Longford County Council, in association with Ireland 2016 ...30042,ga.docx  · Web viewClú na...

17
Comhairle Contae Mhaigh Eo Scéim Miondeontas Éire Ildánach, 2018 Treoracha d’Iarratasóirí LÉIGH NA TREORACHA SEO GO CÚRAMACH SULA GCUIREANN TÚ ISTEACH AR MHAOINIÚ Céard é Clár Éire Ildánach? Clár oidhreachta an Rialtais, ag teacht sna sála ar Éire 2016, é Éire Ildánach . Tionscnamh cúig bliana a bhaineann le gach gné den rialtas atá ann, a bheidh i bhfeidhm don tréimhse 2017-2022 agus a chuireann an chruthaitheacht i lár báire i mbeartas poiblí. Tá cúig cholún i gceist leis an gclár: 1. Scód a ligean le cumas na cruthaitheachta i ngach leanabh – Ceann de na príomhchuspóirí atá ag Colún 1 ná go mbeidh oiliúint agus deiseanna rannpháirtíochta in ealaín, ceol, drámaíocht agus códú ar fáil do gach páiste in Éirinn faoin mbliain 2022. 2. Bonn a chur faoin gcruthaitheacht i ngach pobal – Príomhchuspóir an cholúin seo ná rannpháirteachas an phobail i gcultúr agus i bpleananna cruthaitheachta an chontae seo acu a spreagadh. 3. Infheistíocht in infreastruchtúr na cruthaitheachta agus an chultúir – Tá infreastruchtúr d’ardchaighdeán fíorthábhachtach le hearnáil bhríomhar ealaíon agus cultúir a chothú. Tá an infheistíocht seo in infreastruchtúr mar bhonn le comhtháthú sóisialta agus tacaíonn sé le bús láidir agus inbhuanaithe a chur faoin ngeilleagar. 4. Éire mar Lárionad Barr Feabhais maidir le Léiriúchán na Meán Cruthaitheachta – Cuspóir fhadtéarmach an cholúin seo is ea bús a chur faoi na tionscail chruthaitheacha: na meáin, ailtireacht, dearadh, teicneolaíocht dhigiteach, faisean, bia agus ceardaíocht, agus cothú na nuálaíochta i gcúrsaí fiontraíochta.

Transcript of Longford County Council, in association with Ireland 2016 ...30042,ga.docx  · Web viewClú na...

Comhairle Contae Mhaigh Eo

Scéim Miondeontas Éire Ildánach, 2018

Treoracha d’Iarratasóirí

LÉIGH NA TREORACHA SEO GO CÚRAMACH SULA GCUIREANN TÚ ISTEACH AR MHAOINIÚ

Céard é Clár Éire Ildánach?

Clár oidhreachta an Rialtais, ag teacht sna sála ar Éire 2016, é Éire Ildánach. Tionscnamh cúig bliana a bhaineann le gach gné den rialtas atá ann, a bheidh i bhfeidhm don tréimhse 2017-2022 agus a chuireann an chruthaitheacht i lár báire i mbeartas poiblí. Tá cúig cholún i gceist leis an gclár:

1. Scód a ligean le cumas na cruthaitheachta i ngach leanabh – Ceann de na príomhchuspóirí atá ag Colún 1 ná go mbeidh oiliúint agus deiseanna rannpháirtíochta in ealaín, ceol, drámaíocht agus códú ar fáil do gach páiste in Éirinn faoin mbliain 2022.

2. Bonn a chur faoin gcruthaitheacht i ngach pobal – Príomhchuspóir an cholúin seo ná rannpháirteachas an phobail i gcultúr agus i bpleananna cruthaitheachta an chontae seo acu a spreagadh.

3. Infheistíocht in infreastruchtúr na cruthaitheachta agus an chultúir – Tá infreastruchtúr d’ardchaighdeán fíorthábhachtach le hearnáil bhríomhar ealaíon agus cultúir a chothú. Tá an infheistíocht seo in infreastruchtúr mar bhonn le comhtháthú sóisialta agus tacaíonn sé le bús láidir agus inbhuanaithe a chur faoin ngeilleagar.

4. Éire mar Lárionad Barr Feabhais maidir le Léiriúchán na Meán Cruthaitheachta – Cuspóir fhadtéarmach an cholúin seo is ea bús a chur faoi na tionscail chruthaitheacha: na meáin, ailtireacht, dearadh, teicneolaíocht dhigiteach, faisean, bia agus ceardaíocht, agus cothú na nuálaíochta i gcúrsaí fiontraíochta.

5. Clú na hÉireann ar fud an domhain a thabhairt le chéile – Beidh go leor ranna rialtais, gníomhaireachtaí stáit agus rialtas áitiúil páirteach in obair an cholúin seo, a chuireann roimhe ár dtír a chur chun cinn go hidirnáisiúnta ó thaobh an chultúir agus na cruthaitheachta de; ag saothrú chun ár dtionchar ar an domhan a mhéadú, le buntáistí díreacha agus indíreacha eacnamaíocha agus sóisialta ag teacht dá bharr sin.

Tá gach eolas i dtaobh Éire Ildánach ar fáil ar an suíomh idirlín acu: www.creative.ireland.ie

Straitéis Chultúrtha agus Chruthaitheach Chomhairle Contae Mhaigh Eo 2018-2022

Tá Straitéis Chultúrtha agus Chruthaitheach cúig bliana, 2018-2022, forbartha ag Comhairle Contae Mhaigh Eo i gcomhpháirt le hÉire Ildánach. Is í an fhís atá againn ná deiseanna le bheith páirteach in imeachtaí cultúir agus cruthaitheachta a mhéadú, bua na cruthaitheachta i ndaoine a chothú, agus na buntáistí a eascraíonn as sin do dhaoine aonair, don tsochaí agus don gheilleagar a dhaingniú. Tá sé de rún againn clár oibre nó clár imeachtaí a fhorbairt gach bliain a dhíreoidh ar cheann amháin nó níos mó de thosaíochtaí na straitéise. Céard í cuspóir chiste deontais Éire Ildánach de chuid Chomhairle Contae Mhaigh Eo?

Is í príomhchuspóir an chiste ná tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí áitiúla pobail; do dhaoine a shaothraíonn i ngort na n-ealaíon agus na cruthaitheachta; lucht eagraithe imeachtaí; agus daoine atá páirteach in imeachtaí agus tionscadail chruthaitheacha i dtreo na cruthaitheachta, agus comhoibriú agus rannpháirteachas i gcúrsaí cultúir, a ghríosadh. Tá an ciste á riaradh ag Comhairle Contae Mhaigh Eo agus déanfaidh foireann chultúrtha Éire Ildánach de chuid Chomhairle Contae Mhaigh Eo measúnú air.

Cé mhéad atá ar fáil ón gciste?

Níl ach maoiniú teoranta ar fáil do thionscadail in 2018. Táthar ag súil, áfach, go gcuirfear deiseanna suntasacha maoinithe eile ar fáil le linn thréimhse Phlean Cultúir agus Cruthaitheachta Éire Ildánach, Mhaigh Eo, 2018-2022.

Tá ciste de €20,000 curtha i leataobh do dheontais bheaga don bhliain 2018.

Coinníollacha:

1. Tá an ciste ar fáil d’eagraíochtaí neamhbhrabúsacha, do ghrúpaí áitiúla pobail, agus do ghrúpaí, ionaid agus cumainn ealaíon, oidhreachta agus chultúrtha. Ní mór d’iarratais ó dhaoine aonair a bheith i gcomhpháirt le grúpa pobail, cultúrtha nó oidhreachta. Ní bheidh aon chúnamh ar fáil do ghníomhaíochtaí tráchtála.

2. Glactar le hiarratais ar an bhfoirm oifigiúil iarratais amháin.

3. Ní ghlacfar le hiarratais ach do thionscadail a chuirfear i gcrích laistigh de Chontae Mhaigh Eo.

4. Ní mór d’ábhar tacaíochta a bheith ar pháipéar de mhéid A4 ar a mhéid. Ní chuirfidh an painéal san áireamh aon ábhar tacaíochta atá níos mó ná méid A4. Is ceadmhach ábhar tacaíochta ar nós fianaise ar thionscadail curtha i gcrích roimhe seo, CVanna, cur síos ar eagraíocht, nasc chuig ábhar tacaíochta ar líne srl. a leagan isteach in éineacht le hiarratais.

5. Ní mór beartais chuí um Chosaint Leanaí a bheith i bhfeidhm ag aon duine a fhaigheann maoiniú faoin scéim seo le haghaidh tograí a bhaineann le páistí nó daoine óga.

6. Ní mór polasaithe cuí árachais agus bearta iomchuí i ndáil le Sláinte agus Sábháilteacht a bheith i bhfeidhm ag chuile dhuine a fhaigheann deontas faoin scéim seo.

7. Má fhaightear maoiniú ó Chomhairle Contae Mhaigh Eo faoin scéim seo, caithfear aitheantas a thabhairt d'Éire Ildánach agus do Chomhairle Contae Mhaigh Eo ar aon ábhar bolscaireachta a eisítear i dtaobh an tionscdail. Mura dtugtar an t-aitheantas cuí sin d’fhéadfaí an deontas a fhógairt neamhbhailí, agus ní mór aon mhaoiniú bronnta a íoc ar ais le Comhairle Contae Mhaigh Eo.

8. Cuirfear cóip de lógónna Chomhairle Contae Mhaigh Eo agus Éire Ildánach, maille le treoirlínte, chuig gach iarratasóir rathúil.

9. Coimeádaimid an ceart againn féin bronnadh mhaoiniú Éire Ildánach a fhógairt.

10. Beidh ar na hiarratasóirí rathúla go léir tuairisc ar dhul chun cinn a chur faoi bhráid Chomhairle Contae Mhaigh Eo faoin 30 Meán Fómhair 2018. Mura ndéantar amhlaidh, d’fhéadfaí an deontas a fhógairt neamhbhailí. Tá na mionsonraí go léir leagtha amach sna treoirlínte.

11. Is é an Déardaoin, 31 Bealtaine ag 5 i.n. an spriocdháta le haghaidh iarratas. Ní ghlacfar le hiarratais atá déanach ná neamhiomlán. Ní ghlacfar le haon cháipéisíocht eile i ndiaidh an spriocdháta sin.

12. Cuirfear cinneadh Chomhairle Contae Mhaigh Eo in iúl d’iarratasóirí i bhfoirm scríofa.

13. D’fhéadfadh Deimhniú Imréitigh Cánach reatha a bheith de dhíth, ag brath ar luach an deontais bronnta.

14. Déanfar íocaíochtaí leis an bpríomhdhuine cruthaitheach nó leis an bpríomheagraíocht amháin.

Critéir Roghnúcháin:

Déanfar iarratais a fhaightear ar dheontais a mheas de réir na gcritéar a leanas:

1. A mhéad is a réitíonn an tionscnamh molta le colún amháin, nó níos mó ná sin, de na cúig cholún ag Éire Ildánach. Tá príomhfhócas Chomhairle Contae Mhaigh Eo ar Cholún 2 den tionscnamh.

2. A chruthaithí, a nuálaí, agus a oiread comhoibriú is atá sa tionscnamh molta, agus a dhóchúla is atá sé go rachaidh sé i bhfeidhm go mór ar an bpobal acu.

3. Costas an tionscnaimh/na dtionscnamh molta, agus aon tacaíochtaí nó maoiniú breise a d’fhéadfadh a bheith de dhíth nó atá deimhnithe cheana féin.

4. Indéantacht agus inmharthanacht an tionscadail, agus an dóchúlacht go gcuirfear i gcrích é taobh istigh den tréimhse ama agus den bhuiséad leagtha amach dó.

5. Léiriú ar acmhainn scileanna agus cumais chun an tionscadal a chur i gcrích.

Critéir Scórála:

Déanfar gach moladh a mheas de réir na scéime marcála a leanas:

1 A oiread is a thugann an moladh aghaidh ar cholún amháin nó breis is colún amháin de cholúin Éire Ildánach.

150

2 Cé chomh rannpháirteach is a bheidh an pobal agus saoránaigh ann.

150

3 Scála an tionscnaimh ó thaobh nuálaíochta, comhoibrithe agus cothú na cruthaitheachta de.

400

4 Costas an tionscnaimh. 150

5 Féidearthacht an tionscadal a chur i gcrích: (a) plean soiléir faoi cén chaoi agus cén duine a chuirfear i gcrích é (b) amscála soiléir lena aghaidh

150

Iomlán 1000

Tabhair do d’aire: Ní féidir maoiniú a gheallúint d'aon tionscadal, fiú má chomhlíontar na bunchritéir cháilitheachta. Tá teorann le luach an chiste, agus beidh iarratais incháilithe in iomaíocht lena chéile agus iad á meas. Ní aon chinnteacht ach oiread go bhfaighidh tionscadail 100% den mhaoiniú atá uathu, toisc go mbeidh sé ag brath ar líon na n-iarratas a n-éiríonn leo.

Céard iad na rudaí agus na costais nach gclúdófar faoin gciste?

Caiteachas ar shólaistí de chineál ar bith, alcól san áireamh; fíneálacha; íocaíochtaí pionósacha; costais dlí; agus forchostais ghinearálta.

Ní thabharfar maoiniú ón gciste seo d'imeachtaí Oíche Chultúir. Ní mhaoineofar imeachtaí a tharla roimh dháta an iarratais. Ní mhaoineofar imeachtaí reáchtáilte chun brabús a dhéanamh. Ní mhaoineofar imeachtaí carthanachta ná imeachtaí tiomsaithe airgid. Ní mhaoineofar ach oiread imeachtaí atá ag fáil deontais cheana féin ó fhoinse nach Comhairle

Contae Mhaigh Eo í. Tabhair do d’aire, sa chás go bhfuil tú ag fáil deontais ó fhoras eile Stáit don tionscadal atá idir lámha agat, ní mór duit a chruthú gur le haghaidh imeachtaí eile a bronnadh an maoiniú sin.

Ní ghlacfar le hiarratais ó eagraíochtaí náisiúnta.

Cén chaoi a ndéantar iarratas?

Líon amach an fhoirm iarratais atá ar fáil ar shuíomh idirlín Chomhairle Contae Mhaigh Eo www.mayococo.ie nó is féidir é a fháil ar ríomhphost ó avaughan @mayococo.ie .

Ní ghlacfar ach le hiarratais a fhaightear ar an bhfoirm cheadaithe iarratais, agus í comhlánaithe go hiomlán.

Ba chóir iarratais agus cáipéisí tacaíochta a leagan isteach tríd an bpost chuig an seoladh a leanas: Scéim Deontais Mhaigh Eo Ildánach 2018, Leabharlann Chontae Mhaigh Eo, An Meal, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo. Bí cinnte go scríobhtar ‘Scéim Deontais Mhaigh Eo Ildánach’ go soiléir ar bharr an chlúdaigh litreach ar chlé.

Ní mór d’iarratais a bheith istigh faoi 5 i.n. ar an Déardaoin, 31 Bealtaine 2018. Ní chuirfear iarratais nach bhfuil iomlán comhlánaithe san áireamh. Ní ghlacfar le haon cháipéisí eile i ndiaidh an spriocdháta.

Cén chaoi a gcuirfear ar an eolas mé má cheadaítear deontas dom?

Foireann Cultúir Éire Ildánach de chuid Chomhairle Contae Mhaigh Eo a dhéanfaidh na iarratais a mheas, ach d’fhéadfaimis cúnamh neamhspleách a fháil chomh maith. Cuirfear cinntí in iúl do na hiarratasóirí go léir i scríbhinn.

Gheobhaidh iarratasóirí rathúla Litir Thairisceana. Conradh a bheidh sa litir seo idir Comhairle Contae Mhaigh Eo agus an lucht eagraithe, agus sonrófar ann na coinníollacha agus na riachtanais uile ag gabháil leis.Foilseofar liosta na n-iarratasóirí rathúla ar shuíomhanna idirlín Chomhairle Contae Mhaigh Eo agus Éire Ildánach, agus luafar in éineacht leis teideal an tionscadail/an imeachta agus sonraí ina leith.

Má éiríonn le m’iarratas, cén chaoi ar féidir liom an t-airgead a tharraingt anuas?Íocfar deontais le hiarratasóirí rathúla trí ríomhaistriú airgid, agus ní déanfar amhlaidh go dtí go bhfuil an tionscadal curtha i gcrích. Chun an t-airgead a fháil, ní mór don iarratasóir rathúil tuairisc ghairid a líonadh isteach (cuirfidh Comhairle Contae Mhaigh Eo é seo ar fáil) agus an fhianaise a leanas a sholáthar:

Fianaise gur cuireadh an tionscadal/an t-imeacht i gcrích (e.g. grianghraif, gearrtháin nuachtáin srl.). Fianaise ar chaiteachas – admhálacha nó sonraisc i dtaobh na gcostas go léir. Íocfar an deontas leis an eagraíocht nó leis an bpríomhdhuine cruthaitheach amháin, ní le duine ná le

daoine aonair. Achoimre ar an tionscadal, aon athruithe a rinneadh don tionscadal, agus líon na ndaoine a

ghlac páirt an.

Tabhair do d’aire – Mura gcomhlíontar an fhoirm iar-imeachta seo, beidh ar an iarratasóir an deontas/na deontais a íoc ar ais le Comhairle Contae Mhaigh Eo agus ní bheidh cead acu cur isteach ar scéimeanna deontais amach anseo.

Comhairle Contae Mhaigh Eo

Scéim Miondeontas Éire Ildánach, 2018

FOIRM IARRATAIS

NÍ GHLACFAR le foirmeacha iarratais neamhiomlána. Is é 5 i.n. an 31 Bealtaine 2018 an spriocdháta le haghaidh iarratas.

Cuid 1: Sonraí an IarratasóraAinm an iarratasóra

Ní mór do dhaoine aonair a thabhairt le fios cén grúpa(í) pobail a bhfuil siad ag obair i bpáirt leo.

Seoladh an teagmhálaithe.

Cur síos ar an iarratasóir agus ar an bpríomhréimse gníomhaíochta acu(ceadaítear cáipéisí tacaíochta leis seo)

Féidearthacht an tionscadal a chur i gcrích agus fianaise ar scileanna sa réimse seo Cé a bheidh i bhfeighil an tionscadail? Cén plean atá ann lena chinntiú go n-éiríonn leis?

(tabhair samplaí agus is féidir cáipéisí tacaíochta a leagan isteach chomh maith).

Cáipéisí tacaíochta eile (más mian leat)

Ainm agus sonraí teagmhála an té a bheidh ag déileáil leis an iarratas:

Ainm:

Teil:

Ríomhphost:

Cuid 2: Sonraí an Tionscadail

Sonraí an tionscadail/imeachta molta

Teideal an tionscadail/imeachta:

Aidhm an tionscadail:

Áit(eanna) a mbeidh sé ar siúl:

Cén spriocghrúpa atá aige? Cé hiad? (m.sh. an pobal áitiúil, diaspóra, páistí)

Dáta tosaigh/críochnaithe an tionscadail:

TABHAIR CUNTAS GAIRID AR AN NGNÍOMHAÍOCHT/IMEACHT/TIONSCADAL atá molta agat agus ar an gcaoi a dtacóidh sé le tionscnamh Éire Ildánach, 2018. (300 focal ar a mhéid)

Colúin Éire Ildánach: Tabhair le fios cé acu (bíodh ceann amháin nó níos mó) de na cúig cholún a bhaineann le do thionscadal, agus mínigh an bhaint atá acu lena chéile. 1 Scód a ligean le Cumas na Cruthaitheachta i

ngach Leanbh

2 Bonn a chur faoin gCruthaitheacht i ngach Pobal

3 Infheistíocht in Infreastruchtúr na Cruthaitheachta agus an Chultúir

4 Éire mar Lárionad Barr Feabhais maidir le Léiriúchán na Meán Cruthaitheachta

5 Clú na hÉireann ar fud an Domhain a thabhairt le chéile

Comhoibriú: An bhfuil comhoibriú mar chuid de do thionscadal nó an spreagann sé é? An spreagann do thionscadal obair idirdhisciplíneach .i. idir na healaíona, oidhreacht, cultúr, eolaíocht, teicneolaíocht, srl...

Cur chun cinn an tionscadail:Cén chaoi a bhfuil sé i gceist agat do thionscadal a chur chun cinn? An bhfuil suíomhanna idirlín nó cuntais ar na meáin shóisialta ag d’eagraíocht cheana féin?

Cuid 3: Buiséad

Buiséad an Tionscadail Tabhair cuntas de na costais réamh-mheasta go léir a bhaineann le do thionscadal (CBL san áireamh).

Earra Cur síos Costas iomlán

Costas iomlán an tionscadailLuach an deontais á lorg?An bhfuair tú, nó ar chuir tú isteach ar mhaoiniú poiblí ó aon fhoinse eile don tionscadal seo?

Fuair/Chuir Ní bhfuair/Níor chuir Má fuair/chuir, luaigh foinse an mhaoinithe sin agus an méid a fuarthas.

Tabhair do d’aire nach bhfuil aon chinnteacht ann go bhfaighfear luach iomlán an deontais atá á lorg. Sa chás sin, an bhfuil aon áit gur féidir le d’eagraíocht maoiniú meaitseála a fháil?

Tabhair do d’aire: Beidh sé riachtanach sonraisc nó admhálacha, agus “íoctha/paid” marcáilte go sonrach orthu, a leagan isteach nuair atá an tionscadal curtha i gcrích.

Seicliosta:Bí cinnte go bhfuil gach cuid den fhoirm iarratais comhlánaithe agus curtha faoi iamh agat sula leagtar isteach í, go háirithe:

Cuid 1 – Sonraí an iarratasóra Cuid 2 – Cur síos ar an tionscadal Cuid 3 – Buiséad

Bí cinnte go bhfuil na cáipéisí tacaíochta go léir curtha faoi iamh agat leis an iarratas – ní ghlacfar le haon cháipéisí i ndiaidh an spriocdháta.

Spriocdháta le haghaidh iarratas: Déardaoin, 31 Bealtaine 2018 ag 5 i.n.

Seol iarratais isteach tríd an bpost, chuig: Scéim Miondeontas Mhaigh Eo Ildánach 2018, Leabharlann Chontae Mhaigh Eo, An Meal, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo

Séanadh: Léigh go cúramach le do thoil

De réir théarmaí agus coinníollacha Chlár Éire Ildánach, Chomhairle Contae Mhaigh Eo, tá sé riachtanach go léann, go dtuigeann, agus go nglacann aon duine a dhéanann iarratas ar mhaoiniú an méid a leanas:

1. Ní bheidh Comhairle Contae Mhaigh Eo faoi dhliteanas don iarratasóir ná d'aon pháirtí eile as aon chaillteanas, damáiste, ná costas de shaghas ar bith a eascraíonn go díreach ná go hindíreach:

a. as an iarratas féin nó as ábhar an iarratais.

b. as diúltú don iarratas ar chúis ar bith.

2. Ní bheidh Comhairle Contae Mhaigh Eo, ag am ar bith ná i gcúinsí ar bith, freagrach ná faoi dhliteanas as aon rud a eascraíonn as ná a bhaineann le cur i gcrích na n-imeachtaí. Maidir le hairgead curtha ar fáil ag Comhairle Contae Mhaigh Eo, ní ghlacann an chomhairle le ról an ‘chliaint' ná an ‘fhostóra’ mar atá sainmhínithe san Acht um Shábháilteacht, Sláinte agus Leas ag an Obair, 2005.

3. Agus iarratas á leagadh isteach acu, tugann iarratasóirí cead do Chomhairle Contae Mhaigh Eo a gcuid sonraí a phróiseáil agus a nochtadh – le tríú páirtithe más gá – chun críocha riaradh, thuairisciú, mheasúnú agus imscrúdú an chiste. Ina theannta sin, tugann iarratasóirí rathúla cead do na páirtithe seo an t-eolas seo a nochtadh (m.sh. ainm an iarratasóra rathúla, luach an deontais bronnta, sonraí an tionscadail srl.) má bhaineann sé le fógraíocht a dhéanamh ar an gciste agus an ciste a chur chun cinn. Déanfar sonraí pearsanta a phróiseáil de réir fhorálacha ábhartha na reachtaíochta um Chosaint Sonraí amháin.

Dearbhú an Iarratasóra / na nIarratasóirí

Tá an t-eolas agus an critéir a bhaineann leis an gciste léite againn agus tuigimid é, agus dearbhaímid go gcloífimid go hiomlán leis. Dearbhaím/Dearbhaímid go bhfuil an fhaisnéis uile tugtha san iarratas seo, agus an fhaisnéis atá in aon cháipéisí a leagadh isteach mar thacaíocht don iarratas, fíor agus cruinn, agus nár chuireamar iarratas isteach chuig aon chomhairle contae nó cathrach eile ar mhaoiniú don imeacht seo. Ní mór do bhreis is duine amháin den ghrúpa an t-iarratas a shíniú.

Ainm: (i gceannlitreacha) ________________________________________

Sínithe ag: ______________________________ Dáta: _______________

Ainm: (i gceannlitreacha) ________________________________________

Sínithe ag: ______________________________ Dáta: ________________

Thar ceann: (ainm na heagraíochta):______________________________