An Cumann Gaelach Ag 100
-
Upload
an-cumann-gaelach-ucd -
Category
Documents
-
view
262 -
download
4
description
Transcript of An Cumann Gaelach Ag 100
Comóradh 100 BliainCeiliúradh 100 Bliain An Chumainn Ghaelaigh
An Cumann Gaelach,
An Coláiste
Ollscoile
Baile Átha Cliath.
100ú Seisiún.
Leabhrán
Cuimhneacháin an
Chumainn
Urraithe ag Bord na Gaeilge UCD
Lch 2
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Comóradh Céad Bliain__________________________________________________
100ú Seisiún
Éarlamh:
An Dr. Aodh Ó Brádaigh, Uachtarán na hOllscoile.
Uachtarán Bunreachtúil:
Mícheál Ó Muircheartaigh
Comh-Reachtairí:
Jack Ó Leocháin,
Aindriú Ó Faoláin.
Leas-Reachtaire:
Aodhán Ó Deá
Rúnaí:
Diarmuid Bairéad
Cisteoir:
Pól Ó Duinn
Cisteoir Sinsireach:
Eimhear Ní Dhuinn
Oifigeach Caidrimh Poiblí:
Eoghan Pádraig Ó Murchadha
Oifigeach Urraíochta:
Aoife Breathnach
Cian Taaffe (GBC)
Eoin Ó Murchú (GBC)
Emma Ní Raghallaigh (GBC)
Treasa Ní Cholmáin
(SIAMSAÍOCHT)
Gillian Ní Chuinneáin (GBC)
Dónal Ó Súilleabháin (GBC)
Niall Ó hUigínn (GBC)
Louise Nic Aodhbhuí (GBC)
Clár Nic Seoin (GBC)
Coiste:
An
Cu
man
n G
aela
ch
Lch 3
ClárÉarlaimh agus Coiste an Chumainn Lch 2
Clár an Leabhráin, Lch 3
Focal ó na Comh-Reachtairí
Bunú An Choláiste Ollscoile Lch 4
agus An Chumainn Ghaelaigh
Dornán Pearsan Lch 5
Súil Siar ar an gCumann Lch 6
Súil Siar ar an gCumann Lch 7
Tomás de Bhaldraithe: Lch 8
Ollamh Ollscoile agus Déantóir Foclóra
Cuntas ar Chearbhall Ó Dálaigh Lch 9
Comóradh Leathchéad Bliain an Chumainn Lch 10
Imeachtaí an Chumainn go dtí seo i mBliana Lch 11
Alt le Clár Ní Bhuachalla ó Bhord na Gaeilge, Lch 12
An Coláiste Ollscoile.
Bord na Gaeilge Lch 13
An Coiste Reatha, Buíochas Lch 14
Reachtairí an Chumainn Lch 15
Póstaeir ó roinnt d'Imeachtaí an Chumainn Lch 16
Focal ó na Comh-ReachtairíIs mór an onóir agus an phribhléid dúinn a bheith inár gComh-Reachtairí ar an
gCumann Gaelach sa Choláiste Ollscoile. Is léir lámh agus lorg an Chumainn ar ár
gcultúr is ar ár dtír, le céad bliain anuas. Onóir ar leith is ea an Chomh-
Reachtaireacht a bheith linn i mbliana, bliain an Chomórtha.
Is minic ráite go bhfuil céimeanna móra chun cinn tugtha ag an teanga le blianta
beaga anuas, go deimhin is ag éirí ina gclichéanna atá tagairtí do rath agus
bhorradh TG4 agus Ghluaiseacht na Gaelscolaíochta. Dá fheabhas iad na
céimeanna sin, tá constaicí sa bhealach orainn i gcónaí. Driseacha cosáin orainn
an Béarla á bhrú ar thumoideachas na ngaelscoileanna, é ag bagairt ar scoileanna
Gaeltachta agus ag síorchreimeadh na Gaeltachta féin.
Cé go bhfuil Acht Gaeilge againn sa chuid seo den tír, agus gur maith ann dó, ní go
hiomlán i bhfeidhm atá sé go fóill, rud a fhágann go mbíonn an Gaeilgeoir curtha ó
dhoras athuair. Anuas air sin is cosúil nach reachtófar Acht Teanga ó thuaidh toisc
drogall Aire áirithe i leith na Teanga. Cearta daonna is ea cearta teanga.
Tá ábhar sóláis agus ábhar dóláis againn. Bhí riamh anall, mar is léir ó ghiotaí
staire na hirise seo. Ní spéir dhorcha atá os ár gcionn ach spéir bhreac a mbíonn
idir splancanna solais is thréimhsí dorcha tríthi. Tá nuachtán de chuid meán
seanbhunaithe na Gaeilge i mbaol, faoi láthair: an mbeidh Lá Nua ar an bhfód i
gceann tamaill bhig féin?
Ar a shon sin, tá údar úr dóchais againn: táthar ag caint ar Raidió Náisiúnta
Gaeilge don Aos Óg. Tugtar tacaíocht dó.
D'eagraíomar mórán imeachtaí éagsúla i mbliana, a bhfuil cur síos déanta ar roinnt
acu sa leabhrán seo. Tá líon ball beagán faoi cheann 900 againn i mbliana agus cé
nach baill ghníomhacha iad seo ar fad is léiriú é ar ár láidreacht, is le cois, an
dea-thoil atá á crúthú againne is ag daoine eile don Ghaeilge.
Tá an Cumann Gaelach ar cheann de na Cumainn is mó, ó thaobh ball de, in 2007-
08; tá sé ar cheann de na Cumainn is gníomhaí agus is feiceálaí sa Choláiste, go
deimhin is muid an Cumann is Gaelaí féin agus is ola ar ár gcroí é sin ar fad.
Tá céad bliain anois ann ó bunaíodh an Cumann seo, céad bliain de bhlianta spéisiúla,
spleodracha, fuinniúla, agus muid ag treabhadh linn go tréan. Go maire sé Céad eile.
Aindriú Ó Faoláin agus Jack Ó Leocháin
Lch 4
Giota Staire ar an gColáiste Ollscoile
Is féidir fréamhacha an Choláiste a leanúint siar go dtí Ollscoil
Chaitliceach na hÉireann, a d'oscail in 1854 a raibh John Henry
Newman mar uachtarán air. Dhein an scoil leighis ar Shráid Cecelia dul
chun cinn mór ón tús. Athraíodh bainistiú Dámh na nEalaíon
Liobrálacha ar Fhaiche Stibhna go dtí na hÍosagánaigh in 1883 agus
bhain mórán amach faoi ainm Choláiste na hOllscoile.
Dhein Acht na nOllscoileanna Éireannacha (1908) Coláiste
Toghchánaíochta d’Ollscoil Náisiúnta na hÉireanna as an gColáiste.
Níorbh fhada go raibh sé ar an institiúid Ollscoile ba mhó sa tír. I ngeall
air seo bhog an Coláiste Eolaíochta go Glas Naíon, trátha an ama seo bhí
róphlódú ina gcuid foirgnimh lár-chathrach; Sráid Cecelia, Faiche Stiabhna
agus Ardán Phort an Iarla. In 1964 beartaíobh bogadh amach go Belfield i
gCnoc Muirfean áit a bhfuil an ollscoil lonnaithe go fóill.
Stair Lua an Chumainn
Cuireadh an Cumann Gaelach ar bun de bharr páipéir a léadh ós comhar
an Literary and Historical Society ag deireadh mhí Márta 1908. Léigh
Séamus ó Dubhghaill páipéar ar Fhilíocht na Gaeilge ach bhraith an t-
Athair Seóirse Ó Neill, a bhí ina Ollamh le Béarla, go raibh cuid den
ábhar ró-theicniúil, ainneoin a maith is a bhí sé, agus go mba chóir
Cumann faoi leith a bhunú don Ghaeilge.
Ar an 4ú Aibréan 1908 tuairiscíonn an Claidheamh Soluis gur cuireadh
an Cumann ar bun sa Choláiste an tseachtain roimhe sin. B’é T.P. Ó
Nualláin a bhí mar Léachtóir le Gaeilge sa Choláiste a bhí sa chathaoir i
dtús báire, agus a thug an chéad léacht, caint dar teideal “An Cathrar
agus an Coitcheanntacht” Ar na daoine a meastar lámh a bheith acu le
bunú agus tosú an Chumainn tá; Art MagUidhir, Séan Ó hUallacháin,
Séamus Ó Dubhghaill, Liam Ó Briain, Mícheál Ó hAodha, Seosamh Ó
Maoilmhiadaigh, Brain Ó Beirn, Míchéal Mac Giolla Críosta, Pádraig Ó
Tuathail, Seóirse MagUidhir, Tomás Ó Muireadhaigh agus Séan Ó
Doláin. Bhí cruinniú ag an gCumann an mhí seo agus toghadh iad seo a
leanas, Uachtarán, An t-Athair Éamonn Ó hÓgáin, Leas-Uachtaráin, an
tOllamh Patrick Semple agus T.P. Ó Nualláin, Rúnaí, Art MagUidhir,
Cisteoir, Pádraig MacDomhnaill, Coiste, Pádraig Ó Tuathail, Liam Ó
Briain agus Brian Ó Beirn. Socraíodh Mór-chruinniú a bheith acu ar an
27ú lá Samhain is go léifeadh T.P. Ó Nualláin páipéar dá chuid.
Ag mórchruinniú na bliana, léigh Séamus Ó Dubhghaill an páipéar, “An
Ghaeilge agus an Ollscoil Nua” in áit an Nuallánaigh toisc é a bheith
tinn. Labhair Pádraig Ó Dálaigh, leis, is dúirt go mba cheart go mbeadh
an Ghaeilge éigeantach i gcóir iad siúd a glacadh isteach san Ollscoil.
Bhí baint ag an gCumann leis an ngluaiseacht a chinntigh éigeantacht
na Gaeilge don Mháithréanach. Ar an 8ú la de Fheabhra 1909
reachtáileadh tionól de mhuintir na hollscoile ar an ábhar. Eagraíodh
mórshiúl ina dhiaidh tríd an gcathair le meirgí móra; “Masla na
Gaeilge, Easpa Macléinn, Trua Ollscoile”
Is deacair go maith teacht ar eolas i dtaobh bhlianta tosaigh an
Chumainn. Fós féin, tugann ábhar na gcainteanna is na gcruinnithe
léargas maith ar a raibh ar siúl acu. Go luath ina ré mar Chumann, léigh
Sean Ó Coisdealbha, a bhí ina Thaoiseach ina dhiaidh sin, páipéar ar
Thomás Dáivis, agus tháinig Páraic mac Piarais chun cainte air. Anuas
air sin bhí díospóireacht ar “Cogadh na Talún” agus b’é Cathal Brugha a
bhí ina chathaoirleach air.
Lch 5
Ghlac na sluaite daoine tábhachtacha ó thaobh na teanga agus go
deimhin na tíre de páirteanna lárnacha sa Chumann seo. Maithe agus
móruaisle idir Uachtaráin is Thaoisigh, Theachtaí Dála, lucht acadúil na
Gaeilge a bhí bainteach leis an gCumann ó thús. Daoine iad ar fad a
bhfuil a rian féin fágtha acu ar an saol. Seo thíos giotaí ar roinnt bheag
acu le blaiseadh éigin a thabhairt ar thábhacht mhuintir an Chumainn.
Mícheál Ó Bréartúin
Dhá leabhar scríofa aige ar stair an leictreachais; Sreangscéal (2005)
agus Aibhléis (2007) atá foilsithe ag coiscéim. Anuas air sin tá Gnóthaí
Eachtracha leis foilsithe ag Coiscéim chomh maith.Tá sreangscéal
bunaithe ar stair luath na teileagrafaíochta, agus stair an leictreachais
óna fhréamhacha chomh fada leis an aois seo caite
Bhí sé ina mhac léinn innealtóireachta i gColáiste na hOllscoile BÁC.
Ina aitheasc mar reachtaire an Chumainn Ghaelaigh i 1953, thug sé
caint dó ar stair an leictreachais ag mórchruinniú an Chumainn.
Earnán de Blaghd
Réabhlóidí is polaiteoir éireannach ab ea é Earnán de Blaghd a rugadh
13 Aibreán 1889. Protastúnach ó Lios na gCearrbhach ab ea é. Ghlac sé
páirt sa troid ar son neamhspleáchas na hÉireann, i mBaile Átha Cliath,
ach bhí sé i ngéibheann fhad is go raibh Éirí Amach na Cásca ar siúl.
Bhí sé in Aire in Aireachtaí éagsúla agus ina cheann ar Amharclann na
Mainistreach go 1967. D'fhoilsigh sé trí leabhar dírbheathaisnéise mar
atá, Trasna na Bóinne (1957), Slán le hUltaibh (1971), agus Gaeil á
Múscailt (1973). Bhí Earnán ag obair mar iriseoir sinsireach leis an
North Down Herald i 1909. D’éag 23 Feabhra 1975.
Nessa Ní Shéaghdha
Scoláire de chuid na teanga. Leagan de Tóraíocht Dhiarmada agus
Ghráinne curtha in eagar aici. Bhí sí ar an gcoiste sna blianta 1935-6.
Sean Ó Coisdealbha
Polaiteoir a rugadh i mBaile Atha Cliath. Bhí sé ina Abhcóide agus
toghadh é mar TD do Chumannn na nGaedheal i 1933. Roghnaíodh é
mar Thaoiseach comhréitigh idir-pháirtí é do Rialtas 1948-51. Bhí se ina
Thaoiseach arís 1954 go 1957.
Donnacha Ó hÉalllaithe
Gníomhaí teanga. Reachtaire de chuid an
Chumainn i 1971. Innealtóir é agus é ina
léachtóir le Matamataic d’Innealtóirí sa ITGM.
Osborn Ó hAimhirgín
Rugadh i gCorcaigh é thart ar 1872. Bhí sé ina
mhac léinn i gColáiste Ollscoile Chorcaigh áit a
bhfuair sé scoláireacht sa Ghaeilge. Bhain sé
céim Dochtúra le Léann amach sa Ghearmáin.
Toghadh ina ollamh Sean-Ghaeilge é ina dhiaidh
sin i gColáiste na hOllscoile i mBaile Átha
Cliath. Tá cáil ar an Aimhirgíneach le
scoláireacht san uile ghné de litríocht na
Gaeilge. Rinne sé saothar mór ag scrúdú na
seanscríbhní Gaeilge agus ag cur na dtéacs in
eagar le foilsiú. Bhí sé ina Leas-Uachtarán ar an
gCumann go luath i stair an Chumainn. D’éag
sé sa bhliain 1950.
Colmán Mac Séalaigh
É ina mhaor craolacháin le TG4 le tamall de
bhlianta. Bíonn sé le feiscint ar Síle go minic
chomh maith. Comh-Reachtaire de chuid an
Chumainn sa bhliain 2001.
Dornán Pearsan
Earn
án
de B
lagh
dSe
an Ó
Co
isd
ealb
ha
Lch 6
B’é T. P. Ó Nualláin an chéad reachtaire a bhí ar an gCumann Gaelach
siar i 1908. Ag an tráth seo bhí Coláiste na hOllscoile lonnaithe ar
Ardán Phort an Iarla láimh le Faiche Staibhna. Is iomaí rud atá tite
amach i gcúrsaí an tsaoil is na tíre seo idir sin agus seo. Tá Coláiste na
hOllscoile féin bogtha ó shuíomh i lár na cathrach go machairí méithe
Bhaile Átha Cliath 4. Tráth bhí deacracht an Ghaeilge a chuir ar fáil
mar ábhar féin gan trácht ar éiginnteacht d’iontráil. Tháinig athruithe
móra na linne seo caite, búnú an tSaorstáit, na Poblachta, agus tríd
seo ar fad tá an Cumann le chéile go fóill is ag dul ó neart go neart
atá sé, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar an gcéad bliain eile atá
amach romhainn.
Nuair a bunaíodh é "The Gaelic Society" a cláraíodh mar ainm
oifigiúil leis an gColáiste ach taobh istigh de bhliain athraíodh an t-
ainm go leagan Gaelach. I rith sheisiún 1909-10 ní raibh sa Choláiste
ach 6 Chumann éagsúla. Ar cheann acu seo do bhí an Cumann
Gaelach.
Athraíodh ainm oifigiúil an Chumainn i rith sheisiún 1910-11 go "An
Cumann Gaedhealach" (sa chló ghaelach) mar a bhí in úsáid sa
Ghaeilge ag an am. B’é uachtarán an Chumainn ag an am seo " An
Craoibhín Aoibhinn" nó Dúghlás de hÍde. Sa bhliain seo a dtosaítear
ag déanamh cur síos ar Choiste a bheith ann.
Ón tréimhse seo amach a luaitear coisteoirí a bheith ag an gCumann.
Mar a bhí, na rúnaithe; rúnaire le seanchas S. Ní Rathaille agus rúnaire
le scríobhadh Séamus Uí Conchubair
Is sna blianta seo a dtosaítear ag déanamh cur síos ar bhoinn na
ndíospóireachtaí. Bhronntaí dhá bhonn gach bliain.
"Bonn óir is bonn airgid i gcomhair díospóireachta (dóibh san amháin
nach bhfuil céim na h-iolsgaile aca)"
B’iad Séan Breathnach, reachtaire an tseisiúin áirithe seo a bhuaigh
bonn óir an chraoibhín agus b'é Roibín ó hEreamhóin a bhuaigh bonn
airgid Úna Ní Fhaisceallaigh.
Seo a leanas roinnt de théamaí na gcruinnithe bliantúla (léachtaí na
reachtairí) a bhíodh ag an gCumann, Cruinnithe Cinn Bhliadhna mar a
thugtaí orthu;
1923-24 "Aon teangachas"
1924-25 "Nua-litríocht na Gaedhilge"
1925-26 "Oideachas Gaelach" Is díol suntais é seo a
aithint cé chomh ceannródaíoch, b’fhéidir, is a bhí roinnt
de bhaill an Chumainn tá os cionn ochtó bliain ó shin,
1926-27 "Feabhsú saoghal tuaithe i n-Éirinn"
1927-28 “An Piarsach agus an Lá indiú"
1928-29 “Éire Óg"
1933-34 "Aistriúcháin"
1934-35 "Díothcháin Eadarnáisiúnta"
Is suimiúil tabhairt faoi deara sa bhliain 1928, go luaitear Cearbhall Ó
Dálaigh a bheith ar an gCoiste. Deintear cuspóirí an chumainn a leagan
amach mar seo a leanas i rith na bliana céanna;
"Teanga, saoidheacht, sibhialtacht, agus náisiúntacht na nGaedheal a
chur 'un cinn'. Déanfar é seo le díospóireachtaí, léigheachtaí agus
sgoruidheacta, agus ó am go h-am nuair is féidir é, léireóchthar drámaí,
agus foillseóchair irisleabhar"
Bhí méid mór cumann éagsúla a threabh gort na Gaeilge i réimsí eágsúla
ó thosach, ar an gceann is mó acu sin bhí agus tá an Cumann Gaelach.
Anuas ar sin bhí a leithéidí Chumann Liteardha na Gaedhilge a cuireadh
ar bun sa bhliain 1922.
Cumann Liteardha na Gaedhilge Cuireadh an cumann seo ar bun sa bhliain 1922. B'iad seo a leanas
cuspóirí an chumainn.
"...[E]olas na Gaedhilge agus litridheachta na h-Éireann a mhéadú
chómh maith agus is féidir linn go mór-mhór tré: (a) Cómhrádh; (b)
Páipéirí; (c) Díospóireachtaí."
Súil Siar
Turas go Sliabh Cualann Luan Cásca 1959 Buaiteorí Díospóireacht Idirollscoile Clodagh Nic
Aonghusa Bláthnaid Ní Dhuibne Pádraig Ó Coistealbha
>>
Lch 7
Reachtairí
1922-23 Liam De Brún
1923-24 Piaras De h-Indebeirg
1924-25 Máire Ní Séaghdh
1925-26 S.Ó Conaill
1926-27 Tomás Bardún
1927-28 Breanndán Mac Énrí
1928-29 Míchéal ó hÉanaigh
1929-30 Proinnsias Seaghach
1930-31 Máirín Ní Mhuirgheasa
1931-32 Lúgaidh De Róiste
1932-33 Liam Ó Buachalla
1933-34 Proinnsias Ó Riain
1934-35 Aindrias Mac Aodhagáin
1935-36 Máire Ní Chearbhall
Bhronn an cumann seo bonn óir "gach bliadhain... ar an duine is fearr
[']thuilleas é"
Mar sholaoid den chinéal ruda a bhíodh ar bun ag an gCumann seo,
seo a leanas sraith leáchtaí a eagraíodh sa bhliain 1929
"Cuaird 'on Ghearmáín"-
Cearbhall Ó Dálaigh (8ú lá de Mhí na Samhna)
"An dráma mar ábhar ollscoile”- León Ó Broin (15ú lá na Samhna)
"Gaedhealtacht thír chonaill” - Séamus ó Searcaigh (6ú Nollag)
"Na Fianna”- An Br. Mac Giolla Chéarr
"Smaointe fáin ar litridheacht na Gaedhilge”- Mícheál ó hÉanaigh
"Ríogacht an phápa”- an Br. ó Conchúir
"An Bhreathnais agus an Béarla" an t-Ollamh J. Lloyd Jones M.A. B.litt.
D’eagraítí díospóireachtaí móra bliantúla taca an ama seo. Ba é rún na
díospóireachta a rinneadh ar an 21ú Feabhra sa bhliain 1929 ná "go
bhfuil faillihe'á thabhairt ag gaedhil i n-anacal na Gaedhealtachta”
Ag Cruinniú Cinn Bhliadhna bhí Ceist na Gaedhealteachta á phlé. Is
léir go bhfuil na ceisteanna céanna ag crá Ghluaiseacht na Gaeilge leis
na cianta cairbreacha. Ina measc siúd a bhí mar chainteoirí ag an ócáid
seo bhí an bheirt Theachta Dála Séan T. Ó Ceallaigh agus Míchéal Óg
Mac Pháidín.
Bhíodh de nós go dtugadh reachtaire an chumainn aitheasc uaidh ag
mór-chruinniú bliantiúil an Chumainn, nós atá ligthe i léig le blianta
beaga anuas ach a bhfuil súil againn a athréimniú gan mhoill. Seo thíos
spléachadh ar chuid de théamaí cainte na reachtairí.
1923-24 Domhan-cultúr Diogh-bhálach agus Nórmaireacht
Náisiúnta"
1925-26 Acadamh do'n Ghaedilg"
1926-27 An Ghaedhilg 'fé sróin an Stáit.
1927-28 Drámaíocht sa Nuadh-Ghaedilge
1933-34 "An Chruit"
An Cumann SeanchaisAnuas ar na Cumainn éagsúla eile, bhí lena gcois, An Cumann Seanchais.
Bhí Earnán De Blaghd ar choiste an chumainn seo i 1947-48, bliain a
raibh Brighidh Ní Bhriain mar reachtaire. Bhí De Blaghd ar choiste An
Chumainn Ghaelaigh sa bhliain chéanna.
(Tá an chuid den téacs thuas i litreacha iodáileacha scríofa sa chló
rómhánach, agam féin, cé gur sa chló Gaelach a chéadscríobhadh a
bhfuil sna giotaí seo. Fágadh an teanga gan caighdéanú ó thaobh
litrithe de).
Coiste an Chumainn Eoghan Ó hAnluain, Antoine Ó Breartúin, Marcus Ó Daigneáin,
Deirdre Ní Laoire, Bláthnaid Ní Dhuibne, Bernadette Ní hÉalaí, Pádraigín Ní Liaim
>
Lch 8
Liam Mac Amhlaigh
Léachtóir le litríocht agus teanga na Gaeilge, Coláiste Oideachais
Froebel, Baile Átha Cliath;
Céimí sa Nua-Ghaeilge agus iarbhall den Chumann Gaelach sa
Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.
Rugadh Tomás Mac Donnchadha de Bhaldraithe i mBaile na Cora i
Luimneach ar 14 Nollaig 1916. Fuair sé bás ar 24 Aibreán 1996 agus é
ag seoladh ‘The Words We Use’ le Diarmuid Ó Muirithe i gClub na
nEalaíon, i mBaile Átha Cliath. D’aistrigh a mhuintir go Baile Átha Cliath
agus bhí cónaí orthu i nDomhnach Broc i ndeisceart na cathrach.
Chuaigh sé ar scoil i bPáirc Mhucrois agus Coláiste Belvedere. Bhí a
chéad deis aige taisteal go dtí an Ghaeltacht sa bhliain 1933.
Ghnóthaigh sé céim sa Ghaeilge agus sa bhFraincis agus nuair a bhain
sé MA ón gColáiste Ollscoile amach i 1939 ar thráchtas dar teideal
‘Bunús na hAislinge’, chuaigh sé go Páras ar staidéaracht taistil ó
Ollscoil na hÉireann. Ba sa bhliain 1937 ar ceapadh é ina reachtaire ar
an gCumann Gaelach sa Choláiste Ollscoile.
Chuir an cogadh isteach ar a chuid staidéir agus tugadh cead dó filleadh ar
Éirinn agus an dá bhliain dheireanacha a chaitheamh i mbun staidéir ar
Ghaeilge Chois Fharraige agus bronnadh Ph.D. air as an taighde sin sa
bhliain 1942. Agus bliain caite aige mar scoláire in Institiúid Ard-Léinn, Baile
Átha Cliath, ceapadh é ina chúntóir ollscoile sa Choláiste Ollscoile, Baile
Átha Cliath sa bhliain 1943. Sa bhliain, 1946 ceapadh é ina léachtóir cúnta
agus i 1952, ina léachtóir. Sa bhliain 1960, agus foilsiú an fhoclóra seo
curtha i gcrích, bhain sé an ollúnacht i litríocht agus teanga na Nua-Ghaeilge
amach san ollscoil chéanna, agus é ina Cheann Roinne chomh maith.
Fear ollscoile a bhí ann i gcónaí agus thar aon duine eile ag am, is a
bhuíochas dó gur cruthaíodh Roinn an-láidir Gaeilge, le háitreabh agus
le hionad breá sa Choláiste Ollscoile nuair a bogadh ann thart ar an
mbliain 1970.
Bhí sé ag cur torthaí a chuid taighde i gContae na Gaillimhe ar fáil ar
feadh breis is daichead bliain, ó ‘The Irish of Cois Fharraige, Co.
Galway: a phonetic study’ (1945) agus ‘Gaeilge Chois Fharraige:
an deilbhíocht’ (1953) anuas go ‘Foirisiún Focal as Gaillimh’
(1985) mar aon le mórán nótaí ar fhocail agus ar phointí gramadaí in
irisí léannta.
Sa bhliain 1945, cheap an Roinn Oideachais é ina eagarthóir
(páirtaimseartha) ar an English-Irish Dictionary (1958). Ina dhiaidh sin,
bhí sé ina eagarthóir comhairleach páirtaimseartha ar an Foclóir
Gaeilge-Béarla (1977) (eag. Niall Ó Dónaill). Sa ról sin, chuir sé an
scéim bhunaigh le chéile le hÓ Dónaill agus chuidigh sé leis an
bhfoireann ceisteanna ar dhréachtadh na bhfocal a fhreagairt. Nuair a
bhí obair an fhoclóra sin curtha i gcrích aige, d’oibrigh sé ar a
thionscnamh deireanach don Roinn Oideachais sa bhliain 1978:
ceartúcháin agus téarmaíocht bhreise a chur ar fáil i mionleabhrán leis
an EID. Is é atá ann ná roinnt téarmaí agus leaganacha coitianta
teicniúla nó ceirdiúla Béarla nach bhfuil san EID.
Is féidir a lua gur an-oibrí a bhí i de Bhaldraithe agus gur bhain sé le
glúin ar leith de Ghaelgeoirí a d’fhás ag deireadh na dtríochaidí as
ollscoileanna na tíre agus a raibh éifeacht acu ar chuid mhaith
d’eagraíochtaí agus treo na Gaeilge sna daicheadí, caogaidí agus
Tomás de Bhaldraithe: Ollamh Ollscoile agus Déantóir Foclóra
Lch 9
seascaidí – ’An Comhchaidreamh’. D’éirigh go maith leis sna
tionscnaimh éagsúla a raibh lámh aige leo agus éifeacht an
Chomhchaidrimh le brath.
Ach is í an mhóraidhm a bhí aige ná mórfhoclóir aonteangach a chruthú
ó thréimhse iarchlaisiceach na teanga ar aghaidh. Nuair a bhí Acadamh
Ríoga na hÉireann ag beartú mórfhoclóra Gaeilge-Gaeilge sa bhliain
1976, bhí eagarthóir ginearálta á lorg chun an tionscnamh a stiúradh.
Ceapadh de Bhaldraithe. Dá bhrí sin sa bhliain 1978, socraíodh go
líonfadh sé cathaoir nua-cheaptha sa Choláiste Ollscoile, an ollúnacht le
Canúineolaíocht na Gaeilge. Chuir sé seo ar a chumas aige a chuid ama
a roinnt idir an dá institiúid. Leanadh mar seo go 1986, an uair a scoir
sé ón gColáiste Ollscoile agus uaidh sin ar aghaidh, stiúraigh sé an
fhoireann foclóra san Acadamh go dtí an bhliain 1994.
(Bhí Tomás de Bhaldraithe mar rúnaí i 1935-1936, mar chisteoir
i 1936-37 agus mar reachtaire ar an gCumann an seisiún ina
dhiaidh sin.)
Fuair sé a chuid oideachais sa Choláiste Ollscoile Baile Átha
Cliath i 1931, áit ar bhain sé céim amach sna Staidéir
Cheilteacha. I rith na tréimhse seo bhí sé mar reachtaire ar an
Literary and Historical Society agus ar an gCumann Gaelach.
Leanúnaí daingean de chuid Fhianna Fáil a bhí ann, a bhí ar
Chomairle Náisiúnta an Pháirtí sna 30dí. Bhí sé ina eagarthóir
Gaeilge leis an nuachtán Scéala Éireann ó 1931 go 1940,
rinne sé staidéar ar an dlí in Óstaí an Rí. Bhí sé ina abhcóide
sinsear, in 1945, ina Ard-Aighne, 1946-8 agus 1951-3, ina
bhreitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraí 1953, ina Phríomh-
Bhreitheamh, 1961 agus ina bhall den Chúirt Bhreithiúnais
Eorpach in 1972. Aontaíodh air mar iarrathóir
d'Uachtarántacht na hÉireann in 1974. Mar Uachtarán, chuir
sé Bille na gCumhachtaí Éigeandála, a bhí dírithe ar
ghníomhaíochtaí Arm Phoblacht na hÉireann, faoi bhráid na
Cúirte Uachtaraí in 1976 (tugadh breith go raibh an Bille
bunreachtúil). Cháin an tAire Cosanta, Patrick Donegan, an
chaoi ar cuireadh an bille faoina bráid, agus d'éirigh Ó
Dálaigh as mar agóid. Bhí ról Uachtarán na hÉireann aige ó
Samhain 1974 go dtí gur éirigh sé as ar an 22 Deireadh
Fómhair 1976.
Fear é a raibh na seacht dteangacha aige, cuimhnítear go
maith ar uair a d’úsáid sé gach mórtheanga Eorpach seachas
an Sacs-Bhéarla ag comhairle preasa idirnáisiúnta. Bhuaigh sé
Bonn Airgid an Chumainn i 1928-29 agus thug léacht dar
teideal "cuaird 'on Ghearmáin" i sraith léachtaí a tugadh i
1929 (Mí na Samhna ar an 8ú lá) sa Chumann Liteartha. Bhí
se ina reachtaire ar an gCumann Gaelach i 1930. D'éag sé in
1978 agus cuireadh i Snaidhm Cho. Chiarraí é. Bhásaigh a
bhean Máirín Nic Diarmada 25 Eanáir 1994.
Cearbhall Ó Dálaighh
Cearbhall (ar dheis) agus a
dhreatháir, deirfiúracha
thart ar 1920
Cearbhall an lá a d’éirigh sé as mar
Uachtarán, 22 Deireadh Fomhair 1977.
Uaig Mháirín agus
Chearbhaill i Snaidhm
Lch 10
Comóradh Leathchéad Bliain an Chumainn
Ar an 20ú Feabhra 1959 rinneadh Comóradh Iubhaile Órga ar an
gCumann Gaelach i dTeach Neuman, 86 Faiche Stiabhna. Bhí Uachtarán
na hÉireann ag an am, Éamonn de Valera i láthair ar an oíche
chomórtha chomh maith le Cearbhall Ó Dálaigh (breitheamh ag an am),
Eoin Ó hAnnluain agus móran eile nach iad i measc shlua de 200 duine.
Ag an Mór-chruinniú léigh an reachtaire Blathnaid Ní Dhuibne páipéar
dar teideal “Gaelú na Galltachta”
Dúirt an tOllamh Míchéal Ó hAodha go raibh tionchar nach beag ag
reachtairí an Chumainn ar stair na tíre. D’fhógair Eoin Ó hAnnluain go
raibh suas le céad ball ag an gCumann is go raibh sé chomh beoga is a
bhí riamh. Tar éis an chruinnithe cuireadh fáiltiú agus céilí ar siúl i
dTeach Neuman.
Clé go deas Séan Ó Cinnéide, Deirdre Ní Laoire, Brian Mac Aonghusa, Peadar Ó
Dubhghaill, ní fios, Bernadette Ní hÉalaí, Clodagh Nic Aonghusa, Padraig Ó Coistealbha
Clé go deas, An tOllamh Mícheál Ó hAodha, Bláthnaid Ní Dhuibne,
Ó Brádaigh, reachtaire, Éamonn de Valera, Uachtaran na hÉireann,
Bernadette Ní hÉalaí
Clár Chomóradh 50 Bliain
>>
Lch 11
Imeachtaí an Chumainn i mbliana go dtí seo
Seachtain na bhFreisear
D’éirigh linn slua mór ball nua a mhealladh i mbliana, a bhuí don
leipreachán giodamach úd.
Céilí na Nollag
Le Daidí na Nollag i láthair ní haon iontas é gur bhain daoine an-
taitneamh go deo as seo, Céilí na Nollag le féiríní deasa do na
rinceoirí i mbeár na Mac Léinn.
Turas chuig an Oireachtas
Deireadh seachtaine ardspraoi is ceoil is craic, cérbh é mar thuras
bus? Cheana féin táimid ag dréim le Corcaigh na bliana seo.
Southpark trí Ghaeilge
Clár atá aistrithe go Gaeilge ag TG4. Cé againn nach sásódh greann i
nGaeilge agus popcorn saor in aisce muid?
Díospóireachtaí le Coláiste na Tríonóide
Ceann ar bhuamar agus ceann eile ar chailleamar, ach nílmid
róchinnte faoi neamhspléachas na moltóirí sa Choláiste Oráiste
lár-chathrach. Ag cruthú dea-theannais idir an dá Chumann. Cé
againne is Gaelaí, cé againne is fearr, nach cuma, nuair is léir
dúinne gur muide a bheireann bua.
Seachtain na Gaeilge
Seachtain ghnóthach i mbliana le héagsúlacht mhór imeachtaí, roinnt
againne inár suí ó mhaidin go hoíche go raibh sé ina maidin arís!
Céilí in aice leis an Loch
Tús na Seachtaine, daoine á mealladh, le ceol Gaelach, milséain,
rince scléipiúil is glór álainn Aodháin ar an meigeafón.
My First Gaeilge
Deis do na mic léinn Erasmus agus iad siúd ar bheagán Gaeilge, na
bunrudaí a fhoghlaim. Múinteoirí, oidí is teagascóirí den
chéadscoth! Roinneadh togha gach bia is rogha gacha dí ar an
oíche agus mar a deir siad tús maith leath na hoibre!
Hector Ó hEochagáin
Fear na gruaige rua ón Uaimh, go h-iomlán as a bhosca mar a
deirtear. Fear an ghrinn dheirg a chuir siamsaíocht bhreá ar fáil
don slua i Scoil Uí Chuinn. Níl aon dul “Amú” orainn a rá gur
thaitin sé lena raibh i láthair!
Tráth na gCeisteanna
An bheirt Eoin Ó Murchú idir Óg is Aosta ag comhoibriú go
snasta leis na ceisteanna ba chasta, i gClub Chonradh na Gaeilge
6 Sráid Fhearcair. Príomchathair Bhurkina Faso ar eolas agat?
An Liathróid (The Irish Ball) agus Tripod
Bál sféarach ar an seastán tríchosach éinne? Thosaíomar le céilí,
chríochnaíomar le Dioscó, n’fheadar an domhan ar tharla
eadarthu?
Peilfield
Comórtas Peile le laoch an CLG, Mícheal Mór Ó Muircheartaigh,
300,000 míle buidéal lucozade agus fear na gruaige cataí ó
Chontae na Mí, Teamhair na Rí: Dónal Hanratty.
Seisiún Ceoil Thraidisiúnta
Críoch shuaimneach leis an tseachtain mhór, Muintir Trad Soc ag
cur clabhsúir ar ár n-imeachtaí
An Bhliain seo Chugainn
Tá súil againn tógáil ar a bhfuil bainte amach againn i mbliana
agus imeachtaí níos mó, níos minicí agus níos taitneamhaí a chur
ar siúl do chur chun cinn na teanga amach anseo.
Céilí in aice leis an Loch Na buachaillí agus Hector
Lch 12
Bord na Gaeilge UCD
Is díol mórtais é do Bhord na Gaeilge, An Coláiste Ollscoile Baile Átha
Cliath, a bheith páirteach i gComóradh 100 bliain an Chumainn Ghaelaigh.
Bhunaigh an tÚdarás Rialaithe Bord na Gaeilge sa bhliain 1997 agus é
mar aidhm aige an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chur chun cinn
san Ollscoil. Tá réimse fhairsing seirbhísí á tairiscint ag an mBord ó shin
i leith: cuireann sé cúrsaí teanga, oiliúna, cultúrtha agus Gaeltachta ar
fáil do lucht na hOllscoile agus freastalaíonn sé ar a gcuid riachtanas
aistriúcháin. Eisíonn sé lámhleabhar eolais agus dialann dhátheangach
bhliantúil agus cuireann sé tionscnaimh nua sa tsiúil chuile bliain.
Baineann baill an Bhoird le dámha eagsúla na hOllscoile, rud a thugann
léargas fairsing fadradharcach dóibh ar an dóigh is fearr leis an nGaeilge
a chur chun cinn sa champas trí chéile. Ceapadh an tOllamh Micheál Ó
Dochartaigh (Scoil na Talmhaíochta, Eolaíocht an Chothaithe agus an
Leigheas Tréidliachta) ina Chathaoirleach ar an mBord sa bhliain 2006.
Bhí beirt eile ina gCathaoirligh ar an mBord roimhe .i. an tOllamh Éanna
Ó hOisín agus an tOllamh Séamas Ó Catháin.
I measc na dtograí ba thábhachtaí a tionscnaíodh anseo le deich
mbliana anuas, bhí Scéim Chónaithe Ghaeilge Bhord na Gaeilge.
Bunaíodh an scéim áirithe sin breis is seacht mbliana ó shin agus tá sé
ag neartú ón uair sin i leith. Cuireann Bord na Gaeilge UCD
scoláireachtaí ar fáil do mhic léinn le Gaeilge, chun go mbeadh a n-áit
féin acu in ionaid chónaithe Belfield. Is amhlaidh go mbíonn seisear
déag cainteoirí Gaeilge ina gcónaí san aon áras campais amháin.
Labhrann na mic léinn sin an Ghaeilge ina measc féin agus is í an
Ghaeilge teanga a dtí. Féachann siad le pobal Gaeilge a chothú san
ollscoil trí chéile.
I Meán Fómhair na bliana 2007 bunaíodh cúrsa módúlacháin a bhí ina
chuid lárnach den scéim chéanna. D’fhoghlaim na mic léinn scileanna
cumarsáide, conas le hócáidí a eagrú, an chaoi le hagallamh fónta a
dhéanamh, preas-ráiteas a chumadh etc. Cuireadh an cúrsa ar bun le
tacaíocht ó Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh, Bhéaloideas Éireann
agus na Teangeolaíochta mar aon leis an eagraíocht Ghaelach
‘Gaelchultúr Teoranta’. Bhí sé riamh i gceist go mbeadh cúraimí áirithe
ar mhic léinn na scéime ar mhaithe leis an teanga a chur chun cinn agus
d’eagraigh siad imeachtaí go leor i gcaitheamh na mblianta éagsúla.
Déanfaidh an módúl nua go mbeidh bonn níos proifisiúnta fós faoi na
hócáidí a reáchtálann siad.
Is í an chuid is fearr, go mbaineann mic léinn na scéime le scoileanna
difriúla na hOllscoile. Bíonn matamataiceoirí, eolaithe etc ina measc, iad
ar fad faoin aon díon amháin. Cuireann cainteoirí (idir chainteoirí
dúchais agus eile) as gach cearn den tír aithne ar a chéile ar an scéim
dóibh agus tagann siad isteach ar chánúintí a chéile. Daoine buacha is
ea lucht na scéime trí chéile. Ní hamháin gur daoine acadúla iad, ach
bíonn siad chun tosaigh i réimsí eile den saol. Toscairí den scoth is ea ár
mic léinn go léir. Beidh lámh an-mhór ag Bord na Gaeilge UCD i
dtabhairt ar aghaidh na Gaeilge, a fhad is a gcuirtear na daoine maithe
seo inár dtreo.
Tréaslaíonn muid le lucht eagraithe an chomórtha seo, le reachtairí agus
le coistí an Chumainn Ghaelaigh mar aon le hOifigeach Gaeilge Aontas
na Mac Léinn. Molann muid an iliomad mac léinn a rinne a gcuid ar son
na teanga i rith na bliana agus ó bunaíodh an Cumann Gaelach, tá céad
bliain ó shin. Go mba fada buan sibhse agus go mba fada buan
Cumann Gaelach na hOllscoile.
Clár Ní Bhuachalla
Oifigeach Gaeilge Bhord na Gaeilge
Baill Bhord na Gaeilge 2008:
An tOllamh Micheál Ó Dochartaigh (Cathaoirleach), Clíona de
Bhaldraithe Marsh, Clár Ní Bhuachalla, An tOllamh Séamas Ó Catháin,
John Coman, An tOllamh Mary Daly, Aodhán Ó Deá, Richard Dowling,
An Dr Seán Ó Duinnín, An tOllamh Liam Mac Mathúna, Mairín Uí
Ogáin, An Dr Síofra Pierse, An tOllamh Seosamh Watson.
Lch 13
Lucht Scaipthe na Gaeilge!
Seirbhísí
Cúrsaí Teanga
Cúrsaí Gaeltachta
Cúrsaí Cultúrtha
Seirbhís Aistriúcháin
Scéim Chónaithe Ghaeilge
do Mhic Léinn
Cúrsaí Traenála
Ócáidí Cultúrtha
Cúnamh leis an Dioplóma
sa Ghaeilge Fheidhmeach
Tacaíocht do Chumainn &
Chlubanna na hOllscoile
Bord na Gaeilge UCDwww.ucd.ie/bnag
ww
w.u
cd.ie
/bn
ag
Bord na Gaeilge UCD
Seomra D213,
Áras Newman
An Coláiste Ollscoile Baile Átha Cliath
Guthán: 01-716-8208
Ríomhphost: [email protected]
Suíomh ghreasáin: www.ucd.ie/bnag
Lch 14
BuíochasBa mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil leo siúd ar fad a roinn a gcabhair fhial fhlaithiúil leis an gCumann.
Táimid faoi chomaoin mhór acu. Má tá aon bhotún anseo istigh, is mise amháin is ciontach leis, Eoghan
Pádraig Ó Murchada.
Ach go háirithe;
- Clár Ní Bhuachalla ó Bhord na Gaeilge An Coláiste Ollscoile,
- Bláthnaid Ní Dhuibhne iar-reachtaire de chuid an chumainn a thug ábhar is grianghraif thábhachtacha dúinn,
- Brian Mac Aonghusa, iar-reachtaire a thug eolas dúinn i dtaobh thús an Chumainn,
- Liam Mac Amhlaigh, a scríobh alt léannta dúinn ar an bhfoclóirí Tomás de Bhaldraithe. Guím gach rath ar a
leabhar ar na foclóirí atá le foilsiú go luath.
- Jack Ó Leocháin, i gcónaí.
- Mark agus Lorraine i Design at DBA.
Is do chuile dhuine eile, a thug cabhair, gura fada buan sibh ar fad.
Jack Ó Leocháin: Comh-ReachtaireCúrsa agus Bliain: An Dara Bliain, Dlí agus Polaitíocht
Aindriú Ó Faoláin: Comh-ReachtaireCúrsa agus Bliain: An Dara Bliain: Staidéir Achtúireachta agus Airgeadais
Áodhán Ó Deá: Leas-Reachtaire agus Oifigeach na Gaeilge le hAontas na Mac Léinn
Cúrsa agus Bliain: An Triú Bliain: Gnó agus Dlí
Treasa Ní Cholmáin: Oifigeach SiamsaíochtaCúrsa agus Bliain: Fisiteiripe
Aoife Breathnach: Oifigeach Urraíochta,Cúrsa agus Bliain: An Triú Bliain: Eolaíocht Shóisialta
Diarmuid Bairéad: RúnaíCúrsa agus Bliain: An Triú Bliain: Innealtóireacht Shibhialta
Pól Ó Duinn: CisteoirCúrsa agus Bliain: An Dara Bliain: Innealtóireacht
Eoghan Pádraig Ó Murchadha: Oifigeach Caidrimh PoiblíCúrsa agus Bliain: Bliain Réamhleighis
Niall Ó hUigínn: GBCCúrsa agus Bliain: An Triú Bliain: Dlí
Dónal Ó Súilleabháin: GBCCúrsa agus Bliain: An Triú Bliain: Eacnamaíocht agus Airgeadas
Gillian Ní Chuinneáin: GBCCúrsa agus Bliain: An Dara Bliain: Na hEalaíona
Emma Ní Raghallaigh: GBCCúrsa agus Bliain: Dara Bliain: Fisiteiripe
Laoise Nic Aodhbhuí: GBCCúrsa agus Bliain: An Dara Bliain: Na hEalaíona
Eimhear Ní Dhuinn Cisteoir Sinsireach agus Stiúrthóir na Teanglainne
Cian Taffe: GBCCúrsa agus Bliain: An Triú Bliain: Na hEalaíona (Gaeilge agus Béarla)
Clár Nic Seoin: GBCCúrsa agus Bliain: An Chéad Bhliain: Feidhmiúchán na Sláinte
Eoin Ó Murchú (Sinsear) GBCCúrsa agus Bliain: An Triú Bliain: Innealtóireacht
An
Co
iste
Reath
a
Lch 15
1908 T.P. Ó Nualláin
1909 Séamus Ó Dubhghaill
1910 Liam Ó Briain
1911 Mícheál Ó hAodha
1912 Liam S. Gógan
1913 Seán Breathnach
1914 Pádraig Ó hUallacháin
1915
1916 Liam Ó Brolcháin
1917
1918
1919 Seán Ó Deaghaidh
1920 Enrí Ó Murchadha
1921 Maolmhuire Diolún
1922 Muiris Mac Ionnraic
Caitlín Ní Bhuachalla
1923 Proinsias Ó Riain
1924 Éamonn Ó Dubhshláine
1925 Cilian Ó Brolcháin
1926 Proinsias Tréanlámhach
1927 Tadhg Mac Firbisigh
1928 Eoin Ó Brolcháin
1929 Diarmuid Ó hAlmhuin
1930 Cearbhall Ó Dálaigh
1931 Máirín Nic Dhiarmada
1932 Cormac Ó Ceallaigh
1933 Aindrias Ó Caoimh
1934 Ruairí Ó Brolcháin
1935 Risteard Breathnach
1936 Máire Ní Chearbhaill
1937 Tomás de Bhaldraithe
1938 Ruaidhrí de Valera
1939 Seán Ó Cléirigh
1940 Róisín Ní Dhochartaigh
1941 Séamus Ó Muireadhaigh
1942 Aodhagán Brioscú
1943 Conchubhar Maca’ Bháird
1944 Dónall Ó Móráin
1945 Pádraig Ó Fiaich
1946 Fearghus Ó Foghludha
1947 Colm A. Ó Suilleabháin
1948 Pádraig de Paor
1949 Seán P. Ó hAoláin
1950 Dónall Mac an Bhaird
1951 Seoirse Ó h-Eigeartaigh
1952 Mícheál Ó Riain
1953 Mícheál Ó Bréartúin
1954 Brian Ó Braonáin
1955 Reachtairí an Chumainn
Ghaelaigh
1956 Fionnbarra Ó Cinnéide
1957 Breandán Ó Dubhghaill
1958 Bláthnaid Ní Dhuibne
1959 Brian Mac Aonghusa
1960 Tony Ó Dúgáin
1961 Déirdre Ní Laoire
1962 Mícheál Ua Núanáin
1963 Domhnaill Mac Domhnaill
1964 Uaitéar Ó Ciaruáin
1965 Seán Ó Beacháin
1966 Máire Ní Mhathúna
1967 Aogán Ó Muircheartaigh
1968 Cóilín Ó Corrbuí
1969 Dáithí Ó hÓgáin
Feargal Ó Móráin
1970 Caoimhín Ó Ruairc
Seán Mac Mathúna
1971 Donncha Ó hÉallaithe
1972 Antoin Mac Cába
1973 Briain Ó Cuív
1974 Olive Cornelia
1975 Oilibhéar de Búrca
1976 Seán Ó Scanláin
1977 Seán Ó Conaill
1978 Muireann Ní Mhóráin
1979 Rósmáire Ní Dheaghaidh
Reachtairí an Chumainn Ghaelaigh
1980 Máire Ní Bhráithe
1981 Breandan Ó Dutaigh
1982 Laoise Nic Giolla Chearra
1983 Emer Ní Bhrádaigh
1984 Máire Nic Ghearailt
1985 Attracta Ní Bhrádaigh
1986 Aengus Mac Grianna
1987 Sinéad Ní Chonláin
1988 Siobhán Ní Dhonnchú
1989 Úna Kirk
1990 Máire Aobhinn Ní Ógáin
1991 Fionnán Ó hÓgáin
1992 Aedín Ní Ghormlaigh
1993 Liza Nic Uidhir
1994 Conchúr Mac an Ultaigh
1995 Aodhán Ó Ríordáin
1996 Diarmuid Breathnach
Clíona Dukes
Rachel Ní Fhaoláin
1997 Éanna Ó Maoilearca
1998 Dónal Ó hIn
Donnacha Ó Síocháin
1999 Aifric Mac Aodha
Úna Ní Duinn
2000 (C) Brighid Breathnach
Cillín Mac Donnacha
2001 (C) Brighid Breathnach
Colmán Mac Séalaigh
2002 Éabha Ní Shiadhail
2003 Oisín Ó Searcóid
2004 (C) Séamus Ó Cearra
Oisín Chambers
2005 Tadhg Ó Rodaigh
2006 Proinsias Báicéir
2007 Séan Ó Leocháin
/2008 (C) agus Aindriú Ó Faoláin (C)
(Is do Chomhreachtaireacht a thagraíonn (C))
Lch 16