Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

41
Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

description

Naomh Bríd c. 453 – 525 A D. Críostaíocht. Págántacht. Cé gur shiombail den Chríostaíocht í Bríd anois, téann na scéalta fúithi siar go dtí aimsir na págántachta. Bandia págánach na torthúlachta, agus na filíochta ea ba í. Bhí an-bhaint aici freisin le huisce agus le leigheas galar. - PowerPoint PPT Presentation

Transcript of Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

Page 1: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

Naomh Brídc. 453 – 525 A D

Page 2: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

Cé gur shiombail den Chríostaíocht í Bríd anois, téann na scéalta fúithi siar go dtí aimsir na págántachta.

Págántacht Críostaíocht

Page 3: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

Bandia págánach na torthúlachta, agus na filíochta ea ba í.

Page 4: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

Bhí an-bhaint aici freisin le huisce agus le leigheas galar.

Ainmníodh a lán toibreacha in onóir Bríde.

Page 5: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

De réir traidisiúin ba iad Dubthach, fear uasal….

…agus Broicseach, sclábhaí a bhí ina dtuismitheoirí ag Bríd…

Page 6: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

Ciallaíonn a hainm ‘Bríd’ saighead lasánta.

Page 7: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

Níor fhéad sí aon rud a ithe ach amháin bainne ó bhó na gcluas dearg a bhí tugtha di ag Draoi

Page 8: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

Lá amháin bhí Broicseach, máthair Bhríde amuigh ina carbad nuair thug sí faoi deara go raibh sí ar tí páiste a bhreith…

Page 9: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

Léim Broicseach dá carbad agus rith sí i dtreo a tí chun an páiste a bhreith….

Page 10: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

…ach sular éirigh léi dul isteach sa teach, rugadh a leanbh, Bríd, ar tháirseach an tí….

Page 11: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

Ciallaíonn sin go mbeadh baint ag Bríd le saol na críostaíochta (i. an teach/ séipéal) agus le saol na págántachta (i. an nádúr/ dúlra).

Page 12: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

Tá a lán scéalta faoi Bhríd ó aimsir na Críostaíochta..

De réir traidisiúin, chuaigh Bríd ar lorg píosa talún ó Rí Laighean i gcontae Chill Dara mar theastaigh uaithi clochar a thógáil.

Page 13: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

Dúirt an an taoiseach léi a clóca a chur síos agus aon talamh a bhí clúdaithe ag a clóca a thógáil

Page 14: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

Thosaigh an clóca ag fás agus ag fás agus tháinig eagla ar an rí…faoi dheireadh dúirt sé le Bríd a raibh uaithi den talamh a thógáil dá clochar…

Page 15: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

Is cinnte gur scéal fáthchiallach é seo agus gurb ionann fás an chlóca agus fás an chreidimh sa tír

fás an chlóca = fás líon na gcreidmheach

Page 16: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

Bhí an-ghrá ag Naomh Bríd do pháistí.

Page 17: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

Chuala sí go raibh amhais fhíochmhara ag ionsaí faoi shráidbhailte Laighean.

Page 18: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

Théadh Naomh Bríd go dtí na sráidbhailte a bhíodh faoi ionsaí agus deireadh sí paidreacha ar son na bpáistí uile.

Ár n-athair atá ar neamh go naofar d’ainm, go

dtaga do ríocht…

Page 19: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

Fad is a bhíodh a paidreacha a rá ag Bríd ní bheadh na páistí le feiceáil. Ní stopadh Bríd lena paidreacha go dtí go mbíodh na hamhais go léir imithe. Sa tslí seo shábháladh sí na páistí óga ón bhás.

Ár n-athair atá ar neamh go naofar d’ainm, go

dtaga do ríocht…

Page 20: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

Tá a lán scéalta draíochta maidir le Bríd…

..deirtear go raibh sí ábalta an níochán a chrochadh ar an tuar ceatha…

Page 21: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

..deirtear freisin go raibh sí in ann labhairt leis na hainmhithe allta…

Bail ó Dhia ort!

Gurab amhlaidh duit, a Bhríd!

Page 22: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

..deirtear go raibh sí in ann labhairt leis na hainmhithe allta…

Bail ó Dhia ort!

Gurab amhlaidh duit, a Bhríd!

Page 23: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

..fiú nuair nach raibh aon bhia sa teach bhí sé ar a cumas bord breá leis an mbéile is blasta a chur ar fáil i gcomhair cuairteoirí…

Page 24: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

..agus tá creideamh fós ann i mbailte áirithe faoin tuath dá bhfágfá éadach nua gan smál amuigh ar sceach an oíche roimh lá Fhéile Bríde…

Page 25: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

..tiocfaidh an Naomh i rith na hoíche agus beannóidh sí an t-éadach..

Page 26: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

..dar le seanchas, bíonn cumhachtaí draíochta ag an éadach seo ar feadh bliana a bhronnfaidh sláinte, saibhreas agus saol sona ar an teaghlach go léir…

Page 27: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

..ceiliúrann daoine lá Fhéile Bríde ar an gcéad lá de mhí na Feabhra...

Inniu…..

Page 28: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

..ceiliúrann daoine lá Fhéile Bríde ar an gcéad lá de mhí na Feabhra fós...

Inniu…..

Page 29: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

Téann creidmhigh gach bliain ar oilithreachtaí go toibreacha Bríde chun páidreacha a rá leis an Naomh….

Page 30: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

Téann líon mór síos go dtí Tobar Bríde i gContae an Chláir

Page 31: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

Téann siad timpeall an tobair naoi n-uaire

Page 32: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

Fágann daoine rudaí éagsúla ag an tobar….

Maidí siúilPictiúir agus cupáin Carbhait agus ribíní

Page 33: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

Fágann daoine rudaí éagsúla ag an tobar….

Maidí siúil

Pictiúir agus cupáin

Carbhait agus ribíní

Bréagáin Bróga

Page 34: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

Ólann siad an t-uisce beannaithe….

Page 35: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

Mar creideann siad go bhfuil….

…leigheas sa tobar …doras go domhan eile ann

Page 36: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

Cros Bhríde 

Bhí taoiseach págánach ag fáil bháis agus thug Bríd cuairt air. Shuigh sí taobh lena leaba agus thosaigh sí a rá páidreacha ar son an fhir bhreoite.

Page 38: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

Cros Bhríde 

D’oscail an fear tinn a shúile agus d’fhiafraigh sé de Bhríd cad ba chiall leis an chros…

Cad é sin?

Page 39: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

Cros Bhríde 

Mhínigh Bríd scéal faoi bhás Chríost ar an chros agus a aiséirí. Ansin bhaist sí an fear tinn sula bhfuair sé bás.

Page 40: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

Bás Bríde De réir staraithe áirithe bhí bean rialta stairiúil ann darbh ainm Bríd a fuair bás timpeall na bliana 525 A.D.

De réir traidisiúin, tá Bríd, banéirleamh na hÉireann curtha in nDún Phádraig in aice le Naomh Pádraig

Page 41: Naomh Bríd c. 453 – 525 A D

Críoch