An tIonad Forbartha Gairmeacha - NUI Galway...bairtí is déanaí a tharla ann a aimsiú sna meáin,...

20
Ionad Measunaithe An Dara Babhta AgallOireachta Ceisteanna Coitianta scileanna agaillaimh agallaimh ar an teileafon An tIonad Forbartha Gairmeacha CEISTEANNA CASTA InniUlacht-Bhunaithe

Transcript of An tIonad Forbartha Gairmeacha - NUI Galway...bairtí is déanaí a tharla ann a aimsiú sna meáin,...

Page 1: An tIonad Forbartha Gairmeacha - NUI Galway...bairtí is déanaí a tharla ann a aimsiú sna meáin, mar shampla fógraí poist nó táirgí nua. ... cheart éadaí glana preasáilte

1

Ionad Measunaithe

An Dara Babhta AgallOireachta

Ceisteanna Coitianta

scileannaagaillaimh

agallaimh ar

an teileafon

An tIonadForbarthaGairmeacha

CEISTEANNA CASTA

InniUlacht-Bhunaithe

Page 2: An tIonad Forbartha Gairmeacha - NUI Galway...bairtí is déanaí a tharla ann a aimsiú sna meáin, mar shampla fógraí poist nó táirgí nua. ... cheart éadaí glana preasáilte

2

SCILEANNA AGALLAIMH

Comhfhiontar idir an tIonad Forbartha Gairmeacha in OE Gaillimh agus Rannog an Chomharoideachais agus na nGairmeacha Beatha in Ollscoil Luimnigh ab ea an leabhran seo

Seirbhísí do Mhic Léinn

Page 3: An tIonad Forbartha Gairmeacha - NUI Galway...bairtí is déanaí a tharla ann a aimsiú sna meáin, mar shampla fógraí poist nó táirgí nua. ... cheart éadaí glana preasáilte

3

Ta na treoirlinte seo i gcomhair agallaimhbunaithe ar thaithi na foirne san Ionad Forbartha Gairmeacha in OE Gaillimh agus i Rannog an Chomharoideachais agus na nGairmeacha Beatha in Ollscoil Luimnigh, mar aon le taithi na bhfostoiri

agus na mac leinn le linn agallaimh.

Breathnófar sa leabhrán seo ar na cásanna is coitianta a thagann chun cinn le linn agallaimh earcaíochta céimithe agus cuirfear comhairle ort maidir le conas ullmhú don agallamh agus conas do dhícheall a dhéanamh le linn an agallaimh.

Déan cinnte de go ndéanfaidh tú coinne leis an Ionad Forbartha Gairmeacha/Rannóg na nGairmeacha a luaithe agus a bheas cuireadh faighte agat chun agallaimh, lena chinntiú go mbeidh tú chomh hullmhaithe agus is féidir don agallamh.

Adh mor ort!Foireann an Ionaid Forbartha Gairmeacha OÉ Gaillimh/ Rannóg an Chomharoideachais agus na nGairmeacha Beatha, Ollscoil Luimnigh

CEard atA sa treoir seo?Ag ullmhu don agallamh.............

Cinealacha Agallaimh...............

Ag deanamh machnaimh ar na Ceisteanna...................

Ceisteanna a chuirtear de ghnath le linn agallaimh..................

Ceisteanna Inniulacht-bhunaithe....

Ceisteanna Casta...................

Casanna Casta le linn Agallaimh....

Ceisteanna le Cur, Ceisteanna le Seachaint, Ag Cur Deireadh leis an Agallamh, Achoimre...........................

lch1

lch3

lch9

lch10

lch11

lch13

lch14

lch15

Page 4: An tIonad Forbartha Gairmeacha - NUI Galway...bairtí is déanaí a tharla ann a aimsiú sna meáin, mar shampla fógraí poist nó táirgí nua. ... cheart éadaí glana preasáilte

1

Ag ullmhU don Agallamh

Dean taighde ar an gCuideachta

Bíodh gach eolas faoin gcuideachta ar eolas agat roimh an agallamh. Ní leor súil a chaitheamh ar láithreán gréasáin an chuideachta, déan iarracht eolas maidir leis na for-bairtí is déanaí a tharla ann a aimsiú sna meáin, mar shampla fógraí poist nó táirgí nua. Léireoidh sé seo go bhfuil do chuid taighde déanta go maith agat agus beidh ábhar agat a chuirfidh ar do chumas ceisteanna a chur faoin gcuideachta le linn an agallaimh. Nuair a thiocfaidh an glaoch gutháin nó an litir ag tabhairt cuireadh duit chun agallaimh, fiafraigh cé leis a mbeidh tú ag bualadh. Déan cinnte de go scríobhfaidh tú síos an t-eolas seo agus cuardaigh eolas faoi na hagallóirí ar LinkedIn; d’fhéadfadh an t-eolas seo faoina gcuid cúlraí barúil a thabhairt duit faoi na ceisteanna a d’fhéadfaidís a chur ort. Má tá aithne agat ar dhuine éigin atá ag obair leis an gcuideachta ba cheart teag-mháil a dhéanamh leo agus cúpla ceist a chur orthu faoin ról agus faoin gcuideachta; d’fhéadfadh an t-eolas seo a bheith fíorúsáideach agus ina bhuntáiste ag an agallamh.

Gneithe Praiticiula a bhaineann le hAgallaimh

Déan cinnte de go bhfuil a fhios agat cá bhfuil do thriall agus tabhair neart ama duit féin. Más féidir é, téigh chomh fada le hionad an agallaimh an tráthnóna roimh ré ionas go mbeidh tú cinnte go bhfuil eolas na slí agat. Má théann tú amú agus tú ar do bhealach chun agallaimh cuirfidh sé as duit agus d’fhéadfadh drochthionchar a bheith aige ort le linn an agallaimh. Bíodh ainm agus uimhir theagmhála an té lena mbeidh tú ag bualadh ar iompar agat. Bí ann in am agus iarr labhairt leis an té lena mbeidh tú ag bualadh. Cuimhnigh go bhféadfadh go leor agallaimh a bheith ar siúl ar an lá mar

Is minic a mbionn drogall ar dhaoine roimh agallaimh. Is e an bealach is fearr chun agallamh rathuil a chinntiu na a bheith ullmhaithe go maith roimh re agus teagmhail a dheanamh le hIonad na nGairmeacha chun breagagallamh a shocru agus aiseo-las a fhail ar na freagrai ata ullmhaithe agat. Ma fhaigheann tu cuireadh chun agallaimh bi dearfach; leirigh do CV don fhostoir go bhfuil ar do chumas tabhairt faoin bpost agus beidh deis anois agat sin a dheimhniu ach agallamh maith a dheanamh. Biodh sareolas agat ar an meid a chuir tu sa CV no ar an bhfoirm iarratais. D’fheadfai ceist a chur ort faoi aon eolas a thug tu i d’iarratas le linn an agal-laimh mar sin ni mor duit a bheith airdeallach faoi seo agus tu ag fail faoi reir. Dean cinnte de nach mbearfar amach ort de bharr ceist a bhaineann le heolas a thug tu i do CV.

Page 5: An tIonad Forbartha Gairmeacha - NUI Galway...bairtí is déanaí a tharla ann a aimsiú sna meáin, mar shampla fógraí poist nó táirgí nua. ... cheart éadaí glana preasáilte

2

sin tá sé tábhachtach fios a bheith agat cé leis/léi a mbeidh tú ag bualadh chun aon éiginnteacht a sheachaint. Seachain an mbeadh tú deireanach don agallamh, ach i gcás éigeandála, cuir glaoch ar an té lena mbeidh tú ag bualadh roimh ré agus inis dó/di go mb’fhéidir go mbeadh tú deireanach.

Conas Gleasadh i gcomhair Agallaimh Níl aon riail dhocht dhaingean ann maidir le conas gléasadh i gcomhair agallaimh. Ba cheart éadaí glana preasáilte a chaitheamh, áfach. Braithfidh sé ar an gcuideachta a bheidh go do chur faoi agallamh chomh maith, mar shampla más agallamh le cuideachta a chuireann seirbhísí gairmiúla ar fáil atá i gceist, fearacht gnólacht dlí nó cuntasaíochta, is iondúil gur cultacha a chaitheann na fostaithe agus bheifí ag súil dá réir go mbeifeá gléasta go foirmiúil don agallamh. Níl an gnás feistis seo i bhfeidhm ag cuideachtaí eile agus dhéanfadh éadaí níos neamhfhoirmiúla cúis sa chás seo. Má tá aon amhras ort maidir le conas gléasadh b’fhearr gléasadh go néata. Níl tú ag iarraidh a bheith ró-neamhfhoirmiúil mar teastaíonn uait dul i gcion ar an bhfostóir agus a léiriú go bhfuil tú i ndáiríre faoin bpróiseas agus go bhfuil an-suim agat sa chuideachta agus sa ról. Cur in Aithne, Neirbhis & Comharthaiocht Choirp

Tabhair aird agus tú go do chur in aithne do na hagallóirí. Croith lámha leo agus abair a gcuid ainmneacha agus iad á gcur in aithne duit. Bíodh brí leis an gcroitheadh láimhe agus déan teagmháil súl le gach agallóir. Tá sé nádúrtha a bheith neirbhíseach ag tús an agallaimh ach má bhíonn tú ullmhaithe go maith níor cheart go gcuirfeadh sé seo as duit. Aimsigh bealaí chun dul i ngleic leis an neirbhís roimh ré, mar shampla cleachtaí análaithe agus scíthe. Suigh siar go maith sa chathaoir agus ná bíodh cathú ort a bheith ag plé le do chuid nótaí, le do chuid gruaige, spéaclaí etc. mar d’fhéadfadh sé seo cur isteach go mór ar na hagallóirí. Déan teagmháil súl leis na hagallóirí agus iad ag cur ceisteanna ort agus coinnigh a gcuid spéise trí do chuid freagraí a dhíriú ar bhaill uile an bhoird. Úsáid do chuid lámha chun béim a chur ar phointí ar leith agus bí cinnte gloine uisce a iarraidh ag tús an agallaimh ar fhaitíos go dteastódh deoch uait lena linn.

Cleachtadh, Cleachtadh, Cleachtadh

Cleacht do chuid freagraí os ard roimh an agallamh. Ba cheart smaoineamh ar thaifeadadh físe a dhéanamh ionas go mbeidh barúil agat faoin gcaoi a mbreathnaíonn agus a bhfuaimníonn tú.

CUIMHNIGH!

• 7% den chumarsáid a dhéanaimid is

iad na focail is tábhachtaí

• 38% den chumarsáid a dhéanaimid

is é an tuin chainte is tábhachtaí

• 55% den chumarsáid a dhéanaimid

is iad na geáitsí a bhíonn ar siúl

Page 6: An tIonad Forbartha Gairmeacha - NUI Galway...bairtí is déanaí a tharla ann a aimsiú sna meáin, mar shampla fógraí poist nó táirgí nua. ... cheart éadaí glana preasáilte

3

CINEALACHA AgallaimHBraitheann an cineal agallaimh ar an bpost ata fogartha, ar an staid ag a bhfuil an earcaiocht, agus ar an eagraiocht. Is ann d’fhormaidi ginearalta ann, afach, agus roinnt bunphrionsabal a chuideoidh

leat feidhmiu go maith i ngach cas.

Cuideoidh an mhír seo leat:• cineálacha éagsúla agallaimh a aithint• smaoineamh ar agallaimh a mbaineann feidhmeanna éagsúla leo agus a bhaineann le heagraíochtaí éagsúla• ullmhú i gcomhair cineálacha éagsúla agallaimh

Agallaimh Inniulacht-bhunaithe

• Uaireanta tugtar ‘Agallaimh Struchtúrtha’ nó ‘Agallaimh Iompraíochta’ ar Agallaimh Inniúlacht-bhunaithe. Bíonn na ceisteanna a chuirtear le linn na n-agallamh seo dírithe ar eolas a fháil maidir leis an gcaoi a dtiocfadh iarrthóir i ngleic le tascanna nó le cásanna ar leith. Glactar leis gur léiriú maith í an fheidhmíocht san am atá caite ar an bhfeidhmíocht sa todhchaí. Déan cinnte de béim a leagan ar na scileanna agus ar na hinniúlachtaí a bhfuil leas bainte agat astu agus déan cinnte de go mbaineann siad leis na príomh-inniúlachtaí a theastaíonn don phost, fearacht ceannaireacht, tionscnaíocht agus cumas feidhmiú go héifeachtach mar bhall d’fhoireann.

• Is iondúil go ndéantar iarrthóir a mheas de réir roinnt inniúlachtaí éagsúla, a luaitear go minic sa tsonraíocht poist nó ar láithreán gréasáin na cuideachta. Sampla amháin d’inniúlacht is ea “Cumas maith ag déileáil le daoine” Ceist choitianta a chuirtear is ea “Déan cur síos dom ar bhabhta arbh éigean duit smaointe a roinnt le grúpa daoine? Inis dom faoin gcur chuige a d’úsáid tú? Cén chaoi ar airigh tú ag an am agus cén toradh a bhí air?”

Breathnófar níos grinne ar na ceisteanna a chuirtear ag agallaimh inniúlacht-bhunaithe ar leathanach 11.

Page 7: An tIonad Forbartha Gairmeacha - NUI Galway...bairtí is déanaí a tharla ann a aimsiú sna meáin, mar shampla fógraí poist nó táirgí nua. ... cheart éadaí glana preasáilte

4

Agallaimh Phaineil

Uaireanta bíonn painéal measúnóirí i gceist ag agallaimh.

Is iondúil gur beirt a chuireann iarrthóirí faoi agallamh ach bíonn painéal i gceist in amanna. Beidh ort labhairt le, agus teagmháil súl a dhéanamh le, cúpla duine i gcás agallaimh painéil.

D’fhéadfadh agallamh painéil a bheith i gceist sna cásanna seo a leanas:• poist a bhaineann leis an earnáil phoibí, ar a n-áirítear oideachas agus rialtas áitiúil• poist le cuideachtaí gormshlise móra• ag ionad measúnaithe

D’fhéadfadh na daoine seo a leanas a bheith mar bhaill den phainéal:• cathaoirleach chun comhordú a dhéanamh ar an agallamh• an bainisteoir líne a bheas ag an té a cheapfar• comhalta sinsearach foirne eile de chuid na cuideachta nó na heagraíochta• duine de na comhghleacaithe a bheas ag an té a cheapfar• comhalta foirne de chuid rannóg na n-acmhainní daonna

Céard a bheas ar siúl acu?Is iondúil gurb é/í an cathaoirleach a chuirfidh fáilte romhat agus a chuirfidh in aithne do bhaill an phainéal thú, sula dtosóidh siad ag cur ceisteanna ort ina nduine agus ina nduine. Déan iarracht do fhreagra a dhíriú ar an té lena mbaineann sé nó leis an té a chuir an cheist ort. B’fhéidir go mbeidís ag tógáil nótaí le linn duit a bheith ag freagairt na gceisteanna, mar gach seans go mbeidh roinnt iarrthóirí le cur faoi agallamh acu. Go hiondúil, tugtar deis don iarrthóir ceisteanna a chur ag an deireadh. Tapaigh an deis seo le tuilleadh eolais a fháil faoin bpost agus faoin tairbhe a bhainfeadh leis duitse. Léireoidh do chuid ceisteanna go bhfuil suim agat sa phost.

Agallaimh ar an Teileafon

Tá níos mó fostóirí ag cur iarrthóir faoi agallamh ar an teileafón anois. Úsáidtear iad leis na hiarrthóirí a scagadh ag tús an phróisis agallóireachta agus le hiarratais nach bhfuiltear cinnte fúthu a fhiosrú.

Cén fáth a n-úsáidtear iad?Tugann siad deis d’fhostóirí iarrthóirí a roghnú don agallamh deiridh ar bheagán ama, costais agus stró. Is féidir líon níos mó iarrthóirí, ó cheantar níos leithne, a phróiseáil. Ní thógann siad chomh fada le hagallaimh phearsanta. Baineann earcóirí móra úsáid as gníomhaireachtaí nó comhlachtaí comhairleoireachta chun cúram a dhéanamh do na hagallaimh ar an teileafón, dá bhrí sin, tá baol ann nach mbeidh aon deis agat labhairt leis an bhfostóir ag an staid seo.

Page 8: An tIonad Forbartha Gairmeacha - NUI Galway...bairtí is déanaí a tharla ann a aimsiú sna meáin, mar shampla fógraí poist nó táirgí nua. ... cheart éadaí glana preasáilte

5

Cén uair a bheas siad ar siúl?D’fhéadfadh cuideachta:• am oiriúnach a shocrú leat roimh ré • glaoch gan aon fhógra• tú a chur faoi agallamh ar an teileafón ar an bpointe boise má chuir tú glaoch ag lorg eolais

Baineann an méid céanna ullmhúcháin le hagallamh ar an teileafón agus a bhaineann le gach agallamh eile. Inseoidh an t-agallóir a (h)ainm duit. Scríobh síos é seo agus bain úsáid as le teagmháil níos pearsanta a chothú. Níor cheart duit a gcéadainm a úsáid, áfach, mura ndeirtear leat sin a dhéanamh.

Ní fheicfidh tú gothaí gnúise ná comharthaíocht choirp an agallóra, ach bí ag éisteacht go grinn i gcomhair leideanna. Bíodh do chuid freagraí gonta agus ábhartha, mura lorgóidh an t-agallóir ort breis eolais. Is cumhachtaí freagraí gearra ná abairtí móra fadálacha. B’fhéidir go gcabhródh sé leat nótaí a ghlacadh, fad is nach gcuirfeadh sé as duit.

Má chuirtear ceist ort nach bhfuil éasca le freagairt, scríobh síos í agus abair os ard arís don agallóir í, ar mhaithe le soiléireacht a fháil. Tabharfaidh sé seo deis duit do chuid smaointe a chur in eagar go socair.

Léirigh do chuid spéise sa phost agus san fhostóir trí cheisteanna dea-chumtha a chur ag an deireadh, agus glac buíochas leis an agallóir as a c(h)uid ama.

Moltaí i gcomhair Agallaimh ar an Teileafón• Más féidir ar chor ar bith é, seachain agallaimh ar an teileafón gan fógra; abair nach bhfeileann an t-am duit agus socraigh am eile ionas go mbeidh deis agat fáil faoi réir don agallamh.• Déan cinnte go bhfuil do theachtaireacht glórphoist gairmiúil.• Bíodh an t-eolas ar fad a theastóidh uait os do chomhair amach nuair a thiocfaidh an glaoch. Coinnigh na sonraí a bhaineann leis na poist ar fad ar a ndearna tú iarratas, mar aon leis an obair thaighde a rinne tú, i bhfillteáin ar leith in aice láimhe.• Bíodh a fhios ag do chuid comrádaithe tí/do chlann/do pháirtí/do chuid gasúr go bhfuil tú ag súil le glaoch. Iarr orthu a bheith múinte agus teachtaireacht a thógáil mura bhfuil tú ar fáil.• Déan miongháire. Beidh tionchar aige ar do ghuth agus beidh cuma níos díograisí agus níos muiníní ort dá réir.• Seas Suas. Beidh tú níos airdeallaí agus níos dírithe.• Seachain rud ar bith a chuirfeadh ar mearaí thú. Ná bí ag breathnú ar ná ag spochadh le do ríomhaire.• Cas as an teilifís agus an raidió, agus ná bí ag caitheamh tobac ná ag ithe.

An Dara hAgallamh

Tabharfar na hiarrthóirí ar éirigh go maith leo sa chéad bhabhta, agus a bhfuil na scileanna agus na tréithe a theastaíonn don phost acu, ar ais i gcomhair an dara

Page 9: An tIonad Forbartha Gairmeacha - NUI Galway...bairtí is déanaí a tharla ann a aimsiú sna meáin, mar shampla fógraí poist nó táirgí nua. ... cheart éadaí glana preasáilte

6

hagallamh. Scaití, is ar an teileafón a dhéantar an dara hagallamh, ach is iondúil gur agallamh duine ar dhuine a bhíonn i gceist mar gurb é seo an t-agallamh deiridh agus go mbíonn sé níos foirmiúla.

Má éiríonn leat dul chomh fada leis an dara babhta agallóireachta, d’éirigh go maith leis an gcéad agallamh, agus beidh tú in ann cloí leis an gcur chuige céanna arís. Cuimhnigh arís ar an gcéad agallamh:• Cé na ceisteanna a fuair tú deacair?• An raibh tú lag in aon réimse ar leith? Má bhí, bí ullmhaithe do thuilleadh ceisteanna.• Cad iad na gnéithe agus na bealaí ar éirigh leat dul i gcion ar na hagallóirí? Ná bíodh leisce ort díriú ar na láidreachtaí sin arís.

D’fhéadfadh go raibh an chéad agallamh sách leathan, seans go mbeidh an dara ceann níos dírithe ar ghnó na heagraíochta. Beidh tú níos eolaí agus níos muiníní má bhreathnaíonn tú siar ar an taighde a rinne tú ar an bpost agus ar an gcuideachta.

Agallaimh Ghrupa

Sa chineál seo agallaimh, déanfar tú a mheas sna réimsí seo a leanas:• Na scileanna ceannaireachta atá agat• Na buanna atá agat feidhmiú mar bhall d’fhoireann• Do chumas cumarsáide• Do chumas tionchar a imirt ar dhaoine

Lean na treoracha seo maidir le conas ar féidir a chinntiú go n-éireoidh go maith leat agus go seasfaidh tú amach ag agallamh grúpa:• Bíodh cur in aithne gearr ullmhaithe agat. Go minic ag agallaimh ghrúpa, iarrfaidh an fostóir ar na hiarrthóirí ar fad iad féin a chur in aithne, ar mhaithe le gach duine a chur ar a gcompord. Tá an méid a bheas le rá agat tábhachtach agus is é a chinnteoidh go seasfaidh tú amach i measc na n-iarrthóirí eile.• Claon do cheann ó am go ham le linn don fhostóir a bheith ag caint. Léirigh go bhfuil scileanna maithe éisteachta agat agus go bhfuil ar do chumas eolas a phróiseáil go sciobtha. Is comhartha dea-bhéasa é do cheann a chlaonadh.• Bí ar an gcéad duine a labhróidh cúpla babhta. Ná bíodh leisce ort labhairt amach i dtosach agus an freagra is fearr a thabhairt ach fainic an nglacfá ceannas iomlán ar an gcomhrá. Beidh sé soiléir do chách má tá tú ag dul thar fóir i d’iarracht.• Ná cuir isteach ar iarrthóir eile agus iad i mbun cainte. Más ball de ghrúpa thú caithfidh tú cead cainte a thabhairt do dhaoine eile chomh maith. Bua tábhachtach é seo ag fostóirí agus iad ag meas do chumas feidhmiú mar bhall d’fhoireann. Má labhair tú amach cúpla uair cheana féin, tabhair deis chainte do dhaoine eile. Níl tú ag iarraidh go gceapfar go bhfuil tú ródhíocasach.• Glac buíochas le gach bainisteoir as a gcuid ama trí lámh a chroitheadh leo ag an gclabhsúr.

Ionaid Mheasunoireachta

Baineann fostóirí leas as bealaí éagsúla chun aithris a dhéanamh ar shuímh oibre ag ionaid mheasúnóireachta, agus iad ag meas oiriúnacht na n-iarrthóirí don ról. Tugann

Page 10: An tIonad Forbartha Gairmeacha - NUI Galway...bairtí is déanaí a tharla ann a aimsiú sna meáin, mar shampla fógraí poist nó táirgí nua. ... cheart éadaí glana preasáilte

7

siad léargas don chuideachta ar do chuid iompair faoi chúinsí déine. Uaireanta, baineann fostóirí úsáid as na tástálacha seo agus iad ag iarraidh cinneadh a dhéanamh faoin iarrthóir is oiriúnaí. D’fhéadfadh idir leathlá agus dhá lá a bheith i gceist leis an measúnóireacht. Is iondúil go mbíonn agallamh i gceist, mar aon le samhaltuithe poist, rólimirt, tástálacha nó obair ghrúpa, le go mbeidh barúil ag an bhfostóir conas mar a d’éireodh leat san eagraíocht. I gcás samhaltuithe poist, iarrtar ar an iarrthóir tabhairt faoi thascanna ar leith bunaithe ar na tascanna a bheadh i gceist leis an bpost.

Ina measc, tá:• Gníomhartha “In-tray”/”e-tray” (chun léargas a fháil ar do chumas tosaíochtaí a leagan síos)• cumas cur i láthair a dhéanamh ar fhógra deich nóiméad • díospóireacht ghrúpa ar ábhar ar leith (chun scileanna idirbheartaíochta a mheas)

Tugann gníomhartha “In-tray/e-tray exercises” léargas ar do chumas ábhar scríofa casta a thuiscint, mar aon le do chumas tascanna a chur in ord tosaíochta. D’fhéadfadh go dtabharfaí beart doiciméid nó ríomhphoist duit, cosúil leis an méid a bheadh i dtrádaire isteach an bhainisteora, agus go n-iarrfaí ort breathnú tríothu agus cinneadh a dhéanamh maidir lena bhfuil le déanamh leo agus ord tosaíochta a lua leo. D’fhéadfadh go mbeadh ort freagra ar litir a dhréachtú nó achoimre a thabhairt ar thuairisc. Déanann na gníomhartha seo na scileanna a bhaineann leis an bpost a thástáil; scileanna anailíse agus scileanna déanta cinntí, ach go háirithe. Ní thabharfar mórán ama do na hiarrthóirí le hiad a chur i gcrích.

D’fhéadfadh go n-iarrfaí ort cur i láthair a dhéanamh ar ábhar a bheas ullmhaithe roimh ré agat, nó óráid a thabhairt ar an toirt ar ábhar ar leith.

Déan iarracht:• Labhairt go soiléir agus go muiníneach • Cloígh leis an méid ama atá leagtha síos • Do chuid cainte a bheith struchtúrtha, le réamhrá agus conclúid• Teagmháil súl a bheith agat leis an té a bhfuil tú ag labhairt leis/léi • Nótaí a úsáid lena chinntiú nach n-imeoidh tú ón bpointe le linn an chur i láthair • Má thugtar an t-ábhar duit roimh ré, déan cinnte é a chleachtadh go minic agus aiseolas a fháil

Is iomaí cineál obair ghrúpa ann, b’fhéidir go mbeadh ort:• Plé a dhéanamh ar ábhar ginearálta, e.g. “Ba cheart go mbeadh ar mhic léinn táillí teagaisc a íoc”• Fadhb a bhaineann le cúrsaí oibre nó le cás-staidéar a phlé agus tátal ginearálta a bhaint as• Tasc a chur i gcrích, e.g. Tomhas a réiteach nó moladh a chur le chéile

Page 11: An tIonad Forbartha Gairmeacha - NUI Galway...bairtí is déanaí a tharla ann a aimsiú sna meáin, mar shampla fógraí poist nó táirgí nua. ... cheart éadaí glana preasáilte

8

Beidh an measúnóir ag faire ar an gcaoi a bhfeidhmíonn gach iarrthóir mar bhall de ghrúpa, agus ar an gcaoi a n-oibreoidh siad le chéile.

Smaoinigh ar na scileanna agus ar na tréithe pearsanta a bheas ag teastáil don phost. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh gur daoine teanntásacha agus ceannasacha a bheadh á lorg ag an measúnóir, ach níos minice ná a mhalairt, baineann tábhacht níos mó leis an obair ghrúpa, leis an gcomhoibriú agus leis an gcumas cluas éisteachta a thabhairt do dhaoine eile.

Agallaimh Fise Skype

Réamhphleanáil • Déan cinnte go bhfuil an t-ábhar ar fad (CV etc.) curtha ar fáil don earcóir roimh ré agat.• Bí ann in am ionas go mbeidh deis agat socrú síos roimh thús an agallaimh.• Iarr cúnamh mura bhfuil tú cinnte cén chaoi a n-oibríonn an trealamh. Fiú má cheapann tú go mbeidh tú in ann é a chur ag obair, ní dochar ar bith forléargas gairid a iarraidh.

I rith an Agallaimh Físe • Déan cinnte go bhfuil an bord glan agus néata. Níl tú ag iarraidh an t-agallóir a chur ar seachrán.• Má bhíonn aon torann sa seomra glacfaidh an micreafón leis. Ná bí ag bualadh do phinn faoin mbord ná ag útamáil le páipéir.• Breathnaigh díreach romhat ar an lionsa. Mura ndéanfaidh, is ar bharr do chinn a bheas an ceamara dírithe.• Úsáid an áis ‘Picture-in-Picture’ ionas go bhfeicfidh tú an radharc a fheicfidh an t-agallóir.

An Próiseas i gcás Agallamh Físe• Is ionann an próiseas agus agallamh duine ar dhuine. Is é an aidhm chéanna atá ag an agallóir (iarrthóirí a scagadh).• Is iad na cineálacha céanna ceisteanna a chuirfear ort. Bí réitithe le ceisteanna a chur.

Ní mór cuimhneamh go bhfuil an cineál seo agallaimh chomh tábhachtach céanna agus dá mbeifeá ag bualadh leis an agallóir ina (h)oifig.

Page 12: An tIonad Forbartha Gairmeacha - NUI Galway...bairtí is déanaí a tharla ann a aimsiú sna meáin, mar shampla fógraí poist nó táirgí nua. ... cheart éadaí glana preasáilte

9

Ag DEanamh Machnaimh ar na Ceisteanna

Breathnaigh go grinn ar an tsonraiocht poist no ar an bhfogra agus cuir line faoi na priomhinniulachtai agus na scileanna ata luaite leis an rol, ansin dean cinnte go bhfuil sampla diobh ar fad ullmhaithe agat a leireoidh do chuid oiriunachta don rol.

Cuirtear na ‘ceisteanna coitianta’ ceanna go minic le linn agallaimh ach bi cinnte de go gcuirfear an cheist seo, a chuirtear go mion minic ag tus agallaimh - “inis duinn fut fein” no “teigh tri do CV linn”. Agus tu ag ullmhu don cheist seo dean iarracht diriu ar an bpost ar a bhfuiltear ag deanamh iarratais i do fhreagra, is eard ata i gceist ag an agalloir i ndairire na “inis duinn fut fein i gcomhtheacs an roil seo”. Biodh do fhreagra abhartha; labhair faoi do chuid cailiochtai, do thaithi oibre agus na scileanna a leirionn do chuid oiriunachta don phost.

Bi soileir agus tu ag cur sios ar an udar adteastaionn uait post a fhail leis an gcuideachta

agus ar an meid ata le tairiscint agat doibh.

Page 13: An tIonad Forbartha Gairmeacha - NUI Galway...bairtí is déanaí a tharla ann a aimsiú sna meáin, mar shampla fógraí poist nó táirgí nua. ... cheart éadaí glana preasáilte

10

Ceisteanna a chuirtear de ghnAth le linn AgallaimH

Breathnaitear ar cheisteanna a chuirtear go mion minic ag agallaimh ar an leathanach seo. Ni liosta iomlan e ach tabharfaidh se baruil duit faoi na ceisteanna a d’fheadfai a chur ort le linn agallaimh. Biodh freagrai ullmhaithe agat do na ceisteanna seo roimh an agallamh.

Ceisteanna fút féin• Cén saghas duine thú?• Céard é an t-éacht is mó atá bainte amach agat go dtí seo?• Céard a dhéanann tú nuair a bhíonn am saor agat?• Cad iad na cuspóirí gairme fadtéarmacha atá agat?

Ceisteanna faoin bpost/réimse• Cén fáth a bhfuil suim agat i ngairm le ….?• Cé na gairmeacha eile ar smaoinigh tú orthu?• Céard iad na dúshláin is mó atá le sárú sa réimse seo faoi láthair?• Cén chaoi a gcoinníonn tú ar an eolas maidir leis na forbairtí atá ag tarlú sa réimse seo?

Ceisteanna faoin eagraíocht• Cén fáth a bhfuil suim agat post a fháil leis an eagraíocht seo?• Céard atá ar eolas agat faoin eagraíocht?• Céard a spreag thú le hiarratas a dhéanamh ar phost leis an eagraíocht seo?• Conas a seasann ár scéim oiliúna do chéimithe i gcomparáid le scéimeanna ár n-iomaitheoirí?

Ceisteanna faoi do chuid oideachais• Cén fáth ar roghnaigh tú do bhunchéim?• Cén chuid den bhunchéim ba dhúshlánaí?• Cé na gnéithe den bhunchéim is ábhartha don fholúntas seo?• An raibh deacracht ar leith agat le haon ábhair?• Cén chaoi ar thug tú faoi thionscadal bhliain na céime/do thráchtas?

Ceisteanna faoi do thaithí oibre• Cén leas a bhain tú as an taithí oibre/ intéirneacht/socrúchán/obair dheonach atá déanta agat go dtí seo?• Cé chomh hábhartha agus atá an taithí oibre don fholúntas seo?• Céard é an t-éacht is mó atá bainte amach agat san ionad oibre?• Inis dúinn faoin taithí is ábhartha atá faighte agat go dáta?• Cén chaoi ar chuir do thaithí oibre le do chuid feasachta ar chúrsaí gnó?

Page 14: An tIonad Forbartha Gairmeacha - NUI Galway...bairtí is déanaí a tharla ann a aimsiú sna meáin, mar shampla fógraí poist nó táirgí nua. ... cheart éadaí glana preasáilte

11

Ceisteanna InniUlacht-bhunaithe

Go hionduil, is eard a bhionn i gceist le ceisteanna inniulacht-bhunaithe na go n-iarrtar ort cur sios a dheanamh ar chas inar leirigh tu scil airithe no ar

riocht airithe ina raibh tu.

Samplaí:• Cén uair a d’úsáid tú do chuid scileanna cumarsáide chun tionchar a imirt ar iompar nó ar thuairimí daoine eile?• Déan cur síos ar chás inar oibrigh tú mar bhall d’fhoireann ar mhaithe le sprioc a bhaint amach. Cén bhaint a bhí agatsa le rath na foirne agus an dtabharfá faoi ar bhealach eile dá mbeifeá sa riocht céanna arís?• Déan cur síos ar an gcaoi a ndearna tú anailís ar cheist nó ar fhadhb chasta sular tháinig tú ar chinneadh. Cén chaoi a ndearna tú do chinneadh a mheas?• Cén uair a bhí ort aghaidh a thabhairt ar chás nach raibh súil agat leis nó ar tháinig athrú air? Cén chaoi a ndeachaigh tú i ngleic leis an éiginnteacht seo?

Cen chaoi a n-aithneoidh me ceist inniulacht-bhunaithe?

Is furasta na ceisteanna seo a aithint mar gur iondúil gur mar seo a chuirtear tús leo:• Déan cur síos dom ar chás inarbh éigean duit....• An féidir leat cur síos a dhéanamh ar uair nach raibh aon rogha agat ach....• Tabhair sampla dom de...

Agus tu ag freagairt ceisteanna inniulacht-bhunaithe dean iarracht:

• Sampla a bheith ullmhaithe agat.• Díriú ar do ról agus ar an méid a rinne tusa.• Bain úsáid as an tsamhail STAR (mínithe thíos) agus tú ag freagairt na gceisteanna.

An tSamhail STAR

Is creatlach áisiúil í an tsamhail STAR a chuideoidh leat agus ceisteanna inniúlacht-bhunaithe á bhfreagairt agat. Má leanann tú an tsamhail seo, cuideoidh sí leat struchtúr a chur ar do chuid freagraí, agus freagraí soiléire agus ábhartha a thabhairt.

• (S/T) – Suíomh nó Tasc (Situation or Task). Seo hé an réamhrá nó an t-eolas tosaigh. Déanann tú cur síos ar an eachtra sa chuid seo. Tá sé tábhachtach beocht a chur sa chur síos ar an eachtra. Cuidíonn uimhreacha sa chás seo le pictiúr soiléir

Page 15: An tIonad Forbartha Gairmeacha - NUI Galway...bairtí is déanaí a tharla ann a aimsiú sna meáin, mar shampla fógraí poist nó táirgí nua. ... cheart éadaí glana preasáilte

12

a thabhairt. Mar shampla - seachas “malartán gnóthach ag oifig fáilte” a lua, d’fhéadfá “ag aistriú breis is 50 glaoch gutháin san uair” a rá.

• (A) – Gníomhaíocht (Action). Seo hé an cur síos ar an méid a rinne tú, nó corp an scéil. Is anseo a thugann tú sonraí faoi na gníomhaíochtaí a rinne tú agus conas mar a d’iompair tú thú féin. Seachain ráitis uileghabhálacha agus déan cinnte de go dtabharfaidh tú oiread sonraí agus is féidir. botún is coitianta a dhéantar sa chuid seo ná leas a bhaint as “Muid” seachas “Mé” sa chur síos a dhéantar ar ghníomhaíochtaí. Laghdóidh sé seo an luach a bhaineann leis an ionchur a bhí agatsa.

• (R) – Torthaí (Results). Is anseo a dhéanfaidh tú cur síos ar an toradh a bhí ar an gcás. Leid úsáideach eile is ea béim a chur ar an méid a d’fhoghlaim tú ón eachtra/gcás ag an am agus ar na céimeanna atá déanta ó shin agat lena chinntiú nach dtarlóidh a leithéid arís, i gcás eachtra dhiúltach.

D’fhéadfadh an t-agallóir tuilleadh eolais a lorg nuair a bheas do fhreagra tugtha agat, trí cheisteanna mar seo a chur...

• Cén fáth ar lean tú an cur chuige sin?• Ar bhreathnú siar anois duit, an dtabharfá faoi ar bhealach eile?• An raibh tú ag streachailt sa chás sin?

Ná bíodh imní ort - is gnáthchuid den phróiseas a bhaineann leis an agallamh inniúlacht-bhunaithe é seo, ní hé go gciallaíonn sé nár fhreagair tú an cheist mar ba cheart. Leideanna a chuideoidh leat agus tu ag ullmhu i gcomhair Agallaimh Inniulacht-bhunaithe

• Bíodh tuiscint mhaith agat ar na hinniúlachtaí agus ar na rólanna atá riachtanach don ról.• Bíodh samplaí ullmhaithe agat maidir leis an gcaoi ar fhorbair tú na hinniúlachtaí seo, bí cruthaitheach i do chur chuige, agus tabhair samplaí a bhaineann leis an gcoláiste, le socrúchán, le hobair pháirtaimseartha, le hobair dheonach, nó leis na rólanna a bhí agat ar chlubanna agus ar chumainn.• Cleacht do chuid freagraí os ard agus tú ag baint leasa as an teicníc STAR.

bhunaithe

Page 16: An tIonad Forbartha Gairmeacha - NUI Galway...bairtí is déanaí a tharla ann a aimsiú sna meáin, mar shampla fógraí poist nó táirgí nua. ... cheart éadaí glana preasáilte

13

Féadfaidh tú coinne a dhéanamh le hIonad na nGairmeacha chun dul tríd ar bhonn trialach roimh an agallamh.• Léirigh do phearsantacht le linn an agallaimh.• Déan iarracht a bheith díograiseach agus muiníneach.

Ceisteanna CastaBeidh ceisteanna ann i gconai ab fhearr leat a sheachaint.Ullmhaigh freagrai do chupla ceann e.g. ga tabhairt faoi bhliain acaduil den dara huair no mura bhfuil aon taithi oibre abhartha curtha i gcrich agat. Na habair aon cheo diultach fut fein,

faoi iar-chomhghleacaithe, na faoi aon eagraiocht..

Ag brath ar do chúinsí pearsanta, d’fhéadfadh go mbeadh ort freagraí a ullmhú maidir leis na cásanna seo a leanas:• Bearnaí i do CV - e.g. míniú a thabhairt sa chás gur thóg tú bliain amach - b’fhéidir gur theastaigh cúnamh sa bhaile, go raibh tú ag taisteal, gur chúinsí pearsanta a bhí i gceist (ní gá sonraí a thabhairt sa chás seo). Déan iarracht a bheith dearfach agus tú ag déanamh cur síos ar an mbliain - céard a d’fhoghlaim tú le linn na tréimhse, b’fhéidir go raibh tú níos dírithe ar do chuid oibre nuair a d’fhill tú, etc.• Drochghráid i do chuid scrúduithe - e.g. b’fhéidir nach raibh oiread céanna spéise agat in ábhar amháin agus a bhí sna cinn eile (ná tabhair an fáth seo má bhaineann an t-ábhar sin leis an bpost atá fógartha!), thóg sé tamall socrú síos sa choláiste etc. Dírigh i gcónaí ar an méid a d’fhoghlaim tú uaidh, ar na gnéithe dearfacha a bhain le drochghrád a bhaint amach.

Ceisteanna faoi do chuid Laigí• Cuirtear an cheist seo go minic le linn agallaimh a bhaineann le hearcú céimithe, is é an bealach is fearr chun dul i ngleic léi ná sampla ceart a thabhairt agus díriú ar an méid atá déanta agat chun dul i ngleic leis an laige.• D’fhéadfadh go gcuirfí ceist dhíreach ort “céard iad do chuid laigí?” nó go gcuirfí an cheist chugat ar bhealach eile fearacht “cén rud is mó a thaitneodh leat a athrú fút féin?” nó “céard air a mbeadh ort díriú ionas go mbeadh ar do chumas tabhairt faoin ról seo go héifeachtach?”.• Seachain freagraí fearacht “Níl aon laigí agam” nó “Is duine foirfe mé” mar beidh an chuma air gur ag seachaint na ceiste atá tú.• Déan tástáil síciméadrach chun na réimsí a d’fhéadfaí a fhorbairt chun feabhais a aithint - ar fáil SAOR IN AISCE ó Ionad na nGairmeacha.

Ceisteanna ‘Randamacha’ nach mbeifí ag súil leoCuireann agallóirí áirithe ceist ‘randamach’ nó ait ar iarrthóirí le go bhfeicfidh siad cén chaoi a n-éireoidh leo agus iad faoi bhrú. Níl aon fhreagra ceart nó mícheart ar na ceisteanna seo; is ag déanamh tástála ar do phearsantacht atáthar. B’fhearr a bheith loighciúil agus tú ag freagairt na gceisteanna seo. Seo samplaí de na ceisteanna:• Dá mba briosca thú, cén saghas briosca a roghnófá?

Page 17: An tIonad Forbartha Gairmeacha - NUI Galway...bairtí is déanaí a tharla ann a aimsiú sna meáin, mar shampla fógraí poist nó táirgí nua. ... cheart éadaí glana preasáilte

14

• Céard a d’aimseoinn i do chuisneoir? • Dá mbeifeá ag eagrú cóisir dhinnéir agus rogha agat cuireadh a thabhairt do dhuine cáiliúil amháin, cé a roghnófá?

Roinnt leideanna maidir le conas deileail leis na ceisteanna gan choinne seo:

• Ná habair an chéad rud a ritheann leat, ní bheidh aon locht ort má chaitheann tú nóiméad ag cur do chuid smaointe i gceann a chéile.• Más ceist hipitéiseach í, ná bíodh leisce ort déileáil léi ar bhealach spraíúil mar gur bealach maith é seo le comhbhá a chothú leis an agallóir.• Déan staidéar, is duine a théann i ngleic le deacrachtaí ar bhealach loighciúil nó cruthaitheach atá uathu, mar sin déan teagmháil súl leo agus bí muiníneach agus tú ag freagairt na gceisteanna seo.• Ná bíodh cathú ort éirí as an iarracht má chuirtear ceist mar seo ort mar cé go mb’fhéidir go gceapfá nach bhfuil ag éirí go maith leat san agallamh d’fhéadfadh go mbeadh an t-agallóir tógtha leis an gcaoi ar fhreagair tú na ceisteanna.

CAsanna Casta le linn AgallaimhCéard a dhéanfaidh tú má bhuaileann dúchan an dearmaid thú?Glac staidéar ar feadh nóiméid le smaoineamh ar fhreagra oiriúnach, ná habair an chéad rud a ritheann leat. Ól bolgam uisce agus tabharfaidh sé seans beag duit.

Céard a dhéanfaidh tú mura dtuigeann tú ceist?B’fhearr athleagan den cheist a chur ar an agallóir chun an t-eolas atá uathu a dheimhniú seachas iarracht a dhéanamh ceist nach bhfuil tú cinnte fúithi a fhreagairt.

Tuigeann tú an cheist ach níl freagra na ceiste agat?B’fhearr a bheith ionraic sa chás seo agus a mhíniú don agallóir nach bhfuil aon scil agat sa réimse sin. Rogha eile is ea réimsí gaolmhara a bhfuil cur amach agat orthu a lua, má oireann don chás.

Níl duine de na hagallóirí ag tabhairt aon aird.Má tharlaíonn sé seo le linn agallaimh ná cuireadh sé isteach ort. Dírigh orthu siúd atá ag tabhairt airde ort. D’fhéadfá iarracht a dhéanamh teagmháil súl a dhéanamh leis an agallóir nach bhfuil ag tabhairt airde ach is é an príomhrud ná gan cead a thabhairt dó cur isteach ar do chuid freagraí.

NÓTA - Tá cearta agat Níor cheart go gcuirfí, agus ní gá go bhfreagrófá, aon cheist a bhaineann le: cine, reiligiún, inscne, stádas pósta, stádas teaghlaigh, míchumas fisiciúil ná meabhrach, gnéaschlaonadh, comhaltacht de phobal an lucht siúil ná aois.

Page 18: An tIonad Forbartha Gairmeacha - NUI Galway...bairtí is déanaí a tharla ann a aimsiú sna meáin, mar shampla fógraí poist nó táirgí nua. ... cheart éadaí glana preasáilte

15

Ceisteanna le curBa cheart go gcuideodh an taighde a rinne tú ar an gcuideachta leat smaoineamh ar cheisteanna le cur le linn an agallaimh, seo roinnt samplaí de réimsí oiriúnacha ar a bhféadfadh agallaithe ceisteanna a bhunú:• na chéad chéimeanna eile sa phróiseas• céard iad na conairí gairme atá ar fáil taobh istigh den chuideachta• céard a thaitníonn leis na hagallóirí faoi a bheith ag obair leis an gcuideachta• deiseanna forbartha leis an gcuideachta• na forbairtí is déanaí a tharla sa chuideachta (táirgí nua, na saothair is deireanaí a fuarthas etc.)

Ceisteanna le seachaintTá cúpla réimse ann nár cheart a lua le linn agallaimh mar go bhféadfaidís cur as do do sheans ar phost.Ina measc, tá: • ná cuir ceist faoin tuarastal (sa chéad bhabhta agallaimh ach go háirithe) fág idirbheartaíocht faoin tuarastal nó go mbeidh tairiscint déanta ar phost• b’fhearr gan ceisteanna a chur faoi shaoire bhliantúil• ná cuir ceist faoi shaoire bhreoiteachta ná faoi pholasaithe dá leithéid nó cuirfidh tú imní ar na hagallóirí.

Ag Cur deireadh leis anagallamhBíodh deireadh dearfach ar an gcruinniú. Cuirfidh formhór na n-agallóirí ceist ort faoi “cén fáth ar cheart dóibh post a thabhairt duit” nó “an bhfuil aon cheo eile le rá agat féin” ag deireadh an agallaimh. Ag an bpointe seo, tapaigh do dheis trí údar a thabhairt a léireoidh an chúis ar cheart an post a thabhairt duitse. Bíodh sé seo ullmhaithe agat roimh ré agus ní miste rudaí atá luaite agat cheana féin a luaigh arís. Is iontach an smaoineamh é an deis seo a thapú lena chinntiú go mbeidh críoch láidir dearfach ar an agallamh; léiríonn sé go bhfuil tú muiníneach agus go gcreideann tú go bhfuil tú feiliúnach don phost.Ag an tráth seo níor mhiste an tsuim atá agat sa phost ar a bhfuiltear ag déanamh iarratais, agus sa chuideachta, a lua arís. Glac buíochas leis na hagallóirí as a gcuid ama, croith lámh leo agus tú ag lua a gcuid ainmneacha más féidir leis an agallamh a thabhairt chun críche. Cuimhnigh nach bhfuil an t-agallamh thart nó go bhfuil tú imithe as an bhfoirgneamh!

AchoimreBa cheart duit úsáid a bhaint as an treoirleabhar seo chun cuidiú leat agus tú ag ullmhú i gcomhair agallaimh agus déan cinnte de go ndéanfaidh tú coinne le hIonad na nGairmeacha le go mbeidh deis agat cleachtadh a dhéanamh roimh an agallamh.

15

Page 19: An tIonad Forbartha Gairmeacha - NUI Galway...bairtí is déanaí a tharla ann a aimsiú sna meáin, mar shampla fógraí poist nó táirgí nua. ... cheart éadaí glana preasáilte
Page 20: An tIonad Forbartha Gairmeacha - NUI Galway...bairtí is déanaí a tharla ann a aimsiú sna meáin, mar shampla fógraí poist nó táirgí nua. ... cheart éadaí glana preasáilte

Uaireanta OscailteLuan - Deardaoin: 9.00am - 5.00pmDe hAoine: 11.00am - 5.00pm

CoinnI 15 nOimEad ar fad(dean coinne ar ‘Careers Connect’)11.00am - 12.00pm2.30 pm - 4.00pmAn tIonad Forbartha Gairmeacha,Foirgneamh na nDan na hEolaiochta,Ollscoil na hEireann, Gaillimh

Guthán: 091 493589 Ríomhphost: [email protected]áithreán Gréasáin: www.nuigalway.ie/careers

Bí linn ar Facebookfacebook.com/Careers.NUIGalway

Lean ar twitter muidtwitter.com/#!/NUIGCareers

Arts Millennium Building(and new home of the School of Psychology)

Abh

ainn

na

Gai

llim

he

Engineering Building

J.E. Cairnes School of Business and Economics

Áras

Orbsen

An tSlí Dála

NDC

Áras na Gaeilge

Leabharlann

Shéamuis Uí

Argadáin

Áras de Brun

Aras na Mac Léi

School of Psychology

James Hardiman Library

1

Arts/Science Building

2

The Quadrangle

3

Arts Millennium Building(And new home of the School of Psychology)

4

IT Building

5

Orbsen Building

6

Engineering Building

7

Áras na Gaeilge

8

Áras na Mac Léinnand Bailey Allen Hall

9

Sports Centre

10

Corrib Village(Student Accommodation)

11

Áras Moyola

12

Bank of Ireland Theatre

13

14

Student Information Desk(SID) /Áras Uí Chathail

15

CAMPUS MAP

J.E. Cairnes School ofBusiness and Economics

P

i

i

i

P

P

PAN TIONAD

FORBARThAGAIRMEAChA(Os cionn ISS)