CUNTAIS AN CHISTE Rialtais Áitiúil 2007 agus Tuarascáil an Ard … · 2016-02-18 · Cuntas an...
Transcript of CUNTAIS AN CHISTE Rialtais Áitiúil 2007 agus Tuarascáil an Ard … · 2016-02-18 · Cuntas an...
CUNTAIS AN CHISTE
Rialtais Áitiúil 2007agus
Tuarascáil an Ard-ReachtaireCuntas agus Ciste
Cuntas an Chiste Rialtais Áitiúil 2007
Ginearálta
Bunaíodh an Ciste Rialtais Áitiúil faoin Acht Rialtais Áitiúil 1998 le feidhm ón 1Eanáir, 1999.
Íoctar fáltais mótarchánach (glan ar aisíocaíochtaí) agus ranníocaíocht ón Státchisteisteach sa Chiste.
Ullmhaíodh na cuntais seo don bhliain dar críoch 31 Nollaig, 2007.
Ráiteas ar Pholasaithe Cuntasaíochta
Ullmhaíodh na cuntais ar bhonn fabhruithe.
1. Aitheantas ar Ioncam
Léiríonn ioncam ar mhótarcháin suimeanna a bhailíonn Údaráis Mótarchánach agusdlite don Chiste, faoi réir Ailt 5(2) den Acht Rialtais Áitiúil 1998. Aithnítear ús baincar bhonn fabhruithe. Aithnítear maoiniú státchiste ar bhonn fáltas airgid.
2. Aitheantas ar Chaiteachas
Aithnítear caiteachas ón gCiste ar bhonn:
• leithdháiltí a mheastar a bheith dlite dos na hÚdaráis Áitiúla sa bhliain 2007;• forchúitimh dlite don Aonad Clárúcháin Feithicle ó chuntas an Chiste;• forchúiteamh ar chaiteachas ar scéimeanna ceadaithe maidir le Bóithre
Neamhnáisiúnta agus Grúpscéimeanna Uisce; agus• caiteachas ceadaithe ag an Aire agus tabhaithe ag Údaráis Áitiúla.
1
Cuntais an Chiste Rialtais Áitiúil 2007
2
An Ciste Rialtais ÁitiúilCuntas Ioncaim agus Caiteachais don Bhliain dar críoch 31 Nollaig, 2007
Ioncam Nótaí 2007 2006
€ €
Ioncam Mhótarchánach 1 957,089,036 878,261,123
Maoiniú Státchiste 2 537,141,000 532,575,000
Ús Bainc 5,389,235 3,454,061
1,499,619,271 1,414,290,184
Caiteachas
Íocaíochtaí Ilfheidhmeacha 3 947,657,879 884,853,776Bóithre Neamhnáisiúnta 4 520,000,000 481,700,000Seirbhísí Uisce 5 26,566,514 15,041,594Riarachán an Aonaid Clárúcháin Feithicle 6 21,511,827 18,163,173Comhpháirtíocht Áitiúil 7 3,438,366 4,895,202Clár na dToghthóirí 8 873,475 5,126,525Riarachán Cheadúnú Tiománaithe 9 792,129 370,458Seirbhís Phíolótach Mhaoir Pobail 10 542,340 1,682,873Beartais um Chuimsitheacht Shóisialta 11 473,670 1,843,890Siopaí Aon-Stad 12 382,500 1,270,000Ciste Chomhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí 13 165,879 106,787Fóram Stiúrtha Uile-Oileáin 14 52,500 -Córais Bainistíochta Airgeadais 15 45,000 -Ciste Tionscadail 16 25,657 1,272Eile 17 983,828 1,595,342
1,523,511,564 1,416,650,892
Farasbarr/(Easnamh) don Bhliain (23,892,293) (2,360,708)Farasbarr Carnach ag 1 Eanáir 58,838,742 61,199,450
Farasbarr ag 31 Nollaig 34,946,449 58,838,742
Is cuid de na Cuntais seo an Ráiteas ar Pholasaithe Cuntasaíochta ar Leathanach 1 agus Nótaí 1 go 19.
Cuntais an Chiste Rialtais Áitiúil 2007
Sínithe __________________________ Dáta __________________________ G. TallonArd-Rúnaí
An Ciste Rialtais ÁitiúilClár Comhardaithe ar 31 Nollaig, 2007
Nótaí 2007 2006
€ €
Sócmhainní Reatha
Banc 25,984,349 62,207,062
Mótarcháin dlite 18 10,069,276 4,695,807
Féichiúnaithe - 192,469
Ús Fabhraithe - 16,442
36,053,625 67,111,780
Dliteanais Reatha
Fabhruithe 19 1,107,176 8,273,038
1,107,176 8,273,038
Glansócmhainní 34,946,449 58,838,742
Léirithe ag Farasbarr ar Chuntas Ioncaim agus Caiteachais 34,946,449 58,838,742
Is cuid de na Cuntais seo an Ráiteas ar Pholasaithe Cuntasaíochta ar Leathanach 1 agus Nótaí 1 go 19.
3
Cuntais an Chiste Rialtais Áitiúil 2007
Sínithe __________________________ Date __________________________G. TallonArd-Rúnaí
4
Cuntais an Chiste Rialtais Áitiúil 2007
Nótaí ar na Cuntais
1. Ioncam Mhótarchánach
Léiríonn an figiúr seo Ioncam Mótarchánach ó Údaráis Mótarchánach agus lamháltasdéanta d’aisíocaíochtaí.
Ollioncam Mótarchánach € 958,335,539Lúide Aisíocaíochtaí € 1,246,503
Glanioncam Mótarchánach € 957,089,036
2. Maoiniú Státchiste
Léiríonn an figiúr seo an íocaíocht ó airgid a thugann an t-Oireachtas faoi réir Ailt 4den Acht Rialtais Áitiúil 1998. Cinneann an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agusRialtais Áitiúil an tsuim in aghaidh na bliana, le cead an Aire Airgeadais.
3. Íocaíochtaí Ilfheidhmeacha
Léiríonn an figiúr seo leithdháiltí chuig Údaráis Aitiúla maidir leis an mbliain darcríoch 31 Nollaig, 2007 agus déantar é a ríomh ag cur san áireamh an mhúnlariachtanas agus acmhainneí/cothromú a oibríonn an Roinn. Glantar costais nanÚdarás Mótarchánach ón gCiste agus áirítear iad faoin gceannteideal seo.
4. Bóithre Neamhnáisiúnta
Léiríonn sé seo íocaíochtaí déanta le hÚdaráis Aítiúla ón gCiste chun cuidiú le costaisa bhaineann leis an gClár um Bhóithre Neamhnáisiúnta. Ina theannta sin, íocadhsuim €87,525,000 sa bhliain 2007 chuig Údaráis Áitiúla ó Vóta 25 – Comhshaol,Oidhreacht agus Rialtas Áitiúil – maidir leis an gClár.
5. Seirbhísí Uisce
Grúpscéimeanna UisceLéiríonn sé seo forchúiteamh ar chaiteachas déanta ag Údaráis Áitiúla chuig grúp-scéimeanna uisce don scéim fordheontais i leith na gcostas oibriúcháin as uisce asholáthar d’úsáid teaghlaigh. Cuimsíonn sé freisin cúnamh airgeadais a chuirtear arfáil i leith na gcostas tabhaithe ag na hÚdaráis Áitiúla i riarachán an Chláir UisceTuaithe déabhlóidithe.
5
Nótaí ar na Cuntais (ar lean)
Uisce agus Dramhuisce Údaráis AitiúilBaineann an caiteachas seo leis an deontas ar leith a íoctar le hÚdaráis Aitiúla chuncuidiú leo costais a ghlanadh ag éirí as oibriú agus cothabháil ionad cóireála nua(€5m) agus costais níos ginearálta ag éirí as rith a n-ionad cóireála uisce agusdramhuisce (€9.957m).
6. Riarachán an Aonaid Clárúcháin Feithicle
Léiríonn sé seo an tsuim inmhuirir don Chiste maidir le caiteachas na RoinneComhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil ar Cheadúnú Feithicle agusTiománaí faoi réir Ailt 6(5) den Acht Rialtais Áitiúil 1998. Tabhadh an caiteachasag Aonad Clárúcháin Feithicle na Roinne, lonnaithe i Sionainn, Co. an Chláir. Ón1 Eanáir, 2008, aistríodh freagracht as an Aonad Clárúcháin Feithicle don AireIompair.
7. Comhpháirtíocht Áitiúil
Léiríonn an caiteachas seo costais tabhaithe agus éilithe maidir le tionscnaimhComhpháirtíochta Áitiúla mar seo a leanas:
Deontas Comhpháirtíochta Údaráis Áitiúil €3,000,000Clár MBA Corparáide Rialtais Áitiúil €369,366Clár Cinnireachta IPA €69,000
Iomlán €3,438,366
8. Clár na dToghthóirí
Léiríonn an caiteachas seo íocaíochtaí déanta le hÚdaráis Áitiúla maidir le nuashonrúchlár na dtoghthóirí.
9. Riarachán Cheadúnú Tionánaithe
Le feidhm ón 18 Meitheamh 2002, aistríodh feidhm riartha cheadúnas tiomána ónAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil chuig an Aire Iompair. Thabhaighan tAire Iompair caiteachas de €792,129 agus ceadúnais tiomána á riaradh sa bhliain2007.
Cuntais an Chiste Rialtais Áitiúil 2007
6
Nótaí ar na Cuntais (ar lean)
10. Seirbhís Phíolótach Mhaoir Pobail
Léiríonn an caiteachas seo costais tabhaithe agus éilithe ag Údaráis Aitiúla maidir leSeirbhís Phíolótach Mhaoir Pobail a chuireann réimse d’fheidhmeanna pobail aguseile i gcúig limistéar Údaráis Áitiúil.
11. Beartais um Chuimsitheacht Shóisialta
Léiríonn an caiteachas seo costais tabhaithe agus éilithe ag Údaráis Áitiúla maidir lehaonaid cuimsitheachta sóisialta a sholáthar agus do bheartais um chuimsitheachtshóisialta i limistéir chlár RAPID.
12. Siopaí Aon-Stad
Léiríonn an caiteachas seo costais tabhaithe agus éilithe ag Údaráis Áitiúla i solátharSiopaí Aon-Stad a chuireann seirbhísí agus áiseanna poiblí comhtháite ar fáil ó roinntgníomhaireachtaí de chuid na hearnála poiblí.
13. Ciste Chomhpháirtíocht Phríobháideach Phoiblí
Léiríonn an caiteachas seo costais tabhaithe agus éilithe ag Údaráis Áitiúla maidir lemaoiniú na gcostas tosaigh de thograí Comhpháirtíochta Príobháideach Poiblí curthachun cinn ag Údaráis Aitiúla.
14. Fóram Stiúrtha Uile-Oileáin
Léiríonn an caiteachas seo maoiniú chun tacú leis an bhFóram Stiúrtha Uile-Oileáinina bhfuil ionadaithe ó Chumann na bPríomfheidhmeannach Údaráis Áitiúil(SOLACE) agus Cumann Bhainisteoirí Contae agus Cathrach (CCMA). Is é ról anFhóraim ná caidreamh a chothú idir Údaráis Áitiúla ar bhonn uile-oileáin.
15. Córais Bainistíochta Airgeadais
Léiríonn sé seo costais tabhaithe agus éilithe ag Bord Seirbhísí Ríomhaire RialtaisÁitiúil agus Údaráis Áitiúla i bhforfheidhmiú na gCóras Bainistíochta Airgeadais inÚdaráis Aitiúla.
Cuntais an Chiste Rialtais Áitiúil 2007
7
Cuntais an Chiste Rialtais Áitiúil 2007
Nótaí ar na Cuntais (ar lean)
16. Ciste Tionscadail
Tugann an Ciste Tionscadail tacaíocht agus spreagadh d’Údaráis Áitiúla tabhairt faoithionscadail nua chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht sa chaoi ina ndéanann siad angnó agus chun cur chuige nua a fhorbairt maidir le pleanáil ghnó.
17. Eile
Tugtar cúnamh d’Údaráis Áitiúla chun costais thograí éagsúla a ghlanadh mar seo aleanas:
An tSeirbhís Dóiteáin a Fheabhsú agus a Nuashonrú €821,838Córas Costasaithe Údaráis Áiitiúil €161,990
Iomlán €983,828
18. Mótarcháin dlite
Léiríonn sé seo dliteanas na nÚdarás Mótarchánach don Chiste maidir le Mótarcháinag an 31 Nollaig, 2007. Cuimsíonn sé:
Mótarcháin dlite ag deireadh na bliana €5,841,543Mótarcháin faoi bhealach sa chóras baincéireachta ag deireadh na bliana €4,227,733
Iomlán €10,069,276
19. Fabhruithe
Léiríonn sé seo dliteanais fabhraithe mar seo a leanas:
An Roinn Iompair – Riarachán Cheadúnú Tiomána €792,129Beartais um Chuimsitheacht Shóisialta €154,827Seirbhís Phíolótach Mhaoir Pobail €120,957Córas Costasaithe Údaráis Áitiúil €22,153An tSeirbhís Dóiteáin a Fheabhsú agus a Nuashonrú €17,110
Iomlán €1,107,176
8
Cuntais an Chiste Rialtais Áitiúil 2007
An Ciste Rialtais ÁitiúilTuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste le cur faoi bhráid
Thithe an Oireachtais
Tá iniúchadh déanta agam ar na ráitis airgeadais don Chiste Rialtais Áitiúil don bhliain dar críoch 31 Nollaig 2007faoi réir an Acht Rialtais Áitiúil 1998.
Tá na nithe seo a leanas san áireamh sna ráitis airgeadais, a ullmhaíodh faoi réir an Achta: na PolasaitheCuntasaíochta, an Cuntas Ioncaim agus Caiteachais, an Clár Comhardaithe agus na nótaí a ghabhann leo.
Freagrachtaí na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus an Ard-Reachtaire Cuntas agusCiste, faoi seach
Tá an Roinn freagrach as na ráitis airgeadais a ullmhú agus as rialtacht na n-idirbheart a chinntiú.
Tá sé de dhualgas ormsa na ráitis airgeadais a iniúchadh faoi réir na riachtanas reachtúla agus rialaitheacha cuí,agus Caighdeáin Idirnáisiúnta d’Iniúchadh (Ríocht Aontaithe agus Éire).
Tugaim tuairisc ar mo thuairim cé acu an gcuirtear na ráitis airgeadais i láthair i gceart faoi réir an Achta nó nachgcuirtear. Freisin tugaim tuairisc ar mo thuairim cé acu ar coinníodh leabhair cuntais i gceart nó nár coinníodh.Freisin deirimse cé acu an bhfuil na ráitis airgeadais ag teacht leis na leabhair cuntais.
Tugaim tuairisc ar aon ócáid ábhartha nuair nár caitheadh airgead ar na cúiseanna a bhí beartaithe nó nuair nachbhfuil na hidirbhearta ag cloí leis na húdaráis a rialaíonn iad.
Freisin tugaimse tuairisc más rud é nach bhfuil an t-eolas agus míniú atá riachtanach do m’iniúchadh faighte agam.
An Bunús le Tuairim an IniúchtaAgus mo chuid feidhme mar Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste á dhéanamh agam, rinne mé m’iniúchadh ar naráitis airgeadais faoi réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta d’Iniúchadh (Ríocht Aontaithe agus Éire) a d’eisigh an BordCleachtas Iniúchta agus faoi réir na gcoinníollacha speisialta a bhaineann le comhlachtaí stáit maidir lenambainistiú agus oibriú. Mar chuid d’iniúchadh, bíonn scrúdú ann, ar bhonn trialach, ar an bhfianaise a bhaineannleis na suimeanna agus na nithe a nochtaítear sna ráitis airgeadais. Cuirtear san áireamh freisin measúnú ar napríomh-mheastacháin agus cinní a dhéantar agus na ráitis airgeadais á n-ullmhú, agus measúnú an bhfuil napolasaithe cuntasaíochta cuí do staid an Chiste, á gcur i bhfeidhm go seasta agus á nochtadh i gceart.
Rinne mé an t-iniúchadh a phleanáil agus a chur i bhfeidhm sa chaoi is go bhfaighinn an t-eolas agus na mínithear fad a bheadh riachtanach, dar liom, chun fianaise a dhóthain a thabhairt go bhfuil na ráitis airgeadais slán óbhréag, caimiléireacht nó aon mhírialtacht nó bhotún eile. Agus an tuairim seo á fháil agam rinne mé measúnúfreisin ar fheabhas sholáthar an eolais sna ráitis airgeadais ar an iomlán.
TuairimI mo thuairimse léiríonn na ráitis airgeadais, faoi réir an Achta, comhardú an Chiste ar an 31 Nollaig 2007 agus arna hidirbhearta don bhliain a chríochnaigh ar an dáta sin.
I mo thuairimse choimeád an Roinn leabhair chearta cuntais. Tá na ráitis airgeadais ag teacht leis na leabhaircuntais.
John BuckleyArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste
Feabhra 2009