Ionad Fionnachtana Chuan Bhaile Átha Cliath UNESCO · photography. Dublin Bay has several...

6
Ionad Fionnachtana Chuan Bhaile Átha Cliath UNESCO

Transcript of Ionad Fionnachtana Chuan Bhaile Átha Cliath UNESCO · photography. Dublin Bay has several...

Page 1: Ionad Fionnachtana Chuan Bhaile Átha Cliath UNESCO · photography. Dublin Bay has several attractive and historical coastal villages, including Dalkey, Dun Laoghaire and Howth, where

Ionad Fionnachtana Chuan Bhaile Átha Cliath UNESCO

Dublin BayBiosphere Reserve since 2015Man and the Biosphere Programme

United NationsEducational, Scientific and

Cultural Organization

Dublin Bay Biosphere Partnership member organisations

ww

w.d

ublin

bayb

iosp

here.ie

bio

[email protected]

@

dublinbaybiosphere

@

dublinbiosphere

This leaflet is printed on FSC

certified paper using

vegetable-based inks.

Co

ntact us:

Page 2: Ionad Fionnachtana Chuan Bhaile Átha Cliath UNESCO · photography. Dublin Bay has several attractive and historical coastal villages, including Dalkey, Dun Laoghaire and Howth, where

Cúlra

Ainmniú ar leith UNESCO i measc phríomhchathracha an domhain atá i mBithsféar Chuan Bhaile Átha Cliath, ina bhfuil Oileán an Bhulla ina cheartlár. Áiteanna iad bithsféir ina bhfuil ceangal idir an dúlra agus daoine. Aithnítear go hidirnáisiúnta iad i ngeall ar a n-éagsúlacht bhitheolaíoch ach déantar bainistíocht ghníomhach orthu, chomh maith leis sin, chun caidreamh cothrom a chur chun cinn idir daoine agus an dúlra trí thrí sprioc: Caomhnú, Foghlaim agus Forbairt.

Tá i mBithsféar Chuan Bhaile Átha Cliath, a shíneann ó Inis Mac Neasáin timpeall a fhad le hOileán Dheilginse, an Chathair, an Calafort agus bruachbhailte an chósta, meascán dochreidte de thimpeallachtaí nádúrtha agus tógtha den chéad scoth ina measc.

Ionad Fionnachtana Chuan Bhaile Átha Cliath UNESCO

Page 3: Ionad Fionnachtana Chuan Bhaile Átha Cliath UNESCO · photography. Dublin Bay has several attractive and historical coastal villages, including Dalkey, Dun Laoghaire and Howth, where

Pleananna agus Bainistíocht Amach AnseoTá Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath (CCBÁC) ag tabhairt faoi thionscadal spreagúil chun Ionad Fionnachtana Chuan Bhaile Átha Cliath UNESCO a thógáil i gcroílár Bhithsféar UNESCO ar Oileán an Bhulla. Dearadh uaillmhianach ach íogair a bheidh ann a chruthaíonn áit chumhachtach le haghaidh fionnachtana agus foghlama agus déanfaidh an tIonad Oileán an Bhulla, Cuan Bhaile Átha Cliath, gréasán Réigiúin Bhithsféir an domhain agus saincheisteanna domhanda aeráide a léiriú agus a léirmhíniú. Tá i gceist ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath go mbeidh an tIonad Fionnachtana mar an mbunús chun na saincheisteanna bainistíochta a réiteach san anaclann dúlra agus i gCuan Bhaile Átha Cliath agus go spreagfaidh sé luachanna UNESCO chun saoránacht dhomhanda a chur chun cinn.

Cuirfidh an tIonad Fionnachtana an deis ar fáil go huathúil do dhaoine sa tsochaí, beag beann ar a gcumas, nach bhféadfaidís na dumhcha agus an trá a bhaint amach go dtí seo chun cuairt a thabhairt ar an Anaclann Dúlra agus tuiscint a fháil ar na héiceachórais mhionsonraithe talún agus mhuirí a dhéanann áit ar leith d’Oileán an Bhulla ag Cuan Bhaile Átha Cliath. Chomh maith leis sin, feidhmeoidh an tIonad Fionnachtana mar ‘tairseach’ chuig an Anaclann Dúlra agus léireoidh sé go soiléir an tábhacht a bhaineann leis an Anaclann Dúlra mar fhiántas ar gá meas a léiriú air.

In 2018, thug UNESCO faoi athbhreithniú ar 20 suíomh ainmnithe UNESCO ar fud na hEorpa go léir agus ina ndearna ionaid cuairteoirí measúnú ar a luach chun tuiscint, léirmhíniú agus léirthuiscint ar shuíomh UNESCO a fheabhsú. Léiríodh san athbhreithniú an príomhról is féidir le hionaid cuairteoirí a ghlacadh chun tacú le cothromaíocht inbhuanaithe idir daoine agus an dúlra trí thionchar a imirt ar iompar agus claonadh cuairteoirí. D’athdhearbhaigh sé, chomh maith leis sin, gur cheart go mbeadh baint ghníomhach an phobail áitiúil ar cheann de na rudaí a chuireann an rath chun cinn i gcás ionad cuairteoirí ar bith i suíomh UNESCO.

TAIGHDE

OIDEACHAS

CAIFE

BEALACH ISTEACH

TAISPEÁNTAS

DÁNLANN FÉACHANA

Page 4: Ionad Fionnachtana Chuan Bhaile Átha Cliath UNESCO · photography. Dublin Bay has several attractive and historical coastal villages, including Dalkey, Dun Laoghaire and Howth, where

Ionad Fionnachtana - Scéal an DearaidhTá Ionad Fionnachtana Chuan Bhaile Átha Cliath Unesco a bheartaítear le bheith suite i gceartlár Bhithsféar Chuan Bhaile Átha Cliath UNESCO, ar Bhóthar an Tóchair, áit a gcasann sé le hOileán an Bhulla, ar tírdhreach é atá an-íogair agus faoi chosaint thréan.

Bealach isteach “tairsí” é ag lár an oileáin agus tá radhairc fhairsinge ann amach ar chuid de na háiteanna is áille, is íogaire agus is cosanta atá ann. Samhlaítear an t-ionad ag an bpríomhláthair seo mar áit chumhachtach le haghaidh caomhnú, oideachais agus taighde a thugann croíchrios cosanta an bhithsféir chun suntais le túr radharc a dhéanann codarsnacht leis agus a bhfuil foirm chothrománach a ísle leis an talamh agus is féidir aige.

D’imir línte ceannasacha cothrománacha thírdhreach an oileáin tionchar ar dhearadh an phríomhfhoirgnimh fhada ísil. Foirgneamh aon stóir den chuid is mó a bheidh ann a bheidh a ísle leis an talamh agus is féidir agus ina mbeidh achar níos lú ar an gcéad urlár. Deartar an foirgneamh go mbeidh an chosúlacht air gur fhás sé aníos ón timpeallacht mórthimpeall air agus go bhfuil ceangal díreach aige leis an timpeallacht sin trí fhoirm an fhoirgnimh agus an úsáid a bhaintear as ábhair nádúrtha.

Cruthóidh Ionad Fionnachtana Chuan Bhaile Átha Cliath UNESCO áit chumhachtach le haghaidh caomhnú, oideachais agus taighde, chun Oileán an Bhulla, Cuan Bhaile Átha Cliath, gréasán Réigiúin Bhithsféir an domhain agus saincheisteanna ríthábhachtacha domhanda aeráide a fheiceáil, a láimhseáil, a bhlaiseadh, a bholadh agus a chloisteáil.

Page 5: Ionad Fionnachtana Chuan Bhaile Átha Cliath UNESCO · photography. Dublin Bay has several attractive and historical coastal villages, including Dalkey, Dun Laoghaire and Howth, where

22

An Scéal a Inseoidh an Tionad Fionnachtana Mar thairseach chuig an mBithsféar, beidh na gnéithe seo a leanas sa léirmhíniú nó sa ‘scéalaíocht’ ag an Ionad Fionnachtana:

Oidhreacht Nádúrtha – gnáthóga síorathraitheacha fiáine Oileán an Bhulla agus Chuan Bhaile Átha Cliath a fhiosrú, ceangail phearsanta leis an dúlra a spreagadh.

Tionchar an Duine – súil siar a chaitheamh ar úsáid agus idirghabháil an duine i gCuan Bhaile Átha Cliath, a chuireann deis ar fáil chun machnamh a dhéanamh ar ár meonta i dtaobh an domhain nádúrtha.

An Bithsféar – a leagann béim ar thábhacht Chuan Bhaile Átha Cliath mar shaotharlann áitiúil shárluachmhar chun staidéar a dhéanamh ar shaincheisteanna domhanda comhshaoil mar chuid de Ghréasán Tearmainn Bhithsféir UNESCO an Domhain.

Cé nach féidir le rud ar bith sárú a dhéanamh ar a bheith sa domhan nádúrtha tú féin, ní féidir go leor den chuan, na hoileáin agus na cinn tíre a bhaint amach. Baineann tábhacht le heispéiris thumthacha laistigh den Ionad a chur san áireamh chun lucht cuairte a aimsiú nach féidir leo an timpeallacht níos fairsinge a bhaint amach nó a thugann cuairt nuair a bhíonn drochaimsir ann, nó a thugann cuairt lasmuigh den séasúr ina mbíonn éin ar imirce ar an oileán.

Go bunúsach, tríd an Ionad Fionnachtana, ba mhaith linn cabhrú le daoine tuiscint agus meas a bheith acu ar an áit speisialta seo. Is mian linn iad a spreagadh chun aire a thabhairt dó.

Faoi mar a dúirt Freeman Tilden, duine de na daoine ba mhó le rá a rinne ciall a bhaint as saincheisteanna comhshaoil:

“Baintear tuiscint amach trí léirmhíniú; baintear léirthuiscint amach trí thuiscint, baintear chosaint amach trí léirthuiscint.”

Page 6: Ionad Fionnachtana Chuan Bhaile Átha Cliath UNESCO · photography. Dublin Bay has several attractive and historical coastal villages, including Dalkey, Dun Laoghaire and Howth, where

22

Dublin BayBiosphere Reserve since 2015Man and the Biosphere Programme

United NationsEducational, Scientific and

Cultural Organization

Dublin Bay Biosphere Partnership member organisations

Welcome to Dublin Bay Biosphere!

ww

w.d

ublin

bayb

iosp

here.ie

bio

[email protected]

@

dublinbaybiosphere

@

dublinbiosphere

This leaflet is printed on FSC

certified paper using

vegetable-based inks.

Popular activities fo

r both lo

cal people

and visitors w

ithin Dublin Bay Bio

sphere include w

alking and hiking, swim

ming,

sailing, birdwatching, bo

at trips, guided to

urs, kayaking, kite surfing, windsurfing,

stand up paddle boarding, cycling, go

lf and pho

tography. D

ublin Bay has several attractive and histo

rical coastal villages, including D

alkey, D

un Laoghaire and H

ow

th, where yo

u can dine o

n delicious seafo

od and o

ther local pro

duce.

Co

ntact us:

Things to do

Images co

urtesy of Tim

Carey, Jaso

n Clarke, D

ublin City

Co

uncil staff, D

ublin Port C

om

pany, Fáilte Ireland, Justin Ivo

ry, Maria Lo

ng, Richard Nairn, Pure M

agic, Clo

wie

Russell, Clive Tim

mo

ns and Antho

ny Wo

ods.

Dublin Bay

Biosphere

Cad iad do chuid dearcthaí?Mar chuid d’idirchaidreamh leanúnach atá a dhéanamh againn, tá bhur gcuid dearcthaí á lorg againn faoin togra sula gcríochnófar iarratas pleanála a fhorbairt agus a dhearadh agus sula seolfar ar aghaidh é in 2020.

Is féidir leat do chuid dearcthaí a sheoladh ar aghaidh ag: https://consultation.dublincity.ie/parks/discovery-centre

Chun teacht ar eolas, tabhair cuairt ar www.dublincity.ie/discoverycentre

nó seol ríomhphost chuig [email protected]