionchar a bhíonn ag hata deas ar phearsantacht agus ar áilleacht na mban. Tá tarraingt ar leith ag baint leis an hata agus caitheann mná áirithe blianta sa tóir ar an hata speisialta sin a cruthaíodh dóibhsean amháin agus nach bhfuil a shárú ann. Cuirfear dearthóir aitheanta hataí, Phillip Treacy, an Gaillimheach galánta, faoi agallamh ar an gclár seo. Bíonn an-éileamh ag pearsain ríoga agus ag réaltaí scannán ar a chuid hataí.

ros na rúndé Máirt 07 bealtaine 20.30Iarrann Cathal Róise chuig mórdhinnéar nuair a fheiceann sé cé chomh croite is atá sí tar éis an méid a tharla di. Tá imní ar Frances faoi na scéalta sí atá Tadhg ag insint d’Áine. Tá sí ag ceapadh go mbeidh faitíos uirthi roimh an droch shióg. Míníonn Lee di gur chum Tadhg na scéalta sin di sa chaoi is nach bhfeicfeadh sí Frances ag us í faoi thionchar na ndrugaí. Tá Dara agus Tina réidh le teitheadh agus tabharfaidh an lab airgid atá tugtha ag Cathal dóibh an-chúnamh go deo. Tá Dara ag iarraidh a bheith ag mealladh Chaitríona le go mbeidh sé in ann í a fheiceáil. An bhfuadóidh sé a iníon?

déardaoin 09 bealtaine 20.30Nuair a dhuisíonn Caitríona tuigeann sí go bhfuil Maeve sciobtha. Cuireann sí glaoch láithreach ar na Gardaí agus ar Bherni agus ar Chathal. Tagann Mack ar nóta Dhara agus tá a fhios acu anois gur sciob sé Maeve. Tá Caitríona i ndroch-chaoi. Ní insíonn Cathal go raibh a fhios aige go raibh Dara agus Tina le teitheadh fiú agus an Ceannfort á cheistiú faoi. An bhfaighidh an Ceannfort Uí Shé amach go raibh baint ag Cathal leis an teitheadh? Tá

sCéal

Pairtnéir: dé céadaoin 08 bealtaine 22.00Meallann Jones, Príomhfheidhmeannach c h o m h l a c h t s l á n d á l a r í o m h a i r í , ríomhchláraitheoir óg darb ainm Ultan, chun dochar a dhéanamh do ghnó a athar. Nuair a thagann eolas nua chun cinn bíonn a shliocht ar gach a bhfuil páirteach. Ó bhailiúchán Orna Ní Choileáin, Canary Wharf, é an gearrscéal seo.

an Gadaí: dé céadaoin 15 bealtaine 22.00Scéal é, An Gadaí, atá bunaithe ar

ghearrscéal le Pádraig Mac Piarais. Bíonn cailín óg ag goid nithe beaga le tabhairt abhaile ag a deirfiúr a bhfuil fiobróis chisteach ag dul di. Ach tarraingíonn a cuid gadaíochta caint nuair a ghoideann sí ó chomharsa béal dorais léi.

dílseaCht: dé céadaoin 22 bealtaine 22.00Bhí saol maith compordach ag Risteárd agus ag Áine nuair a bhí an saol go maith. Ach tá athrú ar chúrsaí anois agus tá an saol ag dul ina n-aghaidh. Céard a chaithfidh siad a dhéanamh le maireachtáil?

aiféala ar Mhicheál anois gur dhíol sé a chuid talún le Joe.

dé Máirt 14 bealtaine 20.30Tá Caitríona i ndroch-chaoi ag iarraidh Maeve a fháil ar ais ó Dhara. Socraíonn sí go rachaidh sí ar an teilifís le himpí ar Dhara Maeve a thabhairt abhaile. Tá Róise ag ullmhú dá hagallamh mór don phost mar láithreoir teilifíse ach ní chuidíonn Berni léi. Faigheann Frances toghghairm ar an bposta. Nuair a osclaíonn Tadhg an litir síleann sé gur fearr é a chur i bhfolach ar Frances go fóill ar fhaitíos go gcuirfeadh sé as di

déardaoin 16 bealtaine 20.30Casann Cathal le Dara le tuilleadh airgid a thabhairt dó. Nuair a dhiúltaíonn Dara Maeve a thabhairt abhaile ní bhíonn aon dul as ag Cathal ach a insint dó nach é athair Maeve é ar chor ar bith. Bíonn an-lá ag Tadhg agus ag Frances ag siopadóireacht le chéile ach bíonn Lee ag magadh fúthu go raibh cúrsaí níos fearr nuair a bhíodh an bheirt in árach a chéile. Iarrann David Gráinne teacht chuig an bpictiúrlann in éineacht leis féin agus bíonn gach duine a bhfuil istigh i dTigh Thaidhg ag spochadh as Ghráinne dá bharr.

Page 20: NÓS 33 - Bealtaine 2013

* scáileán

20 nós

bealtaine ar tg4

FíorsCéaldé Máirt 07 bealtaine 21.55Clár faisnéise a léireoidh an saol mar atá anois i Háítí tar éis an chrith talún a tharla ann. Feicfidh muid an drochbhail atá ar Port-au-Prince agus muintir na háite atá ag iarraidh maireachtáil ann. Feicfimid mar a ndeachaigh muintir Háítí i ngleic leis an tubaiste seo agus mar a thug siad ar fad cúnamh dá chéile sa saol.

dé Máirt 14 bealtaine 21.55Cluiche an Troisc: Clár faisnéise faoin méid atá iascairí i gCalafort Darlowko sa bPolainn a dhéanamh chun an trosc a chaomhnú sa Muir Bhailt. Scannán é seo

a tógadh thar tréimhse 2 bhliain a léiríonn an dua agus an obair a rinne na hiascairí chun an tionscal a thabhairt slán.

dé Máirt 21 bealtaine 21.55Cailín Beag Í!: Clár a scrúdaíonn an cleachtas a bhíonn i dtíortha éagsúla ar fud an domhain cailíní beaga a mharú, ginmhilleadh a dhéanamh orthu nó iad a thréigean mar gur cailíní iad. De réir figiúirí na Náisiún Aontaithe tá suas le 200 milliún cailín beag ar iarraidh ar fud an domhain inniu. Sa tSín agus san India a dhéantar go leor den chlár seo a f hiosraíonn cén fáth gur beag atá á dhéanamh do na cailíní agus na mná seo.

Cérbh é?

tommy Pottsdé domhnaigh 12 bealtaine 22.00 Sraith sé chlár ar cheol traidisiúnta na hÉireann ina ndíreofar ar sheisear de cheoltóirí móra traidisiúnta na tíre. Sa cheád chlár seo téann Paddy Glackin sa tóir ar an bhfidléir, Tommy Potts as Baile Átha Cliath.

daraCh Ó Catháindé domhnaigh 19 bealtaine 22.00Seo sraith sé chlár faoi cheol traidisiúnta na hÉireann. Beidh seisear de cheoltóirí móra traidisiúnta na tíre faoi chaibidil sa tsraith. Is faoin amhránaí Darach Ó Catháin, atá ar shlí na fírinne, clár na seachtaine seo. Taistealaíonn Iarla Ó Lionáird as baile dúchais Dharach i gConamara go Ráth Cairn i gCo. na Mí. Ansin tugann sé cuairt ar Leeds an áit a bhfuil Darach curtha. Ba laoch é Darach d’Iarla riamh agus cé nach raibh ach beagán aithne aige air bhí an-tionchar aige ar a chuid amhránaíochta féin.

Comhrá

réamonn Ó donnChadhadéardaoin 09 bealtaine 19.30Réamonn Ó Donnchadha as Cill Mhantáin ó thús ach a bhfuil teach ceannaithe aige i mBéal an Daingin a bheidh ar an gclár seo. Is scríbhneoir agus síciteiripeoir é Réamonn. Labhróidh sé faoin am a chaith sé san Afraic agus faoin bhfocal ‘spaisteoireacht’ agus an suim atá aige i siúlóid sléibhe.

seán mCKiernandéardaoin 16 bealtaine 19.30Seán McKiernan, ceoltóir agus píobaire as Carna, a bheidh ag comhrá le Máirtín

anocht. Labhróidh Seán faoina óige agus faoi go ndeachaigh sé sna sagairt ach gur imigh sé arís astu. Chaith sé blianta ag múineadh ceoil i gCorcaigh.

PÓl Ó searCaiGhdéardaoin 23 bealtaine 19.30Pól Ó Searcaigh as Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall a bheidh ag comhrá le Máirtín an tseachtain seo. Bhí sé ina mháistir poist ann ar feadh na mblianta mar a bhí a athair agus a sheanathair roimhe. Chuaigh sé le múinteoireacht bunscoile nuair a bhí sé 48 bliain d’aois. Tá neart taighde déanta aige ar an gcraobh ghinealaigh agus tá sé in ann dul siar go dtí 1775.

Page 21: NÓS 33 - Bealtaine 2013

* scáileán

nós 21

roGha imealldéardaoin 09 bealtaine 22.30Casfaidh Tristan leis an amhránaí-cumadóir ceoil tíre-rac as Ceanada-Meiriceá Martha Wainwright. Iníon í leis an amhránaí-cumadóir ceoil tíre as Ceanada, Kate McGarrigle. Chas Tristan léi le labhairt léi faoina halbam nua ‘Come Home to Mamma’ agus faoin tionchar a bhí ag a máthar ar an album. Casfaimid freisin leis an ealaíontóir agus ceoltóir Seoirse Ó Dochartaigh agus leis an údar Micheál Ó hAodha.

maura o’Connell ar stáitsedéardaoin 16 bealtaine 22.30Maura O’Connell : Seo clár a rinneadh i 1988 agus a bhfuil cóiriú iomlán déanta ar an bhfuaim agus ar an bpictiúr. Casfaidh Maura amhráin ar nós ‘Mystic Lipstick’, ‘The Water is Wide’ agus ‘Summerfly’.

Cé a ChÓnaiGh i mo theaChsa? dé sathairn 18 bealtaine 19.45Teach an Spidéil: Tugann Manchán Magan cuairt ar Theach an Spidéil agus faigheann amach cén bhaint a bhí ag an áit le Sirriamaí i nGaillimh, Prionsaí Trádála, John Wayne agus na Waterboys.

rás tailteanndé haoine 17 bealtaine 21.30Clár faisnéise a bhuaigh Spiorad na Féile ag Féile na Meáin Chelilteach i mbliana ar shaol na rothaíochta agus ar an chéad Rás Tailteann a chuaigh chun bóthair

TG4.tv • twitter.com/TG4TV • facebook.com/TG4TV flickr.com/TG4 • youtube.com/TG4

i 1953. Cultúr na hÉireann a chur chun cinn, tráth a raibh scoilt mhór idir an pholaitíocht agus an spóirt, an aidhm a bhí leis an rás.

Gaa beo dé domhnaigh 05 bealtaine 13.30Craoladh beo ar Chluiche Ceannais Roinn 1 sa tSraith Náisiúnta Iomána. Tabharfaidh Tiobraid Árann aghaidh ar Chill Chainnigh. Á chur i láthair ag Micheál Ó Domhnaill agus is é Brian Tyers a bheidh i mbun tráchtaireachta.

laoChra Gael dé domhnaigh 05 bealtaine 17.50Bh í Conor Hayes ina chaptaen a r fhoireann iomána na Gaillimhe nuair a bhuaigh siad dhá Chraobh Uile Éireann i ndiaidh a chéile i 1987 agus i 1988. Bhuaigh sé trí bhonn Uile Éireann san iomlán agus thug sé fir na Gaillimhe chomh fada leis an gCluiche Ceannais Uile Éireann in 2005 agus é ina bhainisteoir. Cuirfear Joe Mac Donncha, Pat Fleury agus Ken Hogan faoi agallamh ar an gclár.

ruGbaí Corn heineKendé sathairn 18 bealtaine 21.10Buaicphointí Clemont v Toulon i gCluiche Ceannais Chorn Heineken a himríodh inniu i Staidiam Aviva. Is é seo 18ú Cluiche Ceannais an Choirn. Beidh aicsean chomh maith againn as cluiche ceannais Chorn Dúshláin Amlin idir Laighin agus Stade Français a himríodh aréir san RDS.

Page 22: NÓS 33 - Bealtaine 2013

22 nós *

Ceol

teic

athraíonn an domhan teicneolaíochta chomh sciobtha sin, nach dtugann an gnáthdhuine faoi deara in amanna

go bhfuil teicneolaíocht nua ag teacht i bhfeidhm sa domhan mór timpeall orthu.

Ní mar sin atá an scéal le priontáil 3D. Is forbairt teicneolaíochta í seo atá ag dul i bhfeidhm ar an ngnáthshaol laethúil agus atá ag tarraingt aird an phobail i gcoitinne.

Is i mí Dheireadh Fómhair na bliana seo caite a osclaíodh an chéad siopa priontála 3D sna Stáit Aontaithe.

Anois, tá péire ann, ceann i Nua-Eabhrach agus ceann sa Chalafóirn.

Luadh é sa dráma grinn teilifíse, ‘The Big Bang Theory’, le déanaí, sraith inár bhunaigh siad clár iomlán ar an gcoincheap. Luaigh Uachtarán SAM Barack Obama é fiú ina chéad óráid ‘Staid an Aontais’ mar Uachtarán nuacheaptha ag tús mhí Feabhra na bliana seo. Labhair sé go dóchasach faoin ról a bheas ag priontáil 3D chun borradh úr a thabhairt don earnáil déantúsaíochta.

Dar le Obama, “A once-shuttered

warehouse is now a state-of-the art lab where new workers are mastering the 3D printing that has the potential to revolutionize the way we make almost everything.”

Tá roinnt frásaí in úsáid ag innealtóirí agus iad ag caint faoin teicneolaíocht nua seo, ach is é an ceann is suntasaí ná go ndeirtear gurb ionann é agus ‘an tríú réabhlóid tionsclaíochta’. Ach an bhfuil muid réidh anseo in Éirinn don réabhlóid áirithe seo?

Síleann an Dr Conor Mac

ag cló na todhchaíLabhraíonn Treasa Bhreathnach leis an Dochtúir Conor MacCormack, príomhfheidhmeannach ar

chomhlacht priontála 3D atá ag iarraidh go mbeidh Éire chun tosaigh sa réabhlóid atá ag tarlú san earnáil.

Page 23: NÓS 33 - Bealtaine 2013

* teic

nós 23

Cormack go mbeidh priontáil 3D, “réabhlóideach ó thaobh dearadh agus nuálaíochta de agus go mbeidh daoine ábalta smaoineamh a aistriú agus rud fisiceach realaíoch a dhéanamh de agus é sin ar fad ar chostas íseal”.

Ach céard is priontáil 3D ann?Mhínigh Conor go simplí é. “Is

féidir cruth fisiceach a phriontáil cumtha ar dhearadh atá íoslódáilte ón idirlíon nó deartha agat féin, nó app a úsáid go deimhin, agus priontáil 3D a dhéanamh de,” arsa Conor.

“Tá éagsúlacht san ábhar priontála a úsáidtear; plaisteach, púdar (atá cosúil le plástar Pháras), miotal nó i gcás s’againne, páipéar.”

Níl Conor ag súil go mbeidh clódóir 3D ag an ngnáthdhuine sa bhaile. Ní chiallaíonn sé sin áfach nach n-athróidh sé an earnáil déantúsaíochta go huile ‘s go hiomlán amach anseo.

In Éirinn úsáidtear priontáil 3D sna hearnálacha leighis agus fiaclóireachta cheana féin mar shampla, rud atá fíor i dtíortha eile ar fud an domhain.

Faoi láthair úsáideann fiaclóirí priontáil 3D chun coróin a dhéanamh taobh istigh d’uair a chloig in áit coicíse.

Ceann de na fáthanna nach

síleann Conor go mbeidh clódóir sa mbaile ag gach duine ná go mbeidh costas rómhór orthu, cé gur tháinig laghdú mór ar na costais a bhaineann leis le tamall anuas.

Siar i 2002 bhí costas de ¤60,000 ar chlódóir priontála 3D agus anois gheofá ceann ar ¤10,000. Ach is é an rud nach dtuigeann daoine ná go bhfuil an costas ar an ábhar priontála féin ag dul in airde.

Mar sin, má tá todhchaí na teicneolaíochta chun an earnáil déantúsaíochta a athrú amach ‘s amach, an bhfuil muid ag breathnú chun cinn anseo in Éirinn ó thaobh daoine óga a tharraingt isteach san earnáil?

“Tá sé iontach tábhachtach go mbeadh tacaíocht tugtha do na scoileanna dar le Conor chun go mbeidh “fostaithe sa todhchaí oillte le bheith ag obair sna hearnálacha seo amach anseo,” arsa seisean.

“Ba bhreá liom go mbeadh cursaí dearthóireachta curtha chun cinn sna scoileanna, go mbeadh daltaí ag dul i ngleic le córais cosúil le CAD, mar shampla.”

Tá an earnáil seo, agus an teicneolaíocht a bhaineann leis, i mbun fáis agus í ag athrú gach uile lá ar fud an

domhain. Tá an fhorbairt sin le feiceáil sa chomhlacht ‘Mcor Technologies’ a bhunaigh Dr Conor MacCormack agus á dheartháir Fintan siar i 2005 agus atá lonnaithe i gContae Lú.

D’fhorbair siad a gcéad chlódóir 3D in 2010, agus forbraíodh an Mcor Iris, an clódóir is nua dóibh le déanaí.

Dar le Conor, leis an Mcor Iris, léirigh siad go bhfuil siad ar an gcomhlacht a bhfuil na costais is ísle acu sa mhargadh ach atá ag soláthar táirgí d’ardchaighdeán don phobal ag an am céanna. Chomh maith leis sin, tá siad éiceabhách (eco-friendly) agus ar ardtaifeach (high resolution).

“Is é seo an chéad chlódóir den chineál seo ar domhan, ar cúpla fáth éagsúil,” arsa Conor.

“Úsáideann muid páipéar chun ár bpriontáil a dhéanamh agus úsáideann muid greamaitheach uiscebhunach (water-based adhesive).”

Ach an síleann Conor go mbeidh Éire in ann dul san iomaíocht leis an earnáil priontála 3D mar atá sí?

Meastar go mbeidh luach de thimpeall $3 billiún ar an earnáil 3D faoi 2018 agus síleann Conor go bhfuil siad “in áit mhaith le píosa den mhargadh sin a fháil.”

Is réabhlóid tionsclaíochta í priontáil 3D... is féidir cruth fisiceach a phriontáil cumtha ar dhearadh atá íoslódáilte ón idirlíon nó deartha agat féin.“

Page 24: NÓS 33 - Bealtaine 2013

24 nós

Maítear go raibh baint an JRR Tolkien leis an Bhoireann agus go ndeachaigh an áit i bhfeidhm ar a chuid scríbhneoireachta. Fiosraíonn Ciarán Dunbar an scéal...

leabhair

“i bpoll sa Bhoireann i gContae an Chláir a bhí cónaí ar hobad. Níor pholl gránna, salach, fliuch é, lán le giotaí de phéisteanna agus le boladh láibe. Níor pholl tirim, lom,

gainmheach a bhí ann ach an oiread, gan aon rud ann le n-ithe ná le suí síos air; poll hobaid ab ea é agus is ionann sin agus compord.”

Ag tús mhí na Bealtaine bhí an ‘Tolkien Burren Festival’ ar siúl i gContae an Chláir. Cén fáth, a deir tú, an raibh an fhéile seo ar siúl? Mar go maítear go raibh an-tionchar ag an cheantar ar J.R.R Tolkien agus ar a leabhar, ‘The Lord of the Rings’.

“This unique gathering is a celebration of the eerie beauty of the Burren area, which is believed to have been a considerable

influence on J.R.R. Tolkien’s epic novel The Lord of the Rings. The untamed, rugged local landscape, including a cave known as Poll na gColm (pronounced ‘Pole na Gollum’), as well as elements of Irish mythology, may have provided inspiration for Tolkien’s creation of Middle Earth.”

Faoin am seo, tá an scéal clúdaithe go hidirnáisiúnta agus tá tuairim an ‘Burren Tolkien Society’ glactha mar a bheadh ráiteas ón mbíobla ann.

Ach amharc ar an fhoclaíocht sa ráiteas thuas, “may have provided” agus “believed to have been,” ach ní luaitear cé a chreideann é.

Ní féidir a bheith ró-chinnte de, ach d’fhéadfá bheith

Gollum GaelaCh?

Page 25: NÓS 33 - Bealtaine 2013

* leabhair

nós 25

soiniciúil faoi agus a rá go bhfuil cuma na finscéalaíochta air, agus níos measa arís, go mb’fhéidir nach bhfuil i gceist ach galldachas sclábhánta.

Labhair mé leis an bhlagadóir agus saineolaí ar Tolkien, Séamus Ó Sionnaigh.

“Is eagal liom go bhfuil mé rud beag in amhras faoina bhfuil á mhaíomh i gContae an Chláir maidir le J.R.R Tolkien,” a dúirt sé.

“Seans go mbeadh sé neamh-thírghrách lena rá ach creidim go bhfuil baint níos mó ag na nascanna líomhnaithe le turasóirí a mhealladh chuig an dúiche seachas aon bhaint mar is ceart le Tolkien ná Middle Earth,” ar seisean, ag cur i gcuimhne dom gur thosaigh na ráflaí seo faoin am céanna is a tháinig an chéad scannán de ‘Lord of the Rings’ amach.

Chun achoimre a dhéanamh ar an fhianaise – thug Tolkien cuairt ar an Bhoireann corruair agus tá logainm amháin ann atá rud beag cosúil le hainm carachtair ina leabhair chlúiteacha.

Go bunúsach, tá an tuairim go raibh an-tionchar ag an Bhoireann ar ‘Lord of the Rings’ bunaithe ar an chosúlacht idir Poll na gColm agus an t-ainm ‘Gollum’.

Mhaígh an fear féin go raibh an leabhar críochnaithe sular leag sé cos in Éirinn, mar sin an bhfuiltear á rá gur thug sé éitheach sa chás seo?

A dhaoine uasle den ghiúiré, deirimise libh nach bhfuil ann ach fianaise imthoisceach agus is lag an fhianaise chéanna.

Mar sin féin, seans go bhfuil nasc ag an mhiotaseolaíocht a chum Tolkien le hÉirinn i gcoitinne agus le litríocht na hÉireann trí chéile, seachas leis an Bhoireann ann féin.

Dhiúltaigh Tolkien go raibh tionchar ‘Ceilteach’ ar a shaothar ach rinne sé sin chomh minic sin go gcaithfidh duine a bheith rud beag in amhras faoin séanadh.

Arbh iarracht chun daoine a chur amú an séanadh céanna?

Labhair mé le saineolaí ar litríocht na meánaoiseanna agus is cinnte leis an duine sin go raibh tionchar éigin ag scéalta Ceilteacha ar Tolkien – ach scéalta as an Bhreatain Bheag a bhí i gceist, ní as Éirinn.

Bhí droch-bharúil ag Tolkien ar an Ghaeilge ach thaitin an Bhreatnais leis, de réir cosúlachta.

Ina dhiaidh sin agus uile áfach dúirt sé sa bhliain 1967:

“Nazg: the word for ‘ring’ m the Black Speech. …it remains remarkable that nasc is the word for ‘ring’ in Gaelic … It is thus probable that nazg is actually derived from it, and this short, hard and clear vocable, sticking out from what seems to me (an unloving alien) a mushy language, became lodged in some comer of my linguistic memory.”

Is suimiúil gur dócha gurb iad na rudaí dorcha sa leabhar a bhfuil blas na gCeilteach orthu agus is suimiúil gur

minic a labhair an t-údar féin go diúltach ar Cheiltigh agus ar Éireannaigh.

Scríobh sé i 1937, an bhliain inár foilsíodh An Hobad, “Needless to say they are not Celtic! Neither are the tales. I do know Celtic things (many in their original languages Irish and Welsh), and feel for them a certain distaste: largely for their fundamental unreason.”

Agus ní ba mhoille i 1955, “…but be it noted I first set foot in ‘Eire’ in 1949 after The Lord of the Rings was finished, and find both Gaelic and the air of Ireland wholly alien – though the latter (not the language) is attractive.”

Lean sé leis na smaointe seo: “I love Wales (what is left of it, when mines, and the even more ghastly sea-side reasons, have done their worst), and especially the Welsh language. But I have not in fact been in W. for a long time (except for crossing it on the way to Ireland). I go frequently to Ireland (Eire: Southern Ireland) being fond of it and of (most of ) its people; but the Irish language I find wholly unattractive.”

Page 26: NÓS 33 - Bealtaine 2013

26 nós *

leabhair

Ach níos faide anonn, sa bhliain 1971, deir sé, “I am always happy when I am in Eire (except, of course, the North, where I have never been) and am now suffering from acute Eire-starvation, but I see no immediate chance of getting back there again.”

Tá rud éigin faoin méid sin a thugann ar dhuine smaoineamh go bhfuil an t-údar barraíocht agóide.

I ndeireadh na dála, ní béaloideas ná fíor-mhiotaseolaíocht iad ‘An Hobad’ agus ‘Lord of the Rings’; ficsean cruthaitheach iad, ní hionann iad agus seanchas na hÉireann. Iarracht atá iontu chun a macasamhail a chruthú do Shasana.

An raibh éad mar sin ar Tolkien go raibh seanchas ag na Gaeil, an tseoid a bhí uaidh an méid sin gur chaith sé a shaol ag cumadh scéalta ‘An Domhain Láir’?

Dar liomsa, is cinnte go raibh tionchar i bhfad ní ba láidre ag Éirinn agus béaloideas na nGael ar Tolkien ná mar a ba mhaith leis a admháil, cé gur mó an tionchar a bhí ag an

Bhreatain Bheag air. Tá mé measartha sásta gurb í Éire a thug an tinfeadh do

roinnt de na rudaí diúltacha dorcha in ‘The Lord of the Rings’.Agus, ceart go leor, thiocfadh dó gur as Poll na gColm

agus an Bhoireann a tháinig an t-ainm ‘Gollum’. Mar sin féin, déarfainn féin gurb é sin é. Margaíocht ghlic atá ar bun ag an Burren Tolkien

Society agus maith iad.Ach ar bhealach nach mór an trua go gcaithfidh muid

nasc lag a chruthú le scríbhneoir Sasanach chun daoine a mhealladh chun na Boirinne?

Nárbh leor a háilleacht féin agus a traidisiúin Ghaelacha féin? Nach bhfuil a scéalta ársa féin ag an cheantar seo gan bheith ag déanamh nasc caolchúiseach le Tolkien?

An é seo an toradh nádúrtha ar an Ghalldachas?

Féach: www.burrentolkiensociety.ieansionnachfionn.com/leabhair-books/j-r-r-tolkien-and-ireland

Dhiúltaigh Tolkien go raibh tionchar ‘Ceilteach’ ar a shaothar ach rinne sé sin chomh minic sin go gcaithfidh duine a bheith rud beag in amhras faoin séanadh.

an g spota

Page 27: NÓS 33 - Bealtaine 2013

an g spota

Page 28: NÓS 33 - Bealtaine 2013

28 nós

scéalta Gring0caoimhín ó fearáin i meiriceá theas

deireadh mhí Iúil a bhí ann, lár an gheimhrimh sa leathsféar theas agus mé ar mo bhealach go ceantar

Mendoza san Airgintín chun lá a chaitheamh ar fhánaí na nAindéas san ionad sciála Los Penitentes.

Ach ar dtús, rachainn ar thuras fíonlainne nó chuala mé nach raibh áit ar bith níos fearr le fíon breá a bhlaiseadh.

Ón stáisiún áitiúil chuaigh mé ar bord bus uimhir a deich, a d’imigh i dtreo Maipu, an ceantar is iomráití ó thaobh an fhíona de.

Chinntigh an tiomanaí gur bhain mé an stad cuí amach - teach Hugo, fear breá a bheadh mar threoraí agam ar an turas.

Fear meánaosta, sona é agus chuir sé fearadh na fáilte romham. Thug sé léarscáil na háite dom agus shínigh sé a lámha i dtreo róthair a bhí ina luí le balla.

Thaitin sé go mór liom go mbeinn ag rothaíocht trí thírdhreach iarthar na hAirgintíne sa tóir ar fhíonlanna nó ‘bodegas’ áitiúla.

Ar dtús, thug muid cuairt ar ‘Famillia di Tomaso’, teaghlach a reáchtáil bodega agus fuair muid gloinne blasta Malbec, Syrah agus Cabernet Sauvignon, agus muid suite ar dheic ag amharc amach ar an fhíonlann‘ ‘Tempus Alba’.

Saol an mhadaigh bháin! Ar ais linn ar na rothair arís agus

rinne muid ár mbealach chuig ‘Vina el

Cerno’, bodega beag traidisiúnta. Fuair fear an tí cúpla buidéal réidh dúinn, agus ar ndóigh thosaigh muid leis an Malbec ar dtús, an fhíonchaor is clúití sa cheantar.

Glacadh ar turas muid fán fhíonlann a shásaigh, ní amháin an tsrón agus an teanga ach radharc na súl chomh maith.

Bhuail muid le grúpa eile a bhí ar turas, beirt Éireannach le triúr as na

taisteal

cCBgcCBgcCBgcCBgcCBgc

Page 29: NÓS 33 - Bealtaine 2013

* taisteal

nós 29

Stáit Aontaithe agus bheartaigh muid go bhfanfaimís mar go raibh dúil mhór againn san fhíon agus sa timpeallacht. D’ordaigh muid dhá bhuidéal den ‘Wanya’ agus glacadh muid amach le scith a ligean ag sean-tábla adhmaid sa ghairdín ar imeall an fhíonghoirt.

‘Asado’ atá i gceist le barbecue san Argintín, dóigh ar leith leis an fheoil a réitiú. Agus ár saith ite againn uilig chuaigh muid ar cuairt amháin eile

chuig ionad licéir agus seacláide roimh dhruidim na hoíche.

Caithfidh mé a admháil go raibh muid measartha ‘sona’ faoin am seo.

Ní raibh muid ach cúpla slat ó gheata El Cerno nuair a thit Danielle, bean a bhí sa chomhluadar, den rothar agus isteach sa díog léi! Buíochas le Dia gur gáire a bhí mar thoradh ar an eachtra agus ní caoineamh. Nuair a bhain muid teach Hugo amach bhí dream eile sa

chlós ann agus cóisir ar siúl acu.Bhí Hugo féin gnóthach ag

cinntiú go raibh a dhóthain fíona sna gloiní. D’fhan muid ann go dtí gur tháinig an bus deireannach.

Shroich mé brú s’agam amach ag 6.30rn leis an sneachta ag titim, bhí leathuair a chloig agam sula mbeadh síob do mo phiocadh suas agus ár n-aghaidh ar Los Penitentes. Tá saol na suáilce acu ar imeall na nAindéas.

ar meiscei mendoza

Page 30: NÓS 33 - Bealtaine 2013

glac síntiús linnput nós in your hands

roghnaigh síntiús:éire €50 / £40sasana, alba, cymru £50an eoraip €80cuid eile den domhan €90

+ faigh gach eagrán sa phost gach mí.+ sábháil 17% ar phraghas clúdaigh na hirise.+ bí ar an eolas faoi bhuntáistí agus imeachtaí speisialta nós.

+ íoc anois ar líne le cárta creidmheasa trí paypal ag www.nosmag.comnó le seic/ordú poist do nós leis an bhfoirm seo thíos.

ainm / name:

seoladh / address:

rphost / email:

Fón / phone:

nóscultúrlann Mcadam ó fiaich216 bóthar na bhfálbéal feirstebt12 6ah

Page 31: NÓS 33 - Bealtaine 2013

34Beidh eagrán 34 de NÓS amuigh sa chéad seachtain de mhí an Mheithimh. Beidh líon níos mó leathanach ann agus ár

ngnáthmheascán eicléictiúil d’ábhar iontach ó dhomhan na nGael agus cruinní eile. I measc na scéalta beidh agallamh leis an léirithoir ceoil Calibre, léargas ar leith ar Mallorca agus eolas faoi

‘dumpster diving’! Ná caill é.

Page 32: NÓS 33 - Bealtaine 2013

*