Caibidil 6 Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht...Caibidil 6 Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht...

10
Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 – 2015 125 Caibidil 6 Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht 6.1 Réamhrá Tá cosaint do luach caitheamh aimsire agus taitneamhachta Chontae Lú ríthábhachtach do na daoine atá ina gcónaí sa chontae agus do chuairteoirí chuig an gcontae araon. Tá ról tábhachtach ag limistéir caitheamh aimsire chun pobal a chruthú trí deis a thabhairt do dhaoine teacht le chéile agus bíonn deis ag leanaí aithne a chur ar a chéile agus a bheith ag súgradh le chéile. Sa bhreis ar na tránna breátha agus na sléibhte sárscéimhe i gcontae Lú, is iomaí saoráidí eile atá ann do chaitheamh aimsire gníomhach agus éighníomhach araon mar pháirceanna, clósanna súgartha do leanaí, limistéir picnic, bealaí siúlóide agus rothaíochta ainmnithe agus taitneamhachtaí eile mar Lochán Bhaile Lias agus na saoráidí ag Lochanna Ráth Eascair Láir. 6.2 Straitéis Spóirt agus Caitheamh Aimsire agus Polasaí Súgartha na nÚdarás Áitiúil Léirítear le Straitéis Spóirt agus Caitheamh Aimsire Údaráis Áitiúla Chontae Lú 2006- 2012 tiomantas na Comhairle deiseanna agus saoráidí cáilíochta a fhorbairt do ghníomhaíochtaí spóirt, caitheamh aimsire agus áineasa do chách trí na hacmhainní áineasa agus taitneamhachta nádúrtha araon a chosaint agus a fhorbairt. Chuir glacadh agus feidhmiú Polasaí Súgartha Chontae Lú in 2006 go mór le soláthar saoráidí agus deiseanna súgartha aois-oiriúnaithe ardcháilíochta ar fud chontae Lú do gach leanbh. Soláthraíodh saoráidí clós súgartha nó tá sé beartaithe iad a sholáthar sna bailte agus na sráidbhailte mar atá leagtha amach i dtábla 6.1 thíos. Tábla 6.1: Saoráidí Clós Súgartha atá ann cheana féin agus cinn atá beartaithe Clósanna Súgartha atá ann cheana féin Láithreáin atá cinntithe do Chlósanna Súgartha Láithreáin do Chlósanna Súgartha atá beartaithe Baile Átha Fhirdhia Na Creagacha Dubha Áth na gCasán Cairlinn Cill an Churraigh Droim Ineasclainn Ceann Chlochair Kilkerly Collann Droichead Átha (2) Fochaird Dún Dealgan (3) Sráidbhaile Lú Ó Méith Baile an Tallúnaigh Tigh an Iúir Tearmann Feichín D’fhéadfaí clósanna súgartha a sholáthair ag láithreáin eile faoi réir ag éilimh agus acmhainní

Transcript of Caibidil 6 Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht...Caibidil 6 Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht...

Page 1: Caibidil 6 Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht...Caibidil 6 Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 - 2015 129 6.4 Líne an Chósta Síneann

Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 – 2015 125

Caibidil 6

Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht

6.1 Réamhrá

Tá cosaint do luach caitheamh aimsire agus taitneamhachta Chontae Lú ríthábhachtach do na daoine atá ina gcónaí sa chontae agus do chuairteoirí chuig an gcontae araon. Tá ról tábhachtach ag limistéir caitheamh aimsire chun pobal a chruthú trí deis a thabhairt do dhaoine teacht le chéile agus bíonn deis ag leanaí aithne a chur ar a chéile agus a bheith ag súgradh le chéile. Sa bhreis ar na tránna breátha agus na sléibhte sárscéimhe i gcontae Lú, is iomaí saoráidí eile atá ann do chaitheamh aimsire gníomhach agus éighníomhach araon mar pháirceanna, clósanna súgartha do leanaí, limistéir picnic, bealaí siúlóide agus rothaíochta ainmnithe agus taitneamhachtaí eile mar Lochán Bhaile Lias agus na saoráidí ag Lochanna Ráth Eascair Láir.

6.2 Straitéis Spóirt agus Caitheamh Aimsire agus Polasaí Súgartha na nÚdarás Áitiúil

Léirítear le Straitéis Spóirt agus Caitheamh Aimsire Údaráis Áitiúla Chontae Lú 2006-2012 tiomantas na Comhairle deiseanna agus saoráidí cáilíochta a fhorbairt do ghníomhaíochtaí spóirt, caitheamh aimsire agus áineasa do chách trí na hacmhainní áineasa agus taitneamhachta nádúrtha araon a chosaint agus a fhorbairt. Chuir glacadh agus feidhmiú Polasaí Súgartha Chontae Lú in 2006 go mór le soláthar saoráidí agus deiseanna súgartha aois-oiriúnaithe ardcháilíochta ar fud chontae Lú do gach leanbh. Soláthraíodh saoráidí clós súgartha nó tá sé beartaithe iad a sholáthar sna bailte agus na sráidbhailte mar atá leagtha amach i dtábla 6.1 thíos. Tábla 6.1: Saoráidí Clós Súgartha atá ann cheana féin agus cinn atá beartaithe

Clósanna Súgartha atá ann cheana féin

Láithreáin atá cinntithe do Chlósanna Súgartha

Láithreáin do Chlósanna Súgartha atá beartaithe

Baile Átha Fhirdhia Na Creagacha Dubha Áth na gCasán Cairlinn Cill an Churraigh Droim Ineasclainn Ceann Chlochair Kilkerly Collann Droichead Átha (2) Fochaird Dún Dealgan (3) Sráidbhaile Lú Ó Méith Baile an Tallúnaigh Tigh an Iúir Tearmann Feichín D’fhéadfaí clósanna súgartha a sholáthair ag láithreáin eile faoi réir ag éilimh agus acmhainní

Page 2: Caibidil 6 Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht...Caibidil 6 Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 - 2015 129 6.4 Líne an Chósta Síneann

Caibidil 6 Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht

Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 - 2015

126

Beartas RA 1 Straitéis Spóirt agus Caitheamh Aimsire Údaráis Áitiúla Lú 2006 – 2012

agus Polasaí Súgartha Lú 2006 a fheidhmiú. RA 2 A bheith riachtanach ar fhorbróirí saoráidí súgartha agus caitheamh

aimsire a sholáthair i gceantair cónaithe nua nuair a bhíonn gá aitheanta ann.

RA 3 Cur in aghaidh cailliúint talamh agus saoráidí caitheamh aimsire agus taitneamhachta agus a chinntiú nach mbeidh tionchar diúltach ag forbairtí nua ar shaoráidí ná ar ainmniúcháin atá ann cheana féin.

RA 4 Feabhas a lorg ar an raon, cáilíocht agus cumas saoráidí spóirt agus caitheamh aimsire trí thionscnaimh i gcomhar le grúpaí pobail agus eagraíochtaí spóirt.

6.3 An Timpeallacht agus Taitneamhachtaí

Faoi fhoráil alt 10 (2)(e) den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 tá oibleagáid ar an údarás pleanála foráil a chur sa phlean forbartha do chosaint tírdhreach, lena n-áirítear caomhnú radharc, amharc agus taitneamhachtaí na n-áiteanna agus na ngnéithe a mbaineann áilleacht nádúrtha agus suim leo. Tá roinnt ceantar tábhachtach i gContae Lú lena mbaineann sáráilleacht agus luach taitneamhachta ard, chomh maith le radhairc agus amhairc a dteastaíonn cosaint uathu.

6.3.1 Ceantair lena mbaineann Áilleacht Nádúrtha den Scoth (AONB) Tá dhá cheantar shainiúla i gContae Lú a ainmníodh mar Cheantair lena mbaineann Áilleachta Nádúrtha den Scoth mar gheall ar na tírdhreacha nádúrtha gan mhilleadh agus an cháilíocht radhairc shuntasach a bhaineann leo.

Tábla 6.2: Ceantair lena mbaineann Áilleachta Nádúrtha den Scoth

Tagairt Ceantar AONB1 Cairlinn agus Sléibhte Fíd AONB2 Ceann Chlochair agus Port Oirialla

Faightear an ceann is mó den dá cheantar ó thuaidh ón gcontae, agus clúdaítear leis Cairlinn agus Sléibhte Fíd. Is Sliabh Feá ag 588 O.D agus An Sliabh Dubh ag 508 O.D na pointí is airde sa réimse. Tá an chuid is mó den cheantar sin fós ina staid nádúrtha, clúdaithe le haiteann, raithneach agus fraoch - tá codanna den cheantar ainmnithe mar Cheantar Speisialta Caomhantais (CSC), mar Cheantar Oidhreachta Nádúrtha molta (pCON) agus faoi reachtaíocht na hEorpa agus na hÉireann. (Féach Caibidil 2)

Page 3: Caibidil 6 Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht...Caibidil 6 Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 - 2015 129 6.4 Líne an Chósta Síneann

Caibidil 6 Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht

Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 - 2015

127

Faightear radhairc an-suntasacha ar Loch Cairlinn go Sléibhte Mhúrn i dTuaisceart Éireann agus ar Chuan Dhún Dealgan go lár agus deisceart Chontae Lú ó phointí caoithiúla áirithe.

Tá an dara ceantar a ainmnítear mar Cheantar lena mbaineann Áilleachta Nádúrtha den Scoth lonnaithe ag Ceann Chlochair agus clúdaítear leis Port Oirialla agus an ceann tíre máguaird. Cé nach bhfuil sé chomh garbh agus iargúlta le Cairlinn agus Sléibhte Fíd, faightear radhairc lán chomh suntasach sa cheantar seo, mar sin féin, soir i dtreo Mhuir Éireann, ó dheas i dtreo Inbhear na Bóinne agus Contae na Mí agus ó thuaidh ar Chuan Dhún Dealgan go Cairlinn agus Sléibhte Mhúrn.

Baineann timpeallacht an-íogair leis an dá cheantar ainmnithe sin araon, a léirítear ar an léarscáil thíos, agus mar sin de, tugtar ardleibhéal cosanta dóibh sa phlean forbartha seo. Beartas RA 5 Timpeallacht nádúrtha gan mhilleadh na gceantar lena mbaineann áilleacht

nádúrtha den scoth a chosaint chun sochair agus taitnimh na nglún atá ann anois agus a bheidh ann amach anseo.

6.3.2 Ceantair lena mbaineann Cáilíocht Scéimhe den Scoth (AHSQ)

In ainneoin nach bhfuil cáilíocht tírdhreacha agus áilleachta nádúrtha eisceachtúil an AONB ag baint leo, mar sin féin, cuireann na ceantair lena mbaineann cáilíocht scéimhe den scoth leis an stór cúlchistí radhairc nádúrtha atá sa chontae.

Déantar feirmeoireacht ar na ceantair sin go léir faoi láthair, cé go mbaineann éagsúlacht shuntasach le cáilíocht na talún chun críocha feirmeoireachta ó cheantar go ceantar. Measann an Chomhairle go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfar ‘Ceantair lena mbaineann Cáilíocht Scéimhe den Scoth’ a chosaint ó ró-fhorbairt, ó thithíocht uirbeach—ghinte ‘aon-uaire’ go háirithe, chun go ndéanfar a dtírdhreacha tuaithe gan mhilleadh a chaomhnú. Coimeádadh na Ceantair lena mbaineann Cáilíocht Scéimhe den Scoth mar a ainmníodh i bplean 2003 -2009, ach meastar go bhfuil sé iomchuí ceantair bhreise a chur le Ceantar Dhún Áine agus Portach Bhaile Átha Fhirdia, mar aon le ceartú a dhéanamh ar cheantar Shliabh Oirialla, lena mbaineann cáilíocht scéimhe den scoth, chun go bhféadfaí an pCON soir ó Shráidbhaile Chollann a chur san áireamh. Tábla 6.3: Ceantair lena mbaineann Cáilíocht Scéimhe den Scoth (AHSQ) AHSQ 1 Cuaille / Fíd AHSQ 2 Mainistir Bhuithe AHSQ 3 Gleann na Bóinne / Gleann Rí Liam

Page 4: Caibidil 6 Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht...Caibidil 6 Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 - 2015 129 6.4 Líne an Chósta Síneann

Caibidil 6 Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht

Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 - 2015

128

AHSQ 4 Ardtailte Collann AHSQ 5 Dún Áine AHSQ 6 Portach Bhaile Átha Fhirdhia

Beartas RA 6 Cosaint a thabhairt do thírdhreacha tuaithe gan mhilleadh sna ceantair lena

mbaineann cáilíocht scéimhe den scoth chun sochair agus taitnimh na nglún atá ann faoi láthair agus atá le teacht.

Léirítear ar an léarscáil thíos láithreacha agus teorainneacha na gCeantar lena mbaineann Áilleachta Nádúrtha den Scoth agus na gCeantar lena mbaineann Cáilíocht Scéimhe den Scoth i gContae Lú ar an léarscáil thíos.

Léarscáil 6.1: Láthair agus teorainn na gCeantar lena mbaineann Áilleacht Nádúrtha den Scoth agus na gCeantar lena mbaineann Cáilíocht Scéimhe den Scoth

Page 5: Caibidil 6 Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht...Caibidil 6 Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 - 2015 129 6.4 Líne an Chósta Síneann

Caibidil 6 Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht

Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 - 2015

129

6.4 Líne an Chósta Síneann líne chósta Chontae Lú níos mó ná 120 ciliméadar ó thuaidh ó Ó Méith i Loch Cairlinn go Baile Trá in Inbhear na Bóinne. Baineann tréithe an-éagsúla le líne an chósta agus leis na tírdhreacha tadhlacha, idir fhánaí sléibhte crochta Loch Cairlinn, thírghnéithe cothroma droimneacha agus na dumhcha i lár agus i ndeisceart Lú. Tá roinnt tránna tarraingeacha ann a chuireann deiseanna áineasa thar barr ar fáil do chónaitheoirí áitiúla agus do thurasóirí lae ó na contaetha máguaird. Áirítear orthu sin An Charraig Dhubh, Trá an Phoirt, An Lorgain Bhuí, Trá Thearmann Feichín, Cé an Ghiolla, Cnoc na Cáithe (Baile an Teampaill) agus Ceann Chlochair. Trá brait ghoirm iad an dá cheann deiridh sin. Riachtanas de chuid Rialtas na hÉireann agus an AE go gcuirfear plean Bainistíochta um Chrios Comtháite Cósta ar fáil (ICZM) do Chontae Lú. Faoi láthair tá ICZM á thabhairt chun cinn ag an Ionad Acmhainní Mara agus Cósta, Corcaigh. Is í an aidhm ná meicníochtaí a bhunú chun an tírdhreach agus an mhuirdhreach a bhainistiú agus chun a chinntiú go gcosnófar an acmhainn go brách na breithe. Gabhadh Scóipstaidéar le haghaidh Plean Bainistíochta um Chrios Comhtháite Cósta le hais i 2007. Déantar athbhreithniú sa staidéar sin ar róil reatha na ndaoine atá freagrach as an Loch, sonraítear ann na deiseanna agus na coimhlintí arbh fhéidir cur chuige ICZM iad a fheabhsú, maraon le moltaí le ICZM a fhorfheidhmiú.

Tá plean ICZM ina gclúdaítear an taobh ó thuaidh den Loch agus meastar é a bheith inmhianta go mbeadh a mhacasamhail de phlean bainistíochta ar bun sa taobh ó dheas. Beartas RA 7 Luach taitneamhachta an chósta a chosaint agus rochtain phoiblí ar na

taitneamhachtaí cósta a fheabhsú , lena n-áirítear áiseanna páirceála carr a sholáthar ag tránna is mó a mbíonn tarraingt orthu.

RA 8 Limistéir atá i mbaol a chosaint ó chreimeadh cósta agus ó thuilte, faoi réir acmhainní a bheith ar fáil.

RA 9 Comhoibriú leis an Ionad Acmhainní Mara agus Cósta agus plean comhtháite cósta á ullmhú, a mhéid a bhaineann sé le Contae Lú agus tacú le ICZM speisialta a ullmhú agus a fhorfheidhmiú chun an plean bainistíochta atá anois ann don taobh ó thuaidh de Loch Cairlinn a chomhlánú.

Page 6: Caibidil 6 Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht...Caibidil 6 Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 - 2015 129 6.4 Líne an Chósta Síneann

Caibidil 6 Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht

Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 - 2015

130

6.5 Bóithre Sciamhacha

Tá liosta de roinnt bóithre tábhachtacha sciamhacha a éilíonn cosaint i dtábla 6.4 thíos agus iad á léiriú ar léarscáil 6.2 in aguisín 9. Ní cheadófar aon fhorbairt a bhainfeadh ó na bóithre sciamhacha sin nó a mbeadh drochéifeacht acu orthu. Tábla 6.4: Bóithre Sciamhacha Tag: Ród SR1 Cnoc Fochaird, Fochaird Uachtarach SR2 Bóthar Ghleann na bhFiach (Carraig an Mharascalaigh go Dromad) SR3 Bóthar Pháirc na bhFianna SR4 Dromad via N1, Bruach Aitinne – An Dúleargaidh SR5 Áth na bhFearnaí SR6 An Dúleargaidh SR7 Baile Sheinicín (Cnoc agus Beag ) SR8 Baile Mhic Eileoid SR9 Baile Sheinicín go Glais Chroinn SR10 Baile Sheinicín go hÓ Méith via Bearna na Gaoithe SR11 Glais Chroinn – An Beannach -Speilg an Fhiaigh SR12 An Bhuais – Bearna na Gaoithe – Éadan an Tobair SR13 An Bhuais – Loch Cairlinn ina n-áirítear An Coimín SR14 An Grianfort – Loch Cairlinn - Ó Méith SR15 Bóthar an Chósta – Baile an Fhaoitigh - Baile Lagáin – An Baile Trasna SR16 Bóthar an Chósta ,Droim Ineasclainn SR17 Páirceanna an Bhaile, Baile Átha Fhirdhia SR18 Baile an Ghearlánaigh – Áth na gCasán -Ceann Chlochair– Tearmann

Feichín SR19 Baile Trá – Béilinn - Béilinn SR20 Bóthar Bhaile Shláine, Halla an Toinlígh SR21 Gleann Rí Liam SR22 Muintir Luinigh (Collann – Buaile Phádraig)

Beartas RA 10 Forbairt a chosc a bhainfeadh ó na bóithre sciamhacha faoi mar atá iad a

liostú i dtábla 6.4 nó a mbeadh drochéifeacht acu orthu.

6.6 Radhairc agus Céidí ar Ardluach Taitneamhachta

Sainaithnítear méid áirithe radharc agus céidí ar ardluach taitneamhachta sa Phlean agus liostaítear i dtábla 6.5 iad. Léirítear iad i léarscáil 6.2 in aguisín 9. Eiseamláirí is ea na radhairc agus na céidí sin ar an tsaincháilíocht taitneamhachta atá i gContae Lú agus tá cáil orthu mar gheall ar radhairc nádúrtha agus a dtírdhreacha suntasacha.

Page 7: Caibidil 6 Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht...Caibidil 6 Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 - 2015 129 6.4 Líne an Chósta Síneann

Caibidil 6 Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht

Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 - 2015

131

Tábla 6.5: Radhairc agus Céidí

Tag: Radhairc agus Céidí VP 1 Droim Mullaigh – Radharc amach ar Chaoluisce VP 2 Droichead Bhearna Clermont VP 3 Crann RTÉ ar Charn Clermont VP 4 Bearna na Gaoithe VP 5 Loch Cairlinn VP 6 An Gleann Mór – sléibhte agus gleann VP 7 An Gleann Mór – sléibhte agus gleann VP 8 Bearna Mhedhbh agus Sliabh Loch Cairlinn VP 9 Cnoc Bhaile Sheinicín i dtreo Bhá Dhún Dealgan VP 10 Cnoc Bhaile Sheinicín i dtreo Bhá Dhún Dealgan VP 11 Baile Mhic Eleoid i dtreo Bhá Dhún Dealgan VP 12 Cnoc Fochaird VP 13 Radhairc amach ó Chrosbhóithre An Daingin VP 14 Radhairc ó Dhún Gall VP 15 Crois an Mhaoir - radhairc ar na sléibhte i dtreo Fhoirceal VP 16 Galfchúrsa An Chillín - radhairc ar na sléibhte i dtreo Fhoirceal VP 17 Droim Ineasclainn - radhairc farraige amach ar Dhún Dealgan, Chuaille

agus Shléibhte Múrna VP 18 ó thuaidh ó Áth na gCasán - Radhairc farraige amach ar Chuaille agus ar

Shléibhte Múrna VP 19 Baile an tSalainn - radhairc farraige amach ar Bhá Dhún Dealgan i dtreo

Chuaille agus Shléibhte Múrna VP 20 Baile na Coirre - radhairc farraige amach ar Bhá Dhún Dealgan i dtreo

Chuaille agus Shléibhte Múrna VP 21 An Lorgain Bhuí - radhairc farraige amach ar Bhá Dhún Dealgan i dtreo

Chuaille agus Shléibhte Múrna VP 22 Ó Chuan Cheann Chlochair VP 23 Baile na gCailleach go Ceann Chlochair VP 24 Ráth an Dairdisigh i dtreo an chósta agus Cheann Chlochair VP 25 Baile Bhrún ó dheas thar AHSQ i dtreo Dhroichead Átha VP 26 Baile Nua Mhainistir Bhuithe i dtreo Thúr Nhainistir Bhuithe VP 27 Tulaigh Álainn ó dheas i dtreo na Bóinne VP 28 Ó dheas ó Bhaile Thulaigh Álainn i dtreo shuíomh Chath na Bóinne VP 29 Ó dheas ó Bhaile Thulaigh Álainn i dtreo shuíomh Chath na Bóinne VP 30 Ó dheas ó Bhaile Thulaigh Álainn i dtreo shuíomh Chath na Bóinne VP 31 Ó thuaidh ó Mhuintir Luinigh VP 32 N2 An Fhuinseog agus soir VP 33 Baile Mhiológ agus ó dheas VP 34 Páirceanna an Bhaile ó thuaidh agus ó dheas

Beartas RA 11 Na radhairc agus na céidí ar ardluach taitneamhachta a chaomhnú faoi

mar a shainaithnítear i dtábla 6.5 iad. RA 12 Rochtain phoiblí ar bhaill amhairc a fheabhsú nuair is gá, faoi réir ag

acmhainní a bheith ar fáil.

Page 8: Caibidil 6 Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht...Caibidil 6 Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 - 2015 129 6.4 Líne an Chósta Síneann

Caibidil 6 Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht

Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 - 2015

132

6.7 Siúlóidí agus Conairí Rothaíochta

Tá tarraingeacht na rothaíochta agus na siúlóide dulta i méid go mór mar chaitheamh aimsire le blianta beaga anuas. Meastar gur cuid ríthábhachtach de chóras comhtháite iompair inbhuaine iad an tsiúlóid agus an rothaíocht óir cuireann siad rogha ar fáil ar an gcarr príobháideach nó ar chórais iompair phoiblí.

6.7.1 Siúlóidí

Leagtar béim ar an tsiúlóid i gComhpháirtíocht um Spóirt Áitiúla Lú mar shlí neamhchostasach shimplí chun leibhéil rannpháirtíochta a mhéadú i ngníomhaíocht fhisiciúil i measc gach aoisaicme sa chontae agus tugtar aghaidh uirthi i Straitéis Fóillíochta agus Spórt Údarás Áitiúil Lú 2006-2012.. Moltar sa straitéis níos mó bealaí siúlóide a sholáthar ar fud an chontae agus bealaí Shlí na Sláinte a fhorleathnú. Táthar i ndiaidh Slí na Sláinte nua a fhorbairt i Loch Cairlinn agus moltar bealaí breise a sholáthar ar bhonn leanúnach. Tá feabhasúcháin déanta ar Shlí na Tána sna ceantair i Loch Cairlinn agus san Ó Méith trí ród níos sábháilte a sholáthar cois bóthair trí fhoraois agus ar choimíneacht sléibhe. Táthar i ndiaidh an chomharthaíocht ar Shlí na Tána a uasghrádú leis. Tá an chomhairle tar éis Straitéis Siúlóide do Leithinis Chuaille a ullmhú. Sainaithníodh siúlóidí lúbtha i Sliabh Feá, Bearna Mhedhbh, An Grianfort, Baile an Teampaill agus i gCuaille a dhéanfar a fhorbairt anseo amach. Léarscáil 6.3: Slí na Tána

Page 9: Caibidil 6 Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht...Caibidil 6 Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 - 2015 129 6.4 Líne an Chósta Síneann

Caibidil 6 Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht

Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 - 2015

133

Beartas

RA 13 Conairí siúlóide a fhorbairt agus a chur chun cinn ar fud an chontae, agus naisc iompair atá imithe i léig a úsáid nuair is féidir é.

RA 14 Bealaí breise Shlí na Sláinte a sholáthar agus Slí na Tána féin a fheabhsú.

RA 15 Oibriú le hÚdaráis Áitiúla Lú agus údaráis áitiúla i gcontaetha tadhlacha chun gréasán conairí siúlóidí a sholáthar a fheidhmeoidh laistigh de theorainneacha Lú agus lasmuigh di.

RA 16 Straitéis Siúlóide do Leithinis Chuaille a fhorfheidhmiú faoi réir ag acmhainní a bheith ar fáil.

6.7.2 Rothaíocht Cuimsítear i bhForbairt Thurasóireacht Rothaíochta na hÉireann - Lárthailte an Chósta Thoir moltaí mionsonraithe le haghaidh cianród rothaíochta feadh cósta an oirthir ó Leithinis Chuaille trí Chontae Lú, na Mí agus Átha Cliath. Dírítear ann ar limistéir a bhfuil poitéinseal ard iontu le haghaidh rothaíocht shaoire agus mionsonraítear bearta ann le hiad a dhéanamh tarraingeach agus taitneamhach do chuairteoirí ó chian is ó chóngar. Fiosraítear ann leis cé acu an bhféadfaí róid intíre a fhorbairt laistigh de Chontae Lú agus i gcontaetha eile, agus béim a leagan ar ród rothaíochta Shlí na Tána a athscrúdú. Tá Dún Dealgan aitheanta mar ‘mholbhaile’ sároiriúnach rothaíochta mar ar féidir le cuairteoirí iad féin a bhunú agus an tuath máguaird a thaiscéaladh le linn roinnt áirithe ród lúbtha a úsáid. Bítear ag síorathbhreithniú inmharthanachta nuachonairí rothaíochta. Beartas RA 17 Tacú leis an Straitéis le Turasóireacht Rothaíochta Éireann a Fhorbairt

2007afhorfheidhmiú chomh fada is a bhaineann le Contae Lú. RA 18 Bealaí rothaíochta a fhorbairt agus a chur chun cinn ar fud an chontae.

6.8 Scéimeanna Taitneamhachta Chuir an chomhairle roinnt scéimeanna taitneamhachta i gcrích i gcúrsa an phlean forbartha deiridh ag láithreacha éagsúla ar fud an chontae. Leanfar den phróiseas sin i rith tréimhse an Phlean seo faoi réir cúlcistí a bheith ar fáil. Tá sé beartaithe go gcríochnófar na scéimeanna taitneamhachta faoi mar a leagtar amach iad i dtábla 6.6 i gcúrsa an Phlean. Féadfar tograí eile a chur leis an liosta sin ag brath ar infhaighteacht chúlcistí.

Page 10: Caibidil 6 Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht...Caibidil 6 Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 - 2015 129 6.4 Líne an Chósta Síneann

Caibidil 6 Caitheamh Aimsire agus Taitneamhacht

Dréacht Phlean Forbartha Chontae Lú 2009 - 2015

134

Comhoibreoidh an chomhairle, nuair is cuí, le gníomhaireachtaí forbartha agus le grúpaí pobail agus scéimeanna atá ceaptha le feabhas a chur ar stoc na n-áiseanna taitneamhachta agus fóillíochta sa chontae á gcur i gcrích acu.

Tábla 6.6: Scéimeanna Taitneamhachta

Áit / Áis Ród aclaíochta a insuiteáil ag faichí traenála CLG i nDairbhre Bealaí breise ar Shlí na Sláinte

Beartas RA 19 Comhoibriú, nuair is iomchuí, le gníomhaireachtaí forbartha agus grúpaí

pobail agus scéimeann atá ceaptha le feabhs a chur ar stoc na n-áiseanna taitneamhachta agus fóillíochta sa chontae á gcur i gcrích acu.