Bealtaine -Meitheamh 2017 Ceartaithe - Maidineacha...

12
TAOBH ISTIGH: BEALTAINE-MEITHEAMH 2017 IMLEABHAR 4 EAGRÁN 3 LEATHANACH 1 AN TAOBH Ó THUAIDH agus ar fud na cathrach Ná labhair faoi ach déan é LUACH 1.50 [email protected] AN TAOBH Ó THUAIDH BAIN AOIBHNEAS AGUS SULT AS BHUR SAOIRE! Ceacht beag 2 An Bus Dearg 2 Scéal grinn 3 Filleadh na gCimí, Meitheamh 1917 4 Turas go dtí an tSeapáin - III 5 An Caisearbhán 6 Trí Dhán um Cháisc 7 Caisleán Sord Cholmcille 8 An Tigín Bán 9 Crosfhocal & Cuardach focal 10 Fáilte don Tetrapód 11 An Gooch 12 AN RAIBH TÚ AR AN LÉIRSIÚ? Bhí Lá Mór Dearg ag Gaeilgeoirí na Sé Chontae an 20 Bealtaine chun Acht na Gaeilge a lorg. Bhí a lán cainte faoi chomhionannas (equality) aimsir Chomhaontú Aoine an Chéasta sna nóchadaí. Maítear i gComhaontú Chill Rìmhinn (2006): “Tabharfaidh an Rialtas [Ríocht Aontaithe] isteach Acht na Gaeilge ina léireofar taithí na Breataine Bige agus na hÉireann agus oibreoidh siad i bpáirt leis an Fheidhmeannas (Executive) atá le toghadh le forbairt na Gaeilge a fheabhsú agus a chosaint.” Níor comhlíonadh an gealltanas sin go fóill. D’fhoilsigh An Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta sa Tuaisceart Tograí (proposals) faoi chinne Bille Gaeilge i 2015. Tá na Gaeilgeoirí ag feitheamh leis an tAcht fós. Bhí na mílte duine ar an léirsiú i mBéal Feirste, iad gléasta i ndath dearg, iad glórmhar ach síochánta, ag lorg a gcearta teanga. Bhí daoine óga bríomhara chun tosaigh ar an lá, san eagraíocht, sa ghríosú ar an tsiúlóid agus sna hóráidí ag a dheireadh os comhair Halla na Cathrach. Bhí Gaeilgeoirí ón Phoblacht i measc an tslua (thíos) ach, i mo thuairim ní raibh mórán acu ann. Mura bhfuil Gaeilgeoirí uile na tíre in ann tacaíocht a thabhairt dá chéile ní bhogfaidh na polaiteoirí. Má tá an Páirtí Coimeádach i Westminster ag brath ar An Páirtí Aontachtach Daonlathach le fanacht i gcumhacht beidh sé riachtanach dúinn, Gaeilgeoirí, seasamh le chéile chun Acht na Gaeilge a fháil.

Transcript of Bealtaine -Meitheamh 2017 Ceartaithe - Maidineacha...

  • T A O B H I S T I G H : B E A L T A I N E - M E I T H E A M H 2 0 1 7 I M L E A B H A R 4 E A G R Á N 3

    L E A T H A N A C H 1

    AN TAOBH Ó THUAIDH agus ar fud na cathrach

    Ná labhair faoi ach déan é

    L U A C H € 1 . 5 0

    [email protected] A N T A O B H Ó T H U A I D H

    BAIN AOIBHNEAS AGUS SULT AS BHUR SAOIRE!

    Ceacht beag 2

    An Bus Dearg 2

    Scéal grinn 3

    Filleadh na gCimí,

    Meitheamh 1917

    4

    Turas go dtí an

    tSeapáin - III

    5

    An Caisearbhán 6

    Trí Dhán um

    Cháisc

    7

    Caisleán Sord

    Cholmcille

    8

    An Tigín Bán 9

    Crosfhocal & Cuardach focal

    10

    Fáilte don Tetrapód

    11

    An Gooch 12

    AN RAIBH TÚ AR AN LÉIRSIÚ? Bhí Lá Mór Dearg ag Gaeilgeoirí na Sé Chontae an 20 Bealtaine chun Acht na Gaeilge a lorg. Bhí a lán cainte faoi chomhionannas (equality) aimsir Chomhaontú Aoine an Chéasta sna nóchadaí. Maítear i gComhaontú Chill Rìmhinn (2006): “Tabharfaidh an Rialtas [Ríocht Aontaithe] isteach Acht na Gaeilge ina léireofar taithí na Breataine Bige agus na hÉireann agus oibreoidh siad i bpáirt leis an Fheidhmeannas (Executive) atá le toghadh le forbairt na Gaeilge a fheabhsú agus a chosaint.” Níor comhlíonadh an gealltanas sin go fóill. D’fhoilsigh An Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta sa Tuaisceart Tograí (proposals) faoi chinne Bille Gaeilge i 2015. Tá na Gaeilgeoirí ag feitheamh leis an tAcht fós. Bhí na mílte duine ar an léirsiú i mBéal Feirste, iad gléasta i ndath dearg, iad glórmhar ach síochánta, ag lorg a gcearta teanga. Bhí daoine óga bríomhara chun tosaigh ar an lá, san eagraíocht, sa ghríosú ar an tsiúlóid agus sna hóráidí ag a dheireadh os comhair Halla na Cathrach. Bhí Gaeilgeoirí ón Phoblacht i measc an tslua (thíos) ach, i mo thuairim ní raibh mórán acu ann. Mura bhfuil Gaeilgeoirí uile na tíre in ann tacaíocht a thabhairt dá chéile ní bhogfaidh na polaiteoirí. Má tá an Páirtí Coimeádach i Westminster ag brath ar An Páirtí Aontachtach Daonlathach le fanacht i gcumhacht beidh sé riachtanach dúinn, Gaeilgeoirí, seasamh le chéile chun Acht na Gaeilge a fháil.

  • CEACHT BEAG GAEILGE: AN RÉIMÍR (PREFIX) “RÓ” (TOO)

    AN BUS DEARG Pádraig Mac Éil

    L E A T H A N A C H 2

    [email protected] A N T A O B H Ó T H U A I D H

    I M L E A B H A R 4, E A G R ÁN 3

    Nuair a chuirtear an réimír “ró-” roimh aidiacht tá an chiall “too” leis. Séimhítear an consan tar éis “ró-” AGUS NÍ CHUIRTEAR FLEISCÍN (hyphen) idir an “ró” agus an aidiacht. Bíonn fleiscín i gcónaí idir “ró-”, agus aidiacht dar tús guta, mar shampla:

    ró-álainn - too beautiful; róbheag - too small; róchúng - too narrow; ródhaor - too dear; ródhian - too hard; ró-éasca - too easy;

    rófhairsing - too wide; róghlan - too clean; ró-íseal - too low; róláidir - too strong; rómhór - too big; róshaibhir - too rich;

    róshean - too old; róthrom - too heavy; ró-uaigneach - too lonely;

    Comhghairdeas le Conradh na Gaeilge as bus saor a chur ar fáil do Ghaeilgeoirí Bhaile Átha Cliath chun taisteal go dtí an Lá Dearg i mBéal Feirste 20 Bealtaine. Agus mé ag druidim cóngarach do Shráid Fhearchair roimh 9.00am bhí mé chomh soineanta (naïve) sin gur chuir sé iontas orm nach raibh an tsráid plódaithe le Gaeilgeoirí. Tháinig scata díreach roimh theacht an bhus. Faraor, ní raibh an méid sin acu ann chun an bus a líonadh. An bhfuil an táimhe (inertia) chomh tréan sin i nGaeilgeoirí na Príomhchathrach?

    Thug na daoine a bhí ar an mbus ardú meanman dom. Tá taithí agam freastal ar mhaidineacha caife agus ar chiorcail comhrá. Buailim le daoine suimiúla agus cairdiúla ach, leis an fhírinne a admháil, bíonn siad, de ghnáth, mar atáim féin, aosta. Ar an mbus bhí daoine óga, fuinniúla, dathúla le togha na Gaeilge acu agus iad ag caint sa teanga go tapa agus go líofa. Ó Domhan cróga nua, ina bhfuil Gaeilgeoirí mar seo!

    Cosúil leis An Chabhail Dochreidte (Incredible Hulk) tháinig athrú crutha ar dhaoine ar an turas ó thuaidh ach go dath dearg in ionad dath uaine!

    Ar shroicheadh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich linn ar Bhóthar na bhFál shiúlamar i bpáirt leis na mílte (idir 5,000 agus 12,000 de réir na meán) eile go

    Halla na Cathrach ag béiceadh “Acht Gaeilge anois!”, “Cearta Daonna, Cearta Teanga!” agus “Tír gan teanga, tír gan anam”. Bhí piachán (hoarseness) inár nglór ag an deireadh. Chonaic mé a lán tuismitheoirí lena bpáistí agus a linbh i naíchóistí (prams). Tháinig mé ar ais go BÁC agus íomhá dhíograis agus líofacht na hóige im intinn. Go n-éirí leo!

  • L E A T H A N A C H 3

    A N T A O B H Ó T H U A I D H [email protected]

    SCÉAL GRINN NA MÍOSA

    I M L E A B H A R 4, E A G R ÁN 3

    Tráthnóna Gheimhridh a bhí ann, aimsir ghruama dhorcha agus é ag dul in olcas nuair a bhí rang na naíonán ag ullmhú chun dul abhaile. Bhí deacrachtaí ag buachaill óg amháin, Jimín, a bhuataisí a chur air agus d’iarr sé cabhair óna mhúinteoir, Éilís. Bhí uirthi dianiarracht a dhéanamh, í ag tarraingt agus ag brú, an bhuatais a chur ar chos an bhuachalla. Bhí sí ag cur allais sular éirigh léi an dara buatais a chuir air. “A mhúinteoir Éilís, tá na buataisí ar na cosa míchearta”, arsa Jimín. Chonaic sí go raibh an ceart aige. Rinne sí gáire Sheáin Dóite. Ní raibh sé aon phioc ní ba éasca di na buataisí a thógáil de ná iad a chur air. D’éirigh léi guaim a choinneáil uirthi féin agus í ag brú agus ag tarraingt arís. Faoi dheireadh, le cuid mhór dua, bhí na buataisí ar na cosa cearta. “Ní hiad seo mo bhuataisí,” arsa Jimín i gcogar. Is beag nár lig Múinteoir Éilís mallacht aisti le teann frustrachais. Le paidir chiúin agus ag streachailt go tréan thóg sí na buataisí cúnga uaidh. Agus í ag iarraidh a h-anáil a fháil léi chuala sí an guth íseal ciapach ag rá “Is buataisí mo dhearthár iad. Thug mo mhamaí dom iad le caitheamh ar maidin.” Bhí an Múinteoir bailithe bréan leis an mbuachaillín faoi seo. Rinne sí a seacht ndícheall srian a chur lena cuid feirge agus idir a cuid análaithe troma agus a cuid smeachanna chuir sí na buataisí ar chosa Jimín arís. Lig sí osna fhada aisti agus chuir sí ceist ar Jimín, “Anois cá bhfuil do mhitíní?” D’fhreagair an gasúr beag “chuir mé iad isteach i mo bhuataisí ar maidin”!

    Tá an múinteoir bocht fós ar saoire bhreoiteachta agus í ag smaoineamh ar athoiliúint a dhéanamh chun bheith ina ceansaitheoir leon!

    Foclóirín

    tráthnóna Gheimhridh - Winter’s afternoon; gruama - dull; dorcha - dark; ag dul in olcas - getting worse; rang na naíonán - infants’ class;

    ag ullmhú - preparing; deacrachtaí - difficulties; buataisí - boots; d’iarr sé - he asked; cabhair - help; bhí uirthi - she had to; dianiarracht - earnest effort; ag tarraingt - pulling;

    ag brú - shoving; fós - still; deacair di - hard for her; cos - foot; ag cur allais - perspiring; sular - before; éirigh léi - she succeeded; dara - second; mí-cheart - wrong;

    chonaic sí - she saw; go raibh an ceart aige - that he was correct; rinne sí gáire Sheáin Dóite - she smiled through gritted teeth; aon phioc - one bit;

    ní ba éasca - easier; a thógáil de - to remove from him; guaim a choinneáil uirthi féin - in controlling her temper; arís - again; faoi dheireadh - at last;

    cuid mhór dua - much difficulty; ní hiad seo - these are not; i gcogar - in a whisper; is beag nár - nearly; lig mallacht aisti - swore; teann frustrachais - sheer frustration;

    paidir - prayer; ciúin - quiet; ag streachailt - struggling; go tréan - mightily; thóg sí - she took; cúng - tight-fitting; uaidh - from him; ag iarraidh - trying;

    a h-anáil a fháil léi - to catch her breath; chuala sí - she heard; guth - voice; íseal - low; ciapach - annoying; ag rá - saying; deartháir - brother; thug - gave; le caitheamh - to wear;

    ar maidin - this morning; bailithe bréan - sick to the teeth; buachaillín - little boy; faoi seo - by now; rinne sí - she made; a seacht ndícheall - her very best endeavour; srian a chur lena cuid feirge - to control her temper; idir - between; trom - heavy;

    a cuid smeachanna - her sobs; lig sí - she let; osna - sigh; fada - long; chuir sí ceist ar - she asked; mitíní - mittens; d’fhreagair - answered; gasúr - boy;

  • L E A T H A N A C H 4

    [email protected] A N T A O B H Ó T H U A I D H

    I M L E A B H A R 4, E A G R ÁN 3 FILLEADH NA gCIMÍ, MEITHEAMH 1917 Pádraig Mac Éil

    Sna seachtainí i ndiaidh Éirí Amach na Cásca 1916 ghabh na Sasanaigh 3,430 fear agus 79 mbean a bhí ina náisiúnaithe. Seoladh 1,862 fhear agus 5 ban acu go dtí ionaid choinneála (detention centres), Knutsford, Stafford, Wakefield, Wandsworth, Woking, Lewes, Príosún Barlinnie agus Perth, i Sasana agus in Albain. D’fhan cuid acu i bpríosúin i Sasana ach bogadh an chuid is mó acu go dtí Campa Géibhinn (Internment Camp) in Frongoch i dtuaisceart na Breataine Bige. Tar éis tamaill bhig, tosaíodh, ag ligean na gcimí saor, diaidh ar ndiaidh. Scaoileadh dhá thrian de na himtheorannaithe ó Frongoch in Iúil 1916 agus an trian eile (Míchéal Ó Coileáin ina measc) i Nollaig 1916. Ní raibh sluaite móra ann chun fáiltiú a chur rompu nuair a shroich siad Éire arís. De bharr mheon athraithe mhuintir na hÉireann faoin Éirí Amach agus thionchar “cheist na gcimí” ar thoghcháin sa tír shocraigh Príomh-Aire na Breataine, Lloyd George, maithiúnas ginearálta (general amnesty) a fhógairt agus ar 15 Meitheamh 1917. Rinne Bonnar Law, Ceannaire Theach na dTeachtaí (House of Commons), é sin.

    Tháinig na cimí deireanacha, os cionn 120 acu, Éamonn de Valera, Eoin Mac Néill agus an Chuntaois Markievicz ina measc, ar ais don tír ó Hollyhead go Dún Laoghaire. Daoradh an chuid is mó acu chun báis i 1916 ach iomalartaíodh (commuted) an bhreith go fad saoil i bpríosún ansin. Nuair a shroich an traein ó Dhún Laoghaire Stáisiún Rae an Iarann (Stáisiún na bPiarsach anois), Luan 18 Meitheamh, bhí na sluaite ann chun fáiltiú mór a chur rompu. Bhí baill Bhardas na Cathrach i measc an tslua. Thaispeáin sin an t-athrú mór a bhí tar éis teacht ar mheon an phobail faoi na hÓglaigh ón Nollaig roimhe sin. D’iompar na daoine na cimí ón stáisiún go capaill agus cairt agus

    chuaigh siad trí na sráideanna agus na gártha molta á scairteadh go lúchaireacht ag an slua mór. Is dócha go raibh ionadh mór orthu leis an bhfáiltiú seo. Ba iad maslaí na mban céile cogaidh a bhí le cloisteáil acu nuair a bhí na Sasanaigh á ngabhadh i 1916. Tógadh ghrianghraif de na cimí (mo sheanathair, Liam Ó Deagha ina measc) a d’fhill i 1917 os comhair Theach an Ardmhéara agus cúpla buachaill óg leo. Seo cuid den glúin chróga a thug ár neamhspleáchas dúinn.

  • L E A T H A N A C H 5

    [email protected] A N T A O B H Ó T H U A I D H

    I M L E A B H A R 4, E A G R ÁN 3 TURAS GO DTÍ AN tSEAPÁIN - III Raymond Taylor

    I ndiaidh mo chuairte ar Kyoto chuaigh mé ar (boarded) an shinkansen (traein philéir) agus ar aghaidh liom go hullamh agus go héasca (promptly and speedily) go Tóiceo, an áit inar chaith mé an choicís ina dhiaidh sin. Is cathair an-mhór agus sár-nua-aimseartha í agus tá dúlíonach (vast number) daoine inti. Luaitear “The Scramble Crossing” i Shibuya mar shampla de cé chomh gnóthach agus atá Tóiceo. Meastar go mbaineann ½ milliún duine feidhm as an trasrian coisithe (pedestrian -crossing) seo thar thréimhse 24 huaire. Níl siúlaí ainrialta (jaywalker) le fáil i measc na Seapánach; géilleann gach aon duine

    do na rialacha agus tá siad an-mhúinte lena chéile agus le heachtrannaigh. Má chuireann tú fios an bhealaigh go dtí áit éigin ar Sheapánach bíonn sé i gcónaí ag iarraidh tú a thionlacan (accompany) ansin, fiú má bhíonn sé díreach tar éis teacht ón áit. Ina theannta sin, tá Tóiceo ar

    cheann de na cathracha is glaine in aon áit. Tá na sráideanna gan smál. Cé gur cathair nua-aimseartha ardteicneolaíochta í Tóiceo tá rian den traidisiúnachas Seapánach le feiceáil inti fós – teampaill, scrínte, tithe tae agus féilte. Feictear an cimeonó (kimono) sna sráideanna uaireanta (ar fhir agus ar mhná) ach níl sé chomh coitianta sa chathair agus atá sé i Kyoto nó faoin tuath.

    Tá pobal mór le cothú i dTóiceo agus mar sin tá líon an-mhór bialanna ann ó ghnólachtaí bídeacha cúlsráide inar féidir leat babhla (bowl) mór de núdail ramen blasta a fháil ar €6/€7 go bialanna “kaiseki” (ard-chócaireacht/haute cuisine), bia beadaí (gourmet) Seapánach, ina mbeifeá ag íoc €150-€200 nó níos mó ar dhinnéar. Tá sé riachtanach bheith in ann cipíní itheacháin (chopsticks) a úsáid. De ghnáth, is cathair dhaor í Tóiceo, go háirithe agus tú ag siopadóireacht i gceantar cosúil le Ginza (cosúil le Sráid Grafton i mBÁC, ach amháin go bhfuil sé i bhfad níos mó), ach má bhíonn tú cúramach éireoidh níos fearr leat.

    Cosúil le Kyoto tá córas iompair poiblí leitheadach (widespread) ag Tóiceo. Agus é sin ráite tá i bhfad níos mó línte agus crosairí ag meitreo Tóiceo ná ag ceann Kyoto. Is crá croí ceart do bhealach a dhéanamh thart air i dtús sula dtéann tú i dtaithí air; is smaoineamh maith é léarscáil mheitreo a iompar leat i gcónaí. Moladh eile dom don chuairteoir ná “Pasmo” a cheannach. Is cárta cliste in-athluchtaithe éadadhaill (rechargeable contactless smart card) é seo agus má bhíonn sé agat ní gá duit dul i scuaine chun ticéid a cheannach ar gach turas.

    Tá Ryogoku Kokugikan (Halla na Súmó Ryogoku), lonnaithe i Sumida, ceann den 23 bharda cathrach. Ciallaíonn “kokugi” “spórt náisiúnta”. Eagraítear trí ilchomórtais (big tournaments) mór súmó gach bliain sa láthair seo, i mí Eanáir (Hatsu honbasho, ilchomórtas na Bliana Nua), i mí na Bealtaine (Hatsu, Samhradh), agus i mí Mheán Fómhair (Aki, Fómhar). Is é Súmó spórt náisiúnta na Seapáine. Tá sé ar siúl le dhá mhíle bliain nó níos mó, cé nach bhfuil tóir air mar spórt féachana (spectator sport) ach ó thimpeall ceithre chead bliain ó shin. Tá sé líon lán (steeped) den traidisiún agus de dheasghnátha agus tá dlúthchaidreamh aige leis an reiligiún Sinteochas. Is deacair do dhuine ticéid a fháil don chomórtas. Chuir mé isteach le haghaidh mo cheannsa míonna roimh ré. Go minic éiríonn na Seapánaigh, idir fhír agus mhná, idir óg agus aosta, an-sceidealach (excited) ag comórtais súmó, iad ag scairteadh ar son an iomrascálaí (wrestler) is ansa (favourite) leo; ach, ag an am céanna, tá dea-chaidreamh eatarthu uile. Sa grhianghraf tá Harumafuji (yokozuna - an chéim is airde sa spórt súmó) ag déanamh a dheasghnáth roimh thosú an troid. Tugtar tsuna ar an téad bhán atá á caitheamh aige.

  • L E A T H A N A C H 6 I M L E A B H A R 4, E A G R ÁN 3

    A N T A O B H Ó T H U A I D H [email protected]

    Tá na laethanta ag dul i bhfaide agus an aimsir ag dul i bhfeabhas, diaidh ar ndiaidh. Ní garraíodóir (gardener) mé. Bím ag freastal ar an iomarca maidineacha caife agus ciorcail chomhrá agus ag obair ar an iris seo agus níl an t-am agam obair a dhéanamh sa ghairdín. Sin an leithscéal atá agam do mo leisciúlacht ar aon nós! Bhí mé sona sásta i rith an gheimhridh toisc nach raibh an féar sa ghairdín ag fás. Ach le teacht an Mhárta tháinig borradh san fhás agus ceann de na comharthaí inléite (tell-tale signs) de seo ná go raibh mo ghairdín breactha (dotted) le caisearbháin (Taraxacum officinale, dandelions). Tá na bláthanna

    buí seo ag fógairt do mo chomharsana cé chomh leisciúil is atá mé!

    Tagann “officinalis” ó “officina”, focal do “saotharlann” nó “cógaslann”. Tugadh “dent de lion” (fiacail leoin) ar na duilleoga fiaclach i bhFhraincis agus is ó seo a thagann ainmneacha an phlanda i mBreatnais (dant-y-llew), i mBéarla (dandelion), sa Ghearmáinis (Löwenzahn) agus sa Spáinnis (diente de león). Tagann na hainmneacha (“bláth na hime”) i bhFionlainnis agus san Eastóinis ó dhath na mbláthanna. Tugtar “piene” (báinneach/milky) air sa Liotuáinis ó dhath an sú (sap) a thagann as an gas (stem) nuair a ghearrtar í. B’fhéidir go dtagann an t-ainm i nGaeilge ón mblas (“searbh”) agus ó dhath an sú (“bán”). An bhfuil eolas ag aon duine faoi seo?Tugtar “bainne cíche na n-éan” nó “bainne clog” ar an sú agus gathán gabhainn ar an cheann nó an clog nuair a bhíon sé bán agus lán le síolta.

    Deirtear gur tháinig an caisearbhán ar an saol san Eoráise 30 milliún bliain ó shin - fad saoil cinnte! Bhaintí feidhm as mar bhia agus mar lus (herb) leis na mílte bliain anuas. Tá tagairtí dó ag na hÉigiptigh, ag na Rómhánaigh agus ag na Sínigh. Deirtear gur tógadh é go Meiriceá ar bord na loinge Mayflower d’aon ghnó (intentionally) mar lus leighis (medicinal herb).

    Is féidir duilleoga an chaisearbháin a ithe. De ghnáth bíonn siad níos blasta má bhíonn siad bánaithe (blanched) nó sótáilte (sautéed) i dtús. Itear iad mar chuid de shailéad (salad). Baintear feidhm as na peitil (petals), in éineacht le citreas (citrus) agus le comhábhair (ingredients) eile chun fíon caisearbháin a dhéanamh. Baintear feidhm as na bláthanna freisin (sa Pholainn) chun subh a dhéanamh nó mar shíoróip mheala ionaid (honey substitute syrup - “mil na Bealtaine”). Baineadh feidhm as na fréamhacha (roots) chun “caife caisearbháin/caife ionaid (coffee substitute)” a dhéanamh le linn Chogadh Domhanda II (dúirt duine liom go raibh an “caife” seo le fáil in Éirinn aimsir na hÉigeandála). Tá sé i leann gealbhuí (Saison - pale ale) ar a dtugtar Pissenlit (ainm Francaise an chaisearbháin -“fliuch an leaba”). Tá na vitimíní A, C agus K iontu agus tá cailciam, potaisiam, agus mangainéis iontu freisin, níos mó cailciam agus iarann ná mar atá i spionáiste (spinach). Bhaintí feidhm as an gcaisearbhán i gcomhair fadhbanna domlais (bile) agus ae (liver), mar phurgóid (laxative), chun an ghoile a mhéadú agus an díleá (digestion) a fheabhsú agus mar fualbhrostach (diuretic). Deirtear go bhfuil laitéis bhainniúil (milky latex) an phlanda go maith mar chóir leighis (treatment) in aghaidh faithní (warts) agus mar éarthach mhuiscíte (mosquito repellent).

    Tálann (secretes) an caisearbhán laitéis (latex) agus tá saothróg (cultivar) speisialta forbartha (developed) ag eolaithe sa Ghearmáin atá oiriúnach, deirtear, do tháirgeadh (production) tráchtála rubar nádúrtha (natural rubber). Sna blianta romhainn beidh siad ag déanamh trialacha le gluaisteáin le boinn ina bhfuil rubar caisearbháin ar na bóithre poiblí.

    AN CAISEARBHÁN Pádraig Mac Éil

  • L E A T H A N A C H 7

    A N T A O B H Ó T H U A I D H [email protected]

    I M L E A B H A R 4, E A G R ÁN 3

    Aoine an Chéasta 2017

    Tá an lá folamh An domhan ag rothlú

    Ar a dhroim

    Chuile rud amuigh Níos ciúine Ná ba chóir.

    Níl na héin Ag casadh fiú

    Nóta ceoil.

    Tá an crann suite Beagnach díreach

    Trí bhearna sna cuirtíní.

    Níl madra ag tafann Ná duine ag caint

    Ná carr ag gluaiseacht.

    Tá imeachtaí ar siúl In áiteanna eile I bhfad uaim

    Ach tá orm fanacht Ag bun an chrainn

    Suite i stair.

    Na Clocha Liatha, Co Chill Mhantáin, Déardaoin, an tSeactain Naofa.

    Mar mhílte éin, An ghrian ag déanamh An fharraige lonrach

    Lapadaíl an uisce Isteach is amach Bhéal chrogaill

    Mar charraig san fharraige, Ar tí snámh isteach

    Ón trá go dtí’n mhuir.

    Ballaí clocha neamhrialta Ag deighilt cosán Ón trá álainn seo

    Sna Clocha Liatha Maidin seachtaine naofa

    Ciúnas roimh bhás

    Is bás roimh aiséirí Nuair a bhéas slua anseo Ag fáiltiú roimh Lá na Cásca.

    Aibreán 2017

    Suím cois farraige Chomh síochánta Maidin Dé Máirt

    In Aibreán

    Ag smaoineamh ar theacht na Cásca Is an eachtra Is mó a tharla

    Don duine daonna

    Mac Dé ag teacht don domhan Is ag fáil bháis

    Dúinne, peacaigh bochta, Ar an gcros

    Cruinneoimid anseo Domhnach Cásca Le buíochas a thabhairt

    Cois farraige D’Íosa ár Slánaitheoir.

    TRÍ DHÁN UM CHÁISC Rita Ní Ghóilín

  • L E A T H A N A C H 8

    A N T A O B H Ó T H U A I D H [email protected]

    I M L E A B H A R 4, E A G R ÁN 3 CAISLEÁN SORD CHOLMCILLE An Br Dan Healy

    Timpeall na bliana 1200 thóg Ardeaspag Átha Cliath, John Comyn, Normannach agus comharba Naomh Lorcán Ó Tuathail, áit chónaithe dó féin, ar a dtugtar anois Caisleán Shord Cholmcille. Cén fáth go dtógfadh deisceabal Íosa, nach raibh áit aige a cheann a leagan, áit chomh galánta dó féin? Bhuel, b’ionad riaracháin é an caisleán freisin mar ag an am sin chomhlíonadh an Eaglais an-chuid de na dualgais a chomhlíonann an Stát nó an Chomhairle Contae san am atá anois ann, rud nach ndeachaigh chun shochair na hEaglaise toisc an claonadh chun na sainte agus na saoltachta. Ar aon nós is séadchomhartha náisiúnta é Caisleán Shord Colmcille anois agus maítear nach bhfuil sampla níos fearr de Phálás Ardeaspaig le feiceáil in Éirinn. Cheannaigh an t-údarás poiblí an caisleán sa bhliain 1976. Ba le muintir Cobbe é, teaghlach ar leo Newbridge House freisin. Tá sé oscailte don phobal anois, a bhuíochas sin don tsárobair atá déanta ann le beagnach 40 bliain anuas. Deisíodh na ballaí mórthimpeall i dtús báire agus díreach ina dhiaidh sin Túr an Chonstábla – an fear a bhíodh i bhfeighil cúrsaí nuair a bhíodh an tArdeaspag as láthair. Ba ghá díon úrnua a chur ar an Túr. Tógadh é uair éigin i dara leath an cúigiú haois déag. Toisc míshuaimhneas polaitiúil timpeall an ama sin ba ghá ballaí agus túr chun an tArdeaspag agus an riarachán i gcoitinne a chosaint. É sin ráite, ní daingean a d’fhéadfadh seasamh i gcoinne ionsaí míleata nó i gcoinne léigir a bhí ann riamh ach áit chónaithe agus lárionad riaracháin. Bhí an séipéal an-fhairsing, fiú amháin ó thaobh séipéal ardeaspaig de. Tá athchóiriú iomlán déanta air: díon nua, leacáin cosúil leis na cinn a fuarthas le linn na tochailte, fuinneoga nua, srl .

    Níl rúndiamhra go léir an chaisleáin nochta go fóill. Leanann an tochailt agus táthar ag teacht fós ar iarsmaí an tsaoil a bhí ann fadó. Tá súil agam go mbeidh meas ag muintir Shord Cholmcille agus ag iliomad turasóirí ar an tseoid seo a fuasclaíodh ó droch-shíon ár dtíre . Ceist: An mbeadh an caisleán oiriúnach dídeanaithe a lonnú ann? Rinneadh sin sa bhliain 1583. Protastúnaigh a theith ón ngéarleanúint san Ísiltír a bhi i gceist an t-am sin.

  • L E A T H A N A C H 9

    [email protected] A N T A O B H Ó T H U A I D H

    I M L E A B H A R 4, E A G R ÁN 3 AN TIGÍN BÁN Séamas Ó Murchú

    AN BHUAFCHLOCH Pádraig Mac Éil

    Ar shleasa Bhinn Éadair atá an tigín seo, i.e. ar bharr an chúrsa gailf. Is féidir é a fheiceáil ó Bhóthar an Chósta. Tá eolas maith ag siúlóirí air, mar téann siad thairis agus iad ag dul trasna na faiche. Murach é ní dócha go mbeadh cead siúil tríd an bhfaiche ghailf in aon chor.

    Níl sa tigín bán anois ach stóras ag an gClub Gailf. Ach tógadh ar dtús é, timpeall 1890, mar theach cónaithe do gharraíodóir an Chaisleáin. Ní raibh aon chúrsa gailf ann an uair sin, ar ndóigh. Is deacair a thuiscint cad ina thaobh gur tógadh é in áit chomh hiargúlta sin i bhfad ón mbóthar agus ó thithe eile.

    Liam Harford ab ainm don gharraíodóir an tráth úd. Bhí sé pósta le Máire de Faoite. Bhí triúr clainne acu, Molly, Freddy agus Fanny. Phós Molly fear de mhuintir Mhic Lochlainn sa sráidbhaile. D’imigh Freddy go Sasana. Phós Fanny fear de mhuintir Chuanaigh, Joe, agus tháinig seisean chun cónaí sa tigín.

    Aon pháiste amháin a bhí ag Fanny agus Joe, Bernie, a rugadh i 1931. Bhí Fanny gníomhach i nGluaiseacht na Gaeilge agus labhair sí Gaeilge le Bernie nuair a bhí sí beag. Fuair Joe bás go hóg i 1942. An bhliain chéanna sin fuair máthair Fanny bás, agus bhí uirthi féin agus Bernie imeacht as an tigín. Fuaireadar áit chónaithe sa sráidbhaile.

    Phós Bernie fear de mhuintir Nestorn i mBinn Éadair. Tamall roimh a báis i 1999 scríobh sí cuntas ar a muintir agus ar a hóige féin. D’fhoilsigh Cumann Seanchais Bhinn Éadair é faoin teideal “Murdock, The story of a Howth Cottage (2015).” Leabhar beag is ea é. Tá cur síos ann ar shaol atá imithe go deo.

    Nóta: Murdock Cottage a thugadh muintir na háite ar an tigín bán. Toisc é a bheith cóngarach do Murdock Rock (Carraig Madóg?)

    Má bhíonn tú ag baint feidhm as na foclóirí go minic tagann tú ar fhocail nua agus sean. Tháinig mé ar cheann le déanaí, “buafchloch”. Bhí na focail “buaf” (toad) agus “cloch” (stone) agam cheana ach bhí orm taighde a dhéanamh faoi “toadstone”. Cérbh í in aon chorr? Is mór an chabhair duit an t-idirlíon a bheith in aice do lámh. Seoid mhiotasach (mythical) a bhí sa bhuafchloch agus de réir an tseanchais fuarthas í i gceann na buaife! Tá faireoga nimhneacha (poisonous glands) i gcraiceann na buaife agus cheap daoine go raibh an fhrithnimh (antidote) aici freisin mar chloch draíochta istigh san ainmhí beag. B’í fírinne an scéil ná gur fiacla iontaisithe (fossilized) d’éisc ón Tréimhse Iúrasach (Jurassic) agus ón Tréimhse Chailceach (Cretaceous) iad. Chuir na seodóirí na buafchlocha i bhfáinní agus i mbriochtaí (amulets) agus ceannaíodh iad seo idir an 13ú agus an 18ú hAois chun cosaint a thabhairt i gcoinne nimhe (agus i gcoinne titimis/epilepsy freisin). Bhí siad i mbarr a gcumhachta, de réir na “saineolaithe” at aon nós, nuair a bhí siad i dteagmháil leis an gcraiceann, áit ar théigh siad, ar chur siad allas (perspired) agus ar athraigh siad a dhath. An gceapann tú go mbeadh margadh do buafchlocha sa lá atá inniu ann?

  • L E A T H A N A C H 1 0

    CROSFHOCAL BÉARLA-GAEILGE XBG-27

    CUARDACH FOCAL 27

    báid/longa 1 / boats/ships 1

    SÍOS TRASNA

    A N T A O B H Ó T H U A I D H [email protected]

    I M L E A B H A R 4, E A G R ÁN 3

    1 wedding-feast (6)

    5 dirty (6) 9 nephew (3) 11 tormented (7)

    13 strap (4)

    14 fiddle (5) 16 bread (4) 18 sixth (3) 20 dog (6) 22 desires (6) 24 command (7)

    25 six (2)

    27 calf (3)

    31 the (2) 32 foam (3) 34 yesterday (4) 36 hammer (5) 37 stain (4) 40 plucked (7) 41 malevolence (7)

    43 wonderful (7) 44 corporation (6)

    42 hard (3)

    12 hurler (7)

    28 inspector (6)

    2 of yore (7) 3 expression (4)

    4 snuff (6)

    5 definition (6) 6 hand (4) 7 crank (7) 8 crag (6) 10 network (6) 15 manufacture (7) 17 soccer (5)

    19 vomit (5) 21 freze (3) 22 son (3) 23 bush (3) 25 drop (5) 26 bird (3) 29 excess (7) 30 scientist (5) 32 twist (6)

    33 rhubarb (6)

    35 washes (5)

    38 arch (4)

    39 separate (4)

    báidín (dingy)

    galtán (steamship)

    báirse (barge)

    gandala (gondola)

    clipéar (clipper)

    lastlong (freighter)

    curach (currach)

    luasbhád (speedboat)

    dreidire (dredger)

    scriostóir (destroyer)

    duillárthach (hydrofoil)

    trálaer (trawler)

    eathar (ferry)

    tríréim (trireme)

    faeiléar (whaler)

    tuga (tug)

  • L E A T H A N A C H 1 1

    A N T A O B H Ó T H U A I D H [email protected]

    CROSFHOCAL BG XBG-26: RÉITEACH CUARDACH FOCAL 26: RÉITEACH

    SEANFHOCAL Níl cuimhne ar arán a itheadh inné

    Eaten bread is soon forgotten

    I M L E A B H A R 4, E A G R ÁN 3

    FÁILTE DON TETRAPÓD Derick Moicléir Cuairt a thugas ar Oileán Dairbhre chonacas coischéimeanna ainmhí greanta go domhain sa charraig ar imeall na mara. Baineann na coiscéimeanna sin le créatúr a dtugann na heolaithe “tetrapod” air. Deirtear gurbh é sin an chéad ainmhí a d’fhág an mhuir na mílte míle bliain ó shin chun chónaí ar an tír. Más fíor nó bréagach an méid sin, seo thíos an fháilte a chuireas roimh an ceannrodaí úd!

    FÁILTE DON TETRAPÓD

    Tháinig go faitíosach i dtír I bhfad roimh thús na staire An phéist ó thír na mbeo fo thuinn Ar phroto-oileán Dairbhre.

    Níor thuig an radharc a fuair sé ann Dob’ ait leis solas gréine “Na plandaí úd ag luascadh thall An bhagairt iad nó béile?” Ach chorraigh smaointe ina cheann Is las a phroto-shúil

    Dob’fhearr leis proto-dhul-ar-aghaidh Ná proto-dhul-ar-gcúl. Bhain sé an domhan nua amach Go cróga seas-an-fódach Ba shinsear é do laochra Gael An péistín tetrapódach!

  • L E A T H A N A C H 1 2

    A N T A O B H Ó T H U A I D H

    I M L E A B H A R 4, E A G R ÁN 3 AN “GOOCH” Antóin Ó Seaghdha

    [email protected]

    Mar is eol do gach duine sa domhan agus i gCorcaigh freisin, d’éirigh an peileadóir is fearr a bhí ag imirt caide riamh, as foireann Chiarraí cúpla mí ó shin. Bhí sé cosúil le bás sa teaghlach nuair a bhris an scéal amach. Tháinig díocas ceart ar na nuachtáin go léir (the newspapers

    moved into overdrive), iad ag scríobh faoi na scileanna a bhí ag an bhfear leis an ghruaig dhearg ó Chill Áirne, Colm Ó Cúipéir (Colm Cooper). Mar is gnáth, bhí duine nó beirt nár aontaigh leis na smaointe sin go léir, daoine cosúil le Joe Brolly ó Dhoire Cholm Cille. Anois, is maith liom Joe anois is arís ach i bpíosaí beaga. De ghnáth, nuair a bhíonn an bua ag foireann peile ón tuaisceart i gCluiche Ceannais na hÉireann, agus ní hé

    dhá nó trí huaire as a chéile ach uair amháin, tosaíonn siad ag scríobh leabhar faoi bhainisteoireacht agus ag dul ó áit go háit ag “múineadh” na contaetha eile an tslí cheart chun caid a imirt. Deirtear, má mholann peileadóir nó bainisteoir ón tuaisceart, “ba cheart damhsa cuaille (pole dancing) a dhéanamh mar cleachtadh don chaid’, tosaíonn na bainisteoirí sna contaetha eile ag smaoineamh,”b’fhéidir go bhfuil fiúntas (merit) sa tslí seo”. Buíochas le Dia, ní fhanann na smaointe sin rófhada. Cuimhnigh ar an gcosaint bhlaincéad (blanket defence). Ach ar ais don Gooch, chuala mé scéal greannmhar cúpla lá ó shin. Bhí foireann Chiarraí ag fanacht in óstán an oíche roimh Chluiche Cheannais na hÉireann, agus bhíodar ag ithe an dinnéir. Stéig tartare, prátaí, agus fáinní oinniúin a bhí ar an mbiachlár. Ach ní raibh Gooch ná Johnny Crowley (peileadóir iontach eile as Ciarraí) ag an mbéile. Bhí orthu bheith ag cruinniú faoi bheartaíocht (tactics) don chluiche. Ar aon nós, tar éis tamall fada, thángadar ar ais agus iad stiúgtha leis an ocras. Dúirt bainisteoir na foirne, Seán Ó Conchubhair (Jack O’Connor) le bainisteoir na cistine, go raibh an bheirt ann ansin agus réidh don dinnéar. Faraor, dúirt bainisteoir na cistine (fear as tír iasachta nach raibh aithne aige ar aon pheileadóir as Ciarraí) go raibh

    an chistin dúnta ansin agus nach raibh le fáil ach sceallóga agus bapa (chips and a bap). Is beag nár dheachaigh Jack as a mheabhair, dúirt sé le fear na cistine, “níl mé a rá le Johnny Crowley agus an Gooch nach bhfuil ach sceallóga agus bapa le fáil dá ndinnéar. Beidh ort rud níos fearr a dhéanamh dóibh”. Bhí fear na cistine ag machnamh ar an staid agus sa deireadh, dúirt sé le Jack, “déanfaidh mé mo dhícheall rud a ullmhú don Uasal Johnny, ach is é polasaí an óstáin gan bia a thabhairt do pheataí (I will do my best to get something cooked for Mr. Johnny, but it is hotel policy not to feed pets)”. Nuair a chuala an cócaire (chef) na focail “The Gooch”, cheap sé go raibh Jack O’Connor ag déanamh tagairt do (referring to) pheata madra!