AbairLeat BEO- Leabhrán Eolais

20
An tslí is éasca agus is spraíúla Gaeilge a úsáid ar líne www.abairleat.com Gréasán úrnua na Gaeilge

description

Cur síos ar an ngréasán úrnua AbairLeat BEO

Transcript of AbairLeat BEO- Leabhrán Eolais

Page 1: AbairLeat BEO- Leabhrán Eolais

An tslí is éasca agus is spraíúla Gaeilge a úsáid ar línewww.abairleat.com

Gréasán úrnua na Gaeilge

Page 2: AbairLeat BEO- Leabhrán Eolais

A chairde, Tá an gréasán sóisialta úrnua AbairLeat le seoladh ar an 27 Feabhra.

Tá cuma álainn ar an suíomh agus tá na príomhghnéithe ar fad a

bhaineann le líonraí sóisialta intógtha ann.

Tagann sé i dtír ar an tóir mhór atá ar shuíomhanna sóisialta eile

trí cheangal go díreach le Facebook agus Twitter.

Ní ardán tráchtála é agus tá sé saor in aisce do chuile

dhuine ar mhian leo é a úsáid. Bunriachtanas an ardáin ná go

mbeadh 70% Gaeilge i ngach píosa téacs a fhoilseofar. Is coin-

cheap úrnua é seo agus níl suíomh mar é in aon teanga eile.

Tá an bogábhar a thiomáineann é tógtha go hiomlán as an nua.

Tá sé an-éasca le húsáid toisc tacaíocht do litriú agus

d’aistriúchán a bheith intógtha ann.

Ba mhaith linn a cheapadh gur acmhainn chomhaimseartha é

seo a chuirfidh go mór le húsáid na Gaeilge ar bhealach a bheas

taitneamhach, spraíúil agus neamhfhoirmiúil.

Chuaigh go leor oibre isteach i réiteach an tsuímh ach is anois a thosaíonn an obair

mhór, sé sin ag iarraidh úsáideoirí a mhealladh chun clárú leis an suíomh.

Aithnítear gur easpa deiseanna an teanga a úsáid ar bhealach spraíúil, taitneam-

hach ceann de na cúiseanna go mbíonn deacrachtaí ag foghlaimeoirí nascadh léi.

Toisc gur ar úsáid neamhfhoirmiúil na teanga atá AbairLeat! dírithe, tá buntáistí

ollmhóra ann d’fhoghlaimeoirí.

Seoladh leagan béiteMí na Nollag 2011

Mícheál Ó Foighil

[email protected]

Leathanach RangaBealach simplí, éifeachtach an t-ardán a úsáid sa rang Gaeilge ná leathanach ranga a chruthú.

1. Ní theastaíonn ach ainm úsáideora (i.e Scoil Eoin Bl2b ) agus seoladh ríomhphoist.

2. Ansin, leanann na scoláirí an leathanach ranga.

3. Postálann múinteoir ábhar i bhfoirm pictiúr nó físeán ar an leathnach. Is féidir postálacha a chomhroinnt go príob-háideach leis an rang má thograítear.

4. Tugann na scoláirí a gcuid tuairimí faoin ábhar agus is féidir leo tagairtí a dhéanamh ar smaointí a chéile chomh maith.

Leathanach ScoileAn-éasca leathanach scoile a chruthú chun nuacht as Gaeilge, a roinnt le pobal uilig na scoile.

Page 3: AbairLeat BEO- Leabhrán Eolais
Page 4: AbairLeat BEO- Leabhrán Eolais
Page 5: AbairLeat BEO- Leabhrán Eolais

•  Ní aithníonn sé an “t-” roimh ghutaí•  Tugann sé léamh míchruinn go minic (ní i gcónaí) ar fhocail a chríochnaíonn ar  “n” nó “nn”•  Bíonn an fhadhb chéanna le “ t” ag deireadh focail ó am go ham.•  Bíonn roinnt de na moltaí “briste” ina dhá chuid in áit a bheith mar aon fhocal amháin.  Tá sé i gceist córas eile seachas Pspell a úsáid ach tógfaidh sé roinnt seachtainí sula mbeidh sé seo déanta.

Tá roinnt easnamh leis an litriú faoi láthair

Page 6: AbairLeat BEO- Leabhrán Eolais

1. UaslódáilRoghnaigh na comhaid media ar mhaith leat a uaslódáil. Is cuma aníomhánna nó físeáin iad.

2. EagraighIs féidir cur síos a dhéanamh ar an nuashonra más mian leat. Is féidir chomh maith físeáin ó YouTube / Vimeo nó íomhánna ó Flicker 7sl ... a neadú agus nascanna eile a hipearnascadh.

3. PostáilCliceáil amháin eile agus beidh do nuashonra postáilte ní hamháin chuig AbairLeat ach chuig Facebook agus Twitter chomh maith más mian leat.

Page 7: AbairLeat BEO- Leabhrán Eolais
Page 8: AbairLeat BEO- Leabhrán Eolais

Signeáil suas Ní theastaíonn ach ainm úsáideora , seoladh ríomhphoist agus pasfhocal.

Éasca ClárúNí bheidh tú ach dhá mheandar leis

Chomh héasca leis sinCaithfidh baill a bheith os cionn trí bliana déag d’aois.

Roghnaigh roinnt daoine suimiúlaMoltar baill ar leith ar féidir leat iad a leanacht

Scaip an scéal Bealach simplí chun cuireadh a chuir chuig cairde tú a leanacht ar Facebook, Gmail ....7rl.

Page 9: AbairLeat BEO- Leabhrán Eolais

Clibeáil, Uathphostáil, Socruithe Comhroinnte, Tagairtí.Rudaí breise ar féidir leat a dhéanamh le do nuashonra.

Page 10: AbairLeat BEO- Leabhrán Eolais
Page 11: AbairLeat BEO- Leabhrán Eolais
Page 12: AbairLeat BEO- Leabhrán Eolais

Nuacht TG4Tá Nuacht TG4 ag súil go mór le bheith ag obair le Abairleat.com. Bíonn iriseoirí Nuacht TG4 ag obair fud fad na tíre le seirbhís chuimsitheach nu-achta a sholáthar. Beidh teacht ag úsáideoirí Abairleat.com ar scothscéalta na nuachta agus beimíd ag cur lenár soláthar ar líne de réir a chéile.

Chuige sin, ba bhreá linn aiseolas a fháil ó mhúinteoirí, ó mhicléinn agus úsáidéoirí Abairleat.com. Bígí i dteagm-háil linn!

RTÉ Raidió na GaeltachtaIs stáisiún raidió náisiúnta é RTÉ Raidió na Gaeltachta, nó RnaG mar a thugtar go minic air, le ceanncheathrú i gConamara agus stáisiúin eile i nGaeltachtaí Thír Chonaill agus Chiarraí, agus i nDomhnach Broc i mBaile Átha Cliath. Cuireann daoine óga an-spéis go háirithe sna cláracha ceoil istoíche ó 9pm ar ANOCHT fm ar an stáisiún, agus sna cláracha spóirt ag an deireadh seachtaine.

Tá siad ar Twitter @RTERnaG, agus tá siad ar Face-book ag Raidió na Gaeltachta Oifigiúil.

PONCIs bloc spleodrach siamsaíochta é PONC ar TG4, cur-tha i láthair Máire Treasa Ní Dhubhghaill agus Colmán Mac Séalaigh. Bíonn meascán de chláracha drámaíochta, siam-saíochta agus sraitheanna réalaíocha le féiceáil Luan-Aoine óna 6-7. Mar chuid den bhloc tá dhá chlár leath h-uaire; PONC XL, a dhíríonn isteach ar réimse leathan imeachtaí, idir eachtraí spóirt agus siamsaíochta go faisean agus ceol agus PONC@NA MOVIES, áit a bh-feictear agallaimh leis na réalta agus na léarmhasanna scannáin is déanaí.

Lean muid ar Abairleat!

Against backgroundAgainst white

Pantone 576

B&W against backgroundB&W against white

Page 13: AbairLeat BEO- Leabhrán Eolais

FoinseTá Foinse, Príomhnuachtán Náisiúnta na Gaeilge, ar Abair Leat anois! Nuashonrófar leathanach Abair Leat Foinse go rialta le hailt, pictiúir agus físeáin éagsúla i nGaeilge d’ardchaighdeán.

Beidh do scoláirí i dtaithí ar Foinse sa Rang agus ar Foinse Óg in Foinse, a dháiltear gach Céadaoin leis an Irish Independent, agus anois is féidir leo tuilleadh feab-hais a chur ar a nGaeilge trí logáil isteach ar Abair Leat agus Foinse a leanúint.

ROS na RÚNSobaldráma is ea Ros na Rún atá lonnaithe i mbaile samhailteach in iarthar na hÉireann agus é bunaithe ar shaol baile agus gairme na ndaoine atá ina gcónaí ann. Craoladh an chéad sraith de Ros na Rún i 1994, an léiriúcháin neamhspleách is mó riamh i stair chraoltói-reachta na tíre seo.Sé séasúr 16 atá ann agus is séasúr 16 de Ros na Rún ar an gceann is drámatúla agus is conspóidí fós. Cas-faidh muid leis na seancharachtair is ansa linn Tadhg, Frances agus Séamus san áireamh agus iad chomh siamsúil agus chomh spleodrach agus a bhí riamh. Comhléiriúchán de chuid Eo Teilifís agus Tyrone Productions is ea an sobaldráma seo do TG4

GaelscéalIs í aidhm shuíomh oideachais Gaelscéal na a bheith ina hacmhainn ar líne chun bunachar sonraí ábhar oideachais a fhorbairt agus a sholáthar do mhúinteoirí agus daltaí trí mhéan na Gaeilge le tacú i gcomhlíonadh curaclaim na Gaeilge, an OSSP agus an OSPS.

Lean muid ar Abairleat!

Page 14: AbairLeat BEO- Leabhrán Eolais

Raidió na LifeIs stáisiún raidió pobail é Raidió na Life atá le cloisteáil ar fud Bhaile Átha Cliath agus ar fud an domhain ar líne ag www.raidionalife.ie. Clúdaítear gach ábhar faoin spéir ar Raidió na Life - ó cheol go spórt go cláracha ar chúrsaí oideachais (an ardteist go háirithe) agus bíonn an-chuid de na cláir dírithe ar dhaoine óga don chuid is mó. Is áit iontach í do dhaoine óga le suim acu sna meáin chumarsáide chun taithí a fháil agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh i mbealach éagsúil. Cuireann Raidió na Life áiteanna ar fáil do dhaltaí scoile táithí oi-bre seachtaine/coicíse a dhéanamh agus is iomaí duine a d’fhan linn ina dhiaidh sin chun bheith mar láithreoir ar Raidió na Life 106.4fm – Cuisle na Cathrach! Bígí linn!

FíbínDrámaí, pictiúir, físeán, tuairimí, comórtas agus go leoir eile. Fíbín, níos mó na drámaíocht !

Ar lch. Fíbín, beidh físeáin, pictiúir, agallaimh agus eolas breise faoin obair ar fad a bhíonn ar siúl againn. Beidh deis agat tuairimí an stiúrthóra agus na haisteoirí a chloisreáil dhuit fhéin.

Tá go leor tograí ar bun ag Fíbín atá dírithe ar an obair a bhíonn ar siúl agaibh. Bígí idirghníomhach linn!

BranarBíonn Branar ag taistil na Tíre ag cur beocht i ranganna Gaeilge trí mheán na drámaíochta. Lean muid chun tuil-leadh eolas a fháil faoi na léirithe agus ceardlanna atá ar siúl againn

Lean muid ar Abairleat!

Page 15: AbairLeat BEO- Leabhrán Eolais

TG Lurgan Tá stór breá d’amhráin a taifeadadh sa gcoláiste le roinnt de bhianta anuas ag TG Lurgan. Tá i ngar do leath-mhilliún seinm déanta orthu, idirl YouTube agus Vimeo. Beidh roinnt mhaith amhráin nua a chur ar leathanach TG Lurgan as seo go ceann dha mhí eile. Leanagaí TG Lurgan agus beidh siad ar bhur leatha-nach baile fhéin a luaithe agus a bpostálfar iad.

Nuacht an LaeLeathanach ar chúrsaí reatha ina mbíónn mórscéalta chomh maith le ceanna nach bhfuil chomh mór sin léirithe ag úsáid íomhánna agus físeáin. Is féidir páirt a ghlacadh i ndíospóireacht i dtaobh aon cheann de scé-alta.

Cas Amhrán Tá cuid mhór amhráin breátha as Gaeige ar fáil ar líne.Beidh siad á mbailiú le chéile ar aon leathanach amháin againn anseo ar Cas Amhrán.Lean Cas Amhrán agus fanagí i dtiúin leis na traiceanna is mó tóir as Gaeilge.

Físeán an LaeRogha leatan d’fhíseáin fíor-spéisiúla nach bhfuil as Béarla. Lean muid agus beidh gearrscannáin den scoth ag fanacht ort ar do leathanach baile fein chuile lá.

Lean muid ar Abairleat!

Page 16: AbairLeat BEO- Leabhrán Eolais

Lean muid ar Abairleat!

Scoil – Eolaíocht Breathnaigh, éist agus foghlaim. Tá os cionn 40 físeán eolaíochta as Gaeilge ar an leathanach seo.

Beidh an-fháilte roimh eolas & nótaí breise a chur le haon cheann de na toipicí atá clúdaithe..

Scoil- ScéaltaComhaid audio atá ar an leathanach seo. Scéalta, dánta ..7rl I bhfoirm audio. Beidh go leor ábhair eile á chuir ar an leathanach amach anseo.

Scoil – Físeáin Foinse breá d’ábhar foghlama is ea físeáin agus ge-arrscannáin as Gaeilge. Ar an leathanach seo beidh bailiúchán de na físeáin Gaeilge is fearr atá ar líne. Lean Scoil-Físeáin agus beidh tú ar an eolas a luaithe agus a chuirfear aon mhír nua leis an mbailiúchán.

Scoil- AbairLeat!Físeáin teagaisc d’fhoghlaimeoirí atá ar an leathanach seo. Tagann na físeáin ón gcúrsa teagaisc AbairLeat! Beidh sraith eile d’fhíseáin teagaisc le réiteach an samhradh seo chugainn.

Page 17: AbairLeat BEO- Leabhrán Eolais

Apps Fóin

Android & iPhoneNí bheidh ardán AbairLeat! críochnaithe go mbeidh Apps fóin ag dul leis.Is dúshlán sách mór é na critéir teanga a bhaineann leis an leagan web a chur i bhfeidm ar apps fóin.

Tá cur chuige cliste aimsithe againn leis seo a dhéanamh agus tá muid ag súil go mbeidh na apps seo tógtha faoi Mheán Fómhair 2012.

Lean muid ar Abairleat! An Chéad Chéim Eile

RíomhchainteoirTá ríomchainteoir den scoth forbartha ag an tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra i gColáiste na Tríonóide.Le caoinchead Scoil na nEolaíochta, Teangeolaíochta, Urlabhra agus Cu-marsáide tá sé i gceist go mbeadh nasc le Abair.ie intógtha ar chomhéadan postála AbairLeat!Fágfaidh seo go mbeidh sintéis fuaime i gcanúintí éagsúla ar fáil d’úsáideoirí AbairLeat.

Foclóir & ThesaurusTá muid ag súil le nascanna chuig Focal.ie agus PotaFocal a shníomh leis an gcomhéadan postála chomh maith.

Page 18: AbairLeat BEO- Leabhrán Eolais

App TG Lurgan Bealach taitneamnach le fanacht i dtiún leis an teanga ná a bheith ag éisteacht le hamhráin as Gaeilge.

Tá bailiúchán breá d’amhráin chomhaimseartha taifeadta le linn na gcúrsaí samhraidh le roinnt blianta anuas. Amhráin nuachumtha chomh maith le leaganacha Gaeilge d’amhráin Bhéarla atá iontu.

Is féidir leagan android de app TG Lurgan a íoslódáil saor in aisce. Beidh an leagan iPhone ar fáil ag deireadh mhí na Márta.

Chun na físeáin go léir a fheicéail téigh chuig:http://www.lurgan.biz http://www.vimeo.com/lurganhttp://www.youtube.com/user/tglurgan

Page 19: AbairLeat BEO- Leabhrán Eolais

Is ardán do bhainistiú ábhar teagaisc é AbairLeat OIDE atá á fhorbairt ag Coláiste Lurgan le roinnt de bhlianta.

Tá leasaithe móra á dhéanamh air I láthair na huaire toisc go bhfuil in-nealra nua taifeadta á chur leis.Is féidir gach eolas a fháil faoi sa leabhar digiteach atá ar an gcuid OIDE den suíomh.

Tá trí chinéal tásc / cleachtadh ar an ardán.

Cleachtaí Glasa: Áit a dhéanann baill a gcuid taifaid fhéin trí a bheith ag aithris ar audios cainteoirí dúchasacha.

Cleachtaí dearga: Táscanna féin cheartaithe bunaithe ar audios, íomhánna agus físeáin.

Cleachtaí Gorma: Déanann foghlaimeoirí a gcuid frea-graí do cheisteanna réamhshocraithe a thaifead. Déanann múinteoir measúnú ar na taifid agus tugann siad aiseolas dona scoláirí ag úsáid an ardáin.

Tutorial ar fáil:Bealach éasca tutorial éifeachtach a eagrú ná Skype Screen-sharing a úsáid.Ní theastaíonn ach an leagan is deireanaí de Skype agus ceangailt leathanbhanda.

Más mian le múinteoir / grúpa múinteoirí nó rang, tutorial a eagrú – téigh I dteagmhái le [email protected] agus socróidh muid am feiliúnach.

Page 20: AbairLeat BEO- Leabhrán Eolais

www.abairleat.com