Aintín Áine is a hArracht...habairtí seo thíos ó Chaibidil 1 agus cuir isteach an phoncaíocht...

21
Aintín Áine is a hArracht

Transcript of Aintín Áine is a hArracht...habairtí seo thíos ó Chaibidil 1 agus cuir isteach an phoncaíocht...

Page 1: Aintín Áine is a hArracht...habairtí seo thíos ó Chaibidil 1 agus cuir isteach an phoncaíocht cheart. níl neart agam air a tharlaigh a mhínigh aintín áine an bhfuil sé sin

Aintín Áine is a hArracht

Page 2: Aintín Áine is a hArracht...habairtí seo thíos ó Chaibidil 1 agus cuir isteach an phoncaíocht cheart. níl neart agam air a tharlaigh a mhínigh aintín áine an bhfuil sé sin

1

Aintín Áine is a hArracht

Caibidil a hAon

Scéal Aintín Áine faoi Yeti

1. Amharc ar chlúdach, theideal agus bhlurba an leabhair. Baineann an leabhar seo le hAintín atá éagoiteann agus suimiúil. Déan do chlúdach, theideal agus bhlurba féin faoi charachtar a bhfuil aithne agatsa air nó uirthi.

2. Bíonn Aintín Áine ag caint ar arrachtaí éagsúla sa chaibidil seo. An

gcreideann tusa go bhfuil na harrachtaí a luaigh sí ann? Cad chuige? 3. Críochnaíonn an focal arracht ar –acht. Aimsigh focail eile ina bhfuil

acht ag tús, lár nó deireadh an fhocail. Úsáid foclóir nó leabhair eile le cuidiú leat.

4. Tugann Aintín Áine “A Tharlaigh” ar Tharlach agus í ag caint leis.

Liostaigh ainmneacha eile a athraíonn sa Ghaeilge ar an dóigh chéanna. Smaoinigh ar ainmneacha mar Seán, Máire, Séamas, Dónall, Ciara.

Page 3: Aintín Áine is a hArracht...habairtí seo thíos ó Chaibidil 1 agus cuir isteach an phoncaíocht cheart. níl neart agam air a tharlaigh a mhínigh aintín áine an bhfuil sé sin

2

5. Tá poncaíocht iontach tábhachtach sa scríbhneoireacht. Athscríobh na

habairtí seo thíos ó Chaibidil 1 agus cuir isteach an phoncaíocht cheart.

níl neart agam air a tharlaigh a mhínigh aintín áine

an bhfuil sé sin fíor arsa aintín áine

chonaic mé yeti uair amháin a thosaigh aintín áine

is arracht mór sneachta é an yeti atá ina chónaí sna himiléithe

6. Tugtar comhartha uaillbhreasa ar an chomhartha poncaíochta seo ! Scríobhtar é le haird a dhíriú ar an rud atá ráite.

Chuir sin iontas orm!

Chuir sin fearg orm! Chuir sin áthas an domhain orm! Scanraigh sin mé! Tá mé ag scairteadh!

Faigh samplaí eile ó Chaibidil 1 a léiríonn úsáid an chomhartha uaillbhreasa.

Scríobh 3 abairt dhifriúla ina bhfuil comhartha uaillbhreasa.

7. Deirtear go mbíonn an Yeti sna Himiléithe. Cuardaigh na Himiléithe ar chruinneog nó ar léarscáil.

Déan cur síos ar an Yeti, de réir Aintín Áine. Déan pictiúr de agus cuir lipéid air. Úsáid neart aidiachtaí sa chur síos.

Page 4: Aintín Áine is a hArracht...habairtí seo thíos ó Chaibidil 1 agus cuir isteach an phoncaíocht cheart. níl neart agam air a tharlaigh a mhínigh aintín áine an bhfuil sé sin

3

8. Cá háit a bhfuair an Yeti an banana, do bharúil, más rud é go raibh

cónaí air in áit fhuar? Scríobh síos ainm trí thoradh a itheann tú féin go rialta. Ainmnigh trí cinn a fhásann in Éirinn agus trí cinn nach bhfásann.

9. Aimsigh níos mó eolais ar an Yeti nó ar Ollphéist Loch Nis. Cad é do

bharúil féin de na harrachtaí seo sa deireadh?

Caibidil a Dó Gleann na nArrachtaí

1. Cad é mar a tháinig Aintín Áine ar Ghleann na nArrachtaí sa chéad áit? 2. Cad é mar a fuair an tArracht Scuab Phéinte a ainm?

3. Déan pictiúr den Arracht Scuab Phéinte a chonaic Aintín Áine i nGleann na nArrachtaí. Cuir lipéid ar chodanna an choirp m.sh. eireaball, béal, cluasa, srl.

Page 5: Aintín Áine is a hArracht...habairtí seo thíos ó Chaibidil 1 agus cuir isteach an phoncaíocht cheart. níl neart agam air a tharlaigh a mhínigh aintín áine an bhfuil sé sin

4

4. Cad chuige a raibh an tArracht Scuab Phéinte míshásta?

5. Bhí athair Tharlaigh ag rá go sílfidh daoine go bhfuil Aintín Áine ‘aisteach’. An dtig leat smaoineamh ar rudaí eile atá ‘aisteach’. Mar shampla, nach bhfuil sé aisteach go n-itheann bó féar glas ach go bhfuil an bainne bán? Smaoinigh ar thrí shampla eile de rudaí aisteacha a tharlaíonn sa domhan thart orainn.

6. Léigh an sliocht seo atá ar leathanach 9.

“B’éigean dom léim thar a dhroim le héalú.” Lig Aintín Áine osna agus

chroith sí a ceann. “Bhí an t-ádh orm, agus b’éigean dom mo lámh a

chur ar a dhroim le léim thairis...”

Tabhair faoi deara úsáid an réamhfhocail thar. Aimsigh dhá shampla den réamhfhocal seo sa sliocht thuas. Anois cuir isteach an leagan ceart den réamhfhocal céanna sna bearnaí sa sliocht seo thíos –

tharam tharat thairis thairsti tharainn tharaibh tharstu

Léim sí _________ an bhalla go gasta agus rith sí léi. Bhí na madaí sa

tóir uirthi. Go tobann thit sí chun tosaigh agus luigh sí ansin. D’fhan sí

ar an ionsaí ach in áit stopadh chuaigh na madaí ________ agus rith

siad ar aghaidh. D’imigh siad _____ an droichead agus ar aghaidh i

dtreo an bhaile. Rith muintir an bhaile leo i ngach treo nuair a chonaic

siad ag teacht iad. Thit cúpla páiste mar a thit an cailín ach arís rith na

madaí ________ gan suim acu iontu. Sa deireadh, tháinig siad chugam

féin. Bhí mé i bpoll sa talamh ach léim siad ________ agus d’imigh siad

leo.

Page 6: Aintín Áine is a hArracht...habairtí seo thíos ó Chaibidil 1 agus cuir isteach an phoncaíocht cheart. níl neart agam air a tharlaigh a mhínigh aintín áine an bhfuil sé sin

5

Caibidil a Trí

Cruthúnas de Dhíth ar Sheona Ní Shandair

1. Cad é a rinne an gailearaí pictiúr a bhí ina onóir mhór ag Aintín Áine? 2. Scríobh an t-alt a scríobh an nuachtán áitiúil ar chéad leathanach an

nuachtáin.

3. Cad é an fhadhb a bhí ag athair Tharlaigh le Seó Sheona Ní Shandair?

4. Cad é an cur síos a rinneadh ar an chuma a bhí ar Sheona Ní Shandair sa leabhar?

5. Is tusa Seona Ní Shandair agus tá Aintín Áine faoi agallamh agat. Scríobh síos 5 cheist ba mhaith leat a chur uirthi.

6. Mínigh i d’fhocail féin an rud a tharla san agallamh a rinne Aintín Áine le Seona Ní Shandair.

7. Déan cur síos ar an dá charachtar seo – Seona Ní Shandair agus Aintín Áine. Déan sceitse den bheirt acu agus scríobh na tréithe a bhaineann leo thart ar an sceitse.

Page 7: Aintín Áine is a hArracht...habairtí seo thíos ó Chaibidil 1 agus cuir isteach an phoncaíocht cheart. níl neart agam air a tharlaigh a mhínigh aintín áine an bhfuil sé sin

6

8. Tá an focal arracht sa leabhar seo go minic. In amanna feicfidh tú é

scríofa mar cos an arrachta é. An bhfeiceann tú gur athraigh an focal ag an deireadh? Tarlaíonn an t-athrú seo go minic sa Ghaeilge nuair is le rud amháin an rud eile. Tugtar an Tuiseal Gineadach air seo!

Amharc ar na frásaí seo. Scríobh amach an bunfhocal agus an dóigh ar athraigh sé. An bhfeiceann tú patrún leis na cinn seo? Faigh samplaí eile i do leabhar agus scríobh ar an liosta iad.

Tús an nuachtáin Deireadh an leabhair Cúl an ranga Bun an locha

9. Bíonn Seona Ní Shandair ag caint san agallamh ar ‘fhianaise’. Mínigh an focal sin agus pléigh an méid atá thíos le do mhúinteoir.

Cén fhianaise atá againn: 1. go raibh na Lochlannaigh in Éirinn; 2. go raibh na dineasáir ann; 3. gur sféar é an domhan.

Fiosraigh ceann de na ceisteanna seo, nó ceist éigin eile. Cuardaigh eolas i leabhair eile nó ar líne.

Is mise an tUasal Gineadach!

Nach tú atá greannmhar! Is mise iníon an tuisil ghinidigh!

Page 8: Aintín Áine is a hArracht...habairtí seo thíos ó Chaibidil 1 agus cuir isteach an phoncaíocht cheart. níl neart agam air a tharlaigh a mhínigh aintín áine an bhfuil sé sin

7

Caibidil a Ceathair Teacht Sheáin Mhic Gabhann

1. Cad chuige a raibh athair Tharlaigh buartha faoin chlár teilifíse? 2. Scríobh ceannteideal agus alt magúil tú féin faoi na harrachtaí atá luaite

sna nuachtáin áitiúila.

3. Cad é do bharúil den phlean a bhí ag Seán Mac Gabhann?

4. Scríobh dhá chás do dhíospóireacht. Cás Aintín Áine gan Gleann na nArrachtaí a dhíol. Cás Sheáin Mhic Gabhann an Gleann a dhíol agus plean s’aige féin a chur i bhfeidhm.

5. Is minic a scríobhtar d’fhiafraigh nuair a bhíonn ceist á cur. m.sh.“Cad chuige nach bhfuil siad de dhíth orthu níos mó?” a d’fhiafraigh mé. Scríobh trí abairt eile ag úsáid d’fhiafraigh.

6. Scríobh focail a bhfuil rím acu leis na focail thíos atá sa chaibidil seo: orm rinne náire tú chuaigh eile

Úsáid na focail atá agat anois le dán gairid le rím a scríobh – ní chaithfidh ciall a bheith leis!

Page 9: Aintín Áine is a hArracht...habairtí seo thíos ó Chaibidil 1 agus cuir isteach an phoncaíocht cheart. níl neart agam air a tharlaigh a mhínigh aintín áine an bhfuil sé sin

8

7. Is minic focal beag taobh istigh d’fhocal níos mó:

Aimsigh na focail bheaga atá sna focail seo:

daoine seachtain amadán Leigh an chaibidil seo arís agus cuardaigh focail fhada eile ina bhfuil focail bheaga.

Caibidil a Cúig Mise agus Aintín Áine ag Imeacht

1. Cad chuige nach raibh Seán Mac Gabhann ag iarraidh a rá le duine ar bith cá háit a raibh Gleann na nArrachtaí?

2. Cad chuige ar thaistil siad i mbalún?

3. Cad é mar a mhothaigh Tarlach agus é sa bhalún? Cad chuige ar mhothaigh sé mar sin?

4. Bhí dath glas ar an bhalún “sa dóigh nach féidir é a fheiceáil i measc na gcrann sa ghleann”. Tugtar ‘duaithníocht’ air seo. Ainmnigh 3 ainmhí a úsáideann duaithníocht agus cuir síos ar an dóigh a n-úsáideann siad í. Cad chuige a ndéanann ainmhithe seo? Dá mba rud é go dtiocfadh leatsa bheith faoi dhuaithníocht, cad é a dhéanfá? Cad chuige?

maith - ith athair - air

Page 10: Aintín Áine is a hArracht...habairtí seo thíos ó Chaibidil 1 agus cuir isteach an phoncaíocht cheart. níl neart agam air a tharlaigh a mhínigh aintín áine an bhfuil sé sin

9

5. Rinne Aintín Áine agus Tarlach cuid mhór taistil in eitleáin.

Dá dtiocfadh leat dul ar turas in eitleán áit ar bith ar domhan, cá háit a rachfá? Cad chuige? Cé a thabharfá leat?

6. Is fear gnó é Seán Mac Gabhann. Dá mba rud é go raibh tusa i do

bhean/fhear gnó cén cineál gnó a bheadh agat? Cad chuige? Cá háit? Cá mhéad duine eile a bheadh ag obair leat? Déan cur síos iomlán ar do ghnó.

7. Ar leathanach 38 dúirt athair Tharlaigh le hAintín Áine,

“Ba mhaith liom tú na rudaí seo a dhéanamh go dleathach.” Ciallaíonn dleathach go bhfuil sé déanta de réir an dlí. Is é mídhleathach a mhalairt.

Scríobh 5 rud atá mídhleathach in Éirinn, m.sh: Tá sé mídhleathach toitíní a dhíol le páistí.

8. I ndiaidh sílim athraíonn an briathar a thagann ina dhiaidh, m.sh.

Ceartaigh caint an bhabaí thíos!

Bháá – sílim tá mé tinn!

Ó – ná bí ag caint mar bhabaí! Sílim go bhfuil mé tinn atá ann!

Sílim - chonaic mé do chara

Sílim - beidh an chraic ar dóigh Sílim - tá sé

iontach greannmhar

Page 11: Aintín Áine is a hArracht...habairtí seo thíos ó Chaibidil 1 agus cuir isteach an phoncaíocht cheart. níl neart agam air a tharlaigh a mhínigh aintín áine an bhfuil sé sin

10

Caibidil a Sé Nuair a Chonaic mé Cuid den Arracht

1. Scríobh cur síos ar Ghleann na nArrachtaí mar a chonaic Tarlach é ón bhalún the.

2. Cén dóigh a raibh Seán Mac Gabhann ag dul a thabhairt daoine isteach

go Gleann na nArrachtaí?

3. Cad é mar a mhothaigh Tarlach nuair a chonaic sé an tArracht den

chéad uair? 4. Deir sé ar lch 40 go raibh ‘taobhanna crochta creagacha’ ag an

ghleann. Go minic sa Ghaeilge cuirtear dhá aidiacht le chéile mar seo.

Go minic fosta tosaíonn an dá aidiacht leis an litir chéanna, tugtar ‘uaim’ air seo. Cuireann sé go mór leis an scéal nuair a úsáidtear aidiachtaí mar seo. Cuir dhá aidiacht leis na hainmfhocail thíos. Úsáid uaim nuair is féidir leat.

cailín.................................... teach ...............................................

fear ..................................... múinteoir ........................................

bronntanas ......................... leabhar ............................................

madadh .............................. capall ...............................................

crann .................................. tábla ................................................

Page 12: Aintín Áine is a hArracht...habairtí seo thíos ó Chaibidil 1 agus cuir isteach an phoncaíocht cheart. níl neart agam air a tharlaigh a mhínigh aintín áine an bhfuil sé sin

11

5. Tá roinnt briathra sa scéal scríofa san aimsir chaite. Athscríobh an sliocht seo thíos san aimsir fháistineach.

D’amharc mé tríd na craobhacha. Ansin, chonaic mé an tArracht Scuab

Phéinte. Bhuel, chonaic mé cuid de, eireaball catach corcra agus cos

amháin le crúba uirthi. Bhí an chuid eile den arracht i bhfolach. Tháinig

eagla orm. Bhí sé i bhfad níos mó ná mar a bhí sa phictiúr.

6. Bhí Seán Mac Gabhann ag dul a úsáid ollscartairí leis an fhoras a ghlanadh. Mínigh an focal ollscartaire i d’fhocail féin. Úsáidtear an réimír oll- sa Ghaeilge nuair atá rud mór i gceist. Liostaigh focail eile ar feidir an réimír oll- a chur rompu.

7. Aimsigh uimhir iolra na bhfocal atá ar an tábla thíos. Tá siad uilig le

léamh sa chaibidil seo. An bhfeiceann tú patrún? Cuir na focail a leanann an patrún céanna le chéile ar do thábla féin agus aimsigh samplaí eile le cur leo.

uatha iolra

ollscartaire arracht scuab balún crann fuaim foraois ciseán taobh

Page 13: Aintín Áine is a hArracht...habairtí seo thíos ó Chaibidil 1 agus cuir isteach an phoncaíocht cheart. níl neart agam air a tharlaigh a mhínigh aintín áine an bhfuil sé sin

12

Caibidil a Seacht

Rug Muid ar an Arracht

1. Cad chuige nach raibh Tarlach ag iarraidh an tArracht a mhúscailt? 2. Cad é a dhéanfá féin dá mba rud é gur tusa Tarlach? Cad chuige?

3. Déan liosta de na briathra atá in úsáid sa chaibidil seo.

4. Tá an abairt seo ar leathanach 47 –

“Tá sé ag dul isteach!” arsa Tarlach de chogar Tá Tarlach ag caint ar an Arracht. Cad chuige a ndeir sé de chogar? Scríobh 3 rud a déarfá leis an chara is fearr agat de chogar.

5. Ainmnigh dhá rud a chuir Aintín Áine sa ghaiste leis an Arracht a mhealladh isteach.

6. Cad é mar a d’éirigh leo an tArracht a cheapadh? Déan cur síos i

d’fhocail féin. 7. Cad é a rinne Aintín Áine agus Tarlach leis an arracht sa deireadh?

Page 14: Aintín Áine is a hArracht...habairtí seo thíos ó Chaibidil 1 agus cuir isteach an phoncaíocht cheart. níl neart agam air a tharlaigh a mhínigh aintín áine an bhfuil sé sin

13

8. Cuir i gcás gur tusa Séan Mac Gabhann agus go bhfaca tú Aintín Áine

agus Tarlach ag imeacht ón fhoraois leis an Arracht sa bhalún. Cad é a scairtfeá leo?

Scríobh amach 5 abairt dhifriúla.

Úsáid neart comharthaí uaillbhreasa!!!!!!!

9. Is minic a bhíonn an focal arsa ann agus muid ag léiriú go bhfuil daoine ag caint. Is féidir focail eile a úsáid fosta leis an scríbhneoireacht a dhéanamh níos éifeachtaí.

Líon na bearnaí sna habairtí thíos leis an fhocal is éifeachtaí:

“Ná déan sin!” ____________ Mamaí. “ 2+2 = 4,” _____________ an múinteoir.

“Cé atá ag dul leat?” _____________ Tarlach.

“ 243, sílim,” _________________ Pól. “B’fhearr liom bheith i mo leaba,” a ____________ Máire. “Gabh amach as sin anois láithreach!” ______________ an garda. “Cuidigh liom, cuidigh liom,” _____________ sí agus an teach trí thine.

a scairt a d’fhreagair a dúirt a d’fhiafraigh

a scread a mhínigh a mheabhraigh

Mmmm!

Page 15: Aintín Áine is a hArracht...habairtí seo thíos ó Chaibidil 1 agus cuir isteach an phoncaíocht cheart. níl neart agam air a tharlaigh a mhínigh aintín áine an bhfuil sé sin

14

Caibidil a hOcht An tArracht ag Teacht Linn

1. Cad é mar a bhagair Seán Mac Gabhann ar Aintín Áine agus Tarlach

ag tús na caibidle? 2. Cad iad na fiacla a bhrúigh an t-arracht i dtreo chloigeann Sheáin Mhic

Gabhann? Déan sceitse de bhéal agus léirigh na starrfhiacla air.

3. Rith Seán Mac Gabhann agus rith an t-arracht ina dhiaidh. Críochnaigh na habairtí eile seo leis an leagan ceart den fhrása seo. Ansin scríobh roinnt abairtí de do chuid féin.

i mo dhiaidh i do dhiaidh ina dhiaidh ina diaidh inár ndiaidh

Rith Máire agus rith an madadh beag _________________.

Déan deifir, a Shéamais, tá an mac tíre ________________.

Bhí Mícheál _____________ sa scuaine don phictiúrlann.

“An raibh an cailín sin romhat nó ____________?” arsa bean an tsiopa.

Chuaigh Seán abhaile agus ní raibh a mhamaí i bhfad ____________.

4. An síleann tú go bhfuil an ceart ag Aintín Áine faoi Sheán Mac Gabhann ag iarraidh díoltas a bhaint amach? Déan cur síos ar Sheán Mac Gabhann ón aithne atá againn air go dtí seo. Déan do chur síos i bhfoirm póstaeir dar teideal - Coinnigh súil amach don fhear seo!

Cé atá i mo dhiaidh ansin?

Page 16: Aintín Áine is a hArracht...habairtí seo thíos ó Chaibidil 1 agus cuir isteach an phoncaíocht cheart. níl neart agam air a tharlaigh a mhínigh aintín áine an bhfuil sé sin

15

5. Cad é mar a d’imigh an tArracht Scuab Phéinte sa bhalún sa deireadh?

6. Tá cur síos ar leathanach 60 ar an dóigh a gceolann arrachtaí san oíche. Abair go bhfuil focail leis an amhrán seo. Scríobh do leagan féin den amhrán seo – b’fhéidir gur mhaith leat é a cheol don rang!

7. Cad é mar a thaistil an tArracht Scuab Phéinte ar ais go tír Aintín Áine?

8. Léigh an chaibidil seo arís. Déan liosta de na focail uilig ina bhfuil na fuaimeanna thíos. Faigh samplaí ag tús, lár agus deireadh focal.

th ch mh

sh ng dh

Page 17: Aintín Áine is a hArracht...habairtí seo thíos ó Chaibidil 1 agus cuir isteach an phoncaíocht cheart. níl neart agam air a tharlaigh a mhínigh aintín áine an bhfuil sé sin

16

Caibidil a Naoi

Chuir Aintín Áine Ciste ar Bun

1. Cad é an moladh a bhí ag Tarlach d’Aintín Áine maidir leis an arracht a choinneail?

2. Cad chuige a raibh Aintín Áine iontach sásta le Tarlach?

3. Cad é a bhí Aintín Áine ag dul a dhéanamh leis an airgead a fuair sí?

4. Mínigh an dóigh a raibh athair Tharlaigh contráilte faoi Aintín Áine?

5. Cad chuige a mbeadh ar Sheán Mac Gabhann Gleann na nArrachtaí a dhíol?

6. Bhí an tArracht Scuab Phéinte ina chónaí sa chúlghairdín ag Aintín

Áine. Cad é a cineál arrachta ba mhaith leatsa a bheith agat féin sa chúlghairdín. Déan cuir síos air agus pictiúr de agus déan pictiúr den áit chónaithe a bheadh aige.

Page 18: Aintín Áine is a hArracht...habairtí seo thíos ó Chaibidil 1 agus cuir isteach an phoncaíocht cheart. níl neart agam air a tharlaigh a mhínigh aintín áine an bhfuil sé sin

17

7. Bhí comharsana Aintín Áine ag gearán faoin arracht. Cuir i gcás go

ndeachaigh siad faoi agallamh ag an nuachtán áitiúil. Scríobh an t-alt a bhí sa nuachtán an lá dár gcionn.

8. Úsáidtear camóga le liostaí a chur in iúl i scéalta.

m.sh. Is maith liom úlla, bananaí, piorraí agus oráistí.

, , , , , , , , , , , , , , , , Tabhair faoi deara go bhfuil an chamóg ann in áit agus a scríobh i ndiaidh gach focail. Go minic fágtar an agus deireanach san abairt. Cuardaigh an abairt seo ar leathanach 66. Amharc ar an chamóg inti.

Ansin rinne sé crónán, dhruid a shúile agus thit ina chodladh.

Cuir camóga sna háiteanna cuí sna habairtí seo thíos. In amanna, beidh ort an agus a bhaint amach ar fad! Is maith liom milseán agus cístí agus líreacáin cé nach bhfuil siad maith dom. Tóg do mhála agus do hata agus do chóta agus do bhróga den urlár! Léim sé in airde agus rith sé leis agus d’imigh sé as radharc go hiontach gasta. Léigh sé an leabhar agus dhruid sé go crua é agus chuir sé síos ar an talamh é. Scairt sí in ard a cinn agus thosaigh a chaoineadh agus thóg sí an bata agus chuaigh sí sa tóir air.

Caith an agus sa bhruscar!

Page 19: Aintín Áine is a hArracht...habairtí seo thíos ó Chaibidil 1 agus cuir isteach an phoncaíocht cheart. níl neart agam air a tharlaigh a mhínigh aintín áine an bhfuil sé sin

18

Caibidil a Deich

Aintín Áine ag Imeacht chuig Áit Eile

1. Déan cur síos i d’fhocail féin ar na rudaí uilig a tharla d’Aintín Áine sa deireadh.

2. Cad é mar a théann daoine go Gleann na nArrachtaí anois?

3. Tá focal ar leathanach 76, arrachtcheam. Níl an focal seo ar an fhoclóir. Tá sé cumtha ag an scríbhneoir. Is chomhfhocail é – dhá fhocal curtha le chéile le focal eile a dhéanamh. Cad é do bharúil a chiallaíonn sé? Smaoinigh ar shamplaí eile mar carrchlós, páistechairdiúil. Liostaigh samplaím eile.

An dtig leat focail eile a chur roimh ceam agus chomhfhocal de do chuid féin a dhéanamh.

4. Déan do phictiúr féin d’arracht le cur i ngailearaí Aintín Áine. 5. Déan bileog eolais ag iarraidh daoine a mhealladh chuig Gleann na

nArrachtaí ar saoire. Amharc ar bhileoga agus leabhair eile faoi laethanta saoire le smaointe a fháil.

Ná déan dearmad ar an séimhiú sa dara cuid den chomhfhocal !

Page 20: Aintín Áine is a hArracht...habairtí seo thíos ó Chaibidil 1 agus cuir isteach an phoncaíocht cheart. níl neart agam air a tharlaigh a mhínigh aintín áine an bhfuil sé sin

19

6. Cad é a chiallaíonn na litreacha SOS? Aimsigh eolas faoi úsáid na litreacha seo i leabhar eolais nó ar an idirlíon.

7. Léigh leathanach 10 arís.

Aimsigh samplaí d’fhocail ina bhfuil an fhuaim t. Ar thug tú faoi deara go bhfuil dhá dhóigh ann leis an litir seo a fhuaimniú? An dtig leat seo a mhíniú? Déan dhá liosta mar atá déanta thíos de na focail seo le samplaí éagsúla den t.

t tá t tinn

8. Scríobh leathanach don suíomh idirlín SOS Arracht. Cad é an sórt eolais, do bharúil, atá ar an suíomh seo? Cén sórt eolais a bheadh úsáideach ag daoine?

Page 21: Aintín Áine is a hArracht...habairtí seo thíos ó Chaibidil 1 agus cuir isteach an phoncaíocht cheart. níl neart agam air a tharlaigh a mhínigh aintín áine an bhfuil sé sin

20

Ón Údar agus Ón Mhaisitheoir

1. Cad é do bharúil den stíl inar scríobhadh an leabhar seo? 2. An bhfuil píosa scríbhneoireachta ar leith sa leabhar a thaitin leat? Cad

chuige ar thaitin sé seo leat?

3. Cuimhnigh gur aistriúchán atá sa leabhar seo. Scríobh an t-údar seo i mBéarla é agus aistríodh go Gaeilge é. An síleann tú gur rud maith é an nós seo leabhair a aistriú go teangacha eile?

4. Cad é do bharúil de na pictiúir atá sa leabhar seo? Cad é an stíl atá ann agus an dtéann an stíl áirithe seo leis an scéal?

5. Roghnaigh pictiúr a thaitin leat agus déan iarracht é a chóipeáil i do leabhar féin.