Ceacht 3 – Tá Cabhair le Fáil
description
Transcript of Ceacht 3 – Tá Cabhair le Fáil
Ceacht 3 – Tá Cabhair le Fáil
Chun:
• A thuiscint cad is RNLI ann agus an obair
a dhéanann sé
• A thuiscint cad a tharlaíonn nuair a
shábhálann an RNLI duine agus cé hiad
na daoine a ghlacann páirt sa phróiseas
sin
• A thuiscint cé chomh tábhachtach is atá
sé obair bhuíne a dhéanamh agus na
tréithe a bhíonn ag teastáil ó dhaoine
Díriú intinne
• Cad is RNLI ann?
• Cad a dhéanann sé?
• An bhfaca tú an íomhá seo riamh?
An RNLI
• Is carthanas é an RNLI a sholáthraíonn seirbhís
chuardaigh agus tarrthála 24 uair an chloig, ag
báid tarrthála, timpeall chósta na Ríochta Aontaithe
agus Phoblacht na hÉireann.
• Chomh maith leis sin, soláthraíonn sé seirbhís
shéasúrach garda tarrthála ar thránna sa
Bhreatain, sa Bhreatain Bheag, i dTuaisceart
Éireann agus i nGeirsí
• Ó bunaíodh an RNLI i 1824, sábháladh níos mó ná
139,000 duine ag a bháid tarrthála agus, ó 2001 i
leith, ag a ghardaí tarrthála.
• Tá an RNLI neamhspleách ar an Rialtas agus
leanann sé de bheith ag brath ar ranníocaíochtaí
agus ar leagáidí deonacha dá chuid ioncaim
Cad is RNLI ann?
• Cathain a bheadh cabhair ón RNLI
ag teastáil ó dhuine éigin?
• Conas is féidir le duine éigin cabhair
a fháil ón RNLI?
An RNLI
An próiseas tarrthála
Leag amach próiseas tarrthála an
RNLI, ón nglaoch éigeandála go dtí
filleadh ar an stáisiún
Gearr amach na cártaí agus cuir san ord ceart iad chun a thaispeáint
cad a tharlaíonn i gcás éigeandála ina mbíonn cabhair ag teastáil ón
RNLI
Tarrtháil
Féach ar Scannán 4 chun a
fheiceáil gur gá do bhaill foirne
bád tarrthála obair le chéile chun
daoine a shábháil ar an
bhfarraige
Cliceáil chun amharc ar an scannán
• Cad iad na tréithe a bhíonn ag teastáil ó dhaoine chun a bheith
ina ndea-bhaill foirne?
Obair bhuíne
?
• An féidir libh sibh féin a chun san ord
ceart gan labhairt lena chéile?
• Déan iarracht anois sibh féin a chur
san ord ceart arís ach an uair seo
beidh cead cainte agaibh lena chéile
• An ndéanann sé seo aon difríocht?
An féidir libh scéala a chur chuig a chéile?
Chun:
• A thuiscint cad is RNLI ann agus an obair
a dhéanann sé
• A thuiscint cad a tharlaíonn nuair a
shábhálann an RNLI duine agus cé hiad
na daoine a ghlacann páirt sa phróiseas
sin
• A thuiscint cé chomh tábhachtach is atá
sé obair bhuíne a dhéanamh agus na
tréithe a bhíonn ag teastáil ó dhaoine
Athbhreithniú
• An féidir leat cuimhneamh ar thrí rud a d’fhoghlaim tú faoin RNLI?– Cad iad na rudaí sin?
1)
2)
3)
• An féidir leat smaoineamh ar thrí thréith a cheapann tú go mbíonn siad ag teastáil ó dhea-bhall foirne RNLI?– Cad iad na tréithe sin?
1)
2)
3)
Athbhreithniú