Caibidil 1 – Léamhthuiscint - Mentor Books...Ghaeilge cé nach raibh aon Ghaeilge aige ag an am....

30
1 Caibidil 1 – Léamhthuiscint Focal ar Fhocal – Léamhthuiscint 1 Féach ar na focail/nathanna 1–14 thíos (a tógadh as na léamhthuiscintí ‘Ant agus Dec’ agus ‘Bean Iontach Adi Roche’) agus aimsigh na focail/nathanna atá ar aonchiall leo as an liosta faoina mbun. Scríobh na focail oiriúnacha taobh leo. (Tá an chéad cheann déanta agat mar shampla.) 1. Leis na cianta Le fada 2. Gealgháireach 3. Bliain i ndiaidh bliana 4. Go hachomair 5. Deis 6. Neart tíortha 7. Bhunaigh sí 8. Theastaigh uaithi 9. Dochar 10.Dílleachtlann 11. I ngar di 12.Thart ar 13.Faoiseamh 14.Oibrithe deonacha Go gairid – Sos – Timpeall – Áit a chónaíonn páistí gan tuistí – Chuir sí ar bun – Daoine a oibríonn gan phá – Le fada – Cóngarach – Damáiste – Sona – Gach bliain – Seans – Ba mhaith léi – A lán tíortha

Transcript of Caibidil 1 – Léamhthuiscint - Mentor Books...Ghaeilge cé nach raibh aon Ghaeilge aige ag an am....

Page 1: Caibidil 1 – Léamhthuiscint - Mentor Books...Ghaeilge cé nach raibh aon Ghaeilge aige ag an am. Níorbh fhada go raibh líofacht na Gaeilge aige agus gur titeann sé i ngrá leis

1

Caibidil 1 – Léamhthuiscint

Focal ar Fhocal – Léamhthuiscint 1

Féach ar na focail/nathanna 1–14 thíos (a tógadh as na léamhthuiscintí ‘Ant agus Dec’ agus ‘Bean

Iontach Adi Roche’) agus aimsigh na focail/nathanna atá ar aonchiall leo as an liosta faoina mbun.

Scríobh na focail oiriúnacha taobh leo. (Tá an chéad cheann déanta agat mar shampla.)

1. Leis na cianta Le fada

2. Gealgháireach

3. Bliain i ndiaidh bliana

4. Go hachomair

5. Deis

6. Neart tíortha

7. Bhunaigh sí

8. Theastaigh uaithi

9. Dochar

10. Dílleachtlann

11. I ngar di

12.Thart ar

13.Faoiseamh

14.Oibrithe deonacha

Go gairid – Sos – Timpeall – Áit a chónaíonn páistí gan tuistí – Chuir sí ar bun – Daoine a oibríonn

gan phá – Le fada – Cóngarach – Damáiste – Sona – Gach bliain – Seans – Ba mhaith léi – A lán tíortha

Page 2: Caibidil 1 – Léamhthuiscint - Mentor Books...Ghaeilge cé nach raibh aon Ghaeilge aige ag an am. Níorbh fhada go raibh líofacht na Gaeilge aige agus gur titeann sé i ngrá leis

2

Focal ar Fhocal – Léamhthuiscint 2

Féach ar na focail/nathanna thíos 1–15 (a tógadh as na léamhthuiscintí ‘Éacht Scannánaíochta!’ agus

‘Scóráil Cúl ar son na Cóirthrádála!’) agus aimsigh na focail/nathanna atá ar aonchiall leo as an liosta

faoina mbun. Scríobh na focail oiriúnacha taobh leo. (Tá an chéad cheann déanta agat mar shampla.)

1. Is cáiliúla Is mó clú agus cáil

2. Buachaill béal dorais

3. Toisc

4. In aghaidh

5. I ndeireadh na dála

6. Uaillmhian

7. Dodhearmadta

8. Fíric

9. Trí cheathrú

10. Deis

11. A fhostú

12.Cosc

13.A fheabhsú

14.Ardú ar ráta pá

15.Naíolann

I gcoinne – Obair a thabhairt do dhuine – Áit a dtugtar aire do pháistí óga – Ní féidir dearmad a

dhéanamh air go héasca – Is mo chlú agus cáil – Buachaill atá ina chónaí in aice leat – Stop/stad –

Seans – 75% – Rud a dhéanamh níos fearr – Mar – Ag fáil níos mó airgid – Faoi dheireadh – Rud atá

fíor – Rud atá ag teastáil ó dhuine

Page 3: Caibidil 1 – Léamhthuiscint - Mentor Books...Ghaeilge cé nach raibh aon Ghaeilge aige ag an am. Níorbh fhada go raibh líofacht na Gaeilge aige agus gur titeann sé i ngrá leis

3

Focal ar Fhocal – Léamhthuiscint 3

Féach ar na focail/nathanna thíos 1–13 (a tógadh as na léamhthuiscintí ‘Na Buachaillí Google’ agus

‘An Suíomh Sóisialta’) agus aimsigh na focail/nathanna atá ar aonchiall leo as an liosta faoina mbun.

Scríobh na focail oiriúnacha taobh leo. (Tá an chéad cheann déanta agat mar shampla.)

1. Mic léinn Daltaí ollscoile

2. Ba ghearr go raibh

3. Bhí céim idir láimhe acu

4. Éirimiúil

5. Anailís

6. Nasc

7. Dochreidte

8. Réimse iontach

9. Tuairiscítear

10. Úsáideoir

11. Ar thóir

12.Tréimhse

13.Léirmheastóir

Cliste – Rud atá deacair a chreidiúint – Deirtear – Duine a scríobhann tuairiscí ar scannáin – Rogha mór

– Níorbh fhada go raibh – Duine a úsáideann rud éigin – Staidéar a dhéanamh ar rud – Daltaí

ollscoile – Méid ama – Ceangal – Ag lorg – Bhí céim á dhéanamh acu

Page 4: Caibidil 1 – Léamhthuiscint - Mentor Books...Ghaeilge cé nach raibh aon Ghaeilge aige ag an am. Níorbh fhada go raibh líofacht na Gaeilge aige agus gur titeann sé i ngrá leis

4

Freagraí Samplacha

Léamhthuiscint 2A: Éacht Scannánaíochta!1. (a) Tagann scannáin faoi dhaoine óga atá léirithe ag daoine óga ón Iaráin go minic.

(b) Tá an scannán bunaithe ar shaol chailín óig agus tá sé léirithe ag cailín freisin.

2. (a) Luaitear an Taliban in alt 2.

(b) Bhí clú agus cáil ar na dealbha seo mar bhí siad snoite as na sléibhte iad féin.

3. (a) Feiceann sí buachaill béal dorais ag léamh leabhair.

(b) Bhí airgead ag teastáil uaithi chun leabhar nótaí agus peann luaidhe a cheannach.

4. (a) Rinne ionsaí uirthi le scata buachaillí agus scrios siad a leabhar nótaí. Chuir siad mála páipéir

ar a ceann agus lig siad orthu go raibh siad chun í a chur ina beatha. D’éalaigh sí ag an deireadh.

(b) Is cailín ceanndána í mar ní stopann sí go dtí go bhfaigheann sí oideachas.

5. Rinne sí imprisean an-mhaith air. Ní dhéanfaidh an t-údar dearmad ar an gcailín óg a ghlac páirt

Bhaktay.

Léamhthuiscint 2B: Scóráil cúl ar son na Cóirthrádála1. (a) Déantar formhór liathróidí peile i Sialkot na Pacastáine.

(b) Ní théann páistí áirithe ar scoil mar oibríonn siad ar feadh uaireanta fada.

2. (a) Chuir FIFA cosc ar liathróidí déanta ag páistí agus sa bhliain 2002 thosaigh trí chomhlacht

spóirt ag déanamh liathróidí peile ar bhonn na Cóirthrádála.

(b) Tá solas níos fearr iontu agus tá aer glan agus uisce úr ar fáil do na hoibrithe.

3. (a) Is é an t-ardú ar an ráta pá an buntáiste is mó a bhaineann le Cóirthrádáil.

(b) Is féidir linn tacaíocht a thabhairt do dhaoine bochta sa Domhan Neamhfhorbartha má

cheannaímid trealamh spóirt le lógó na Cóirthrádála orthu.

4. Alt 5

Alt 4

Léamhthuiscint 3A: Na Buachaillí Google 1. (a) Is fiú $59.4 billiún an comhlacht Google Inc sa lá atá inniu ann.

(b) Sa bhliain 2004 rinneadh billiúnaithe den bheirt bhuachaillí nuair a láinseáileadh an

comhlacht ar an stocmhargadh.

2. (a) Bhí dochtúireachta sa mhatamaitic á dhéanamh ag Larry agus Sergey ar an ollscoil.

(b) Thaitin mata leis an mbeirt bhuachailí.

3. (a) Bhí Larry ag iarraidh obair bhaile suimiúil a dhéanamh nuair a shocraigh sé ar anailís a

dhéanamh ar naisc idir shuíomhanna idirlín. Ansin chonaic sé na féidireachtaí a bhain le

hinnill chuardaigh ar dtús.

(b) Fuair siad tríocha milliún dollar d’infheistíocht chun an comhlacht a bhunú.

4. Ba mhaith leo eolas an domhain a chur ar fáil do mhuintir an domhain ar bhealach éasca, so-

aimsithe.

Page 5: Caibidil 1 – Léamhthuiscint - Mentor Books...Ghaeilge cé nach raibh aon Ghaeilge aige ag an am. Níorbh fhada go raibh líofacht na Gaeilge aige agus gur titeann sé i ngrá leis

5

5. Tá a fhios againn go bhfuil ag éirí go breá le Google Inc mar baintear úsáid as inneall cuardaigh

Google níos mó ná dhá chéad milliún uair in aghaidh an lae.

Léamhthuiscint 3B: An Suíomh Sóisialta 1. (a) Is é ‘Facebook’ an suíomh sóisialta is mó ar an idirlíon sa lá atá inniu ann.

(b) Tá ré na litreacha sa phost thart mar anois is féidir comhrá a bheith agat le duine éigin ar an

taobh eile den domhan i gceann soicind.

2. (a) Tháinig an feiniméan seo ar an saol Feabhra 2004.

(b) De ghnáth bíonn ainm agus dáta breithe ar shuíomh pearsanta.

3. (a) Tagann an t-ainm ‘Facebook’ ó leabhar a thugtar amach do mhic léinn nuair a thosaíonn siad

ar an gcéad bhliain sa choláiste.

(b) Ní dhéanfaimid dearmad ar bhreithlaethanta ár gcairde anois mar tagann an dáta suas ar an

scáileán ar an lá.

4. Alt 2

5. Alt 5

Page 6: Caibidil 1 – Léamhthuiscint - Mentor Books...Ghaeilge cé nach raibh aon Ghaeilge aige ag an am. Níorbh fhada go raibh líofacht na Gaeilge aige agus gur titeann sé i ngrá leis

6

Caibidil 2 – Trialacha Teanga ComhthéacsúlaCuid A

Ceist 1Chuir Sorcha agallamh ar Sheán Óg Ó hAilpín d’iris an scoile mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na

Gaeilge. Nuair a d’fhéach sí siar ar an alt a scríobh sí, áfach, thug sí faoi deara go raibh roinnt de na

briathra san Aimsir Láithreach nuair ba cheart dóibh a bheith san Aimsir Chaite.

Léigh an giota thíos as an alt a scríobh Sorcha. Ansin athscríobh é i do chóipleabhar agus cuir na

briathra a bhfuil línte fúthu san Aimsir Chaite.

Sampla: Nuair a bhí sé trí bliana d’aois . . .

Rugadh Seán Óg i Rotuma, Fiji, áit a raibh a athair Éireannach ag obair ar

rige ola. Nuair a bhíonn sé trí bliana d’aois bogann an chlann go dtí an

Astráil agus tosaíonn Seán Óg ag léiriú spéise i spóirt don chéad uair.

Tagann an chlann go hÉireann nuair a bhí Seán Óg aon bhliain déag agus

shocraigh siad síos i gCorcaigh. Freastalaíonn Seán ar mheánscoil lán-

Ghaeilge cé nach raibh aon Ghaeilge aige ag an am. Níorbh fhada go raibh

líofacht na Gaeilge aige agus gur titeann sé i ngrá leis na cluichí traidisiúnta.

Ceist 2Tá grúpa daltaí san Idirbhliain ag dul ar mhalartú scoile go Páras ar feadh coicíse. Mar obair bhaile d’iarr

an múinteoir orthu alt a scríobh faoi na himeachtaí a bheidh ar siúl acu ann. Nuair a d’fhéach siad siar

ar an gcuntas, áfach, thug siad faoi deara go raibh roinnt de na briathra scríofa san Aimsir Chaite nuair

ba cheart dóibh a bheith san Aimsir Fháistineach.

Léigh an cuntas a scríobh na daltaí. Ansin athscríobh an cuntas i do chóipleabhar agus cuir na briathra

a bhfuil línte fúthu san Aimsir Fháistineach.

Sampla: Beimid ag fanacht le teaghlaigh áitiúla i bPáras ar feadh coicíse.

Bhíomar ag fanacht le teaghlaigh áitiúla i bPáras ar feadh coicíse. Tá iníon

nó mac déagóra i ngach clann agus bhíomar ag caint lena chéile cheana

féin ar Skype. Chuamar ar scoil lenár gcairde gach lá. D’fhágamar an teach

go luath mar thógamar an Metro agus tosaíonn an scoil ar a hocht a chlog.

Rinneamar gach rud trí mheán na Fraincise. D’imríomar spóirt tráthnóna

agus tá súil agam go bhfeicfimid na radharcanna cáiliúla ar fad roimh

theacht abhaile! Táimid ag súil go mór leis an turas.

Page 7: Caibidil 1 – Léamhthuiscint - Mentor Books...Ghaeilge cé nach raibh aon Ghaeilge aige ag an am. Níorbh fhada go raibh líofacht na Gaeilge aige agus gur titeann sé i ngrá leis

7

Ceist 3 (An Teastas Sóisearach)Scríobh Shauna Ní Shúilleabháin an phróifíl seo den scríbhneoir Alex Hijmans. Nuair a bhí an phróifíl

scríofa aici chonaic sí go raibh cúpla botún déanta aici. Tá cuid de na briathra san aimsir mhícheart

aici.

Léigh an phróifil a chum Shauna. Ansin athscríobh an phróifíl agus cuir na briathra a bhfuil líne fúthu

san Aimsir Chaite.

Sampla: Bhog sé go Gaillimh i 1995 chun Gaeilge a fhoghlaim.

Rugadh Alex Hijmans in Heemskerk san Ísiltír i 1975. Bogfaidh sé go

Gaillimh i 1995 chun Gaeilge a fhoghlaim. Bainfidh sé an tArd-Dioplóma

i gCumarsáid Fheidhmeach amach ina dhiaidh sin. Oibreoidh Alex le

Foinse, Raidió na Gaeltachta, RTÉ agus Nuacht TG4. Beidh a dhráma

Aingilín ar siúl i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh in 2002. Sa bhliain

2007 rachaidh Alex go Meiriceá Theas. Tá eolas againn faoi seo toisc go

scríobhfaidh Alex leabhar nua i nGaeilge le déanaí dar teideal Favela.

Cuid BLéigh an sliocht seo thíos agus líon isteach an ghreille faoina bhun ag tabhairt 3 shampla de na ranna

gramadaí seo a leanas:

• Ainmfhocal

• Briathar

• Aidiacht

• Forainm

• Réamhfhocal

Chuaigh an long Costa Concordia go tóin poill ar an 13ú Eanáir 2012 nuair a chuaigh sé i dtalamh

cóngarach den oileán Iodálach ‘Giglio’. Bhí breis is 4,200 duine ar bord an long galánta a

chosnaíonn suas go €1,200 an oíche. Bhí cuid mhór de na paisinéirí ag ithe dinnéir nuair a chuala

siad torann ollmhór. Dúirt bean amháin gur múchadh na soilse go tobann agus thosaigh plátaí

agus gloiní ag titim go talamh.

Bhuail an long carraig mhór amach ó chósta na hIodáile dhá uair tar éis a thuras seachtaine a

thosnú. Deirtear gur sheol an captaen, Francesco Schettino, an long ró-ghar don chósta áit nach

raibh an fharraige domhain go leor. Rinneadh poll mór 160 troigh sa long agus thosaigh an uisce

ag tuileadh isteach. Bhris ruaille buaille amach agus thosaigh daoine ag iarraidh báid tarrthála a

fháil, ach i ndeireadh na dála léim na céadta duine isteach san fharraige dhorcha. Fuair seanfhear

amháin, 65 bliana, bás den fhuacht. Dúirt bean Mheiriceánach gur chuir sé an Titanic i gcuimhne

di agus go raibh sí cinnte go raibh sí chun bás a fháil.

Tháinig deireadh leis an tragóid nuair a tháinig báid áitiúla agus an Garda Cósta i gcabhair ar na

daoine go tapa agus tógadh beagnach gach duine i dtír go sábháilte. Fuair triúr duine bás, faraor.

Page 8: Caibidil 1 – Léamhthuiscint - Mentor Books...Ghaeilge cé nach raibh aon Ghaeilge aige ag an am. Níorbh fhada go raibh líofacht na Gaeilge aige agus gur titeann sé i ngrá leis

8

2. Athscríobh na habairtí seo agus líon na bearnaí leis an bhfocal (nó na focail) is oiriúnaí.

1. Rugadh mé ____________ 3 Lúnasa 2001.

2. Bhí ionadh ____________ Sheán nuair a bhuaigh sé an Lotto.

3. Tá súile gorma ____________ agus dath dubh atá ar mo ghruaig.

4. Bhuail mé le Ciara ____________ geata na scoile.

5. Is maith ____________ an múinteoir nua atá againn.

6. Thug mé cuireadh ____________ mo chara dul chuig an bpictiúrlann.

7. Tá aithne agam ____________ Enya. Cónaíonn sí in aice ____________.

8. Chuir mé mo chóta ____________ mar bhí sé an-fhuar.

9. Tá mé (13) ____________ d’aois.

10. Rugadh mé i (1998) ____________.

11. Tá Dealbh na Saoirse i Nua Eabhrac mór ach tá an phirimid níos ____________.

12. Is í an Ghaeilge an t-ábhar is ____________ liom.

13. Chaith mé níos mó (airgead) ____________ inniu ná inné.

14. Tá gairdín deas againn os comhair an (teach) ____________.

15. Tá Liam níos (óg) ____________ ná mise.

16. Aithníonn ciaróg ____________ eile.

17. Mol an ____________ agus tiocfaidh sí.

18. Tá muintir na (Éire) ____________ lách cairdiúil.

19. Tá mé ag ____________ ar mheánscoil áitiúil.

20. Réitím go maith ____________ mo dheirfiúr Áine.

Ainmfhocal

1.

2.

3.

Briathar

1.

2.

3.

Aidiacht

1.

2.

3.

Forainm

1.

2.

3.

Réamhfhocal

1.

2.

3.

Page 9: Caibidil 1 – Léamhthuiscint - Mentor Books...Ghaeilge cé nach raibh aon Ghaeilge aige ag an am. Níorbh fhada go raibh líofacht na Gaeilge aige agus gur titeann sé i ngrá leis

9

3. (An Teasta Sóisearach)

Giota téacs as suíomh gréasáin www.feachtas.ie atá anseo thíos. Athscríobh na habairtí agus líon

na bearnaí leis an bhfocal (na focail) is oiriúnaí agus scríobh an leagan ceart de na focail/figiúirí

atá idir lúibíní.

Sampla: Fáilte romhat chuig www.feachtas.ie

1. Fáilte ________ chuig www.feachtas.ie.

2. Tá eolas faoin eagraíocht Feachtas ________ an suíomh gréasáin seo.

3. Bunaíodh Feachtas sa bhliain (1980) ________ .

4. Tá a lán daoine óga páirteach ________ eagraíocht seo.

5. Is daoine óga faoi ocht ________ déag d’aois atá i bhFeachtas.

(a) bliain (b) bhliana (c) blianta (d) mbliana

6. Cuireann Feachtas an Ghaeilge chun cinn ar fud ________ .

(a) an tír (b) na dtíre (c) na tíre (d) na tíortha

Page 10: Caibidil 1 – Léamhthuiscint - Mentor Books...Ghaeilge cé nach raibh aon Ghaeilge aige ag an am. Níorbh fhada go raibh líofacht na Gaeilge aige agus gur titeann sé i ngrá leis

Caibidil 3 – CeapadóireachtAn Aiste1. Léigh na nathanna úsáideacha sa bhosca foclóra thíos agus bain triail as aiste a scríobh dar teideal:

“Duine a bhfuil meas agam air/uirthi.”

Nathanna úsáideacha

• Tá meas mór agam ar – I have great respect for

• Rugadh agus tógadh é/í i – He/she was born and raised in

• Tá bród orainn as – We are proud of

• Cabhraíonn sé/sí go mór le – He/she helps a lot with

• Oibríonn sé/sí ar son – He/she works on behalf of

• Glacann sé/sí páirt i – He/she takes part in

• Labhraíonn sé/sí amach faoi – He/she speaks out about

• Tá sé ina bhall de / tá sí ina ball de – He/she is a member of

• i mbarr a réime – at the top of his/her game

• Braitheann daoine air/uirthi – People depend on him/her

• Inspioráid – Inspiration

• Gradam – Award

• Scileanna – Skills

• Pearsantacht thaitneamhach – Enjoyable personality

• An-díograiseach i dtaobh a d(h)ualgas – Very diligent in relation to

his/her duties.

2. Léigh na nathanna úsáideacha sa bhosca foclóra thíos agus bain triail as aiste a scríobh dar teideal:

“An tábhacht a bhaineann le caitheamh aimsire”

Nathanna úsáideacha

• Mo chlub áitiúil – My local club

• Laoch spóirt – Sports hero

• Craobh na hÉireann – All-Ireland Championship

• Ag comhoibriú lena chéile – Working together

• Chun mo scíth a ligean – To relax

• Éalú ó bhrú na scoile – Escape from the pressure of school work

• Bheinn caillte gan í – I would be lost without it

• Is féidir earraí a cheannach ar líne – You can buy goods online

• Is féidir gach rud a dhéanamh – You can do everything

10

Page 11: Caibidil 1 – Léamhthuiscint - Mentor Books...Ghaeilge cé nach raibh aon Ghaeilge aige ag an am. Níorbh fhada go raibh líofacht na Gaeilge aige agus gur titeann sé i ngrá leis

11

An Scéal1. Líon na bearnaí sna nathanna cainte thíos leis an bhfocal / na focail is oiriúnaí ón mbosca foclóra

faoina mbun. Ansin, bain úsáid as na nathanna chun cabhrú leat an scéal seo a leanas a chumadh:

“Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an oíche sin, oíche na stoirme móire . . .”

1. Ní raibh an _ _ _ _ _ _ ró-dhona ar maidin – The weather was not too bad in the morning

2. Ní raibh c _ _ _ _, c _ _ ná c _ _ _ _ orm – I hadn’t a care in the world

3. Thosaigh an ghaoth ag éirí níos _ _ _ _ _ _ – The wind began to get stronger

4. Bhíomar ar ár _ _ _ _ _ _ _ _ abhaile ó, – We were on our way home from

5. _ _ _ _ _ ar an leictreachas – The electricity failed

6. Ba bheag nár thit an t- _ _ _ _ asam – I nearly died

7. Go _ _ _ _ _ _ – Suddenly

8. Las an _ _ _ _ _ _ _ _ _ an spéir – The lightning lit the sky

9. Chualamar an _ _ _ _ _ _ _ _ _ – We heard the thunder

10. Ní raibh duine ná _ _ _ _ _ _ le feiceáil – There was nobody to be seen

11. Gan a thuilleadh _ _ _ _ _ _ – Without further delay

12. Bhí _ _ _ _ _ _ _ _ _ throm ag titim – A heavy rain was falling

13. Bhíomar fliuch go _ _ _ _ _ _ _ _ _ – We were wet to the skin

14. Ritheamar linn ar nós na _ _ _ _ _ _ _ – We ran as fast as the wind

15. Ligeamar _ _ _ _ faoisimh asainn – We let out a sigh of relief

• Tá tionchar an-mhór acu ar – They have a great influence on

• Is mór an pléisiúr a thugann – It gives a lot of pleasure

• Tugann sé sos don aigne – It gives the mind a break

• Tá rogha iontach ann – There is a great choice there

• Is breá an comhluadar é don duine – It’s great company for people

• Taitníonn cluichí ríomhaire liom – I enjoy computer games

láidre – aimsir – craiceann – deoraí – osna – cíos, cás,

cathú – tintreach – moille – gaoithe – theip – anam –

báisteach – toirneach – mbealach – tobann

Page 12: Caibidil 1 – Léamhthuiscint - Mentor Books...Ghaeilge cé nach raibh aon Ghaeilge aige ag an am. Níorbh fhada go raibh líofacht na Gaeilge aige agus gur titeann sé i ngrá leis

12

2. Féach ar an mapa intinne thíos. Freagair na ceisteanna sna boscaí chun cuidiú leat plean an scéil

a fhorbairt. Ansin, le cabhair ón mbosca foclóra faoina bhun, ceap scéal a mbeadh oiriúnach don

tasc sa bhosca láir.

Déan cur síos ar eachtra

a tharla nuair a bhí tú ar

laethanta saoire thar sáile

an bhliain seo caite.

(An Teastas Sóisearach)

Cá raibh tú? Sa Spáinn /

sa Fhrainc / san Astráil /

san Afraic / i Meiriceá

Cad a rinne tú? Ghlaoigh mé ar

. . . / léim mé isteach . . . / rith

mé go dtí . . . / rug mé ar . . .

Cad a chuala tú? Chuala mé scread /

béic / bonnán / madra ag tafann

Cad a chonaic tú? Páiste ag titim isteach

sa linn snámha / deatach / tine / timpiste

/ buachaill dathúil / cailín gleoite

Cén sórt aimsire a bhí ann?

Grianmhar, te / ró-the / fuar / ag cur

sneachta go tiubh / drochaimsir

Cé a bhí in éineacht leat? Do

thuistí / do chairde scoile / do

mhamó / an raibh tú i

d’aonaor?Cad a bhí á dhéanamh agat an

lá/oíche sin? Ag sú na gréine / ag

snámh / ag scíáil / ag siopadóireacht

/ ag ithe dinnéir i mbialann áitiúil

/ ag club oíche

Bosca Foclóra

Bhí sceitimíní orm – I was excited

Bhí mé ag tnúth go mór le . . . – I was really looking forward to . . .

Gan choinne . . . – Without notice . . .

Baineadh geit asam – I got a fright

Thosaigh mé ag crith – I began to shake

Léim mo chroí le háthas/heagla – My heart jumped with joy/fear

Rug mé ar an bhfaill agus . . . – I seized the chance and . . .

Sar i bhfad . . . – Before long . . .

Bhí an áit dubh le daoine – The place was black with people (crowded)

Lig mé béic áthais asam – I let out a shout of joy

Lig mé osna faoisimh asam – I sighed with relief

Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an lá/oíche sin – I will never forget that day/night.

Page 13: Caibidil 1 – Léamhthuiscint - Mentor Books...Ghaeilge cé nach raibh aon Ghaeilge aige ag an am. Níorbh fhada go raibh líofacht na Gaeilge aige agus gur titeann sé i ngrá leis

13

An Díospóireacht / Óráid1. Féach siar ar struchtúr agus foclóir na díospóireachta i do leabhar. Ansin, le cabhair ó na smaointí

thíosluaite, scríobh an díospóireacht a dhéanfá ar son nó in aghaidh an rúin seo a leanas:

“Ba cheart deireadh a chur leis an obair bhaile.”

Ar son an rúin . . . In aghaidh an rúin . . .

1. Is cur amú ama é obair bhaile.

Bíonn laethanta fada ag daltaí ar

scoil, bíonn tuirse orthu agus ní

féidir leo obair d’ard chaighdeán a

dhéanamh arís tar éis scoile.

Caithfidh siad a scíth a ligean . . .

1. Ní bhíonn ‘laethanta fada’ ag daltaí. Bíonn ábhair

acu, m.sh. corpoideachas agus oideachas sláinte

nach bhfaigheann siad aon obair bhaile iontu.

Chomh maith le sin bíonn ‘ranganna saora’ acu go

minic nuair a bhíonn múinteoirí ar chúrsaí

inseirbhíse, ar thurais scoile nó amuigh tinn.

2. Tá níos mó ag baint le hoideachas

ná obair scoile. Ba chóir deis agus an

t-am a thabhairt do dhaltaí suim a

chothú i gcúrsaí spóirt, i gcúrsaí

ceoil, drámaíochta, agus mar sin de

. . .

2. Is cuid lárnach, bunúsach den oideachas é obair

bhaile. Cabhraíonn sé le daltaí an t-eolas a

fhoghlaim agus a thuiscint. Má bhíonn deacracht

ag an dalta leis an obair bhaile beidh seans

aige/aici cabhair a fháil ón múinteoir an lá dar

gcionn.

3. Cothaíonn obair bhaile strus idir

thuismitheoirí agus a bpáistí mar

bíonn ar na tuistí brú a chur ar na

daltaí an obair bhaile a dhéanamh.

Uaireanta ní bhíonn na tuistí in ann

cabhrú lena bpáistí agus cuireann sé

seo brú orthu freisin.

3. Tá an-iomaíocht ann sa lá atá inniu ann do

áiteanna sna coláistí agus sna hollscoileanna. Táim

cinnte go mbíonn daltaí sna scoileanna

príomháideacha ag déanamh obair bhaile. Mar sin

bheadh buntáiste acu thar na daltaí sna scoileanna

poiblí muna ndéanfadh siadsan obair bhaile

freisin.

Page 14: Caibidil 1 – Léamhthuiscint - Mentor Books...Ghaeilge cé nach raibh aon Ghaeilge aige ag an am. Níorbh fhada go raibh líofacht na Gaeilge aige agus gur titeann sé i ngrá leis

14

2. Féach siar ar struchtúr agus foclóir na díospóireachta i do leabhar. Ansin, le cabhair ó na smaointí

thíosluaite, scríobh an díospóireacht a dhéanfá ar son nó in aghaidh an rúin seo a leanas:

“Is crá croí é an fón póca.”

Ar son an rúin . . . In aghaidh an rúin . . .

1. Níl aon spás ‘sábháilte’ anois: an

phictiúrlann, an bhialann, fiú an

séipéal, ag Aifreann, ag bainis nó fiú

ag sochraid! Cuireann an fón póca

isteach ar gach ócáid.

1. Is cuid lárnach, tábhachtach den saol an fón póca

anois. Cabhraíonn sé le tuismitheoirí fanacht i

dteagmháil lena bpáistí nuair atá siad ag obair go

déanach nó nuair atá na páistí amuigh lena

gcairde. Má tá aon deacracht ag páiste is feidir

leis/léi teagmháil a dhéanamh le duine go tapa.

Mar sin, cabhraíonn an fón le sábháilteacht an

duine óig.

2. Tá deireadh le príobháideachas mar

gheall ar an bhfón póca: tá sé an-

éasca bradáil a dhéanamh ar

(‘hacking’ a dhéanamh ar)

theileafón póca mar a dhéantar go

minic ar dhaoine cáiliúla, m.sh.

aisteoirí. Cuireann sé seo isteach go

mór ar dhaoine.

2. Go minic cloisimid faoi theileafón póca ag cabhrú

leis na Gardaí i gcásanna cúirte, m.sh. is féidir leo

a rá cá raibh duine ag am áirithe má bhíonn

teileafón póca ag an duine.

3. Tá brú ar gach tuismitheoir anois an

fón is déanaí agus is nua-aimsearthaí

a cheannach dá bpáistí. Cosnaíonn

an ‘fón cliste’ thart ar €500!

Cuireann sé seo an-bhrú ar

thuismitheoirí bochta go mór mhór

anois agus cúlú eacnamaíochta sa tír.

3. Is féidir teachtaireachtaí a scaipeadh taobh istigh

de nóiméid ar an teileafón póca, m.sh chabhraigh

an fón póca go mór leis na daoine san Éigipt, i

Libia agus mar sin de, nuair a bhí siad ag éirí

amach i gcoinne a rialtas. Tá an idirlíon ar fáil ar a

lán teileafóin phóca anois freisin agus, mar sin,

cuireann sé eolas faoin domhan ar fáil go héasca

do dhaoine nach bhfuil ríomhaire acu, m.sh.

daoine bochta sa Tríú Domhan. Is buntáiste mór é

seo dóibh.

Page 15: Caibidil 1 – Léamhthuiscint - Mentor Books...Ghaeilge cé nach raibh aon Ghaeilge aige ag an am. Níorbh fhada go raibh líofacht na Gaeilge aige agus gur titeann sé i ngrá leis

15

Caibidil 4 – PrósTráth na gCeist: An t-Ádh 2 Phointe do gach freagra ceart

Ceist Freagra Marc

1. Cad is ainm don triúr buachaillí sa scéal seo?

2. Cén fáth a ndeachaigh na buachaillí i

bhfolach an lá sin?

3. Cad a bhí ar siúl i nGarumna?

4. Cé leis an bád?

5. Cén fáth nár iarr na buachaillí cead ó úinéir

an bháid dul go Garumna leis?

6. Cén plean a cheap Pádraig?

7. Cé a fuair an tráithnín ab fhaide?

8. Cad a rinne na buachaillí eile ansin?

9. Cad a rinne Pádraig?

10. Nuair a dhúisigh Pádraig cé leis ar bhuail sé?

11. Cén fáth a raibh ionadh ar Phádraig?

12. Cén fáth nár theastaigh ó Phádraig aon rud

a rá?

13. Cé a bhí sa teach roimhe nuair a shroich

Pádraig an baile?

14. Cad a fuair Pádraig amach óna mháthair?

15. Cad a shábháil saol Phádraig?

Scór: _______ / 30

Page 16: Caibidil 1 – Léamhthuiscint - Mentor Books...Ghaeilge cé nach raibh aon Ghaeilge aige ag an am. Níorbh fhada go raibh líofacht na Gaeilge aige agus gur titeann sé i ngrá leis

16

Tráth na gCeist: Clann Lir 2 Phointe do gach freagra ceart

Ceist Freagra Marc

1. Cad ab ainm don chéad bhean chéile a bhí

ag Lear?

2. Cé mhéad páistí a bhí acu?

3. Cad ab ainmneacha dóibh?

4. Cé a phós Lear nuair a fuair a chéad bhean

chéile bás?

5. Ar réitigh sí go maith le páistí Lir? Cén fáth?

6. Cén plean a rinne sí?

7. Cár thóg sí na páistí?

8. Cad a rinne sí do na páistí?

9. Bhí ar na healaí 300 bliain a chaitheamh ar

áiteanna éagsúla. Líon na bearnaí chun ainm

na chéad áite a nochtadh:

L_ _ _ D _ _ _ _ _ _ _ _ _ _

10. Líon na bearnaí chun ainm na dara háite a

nochtadh: S_ _ _ _ n_ M_ _ _ _ _

11. Líon na bearnaí chun ainm na tríú háite a

nochtadh: I_ _ _ _ _ D_ _ _ _ _ _ _

12. Cad a rinne Lear do Aoife?

13. Nuair a bhí an t-am caite acu cé a thug aire

do na healaí?

14. Cad a theastaigh ó Dheoch, bean Rí

Chonnacht?

15. Cad a tharla do na healaí ag deireadh an

scéil?

Scór: _______ / 30

Page 17: Caibidil 1 – Léamhthuiscint - Mentor Books...Ghaeilge cé nach raibh aon Ghaeilge aige ag an am. Níorbh fhada go raibh líofacht na Gaeilge aige agus gur titeann sé i ngrá leis

17

Tráth na gCeist: An Gadaí 2 Phointe do gach freagra ceart:

Ceist Freagra Marc

1. Cé a scríobh an scéal An Gadaí?

2. Cén fáth a ndeachaigh na buachaillí isteach

i ngairdín an mháistir?

3. Cad a chonaic Antaine ann?

4. Cé leis é?

5. Cén fáth ar ghoid Antaine an rud a chonaic

sé?

6. Cad a cheap Antaine ar scoil an mhaidin dar

gcionn?

7. Cad a bhí aige oíche i ndiaidh oíche?

8. Cé a tháinig ar cuairt chuig deirfiúr Antaine

tráthnóna amháin?

9. Cén fáth ar bhris allas amach trí Antaine?

10. Chonaic Antaine t_ _ _ _ _ _ _ i súile Neans.

11. Cad a lig Neans uirthi?

12. Cad a rinne Antaine nuair a d’fhág Neans

agus a máthair an teach?

13. Cén fáth ar mhaith Neans do Antaine an rud

a rinne sé?

14. Cad a thug Neans do Antaine an lá dar

gcionn?

15. Cad a rinne Antaine gach Satharn ina

dhiaidh sin?

Scór: _______ / 30

Page 18: Caibidil 1 – Léamhthuiscint - Mentor Books...Ghaeilge cé nach raibh aon Ghaeilge aige ag an am. Níorbh fhada go raibh líofacht na Gaeilge aige agus gur titeann sé i ngrá leis

18

Prós Liteartha: Ceist 1Freagra SamplachPictiúr a Goideadh

A (Buntuiscint)

(i) Luaigh dhá chúis a raibh ‘cuma bhuartha’ ar an bpríomhoide. (Alt 2)

Tharla eachtra éigin sa scoil ag an deireadh seachtaine. Bhí an príomhoide an-bhuartha gur

goideadh ceann de na pictiúir ba luachmhaire ar domhan.

(ii) Luaigh dhá rud a thug gach duine faoi deara nuair a d’iompaigh siad thart. (Alt 3)

Bhí marc dronuilleogach san áit a raibh an phéint ar dhath níos éadroime ná an chuid eile den

bhalla. Bhí sé soiléir go mbíodh rud éigin ar crochadh ansin le tamall fada de bhlianta.

B (Léirthuiscint Ghinearálta )

(i) ‘Fear crua a bhí sa phríomhoide.’

An léiríonn an príomhoide na tréithe sin sa sliocht seo? Is leor dhá phointe eolais a lua.

Léiríonn an príomhoide gur fear crua a bhí ann: chuir sé deireadh le himeachtaí i ndiaidh am

scoile agus d’ordaigh sé dóibh dul chuig a seomraí ranga.

Page 19: Caibidil 1 – Léamhthuiscint - Mentor Books...Ghaeilge cé nach raibh aon Ghaeilge aige ag an am. Níorbh fhada go raibh líofacht na Gaeilge aige agus gur titeann sé i ngrá leis

19

Caibidil 5 – FilíochtTráth na gCeist: Na Blátha Craige 2 Phointe do gach freagra ceart

Tráth na gCeist: Mac Eile ag Imeacht2 Phointe do gach freagra ceart

Ceist Freagra Marc

1. Cé a chum an dán ‘Na Blátha Craige’?

2. Cá raibh na bláthanna ag fás?

3. Cad a cheap an file faoin áit?

4. Cad a dúirt na bláthanna leis an bhfile?

5. Cad is téama don dán seo?

Scór: _______ / 10

Ceist Freagra Marc

1. Cé a chum an dán ‘Mac Eile ag Imeacht’?

2. Cé atá ag caint sa dán?

3. Cén séasúr den bhliain atá ann?

4. Cá bhfuil na daoine sa chéad véarsa?

5. Cén fáth an bhfuil an mac ag tiomáint an

chairr?

6. Cad a bheidh á dhéanamh ag an mac i

Meiriceá?

7. Cén áit i Meiriceá a bheidh sé?

8. Cén sórt aimsire a bheidh ann?

9. Cad a dhéanann an file agus a fear céile

nuair a imíonn a mac?

10. Cén fáth nach bhfanfaidh siad le haghaidhchupán caife?

Scór: _______ / 20

Page 20: Caibidil 1 – Léamhthuiscint - Mentor Books...Ghaeilge cé nach raibh aon Ghaeilge aige ag an am. Níorbh fhada go raibh líofacht na Gaeilge aige agus gur titeann sé i ngrá leis

20

Tráth na gCeist: Chlaon Mé Mo Cheann2 Phointe do gach freagra ceart:

Ceist Freagra Marc

1. Cé a chum an dán ‘Chlaon Mé Mo Cheann’?

2. Cad a chonaic an file nuair a bhí sé amuigh

ag siúl lá amháin?

3. Cén fáth ar chrom sé a cheann?

4. Conas mar a bhíodh a mháthair ag fanacht

leis nuair a bhí sé óg?

5. Cé a thagadh abhaile go fonnmhar gach

tráthnóna?

6. Cad is brí leis na línte

‘Ar eagla go scilfeadh

Gach bliain a scéal’?

7. An raibh an file sona nuair a bhí sé óg, dar

leat? Cuir fáth le do thuairim.

8. Conas a mhothaíonn an file anois?

9. Cad is brí leis na línte

‘Is go ngéillfinn don racht

I mo chléibh’?

10. Cad is téama don dán seo?

Scór: _______ / 20

Page 21: Caibidil 1 – Léamhthuiscint - Mentor Books...Ghaeilge cé nach raibh aon Ghaeilge aige ag an am. Níorbh fhada go raibh líofacht na Gaeilge aige agus gur titeann sé i ngrá leis

21

Filíocht Ceist 3Freagra Samplach‘An Púdal Béal Dorais’ agus ‘Daonáireamh 1911 (An Teastas Sóísearach 2010)

A (Buntuiscint)

(ii) (a) Cén áit ar rug Púdailín an bua iontach leis? (An Púdal Béal Dorais)

Bhí bua iontach aige i gCrufts – Seó na Madraí.

(b) Luaigh gradam amháin a bronnadh ar Phúdáilín. (An Púdal Béal Dorais)

Bronnadh saoirse na cathrach air.

(iii) (a) Luaigh rud amháin a thóg Muiris Ó Gormáin atá luaite sa dán Daonáireamh 1911.

Thóg sé séipéal.

(b) Cén fáth a bhfuil Éireannaigh bródúil as bua Phúdailín? (An Púdal Béal Dorais)

Tá muintir na hÉireann bródúil as bua Phúdaillín mar fuair sé an bua ar mhadraí móra an

tsaoil.

B (Léirthuiscint)

(i) Tá díomá nó brón léirithe sa véarsa deireanach sa dá dhán. I gcás dáin amháin, déan cur síos i do

fhocail féin ar an gcaoi a gcuireann an file an díomá nó an brón os ár gcomhair.

An Púdal Béal Dorais

Sa véarsa deireanach den dán ‘An Púdal Béal Dorais’ tá díomá ar an bhfile mar ní raibh saoirse ag

an bpúdal. Deir sé nach raibh cead aige meascadh le madraí eile ‘maidríní na sráide’. Deir an file

gur ‘scamall’ ina shaol é seo agus déanann sé comparáid idir easpa saoirse an phúdail agus an

tsaoirse a bhí ag a chompánaigh agus a chairde meascadh le madraí eile.

Page 22: Caibidil 1 – Léamhthuiscint - Mentor Books...Ghaeilge cé nach raibh aon Ghaeilge aige ag an am. Níorbh fhada go raibh líofacht na Gaeilge aige agus gur titeann sé i ngrá leis

22

Caibidil 6 – An LitirAn Litir Phearsanta: Súil ar an scrúdú

Ceist 1 – Litir ShamplachBhí tú ag dioscó le déanaí. Scríobh litir chuig do chara ag insint dó/di faoin dioscó. I do litir luaigh:

• dhá rud faoin dioscó a thaitin leat.

• dhá rud faoin dioscó nár thaitin leat.

• socrú a rinne tú chun bualadh le do chara go luath. (An Teastas Sóisearach)

4 Ascaill Róis,

Baile Átha Cliath 16

23 Deireadh Fómhair 20—

A Sheáin, a chara,

Conas atá tú? Tá súil agam go bhfuil gach rud go maith leat. Tá brón orm nár

scríobh mé níos luaithe ach bhí mé an-ghnóthach le déanaí. Bhí mé ag staideár

go dian don scrúdú.

Tháinig mo cholceathar ó Londain ag an deireadh seachtaine agus chuamar go dtí

dioscó sa chlub oíche áitiúil. Bhuaileamar le mo chara Aoife ag an gcrosbhóthar

agus chuamar le chéile ann. Bhí slua mór ag feitheamh sa scuaine. Trathnóna tirim

a bhí ann agus, mar sin, ba chuma linn a bheith inár seasamh taobh amuigh den

chlub. Bhí oíche den chéad scoth againn. Cheannaigh mise na ticéid. Chosain

siad deich euro – costasach go leor agus ní raibh mé ró-shásta leis sin. Bhain mé

an taitneamh as an oíche mar bhuail mé le cailín darb ainm Lisa. Chaitheamar an

oíche ar fad ag caint le chéile. Thug sí a huimhir ghutháin dom ag deireadh na

hoíche! Anuas air sin bhí an DJ go hiontach. Chas sé ceol bríomhar dúinn. Bhí

trioblóid ann freisin, áfach. Bhí scata buachaillí ag troid agus leagadh mo

cholceathar agus gortaíodh é, ach tá sé ceart go leor anois.

Caithfimid bualadh le chéile go luath. An féidir leat bualadh liom an deireadh

seachtaine seo chugainn? Rachaimid go dtí an phictiúrlann. Cuir téacs chugam

níos déanaí.

Do chara,

Liam

Page 23: Caibidil 1 – Léamhthuiscint - Mentor Books...Ghaeilge cé nach raibh aon Ghaeilge aige ag an am. Níorbh fhada go raibh líofacht na Gaeilge aige agus gur titeann sé i ngrá leis

23

Ceist 2 – Litir ShamplachTá tú ar do laethanta saoire i dtír iasachta. Scríobh litir chuig do chara ag insint dó/di faoin tír ina

bhfuil tú. I do litir luaigh:

• dhá phointe eolais i dtaobh na tíre ina bhfuil tú.

• dha phointe eolais i dtaobh na rudaí atá déanta agat ó shroich tú an tír ina bhfuil tú.

• pointe amháin eile faoi rud éigin nár thaitin leat faoin tír ina bhfuil tú. (An Teastas Sóisearach)

4 Árasáin na Gréine,

Malaga

An Spáinn

23 Iúil 20—

A Aisling, a chara,

Conas ata tú? Tá súil agam go bhfuil gach rud go maith leat. Tá brón orm nár

scríobh mé níos luaithe ach táim ar mo shaoire thar lear! Cheannaigh mo

thuismitheoirí ticéid dúinn dul chuig Malaga. Thángamar anseo seachtain ó shin

agus beimid anseo ar feadh coicíse eile.

Is maith liom Malaga. Tá an ceantar an-deas agus ní féidir a shéanadh go bhfuil

tírdhreach dochreidte ann. Tá an aimsir go hálainn. Bíonn an ghrian ag scoilteadh

na gcloch gach lá. Tá muintir na háite cairdiúil agus cainteach. Thugamar cuairt

ar sheanchaisleán ar imeall an bhaile inné. Bhí sé an-suimiúil. Chaith mé na

laethanta eile ar an trá. Is aoibhinn liom a bheith i mo luí faoin ngrian. Ithimid

dinnéar sa bhialann áitiúil gach oíche. An t-aon rud amháin nach dtaitníonn liom

faoin tír ná an méid daoine atá anseo – tá an áit plódaithe le turasóirí.

Táim ag tnúth le bualadh leat nuair a thagaim abhaile. Cheannaigh mé

bronntanas duit cheana féin! Beimid ag filleadh abhaile ar 7 Lúnasa.

Caithfidh mé imeacht anois mar táimid ag dul amach le haghaidh dinnéir.

Slán go fóill.

Do chara,

Órlaith

Page 24: Caibidil 1 – Léamhthuiscint - Mentor Books...Ghaeilge cé nach raibh aon Ghaeilge aige ag an am. Níorbh fhada go raibh líofacht na Gaeilge aige agus gur titeann sé i ngrá leis

24

An Litir Fhoirmiúil: Súil ar an scrúdú

Ceist 1 – Litir ShamplachLéigh tú alt i nuachtán faoin ábhar: ‘Tá sé in am deireadh a chur leis an Teastas Sóisearach.’

Scríobh litir chuig eagarthóir an nuachtáin i dtaobh an ailt sin.

I do litir luaigh:

• dhá mhórphointe a bhí san alt ar an ábhar

• dhá thuairim eile uait féin ar an ábhar

• pointe amháin eile faoin alt. (An Teastas Sóisearach)

45, Bóthar na TráCorcaigh

An tEagarthóirGaelscéalBaile ArdAn SpidéalCo. na Gaillimhe 12ú Bealtaine 20—

A Chara,

Léigh mé alt i do nuachtán an tseachtain seo caite ag rá go raibh sé in am deireadh a churleis an Teastas Sóisearach. Is dalta mise a chríochnaigh an Teastas Sóisearach an bhliain seocaite, agus ba mhaith liom roinnt pointí a dhéanamh faoin alt.

Dúirt an t-iriseoir gur cur amú airgid é an Teastas Sóisireach mar cosnaíonn sé na mílte eurogach bliain chun na scrúduithe a chur ar siúl. Dúirt sé freisin go bhfuil an iomarca ábharle déanamh ag daltaí agus nach féidir leo staidéar ceart a dhéanamh ar aon ábhar déag.

Aontaím leis an dá phointe sin. Cosnaíonn sé a lán airgid chun na scrúduithe a eagrú. Nífhágann aon dalta an scoil anois tar éis an Teastais Shóisearaigh mar téann siad ar aghaidhchun an Ardteist a dhéanamh. Mar sin, níl siad ag brath ar an scrúdú seo chun post a fháil,agus is é mo thuairim go mbeadh sé níos fearr an t-airgead seo a chaitheamh sa seomraranga.

Tá mise san Idirbhliain anois agus caithfidh mé a rá go bhfuil sé i bhfad níos fearr. Níl brúna scrúduithe orm agus níl ach ocht n-ábhar á ndéanamh agam. Tá mé ag baint taitnimhas an scoil arís mar is féidir liom rudaí difriúla a dhéanamh, mar shampla, tionscnaimhagus obair phraiticiúil. Ní gá dom an lá ar fad a chaitheamh ag foghlaim rudaí deghlanmheabhair do scrúdú seafóideach!

Bhain mé taitneamh as an alt nuair a léigh mé é, ach bhí brón orm nár chuir an t-iriseoirceist ar bith ar dhaltaí scoile faoin scrúdú. Tá súil agam go gcuirfidh tú mo litir i gcló.

Is mise le meas,

Pól de Búrca

Page 25: Caibidil 1 – Léamhthuiscint - Mentor Books...Ghaeilge cé nach raibh aon Ghaeilge aige ag an am. Níorbh fhada go raibh líofacht na Gaeilge aige agus gur titeann sé i ngrá leis

25

Ceist 2 – Litir ShamplachLéigh tú alt in Foinse faoin ábhar Cúrsaí Spóirt in Éirinn Inniu. Scríobh an litir a chuirfeá chuig

eagarthóir an nuachtáin i dtaobh an ailt.

I do litir luaigh

• dhá phointe a bhí san alt

• dhá phointe faoin mbaint atá agat féin le cúrsaí spóirt

• aon phointe amháin eile faoi chúrsaí spóirt in Éirinn. (An Teastas Sóisearach)

45, Bóthar na CoilleGaillimh

An tEagarthóirFoinseIndreabhánCo. na Gaillimhe 16 Meitheamh 20__

A Chara,

Léigh mé alt i do nuachtán le déanaí faoi chúrsaí spóirt in Éirinn inniu, agus ba mhaithliom roinnt pointí a dhéanamh.

Dúirt an t-iriseoir go raibh caighdeán an rugbaí go dona sa tír seo agus go raibh rugbaí aguspeil Ghaelach ag éirí ró-gharbh. Ní aontaím ar chor ar bith leis na tuairimí sin. Is ball dechlub rugbaí mise agus imrím rugbaí ar scoil freisin. Tá ardchaighdeán rugbaí in Éirinn faoiláthair – sna scoileanna, sna clubanna agus ar an bhfoireann náisiúnta. Bhuaigh CúigeLaighean an Corn Heineken le trí bliana anuas agus bhuaigh Cúige Mumhan an corn dháuair. Is comórtas an-mhór agus an-tábhachtach an comórtas seo agus is mór an onóir é ancorn a bhuachan.

Ní aontaím ach oiread go bhfuil peil Ghaelach ag éirí garbh. Is réiteoir é mo Dhaid agusdeir sé liom go bhfuil a lán rialacha nua sa chluiche a choimeádann smacht ar na himreoirí.Dé Domhnaigh seo caite thug sé trí chárta dearga amach ag cluiche ceannais an chontae!

Tá an-suim ag daoine óga sa tír seo i ngach sórt spóirt – rugbaí, sacar, peil Ghaelach,iománaíocht agus eile. Is maith an rud é spórt a imirt mar coimeádann sé sláintiúil tú agusní éireoidh tú ró-ramhar. Tá súil agam go mbeidh níos mó ranganna spóirt againn ar scoilnuair a thagann an Teastas Sóisearach nua isteach!

Idir an dá linn, tá súil agam go gcuirfidh tú mo litir i gcló.

Is mise le meas,

Seán de Faoite

Page 26: Caibidil 1 – Léamhthuiscint - Mentor Books...Ghaeilge cé nach raibh aon Ghaeilge aige ag an am. Níorbh fhada go raibh líofacht na Gaeilge aige agus gur titeann sé i ngrá leis

26

Sraith Pictiúr 1 (Aimsir Chaite)Féach ar an tsraith pictiúr atá roghnaithe agat. Tá nóiméad amháin

agat chun staidéar agus ainilís a dhéanamh ar an tsraith pictiúr seo.

Tá dhá nóiméad eile agat chun cur síos a dhéanamh ar an scéal atá

sna pictiúir.

SamplaPICTIÚR 1

Bhí buachaill agus cailín ina suí ag bord sa seomra suí – deirfiúr

agus deartháir, b’fhéidir. Bhí éide scoile orthu. Bhí siad ag déanamh

obair bhaile. Bhí lampa sa chúinne agus pictiúr ar an mballa. Bhí sé

a cúig a chlog.

PICTIÚR 2

Ag leathuair tar éis a cúig bhuail an teileafón. Lean an buachaill ar

aghaidh ag obair ach thosaigh an cailín ag caint ar an bhfón. Bhí sí

go sona sásta, ag caint lena cara. Thug a cara cuireadh don bheirt acu

dul go dtí an phictiúrlann léi chun Bee Movie a fheiceáil. Ghlac an

cailín leis an gcuireadh.

PICTIÚR 3

Chuir an cailín ríomhphost chuig a máthair ar a ríomhaire glúine.

Dúirt sí go raibh siad imithe go dtí an phictiúrlann.

PICTIÚR 4

Bhuail an buachaill agus an cailín lena gcara taobh amuigh den

phictiúrlann. Bhí Bee Movie ar siúl. Bhí na cailíní ag caint le chéile

agus iad ag siúl isteach sa phictiúrlann.

Page 27: Caibidil 1 – Léamhthuiscint - Mentor Books...Ghaeilge cé nach raibh aon Ghaeilge aige ag an am. Níorbh fhada go raibh líofacht na Gaeilge aige agus gur titeann sé i ngrá leis

27

Sraith Pictiúr 2 (Aimsir Chaite)Féach ar an tsraith pictiúr atá roghnaithe agat. Tá nóiméad amháin

agat chun staidéar agus ainilís a dhéanamh ar an tsraith pictiúr seo.

Tá dhá nóiméad eile agat chun cur síos a dhéanamh ar an scéal atá

sna pictiúir.

SamplaPICTIÚR 1

Tháinig buachaill go dtí teach agus bhuail sé cnag ar an doras nó ar

an gcloigín. D’oscail cailín an doras. Bhí sciorta gearr agus t-léine

uirthi. Bhí dath fionn ar a cuid gruaige. Bhí gruaig dhubh ar an

mbuachaill agus bhí bríste deinime, t-léine dubh agus bróga reatha

air.

PICTIÚR 2

Chuaigh an buachaill agus an cailín isteach sa seomra suí. Bhí siad

ag caint is ag comhrá. Bhí cathaoireacha compordacha sa seomra,

bord caifé, bláthanna ar an mbord, pictiúr deas ar an mballa agus

teilifís mhór! Bhí seilfeanna lán de leabhair. Thug an buachaill

cuireadh don chailín dul go dtí dioscó leis an oíche sin ag a naoi a

chlog.

PICTIÚR 3

Dúirt an cailín nach raibh a tuismitheoirí sa bhaile. Ach ba mhaith

léi dul go dtí an dioscó leis, mar d’fhág sí nóta dá tuismitheoirí ag

rá go raibh sí imithe go dtí an dioscó.

PICTIÚR 4

Scríobh an cailín nóta dá tuismitheoirí ar phíosa páipéir. Fad a bhí

sí (while she was) ag scríobh an nóta bhí an buachaill ag féachaint

uirthi. Is léir go raibh áthas air go raibh sí chun dul go dtí an dioscó

leis.

Page 28: Caibidil 1 – Léamhthuiscint - Mentor Books...Ghaeilge cé nach raibh aon Ghaeilge aige ag an am. Níorbh fhada go raibh líofacht na Gaeilge aige agus gur titeann sé i ngrá leis

28

Sraith Pictiúr 3 (Aimsir Chaite)Féach ar an tsraith pictiúr atá roghnaithe agat. Tá nóiméad amháin

agat chun staidéar agus ainilís a dhéanamh ar an tsraith pictiúr seo.

Tá dhá nóiméad eile agat chun cur síos a dhéanamh ar an scéal atá

sna pictiúir.

SamplaPICTIÚR 1

Bhí buachaill agus cailín ag siúl in aice le loch. Bhí brístí, seaicéid

agus bróga siúlóide orthu agus mála ag an mbeirt acu. Bhí siad ag

caint le chéile. Bhí fear ina shuí i mbád beag ar an loch ag

iascaireacht. Bhí seaicéad tarrthála air. Bhí fógra mór ar an taobh

eile den loch agus an focal ‘Dáinséar’ scríofa air.

PICTIÚR 2

Chuaigh an buachaill agus an cailín ag snámh. Ní raibh aon duine

eile ag snámh sa loch.

PICTIÚR 3

Go tobann bhí an buachaill i gcruachás. Bhí a dhá lámh thuas san

aer agus thosaigh sé ag glaoch ar chabhair. Bhí an-eagla air. D'imigh

an cailín chun cabhair a fháil mar ní raibh sí sa loch.

PICTIÚR 4

Tháinig an t-iascaire chun cabhrú leis an mbuachaill. Rug sé greim

air agus thóg sé isteach sa bhád é. Ansin chuaigh sé go dtí an bruach.

Bhí slua daoine ar an mbruach agus thóg siad an buachaill as an

uisce. Bhí an t-ádh air nár bádh é!

Page 29: Caibidil 1 – Léamhthuiscint - Mentor Books...Ghaeilge cé nach raibh aon Ghaeilge aige ag an am. Níorbh fhada go raibh líofacht na Gaeilge aige agus gur titeann sé i ngrá leis

29

Sraith Pictiúr 4 (Aimsir Chaite)Féach ar an tsraith pictiúr atá roghnaithe agat. Tá nóiméad amháin

agat chun staidéar agus ainilís a dhéanamh ar an tsraith pictiúr seo.

Tá dhá nóiméad eile agat chun cur síos a dhéanamh ar an scéal atá

sna pictiúir.

SamplaPICTIÚR 1

Tá an scéal seo suite in ionad siopadóireachta mar feicim siopaí

difriúla: Siopa Uí Mhurchú, Siopa Uí Shé agus ‘An Grianán’. Is siopa

ceoil é Siopa Uí Mhurchú agus bhí beirt déagóirí ag féachaint

isteach an fhuinneog an lá seo. Bhí sé a trí a chlog.

PICTIÚR 2

Go tobann shiúil cailín beag suas chuig na déagóirí. Bhí sí timpeall

ceithre bliana d’aois le gruaig dhubh. Bhí gúna stríocach agus

riteoga dubha uirthi. Bhí an cailín beag ina haonar agus bhí sí ag

caoineadh. Dúirt sí go raibh sí caillte.

PICTIÚR 3

Gan a thuilleadh moille (without further delay) rug na déagóirí ar

lámha an chailín agus thóg siad go dtí an deasc eolais í. Thug siad

ainm agus aois an chailín don bhean taobh thiar den chuntar.

Ghlaoigh sí na sonraí amach ar mhicreafón agus dúirt sí go raibh

an cailín beag slán sábháilte ag an deasc eolais.

PICTIÚR 4

Ansin, tháinig tuismitheoirí an chailín. Chuala siad an fógra agus

bhí áthas an domhain orthu. Rug a máthair ar an gcailín agus thóg

sí suas ina baclainn í. Bhí áthas ar an gcailín óg mar bhí sí sábháilte.

Thug a daid fiche euro do na déagóirí. Bhí áthas orthu freisin.

Page 30: Caibidil 1 – Léamhthuiscint - Mentor Books...Ghaeilge cé nach raibh aon Ghaeilge aige ag an am. Níorbh fhada go raibh líofacht na Gaeilge aige agus gur titeann sé i ngrá leis

30

Sraith Pictiúr 5 (Aimsir Chaite)Féach ar an tsraith pictiúr atá roghnaithe agat. Tá nóiméad amháin

agat chun staidéar agus ainilís a dhéanamh ar an tsraith pictiúr seo.

Tá dhá nóiméad eile agat chun cur síos a dhéanamh ar an scéal atá

sna pictiúir.

SamplaPICTIÚR 1

Tháinig buachaill go teach a charad, Aoife. Bhuail sé cnag ar an doras

agus tháinig deartháir Aoife amach. Dúirt an buachaill go raibh sé

ag lorg Aoife agus d’fhiafraigh sé de an raibh sí sa bhaile.

PICTIÚR 2

Dúirt deartháir Aoife nach raibh sí sa bhaile. Bhí sí imithe amach.

PICTIÚR 3

Scríobh an buachaill nóta chuig Aoife - freagra ar chuireadh a bhí

ann. Is dócha gur thug Aoife cuireadh dó dul áit éigin ach ní raibh

sé ábalta dul agus d’fhág sé nóta do Aoife ag míniú an scéil.

PICTIÚR 4

Thug sé an nóta dá deartháir agus d’iarr sé air é a thabhairt do Aoife.

Thóg an buachaill é.