Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe, Ó ...

31
Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe, Ó Bhealtaine go Deireadh Fómhair 1914 Fearann Cartlann Chomhairle Chontae an Gaillimhe fáilte romhat ag an taispeántas ar líne seo lena mbaineann ábhar bunfhoinsí ina bhfuil cuntas ar theacht chun cinn na nÓglach i gCathair na Gaillimhe sa bhliain 1914. Tá tuairiscí ann freisin a bhaineann leis an deighilt san eagraíocht tar éis thús an Chéad Chogadh Domhanda. Baineann an t-ábhar atá ar taispeáint le dhá bhailiúchán den chuid is mó, Miontuairiscí Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe ón 4 Bealtaine go dtí an 20 Meán Fómhair 1914, (GS01/03), agus comhad comhfhreagrais de chuid Chomplacht na Cathrach ón 25 Iúil go dtí an 5 Deireadh Fómhair 1914 (GS13/02). Tá ábhar maidir le laethanta tosaigh na Complachta i nGaillimh sa dá bhailiúchán seo ar annamh súile á gcaitheamh air go dtí seo. Gníomh de chuid Straitéis Deich mBliana na gCuimhneacháin Chontae na Gaillimhe 2013 - 2023 An Action of the County of Galway Decade of Commemorations Strategy 2013 2023’

Transcript of Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe, Ó ...

Page 1: Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe, Ó ...

Óglaigh na hÉireann,

Complacht Chathair na

Gaillimhe,

Ó Bhealtaine go Deireadh

Fómhair 1914

Fearann Cartlann Chomhairle Chontae an

Gaillimhe fáilte romhat ag an taispeántas ar

líne seo lena mbaineann ábhar bunfhoinsí ina bhfuil

cuntas ar theacht chun cinn na nÓglach i gCathair na

Gaillimhe sa bhliain 1914. Tá tuairiscí ann freisin a

bhaineann leis an deighilt san eagraíocht tar éis thús an

Chéad Chogadh Domhanda.

Baineann an t-ábhar atá ar taispeáint le dhá

bhailiúchán den chuid is mó, Miontuairiscí Óglaigh na

hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe ón 4

Bealtaine go dtí an 20 Meán Fómhair 1914, (GS01/03),

agus comhad comhfhreagrais de chuid Chomplacht na

Cathrach ón 25 Iúil go dtí an 5 Deireadh Fómhair 1914

(GS13/02). Tá ábhar maidir le laethanta tosaigh na

Complachta i nGaillimh sa dá bhailiúchán seo ar

annamh súile á gcaitheamh air go dtí seo.

‘Gníomh de chuid Straitéis Deich mBliana na gCuimhneacháin Chontae na Gaillimhe

2013 - 2023

An Action of the County of Galway Decade of Commemorations Strategy 2013 – 2023’

Page 2: Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe, Ó ...

Óglaigh na hÉireann,

Complacht Chathair na

Gaillimhe,

Ó Bhealtaine go Deireadh

Fómhair 1914

Bunaíodh Óglaigh na hÉireann an 25 Samhain 1913

ag cruinniú poiblí a eagraíodh sa Rotunda i mBaile

Átha Cliath. Orthu sin a bhunaigh na hÓglaigh,

bhí an tOllamh Eoin Mac Néill agus Ua Rathghaille,

comhalta de choiste stiúrtha Chonradh na Gaeilge.

Bunaíodh Complacht na Gaillimhe míonna beaga

ina dhiaidh sin tar éis do Eoin Mac Néill, Ruairí Mac

Easmuinn agus daoine nach iad labhairt ag cruinniú

i Halla an Bhaile i mí na Nollag 1913.

Faoi mhí Iúil 1914, bhí 160,000 duine sna hÓglaigh,

agus meon míleatachais ag teacht chun cinn in

Éirinn ó aimsir Bhille an Rialtais Dúchais 1912, ar

chuir na hAontachtóirí i gCúige Uladh go mór ina

aghaidh.

Is le Comhairle Chontae na

Gaillimhe an cóipcheart

maidir leis na híomhánna agus

an téacs uile.

Page 3: Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe, Ó ...

Óglaigh na hÉireann,

Complacht Chathair na

Gaillimhe

Ionas nach ligtear i

ndearmad...

“Is ceart onóir a thabhairt dóibh sin a

bhí sna hÓglaigh i dtosach báire ar mó ná

iad féin agus a saol féin a bhí i gceist acu, a

raibh Gaelachas i gceist acu seachas a leas

féin amháin. Arm de chuid na ndaoine a

bhí ann, daoine a raibh misneach acu éirí

amach agus an tsúil a bhí ag na glúnta a

chuaigh rompu le saoirse a thabhairt i

gcrích, fir agus mná a raibh gach rún acu

an fhreagracht a chur díobh a chonacthas

dóibh a bheith orthu i leith na nglúnta a

thiocfadh ina ndiaidh".

An tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn ag an Searmanas

Stáit mar chomóradh ar Chéad Bliain ó Bunaíodh Óglaigh na hÉireann, Na

Gairdíní Cuimhneacháin, Baile Átha Cliath, an 24

Samhain 2013.

Page 4: Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe, Ó ...

Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe

Galway County Council, Archives

Comhairle Cheantar Tuaithe an Ghoirt, Miontuairiscí, G01/10/12, lth.

110, an 7 Márta 1914

‘Aontaíodh : Gur oth linn a thabhairt faoi deara an drogall atá ar mhuintir an

Ghoirt maidir le Brainse de na hÓglaigh Náisiúnta a chur ar bun i bhfianaise an

sampla atá tugtha dóibh ag bailte eile sa chontae agus an tábhacht mór atá leis an

nGluaiseacht’.

Page 5: Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe, Ó ...

Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe

Galway County Council, Archives

Miontuairiscí na Complachta maidir le comhdháil a eagrú ar an 15

Bealtaine, i Halla an Bhaile, an 4 Bealtaine 1914, GS01/03

Page 6: Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe, Ó ...

Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe

Galway County Council, Archives

Miontuairiscí Choimisinéirí Baile Thuama, an 2 Meitheamh 1914, TTC/1/4, lth. 927.

“Gurb é ár dtuairim, mar gheall ar chúrsaí polaitíochta le gairid, agus go háirithe meon an airm

maidir le Ceist Chúige Uladh, go bhfuil sé in am gach dícheall a dhéanamh Fórsa Óglaigh na

hÉireann a eagrú i ngach paróiste in Éirinn. Táthar cinnte go gcruthódh fórsa den sórt sin, agus

iad faoi cheannaireacht stuama dhaoine ina mbeadh muinín ag ár gceannaire dochloíte, an tUasal

Seán Mac Réamoinn, don domhan mór go bhfuil macra Éireann réidh chun a gcion a dhéanamh ag

cosaint a n-áit chónaithe agus a gcuid saoirse, agus más gá sin, a gcuid comhghleacaithe i measc

Náisiúntóirí Chúige Uladh a chosaint ar a maslú nó a n-ionsaí".

D'aontaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Comhairle Cheantar Tuaithe na Gaillimhe an rún

seo chomh maith, (G01/2, lth. 529 agus G01/9/3, lth. 523).

Page 7: Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe, Ó ...

Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe

Galway County Council, Archives

Thomas Hynes, cuntas ar bhunú na nÓglach i nGaillimh. An Chartlann Mhíleata, Bailiúchán Bhiúró na Staire Míleata 1913-1921, ráiteas ó fhinné 714.

Page 8: Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe, Ó ...

Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe

Galway County Council, Archives

Miontuairiscí chruinniú de chuid na Complachta le liosta díobh siúd a

bhí i láthair agus de na daoine a ceapadh i bpoist éagsúla, an 22 Bealtaine

1914, GS01/03.

Page 9: Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe, Ó ...

Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe

Galway County Council, Archives

Cárta ballraíochta Óglaigh na hÉireann mar a bhí ag an Dr Walsh, Sráid

Dhoiminic, Rúnaí Chomplacht na Gaillimhe, a chláraigh le hÓglaigh na

hÉireann an 21 Meitheamh 1914, GS13/02.

Page 10: Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe, Ó ...

Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe

Galway County Council, Archives

Cárta ballraíochta Óglaigh na hÉireann ar a leagtar amach

aidhmeanna na heagraíochta, GS13/02.

Page 11: Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe, Ó ...

Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe

Galway County Council, Archives

Achainí ag iarraidh síntiús chun trealamh saighdiúireachta a fháil don

600 Óglach i nGaillimh, Iúil 1914, GS13/02.

.

Page 12: Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe, Ó ...

Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe

Galway County Council, Archives

Mionsonraí faoi shíntiúis a tugadh nó a gealladh, GS13/02.

Page 13: Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe, Ó ...

Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe

Galway County Council, Archives

Rún ag dearbhú gur toghadh an tUasal Cusack ina Chaptaen Onórach

ar an gComplacht, an 3 Iúil Bealtaine 1914, GS01/03.

Page 14: Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe, Ó ...

Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe

Galway County Council, Archives

Mionsonraí faoi na hóglaigh a ceapadh ar fud ceithre bharda na Cathrach

chun airgead a bhailiú d'airm do na hÓglaigh, an 3 Iúil Bealtaine1914,

GS01/3.

Page 15: Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe, Ó ...

Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe

Galway County Council, Archives

Litir ón gCoir. Maurice Moore, Príomhchigire, Óglaigh na hÉireann chuig Complacht Chathair na Gaillimhe, an 25 Lúnasa 1914, GS13/02.

Bhí Maurice Moore (1854-1939), deartháir le George Moore as Muc-chluain nó Moorehall, Co. Mhaigh Eo, ina údar, ina shaighdiúir agus ina pholaiteoir. Bhí sé in Arm na Breataine (1874-1906) agus ina dhiaidh sin ar choiste sealadach Óglaigh na hÉireann. Chaith sé cuid mhór den bhliain 1914 ag eagrú na n-óglach ar fud na hÉireann. Thaobhaigh sé go drogallach le Mac

Réamoinn a theacht i gceannas ar na hÓglaigh agus bhí sé, i ndeireadh báire, ina cheannaire ar na hÓglaigh Náisiúnta nuair a scoilt na hÓglaigh.

Page 16: Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe, Ó ...

Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe

Galway County Council, Archives

Litir i bpeannaireacht Liam Uí

Mhaoilíosa, Rúnaí Cúnta,

Ceanncheathrú na nÓglach, chuig

Complacht Chathair na Gaillimhe

maidir le 'costais a bhaineann le

cuairt Phádraig Mhic Piarais ar an

gcathair le gairid a íoc', an 30

Lúnasa 1914, GS13/02.

Page 17: Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe, Ó ...

Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe

Galway County Council, Archives

Síniúchán Liam Uí Mhaoilíosa, GS13/02.

Bhí Liam Ó Maoilíosa (1892-1922) i mBráithreachas na Poblachta agus ina eagraí ag

Óglaigh na hÉireann i nGaillimh. I rith Sheachtain na Cásca, bhí sé i gceannas ar thart ar

700 Óglach a thug faoi bheairicí an RIC in Órán Mór agus i nDroichead an Chláirín a ionsaí

agus a ghlac seilbh ar Bhaile Átha an Rí.

Féach mar shampla www.historyireland.com/20th-century-contemporary-history/liam-

mellows-and-the-irish-revolution/

Page 18: Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe, Ó ...

Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe

Galway County Council, Archives

Litir ó Óglaigh na hÉireann, ón gCeanncheathrú, 41 Sráid

Chill Dara, Baile Átha Cliath, sínithe ag Ó Maoilíosa, chuig

Complacht na Gaillimhe, an 1 Meán Fómhair 1914, GS13/02.

Page 19: Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe, Ó ...

Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe

Galway County Council, Archives

Litir ó Luke Duffy chuig Michael Allen, Rúnaí Onórach, maidir lena

ndearna na tÓglach Singil William George Fogarty, an 12 Meán

Fómhair 1914, GS13/02.

Page 20: Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe, Ó ...

Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe

Galway County Council, Archives

Litir ó Óglaigh na hÉireann, ón gCeanncheathrú, le síniúchán

carbóin Eoin Mhic Néill agus Laurence J Kettle, agus le

ceannlitreacha Uí Mhaoilíosa, chuig Allen agus Walsh, Rúnaithe

Onóracha Chomplacht Chathair na Gaillimhe, an 14 Meán Fómhair

1914, GS13/02.

Bhí Eoin Mac Néill (1867- 1945) ar dhuine de bhunaitheoirí Chonradh na Gaeilge sa bhliain 1893 agus ina Cheann Foirne ar Óglaigh na hÉireann a cuireadh ar bun sa bhliain 1913. Chuir sé ar ceal na horduithe a d'eisigh Comhairle Mhíleata Bhráithreachas na Poblachta do na hÓglaigh dul ar inlíocht Domhnach Cásca 1916 nuair a fuair sé amach gur orduithe ceilte maidir leis an Éirí Amach a bhí iontu.

Page 21: Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe, Ó ...

Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe

Galway County Council, Archives

Litir ó Chomplacht Chathair na Gaillimhe go dtí an

Ceanncheathrú ag ordú 20 raidhfil den chineál Lee

Enfield, an 17 Meán Fómhair 1914, GS13/02.

Page 22: Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe, Ó ...

Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe

Galway County Council, Archives

Litir ó Fogarty chuig Rúnaithe Chomplacht

Chathair na Gaillimhe ina seasann sé lena raibh

déanta aige ag scríobh chuig na nuachtáin, an 18

Meán Fómhair 1914, GS13/02.

Page 23: Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe, Ó ...

Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe

Galway County Council, Archives

Bhí an tUasal Fogarty (fuair bás i 1927) ina chuntasóir le Comhairle Chontae na

Gaillimhe agus ina Rúnaí ar an gComhairle 1925-1927. GC/CSO/1, Connacht

Tribune, an 7 Eanáir 1927

Rún trínar caitheadh Fogarty amach as na hÓglaigh,

[an 21 Meán Fómhair 1914], GS13/02.

Page 24: Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe, Ó ...

Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe

Galway County Council, Archives

Sliocht as ciorclán clóscríofa a d'eisigh an Coiste Sealadach a cheanncheathrú ag cur

in aghaidh ghairm scoile Mhic Réamoinn an 20 Meán Fómhair 1914 ag iarraidh ar na

hÓglaigh seasamh le cúis na gComhghuaillithe i rith an Chéad Chogadh Domhanda.

Mhol an Coiste comhdháil a eagrú 'chun Forógra na heagraíochta a athdheimhniú'

agus, chomh maith leis sin, 'Chun a dhearbhú nach féidir le hÉirinn, ó thaobh onóra

ná sábháilteachta, páirt a ghlacadh in aighneas thar lear ach amháin trí bheart

neamhspleách ag Rialtas Náisiúnta de chuid na tíre féin'. Diúltaítear freisin an

tUasal Mac Réamoinn a bheith i dteideal 'pháirt ar bith i rith ná i stiúradh

eagraíocht Óglaigh na hÉireann'.

an 24 Meán Fómhair 1914, GS13/02.

D'fhan mórchuid mhór na nÓglach dílis do Mhac Réamoinn, rud a d'fhág 142,000

acu sna hÓglaigh Náisiúnta (mar a tugadh ina dhiaidh sin ar na hÓglaigh a sheas le

Mac Réamoinn), agus líon ba lú ná 10,000 in Óglaigh na hÉireann.

Tús le deighilt idir na hÓglaigh

Page 25: Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe, Ó ...

Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe

Galway County Council, Archives

Sleachta as dréacht de fhorógra a

d'ullmhaigh Óglaigh na Gaillimhe ag

éileamh ar óglaigh cloí leis na

haidhmeanna a bhí ag an eagraíocht

i dtosach báire, [Deireadh Fómhair]

1914, GS01/03.

Page 26: Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe, Ó ...

Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe

Galway County Council, Archives

Litir ó dhaoine de Chomplacht

Chathair na Gaillimhe chuig

Máirtín Mac Donncha,

Cathaoirleach Óglaigh Chathair na

Gaillimhe, ag taobhú le Forógra

Mhic Réamoinn, an 5 Deireadh

Fómhair 1914, GS13/02.

Page 27: Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe, Ó ...

Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe

Galway County Council, Archives

John Hosty, cuntas ar an deighilt i measc Óglaigh na Gaillimhe. An Chartlann Mhíleata, Bailiúchán Bhiúró na Staire Míleata 1913-1921, ráiteas ó fhinné 373.

Page 28: Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe, Ó ...

Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe

Galway County Council, Archives

Mana na nÓglach i dtús ama, GS01/03.

Page 29: Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe, Ó ...

Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe

Galway County Council, Archives

Ainm Seoladh Rang Nótaí Breise Naisc:

Féach mar shampla Ar son I gcoinne

Allen,

Michael

Seantalamh,

Gaillimh

Rúnaí Onóra

ch

Ina aturnae ina dhiaidh

in éineacht le

McDermott & Allen,

Sráid Naomh Phroinsias

P

Carter,

Séamus

(James)

Rúnaí D'oibríodh leis an

gComhairle Chontae i

dTeach na Cúirte

P

Cusack, An

Dr Brian

Captaen On

órach

Duffy, Luke Ina Sheanadóir tráth ab

fhaide anonn P

Duggan,

James

(Séamus

Bán)

22 An Bóthar Mór,

Gaillimh.

Dara Leift. Comp. Bhaile

Chláir,

An Chéad Chathlán,

Briogáid na Gaillimhe,

Arm na Poblachta 1921.

P

www.bureauofmilitaryhistor

y.ie/reels/bmh/BMH.WS087

5.pdf#page=1

Flanagan,

Tom P

www.bureauofmilitaryhistor

y.ie/reels/bmh/BMH.WS071

4.pdf#page=1

Flathery, W. P

Fogarty, W.

G.

Plás Devon,

Gaillimh

1901?-1925 Cuntasóir,

Comhairle Chontae na

Gaillimhe, 1925-1927 –

Rúnaí an Chontae.

Fuair bás 1927

P

Hardiman,

Frank

Halla an Bhaile,

Gaillimh,

Cisteoir Duine de Bhráithreachas

na Poblachta, Sean

McDermott a chuir faoi

mhionn ag dul isteach sa

IV

P

www.bureauofmilitaryhistor

y.ie/reels/bmh/BMH.WS040

6.pdf#page=1

Hosty, John “Faitma”, Bóthar

Sheantalaimh

Duine de Bhráithreachas

na Poblachta, Sean

McDermott a chuir faoi

mhionn ag dul isteach sa

IV

P

www.bureauofmilitaryhistor

y.ie/reels/bmh/BMH.WS037

3.pdf#page=16

Mionsonraí chuid d’Óglaigh na hÉireann Chomplacht Chathair na Gaillimhe (IV)

Page 30: Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe, Ó ...

Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe

Galway County Council, Archives

Ainm Seoladh Rang Nótaí Breise

Réamonnach

Naisc

Ar son I

gcoinne

Hynes, Thomas Kilcullen,

Bóthar an

Chaisleáin Nua,

Gaillimh

IV, Máistir

Ceathrún,

Briogáid na

Gaillimhe, 1920

Duine de

Bhráithreachas na

Poblachta P

www.bureauofmilitaryhistory.ie

/reels/bmh/BMH.WS0714.pdf#

page=25: féach freisin Comhaid

Pinsin 24SP2588 @

www.militaryarchives.ie

Loftus, P. P

Mac

Donnchadha,

Máirtín Mór

Martin

McDonagh

Trádálaí Cisteoir,

Complacht

Chathair na

Gaillimhe

P

McDonnell, P.S. Aturnae P

Nicolls,

George?

Seoirse Mac

Niocaill

Uachtarán ar IV

na Gaillimhe,

Ceannaire

Lárionaid ag

Bráithreachas

na Poblachta

Aturnae in Oifig

G. C. Conroy

P

Féach comhaid Pinsin sa

Chartlann Mhíleata @

www.militaryarchives.ie

O’Dowd P

O’Neill, John

Patrick P

Pringle, James P

Redington,

Martin P

Usher, Patrick P

Walsh, An Dr Rúnaí Chompla

cht na

Gaillimhe, IV

P

Walsh, Michael Old Malt, An

tSráid Ard

Comhalta ar

Chomhairle

Cheantair Uirbigh

na Gaillimhe

Chaith na

Dubhchrónaigh é

Deireadh Fómhair

1920

P

Page 31: Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe, Ó ...

Cartlann Chomhairle Contae na Gaillimhe

Galway County Council, Archives

Foinsí • Biúró na Staire Míleata 1913-1921 Bailiúchán an Bhiúró sa Chartlann Mhíleata,

www.bureauofmilitaryhistory.ie

• www.easter1916.ie

(Feidhmchlár digiteach maidir leis an oidhreacht chultúir faoi Éirí Amach na Cásca ar

tionscnamh é a bhain leis an gcéim MSc sna Meáin Dhigiteacha Fheidhmeacha i gColáiste

Uí Ghríofa, Baile Átha Cliath)

• Cartlann Chomhairle Chontae na Gaillimhe,

▫ Comhairle Chontae na Gaillimhe, Leabhar gearrthóg as nuachtáin, GS/CSO/1

▫ Comhairle Cheantar Tuaithe an Ghoirt, G01/12

▫ Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe: Comhad, 1914

▫ Óglaigh na hÉireann, Complacht Chathair na Gaillimhe: Miontuairiscí, 1914

▫ Coimisinéirí Baile Thuama, Miontuairiscí, TTC/1/

• Bailiúchán na bPinsean Seirbhíse Míleata, www.militaryarchives.ie/collections/online-

collections/military-service-pensions-collection

• Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, taispeántas ar líne The 1916 Rising: Personalities and

Perspectives, www.nli.ie/1916

• 'President Higgins pays tribute to those who died for Irish freedom', RTE News, Dé Luain,

an 25 Samhain 2013, www.rte.ie/news/2013/1124/488741-state-commemorates-irish-

volunteers-centenary/ ceadaíodh mí na Nollag 2013)