Ceacht...Ar an 28ú Meán Fómhair 2012 sheol Naoise Ó Muirí, Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, an...
Transcript of Ceacht...Ar an 28ú Meán Fómhair 2012 sheol Naoise Ó Muirí, Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, an...
Ceacht.ieCeacht.ieCeacht.ieCúrsa Gaeilge d’iar-bhunscoileanna
Gaeltachta agus lán-Ghaeilge
Treoir don mhúinteoirAoife Ní Chonchúir • Úna Nic Gabhann
Comhairleoir: Siuán Ní Mhaonaigh
Ceacht.ie
Cúrsa Gaeilge d’iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge
Treoir don mhúinteoir
Údair: Aoife Ní Chonchúir, Úna Nic GabhannComhairleoir don suíomh: Siuán Ní Mhaonaigh
Ar an 28ú Meán Fómhair 2012 sheol Naoise Ó Muirí, Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath, an suíomh www.ceacht.ie.I bhfómhar na bliana 2015 a foilsíodh an treoirleabhar do mhúinteoirí den chéad uair le haghaidh
An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta35 Cearnóg Mhic Liam
Baile Átha Cliath 2www.cogg.ie
Dearadh agus leagan amach: Denis M-Baker, www.tudco.ie
Grianghraif: Ducklings: Peggy2012CREATIVELENZ. Princess Kate: Ricky Wilson - https://www.flickr.com/photos/rlwilsonphotography/13773362623. Enda Kenny: Pete Souza (Executive Office of the President of the United States of the United
States) - whitehouse.gov. Portrait of Angela Merkel: http://commons.wikimedia.org/wiki/User:Christoph_Braun. Marlyn Monroe: http://en.wikipedia.org/wiki/20th_Century_Fox. Elvis Presley: https://www.flickr.com/photos/117123465@N06/12439301195. 04C: “President
Barack Obama” by Official White House Photo by Pete Souza - http://commons.wikimedia.org/wiki/File:President_Barack_Obama.jpg. Gabriel Byrne: By Ian Smith from London, England (Flickr) [CC BY-SA 2.0 (http://creativecommons.org/licenses/by-sa/2.0)], via Wikimedia
Commons. President Higgins: https://www.flickr.com/photos/labourparty/6292087598/. “Dog” by Olympic1981 - http://commons.wikimedia.org/wiki/File:My_dog_-_Sierak%C3%B3w_-_at_home_in_summer.jpg. Cartoon dog by: Johnny_automatic. https://openclipart.org/user-detail/johnny_automatic. Victoria Beckham: https://www.flickr.com/photos/jingdianmeinv1/4016979206. ’The Americans’: logo
by Supernino - Self created. - http://commons.wikimedia.org/wiki/File:The_Americans_logo.png. Facebook logo courtesy of Facebook. “Debate Logo” via Wikipedia - http://en.wikipedia.org/wiki/File:Debate_Logo.svg#/media/File:Debate_Logo.svg. MABS logo, courtesy of MABS. “Participantes do Enem” by Wilson Dias/ABr - http://www.agenciabrasil.gov.br/media/imagens/2007/08/26/1425WD9825.jpg/view. “LazyGirl6” by Maria Raquel Cochez - http://commons.wikimedia.org/wiki/File:LazyGirl6.jpg#/media/File:LazyGirl6.jpg. “Donkeys
at farm sanctuary” by Dave Crosby - http://commons.wikimedia.org/wiki/File:Donkeys_at_farm_sanctuary.jpg#/media/File:Donkeys_at_farm_sanctuary.jpg. Trocaire logo courtesy of Trocaire. “Irish stew” By charles Haynes - http://commons.wikimedia.org/wiki/File:Irish_
stew.jpg#/media/File:Irish_stew.jpg. Recycling image. http://en.wikipedia.org/wiki/Recycling#/media/File:Recycling_symbol.svg. “Electric car charging Amsterdam” by Ludovic Hirlimann - http://commons.wikimedia.org/wiki/File:Electric_car_charging_Amsterdam.jpg#/media/
File:Electric_car_charging_Amsterdam.jpg. “Socket 5” by Firstfreddy - http://commons.wikimedia.org/wiki/File:Socket_5.jpg#/media/File:Socket_5.jpg. “Children at School” - Lucélia Ribeiro https://www.flickr.com/photos/lupuca/8720604364. Symbol: Cyberbullying By
Petar Milošević: http://commons.wikimedia.org/wiki/File:Phone_photography.jpg.
Arna chlóbhualadh in Éirinn ag Walsh Colour Print
Cad é Ceacht.ie?Is tionscadal nua é www.ceacht.ie atá dírithe ar mhúinteoirí Gaeilge i scoileanna Gaeltachta agus i nGaelcholáistí, ach is féidir le gach múinteoir Gaeilge úsáid a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil ann. Tá an t-ábhar bunaithe ar shaol an duine óig agus baintear úsáid as ábhar nua-aimseartha agus tarraingteach ann.
Ábhar don Teastas SóisearachFaoi láthair tá sé chaibidil nó sé thopaic ann agus gach ceann acu roinnte i bhfothopaicí.
An Cineál Ábhair atá annCuirtear ábhar na ndaltaí i láthair i bhfoirm Powerpoint. Bíonn tascanna labhartha, scríofa, éisteachta agus tuisceana le déanamh acu, agus tugtar píosaí litríochta agus filíochta dóibh freisin.
Mar aon leis sin, cuirtear plean ceachta cuimsitheach ar fáil do mhúinteoirí le smaointe agus treoracha faoi conas an t-ábhar a úsáid go héifeachtach le gach rang; ag an am céanna, fágtar solúbthacht ag an múinteoir an plean a chur in oiriúint don rang atá aici/aige.
Tá ábhar físe agus fuaime ann le daltaí i nGaelcholáistí taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht, iad ag caint fúthu féin, nó i mbun díospóireachta, nó ag freagairt ceisteanna. Tugann sé seo deis do dhaltaí ar fud na tíre éisteacht lena bpiaraí agus na canúintí a chur i gcomparáid lena chéile.
Caighdeáin éagsúlaÚsáidtear dathanna éagsúla le caighdeáin na bhfothopaicí a léiriú: glas do na topaicí bunúsacha, oráiste do thopaicí atá measartha dúshlánach agus dearg dóibh siúd atá dúshlánach.
BunúsachMeasartha dúshlánachDúshlánach
5
Innéacs1. Saol na scoile 7
A. Ábhair scoile (Jaic) 8
B. Ábhair scoile (Nicole) 11
C. Ábhair scoile (Pádraig) 13
D. Ábhair scoile sa saol (Measartha dúshlánach) 17
E. Ábhair scoile sa saol (Dúshlánach) 21
F. Bunscoil vs Meánscoil 25
G. An scrúdú cainte Gaeilge (Dúshlánach) 31
H. An Scoil i gCúba (Dúshlánach) 35
I. Scoil Thrítheangach (Réasúnta dúshlánach) 40
J. Tar éis am scoile (Dúshlánach) 46
K. Fócas ar theanga: i. Litriú (caol & leathan) 50
ii. An aimsir láithreach 52
iii. Na bunuimhreacha (1 - 10) 56
2. Saol sóisialta 58
A. Am saor (Aoife & Liam) 59
B. Am saor (Bertie) 63
C. Saol sóisialta 67
D. Nuair a bhí mé i mo dhéagóir (Réasúnta dúshlánach) 70
E. Díospóireachtaí Uí Chadhain (Dúshlánach) 76
F. Déagóirí agus sástacht (Measartha dúshlánach) 81
G. Déagóirí agus sástacht (Dúshlánach) 85
H. Dán – Fear Lasta Lampaí (Réasúnta dúshlánach) 90
I. Iris na Scoile 94
J. Fócas ar theanga: i. Litriú 97
ii. Na tuisil 100
iii. Uimhreacha 105
3. Mo mhuintir agus mo chairde 107
A. Ag cabhrú timpeall an tí (Réasúnta dúshlánach) 108
B. Ag cur aithne ar dhaoine 114
C. Ag tabhairt comhairle (Dúshlánach) 120
D. Mo sheanmháthair (Dúshlánach) 126
E. Mo theaghlach (Réasúnta dúshlánach) 131
F. Tréithe daoine (Réasúnta dúshlánach) 138
G. Tuismitheoirí bochta (Réasúnta dúshlánach) 143
H. Fócas ar theanga: i. An tuiseal gairmeach 147
ii. An modh ordaitheach 149
iii. An t-ainm briathartha 152
6
4. An Ghaeilge agus an Ghaeltacht 156 A. Ag sealbhú Gaeilge (Dúshlánach) 157 B. An Ghaeilge agus mé féin 163 C. An Ghaeilge thar lear (Measartha dúshlánach) 167 D. An tOireachtas (Dúshlánach) 173 E. Coimhthígh le chéile 178 F. Na teangacha Ceilteacha (Dúshlánach) 184 G. Réaltaí na Gaeilge (Measartha dúshlánach) 191 H. Fócas ar theanga: i. Inscne 197
ii. ‘sa’ agus ‘i’ 200
5. Mé féin in Éirinn 202 A. An teilifís 203 B. Facebook (Measartha dúshlánach) 208 C. Ceol 215 D. An bochtanas (Dúshlánach) 221 E. An béal bocht (Dúshlánach) 227 F. Mé féin agus scrúduithe (Measartha dúshlánach) 233 G. Ocáidí móra (Dúshlánach) 238 H. Fócas ar theanga: i. An tuiseal gairmeach 244 ii. ‘ró’ agus ‘an-’ 246
6. Mé féin sa saol mór 248 A. An duine agus an nádúr (Measartha dúshlánach) 249 B. An tríú domhan (Dúshlánach) 255 C. An tríú domhan ar lean (Dúshlánach) 261 D. Béasaí an domhain (Dúshlánach) 268 E. Cúrsaí comhshaoil 273 F. Inimirce (Measartha dúshlánach) 278 G. Me féin agus an Eoraip (Measartha dúshlánach) 284 H. Fócas ar theanga: i. An aimsir fháistineach 289 ii. An briathar saor 291 iii. Céimeanna comparáide na haidiachta 292
7
Plean Ceachta do Chaibidil 1
Caibidil 1: Saol na Scoile
A. Ábhair scoile (Jaic)B. Ábhair scoile (Nicole)C. Ábhair scoile (Pádraig)D. Ábhair scoile sa saol (Measartha dúshlánach)E. Ábhair scoile sa saol (Dúshlánach)F. Bunscoil vs MeánscoilG. An scrúdú cainte Gaeilge (Dúshlánach)H. An Scoil i gCúba (Dúshlánach)I. Scoil Thrítheangach (Réasúnta dúshlánach)J. Tar éis am scoile (Dúshlánach)K. Fócas ar Theanga: i. Litriú ii. An aimsir láithreach iii. Uimhreacha
8
1A. Ábhair scoile (Jaic): Nótaí an Mhúinteora
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Bunúsach
Spriocanna Cumas tuisceana, éisteachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – saol na scoile / ábhair scoile
Stór focal Ábhair scoile
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar mhír físe ina bhfuil dalta ón gcéad bhliain ag rá cad iad na hábhair atá ar bun aige. Tá an mhír éasca agus i gcanúint na Mumhan.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán íseal Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin.
RéamhobairüTabhair deis do na daltaí féachaint ar an liosta ábhar atá ar an sleamhnán seo agus na ceisteanna atá
thíos i mbun an tsleamhnáin a phlé.
üTá sé inmholta an ghníomhaíocht Fócas ar Theanga, Ábhair scoile (litriú) a úsáid in éineacht leis an ngníomhaíocht seo ón uair go ndírítear aird ar an riail litrithe ‘caol le caol agus leathan le leathan’. Tá sé tábhachtach go dtuigfeadh daltaí an córas litrithe atá ann sa Ghaeilge agus is mór an chabhair dóibh an riail sin a bheith acu.dóibh an riail sin a bheith acu.
ÉisteachtüMínigh do na daltaí go mbeidh siad ag éisteacht le duine ón gcéad bhliain ag rá cad iad na hábhair
atá ar bun aige agus go mbeidh orthu na bearnaí a líonadh.
üMá theastaíonn uait an ghníomhaíocht a chur in oiriúint do leibhéal níos airde cumais, d’fhéadfá gan an sleamhnán sin a thaispeáint agus ceisteanna ginearálta a chur ar an gclár dóibh.
üTaispeáin an chéad sleamhnán eile don rang ina bhfuil na bearnaí líonta le feiceáil an raibh na freagraí cearta acu. freagraí cearta acu.
Iarphlé üPléigh an chéad cheist leis an rang iomlán. Beidh a fhios acu gur ó Chiarraí é Jaic ón mblas atá aige
agus ón uair go n-úsáideann sé focail ar nós ‘seinnim’.
üIarr ar na daltaí leaganacha eile den mbriathar ‘seinn’ a chur ar fáil duit (m.sh. cas).
üLeag béim mhór ar phointe 3 ar an sleamhnán seo. Mínigh an tslí a n-úsáidtear pé briathar atá i gceist chun freagra ‘yes/no’ a thabhairt. Ní úsáidtear ‘sea/ní hea’ ach amháin más é an briathar ‘Is’ atá faoi chaibidil (e.g. An Éireannach tú? Sea/Ní hea; An múinteoir tú? Sea/Ní hea ach An itheann tú feoil? Ithim/Ní ithim; An ólann tú bainne? Ólann / Ní ólann etc.). feoil? Ithim/Ní ithim; An ólann tú bainne? Ólann / Ní ólann etc.).
Iarphlé 2üTabhair cúpla nóiméad do na daltaí chun an cleachtadh atá ar an sleamhnán seo a dhéanamh.
Ceartaigh cuid de na habairtí a bheidh acu leis an rang ar fad.
(Jaic):
9
1A. Ábhair Scoile (Jaic)
Sleamhnán 1
Na hÁbhair Scoile Réamhobair
Féach ar na hábhair scoile seo thíos. An bhfuil siad ar fad ar fáil i do scoil féin?
Adhmadóireacht Eacnamaíocht Bhaile Teicneolaíocht Oideachas Saoránach Sóisialta Polai�úil Mata Gaeilge Tíreolaíocht Gearmáinis Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte Reiligiún Fraincis Stair Staidéar Gnó Spáinnis Ealaín
An bhfuil aon ábhar nach bhfuil sa liosta? An ndéanann tú féin agus an duine in aice leat na hábhair chéanna?
Stór focal bunúsach: na hábhair scoile. Obair bheirte, plé ar na hábhair.
Sleamhnán 2
Na hÁbhair Scoile Éisteacht Éist le Jaic ag cur síos ar na hábhair scoile a dhéanann sé agus líon na bearnaí. Aoife: Tá tú sa chéad bhliain anois, a Jaic.
Jaic: Táim.
Aoife: An bhfuil i bhfad níos mó ábhar á dhéanamh anseo agat anois ná mar a bhí sa bhunscoil?
Jaic: Tá i bhfad níos mó ábhar. __________________, ealaín, P.E., __________________, __________________, nó __________________.
Aoife: An ndéanann tú eacnamaíocht bhaile?
Jaic: Ní dhéanaim.
Aoife: Ní dhéanann? Cad a dhéanann tú ina ionad? Jaic: Déanaim ceol. Aoife: Ó ceol. An-‐mhaith. An seinneann tú aon
__________________ tú féin? Jaic: Seinnim an __________________.
Tasc éisteachta: taifeadadh simplí. Bearnaí le líonadh isteach ar an script.
Sleamhnán 3
Na hÁbhair Scoile Éisteacht Éist le Jaic arís, an raibh an ceart agat? Aoife: Tá tú sa chéad bhliain anois, a Jaic. Jaic: Táim. Aoife: An bhfuil i bhfad níos mó ábhar á dhéanamh
anseo agat anois ná mar a bhí sa bhunscoil? Jaic: Tá i bhfad níos mó ábhar. Eolaíocht, ealaín, P.E.,
adhmadóireacht, teicneolaíocht nó ceol. Aoife: An ndéanann tú eacnamaíocht bhaile? Jaic: Ní dhéanaim. Aoife: Ní dhéanann? Cad a dhéanann tú ina ionad? Jaic: Déanaim ceol. Aoife: Ó ceol. An-‐mhaith. An seinneann tú aon
uirlis tú féin? Jaic: Seinnim an pianó.
Féincheartú: éisteacht arís agus ceartú.
10
Sleamhnán 4
Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat.
1. Cad as é Jaic – Ciarraí, Gaillimh, Dún na nGall,
nó áit éigin eile sa �r? Conas a dhéanfá amach cad as é?
2. Cén slite eile a deirtear ‘to play’ (an instrument) as Gaeilge? Cén leagan a úsáideann tusa?
3. Féach ar an tslí a �reagraíonn Jaic na ceisteanna a chuireann Aoife air – ní úsáideann sé ‘sea’ agus ‘ní hea’ in aon chor agus sin comhartha gur cainteoir an-‐mhaith Gaeilge é! An bhfuil a �ios agat cén fáth é sin?
Na hÁbhair Scoile Iarphlé 1
Obair bheirte, tasc labhartha: aithint canúintí. Stór focal. Feasacht teanga – conas “yes” agus “no” a rá i nGaeilge.
Sleamhnán 5
Na hÁbhair Scoile Iarphlé 2
Bí ag obair leis an duine in aice leat agus breac síos cén t-‐ábhar scoile atá i gceist sna pic�úir. Scríobhaigí 3 rud atá le feiceáil sna pic�úir a thugann le fios cén t-‐ábhar atá i gceist.
Obair bheirte, tasc scríofa: cur síos ar dhá ábhar scoile.
11
1B. Ábhair scoile (Nicole): Nótaí an Mhúinteora
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Bunúsach
Spriocanna Cumas tuisceana, éisteachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – saol na scoile / ábhair scoile
Stór focal Ábhair scoile
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar mhír físe ina bhfuil dalta ón gcéad bhliain ag caint ar na hábhair atá ar bun aici. Tá an mhír réasúnta éasca agus i gcanúint na Mumhan.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán íseal Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin.
RéamhobairüDéan iarracht plé a chothú ar na ceisteanna atá ar an sleamhnán seo. Beidh tú ábalta an leibhéal
plé a chur in oiriúint don dream daltaí atá agat. Is deis atá ann dóibh machnamh a dhéanamh ar a bhféiniúlacht mar chainteoirí Gaeilge / daltaí i gcóras tumoideachais Gaeilge. bhféiniúlacht mar chainteoirí Gaeilge / daltaí i gcóras tumoideachais Gaeilge.
ÉisteachtüLéigh na ceisteanna don chleachtadh éisteachta leis an rang ar fad sula gcuireann tú ar siúl an mhír
ionas go mbeidh a fhios acu cén freagraí a bheidh á lorg acu agus iad ag éisteacht.
üMás féidir, fág na ceisteanna thuas ar an scáileán an fhaid is atá an mhír á seinm.
üPléigh freagraí na gceisteanna leis an rang ar fad ag an deireadh. Pléigh freagraí na gceisteanna leis an rang ar fad ag an deireadh.
Iarphlé üBheadh sé go maith dá bhféadfaí na daltaí a chur i ngrúpaí beaga (beirt nó triúr) chun na ceisteanna
atá ar an sleamhnán seo a phlé le chéile ar feadh cúpla nóiméad. Mura bhfuil sé sin réalaíoch, déan iarracht plé ranga a chothú timpeall ar na ceisteanna atá ann.
1B. Ábhair scoile (Nicole):
12
1B. Ábhair scoile (Nicole)
Sleamhnán 1
Déan do mhachnamh ar na ceisteanna seo thíos agus pléigh iad mar rang iomlán. Nuair a deir tú le daoine (strainséirí nó cairde) go bhfuil tú ag fáil do chuid oideachais trí mheán na Gaeilge, cad a deir siad leat? Cad iad na tuairimí a bhíonn acu ina leith? Conas a bhraitheann tusa faoina gcuid tuairimí?
Na hÁbhair Scoile Réamhobair
Plé ranga: oideachas trí Ghaeilge, tuairimí na ndaltaí faoi.
Sleamhnán 2
Ar ball, beidh tú ag éisteacht le Nicole, dalta ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, ag labhairt faoi na hábhair is fearr léi. Agus tú ag éisteacht léi, aimsigh an t-‐eolas seo a leanas: 1. Cad a thaitníonn le Nicole faoin ealaín? 2. Cad iad na huirlisí ceoil a sheinneann sí? 3. Cad iad na hábhair is dúshlánaí, dar léi? Cén
fáth?
Na hÁbhair Scoile Éisteacht
Tasc éisteachta: Ceisteanna gairide le freagairt.
Sleamhnán 3
Na hÁbhair Scoile Plé
Pléigh na ceisteanna seo: Is í an ealaín an t-‐ábhar is fearr le Nicole. Cén t-‐ábhar is fearr leat féin? Cad a thaitníonn leat faoi? An seinneann tusa aon uirlis cheoil? Deir an t-‐agallóir le Nicole go bhfuil sé sa dúchas aici a bheith go maith ag an ealaín. Cad atá i gceist leis sin? Chuaigh Nicole go d� bunscoil lán-‐Ghaeilge. An ndeachaigh tusa go d� bunscoil Ghaeilge nó Bhéarla? Is fearr le Nicole a bheith ag foghlaim trí Ghaeilge seachas trí Bhéarla. Cad fútsa? Deir Nicole go bhfuil cuid den téarmaíocht san eolaíocht agus sa �reolas deacair. Cad iad na deacrachtaí a bhíonn agatsa agus tú ag foghlaim trí mheán na Gaeilge?
Iarphlé, obair ghrúpa nó plé ranga: Tuairim na ndaltaí faoi na hábhair scoile; tuairim na ndaltaí faoi bheith ag foghlaim trí Ghaeilge.
13
1C. Ábhair scoile (Pádraig): Nótaí an Mhúinteora
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Bunúsach
Spriocanna Cumas tuisceana, éisteachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – saol na scoile / ábhair scoile
Stór focal Ábhair scoile
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar mhír físe ina bhfuil dalta ón gcéad bhliain ag caint ar na hábhair atá ar bun aige. Tá an mhír réasúnta éasca agus i gcanúint na Mumhan.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán íseal Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin.
RéamhobairüIs féidir leis na daltaí triail a bhaint as an ngníomhaíocht seo ina mbeirteanna. Ná tabhair na freagraí
go fóill dóibh – abair leo féachaint an raibh an ceart acu agus iad ag éisteacht leis an mír. go fóill dóibh – abair leo féachaint an raibh an ceart acu agus iad ag éisteacht leis an mír.
ÉisteachtüLéigh na ceisteanna don chleachtadh éisteachta leis an rang ar fad sula gcuireann tú ar siúl an mhír
ionas go mbeidh a fhios acu cén freagraí a bheidh á lorg acu agus iad ag éisteacht.
üMás féidir, fág na ceisteanna thuas ar an scáileán an fhaid is atá an mhír á seinm.
üPléigh freagraí na gceisteanna leis an rang ar fad ag an deireadh. Pléigh freagraí na gceisteanna leis an rang ar fad ag an deireadh.
Iarphlé 1üD’fhéadfaí na ceisteanna seo a phlé mar rang iomlán agus nathanna nó abairtí nádúrtha do gach
ceist a scríobh ar an gclár de réir mar a bhogann an plé ar aghaidh (féach Freagraí thíos). ceist a scríobh ar an gclár de réir mar a bhogann an plé ar aghaidh (féach Freagraí thíos).
Iarphlé 2üAbair leis na daltaí tabhairt faoi seo ina mbeirteanna nó ina n-aonar. Pléigh na freagraí leis an rang
ar fad ag an deireadh. Is féidir leat an cleachtadh a fhágáil mar atá .i. gan aon mhíniú gramadaí a thabhairt ar na freagraí, nó má tá rang níos cumasaí agat, d’fhéadfá níos mó mínithe a thabhairt ar ainmfhocail sa tuiseal ginideach (féach Freagraí thíos).
Freagraí
Réamhobair1. Project: tionscnamh2. too hard: ródheacair (tabhair faoi deara nach gcuirtear fleiscín idir ‘ró’ agus consan)3. a heavy load: ualach trom4. last year: anuraidh / an bhliain seo caite5. scared: scanraithe
1C. Ábhair scoile (Pádraig):
14
Iarphlé 1Abairtí úsáideacha nó nathanna nádúrtha le freagraí a thabhairt ar na ceisteanna seo:
1. Faighimid i bhfad Éireann an iomarca. / Faighimid barraíocht. / Ní fhaighimid leath ár ndóthain!
2. Díríonn sé an aigne ar a bhfuil déanta sa rang. / Daingníonn sé an obair ranga. / Treisíonn sé an obair ranga. / Níl maitheas ar bith ann. / Is cur amú ama é.
3. Bíonn an-leisce orm tabhairt faoin obair bhaile tráthnóna. / Caitheann mo thuismitheoirí iachall a chur orm an obair bhaile a dhéanamh. / Ní chuireann sé aon stró orm an obair bhaile a dhéanamh. / Ní thógaim aon cheann de. / Ní chuireann sé isteach ná amach orm.
Iarphlé 2 1. An seomra (+ ceol): an seomra ceoil
2. An halla (+ spórt): an halla spóirt
3. An seomra (+ stóras): an seomra stórais
4. An seomra (+ ealaín): an seomra ealaíne
5. An seomra (+ eolaíocht): an seomra eolaíochta
6. An seomra (+ adhmadóireacht): an seomra adhmadóireachta
7. An seomra (+ cócaireacht): an seomra cócaireachta
8. An seomra (+ ríomhaireacht): an seomra ríomhaireachta
9. Oifig (+ an Príomhoide): Oifig an Phríomhoide
10. Oifig (+ an scoil): Oifig na scoile
11. Oifig (+ an Rúnaí): Oifig an Rúnaí
Breis eolais, más gá:
Sa tuiseal ginideach caolaítear go leor ainmfhocal atá firinscneach e.g. ceol – ceoil; spórt – spóirt; stóras – stórais.
Sa tuiseal ginideach cuirtear ‘a’ le hainmfhocail a chríochnaíonn le (e)acht e.g. eolaíocht – eolaíochta.
Go minic sa tuiseal ginideach cuirtear ‘e’ ag deireadh ainmfhocal baininscneacha agus bíonn siad caol chomh maith e.g. ealaín – ealaíne; oifig – oifige.
15
1C. Ábhair scoile (Pádraig)
Sleamhnán 1
Sula n-‐éisteann tú le Pádraig ag caint ar na hábhair is fearr leis, déan iarracht Gaeilge a chur ar na rudaí seo a leanas: project: _____________________ too hard: _____________________ a heavy load: _____________________ last year: _____________________ scared: _____________________
Na hÁbhair Scoile Réamhobair
Obair bheirte, stór focal: focail le haistriú ó Bhéarla.
Sleamhnán 2
Éist le Pádraig ag caint ar na hábhair scoile agus freagair na ceisteanna seo: Cén t-‐ábhar is fearr le Pádraig agus cén fáth? Cén t-‐ábhar is measa le Pádraig agus cén fáth?
Cé mhéad ama a thógann sé ar Phádraig an obair bhaile a dhéanamh?
Cad a deir Pádraig mar gheall ar an rang mata ag deireadh an agallaimh?
Na hÁbhair Scoile Éisteacht
Tasc éisteachta: Ceisteanna simplí ar an mhír éisteachta.
Sleamhnán 3
An síleann tusa go bhfaigheann tú an iomarca obair bhaile le déanamh? Cén fáth? An bhfuil buntáis� ann don dalta obair bhaile a �áil le déanamh? Cad iad? An ndéanfá thusa d’obair bhaile gach tráthnóna mura gcuir� brú ort é a dhéanamh?
Na hÁbhair Scoile Plé
Plé ranga: Obair bhaile.
16
Sleamhnán 4
An tuiseal ginideach cleachtadh Caithfidh an feighlí ainmneacha a chur ar na seomraí éagsúla sa scoil. Cabhraigh leis... 1. An seomra (+ ceol): 2. An halla (+ spórt): 3. An seomra (+ stóras): 4. An seomra (+ ealaín): 5. An seomra (+ eolaíocht): 6. An seomra (+ adhmadóireacht): 7. An seomra (+ cócaireacht): 8. An seomra (+ ríomhaireacht): 9. Oifig (+ an Príomhoide): 10. Oifig (+ an scoil): 11. Oifig (+ an Rúnaí):
Obair bheirte/aonair: pointe gramadaí. Tuiseal ginideach, an seomra _____.
17
1D. Ábhair scoile sa saol: Nótaí an Mhúinteora (Measartha dúshlánach)
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Measartha dúshlánach
Spriocanna Cumas tuisceana, scríbhneoireachta, léitheoireachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – saol na scoile / ábhair scoile sa saol
Stór focal Ábhair scoile sa saol
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar mhír darb ainm Fócas ar an Stair a fuarthas ar iTunes ar shuíomh COGG. Ní téacs ródheacair é de bhrí gur múinteoir í an cainteoir ag déanamh cur síos ar cad is stair ann. Caint phragmatach atá ann murab ionann agus comhrá nádúrtha.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán measartha maith Gaeilge acu don Teastas Soiséarach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin. Tá an script tugtha chomh maith agus is féidir í a úsáid le rang atá níos laige.
RéamhobairüIs féidir na treoracha a léamh leis na foghlaimeoirí le bheith cinnte go dtuigeann siad gach rud agus
ansin ligean dóibh an cleachtadh a dhéanamh leo féin.
üTéigh siar ar gach abairt sa bhosca ar dheis áfach má cheapann tú nach bhfuil siad ar eolas ag an rang.
Réamhobair 2üNí hamháin go bhfuil sé tábhachtach go dtuigeann na foghlaimeoirí an stór focal ach tá sé chomh
tábhachtach céanna go ndírítear aird na bhfoghlaimeoirí ar a bpróiseas foghlama féin – feasacht fhoghlama.
üLéigh na pointí leo ag tabhairt tuilleadh samplaí más gá.
üTabhair seans dóibh féin brí na bhfocal a aimsiú sula gcuireann tusa an leagan Béarla ina láthair. Tabhair seans dóibh féin brí na bhfocal a aimsiú sula gcuireann tusa an leagan Béarla ina láthair.
ÉisteachtüCuir an mhír ar siúl agus iarr orthu na ceisteanna 1-3 a fhreagairt. Cuir stop leis an mír tar éis gach
píosa eolais más gá, ag brath ar leibhéal an ranga.
üFeasacht teanga atá i gceist le ceist 4. Is fiú go mór comparáidí a dhéanamh idir an Béarla agus an Ghaeilge chun struchtúr na Gaeilge a shoiléiriú. Sa chás seo, tagann an aidiacht tar éis an ainmfhocail sa Ghaeilge agus a mhalairt atá i gceist leis an mBéarla. sa Ghaeilge agus a mhalairt atá i gceist leis an mBéarla.
Iarphlé üCuir gach beirt ag obair le chéile. Tabhair ‘Rólghníomhaíocht – duine 1’ agus Ról A do dhuine 1 agus
tabhair ‘Rólghníomhaíocht – duine 2’ agus Ról B do dhuine 2.
(Measartha dúshlánach)
18
üTá ar dhuine 1 an script faoi Ról A a léamh amach do dhuine 2 agus caithfidh duine 2 na bearnaí a líonadh i ‘Rólghníomhaíocht – duine 2’.
üIarr orthu na rólanna a mhalartú ansin – caithfidh duine 2 an script faoi Ról B a léamh agus caithfidh duine 1 na bearnaí a líonadh i ‘Rólghníomhaíocht – duine 1’.
üNuair atá sé déanta acu iarr ar dhaoine éagsúla an ghníomhaíocht a dhéanamh os comhair an ranga.
Freagraí
Réamhobair 1
An Eacnamaíocht Bhaile Ag bácáil cáca milis deas do do mháthair ar Lá na Máithreacha.
Oideachas Reiligiúin Ag déanamh plé ar na difríochtaí idir an Caitliceachas agus an Búdachas.
An Tíreolaíocht Ag insint do thurasóirí cá bhfuil cathair na Gaillimhe.
An Fhraincis Ag ceannach aráin i mbácús i mbaile beag i ndeisceart na Fraince.
An Béarla Ag féachaint ar an scannán is fearr leat agus ag léamh Harry Potter.
An Teicneolaíocht Ag scríobh aiste ar an ríomhaire agus ag cur téacs chuig do chara.
An Eolaíocht Ag bruith / ag beiriú uisce le do phasta a chócaireacht ann.
An Ghaeilge Ag labhairt le do chairde sa sos.
An Corpoideachas Ag imirt cluichí amuigh faoin aer le do chuid cairde.
An Mata Ag roinnt bille le cara tar éis caife a ól i lár an bhaile.
Réamhobair 2go léir – allócáidí speisialta - special occasions saoire thaitneamhach – nice holidayócáidí brónacha - sad occasions imeachtaí tábhachtacha – important events i bhfad i gcéin - far away formhór – majority dúnmharú – murder tuirling – to land An Dara Cogadh Domhanda – The Second World War an buama adamhach – the atomic bomb eachtraí - incident / eventna céadta bliain – hundreds of yearsag éirí aníos – growing up
19
1D. Ábhair scoile sa saol
Sleamhnán 1
Ábhair scoile sa saol Réamhobair 1
An t-‐ábhar Cur síos ar an ábhar An Béarla Ag bácáil cáca milis deas do do mháthair ar
Lá na Máithreacha.
An Corpoideachas
Ag déanamh plé ar na difríochtaí idir an Caitliceachas agus an Búdachas.
An Eacnamaíocht Bhaile
Ag insint do thurasóirí cá bhfuil cathair na Gaillimhe.
An Eolaíocht
Ag ceannach aráin i mbácús i mbaile beag i ndeisceart na Fraince.
An Fhraincis
Ag féachaint ar an scannán is fearr leat agus ag léamh Harry Po�er.
An Ghaeilge
Ag scríobh aiste ar an ríomhaire agus ag cur téacs chuig do chara.
An Mata
Ag bruith / ag beiriú uisce le do phasta a chócaireacht ann.
Oideachas Reiligiúin
Ag labhairt le do chairde ag am sosa.
An Teicneolaíocht
Ag imirt cluichí amuigh faoin aer le do chuid cairde.
An Tíreolaíocht
Ag roinnt bille le cara tar éis caife a ól i lár an bhaile.
Cén t-‐ábhar scoile (ar chlé) atá i gceist agus na himeachtaí sa bhosca ar dheis á ndéanamh agat? Féach cad atá ag an duine in aice leat nuair atá tú críochnaithe.
Tuiscint: stór focal, obair bheirte.
Sleamhnán 2
Ábhair scoile sa saol Réamhobair 2 Bí ag obair leis an duine in aice leat. Féachaigí ar na focail thíos a bheidh le
cloisteáil sa mhír. An bhfuil siad ar eolas agaibh?
go léir ócáidí speisialta saoire thaitneamhach ócáidí brónacha imeachtaí tábhachtacha i bhfad i gcéin formhór dúnmharú tuirling An Dara Cogadh Domhanda an buama adamhach eachtraí na céadta bliain ag éirí aníos Cad a dhéanann tú nuair nach bhfuil focal ar eolas agat? Ceist a chur ar an múinteoir? Dul i muinín foclóra? Seo thíos cúpla pointe chun cabhrú leat focal nach bhfuil ar eolas agat a aimsiú: An bhfuil an focal cosúil le haon �ocal atá ar eolas agat i dteanga eile, mar shampla: seic agus cheque?
An bhfuil an focal san uatha nó san iolra, mar shampla: tábla agus táblaí?
Má tá ceannlitreacha ar an bhfocal, b'�éidir gur imeacht nó duine tábhachtach atá ann, mar shampla: An tUachtarán nó An Gorta Mór.
Féach an bhfuil aon chuid den �ocal atá cosúil le focal eile, mar shampla: fótachóip.
An briathar é an focal?
Tuiscint: stór focal; feasacht teanga: ciall na bhfocal a oibriú amach mura dtuigtear iad.
Sleamhnán 3
Ábhair scoile sa saol Éisteacht
Éist leis an mír anois agus freagair na ceisteanna. 1. Tugann an cainteoir samplaí éagsúla dúinn den stair.
Breac síos cúpla sampla faoi na teidil thíos: Ócáidí Pearsanta _________________________________________________ ________________________________________________ Imeachtaí tábhachtacha a tharla sna 60í _________________________________________________ _________________________________________________ Imeachtaí tábhachtacha a tharla sna 40í _________________________________________________ _________________________________________________
2. Cén sainmhíniú a thugann an cainteoir ar an stair ag deireadh na míre?
3. Éist leis an mír arís agus breac síos cad a tharla le linn na mblianta seo:
1963: 1969: 1935: 1945:
4. Mínigh difríocht amháin idir an Béarla agus an Ghaeilge sna samplaí seo ón mhír:
imeachtaí tábhachtacha vs important events buama adamhach vs atomic bomb
Éisteacht: ceisteanna le freagairt; feasacht teanga: difríocht idir Gaeilge agus Béarla.
20
Sleamhnán 4
Ábhair scoile sa saol Iarphlé 1
Rólghníomhaíocht Duine 1
Tá mé féin sa Tríú Bliain ar scoil. Is é an t-‐ábhar is fearr
liom ná an _____________. Is maith liom an �reolaíocht
mar tá an múinteoir _____________. Déanaimid staidéar
ar a lán rudaí éagsúla – an domhan mar atá sé; na
_____________ ar fad; an difríocht idir ceantair tuaithe
agus _____________; léarscáileanna agus
_____________. Ní thaitníonn _____________ liom in
aon chor, bím caillte sa rang. Nuair a bhíonn
cluaistuiscint á déanamh againn sa rang, _____________
focal. An labhraíonn na Francaigh chomh tapa sin i
gcónaí?
Obair bheirte: éisteacht agus bearnaí le líonadh.
Sleamhnán 5
Ábhair scoile sa saol Iarphlé 2
Rólghníomhaíocht Duine 2
Clíona is ainm dom agus tá mé ag déanamh an Teastais
Shóisearaigh _____________. Is breá liom
_____________ ar fad, go háirithe an Spáinnis agus an
Ghaeilge. Tá Gaeilge agus Béarla _____________ agam
agus ceapaim go gcabhraíonn sé sin liom teanga eile a
�oghlaim. _____________ liom an Mata chomh maith
mar nuair a thuigeann tú rud éigin tá sé éasca ansin na
cleachtaí a dhéanamh. Déanaimid _____________
ailgéabar, ar _____________ agus ar gheoiméadracht
agus a lán eile.
Obair bheirte: éisteacht agus bearnaí le líonadh.
Sleamhnán 6
Ról A Clíona is ainm dom agus tá mé ag déanamh an Teastais Shóisearaigh i mbliana. Is breá liom na teangacha ar fad, go háirithe an Spáinnis agus an Ghaeilge. Tá Gaeilge agus Béarla líofa agam agus ceapaim go gcabhraíonn sé sin liom teanga eile a �oghlaim. Is maith liom an Mata chomh maith mar nuair a thuigeann tú rud éigin tá sé éasca ansin na cleachtaí a dhéanamh. Déanaimid staidéar ar ailgéabar, ar stai�s�cí agus ar gheoiméadracht agus a lán eile. -‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐ Ról B Tá mé féin sa Tríú Bliain ar scoil. Is é an t-‐ábhar is fearr liom ná an �reolaíocht. Is maith liom an �reolaíocht mar tá an múinteoir an-‐mhaith. Déanaimid staidéar ar a lán rudaí éagsúla – an domhan mar atá sé; na �ortha ar fad; an difríocht idir ceantair tuaithe agus ceantair uirbeacha; léarscáileanna agus grianghraif. Ní thaitníonn an Fhraincis liom in aon chor, bím caillte sa rang. Nuair a bhíonn cluaistuiscint á déanamh againn sa rang, ní thuigim focal. An labhraíonn na Francaigh chomh tapa sin i gcónaí?
Ábhair scoile sa saol Iarphlé 3
Freagraí ar shleamhnáin 4 agus 5.
21
1E. Ábhair scoile sa saol: Nótaí an Mhúinteora (Dúshlánach)
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Dúshlánach
Spriocanna Cumas tuisceana, scríbhneoireachta, léitheoireachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – saol na scoile / ábhair scoile sa saol
Stór focal Ábhair scoile sa saol
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar mhír darb ainm Fócas ar an Stair a fuarthas ar iTunes ar shuíomh COGG. Ní téacs ródheacair é de bhrí gur múinteoir í an cainteoir ag déanamh cur síos ar cad is stair ann. Caint phragmatach atá ann murab ionann agus comhrá nádúrtha.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán ard Gaeilge acu don Teastas Soiséarach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin.
Réamhobair 1üLéigh na ceisteanna leis na foghlaimeoirí le bheith cinnte go dtuigeann siad gach rud agus ansin lig
dóibh an cleachtadh a dhéanamh leo féin. Mar shampla:
An Mata 8An Ghaeilge 4An Béarla 5An Tíreolaíocht 1An Fhraincis 7An Eolaíocht 2An Teicneolaíocht 3Oideachas Reiligiúin 6
“Is fuath liom an mata, tá sé an-deacair ar fad. Is breá liom an tíreolaíocht mar ceapaim go bhfuil sé suimiúil agus is maith liom bheith ag léamh léarscáileanna. Ní maith liom an Fhraincis ach an oiread...” agus mar sin de.
üTabhair deis dóibh na ceisteanna a chur ar a chéile i mbeirteanna nó i ngrúpaí, ag brath ar chumas an ranga. ranga.
Éisteacht 1üBí cinnte go dtuigeann siad an stór focal. Déan iarracht an t-eolas a fháil ó na foghlaimeoirí féin ar
dtús sula gcuirfidh tú an leagan Béarla ar fáil dóibh.
üLéigh na ceisteanna leo agus cuir an mhír ar siúl faoi dhó. Iarr orthu na ceisteanna a fhreagairt tar éis dóibh éisteacht leis an mír. Murar éirigh leo na ceisteanna ar fad a fhreagairt cuir an mhír ar siúl arís, ag cur stop léi tar éis an eolais chuí.
üFeasacht fhoghlama atá i gceist leis an dá cheist dheireanacha – déan iarracht i gcónaí aird na bhfoghlaimeoirí a dhíriú ar a bpróiseas foghlama féin.
(Dúshlánach)
22
Éisteacht 2üCeacht é seo ar an aimsir láithreach agus ar an tuiseal ainmneach. Caithfidh na foghlaimeoirí an
leagan ceart den fhocal a roghnú ó leathanach ‘Éisteacht 2b’.
üIarr orthu na freagraí a sholáthar gan éisteacht leis an mír agus cuir an mhír ar siúl ansin leis na freagraí a sheiceáil. freagraí a sheiceáil.
IarphléüLéigh na treoracha ar an mbileog ar fad agus iarr ar gach beirt an obair a dhéanamh le chéile. Léigh na treoracha ar an mbileog ar fad agus iarr ar gach beirt an obair a dhéanamh le chéile.
Moltaí eileüIs féidir cúpla eachtra i stair na hÉireann a bhreacadh ar an gclár bán agus seans a thabhairt do gach
beirt, nó do gach grúpa, 3 nó 4 phointe eolais faoi gach eachtra a phlé le chéile. An Gorta Mór mar shampla.
üIs féidir iarraidh ar gach beirt nó gach grúpa 3 nó 4 eachtra nó imeacht a tharla ina gceantair féin a bhreacadh síos agus a phlé. Buachan Chraobh na hÉireann sa pheil ghaelach mar shampla.
üIs féidir ‘Stair – Éisteacht 2’ a úsáid leis féin mar thacaíocht ar aon cheacht eile a phléann an aimsir láithreach.
23
1E. Ábhair scoile sa saol
Sleamhnán 1
Ábhair scoile sa saol Réamhobair
Tú féin: 1. Breac síos na hábhair scoile atá á staidéar agat. Bí cinnte go
bhfuil siad litrithe i gceart.
2. Cuir in ord tosaíochta iad anois trí uimhir 1 a chur in aice leis an ábhar is fearr leat, uimhir 2 in aice leis an dara hábhar is fearr leat agus mar sin de.
3. Bí in ann a rá cén fáth a dtaitníonn nó nach dtaitníonn na hábhair leat!
Bí ag obair leis an duine in aice leat agus cuir na ceisteanna seo ar a chéile: 1. Cad iad na hábhar scoile is fearr leat? Cén fáth?
2. Cad iad na hábhair scoile nach maith leat in aon chor? Cén fáth?
3. Cad iad na hábhair a mbaineann na pic�úir thíos leo, cén fáth?
Tasc scríofa: ábhair scoile; obair bheirte: comparáid a dhéanamh le do pháirtí.
Sleamhnán 2
Ábhair scoile sa saol Éisteacht 1
Sula n-‐éisteann tú leis an mír féach ar na focail seo thíos. Cad is brí leo? i bhfad i gcéin formhór dúnmharú tuirling An Dara Cogadh Domhanda ag éirí aníos Éist leis an mír agus freagair na ceisteanna seo: 1. Cad iad na samplaí ar fad den stair a luaitear sa mhír? 2. Cad é an sainmhíniú a thugann an cainteoir ar an stair? Cuir na ceisteanna seo ar an duine in aice leat: 1. An raibh sé éasca an cainteoir a thuiscint? Cén fáth? 2. An raibh aon chuid den mhír nár thuig tú? 3. Ar chuidigh na focail Bhéarla leat an mhír a thuiscint?
Stór focal; Tasc éisteachta: ceisteanna le freagairt; feasacht foghlama: cumas tuisceana.
Sleamhnán 3
Ábhair scoile sa saol Éisteacht 2a
Líon na bearnaí leis an bhfoirm cheart den �ocal: Cad a bhíonn á dhéanamh againn agus staidéar á __________ (1) ar an stair againn? Is cuimhin linn go léir rudaí a tharla dúinn san am atá thart. Is cuimhin leis an gcuid is mó againn ócáidí speisialta __________ (2) áthas orainn, __________ (3) lá againn ar scoil cuir i gcás nó saoire thaitneamhach nó __________ (4). Bíonn cuimhní againn ar ócáidí brónacha chomh maith, ar thimpiste nó ar bhás duine den teaghlach againn. Ní hamháin go __________ (5) muid ag féachaint siar ar eachtraí a tharla lenár linn féin ach b'�éidir go mbeadh cuimhne againn ar imeachtaí tábhachtacha (important events) a tharla inár gceantar féin, inár d�r féin nó in áiteanna i bhfad i gcéin sa domhan chomh maith. Dá n-‐iarrfá ar do mhuin�r liosta a __________ (6) d'imeachtaí móra bheadh cuimhne acu ar a lán imeachtaí a tharla lena linn féin. Is dócha go mbeadh cuimhne ag an bhformhór ar dhúnmharú an Uachtaráin, J.F. Kennedy, i mí na Samhna, míle naoi gcéad seasca trí, agus ar an gcéad uair a thuirling duine ar an ngealach, mí Iúil, míle naoi gcéad seasca naoi. Bheadh cuimhne ag do sheanmhuin�r ar rudaí a tharla i bhfad níos faide siar san am atá thart. B'�éidir go mbeadh cuimhne acusan ar an lá a thosaigh an dara cogadh domhanda agus an lá a scaoileadh an chéad bhuama adamhach (atomic bomb), ar Hiroshima na Seapáine, Lúnasa, míle naoi gcéad ceathracha a cúig. Féachaint siar ar an am atá thart ar an tslí sin, mar sin a __________ (7) staidéar ar an stair. Ní hamháin go __________ (8) an stair dúinn conas mar a bhí an saol nuair a bhí ár muin�r agus ár seanmhuin�r ag éirí aníos. __________ (9) sé dúinn chomh maith conas mar a bhí an saol ag daoine na céadta bliain ó shin.
Éisteacht; Gramadach: aimsir láithreach, tuiseal ainmneach
24
Sleamhnán 4
Ábhair scoile sa saol Éisteacht 2b
1. dhéanamh déanamh ndéanamh 2. cuireann gcuireann chuireann 3. gcéad chéad céad 4. an Nollaig na Nollag an Nollag 5. bíonn bhíonn mbíonn
6. déanaim dhéanta dhéanamh
7. déantar dhéantar ndéantar 8. dtaispeánann thaispeánann thaispeáin
9. Insím Insíonn Insítear
Éisteacht; Gramadach: aimsir láithreach, tuiseal ainmneach
Sleamhnán 5
Ábhair scoile sa saol Iarphlé
A. Cuir na ceisteanna seo ar an duine in aice leat: 1. Cén sainmhíniú a thabharfá féin ar an stair? 2. Cén fáth a bhfuil sé tábhachtach staidéar a dhéanamh ar an
stair? B. Breac síos na hábhair scoile atá á staidéar agat arís. Anois, scríobh abairt amháin in aice le gach ábhar, a dhéanann cur síos ar an ábhar sin. Mar shampla:
Mata: Déanaimid staidéar ar uimhreacha agus ar chomhaireamh.
*Ná déan dearmad go mbíonn séimhiú ar an bhfocal tar éis 'ar' go minic! C. Léigh amach gach sainmhíniú a scríobh tú don duine in aice leat gan a insint dó nó di an t-‐ábhar. Caithfidh an duine sin buille faoi thuairim a thabhairt agus a rá cén t-‐ábhar atá i gceist. Mar shampla: Duine A: Déanaimid staidéar ar uimhreacha agus ar chomhaireamh. Duine B: Mata.
Malartaígí rólanna ansin.
Obair bheirte: stair, ábhair scoile.
25
1F. Bunscoil vs. Meánscoil: Nótaí an Mhúinteora
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Bunúsach
Spriocanna Cumas tuisceana, éisteachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – saol na scoile / comparáid idir an bhunscoil agus an mheánscoil
Stór focal An bhunscoil agus an mheánscoil
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar mhír físe ina bhfuil dalta ón gcéad bhliain ag déanamh comparáide idir an saol sa bhunscoil agus sa mheánscoil. Tá an mhír éasca go leor agus i gcanúint na Mumhan.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán íseal Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin.
RéamhobairüMínigh do na daltaí go mbeidh siad ag éisteacht le dalta ag caint ar a shaol sa bhunscoil i gcomparáid
lena shaol sa mheánscoil (sleamhnán 1).
üTá dhá aidhm le sleamhnán 2: stór focal a leathnú agus díriú ar an struchtúr a bhaineann le céimeanna comparáide na haidiachta. Is féidir leat díreach an méid atá ar an sleamhnán seo a dhéanamh leis an rang nó más maith leat, d’fhéadfá breis samplaí a chur ar fáil do na daltaí.
üPléigh na freagraí leis an rang ar fad (féach Freagraí thíos). Pléigh na freagraí leis an rang ar fad (féach Freagraí thíos).
ÉisteachtüLéigh na ceisteanna don chleachtadh éisteachta leis an rang ar fad sula gcuireann tú ar siúl an mhír
ionas go mbeidh a fhios acu cén freagraí a bheidh á lorg acu agus iad ag éisteacht.
üMás féidir, fág na ceisteanna thuas ar an scáileán an fhaid is atá an mhír á seinm.
üPléigh freagraí na gceisteanna leis an rang ar fad ag an deireadh. Pléigh freagraí na gceisteanna leis an rang ar fad ag an deireadh.
Iarphlé 1üBheadh sé go maith dá bhféadfaí na daltaí a chur i ngrúpaí beaga (beirt nó triúr) chun an chéad
chleachtadh atá ar an sleamhnán seo a dhéanamh le chéile ar feadh cúpla nóiméad. Muna bhfuil sé sin réalaíoch, déan iarracht plé ranga a chothú timpeall ar na ceisteanna atá ann.
üBa cheart go mbeadh go leor samplaí de chéimeanna comparáide na haidiachta ag teacht chun cinn go nádúrtha sa chaint. Nuair a bheidh an plé thart, leag béim ar na samplaí a tháinig chun cinn ach ní gá ceacht gramadaí a bhunú orthu.
üLeag béim ar an nath cainte ‘braithim uaim...’ Bí cinnte go dtuigeann na daltaí conas é a úsáid. Tá sé tábhachtach mar is minic a úsáideann daoine ‘misseáilim...’ seachas ‘braithim uaim...’ Má theastaíonn uait dúshlán breise a thabhairt don rang abair leo na rudaí seo a leanas a rá as Gaeilge duit: you miss...(braitheann tú uait); he misses... (braitheann sé uaidh); she misses... (braitheann sí uaithi); we miss... (braithimid uainn); you (pl) miss... (braitheann sibh uaibh); they miss... (braitheann siad uathu).
26
Iarphlé 2üSeo deis chun na daltaí a chur ag machnamh ar leaganacha malartacha/canúnacha. Fiú más grúpa
Muimhneach atá sa rang iarr orthu smaoineamh ar shlite eile chun na frásaí atá ar an sleamhnán a rá (féach Freagraí thíos). Is maith an rud é deis a thabhairt do dhaltaí a gcuid stór focal a leathnú amach óna gcanúint féin/taithí féin.óna gcanúint féin/taithí féin.
Iarphlé 3üAn aidhm atá leis an sleamhnán seo ná luach a thabhairt do dhaltaí ar leaganacha fatacha na Gaeilge
seachas iad a bheith ag úsáid focal ar nós ‘actually’, ‘just’, ‘really’ in ionad.
üTá focail eile ann a bhfuil an ról céanna sa teanga acu is atá ag ‘dheara’ (féach Freagraí thíos).Tá focail eile ann a bhfuil an ról céanna sa teanga acu is atá ag ‘dheara’ (féach Freagraí thíos).
Iarphlé 4üEarráid an-chomónta i gcaint na ndaltaí is ea “an dara bhliain”. Gan amhras, níor cheart an séimhiú
sin a bheith ann. Mínigh dóibh nach leanann séimhiú aon cheann de na horduimhreacha seachas ‘an chéad’.
üAbair leo an cleachtadh a dhéanamh le chéile agus ceartaigh ansin é (féach Freagraí thíos).
üCeartaigh na daltaí gach uair a chloisfidh tú iad ag déanamh na hearráide sin as seo amach!
Freagraí
Réamhobair6. níos fearr / níos measa7. níos deacra / níos éasca (níos furasta / níos fusa)8. níos faide / níos giorra9. níos suimiúla / níos leadránaí
Iarphlé 21. An babhta deireanach: an uair dheireanach (le séimhiú ar deireanach toisc uair a bheith baininscneach)2. Sin difríocht millteach ar fad: Sin difríocht an-mhór go deo3. Sinne na leanaí óga atá sa scoil: Muidne na páistí óga atá sa scoil4. Bíonn siad thíos faoin mbaile: bíonn siad thíos i lár an bhaile / sa bhaile5. Cluiche caide: cluiche peile
Iarphlé 3 Leaganacha eile den bhfocal ‘dheara’: mhuisemuisleoga (B’fhéidir go bhfuil cinn eile agat féin)
27
Iarphlé 4 First year: an chéad bhliainSecond year: an dara bliainThird year: an tríú bliainFourth year: an ceathrú bliainFifth year: an cúigiú bliainSixth year: an séú bliain
28
1F. Bunscoil v. Meánscoil
Sleamhnán 1
Bunscoil vs. Meánscoil
Ar ball, beidh tú ag éisteacht le Pádraig, dalta ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, ag labhairt faoi na difríochtaí atá idir an saol sa bhunscoil agus an saol sa chéad bhliain sa mheánscoil. Sula n-‐éisteann tú leis, tabhair faoin gcleachtadh seo a leanas...
Réamhrá
Sleamhnán 2
Bunscoil vs. Meánscoil réamhobair
Cuir ar fáil a mhalairt de rud thíos... Sampla: níos mó / níos lú 1. níos fearr/ níos ...? 2. níos deacra/ níos ...? 3. níos faide / níos ...? 4. níos suimiúla / níos ...?
Stór focal: céimeanna comparáide na haidiachta.
Sleamhnán 3
Éist le Pádraig, dalta ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, agus aimsigh freagraí na gceisteanna seo a leanas:
1. Cé mhéad duine a bhí i mbunscoil Phádraig, ar an iomlán?
2. Cé mhéad duine a bhí sa rang in éineacht leis sa bhunscoil?
3. Cé mhéad duine atá sa rang in éineacht leis sa mheánscoil anois?
4. Cad iad na rudaí a bhraitheann Pádraig uaidh ón mbunscoil?
5. Cad nach bhfuil cead ag an gcéad bhliain a dhéanamh fós? Cad a dhéanann Pádraig agus a chairde ina ionad?
Bunscoil vs. Meánscoil Éisteacht
Tasc éisteachta: ceisteanna le freagairt.
29
Sleamhnán 4
Bunscoil vs. Meánscoil Iarphlé 1
I do chás féin, an bhfuil na rudaí seo a leanas níos fearr nó níos measa sa mheánscoil ná mar a bhí sa bhunscoil? 1. cairde 2. múinteoirí 3. an t-‐atmaisféar sa scoil 4. na háiseanna atá sa scoil 5. an cleachtadh agus an spraoi An mbraitheann tú aon rud uait ón mbunscoil? Cad é?
Braithim uaim...
Ní bhraithim uaim...
Obair bheirte/ghrúpa: plé ar na difríochtaí idir bunscoil agus iar-bhunscoil; Céimeanna comparáide na haidiachta; nath cainte: braithim uaim;
Sleamhnán 5
Conas a deir tusa é? Bíonn difríochtaí sna canúin� go minic sa Ghaeilge. An bhfuil slite eile agatsa chun na rudaí seo a rá?
“An babhta deireanach...” “Sin difríocht millteach ar fad..” “Sinne na leanaí óga atá sa scoil.” “Bíonn siad thíos faoin mbaile.” “Cluiche caide”
Bunscoil vs. Meánscoil Iarphlé 2
Feasacht teanga: na canúintí.
Sleamhnán 6
Úsáideann Pádraig an focal ‘dheara’... agus é ag caint (mar a úsáideann gach cainteoir i gCorca Dhuibhne). Cén ról atá ag an bhfocal ‘dheara’ sa chaint? Do mhuin�r na nGaeltachtaí eile agus na nGaelscoileanna: An bhfuil leagan eile den bhfocal ‘dheara’ i do chanúint ái�úil féin? Cad é?
Bunscoil vs. Meánscoil Iarphlé 3
Feasacht teanga: Béarla a sheachaint, Gaeilge a shaibhriú.
30
Sleamhnán 7
Earráid chomónta! Is minic a chloisfeá foghlaimeoirí Gaeilge ag rá ‘an dara bhliain’. Ta sé sin mícheart! Ceapann siad toisc go ndeirtear ‘an chéad bhliain’ gur cheart dóibh séimhiú a chur ann. Ní mar sin atá. Cad é an rud ceart, mar sin? Pléigh leis an duine in aice leat conas na rudaí seo a rá i gceart:
First year Second year Third year Fourth year Fi�h year Sixth year
Bunscoil vs. Meánscoil Iarphlé 4
Feasacht teanga: earráid chomónta – an dara bhliain (ní cóir h a chur isteach)
31
1G. Comhairle don Scrúdú Cainte: Nótaí an Mhúinteora (Dúshlánach)
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Dúshlánach
Spriocanna Cumas tuisceana, éisteachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – saol na scoile / an scrúdú cainte
Stór focal An scrúdú cainte
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar mhír físe ina bhfuil múinteoir Gaeilge ag cur comhairle maidir leis an scrúdú cainte don Teastas Sóisearach. Tá an chaint réasúnta tapa agus i gcanúint na Mumhan.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán ard Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin.
RéamhobairüLéigh a bhfuil ar an sleamhnán chomh fada le pointe (a) leis na foghlaimeoirí agus ansin lig dóibh
cleachtadh (a) a dhéanamh leo féin ar feadh nóiméad nó dhó.
üAbair leis na daltaí cuid de na freagraí ó phointe (a) a roinnt leat agus cuir cuid acu ar an gclár.
üAbair leo scaoileadh faoi chleachtadh (b) ansin. Níor cheart go dtógfadh sé sin ach nóiméad orthu.
üPléigh tuairimí na ndaltaí leis an rang ar fad. Pléigh tuairimí na ndaltaí leis an rang ar fad.
ÉisteachtüLéigh na ceisteanna don chleachtadh éisteachta leis an rang ar fad sula gcuireann tú ar siúl an mhír
ionas go mbeidh a fhios acu cén freagraí a bheidh á lorg acu agus iad ag éisteacht.
üMás féidir, fág na ceisteanna thuas ar an scáileán an fhaid is atá an mhír á seinm.
üTá an mhír fada, mar sin ní féidir í a sheinm ilbhabhtaí ach cuir ar siúl píosaí ar leith cúpla uair, más gá.
üPléigh freagraí na gceisteanna leis an rang ar fad ag an deireadh. Pléigh freagraí na gceisteanna leis an rang ar fad ag an deireadh.
Iarphlé 1üSeo deis chun na daltaí a chur ag machnamh ar leaganacha malartacha/canúnacha. Fiú más grúpa
Muimhneach atá sa rang iarr orthu smaoineamh ar shlite eile chun na frásaí atá ar an sleamhnán a rá (féach Freagraí thíos). Is maith an rud é deis a thabhairt do dhaltaí a gcuid stór focal a leathnú amach óna gcanúint féin/taithí féin.óna gcanúint féin/taithí féin.
Iarphlé 2üTá na frásaí atá ar an sleamhnán seo réasúnta deacair ach an-úsáideach. Pléigh ó bhéal leis an rang
ar dtús iad. Déan iarracht míniú orthu a fháil ó na daltaí ar dtús sula gcuireann tú féin ar fáil iad.
Mhúinteora (Dúshlánach)
32
üMá cheapann tú go bhfuil an rang in ann do dhúshlán breise, abair leo abairt amháin leo féin a chumadh agus a scríobh síos do gach frása. D’fhéadfaí gach beirt a chur ag cabhrú le chéile chun é seo a dhéanamh. Pléigh a gcuid abairtí leo ansin.seo a dhéanamh. Pléigh a gcuid abairtí leo ansin.
Iarphlé 3üIs éard atá sa sleamhnán seo ná péirí frásaí a bhfuil cuma an-chosúil orthu ach ciall éagsúil (féach
Freagraí thíos).
üAn aidhm atá leis an dara pointe ar an sleamhnán ná a chur ar a súile do na daltaí an úsáid is féidir a bhaint as an bhfrása ‘glacaim leis’.bhaint as an bhfrása ‘glacaim leis’.
Iarphlé 4üBheadh sé go maith dá bhféadfaí na daltaí a chur i ngrúpaí beaga (beirt nó triúr) chun na ceisteanna
atá ar an sleamhnán seo a phlé le chéile ar feadh cúpla nóiméad. Muna bhfuil sé sin réalaíoch, déan iarracht plé ranga a chothú timpeall ar na ceisteanna.
Freagraí
Iarphlé 1 10. “D’fhreagraíos gach aon cheist”: D’fhreagair mé chuile cheist / achan cheist / gach ceist. 11. “An rud ba thábhachtaí ná go rabhas ábalta rud éigin a lorg”: ...ná go raibh mé in ann. 12. “Tá ábhairín Fraincise agam”: Tá beagán / rud beag Fraincise agam.
Iarphlé 2 6. Tabhairt faoi rud: to attempt something 7. Glacadh le rud éigin: to accept or presume something 8. Níor mhór rud a dhéanamh: something should be done 9. Leisce a bheith ort rud a dhéanamh: to be reluctant to do something 10. Rud a bheith i gceist: something to be the case / involved 11. Tú féin a chur in iúl: to express yourself 12. Rud éigin tinneas a chur ort: something to bother you 13. A bheith scanraithe i do bheathaigh: to be terrified
Iarphlé 3 1. Is duine leisciúil é Tomás: Tomás is a lazy person.
Tá leisce ar Thomás dul amach ag rith: Tomás is reluctant to go out for a run /doesn’t feel like going out for a run.
2. Mhínigh sí dom cad a bhí i gceist leis an aiste: She explained to me what the essay involved.Mhínigh sí dom cad a bhí i gceist aici: She explained to me what she meant.
3. I presume they’ll be here soon: Glacaim leis go mbeidh siad anseo go luath. I accept your argument: Glacaim le d’argóint.
33
1G. Comhairle don Scrúdú Cainte
Sleamhnán 1
Comhairle don scrúdú cainte réamhobair
Ar ball, beidh tú ag éisteacht le Donncha, múinteoir ó Chorca Dhuibhne ag tabhairt comhairle mar gheall ar an scrúdú béil Gaeilge. Ach cén saghas comhairle a chuirfidh sé ar dhaltaí? (a) Bí ag obair leis an duine in aice leat agus sula n-‐éisteann sibh leis ag
caint, liostálaigí in bhur gcóipleabhair, 3 phíosa comhairle a shíleann sibh a thabharfaidh sé.
(b) Cad iad na rudaí is mó a chuirfidh imní ortsa sa scrúdú cainte? Cuir uimhir in aice le gach ceann thíos i do chóipleabhar – uimhir 1 don rud is mó a chothaíonn fadhbanna duitse, uimhir 2 don dara rud agus mar sin de...
A bheith cruinn ó thaobh na
gramadaí de
An tsraith pic�úr
Smaoineamh ar rudaí le rá le linn an chomhrá oscailte
A bheith róneirbhíseach
Na focail chearta Gaeilge a bheith agat ar gach rud
Obair bheirte: comhairle don scrúdú cainte;
Sleamhnán 2
Éist le Donncha, an múinteoir Gaeilge, ag cur comhairle ar dhaltaí don scrúdú cainte agus fair amach do na rudaí seo a leanas: 1. An gceapann Donncha go bhfuil sé
tábhachtach do dhaltaí Gaeltachta agus Gaelscoile ullmhú don scrúdú cainte? Cén fáth?
2. An gceapann Donncha gur leor é díreach freagra a thabhairt ar cheist sa scrúdú cainte? Cén fáth?
3. Cé chomh tábhachtach is atá sé, dar le Donncha, a bheith cruinn ó thaobh na gramadaí de?
Comhairle don scrúdú cainte Éisteacht
Tasc éisteachta: ceisteanna le freagairt; plé ranga: ar na freagraí.
Sleamhnán 3
Cén chanúint atá ag Donncha? Conas atá a �ios agat? Luaigh
cúis amháin. Deir Donncha rudaí cosúil le ‘D’�reagraíos gach aon cheist’ An féidir leatsa é sin a rá ar shlí eile? Agus an ceann seo? ‘An rud ba thábhachtaí ná go rabhas ábalta rud éigin a lorg.’ Agus an ceann deireanach? ‘Tá ábhairín Fraincise agam.’
Comhairle don scrúdú cainte Iarphlé 1 Abair ar shlí eile é...
Feasacht teanga: canúintí/leaganacha malartacha.
34
Sleamhnán 4
Féach ar na frásaí seo bunaithe ar an agallamh le Donncha a bhfuil cló dubh orthu agus pléigh iad le chéile mar rang. An dtuigeann sibh na nathanna atá iontu? 1. An dóigh leat gur cheart do dhalta tabhairt faoin scrúdú cainte sa Teastas Sóisearach?
2. Glacann tú leis go bhfuil rudaí áirithe ann ach ní chuimhníonn tú ar rudaí eile.
3. Níor mhór liosta a dhéanamh de sin.
4. An mbíonn leisce ar dhéagóirí a bheith ag caint?
5. Ní freagraí atá i gceist in aon chor le scrúdú béil.
6. Is tábhachtaí go bhfuil tú ábalta tú féin a chur in iúl. 7. Níor chuir sé aon �nneas faoin spéir orm an raibh mé cruinn nó nach raibh. 8. Cad a déarfá leis an té a bheadh scanraithe ina bheathaigh roimh an scrúdú cainte?
Comhairle don scrúdú cainte Iarphlé 2
Saibhriú teanga: frásaí dúshlánacha; plé ranga: ar na frásaí.
Sleamhnán 5
An dtuigeann tú an difríocht idir na péirí abair� seo? Is duine leisciúil é Tomás. Tá leisce ar Thomás dul amach ag rith. Mhínigh sí dom cad a bhí i gceist leis an aiste. Mhínigh sí dom cad a bhí i gceist aici. Sa Bhéarla úsáidtear dhá bhriathar difriúil chun na rudaí seo a chur in iúl: I presume they’ll be here soon. I accept your argument.
Conas a chuirtear na rudaí céanna in iúl sa Ghaeilge? (Déanfaidh briathar amháin an gnó.)
Comhairle don scrúdú cainte Iarphlé 3
Feasacht teanga: frásaí comhchosúla; saibhriú teanga: glacadh leis
Sleamhnán 6
1. An mbeidh tusa neirbhíseach ag dul isteach go d� an scrúdú cainte? An mbíonn tú neirbhíseach ag déanamh scrúduithe, de ghnáth?
2. Cén teanga iasachta a dhéanann tusa ar
scoil? An mbeidh tú neirbhíseach ag tabhairt faoin scrúdú cainte sa teanga sin? Cén fáth?
3. Conas atá sé i gceist agat ullmhú don dá
scrúdú cainte (Gaeilge agus teanga iasachta)? An bhfuil aon difríochtaí sa tslí a ullmhóidh tú don dá scrúdú?
Comhairle don scrúdú cainte Iarphlé 4
Obair bheirte nó plé ranga: do thuairim faoin scrúdú cainte.
35
1H. An Scoil i gCúba: Nótaí an Mhúinteora (Dúshlánach)
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Dúshlánach
Spriocanna Cumas tuisceana, scríbhneoireachta, léitheoireachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – saol na scoile / ginearálta
Stór focal Saol na scoile
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar shliocht ó dhialann dalta scoile i gCúba. Ní téacs ródheacair é agus tá sé scríofa ar bhealach simplí.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán ard Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin. Moltar an ghníomhaíocht An Aimsir láithreach ó ‘Fócas ar Theanga’ a úsáid i dteannta leis na gníomhaíochtaí seo.
Réamhobair 1üLéigh na ceisteanna leis na foghlaimeoirí le bheith cinnte go dtuigeann siad gach rud agus ansin lig
dóibh an cleachtadh a dhéanamh leo féin.
üAbair leo buille faoi thuairim a thabhairt mura bhfuil na freagraí ar eolas acu.
üIarr ar gach beirt a gcuid freagraí a chur i gcomparáid le chéile.
üPléigh na freagraí leis an rang ar fad.
Réamhobair 2üTabhair deis do na foghlaimeoirí na focail sa dá cholún a cheangal le chéile. Cuir béim arís ar na
bealaí atá ann chun cuidiú leo an rogha ceart a dhéanamh fiú mura bhfuil an focal ar eolas acu – níos mó ná focal amháin sa fhrása / aidiacht / focail atá cosúil lena chéile sa dá theanga.
üIarr ar gach beirt a gcuid freagraí a chur i gcomparáid le chéile.
üPléigh thusa ansin iad.
üIarr ar gach dalta cúpla focal a bhreacadh sa bhosca faoi Chúba, mar shampla: seanghluaisteáin, tír bhocht, tír shóisialach, ceol traidisiúnta, siúcra (cána siúcra), cnónna cócó agus araile.
üIarr ar gach beirt a gcuid tuairimí a chur i gcomparáid le chéile.
üPléigh thusa ansin iad.
LéamhüLéigh an t-alt leis an rang ar fad.
üTéigh siar ar aon deacracht fuaime nó tuisceana a bheadh acu.
üIarr ar dhalta éagsúla cuid den léitheoireacht a dhéanamh amach os ard.
(Dúshlánach)
36
LéamhthuiscintüIarr ar an rang na ceisteanna faoin alt a dhéanamh leo féin ar dtús agus ansin nuair atá siad
críochnaithe iarr orthu na freagraí a phlé ina mbeirteanna.
üTéigh siar ar na freagraí leis an rang ansin. Téigh siar ar na freagraí leis an rang ansin.
Iarphlé üIarr ar gach beirt an obair a dhéanamh le chéile. Beidh orthu dul siar ar an alt chun na ceisteanna a
phlé le chéile.
üIs cinnte go bhfuil deacrachtaí ann daoine óga a chur le chéile chun caint mar seo a dhéanamh ach, is féidir duine lag (nó toirmeascach) a chur in aice le duine níos fearr (scoláire maith). Iarr orthu nótaí a scríobh síos chomh maith a chuideoidh leo a n-intinn a dhíriú ar an gcaint i gceist.
üPléigh na ceisteanna leis an rang ar fad. Pléigh na ceisteanna leis an rang ar fad.
Scríobh üMínigh do na foghlaimeoirí go mbeidh siad ag scríobh cúpla alt faoin ngnáthshaol scoile ina saol féin.
üAbair leo an píosa a scríobh san aimsir (ghnáth)láithreach.
üAbair leo abairtí gearra, simplí a scríobh agus aird faoi léith a dhíriú ar an litriú.Abair leo abairtí gearra, simplí a scríobh agus aird faoi léith a dhíriú ar an litriú.
Moltaí eileüIs féidir beirt a chur le chéile chun an t-alt a léamh amach os ard ina mbeirteanna, léitheoir láidir le
léitheoir lag mar shampla.
üIs féidir iarraidh ar dhalta maith cur síos a dhéanamh os comhair an ranga ar ghnáthlá ina scoil féin agus ceisteanna a chur ar na daltaí eile faoi cad a dúirt sé.
Freagraí
Réamhobair 1 13. I Muir Chairib. 14. Raúl Castro 15. Habana 16. Sóisialachas 17. An Spáinnis 18. Turasóireacht 19. Teannasach 20. 5 bliana i bpríosún
37
Réamhobair 2 is ar éigean barely thobair go nearly confach furious bhí rún agam I had intendeddúthrachtach diligentcairdeolaí cardiologistbheadh fuath agam ar I would hatecumha loneliness / nostalgia
Léamhthuiscint1. Bréagach (bhí sé ag damhsa salsa i dteach a aintín go mall san oíche).2. Bréagach (cuirtear lón ar fáil sa scoil).3. Ní deirtear (cé mhéad ríomhaire a fuarthas).4. Bréagach (níl se cinnte níos mó).5. Fíor.6. Fíor.
38
1H. An Scoil i gCúba
Sleamhnán 1
Cuir �c in aice leis an bhfreagra ceart. 1. Cá bhfuil Cúba suite? ⃝ i Muir Éireann ⃝ i Muir Chairib ⃝ sa Mhuir Rua 2. Cé hé Uachtarán na �re? ⃝ Fidel Castro ⃝ Raúl Castro ⃝ Fulgencio Ba�sta 3. Cad í príomhchathair Chúba? ⃝ Habana ⃝ Buenos Aires ⃝ San José 4. Cén cineál córas polai�ochta atá i gCúba? ⃝ Cumannachas ⃝ Sóisialachas ⃝ Caipitleachas 5. Cad í an teanga oifigiúil? ⃝ An Béarla ⃝ An Spáinnis ⃝ An
Fhraincis 6. Cad í an �onsclaíocht is mó sa �r? ⃝ Caife ⃝ Siúcra ⃝ Turasóireacht 7. Cén cineál caidrimh atá idir Cúba agus na Stáit Aontaithe? ⃝ an-‐mhaith ⃝ teannasach ⃝ trodach 8. Má úsáidtear an t-‐idirlíon gan chead gearrtar: ⃝ 5 bliana i bpríosún ⃝ 5 lá i bpríosún ⃝ 5 mhí i bpríosún Cad a bhí ag an duine in aice leat?
An scoil i gCúba Réamhobair 1
Obair aonair: tabhairt faoi na ceisteanna a fhreagairt; obair bheirte: freagraí a chur i gcomparáid le chéile; plé ranga: na freagraí a phlé le chéile.
Sleamhnán 2
Beidh tú ag léamh sleachta ó dhialann dalta scoile ó Chúba ar ball. An féidir leat na focail Bhéarla a cheangal leis na focail Ghaeilge? Beidh na focail sa sliocht a léifidh tú.
is ar éigean cross thobair go loneliness / nostalgia confach barely bhí rún agam cardiologist dúthrachtach I would hate cairdeolaí nearly bheadh fuath agam ar I had intended cumha diligent
An féidir leat cúpla focal eile a ritheann leat (comes to mind) nuair a smaoiníonn tú ar Chúba a bhreacadh sa bhosca. Cad a bhí ag an duine in aice leat?
An scoil i gCúba Réamhobair 2
Aimsir the,
Stór focal: focail dhúshlánacha a cheangal lena míniú i mBéarla;
Sleamhnán 3
Dé Céadaoin, 2 Bealtaine 2012 Is ar éigean ar éirigh mé amach as an leaba ar maidin le freastal ar an scoil, bhí mé tuirseach traochta. Chaith mé an lá ar fad inné ag máirseáil ar son an tsóisialachais i dteannta gach dalta scoile eile i gCúba. Bhí cóisir ag mo theaghlach i dteach m’ain�n agus níor éirigh mé as an damhsa salsa go d� a haon a chlog ar maidin! Thobair gur thit mé i mo chodladh le linn rang na Matamai�ce ar maidin, an chéad rang a thosaíonn ar a hocht. Is maith liom an Mhatamai�c ach is féidir leis an múinteoir a bheith confach go leor agus ní raibh sí sásta liomsa inniu. Ceapaim go bhfuil an lá scoile níos faide i gCúba ná mar atá i d�ortha eile, tosaímid ar a hocht agus críochnaímid ar a ceathair a chlog, agus bíonn lón uair an chloig againn. Cuireann an scoil an lón ar fáil agus is annamh nach mbíonn rís, pónairí agus glasraí againn ach is cuma liom, is breá liom am lóin. Déardaoin, 3 Bealtaine 2012 Bhain mé sup as an lá scoile inniu. Is iad an Eolaíocht; Stair agus Tíreolaíocht idirnáisiúnta; agus an Mheicnic na hábhair is fearr liom agus bhí siad ar fad agam inniu. Seo hiad na hábhair eile atá á staidéar agam: Matamai�c; Spáinnis; Litríocht; Eolaíocht; Stair agus Tíreolaíocht; Ceol; Ealaín; Adhmadóireacht, Béarla agus Spórt. Is iad na hábhair roghnacha ná Cócaireacht, Fuáil agus an Mheicnic. Chomh maith leis sin bhí cúpla uair an chloig againn ar na ríomhairí nua a fuair an scoil anuraidh (ní raibh aon ríomhaire againn roimhe sin in aon chor). B’�éidir go mbeidh an t-‐idirlíon againn amach anseo . . .
An scoil i gCúba Léamh
Léamhthuiscint: léitheoireacht.
39
Sleamhnán 4
Bhí rún agam bheith i mo dhochtúir i gcónaí, ach níl mé cinnte faoi sin anois. Is dochtúir í mo mháthair agus is é m’athair atá i mbun an � -‐ tá teach ‘Leaba agus Bricfeasta’ againn. Oibríonn an bheirt acu go dúthrachtach ach saothraítear i bhfad níos mó airgid leis an ‘Leaba agus Bricfeasta’ ná mar a shaothraíonn mo mháthair, agus chaith sise cúig bliana déag tar éis na meánscoile ag staidéar le bheith ina cairdeolaí. Cén fáth a gcráfainn mo chroí ar feadh na mblianta ag staidéar nuair a shaothróinn tuilleadh airgid ag obair mar �ear tacsaí? Dé hAoine, 4 Bealtaine 2012 Bhí sé ag stealladh báis� ar maidin agus mé ar mo rothar chun na scoile, bhí mé fliuch báite nuair a bhain mé an scoil amach, 8km ón teach! Is fuath liom m’éide scoile, is annamh a oireann sí don aimsir, í i gcónaí róthe agus róthrom. Ach ní agamsa atá an saol is measa, bíonn ar mhuin�r na tuaithe freastal ar scoileanna cónaithe toisc iad bheith ró�ada ar shiúl ón scoil. Bheadh fuath agam air sin, bheadh cumha millteanach orm! Nuair a smaoiním chomh maith nach bhfuil comhoideachas i d�ortha áirithe agus go gcaithfidh cailíní agus buachaillí bheith scartha óna chéile sna blianta órga! Bheinn féin caillte gan na cailíní, ní hamháin go bhfuil dúil agam iontu ach cuidíonn siad liom mo chuid obair bhaile a dhéanamh go minic. Níl ach seachtain amháin fágtha go d� go mbaileoidh mé liom leis na daltaí eile i mo rang go d� feirm mhór i lár na �re. Bíonn ar gach dalta scoile obair �eirme a dhéanamh ar feadh míosa gach bliain.
An scoil i gCúba Léamh ar lean
Léamhthuiscint: léitheoireacht.
Sleamhnán 5
Léigh na rái�s faoin alt agus cuir �c le A, B nó C i ngach cás: 1. Bhí an buachaill tuirseach mar bhí sé ag siúlóid an lá roimhe sin.
A. Fíor B. Bréagach C. Ní deirtear 2. Tugann sé ceapairí leis chun na scoile gach lá.
A. Fíor B. Bréagach C. Ní deirtear 3. Fuair an scoil caoga ríomhaire nua anuraidh.
A. Fíor B. Bréagach C. Ní deirtear 4. Ba mhaith leis an mbuachaill a bheith ina dhochtúir.
A. Fíor B. Bréagach C. Ní deirtear 5. Níor mhaith leis bheith ag freastal ar scoil chónaithe mar bheadh uaigneas air.
A. Fíor B. Bréagach C. Ní deirtear 6. Caithfidh sé obair �eirme a dhéanamh ar feadh míosa.
A. Fíor B. Bréagach C. Ní deirtear
An scoil i gCúba Léamhthuiscint
Léamhthuiscint: ceisteanna le freagairt;
Sleamhnán 6
Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat:
1. Déan liosta de na difríochtaí idir an saol scoile atá agat féin agus an saol scoile atá ag an duine a scríobh an sliocht.
2. An bhfuil aon rud ón saol scoile i gCúba a thaitníonn leat? Cad iad?
3. An bhfuil aon rud ón saol scoile i gCúba nach dtaitníonn leat? Cad iad?
4. An bhfuil an córas oideachais níos fearr i gCúba ná mar atá anseo dar leat? Cén fáth?
An scoil i gCúba Iarphlé & Scríobh
Scríobh a. Léigh an t-‐alt arís agus
cuir líne faoi gach sampla den Aimsir Láithreach*.
b. Scríobh leathanach amháin faoi sheachtain scoile i do shaol féin anois.
Obair bheirte: freagraí a phlé le chéile; tasc scríofa: alt faoi shaol na scoile; léitheoireacht/labhairt: an t-alt a léamh amach os ard.
40
1I. Scoil thrítheangach: Nótaí an Mhúinteora (Réasúnta dúshlánach)
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Réasúnta dúshlánach
Spriocanna Cumas tuisceana, scríbhneoireachta, léitheoireachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – saol na scoile / gaelscolaíocht
Stór focal An dátheangachas
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar alt mar gheall ar bhunscoil thrítheangach in Arizona, Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tá cuid de na habairtí/coincheapa sa téacs deacair ach tá sé scríofa ar bhealach simplí.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán ard Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin.
Réamhobair 1üAn aidhm atá leis an sleamhnán seo ná na daltaí a chur ag machnamh ar na tréithe a bhaineann le
gaelscoil/scoil Ghaeltachta chomh maith le tréithe eile a bhaineann lena scoil féin.
üLéigh a bhfuil ar an sleamhnán leis na foghlaimeoirí le bheith cinnte go dtuigeann siad a bhfuil le déanamh acu. Is féidir leat iad a chur ag plé na ceiste ina mbeirteanna ar feadh nóiméad nó dhó.
üIarr ar na daltaí cuid de na rudaí a dúirt siad a rá leat agus d’fhéadfá cúpla rud a deir siad a chur ar an gclár.
Réamhobair 2üAbair leis na daltaí díriú ar chuid (a) ar dtús ar feadh cúpla nóiméad. Pléigh na freagraí a bheidh acu
leis an rang iomlán. Muna mbeidh siad ábalta smaoineamh ar aon tír eile cuir cúpla ceann ar fáil dóibh (An Bhreatain Bheag – An Bhreatnais agus an Béarla / Tír na mBascach – An Bhascais agus an Spáinnis / An Albain – Gaeilge na hAlban agus an Béarla).
üPléigh cuid (b) agus (c) leis an rang iomlán ansin le go mbeidh tuiscint acu ar na coincheapa ‘mórtheanga’ agus ‘mionteanga’.
üBí cinnte go dtuigeann siad gur mionteanga í an Ghaeilge fiú amháin sa Ghaeltacht.
Réamhobair 3üTabhair seans do na daltaí machnamh a dhéanamh ar na ceisteanna atá ar an sleamhnán seo agus
nuair a phléifidh sibh mar rang iomlán iad bí cinnte go luafaidh sibh grúpaí éagsúla daoine sna Stáit i.e. na bundúchasaigh (Native Americans), daoine de bhunadh Mheiriceá Laidineach, inimircigh eile.
üRéamhobair 3 ar lean: Mínigh do na daltaí gur seo ainmneacha de threibheanna bundúchasacha i Meiriceá. Is slí é an sleamhnán seo chun na focail ‘treibh’ agus ‘bundúchasach’ a chur i láthair na ndaltaí.
üBog ar aghaidh go dtí an chéad sleamhnán eile a mhíníonn do na daltaí cad a bheidh i gceist sa chéad tasc eile.
(Réasúnta dúshlánach)
41
LéamhüCuir na daltaí ag obair le chéile ina mbeirteanna chun an t-alt a léamh.
üAnsin léigh an t-alt leis an rang ar fad ar na sleamhnáin ag dul siar ar aon deacracht fuaime nó tuisceana a bheidh acu. tuisceana a bheidh acu.
LéamhthuiscintüIarr ar an rang freagraí na gceisteanna faoin alt a dhéanamh amach iad féin ar dtús agus ansin nuair
a bheidh siad críochnaithe iarr orthu na freagraí a phlé ina mbeirteanna.
üMá theastaíonn uait an ghníomhaíocht a dhéanamh níos deacra abair leo na freagraí a scríobh amach ina gcóipleabhair nó má theastaíonn uait é a bheith réasúnta éasca abair leo nach gá dóibh faic a scríobh síos.
üTéigh siar ar na freagraí leis an rang ansin. Téigh siar ar na freagraí leis an rang ansin.
Iarphlé üAn aidhm atá leis an sleamhnán seo ná na daltaí a chur ag machnamh ar a bhféiniúlacht féin
mar dhaoine dátheangacha. Bí cinnte go dtuigeann siad ar fad cad is brí le ‘teanga dhúchais / máthairtheanga’ .i. an teanga theaghlaigh atá ag duine.
üCinntigh go dtuigeann siad a bhfuil i gceist leis an 3 rogha agus fiosraigh an bhfuil aon duine sa rang a bhfuil cúlra teanga eile ar fad aige/aici .i. duine nach bhfuil Gaeilge ná Béarla sa bhaile aige/aici.bhfuil cúlra teanga eile ar fad aige/aici .i. duine nach bhfuil Gaeilge ná Béarla sa bhaile aige/aici.
ScríobhüMínigh do na foghlaimeoirí go mbeidh siad ag ligean orthu féin go mbeidh siad ag scríobh
ríomhphoist chuig cara pinn ag déanamh cur síos ar a scoil féin.
üAbair leo tír a roghnú ina bhfuil an cara pinn ina c(h)ónaí agus an ríomhphost a scríobh ina gcóipleabhar. Abair leo go mbeidh deich nóiméad acu ar a mhéid chun an ríomhphost a scríobh.
üAbair leo abairtí gearra, simplí a scríobh agus aird faoi leith a dhíriú ar an litriú. Nuair a bheidh an t-am istigh éist le cuid den mhéid a bheidh scríofa ag daltaí éagsúla.
42
1I. Scoil trítheangach
Sleamhnán 1
“Abair liom faoi do scoil!” Lig ort féin go bhfuil cuairteoir �mpeall a chuireann ceist ort faoi do scoil. Cad a déarfaidh tú leis? Smaoinigh – níl tuairim dá laghad aige cad is gaelscoil/scoil Ghaeltachta ann! Pléigh é seo leis an duine in aice leat ar feadh cúpla nóiméad.
Scoil thrítheangach Réamhobair 1
Obair bheirte: cur síos ar do scoil; feasacht: cad is Gaelscoil/scoil Ghaeltachta ann.
Sleamhnán 2
(a) Smaoinigh anois ar thrí thír eile a bhfuil pobail ina gcónaí iontu a bhfuil teanga dá gcuid féin acu. 1. ___________________ 2. ___________________ 3. ___________________
(b) An bhfuil a �ios agat cén rud
í mionteanga agus cén rud í mórtheanga?
(c) Idir an Ghaeilge agus an Béarla, cé acu ceann an mhionteanga agus cé acu ceann an mhórtheanga?
Scoil thrítheangach Réamhobair 2
Feasacht teanga: mionteanga vs mórtheanga.
Sleamhnán 3
An dóigh leat go bhfuil aon mhionteangacha i Meiriceá? Cé hiad na daoine, a déarfá a mbeadh mionteanga á labhairt acu ann?
Scoil thrítheangach Réamhobair 3
Plé ranga: mionteangacha i Meiriceá.
43
Sleamhnán 4
An aithníonn sibh na hainmneacha seo? Cad iad?
Cherokee Choctaw Cree Hopi Navajo
Scoil thrítheangach Réamhobair 3 ar lean
Eolas: treibheanna bundúchasacha i Meiriceá
Sleamhnán 5
Bunaithe ar mhír in Knau Arizona Public Radio (www.knau.org) I Flagstaff, Arizona, tá bunscoil an-‐neamhghnáthach ar fad – scoil thrítheangach. Foghlaimíonn gach duine Béarla ann ach foghlaimíonn siad Spáinnis nó Navajo ann chomh maith.
Múineann Eileen Ryan sa scoil agus an chéad teanga atá ag Eileen ná Diné, an teanga Navajo. Deir sí nach mbíonn seans ag an méid céanna leanaí Diné a chloisteáil is a bhíodh nuair a bhí sí féin ina leanbh. “Is dóigh liom go dtugann an scoil seo seans do na leanaí a thuiscint go bhfuil teanga leo féin ag a muin�r agus cultúr leo féin,” a deir sí.
Tá sé seo an-‐tábhachtach mar is mionlaigh iad 50% de dhaonra an scoilcheantair – daoine a bhfuil cúlra Spáinnise acu agus daoine a bhfuil cúlra bundúchasach acu. Deich mbliana ó shin i Flagstaff, is minic a theipeadh ar dhaltaí nach raibh Béarla acu mar mháthairtheanga sa scrúdú stáit Béarla. D’�ág go leor acu scoil.
Scoil thrítheangach Léamh
Obair bheirte: léitheoireacht.
Sleamhnán 6
Bunaithe ar mhír in Knau Arizona Public Radio (www.knau.org) I Flagstaff, Arizona, tá bunscoil an-‐neamhghnáthach ar fad – scoil thrítheangach. Foghlaimíonn gach duine Béarla ann ach foghlaimíonn siad Spáinnis nó Navajo ann chomh maith.
Múineann Eileen Ryan sa scoil agus an chéad teanga atá ag Eileen ná Diné, an teanga Navajo. Deir sí nach mbíonn seans ag an méid céanna leanaí Diné a chloisteáil is a bhíodh nuair a bhí sí féin ina leanbh. “Is dóigh liom go dtugann an scoil seo seans do na leanaí a thuiscint go bhfuil teanga leo féin ag a muin�r agus cultúr leo féin,” a deir sí.
Tá sé seo an-‐tábhachtach mar is mionlaigh iad 50% de dhaonra an scoilcheantair – daoine a bhfuil cúlra Spáinnise acu agus daoine a bhfuil cúlra bundúchasach acu. Deich mbliana ó shin i Flagstaff, is minic a theipeadh ar dhaltaí nach raibh Béarla acu mar mháthairtheanga sa scrúdú stáit Béarla. D’�ág go leor acu scoil.
Scoil thrítheangach Léamh
Eolas: treibheanna bundúchasacha i Meiriceá
44
Sleamhnán 7
“ An tuairim a bhí taobh thiar de Puente de Hozho ná áit a chruthú go bhféadfadh daltaí ó chúlraí difriúla teanga agus cultúrtha foghlaim le chéile agus áit nach mbeadh daoine ag ceapadh gur ‘fadhbanna’ iad cainteoirí mionteanga ach gurb iad croí na scoile iad”, a deir Michael Fillerup, S�úrthóir Oideachas Dátheangach na scoile.
Faoi láthair, tá ag éirí le formhór na ndaltaí i Puente de Hozho sna scrúduithe stáit agus iad ag foghlaim dhá theanga ag an am céanna.
Caitheann na daltaí a roghnaigh Spáinnis leath an lae i seomra ranga ina labhraítear Béarla amháin agus an leath eile i seomra ranga ina labhraítear Spáinnis amháin.
Tá ag éirí chomh maith leis an scoil go bhfuil liosta fada feithimh chun áit a �áil ann. Caitheann siad 80 duine a chur ó dhoras gach bliain.
Léiríonn taighde go bhfuil buntáis� ann do leanaí a �oghlaimíonn an dara teanga. Deirtear go mbíonn siad níos fearr ag réiteach fadhbanna agus go bhfuil scileanna cognaíocha níos forbartha acu.
Scoil trítheangach Léamh ar lean
Obair bheirte: léitheoireacht.
Sleamhnán 8
Freagair na ceisteanna seo a leanas. 1. Úsáidtear thrí theanga sa bhunscoil Puente de Hozho. Cad
iad?
2. Cé hiad na mionlaigh is mó atá i Flagstaff?
3. Is cainteoir dúchais Diné í an múinteoir Eileen Ryan. Cad a deir sí mar gheall ar chainteoirí Diné sa lá atá inniu ann?
4. An bhfuil ag éirí go maith leis an scoil Puente de Hozho? Conas atá a �ios agat?
5. An rud maith é cúpla teanga a bheith ag duine, dar leis an alt? Cén fáth?
Scoil thrítheangach Léamhthuiscint
Obair aonair agus bheirte: freagraí a aimsiú agus a phlé; tasc scríofa: freagraí a scríobh amach.
Sleamhnán 9
(a) Cad is brí le teanga dhúchais / máthairtheanga? (b) Cén cur síos is fearr a oireann duitse? 1. Is cainteoir dúchais Gaeilge mé. Labhraím Gaeilge sa
bhaile le mo chlann agus táim líofa sa Bhéarla. Is mionteanga í mo mháthairtheanga.
2. Is cainteoir dúchais Béarla mé. Labhraím Béarla sa bhaile le mo chlann ach táim líofa sa Ghaeilge chomh maith. Is mórtheanga í mo mháthairtheanga.
3. Is cainteoir dúchais Gaeilge agus Béarla mé. Labhraím Gaeilge le tuismitheoir amháin agus Béarla leis an tuismitheoir eile sa bhaile. Tá mionteanga agus mórtheanga ó dhúchas agam.
Scoil thrítheangach Iarphlé
Feasacht teanga: daltaí a chur ag machnamh ar a bhféiniúlacht féin mar dhaoine dátheangacha.
45
Sleamhnán 10
Scríobh ríomhphost chuig cara pinn leat i meánscoil i do rogha �r. Inis dó/di faoi do scoil: cén saghas scoile í, cad a cheapann tú den scoil, na rudaí a thaitníonn agus nach dtaitníonn leat faoin scoil agus bí cinnte a mhíniú dó/dí faoi chúrsaí Gaeilge sa scoil.
Scoil thrítheangach Scríobh
Tasc scríofa: ríomhphost a scríobh ag déanamh cur síos ar an scoil agus ar áit na Gaeilge sa scoil.
46
1J. Tar éis am scoile – Caoimhe: Nótaí an Mhúinteora (Dúshlánach)
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Dúshlánach
Spriocanna Cumas tuisceana, scríbhneoireachta, léitheoireachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – saol na scoile / tar éis am scoile
Stór focal Ábhair Scoile / imeachtaí tar éis am scoile
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar mhír físe i gcanúint Uladh a bhfuil cailín óg ag labhairt inti. Tá an Teastas Sóisearach idir lámha aici.
Moltar an ceacht Saol na Scoile – Uimhreacha ó ‘Fócas ar Theanga’ a dhéanamh i dteannta na gceachtanna seo.
Réamhobair 1üLéigh na focail sa dá cholún leis na foghlaimeoirí agus iarr orthu na focail ar chlé a mheaitseáil leis na
focail a bhfuil an míniú céanna acu ar dheis.
üAbair leo buille faoi thuairim a thabhairt mura bhfuil na freagraí ar eolas acu.
üIarr ar gach beirt a gcuid freagraí a chur i gcomparáid le chéile.
üPléigh na freagraí leis an rang ar fad.
üMínigh do na daltaí gur cheart dóibh bheith eolach ar fhocail ó chanúintí eile ach nach bhfuil gá ach le leagan amháin a bheith acu féin agus iad ag scríobh.
üNuair atá na focail pléite tabhair deis labhartha do na foghlaimeoirí.
üLéigh na ceisteanna sa cholún ar chlé leo (an cheist) agus abair leo an freagra atá ceart fúthu féin a bhreacadh isteach sa dara colún (Tú féin). Ansin caithfidh siad na ceisteanna sa chéad cholún a chur ar dhuine amháin eile sa rang.
üCuir thusa ceisteanna ar dhaltaí éagsúla tar éis tamaill. Bíodh an comhrá mar seo:
Múinteoir: A Emma, cé leis a raibh tú ag caint?Emma: Le Máire.Múinteoir: Agus, cé mhéad uair an chloig a chaitheann Máire ag staidéar le linn na seachtaine?Emma: Caitheann sí timpeall trí uair an chloig gach lá ag staidéar. Emma
Éisteacht 1üLéigh na ceisteanna leis an rang agus mínigh dóibh go mbeidh siad ag éisteacht le cailín ag déanamh
cur síos ar cad a dhéanann sí le linn na seachtaine.
üCuir an mhír ar siúl ar a laghad dhá uair nó níos mó más gá.
üCeartaigh na ceisteanna leis an rang iomlán.
(Dúshlánach)
47
Éisteacht 2üMínigh do na daltaí cad atá le déanamh agus léigh gach ceist leo.
üIarr ar gach dalta an obair a dhéanamh leis féin ar dtús. Ansin iarr orthu a gcuid freagraí a chur i gcomparáid le dalta eile.
üCuir an mhír ar siúl arís le seans a thabhairt do na foghlaimeoirí a gcuid freagraí a sheiceáil.
üPléigh na freagraí leis an rang iomlán.Pléigh na freagraí leis an rang iomlán.
Iarphlé üIarr ar gach beirt an obair a dhéanamh le chéile.
üIs cinnte go bhfuil deacrachtaí ann daoine óga a chur le chéile chun caint mar seo a dhéanamh ach, is féidir duine lag (nó toirmeascach) a chur in aice le duine níos fearr (scoláire maith). Iarr orthu nótaí a scríobh síos chomh maith a chuideoidh leo a n-intinn a dhíriú ar an gcaint i gceist.
üPléigh na ceisteanna leis an rang ar fad.
ü* Féach Saol na Scoile – Uimhreacha ó ‘Fócas ar Theanga’.
Freagraí
Réamhobair 1
1 2 3 4 5 6 7 8 9 10b e h i f a c j g d
Éisteacht 2
1.Caoimhe: Tá mé ag an am seo ag staidéar deich n-ábhar le haghaidh an Teastais Shóisearaigh. Tá a
lán le staidéar agam agus bím i mo shuí mall san oíche, agus tá súil agam go ndéanfaidh mé go maith mar tá tréan oibre curtha isteach agam ann.
Caitlín: Oh, tá sin an-mhaith. Cé mhéad uair a mheasann tú féin a chaitheann tú ag staidéar? Caoimhe: Bhuel, ar na laethanta seo a bhím ar scoil, i ndiaidh am scoile caithim timpeall trí uair
ag staidéar agus ag an deireadh seachtaine ó cúig go sé uair ag staidéar fá choinne an Teastais Shóisearaigh.
2.Bíonn mo mháthair ina suí mall san oícheBíonn m’athair ina shuí mall san oíche.Bíonn mo dheirfiúr ina suí mall san oíche.Bíonn mo dheartháir ina shuí mall san oíche.
48
1J. Tar éis am scoile - Caoimhe
Sleamhnán 1
Tar éis am scoile Réamhobair
Tá canúint Uladh ag Caoimhe, an cailín a mbeidh sibh ag éisteacht léi ar ball. An féidir leat féin agus an duine in aice leat na leaganacha Ultacha a cheangal leis na leaganacha caighdeánacha?
An Cheist Tú féin Duine eile Cé mhéad uair an chloig a chaitheann tú ag staidéar le linn na seachtaine?
Cé mhéad uair an chloig a chaitheann tú ag staidéar le linn an deireadh seachtaine?
An ndéanann tú aon imeacht eile tar éis am scoile?
Leagan Ultach Leagan Caighdeánach 1. fá choinne 2. cuid mhór 3. iontach maith 4. thart fá 5. achan 6. fosta 7. leofa 8. uilig 9. domh 10. scíste
a) freisin b) le haghaidh/i gcomhair c) leo d) scíth e) a lán f) gach g) dom h) an-‐mhaith i) �mpeall j) gach uile
Líon an bosca fút féin ar dtús agus ansin labhair le duine amháin eile sa rang leis an eolas faoin duine sin a �áil.
Stór focal: canúint Uladh i gcomparáid leis an gcaighdeán; tasc labhartha: ceisteanna a chur agus a fhreagairt.
Sleamhnán 2
Éist leis an mír agus freagair na ceisteanna: 1. Cé mhéad ábhar atá á staidéar ag Caoimhe?
_________________________________________________ 2. An éireoidh go maith léi sna scrúduithe, dar leat? Cén fáth?
_________________________________________________ 3. Cé mhéad uair a chaitheann sí ag staidéar?
_________________________________________________ 4. Cad a dhéanann Caoimhe nuair a bhíonn am saor aici?
_________________________________________________ 5. Cén fáth a luann sí The Lion King?
_________________________________________________ 6. An ndéanann mórán daltaí sa scoil bailé?
_________________________________________________
Tar éis am scoile Éisteacht(1)
Tasc éisteachta: ceisteanna le freagairt.
Sleamhnán 3
Tar éis am scoile Éisteacht(2)
1. Féach ar an sliocht seo ón mír. Líon na bearnaí leis an leagan caighdeánach (nó an leagan atá agat féin) de na focail ón mbosca ó leathanach ‘Tar éis am scoile – réamhobair’.
Caoimhe Tá mé ag an am seo ag staidéar deich n-‐ábhar __________ an Teastas Sóisearach. Tá __________le staidéar agam agus bím i mo shuí mall san oíche, agus tá súil agam go ndéanfaidh mé go maith mar tá tréan oibre curtha isteach agam ann. Caitlín Oh, tá sin __________. Cé mhéad uair a mheasann tú féin a chaitheann tú ag staidéar? Caoimhe Bhuel, ar na laethanta seo a bhím ar scoil, i ndiaidh am scoile caithim __________trí n-‐uaire ag staidéar agus ag an deireadh seachtaine ó cúig go sé uaire ag staidéar fá choinne an Teastas Sóisearach. 2. Éist leis an mír arís le feiceáil ar líon tú na bearnaí i gceart. Cuir
ceist ar do mhúinteoir le bheith cinnte.
3. Féach ar an nath cainte seo ón mír:
‘bím i mo shuí mall san oíche’
Cad faoi d’athair agus do mháthair féin? Scríobh amach an abairt arís ag tagairt do bhaill éagsúla ó do theaghlach.
_____________________mall san oíche (máthair) _____________________mall san oíche (athair) _____________________mall san oíche (deirfiúr) _____________________mall san oíche (deartháir)
Tasc éisteachta: líon na bearnaí; gramadach: ina suí / ina shuí.
49
Sleamhnán 4
A. Cuir na ceisteanna seo ar an duine in aice leat: 1. Cé mhéad ábhar atá á staidéar agat? 2. Cad é an t-‐ábhar is fearr leat? Cén fáth? 3. Cad é an t-‐ábhar nach maith leat ar chor ar bith? Cén fáth? B. Féach ar na ceisteanna seo agus breac síos abairt nó dhó
atá �or fút féin.
An ndéanann tú mórán botún agus tú ag labhairt i nGaeilge?
An ndéanann tú mórán botún agus tú ag
labhairt i mBéarla?
Cé acu teanga is deacra duit féin a labhairt – an Ghaeilge nó an Béarla? Cén fáth?
Tar éis am scoile Iarphlé
Obair bheirte: ceisteanna le plé; plé ranga: ceisteanna faoi Ghaeilge agus Béarla.
50
Fócas ar Theanga Litriú (caol & leathan): Nótaí an Mhúinteora
Leibhéal An Teastas Sóisearach
Spriocanna Aird na bhfoghlaimeoirí a dhíriú ar litriú na Gaeilge
Stór focal Ábhair Scoile
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Moltar na bileoga a úsáid leis na gníomhaíochtaí faoi Na hÁbhair Scoile, Aonad 1 (Saol na Scoile). Léigh na treoracha leis na daltaí agus tabhair an oiread samplaí breise agus is gá go dtí go dtuigeann na daltaí an riail faoi chaol le caol agus leathan le leathan.
Freagraí
Polaiteoir: Pol-ait-eoir
Scoileanna: Scoil-ean-na
Iodáilis: Iod-áil-is
Léitheoireacht: Léith-eoir-eacht
Múinteoir: Múin-teoir
Eolaíocht: Eo-laí-ocht
Leithreas: Leith-reas
Gramadach: Gram-a-dach
Foclóir: Foc-lóir
51
Fócas ar Theanga: Litriú
Sleamhnán 1
Litriú caol & leathan
Cuir na gutaí atá caol agus na cinn atá leathan sa bhosca cuí.
A E I O U CAOL LEATHAN Smaoinigh air seo – caithfidh na gutaí atá ar gach taobh de chonsan a bheith ag teacht le chéile:
Má tá guta caol roimh chonsan caithfidh guta caol a bheith ina dhiaidh. Má tá guta leathan roimh chonsan caithfidh guta leathan a bheith ina diaidh.
EOLAÍOCHT tá ‘o’ ar thaobh amháin den li�r ‘l’ mar sin caithfidh guta leathan a bheith ina dhiaidh – ‘a’
FILÍOCHT tá ‘i’ ar thaobh amháin den li�r ‘l’ mar sin caithfidh guta caol a bheith ina dhiaidh – ‘i’ Ná bí buartha faoi cén meascán gutaí atá in aice le chéile – is cuma faoi sin. An rud atá tábhachtach ná cén saghas gutaí atá ar aon taobh den chonsan!
Gramadach: Caol le caol, leathan le leathan.
Sleamhnán 2
1. Féach ar na consain / grúpaí consan thíos atá i gcló dorcha. Cén saghas gutaí atá ar gach taobh dóibh? An bhfuil siad ag réiteach le chéile?
ADHMADÓIREACHT EACNAMAÍOCHT BHAILE TEICNEOLAÍOCHT MATA GAEILGE REILIGIÚN FRAINCIS SPÁINNIS EALAÍN 2. Bí ag obair leis an duine in aice leat agus
cabhraígí le chéile chun na hábhair atá ar bun agaibh a scríobh amach i gceart. Bí an-‐chúramach leis an litriú.
Litriú caol & leathan
Gramadach: Caol le caol, leathan le leathan.
Sleamhnán 3
Roghnaigh an deireadh ceart (ar dheis) a oireann don chéad chuid den ainm�ocal cuí ar chlé. Ná déan dearmad faoi ord na ngutaí. Cé mhéad siolla atá i ngach focal a chruthaíonn tú? Tús an ainm�ocail Deireadh an ainm�ocail
Polait-‐ Scoil-‐ Iodáil-‐ Léitheoir-‐ Múint-‐ Eol-‐ Leith-‐ Gramad-‐ Focl-‐
-‐óir / eoir -‐anna / eanna -‐ais / is -‐acht / eacht -‐óir / eoir -‐aíocht / íocht -‐ras / reas -‐ach / each -‐óir / eoir
Litriú caol & leathan
Gramadach: Caol le caol, leathan le leathan.
52
Fócas ar Theanga An Aimsir Láithreach: Nótaí an Mhúinteora
Leibhéal An Teastas Sóisearach
Spriocanna Rialacha na haimsire láithrí a mhúineadh do na foghlaimeoirí
Stór focal Ábhair Scoile
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Moltar na bileoga a úsáid leis na gníomhaíochtaí faoi An scoil i gCúba, Aonad 1 (Saol na Scoile). Léigh na treoracha leis na daltaí agus tabhair an oiread samplaí breise agus is gá go dtí go dtuigeann na daltaí na rialacha faoin aimsir láithreach.
Freagraí
Aimsir láithreach 1Ceapaim (1 réimniú / 1 pearsa uatha) go bhfuil an lá scoile níos faide i gCúba ná mar atá i dtíortha eile, tosaímid (2 réimniú / 1 pearsa iolra) ar a hocht agus críochnaímid (2 réimniú / 1 pearsa iolra) ar a ceathair a chlog, agus bíonn (1 réimniú / 3 pearsa uatha) lón uair an chloig againn.
Aimsir láithreach 2
Ceannaigh
Ceannaím
Ceannaíonn tú/sé/sí
Ceannaímid
Ceannaíonn sibh
Ceannaíonn siad
Bris
Brisim
Briseann tú/sé/sí
Brisimid
Briseann sibh
Briseann siad
Foghlaim
Foghlaimím
Foghlaimíonn tú/sé/sí
Foghlaimímid
Foghlaimíonn sibh
Foghlaimíonn siad
Dún
Dúnaim
Dúnann tú/sé/sí
Dúnaimid
Dúnann sibh
Dúnann siad
Imir
Imrím
Imríonn tú/sé/sí
Imrímid
Imríonn sibh
Imríonn siad
Roghnaigh
Roghnaím
Roghnaíonn tú/sé/sí
Roghnaímid
Roghnaíonn sibh
Roghnaíonn siad
Scríobh
Scríobhaim
Scríobhann tú/sé/sí
Scríobhaimid
Scríobhann sibh
Scríobhann siad
Léigh
Léim
Léann tú/sé/sí
Léimid
Léann sibh
Léann siad
53
Aimsir láithreach - ceisteannaAn gceannaíonn tú ceapaire gach lá?
An ólann tú?
An gcaithim?
An mbailíonn sibh?
An imíonn siad?
Aimsir láithreach – Briathra mírialta *Tá – an aimsir láithreach**Bí – an aimsir ghnáthláithreach
Aimsir láithreach – GníomhaíochtIarr ar gach dalta an pictiúr atá fíor fúthu féin a roghnú le haghaidh gach abairt. Bí cinnte go bhfuil an focal ceart acu.
1. Ithim tósta / gránach / bricfeasta friochta don bhricfeasta.
2. Tagaim go dtí an scoil ar mo rothar / ar an mbus / sa charr.
3. Bíonn pasta / ceapaire/ burgar agam don lón.
4. Téim abhaile ar a ceathair / cúig / sé a chlog.
5. Féachaim ar an teilifís / ar youtube ar an idirlíon / ar chluichí peile tar éis na scoile.
6. Déanaim m’obair bhaile ar feadh uair an chloig / dhá uair an chloig / trí uair an chloig.
Anois iarr orthu labhairt le ceathrar eile sa rang agus ceisteanna a chur ar a chéile faoin eolas ar an mbileog. Más rang maith atá agat is féidir a rá leo an ghníomhaíocht a dhéanamh. Bí cinnte áfach go bhfuil na ceisteanna cearta ag na daltaí ar fad más rang lag atá agat. Cuir béim ar an bhfreagra gonta:
An itheann tú tósta don bhricfeasta?Ní ithim. Ithim gránach don bhricfeasta.
Nó
An itheann tú tósta don bhricfeasta?Ithim. Agus bíonn cupán tae agam freisin.
*Féach leathanach 1 – 20 sa leabhar Cogar Nua
54
Fócas ar Theanga: An Aimsir Láithreach
Sleamhnán 1
Féach ar an abairt ag bun an leathanaigh agus cuir líne faoi gach briathar atá san aimsir láithreach. Bí in ann a rá (1) cén pearsa atá i gceist agus (2) an bhfuil siad leathan nó caol! Féach: An chéad phearsa uatha -‐ aim / -‐ im nó -‐ aím / -‐ ím (mé) An dara pearsa uatha -‐ ann / -‐ eann nó -‐ aíonn / -‐ íonn (tú)
An tríú pearsa uatha -‐ ann / -‐ eann nó -‐ aíonn / -‐ íonn (sé, sí) An chéad phearsa iolra -‐ aimid / imid nó -‐ aímid / -‐ ímid (muid) An dara pearsa iolra -‐ ann / -‐ eann nó -‐ aíonn / -‐ íonn (sibh) An tríú pearsa iolra -‐ ann / -‐ eann nó -‐ aíonn / -‐ íonn (siad)
Ceapaim go bhfuil an lá scoile níos faide i gCúba ná mar atá i d�ortha eile, tosaímid ar a hocht agus críochnaímid ar a ceathair a chlog, agus bíonn lón uair an chloig againn.
An Aimsir Láithreach 1
Gramadach: An aimsir láithreach, na deirí; obair aonair: briathra san aimsir láithreach a aithint.
Sleamhnán 2
An Aimsir Láithreach 2 Roghnaigh na deirí cearta ó leathanach 1 chun na briathra sna boscaí a scríobh amach i ngach pearsa. Bí cinnte: 1. Go roghnaíonn tú an deireadh oiriúnach don chéad
agus don dara réimniú! 2. Nach ndéanann tú dearmad ar an riail ‘caol le caol
agus leathan le leathan’!
Ceannaigh Bris Foghlaim Dún
Imir Roghnaigh Scríobh Léigh
Gramadach, obair aonair: briathra éagsúla a chur san aimsir láithreach.
Sleamhnán 3
Cuir na focail agus na litreacha seo le chéile chun ceist a chumadh san aimsir láithreach:
ceannaíonn lá An gach tú ceapaire g?
__________________________________________________________ Féach ar an seicliosta thíos chun ceisteanna a chumadh san aimsir láithreach:
Tosaíonn an cheist le ‘An’.
Cuirtear urú ar an mbriathar tar éis ‘an’: ‘An d�teann’.
Tagann an forainm díreach tar éis an bhriathair ‘An d�teann tú?’ Cum ceisteanna leis na briathra seo anois:
Ól Caith Bailigh Imigh
An Aimsir Láithreach Ceisteanna
Gramadach: ceisteanna a chumadh san aimsir láithreach.
55
Sleamhnán 4
An d�teann sé go minic? Titeann / Ní thiteann. An ólann tú caife? Ólaim / Ní ólaim Tugtar freagra leis an mbriathra
céanna i gcónaí! Úsáidtear ‘Ní’ chun an diúltach a
chur in iúl. Tagann séimhiú ar chonsan tar éis
‘Ní’ agus ní bhíonn aon athrú ar ghuta tar éis ‘Ní’.
An Aimsir Láithreach Freagraí
Gramadach: freagraí ar cheisteanna san aimsir láithreach.
Sleamhnán 5
An Aimsir Láithreach Briathra Mírialta
Abair deirim deir tú deir sé/sí deirimid deir sibh deir siad an ndeir tú? deir / ní deir
Beir beirim beireann tú beireann sé/sí beirimid beireann sibh beireann siad an mbeireann sé? beireann/ní bheireann
Clois cloisim cloiseann tú cloiseann sé/sí cloisimid cloiseann sibh cloiseann siad an gcloisimid? cloisimid/ní chloisimid
Déan déanaim déanann tú déanann sé/sí déanaimid déanann sibh déanann siad an ndéanann siad? déanann siad/ní dhéanann siad
Faigh faighim faigheann tú faigheann sé/sí faighimid faigheann sibh faigheann siad an bhfaigheann tú? faigheann/ní �aigheann
Feic feicim feiceann tú feiceann sé/sí feicimid feiceann sibh feiceann siad an bhfeiceann sibh? feiceann/ ní �eiceann
Ith ithim itheann tú itheann sé/sí ithimid itheann sibh itheann siad an itheann tú? ithim/ní ithim
Tar tagaim tagann tú tagann sé/sí tagaimid tagann sibh tagann siad an dtagann sé? tagann/ní thagann
Tabhair tugaim tugann tú tugann sé/sí tugaimid tugann sibh tugann siad an dtugann tú? tugaim/ní thugaim
Téigh téim téann tú téann sé/sí téimid téann sibh téann siad an dtéann siad? téann/ní théann
Bí* bím bíonn tú bíonn sé/sí bímid bíonn sibh bíonn siad an mbíonn tú? bím/ní bhím
Tá** táim/tá mé tá tú tá sé/sí táimid tá sibh tá siad an bhfuil sé? tá/níl
Gramadach: na briathra neamhrialta san aimsir láithreach.
Sleamhnán 6
1. Ithim ______________ don bhricfeasta. 2. Tagaim go d� an scoil ________________.
3. Bíonn ________________ agam don lón.
4. Téim abhaile ar a __________________.
16.00 17.00 18.00
5. Féachaim ar _________________ tar éis na scoile. 6. Déanaim m’obair bhaile ar feadh ________________.
uair an chloig dhá uair an chloig trí uair an chloig
An Aimsir Láithreach Gníomhaíocht
Gramadach: Abairtí san aimsir láithreach a chríochnú.
56
Fócas ar Theanga Na bunuimhreacha (1-10): Nótaí an Mhúinteora
Leibhéal An Teastas Sóisearach
Spriocanna Rialacha na mbunuimhreacha
Stór focal Ginearálta
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Moltar na bileoga a úsáid leis na gníomhaíochtaí faoi Tar éis am scoile – Caoimhe, Aonad 1 (Saol na Scoile). Léigh na treoracha leis na daltaí. Abair leis na foghlaimeoirí aithris a dhéanamh ar na samplaí tugtha mura bhfuil na rialacha ar eolas acu cheana féin. Déan druil leis na foghlaimeoirí ag cleachtadh rialacha na mbunuimhreacha, mar shampla:
Scríobh a leithéid seo ar an gclár bán agus iarr ar dhaltaí éagsúla an dá fhocal a chur le chéile:
2 + bróg7 + cathaoir3 + asal
Is féidir amhlaidh a dhéanamh leis na hainmfhocail mírialta. Is féidir chomh maith iarraidh ar na daltaí abairtí a chumadh leo.
Freagraí
Bunuimhreacha (1-10)
Consain Gutaí
1 aon bhord amháin
aon bhád amháin
aon ábhar amháin
aon úll amháin
2-6 dhá bhord
sé bhád
sé ábhar
cúig úll
7-10 ocht mbord
naoi mbád
naoi n-ábhar
seacht n-ábhar
57
Fócas ar Theanga: Na bunuimhreacha
Sleamhnán 1
Bunuimhreacha (1-‐10) Rialacha
1. An bhfuil na rialacha a bhaineann le rudaí a chomhaireamh ar eolas agat? Líon na bearnaí sa bhosca thíos leis an duine in aice leat. Bain úsáid as na focail – bád agus úll chun na bearnaí a líonadh. Tá sampla déanta.
2. Cuir na huimhreacha seo a leanas in abair� lena mbrí a léiriú: a dó dhá
a ceathair ceithre
Consain Gutaí
1 aon bhord amháin
aon ábhar amháin
2-‐6 dhá bhord
sé ábhar
7-‐10 ocht mbord
naoi n-‐ábhar
Gramadach: bunuimhreacha 1 - 10
Sleamhnán 2
Féach ar na hainm�ocail nach mbaineann na gnáthrialacha leo. Cén fáth a bhfuil na hainm�ocail seo neamhrialta, dar leat?
Bunuimhreacha (eisceachtaí) Rialacha
Bliain
bliain amháin
1
dhá bhliain
2
trí bliana
3-‐6
ocht mbliana
7-‐10
Uair
uair amháin
1
dhá uair
2
ceithre huaire
3-‐6
seacht n-‐uaire
7-‐10
Ceann
ceann amháin
1
dhá cheann
2
cúig cinn
3-‐6
naoi gcinn
7-‐10
Seachtain
seachtain amháin
1
dhá sheachtain
2
sé seachtaine
3-‐6
deich seachtaine
7-‐10
Gramadach: Bunuimhreacha eisceachtaí.
58
Plean Ceachta do Chaibidil 2
Caibidil 2: Saol na Scoile
A. Am saor (Aoife & Liam)B. Am saor (Bertie)C. Saol sóisialtaD. Nuair a bhí mé i mo dhéagóir (Réasúnta dúshlánach)E. Díospóireachtaí Uí Chadhain (Dúshlánach)F. Déagóirí agus sástacht (Measartha dúshlánach)G. Déagóirí agus sástacht (Dúshlánach)H. Dán – Fear Lasta Lampaí (Réasúnta dúshlánach)I. Iris na ScoileJ. Fócas ar Theanga: i. Litriú ii. Na tuisil iii. Uimhreacha
59
2A. Saol Sóisialta (Aoife & Liam): Nótaí an Mhúinteora
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Bunúsach
Spriocanna Cumas tuisceana, éisteachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – saol sóisialta / caitheamh aimsire
Stór focal Ócáidí sóisialta sa scoil agus caitheamh aimsire
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar mhír físe ina bhfuil dalta ó Choláiste Íosagáin ag labhairt faoi ócáidí móra sa scoil agus dalta ó Choláiste Eoin ag labhairt faoi cad is maith leis a dhéanamh ina am saor. Tá an mhír réasúnta éasca.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán íseal Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin.
Réamhobair 1üTabhair seans do na daltaí féachaint ar na hócáidí scoile agus téigh siar ar mhíniú na bhfocal tar éis
tamaill mura bhfuil siad ar eolas acu.
üIarr orthu ansin liosta de na himeachtaí a tharlaíonn ina scoil féin a scríobh ina gcóipleabhair agus plé a dhéanamh leis an duine in aice leo faoi na cinn is maith leo agus na cinn nach maith leo.
üIs féidir dul siar ar an struchtúr seo: An maith leat Lá Spóirt na Scoile? Is maith / Ní maith. Déan druil leis an rang ag cleachtadh na ceiste agus déan idirdhealú idir ‘is maith liom’ agus ‘ba mhaith liom’.
Réamhobair 2üLéigh na focail sna boscaí le cinntiú go bhfuil siad ar fad ar eolas ag na foghlaimeoirí.
üIarr orthu cúpla líne fúthu féin a scríobh agus cuidigh leo siúd a bhfuil caitheamh aimsire acu nach bhfuil sna boscaí.
üTéigh timpeall an ranga agus cuir an cheist seo ar dhaltaí éagsúla: Cad a dhéanann tú i d’am saor?
üAnsin pléigh an cheist agus na freagraí seo leis an rang: An dtaitníonn... leat? Taitníonn / Ní thaitníonn.
Réamhobair 3üIs cleachtadh cainte é seo. Iarr ar na foghlaimeoirí an méid atá fíor fúthu féin a bhreacadh sa cholún
faoi ‘Tú féin’. Ansin, iarr orthu labhairt le beirt eile sa rang agus an cheist ‘An dtaitníonn . . . leat?’ a chur orthu faoi gach imeacht.
üBa cheart go mbeadh gach dalta in ann abairtí faoin mbeirt ar labhair siad leo a rá amach os ard, abairtí cosúil leis na cinn ag bun an leathanaigh.
60
ÉisteachtüLéigh na ceisteanna leis an rang ar fad sula gcuireann tú ar siúl an mhír ionas go mbeidh a fhios acu
cén freagraí a bheidh á lorg acu agus iad ag éisteacht.
üMás féidir, fág na ceisteanna thuas ar an scáileán an fhaid is atá an mhír á seinm.
üPléigh freagraí na gceisteanna leis an rang ar fad ag an deireadh.Pléigh freagraí na gceisteanna leis an rang ar fad ag an deireadh.
Iarphlé üCuireann an ceacht seo le stór focal na bhfoghlaimeoirí agus lena scileanna léitheoireachta.
üIarr ar gach beirt an obair a dhéanamh ina mbeirteanna.
üPléigh na freagraí leis an rang.
üAbair leo an cheist – ‘Cad iad na scannáin is maith leat?’ a chur ar chúpla duine sa rang.
üIs féidir ag an bpointe seo béim a chur ar an bhfoirm threise chomh maith. ‘Cad iad na scannáin is maith leatsa?’
Freagraí
Iarphlé
1 2 3 4 5 6 7 8 9
g a e d i c h b f
61
2A. Am saor (Aoife & Liam)
Sleamhnán 1
Saol Sóisialta Réamhobair 1 Ócáidí Móra
Féach ar na hócáidí seo, an bhfuil a �ios agat cad iad?
Tráth na gceist
Tóraíocht Taisce
Ceolchoirm
Lá Spóirt
Seachtain na Gaeilge
Seachtain na Leabhar
Cad iad na hócáidí móra a bhíonn ar siúl i do scoil féin?
Scríobh liosta dóibh agus cuir in aice leis na cinn is
maith leat agus in aice leis na cinn nach maith leat. Cad atá ag an duine in aice leat?
Stór focal: ócáidí mhóra ar scoil; tasc scríofa: ócáidí i do scoil féin; obair bheirte: an maith leat...? Is/ní maith.
Sleamhnán 2
Saol Sóisialta Réamhobair 2 Cad iad na rudaí a bhfuil suim agat iontu tar éis am scoile?
Roghnaigh focail ó gach colún thuas chun abair� atá �or fút féin a scríobh. Mar shampla:
Is maith liom caife a ól le cairde.
Féach ar an gceist: An dtaitníonn bailé leat?
Agus an freagra: Taitníonn / ní thaitníonn
Is maith liom Is breá liom
dul dul go d�
ceolchoirmeacha an phic�úrlann ag siopadóireacht caife peil cispheil leadóg ceol amhráin bailé díospóireachtaí
a imirt a ithe a ól (le cairde) a sheinm a dhéanamh a chanadh
Stór focal: saol sóisialta; tasc scríofa: tasc gairid faoina saol sóisialta; tasc labhartha: ceisteanna a fhreagairt.
Sleamhnán 3
Saol Sóisialta Réamhobair 3
An dtaitníonn________________ leat? Taitníonn / Ní thaitníonn
Taitníonn Craobh na hÉireann le Tomás
Ní thaitníonn Seachtain na Gaeilge le Síle.
Imeacht Tú féin Duine 1 Duine 2 Seachtain na Gaeilge
Ceolchoirm na Scoile
An Eorai�s
Craobh na hÉireann
Samhain
Tasc scríofa: taitníonn/ní thaitníonn; tasc labhartha: an dtaitníonn?; taitníonn ... le ...
62
Sleamhnán 4
Saol Sóisialta
Éisteacht Éist leis an mír agus freagair na ceisteanna.
1. Cad iad na hócáidí móra a luann Aoife?
2. Ní bhíonn na hócáidí céanna ar siúl gach bliain a deir sí, cén fáth?
3. Cén scoil a bhfreastalaíonn Aoife uirthi?
4. Cad iad na rudaí is maith le Liam a dhéanamh nuair nach bhfuil sé ar scoil?
5. Cén fáth a bhfuil Dé hAoine difriúil ó na laethanta eile?
6. An dtaitníonn scannáin ghrinn le Liam?
Tasc éisteachta: ceisteanna le freagairt.
Sleamhnán 5
Saol Sóisialta Iarphlé Meaitseáil na scannáin leis na sainmhínithe cuí. Féach cad atá ag an duine in aice leat.
1. Scannáin rómánsúla 2. Scannáin ghrinn 3. Scannáin aicsin 4. Scannáin eachtraíochta 5. Scannáin bhithiúnacha 6. Scannáin buachaillí bó 7. Scannáin ficsean eolaíochta 8. Scannáin uafáis 9. Scannáin ceoil
a. Bím ag pléascadh ag gáire le linn na scannán seo. b. Bíonn eagla an bháis orm agus mé ag féachaint ar na scannáin
seo. c. Sílim go bhfuil na fir sna scannáin seo an-‐dathúil agus tá na
capaill go hálainn. d. Is maith liom na scannáin seo mar is maith liom féin dul ag
taisteal agus áiteanna nua a aimsiú. e. Is minic a bhíonn cogadh nó cath mar théama sna scannáin
seo. f. Mamma Mia agus Mary Poppins. g. Tosaím ag caoineadh de ghnáth ag deireadh na scannán seo. h. Tá suim mhór agam san eolaíocht agus is breá liom na scannáin
seo dá bharr. i. Baineann na scannáin seo le gunnaí agus le hairgead de
ghnáth. Cad iad na scannáin is maith leat? Is maith liom...
1 2 3 4 5 6 7 8 9
Stór focal: scannáin; obair bheirte: labhairt faoi scannáin.
63
2B. Am saor (Bertie): Nótaí an Mhúinteora
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Bunúsach
Spriocanna Cumas tuisceana, éisteachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – saol sóisialta / teilifís agus caitheamh aimsire
Stór focal Teilifís agus caitheamh aimsire
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar mhír físe ina bhfuil dalta ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin ag rá cad iad na caithimh aimsire atá aige. Tá an mhír réasúnta éasca cé go bhfuil an chaint tapa agus tá canúint Chonnacht ag an gcainteoir.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán íseal Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin.
Réamhobair 1üTabhair seans do na daltaí an cleachtadh a dhéanamh ar feadh nóiméad nó dhó agus abair leo
samplaí a chur ar fáil duit.
üIarr orthu ansin brí na bhfocal i mbun an tsleamhnáin a chur ar fáil duit, más féidir leo (féach Freagraí thíos).
Réamhobair 2üBheadh sé go maith dá bhféadfaí na daltaí a chur i ngrúpaí beaga (beirt nó triúr) chun na ceisteanna
atá ar an sleamhnán seo a phlé le chéile ar feadh cúpla nóiméad. Muna bhfuil sé sin réalaíoch, déan iarracht plé ranga a chothú timpeall ar na ceisteanna.
üCuir cuid den teanga a thiocfaidh chun cinn sa phlé ar an gclár nuair a bheidh siad críochnaithe ag caint. Tá an topaic réasúnta éasca le plé, mar sin, leag béim ar ghramadach chruinn.caint. Tá an topaic réasúnta éasca le plé, mar sin, leag béim ar ghramadach chruinn.
ÉisteachtüLéigh na ceisteanna don chleachtadh éisteachta leis an rang ar fad sula gcuireann tú ar siúl an mhír
ionas go mbeidh a fhios acu cén freagraí a bheidh á lorg acu agus iad ag éisteacht.
üMás féidir, fág na ceisteanna thuas ar an scáileán an fhaid is atá an mhír á seinm.
üPléigh freagraí na gceisteanna leis an rang ar fad ag an deireadh. Pléigh freagraí na gceisteanna leis an rang ar fad ag an deireadh.
Iarphlé üSeo deis chun na daltaí a chur ag machnamh ar leaganacha malartacha/canúnacha. Fiú más grúpa
Connachtach atá sa rang iarr orthu smaoineamh ar shlite eile chun na frásaí atá ar an sleamhnán a rá (féach Freagraí thíos). Is maith an rud é deis a thabhairt do dhaltaí a gcuid stór focal a leathnú amach óna gcanúint féin/taithí féin.
2B. Am saor (Bertie):
64
Freagraí
Réamhobair 1láithreoir: presenter
léiritheoir: producer
stiúrthóir: director
craoltóir: broadcaster
aoi: guest
taighdeoir: researcher
Iarphlé 1
14. scaití: anois is arís / ó am go chéile
15. chuile: gach / achan (Uladh)
16. breathnaigh (Connacht): féach (Mumhan) / amharc (Uladh)
65
2B. Am saor (Bertie)
Sleamhnán 1
Smaoinigh ar shamplaí de chláracha teili�se le haghaidh gach saghas cláir thíos. 1. Clár cainte: sampla ____________________ 2. Clár grinn: ____________________ 3. Clár cúrsaí reatha: ____________________ 4. Clár faisnéise: ____________________ 5. Clár sraithe: ____________________ 6. Teili�s réaltachta: ____________________ 7. Clár cócaireachta: ____________________ 8. Clár tallainne: ____________________ 9. Clár tais�l: ____________________ An dtuigeann tú na focail seo? Láithreoir Léiritheoir S�úrthóir Craoltóir Aoi Taighdeoir
Am saor Réamhobair 1
Stór focal: cláir theilifíse.
Sleamhnán 2
Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat: 1. Cad iad na cláracha teili�se is fearr leat faoi
láthair? 2. Cad iad na cineálacha cláracha nach maith leat ar
chor ar bith? 3. Cé hiad na láithreoirí teili�se is fearr leat agus cé
hiad na láithreoirí teili�se a chuireann isteach ort?
4. Dá mbeifeá le clár a chur i láthair, cén cineál cláir a mbeadh spéis agat ann?
5. Cé acu is fearr leat, a bheith amuigh faoin aer nó a bheith is�gh ag féachaint ar an teili�s?
6. Cad iad na rudaí is maith leat a dhéanamh seachas a bheith ag féachaint ar an teili�s?
Am saor Réamhobair 2
Obair bheirte: plé ar chláir theilifíse.
Sleamhnán 3
Beidh tú ag éisteacht le Ber�e Ó Domhnaill ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin ag rá cad a bhíonn ar bun aige ina chuid am saor. Aimsigh freagraí na gceisteanna seo agus tú ag éisteacht leis:
Cé mhéad spéise atá ag Ber�e sa teili�s? Cén fáth a mbíonn sé is�gh sa teach luath ag amanna áirithe den bhliain?
Cad iad na rudaí a thaitníonn le Ber�e a dhéanamh?
Cá bhfuil Ber�e ina chónaí?
Am saor Éisteacht
Tasc éisteachta: ceisteanna le freagairt.
66
Sleamhnán 4
Úsáideann muin�r Chonamara an focal ‘scai�’ go minic. Cad is brí leis? An bhfuil aon leaganacha eile ar eolas agat? Cad iad na leaganacha eile atá ann den �ocal ‘chuile’? Agus cad faoin mbriathar ‘breathnú’? Tá dhá leagan eile dó ann. Cad iad agus cén chanúint lena mbaineann siad?
Am saor Iarphlé
Feasacht teanga: canúintí.
67
2C. Saol Sóisialta Bertie agus Anna: Nótaí an Mhúinteora
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Bunúsach
Spriocanna Cumas tuisceana, éisteachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – saol sóisialta / áiseanna i gceantar
Stór focal Saol Sóisialta / Áiseanna i gceantar
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar mhír físe ina bhfuil beirt ó scoileanna difriúla ag cur síos ar an saol sóisialta a bhíonn ag daoine óga ina gceantar féin. Tá an mhír réasúnta éasca agus tá canúint Chonnacht i gceist leis an gcéad chainteoir agus canúint Uladh i gceist leis an dara cainteoir.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán íseal Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin.
Réamhobair 1üAbair leis na daltaí nótaí a bhreacadh ina gcóipleabhair ar na ceisteanna atá ar an sleamhnán.
üPléigh cuid de na freagraí a bheidh acu leis an rang iomlán.
Réamhobair 2üIs éard atá i gceist leis an sleamhnán seo ná na daltaí a chur ag smaoineamh ar na rudaí éagsúla atá
le déanamh ina gceantar féin do dhaoine óga.
üCuir ag obair ina mbeirteanna iad chun é a dhéanamh níos éasca dóibh, más gá.
üAbair le daltaí éagsúla a bpleananna a ghlaoch amach chugat ag an deireadh agus dírigh ar aon earráidí móra a dhéanfaidh siad sa chaint. earráidí móra a dhéanfaidh siad sa chaint.
ÉisteachtüLéigh na ceisteanna don chleachtadh éisteachta leis an rang ar fad sula gcuireann tú ar siúl an mhír
ionas go mbeidh a fhios acu cén freagraí a bheidh á lorg acu agus iad ag éisteacht.
üMás féidir, fág na ceisteanna thuas ar an scáileán an fhaid is atá an mhír á seinm.
üPléigh freagraí na gceisteanna leis an rang ar fad ag an deireadh.
üTá an bheirt chainteoirí ar fáil sa mhír chéanna.Tá an bheirt chainteoirí ar fáil sa mhír chéanna.
Iarphlé üD’fhéadfá a rá leis na daltaí freagraí na gceisteanna seo a scríobh síos ina gcóipleabhair ar dtús.
Pléigh a gcuid smaointe mar rang iomlán ansin agus cuir abairtí deasa a déarfaidh siad ar an gclár. Tarraing aird ar dhea-abairtí agus ar ghramadach chruinn.
68
2C. Saol sóisialta – Bertie agus Anna
Sleamhnán 1
Saol Sóisialta Réamhobair 1 Do cheantar féin
Smaoinigh ar an mbaile a bhfuil tú i do chónaí ann / is cóngaraí duit agus freagair na ceisteanna seo faoi: 1. An caife is fearr leat ann:__________ 2. An tsráid is fearr leat ann:__________ 3. Na siopaí is deise ann:__________ 4. Cá mbuaileann daoine óga le chéile
ann?__________ 5. Na háiseanna is fearr leatsa atá
ann:__________
Obair aonair: nótaí a bhreacadh faoi do cheantar féin; plé ranga: na freagraí a phlé le chéile.
Sleamhnán 2
Saol Sóisialta Réamhobair 2
Samhlaigh go bhfuil cuairteoir ag teacht chugat ar feadh seachtaine – déagóir ó áit éigin eile sa �r. Cad a dhéanfaidh sibh �mpeall na háite gach lá? Déan amach plean agus smaoinigh ar na gnáthrudaí a dhéanann tú féin i gcaitheamh na seachtaine agus na rudaí atá le déanamh i do cheantar féin do dhaoine óga. Dé Luain: Dé Máirt: Dé Céadaoin: Déardaoin: Dé hAoine: Dé Sathairn: Dé Domhnaigh:
Obair bheirte: saol sóisialta sa cheantar.
Sleamhnán 3
Saol Sóisialta Éisteacht
Éist leis an mír agus freagair na ceisteanna.
1. An bhfuil Ber�e sásta leis an méid rudaí is féidir a
dhéanamh ina cheantar féin? Cén fáth?
2. Cad a deir sé faoin spórtlann?
3. An dóigh le Ber�e gur cheart go mbeadh níos mó saoirse ag déagóirí? Cén fáth?
4. Cad iad na háiseanna atá ar fáil do dhaoine óga i nGaoth Dobhair, dar le hAnna?
5. Cén fáth a dtéann na daoine óga i nGaoth Dobhair go Lei�r Ceanainn?
6. Cad a deir Anna faoin gclub oíche atá i nGaoth Dobhair?
Tasc éisteachta: ceisteanna le freagairt.
69
Sleamhnán 4
Saol Sóisialta Iarphlé
Pléigh na ceisteanna seo.
1. Tá Ber�e agus Anna ina gcónaí i gceantair
tuaithe i gConamara agus i nGaoth Dobhair. Cad fútsa? Déan cur síos ar d’áit chónaithe féin.
2. Cad iad do chuid tuairimí faoi bheith i do chónaí faoin tuath nó i gcathair? Cad a shíleann tú atá go maith/go holc faoin dá cheann?
Obair aonair scríofa: do cheantar féin; saibhriú teanga: frásaí deasa le cur síos a dhéanamh.
70
2D. Nuair a bhí mé i mo dhéagóir: Nótaí an Mhúinteora (Réasúnta dúshlánach)
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Réasúnta dúshlánach
Spriocanna Cumas tuisceana, scríbhneoireachta, léitheoireachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – saol sóisialta / blianta na ndéaga
Stór focal Blianta na ndéaga
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar mhír físe ina bhfuil múinteoir Gaeilge ag caint ar an méid saoirse a bhí aici féin agus í ina déagóir. Tá an chaint soiléir agus i gcanúint na Mumhan.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán réasúnta ard Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin. Moltar an ghníomhaíocht Na Tuisil ó ‘Fócas ar Theanga’ a úsáid i dteannta leis na gníomhaíochtaí seo.
Réamhobair 1üLéigh a bhfuil ar shleamhnán 1 leis na foghlaimeoirí le hinsint dóibh cad atá le teacht.
üTá na frásaí ar an sleamhnán Réamhobair 1 le cloisteáil sa mhír. An aidhm atá leis an gcleachtadh seo ná aird na daltaí a dhíriú ar ghnéithe áirithe den teanga (1. séimhiú ar aidiacht i ndiaidh ainmfhocail bhaininscnigh agus 2. an tuiseal ginideach). Nuair a bheidh na gníomhaíochtaí ar fad a bhaineann le Nuair a bhí mé i mo dhéagóir déanta, is féidir ansin Na Tuisil ó ‘Fócas ar Theanga’ a úsáid. Go fóill, is leor díreach freagraí an chleachtaidh seo a phlé leis an rang (féach Freagraí thíos).
Réamhobair 2üTá cúpla sampla den aimsir ghnáthchaite le cloisteáil sa mhír agus is minic nach mbíonn an aimsir sin
ar bharr a dteanga ag daltaí. Tabhair seans dóibh na freagraí a chur ar fáil duit iad féin, áfach, sula scríobhann tú ar an gclár iad (féach Freagraí thíos). scríobhann tú ar an gclár iad (féach Freagraí thíos).
ÉisteachtüLéigh na ceisteanna don chleachtadh éisteachta leis an rang ar fad sula gcuireann tú ar siúl an mhír
ionas go mbeidh a fhios acu cén freagraí a bheidh á lorg acu agus iad ag éisteacht.
üMás féidir, fág na ceisteanna thuas ar an scáileán an fhaid is atá an mhír á seinm.
üPléigh freagraí na gceisteanna leis an rang ar fad ag an deireadh. Pléigh freagraí na gceisteanna leis an rang ar fad ag an deireadh.
Iarphlé 1üBheadh sé go maith dá bhféadfaí na daltaí a chur i ngrúpaí beaga (beirt nó triúr) chun na ceisteanna
atá ar an sleamhnán seo a phlé le chéile ar feadh cúpla nóiméad. Muna bhfuil sé sin réalaíoch, déan iarracht plé ranga a chothú timpeall ar na ceisteanna nó eile abair leo cúpla abairt a scríobh do gach ceist ina gcóipleabhair le plé leis an rang ar fad ansin.
üNíl sé i gceist go mbeadh na freagraí ar cheisteanna 2 agus 3 róphearsanta.
Nótaí an Mhúinteora (Réasúnta dúshlánach)
71
Iarphlé 2üD’fhéadfaí go leor oibre a dhéanamh ar an ngníomhaíocht seo ag brath ar an rang atá agat nó gan
bacadh leis in aon chor. Má tá spéis ag an rang ann d’fhéadfaidís oibriú i ngrúpaí air ar feadh tamaill agus ansin cur i láthair an-ghearr a dhéanamh don rang. Nó eile, d’fhéadfaidís cúpla pointe a chur ar fáil duit mar rang iomlán. Braitheann sé ar an ngrúpa daltaí atá agat.fáil duit mar rang iomlán. Braitheann sé ar an ngrúpa daltaí atá agat.
Iarphlé 3üTá sé léirithe go mbíonn deacrachtaí ag cainteoirí dúchais Gaeilge mothúcháin a chur in iúl sa
Ghaeilge toisc easpa stór focal (An Staidéar Cuimsitheach ar Staid na Gaeilge sa Ghaeltacht, 2007). An aidhm atá leis an sleamhnán seo agus an chéad sleamhnán eile ná cur le saibhreas cainte na ndaltaí sa réimse sin.
üCeistigh na daltaí faoi bhrí na nathanna atá ar an sleamhnán (féach Freagraí thíos). Má tá cinn eile níos oiriúnaí do do chanúint féin úsáid iad sin seachas na cinn atá anseo.
üBí cinnte go leagann tú béim ar úsáid na nathanna chomh maith i.e. ní úsáidfeá i gcomhthéacs foirmiúil iad – le múinteoir etc.foirmiúil iad – le múinteoir etc.
Iarphlé 4üGníomhaíocht éadrom atá anseo ach a chuireann le saibhreas cainte na ndaltaí.
üPléigh brí na nathanna leis an rang ar fad (féach Freagraí thíos) agus arís, cuir cinn ón gcanúint áitiúil ina n-áit, más gá.
Freagraí
Réamhobair 121. boarding school: scoil chónaithe
22. a lack of freedom: easpa saoirse
23. during the summer: i rith an tsamhraidh
24. during the year: i rith na bliana
Réamhobair 21. We used to go: théimis
2. We used to have a walkman: bhíodh walkman againn
3. We used to be really looking forward to: bhímis ag súil go mór le
4. They used to come for three months: thagaidís ar feadh trí mhí
Iarphlé 21. Lig dom féin: leave me alone
2. Bíodh agat: suit yourself (ach an-láidir)
3. Fág an áit: go away out of that (má deirtear rud éigin áiféiseach)
4. Bailigh leat: go away
5. Éist do bhéal: shut up
72
6. Dún do chlab: shut up
7. Ná bodhar mo cheann: don’t deafen me (má tá duine éigin ag labhairt ró-ard nó ag rá rudaí nach maith leat.)
8. Caith uait do raiméis: stop talking rubbish
9. Tóg bog é, in ainm Dé: calm down for God’s sake
Iarphlé 31. Bíonn sé cantalach: he’s cranky
2. Bíonn sí i gcónaí ag áiteamh ar a thuismitheoirí: he’s always arguing with his parents
3. Tá pus air: he’s sulking / moody
4. Codlaíonn sé go heatarthu: he sleeps until midday (idir maidin is tráthnóna)
5. Bíonn cuma straoileach uirthi: she looks slobby
6. Bíonn sí náirithe ag a tuismitheoirí : her parents embarrass her
7. Tá sé ceanndána: he’s headstrong
8. Bíonn scaimh uirthi nuair a deirtear léi rud éigin a dhéanamh: she puts a face on when she’s told to do something.
73
2D. Nuair a bhí mé i mo dhéagóir
Sleamhnán 1
I gceann tamaill, beidh tú ag éisteacht le Ciara, múinteoir ó Chiarraí, ag cur síos ar an méid saoirse a tugadh di nuair a bhí sí ina déagóir. Sula n-‐éisteann tú léi, bain triail as na cleachtaí seo...
Nuair a bhí mé i mo dhéagóir
Réamhrá
Sleamhnán 2
Nuair a bhí mé i mo dhéagóir Réamhobair 1
Conas a déarfá na rudaí seo as Gaeilge? Scríobh i do chóipleabhar iad agus bí cúramach leis an litriú! 1. boarding school 2. a lack of freedom 3. during the summer 4. during the year
Stór focal: nathanna faoi leith; gramadach: séimhiú ar aidiacht i ndiaidh ainmfhocail bhaininscnigh; tuiseal ginideach.
Sleamhnán 3
Nuair a bhí mé i mo dhéagóir Réamhobair 2
Conas a chuirfeá síos ar rudaí a dhéantá fadó? Abair na rudaí seo as Gaeilge: 1. We used to go... 2. We used to have a walkman. 3. We used to be really looking
forward to... 4. They used to come for three
months.
Gramadach: aimsir ghnáthchaite.
74
Sleamhnán 4
Éist le Ciara agus freagair na ceisteanna seo: 1. Cén fáth a raibh níos lú saoirse
ag Ciara seachas daoine eile? 2. Cén fáth a mbíodh ar Chiara
agus a cairde a bheith ag éisteacht le ceol san oíche faoi na pluideanna?
3. Cén fáth a mbíodh Ciara ag súil go mór leis na coláis� samhraidh?
4. Cé chomh minic is a théadh Ciara go d� an club oíche?
5. Cé chomh minic is a théann déagóirí go d� an club oíche na laethanta seo?
Nuair a bhí mé i mo dhéagóir Éisteacht
Tasc éisteachta: ceisteanna le freagairt.
Sleamhnán 5
Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat: 1. Bhíodh Ciara ag éisteacht le
Wham, Whitney Heuston agus Michael Jackson. Cén saghas ceoil a n-‐éisteann tusa leis?
2. Ceapann Ciara nach raibh mórán saoirse aici nuair a bhí sí ina déagóir. An gceapann tusa go dtugann do thuismitheoirí go leor saoirse duitse?
3. An bhfuil rudaí ann ba bhreá leat a dhéanamh ach nach bhfuil cead agat fós? Cad iad?
Nuair a bhí mé i mo dhéagóir Iarphlé 1
Obair bheirte: ceisteanna le plé (nó obair aonair scríofa le plé ranga ina dhiaidh).
Sleamhnán 6
Is minic a bhíonn tuismitheoirí buartha faoi dhéagóirí. An dóigh leatsa go bhfuil cúis acu? Pléigh leis an duine in aice leat. Ag obair leis an duine in aice leat, scríobh síos cúpla slí a chosnaíonn déagóirí iad féin ó na dainséir seo a leanas:
dainséir ar an idirlíon deoch drugaí ‘cairde’ a bheith gránna leo
Nuair a bhí mé i mo dhéagóir Iarphlé 2
Obair ghrúpa: ceisteanna a phlé; cur i láthair: gach grúpa ag déanamh cur i láthair don rang.
75
Sleamhnán 7
Is mó slí atá ann sa Ghaeilge chun déileáil le daoine gránna a bhíonn ag cur isteach orainn. Féach ar na samplaí thíos. An dtuigeann tú cathain a úsáidtear iad? Lig dom féin. Bíodh agat. Fág an áit. Bailigh leat. Éist do bhéal. Dún do chlab. Ná bodhar mo cheann. Caith uait do raiméis. Tóg bog é, in ainm Dé.
Agus na mallachtaí seo... Fán fada ort. Léan léir ort.
Nuair a bhí mé i mo dhéagóir Iarphlé 3
Saibhriú teanga: mothúcháin diúltacha a chur in iúl.
Sleamhnán 8
Deirtear go mbíonn tréithe áirithe ag baint le blianta na ndéaga. Tréithe a bhíonn dúshlánach uaireanta do thuismitheoirí! An dtuigeann tú cad is brí leis na frásaí thíos? 1. Bíonn sé cantalach 2. Bíonn sí i gcónaí ag áiteamh ar a
tuismitheoirí 3. Tá pus air 4. Codlaíonn sé go heatarthu 5. Bíonn cuma straoileach uirthi 6. Bíonn sí náirithe ag a tuismitheoirí 7. Tá sé ceanndána 8. Bíonn scaimh uirthi nuair a deirtear léi rud
éigin a dhéanamh Bíonn na rudaí thuas �or faoi dhaoine fásta leis, gan amhras!
Nuair a bhí mé i mo dhéagóir Iarphlé 4
Saibhriú teanga: cur síos ar dhéagóir.
76
2E. Díospóireachtaí Uí Chadhain: Nótaí an Mhúinteora (Dúshlánach)
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Dúshlánach
Spriocanna Cumas tuisceana, éisteachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – saol sóisialta / díospóireachtaí
Stór focal Díospóireachtaí
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar mhír físe ina bhfuil beirt chailíní ó scoileanna difriúla ag cur síos ar a bheith i gCraobh na hÉireann do Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain. Tá an mhír réasúnta éasca agus tá canúint Uladh i gceist leis an gcéad chainteoir agus canúint na Mumhan i gceist leis an dara cainteoir.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán réasúnta ard Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin.
Réamhobair 1üTabhair seans do na daltaí an cleachtadh faoi (a) a dhéanamh ar feadh nóiméad nó dhó agus éist le
cúpla tuairim a bheidh acu.
üCuir na daltaí ag obair ar chuid (b) ansin agus pléigh na freagraí a bheidh acu mar rang iomlán. Bí cinnte go mbeidh focail/frásaí acu ar nós ‘duine atá deisbhéalach’; ‘duine atá go maith á chur féin in iúl’; ‘duine atá muiníneach ag labhairt os comhair daoine eile’; ‘duine atá ábalta argóintí láidre a chur i láthair’; ‘duine atá go maith ag tabhairt daoine leis’.
Réamhobair 2üPléigh a bhfuil ar an sleamhnán seo leis an rang ar fad. Pléigh a bhfuil ar an sleamhnán seo leis an rang ar fad.
ÉisteachtüLéigh na ceisteanna don chleachtadh éisteachta leis an rang ar fad sula gcuireann tú ar siúl an mhír
ionas go mbeidh a fhios acu cén freagraí a bheidh á lorg acu agus iad ag éisteacht.
üMás féidir, fág na ceisteanna thuas ar an scáileán an fhaid is atá an mhír á seinm.
üPléigh freagraí na gceisteanna leis an rang ar fad ag an deireadh.
üTá an bheirt chainteoirí ar fáil sa mhír chéanna.Tá an bheirt chainteoirí ar fáil sa mhír chéanna.
Iarphlé 1üSeo deis chun na daltaí a chur ag machnamh ar leaganacha malartacha/canúnacha. Fiú más grúpa
Ultach/Muimhneach atá sa rang iarr orthu smaoineamh ar shlite eile chun na frásaí atá ar an sleamhnán a rá (féach Freagraí thíos). Is maith an rud é deis a thabhairt do dhaltaí a gcuid stór focal a leathnú amach óna gcanúint féin/taithí féin.
Nótaí an Mhúinteora (Dúshlánach)
77
üAn aidhm atá leis an dara pointe ar an sleamhnán seo ná aird a tharraingt ar réimse úsáide an fhocail ‘galánta’. Úsáidtear i gCanúint Uladh é sa chiall ‘álainn’ / ‘an-deas’. E.g. Bhí an t-óstán sin galánta (ní fhuaimnítear an ‘á’).fhuaimnítear an ‘á’).
Iarphlé 2üCuir na daltaí ag obair ar nathanna/frásaí a chur le chéile faoin gceithre theideal ar an sleamhnán.
An aidhm atá leis an gcleachtadh seo ná cur le stór focal / saibhreas cainte na ndaltaí. Tá samplaí sna Freagraí thíos ach cuir leo tú féin.Freagraí thíos ach cuir leo tú féin.
Iarphlé 3üMás maith leat, is féidir leat díospóireacht a eagrú sa rang pé slí a dhéanann tú féin de ghnáth é.
üNí gá cloí leis an rún atá tugtha, gan amhras. D’fhéadfadh na daltaí ceann eile a roghnú dóibh féin.
Freagraí
Iarphlé 1
17. fosta: freisin / chomh maith / leis
18. domhsa: domsa
19. iontach deas: an-deas
20. Bhain mé sult millteanach as: bhain mé sult mór as / taitneamh mór as
21. *Ní rinne mé dath ar bith roimhe sin: Ní dhearna mé rud ar bith / faic in aon chor / tada (*deir sí ‘ní rinne mé’ ach is ‘ní dhearna mé’ an leagan caighdeánach).
22. An gcuabhair: An ndeachaigh sibh
23. Chuamar: Chuaigh muid
78
Iarphlé 2 Samplaí
Easaontú go láidir le duine:
Ní thagaim leat ar chor ar bith.
Sin seafóid amach is amach.
Níl an ceart agat ansin in aon chor.
Nach bhfuil a fhios agat go maith nach bhfuil sé sin fíor.
Ná habair liom go gcreideann tú é sin.
Easaontú go pointe le duine:
Ní thiocfainn leat céad faoin gcéad ansin.
B’fhéidir go bhfuil smut (cuid) den cheart agat, ach...
Tuigim do phointe ach mar sin féin...
Ní dóigh liom go bhfuil an ceart ar fad agat.
Aontú go pointe le duine:
Níl an rud atá tú ag rá as an tslí ar fad.
Tá pointe ansin áit éigin.
Tagaim leat sa mhéid sin.
Aontú go láidir le duine:
Tá an ceart ar fad agat.
Tagaim leat céad faoin gcéad sa mhéid sin.
Tá pointe fíormhaith déanta agat ansin.
Tá sé ráite agat.
79
2E. Díospóireachtaí Uí Chadhain
Sleamhnán 1
Díospóireachtaí Uí Chadhain réamhobair 1
(a) An bhfaca tú riamh duine a shíl tú a bhí an-‐mhaith go deo ag labhairt go poiblí? (e.g. Uachtarán éigin, polaiteoir éigin, aisteoir nó fear grinn/bean ghrinn, múinteoir ar scoil, cara duit etc.) Scríobh síos cúpla sampla. (b) Cad iad na tréithe a bhíonn ag daoine atá go maith ag díospóireacht? Breac síos trí cinn.
Obair aonair scríofa: tuairim a bhreacadh síos; plé ranga/grúpa: tréithe a bhaineann le cainteoir maith.
Sleamhnán 2
Díospóireachtaí Uí Chadhain réamhobair 2
(a) Cad atá ar eolas agat faoi Dhíospóireachtaí Uí Chadhain? (b) Ar ghlac tusa nó daoine i do rang páirt riamh i ndíospóireachtaí i nGaeilge...?
...nó i mBéarla?
(c) An dtuigeann tú na focail seo: an rún i bhfabhar an rúin i gcoinne an rúin
Plé ranga: díospóireachtaí.
Sleamhnán 3
Feicfidh tú beirt chailíní ag caint ar an uair ar ghlac siad páirt i nDíospóireachtaí Uí Chadhain; Ceithleann ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair agus Iseult ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne.
1. Conas a d’éirigh le foireann Cheithleann sna
díospóireachtaí? 2. Cad a bhí speisialta faoin gcomórtas do
Cheithleann? 3. Cén t-‐athrú atá tagtha ar Cheithleann tar éis
di páirt a ghlacadh sa díospóireacht? 4. Cad a deir Iseult faoin áit a raibh an babhta
ceannais ar siúl? 5. Conas a bhraith Iseult nuair a bhí sí ag
díospóireacht? Cén fáth ar bhraith sí mar sin?
Díospóireachtaí Uí Chadhain Éisteacht
Tasc éisteachta: ceisteanna le freagairt.
80
Sleamhnán 4
Conas a deir tusa é? Bíonn difríochtaí sna canúin� go minic sa Ghaeilge. An bhfuil slite eile agatsa chun na rudaí seo a rá? “fosta” “domhsa” “iontach deas” “Bhain mé sult millteanach as.” “*Ní rinne mé dath ar bith roimhe sin.”
agus “An gcuabhair?” “Chuamar” Deir Iseult go raibh an seomra i gColáiste na Tríonóide ‘an-‐ghalánta’ ar fad. Is é sin le rá grand nó posh. Cad iad na slite eile atá ann chun an focal sin a úsáid (go háirithe i gCanúint Uladh)?
Díospóireachtaí Uí Chadhain Iarphlé 1
Feasacht teanga: canúintí; stór focal: focail ó chanúintí eile a fhoghlaim.
Sleamhnán 5
Ag aontú agus ag easaontú Scríobh síos cúpla nath (pé méid ceann gur féidir leat smaoineamh air) i gcomhair nuair a theastaíonn uait: 1. Easaontú go láidir le duine 2. Easaontú go pointe le duine 3. Aontú go pointe le duine 4. Aontú go láidir le duine
Díospóireachtaí Uí Chadhain Iarphlé 2
Stór focal: nathanna a bhaineann le díospóireachtaí.
Sleamhnán 6
Díospóireachtaí Uí Chadhain Iarphlé 3
Cabhróidh an múinteoir libh anois díospóireacht a eagrú sa rang! Seo daoibh an rún:
Ba cheart cosc a chur ar éidí scoile i scoileanna na hÉireann.
Díospóireacht ranga.
81
2F. Déagóirí Sásta: Nótaí an Mhúinteora (Measartha dúshlánach)
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Measartha dúshlánach
Spriocanna Cumas tuisceana, scríbhneoireachta, léitheoireachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – saol na scoile / gnáthshaol déagóra
Stór focal Gnáthshaol déagóra
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar alt mar gheall ar shuirbhé a rinneadh ar dhéagóirí in Albain. Is alt é atá bunaithe ar fhíricí agus mar sin tá sé casta go leor ach tá sé scríofa ar bhealach simplí.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán measartha Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin.
Réamhobair 1üAn aidhm atá leis an sleamhnán seo ná na daltaí a chur ag caint faoi cad a dhéanann siad ina gcuid
am saor.
üLéigh a bhfuil ar an sleamhnán leis na foghlaimeoirí le bheith cinnte go dtuigeann siad a bhfuil le déanamh acu.
üAbair leo an chéad cheist a dhéanamh leo féin ar dtús agus ansin ceist a dó a dhéanamh leis an duine in aice leo. Is cleachtadh cainte é seo agus is fiú nós na cainte a chruthú sa rang ón gcéad lá riamh.
üIarr ar na daltaí cuid de na rudaí a dúirt siad a rá leat agus d’fhéadfá cúpla rud a deir siad a chur ar an gclár.
Réamhobair 2üAbair leis na daltaí díriú ar chuid (a) ar dtús ar feadh cúpla nóiméad. Pléigh na freagraí a bheidh acu
leis an rang iomlán (féach Freagraí thíos).
üPléigh cuid (b) leis an rang agus tabhair nóiméad do gach beirt cúpla abairt a scríobh sna boscaí. Ba cheart go mbeadh comhrá ag dul ar aghaidh idir gach beirt. Siúl timpeall an ranga le cinntiú nach i mBéarla atá an comhrá.
üPléigh na tuairimí a bhí ag an rang ar fad.
LéamhüCuir na daltaí ag obair le chéile ina mbeirteanna chun an t-alt a léamh.
üAnsin léigh an t-alt leis an rang ar fad ag dul siar ar aon deacracht fuaime nó tuisceana a bheadh acu.
(Measartha dúshlánach)
82
LéamhthuiscintüScríobh na ceisteanna thíos ar an gclár bán:
1. As na déagóirí ar fad in Albain a rinneadh suirbhé orthu, cad é an t-aoisghrúpa is sona?
2. Cén fáth a bhfuil na déagóirí seo níos sásta ná déagóirí eile?
3. Ach ní hiad déagóirí na hAlban na déagóirí is sláintiúla, cén fáth?
üIarr ar an rang freagraí na gceisteanna faoin alt a dhéanamh amach iad féin ar dtús agus ansin nuair a bheidh siad críochnaithe iarr orthu na freagraí a phlé ina mbeirteanna.
üMá theastaíonn uait an ghníomhaíocht a dhéanamh níos deacra abair leo na freagraí a scríobh amach ina gcóipleabhair nó má theastaíonn uait é a bheith réasúnta éasca abair leo nach gá dóibh faic a scríobh síos.
üTéigh siar ar na freagraí leis an rang ansin.Téigh siar ar na freagraí leis an rang ansin.
Iarphlé 1/2üCuir gach beirt ag obair le chéile. Tabhair ‘Rólghníomhaíocht – duine 1’ do dhuine 1 agus tabhair
‘Rólghníomhaíocht – duine 2’ do dhuine 2.
üBíodh an sleamhnán ‘Iarphlé 2’ leis na ceisteanna in airde agat agus léigh na ceisteanna leis an rang iomlán.
üCuir gach beirt le chéile agus abair leo gurb iadsan anois an duine sa phictiúr.
üIarr orthu na ceisteanna a chur ar a chéile ansin. Bí cinnte go bhfuil siad in ann an t-ainmfhocal ‘bliain’ a láimhseáil go maith. Is féidir úsáid a bhaint as na bileoga Bunuimhreacha (-10) agus Bunuimhreacha (10-) i ‘Fócas ar Theanga’.
üIarr orthu na rólanna a mhalartú ansin.
üNuair atá sé déanta acu iarr ar dhaoine éagsúla an ghníomhaíocht a dhéanamh os comhair an ranga.
üRoinn an rang i ngrúpaí ansin agus abair le gach grúpa na ceisteanna 1-4 a phlé le chéile. Bí ag siúl timpeall le cuidiú leo más gá. timpeall le cuidiú leo más gá.
ScríobhüIarr ar na daltaí leathleathanach a scríobh faoi na rudaí a dhéanann siad nuair a bhíonn am saor acu.
Freagraí
Réamhobair 1 DéagóirTaighdeoir MúinteoirPéintéirCeoltóirGlantóirBúistéir
83
2F. Déagóirí agus sástacht
Sleamhnán 1
Déagóirí Sásta Réamhobair 1 1. Féach ar na himeachtaí thíos. Cuir na himeachtaí in ord tábhachta duit féin
trí uimhir 1 a chur in aice leis an imeacht is maith leat féin a dhéanamh agus uimhir 10 a chur in aice leis an imeacht nach ndéanann tú ar chor ar bith!
Caife a ól le cairde ⃝
Téacsanna a chur go rialta ⃝
Leabhair a léamh ⃝
Labhairt le cairde ar an nguthán ⃝
Cluichí ríomhaireachta a imirt ⃝
Féachaint ar an teili�s ⃝
Dul go d� dioscónna / clubanna ⃝
Am a chaitheamh ar Facebook ⃝
Cluichí spóirt a imirt ⃝
Éisteacht le ceol ⃝
2. Cuir do chuid torthaí i gcomparáid leis an duine in aice leat. Cuir an cheist
seo ar an duine sin:
Cad is maith leat a dhéanamh nuair a bhíonn am saor agat?
Cleachtadh cainte: freagraí a chur i gcomparáid lena chéile.
Sleamhnán 2
Déagóirí Sásta Réamhobair 2 A. Cad is brí leis an bhfocal déag? Cuir –óir leis an bhfocal agus cad is brí leis anois?
Cad is brí leis an bhfocal taighde? Cuir –óir leis an bhfocal agus cad is brí leis anois?
Roghnaigh an deireadh ceart anois ón mbosca le cur leis na focail sa liosta. Cad is brí leis na focail nua?
Múint-‐ ___________ Péint-‐ ___________ Ceolt-‐ ___________ Glant-‐ ___________ Búist-‐ ___________
B. Bí ag obair leis an duine in aice leat agus breacaigí síos cúpla tuairim sna boscaí. Tá sampla déanta daoibh!
-‐ eoir -‐ éir -‐ óir
Cad a chuireann áthas ar dhéagóirí?
Cad a chuireann isteach ar dhéagóirí?
Pizza a ithe...
Obair bhaile a dhéanamh...
Tasc aonair scríofa: gairmeacha beatha; obair bheirte: rudaí a thaitníonn/ nach dtaitníonn le déagóirí a phlé;
Sleamhnán 3
Déagóirí Sásta Léamh 1 Na déagóirí is sona san Eoraip Tá déagóirí in Albain níos sona ná déagóirí eile na hEorpa de bharr an chairdis atá acu lena bpiaraí (their peers). De réir suirbhé a rinneadh ar na mallaibh is iad déagóirí na hAlban na déagóirí is sona san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh. Dúirt trí ghrúpa déagóirí a bhain le haoiseanna éagsúla in Albain go raibh siad sona sásta sa saol. Ba iad na grúpaí a ceis�odh ná na haoiseanna seo a leanas: aon bhliain déag, trí bliana déag agus cúig bliana déag. Dúirt 91% de na déagóirí den aois aon bhliain déag go raibh siad breá sásta leis an saol agus ba iad an dream ba shona. 87% de dhéagóirí trí bliana déag a dúirt go raibh siad sásta agus 84.5% den tríú grúpa (cúig bliana déag) a dúirt go raibh siad sásta. Is léir ón taighde gurb iad na déagóirí is sona iad na déagóirí a bhfuil cairde maithe agus saol maith sóisialta acu. Is daoine sóisialta iad déagóirí na hAlban de ghnáth a bhfuil saol maith sóisialta acu, a deir duine de na taighdeoirí, an Dochtúir Jo Inchley.
Léitheoireacht.
84
Sleamhnán 4
Déagóirí Sásta Léamh 2 Na déagóirí is sona san Eoraip Tá níos mó ná triúr cairde maithe ag an gcuid is mó de dhéagóirí (trí bliana déag d’aois) na hAlban agus is amhlaidh atá siad níos sásta ná déagóirí eile ar chomhaois leo fud fad an domhain dá bharr sin. Is cosúil go gcaitheann déagóirí na hAlban, idir trí bliana déag agus cúig bliana déag, ceithre oíche nó níos mó i gcomhluadar (company) a gcairde. Ach ní dea-‐scéala amach is amach é. Murab ionann is na grúpaí céanna déagóirí sa Ríocht Aontaithe, tosaíonn déagóirí na hAlban ag caitheamh tobac agus iad níos óige, ní dhéanann siad an méid céanna aclaíochta (exercise) nó ní itheann siad an méid céanna torthaí. As na �ortha ar fad a ndearnadh an suirbhé iontu ólann déagóirí na hAlbain atá cúig bliana déag d’aois níos mó alcóil ná déagóirí in a lán �ortha eile. Roghnaíodh 7,000 déagóirí go fánach in Albain chun an suirbhé a dhéanamh. Ba iad taighdeoirí ó St. Andrew’s University a chur an suirbhé le chéile. Rinne 200,000 duine óg as 43 �r éagsúla an suirbhé.
Léitheoireacht; tuiscint: ceisteanna le freagairt – scríobh na ceisteanna ar an gclár bán; (tasc scríofa nó labhartha i mbeirteanna).
Sleamhnán 5
Déagóirí Sásta Iarphlé 1 Rólghníomhaíocht Duine 1 Ainm: Máire Ní Shúilleabháin Aois: 16 Scoil: Pobalscoil Ghleann Cholm Cille Am saor: ceol, snámh, pic�úrlann agus léamh
Rólghníomhaíocht Duine 2 Ainm: Seán Ó Ceallaigh Aois: 17 Scoil: Coláiste Eoin Am saor: rugbaí, ceolchoirmeacha, dioscónna, clubanna agus leadóg
-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐-‐ Priontáil amach an sleamhnán seo agus gearr ina dhá leath é.
Sleamhnán 6
Déagóirí Sásta Iarphlé 2 Rólghníomhaíocht Ceisteanna
Cad is ainm duit?
Cén aois* atá tú?
Cén scoil a bhfuil tú ag freastal uirthi?
Cad a dhéanann tú i d’am saor?
Bí ag obair i ngrúpa agus cuir na ceisteanna thíos ar a chéile:
1. Cé atá níos sásta, Máire nó Seán, dar leat? Cén
fáth?
2. An ólann déagóirí na hÉireann an iomarca, dar
leat? Cén fáth?
3. An bhfuil déagóirí na hÉireann chomh sásta le
déagóirí Shasana, dar leat? Cén fáth?
4. An bhfuil déagóirí sa Ghaeltacht níos sásta ná déagóirí nach bhfuil ina gcónaí sa Ghaeltacht,
dar leat? Cén fáth?
Obair bheirte: ceisteanna a chur ar a chéile; gramadach: bliain (aoiseanna)
Obair ghrúpa: na ceisteanna a phlé.
Tasc scríofa: Leath-leathanach a scríobh faoi na rudaí dhéanann siad nuair a bhíonn siad saor.
85
2G. Déagóirí Sásta: Nótaí an Mhúinteora (Dúshlánach)
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Dúshlánach
Spriocanna Cumas tuisceana, scríbhneoireachta, léitheoireachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – saol na scoile / gnáthshaol déagóra
Stór focal Gnáthshaol déagóra – caitheamh aimsire agus fadhbanna
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar alt mar gheall ar shuirbhé a rinneadh ar dhéagóirí in Albain. Is alt é atá bunaithe ar fhíricí agus mar sin tá sé casta go leor ach tá sé scríofa ar bhealach simplí.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán ard Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin.
Réamhobair 1üAn aidhm atá leis an sleamhnán seo ná na daltaí a chur ag caint faoi ghnáthshaol an déagóra. Beidh
siad ag obair leo féin do cheist 1 agus ansin beidh said ag caint leis an duine in aice leo do cheist 2, 3 agus 4.
üLéigh a bhfuil ar an sleamhnán leis na foghlaimeoirí le bheith cinnte go dtuigeann siad a bhfuil le déanamh acu.
üIarr ar na daltaí cuid de na rudaí a dúirt siad a rá leat agus d’fhéadfá cúpla rud a deir siad a chur ar an gclár.
üBí cinnte go bhfuil na focail / frásaí thíos ar eolas acu:
- neamhord itheacháin (anoireicse, búilime)- an murtall- piarbhrú- lionn dubh / ísle brí - fadhbanna óil / drugaí- andúileach / andúiligh
Réamhobair 2üIarr ar dhaltaí éagsúla na ceisteanna ar an sleamhnán a léamh amach os ard. Bí cinnte go dtuigeann
gach duine gach ceist.
üIarr ar gach beirt a bheith ag obair le chéile chun na freagraí cearta a roghnú. Abair leo buille faoi thuairim a thabhairt mura bhfuil siad cinnte.
üPléigh na ceisteanna leis an rang ar fad tar éis tamaill (féach Freagraí thíos).
LéamhüCuir na daltaí ag obair le chéile i mbeirteanna chun an t-alt a léamh.
üAnsin léigh an t-alt leis an rang ar fad ag dul siar ar aon deacracht fuaime nó tuisceana a bheidh acu.
(Dúshlánach)
86
LéamhthuiscintüIarr ar an rang freagraí na gceisteanna faoin alt a dhéanamh amach iad féin ar dtús agus ansin nuair
a bheidh siad críochnaithe iarr orthu na freagraí a phlé ina mbeirteanna.
üMá theastaíonn uait an ghníomhaíocht a dhéanamh níos deacra abair leo na freagraí a scríobh amach ina gcóipleabhair nó má theastaíonn uait é a bheith réasúnta éasca abair leo nach gá dóibh faic a scríobh síos.
üTéigh siar ar na freagraí leis an rang ansin.
üIarr orthu ansin na bearnaí a líonadh sna habairtí.
üTéigh siar ar na freagraí leo ansin. Téigh siar ar na freagraí leo ansin.
Iarphlé üIarr ar gach foghlaimeoir na bearnaí a líonadh san amchlár leis na himeachtaí a dhéanann siad ag na
hamanna éagsúla.
üAbair leo labhairt le cúpla duine eile sa rang le fáil amach cad a dhéanann siadsan nuair a bhíonn am saor acu. Mínigh dóibh go gcaithfidh siad nótaí a ghlacadh faoi imeachtaí na ndaoine eile mar go mbeidh tusa á gceistiú faoin eolas ar fad a bhailigh siad. Téigh siar ar an aimsir fháistineach roimh an ngníomhaíocht más gá, go háirithe ceisteanna agus freagraí.
üIarr ar dhaltaí éagsúla an t-eolas a fuair siad a sholáthar os comhair an ranga.
ScríobhüIarr ar na daltaí leathleathanach a scríobh faoi na fadhbanna nó na deacrachtaí is mó a fheiceann
siad a bhíonn ag déagóirí na linne seo.
Freagraí
Réamhobair 2 1. An Tuirc
2. Sasana agus an Ungáir
3. An Spáinn
4. Na Stáit Aontaithe agus an Ghréig
5. Fíor
6. 25-29%
7. 15-19%
Léamhthuiscint1. Ar chuala tú an dea-scéala? D’éirigh le Michelle sna scrúduithe.
2. Tá fadhb mhór óil ag muintir na hÉireann de réir figiúirí a foilsíodh le déanaí.
3. Níl sí chomh sean sin, tá sí ar chomhaois liomsa.
4. Foilsíodh an leabhar ar na mallaibh, ach níor léigh mé é go fóill.
5. Is cosúil nach mbeidh mé ábalta dul ann, tá an iomarca obair bhaile agam.
87
2G. Déagóirí agus sástacht
Sleamhnán 1
Déagóirí Sásta Réamhobair 1 1. Déan liosta de na himeachtaí a dtéann tú chucu nó
aon chaitheamh aimsire eile atá agat.
2. Cuir an cheist seo ar an duine in aice leat:
Cad is maith leat a dhéanamh nuair a bhíonn am saor agat?
3. Ag obair leis an duine in aice leat scríobhaigí amach na fadhbanna a bhíonn ag déagóirí na linne seo.
4. An bhfuil déagóirí na hÉireann sásta, dar libh?
Neamhord itheacháin, an murtall...
Tasc aonair scríofa: imeachtaí sóisialta a bhreacadh síos; obair bheirte: comparáid le duine eile; stór focal: fadhbanna an déagóra inniu.
Sleamhnán 2
Déagóirí Sásta Réamhobair 2 Féach ar thorthaí suirbhé a rinneadh ar dhéagóirí na hEorpa agus ó Mheiriceá Thuaidh. Bhí na déagóirí a bhí i gceist cúig bliana déag d’aois. 1. Cad í an �r a bhfuil na déagóirí is míshona ina gcónaí in�, dar leat? An Tuirc An Pholainn An Iorua 2. Deir na buachaillí sna �ortha thíos go bhfuil triúr cairde an-‐mhaith nó níos mó acu, cad iad an dá thír? Sasana agus an Ungáir Albain agus an Fhrainc An Spáinn agus an Pholainn 3. Ní bhíonn mórán teagmhála ag buachaillí i gceann amháin de na �ortha thíos lena gcuid cairde tríd na meáin shóisialta ar nós Facebook, cén �r atá i gceist? An Spáinn An Fhrainc An Ghearmáin 4. Deir cailíní i d�ortha áirithe nach bhfuil na cailíní eile ar an scoil an-‐chairdiúil leo, cén dá thír atá i gceist? An Ríocht Aontaithe agus an Fhrainc An Iorua agus an tSualainn Na Stáit Aontaithe agus an Ghréig
Obair bheirte: tuairimí a thabhairt faoi shástacht déagóirí i dtíortha éagsúla; ple ranga: na freagraí a phlé.
Sleamhnán 3
5. Tá 50% de chailíní in Albain den bharúil go bhfuil siad róramhar. Fíor Bréagach 6. Cad é an céatadán de bhuachaillí in Albain a deir go n-‐itheann siad torthaí gach lá? 40% nó níos mó 35-‐39% 30-‐34% 25-‐29% 20-‐24% Faoi bhun 20% 7. Cad é an céatadán de chailíní in Albain a chaitheann tobac ar a laghad uair amháin sa tseachtain? 30% nó níos mó 25-‐29% 20-‐24% 15-‐19% 10-‐15% Faoi bhun 10%
Anois, féach cad a bhí ag an duine in aice leat. Mínigh cén fáth ar roghnaigh tú na freagraí a bhí agat.
Déagóirí Sásta Réamhobair 2
Obair bheirte: tuairimí a thabhairt faoi shástacht déagóirí i dtíortha éagsúla; ple ranga: na freagraí a phlé.
88
Sleamhnán 4
Saol Sóisialta Léamh Na déagóirí is sona san Eoraip Tá déagóirí in Albain níos sona ná déagóirí eile na hEorpa de bharr an chairdis atá acu lena bpiaraí (their peers). De réir suirbhé a rinneadh ar na mallaibh is iad déagóirí na hAlban na déagóirí is sona san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh. Dúirt trí ghrúpa déagóirí a bhain le haoiseanna éagsúla in Albain go raibh siad sona sásta sa saol. Ba iad na grúpaí a ceis�odh ná na haoiseanna seo a leanas: aon bhliain déag, trí bliana déag agus cúig bliana déag. Dúirt 91% de na déagóirí den aois aon bhliain déag go raibh siad breá sásta leis an saol agus ba iad an dream ba shona. 87% de dhéagóirí trí bliana déag a dúirt go raibh siad sásta agus 84.5% den tríú grúpa (cúig bliana déag) a dúirt go raibh siad sásta. Is léir ón taighde gurb iad na déagóirí is sona iad na déagóirí a bhfuil cairde maithe agus saol maith sóisialta acu. Is daoine sóisialta iad déagóirí na hAlban de ghnáth a bhfuil saol maith sóisialta acu, a deir duine de na taighdeoirí, an Dochtúir Jo Inchley.
Léitheoireacht: na déagóirí is sona san Eoraip.
Sleamhnán 5
Saol Sóisialta Léamh Na déagóirí is sona san Eoraip
Tá níos mó ná triúr cairde maithe ag an gcuid is mó de dhéagóirí (trí bliana déag d’aois) na hAlban agus is amhlaidh atá siad níos sásta ná déagóirí eile ar chomhaois leo fud fad an domhain dá bharr sin. Is cosúil go gcaitheann déagóirí na hAlban, idir trí bliana déag agus cúig bliana déag, ceithre oíche nó níos mó i gcomhluadar (company) a gcairde. Ach ní dea-‐scéal amach is amach é. Murab ionann is na grúpaí céanna déagóirí sa Ríocht Aontaithe, tosaíonn déagóirí na hAlban ag caitheamh tobac agus iad níos óige, ní dhéanann siad an méid céanna aclaíochta (exercise) nó ní itheann siad an méid céanna torthaí. As na �ortha ar fad a ndearna an suirbhé iontu ólann déagóirí na hAlbain atá cúig bliana déag d’aois níos mó alcóil ná déagóirí in a lán �ortha eile. Roghnaíodh 7,000 déagóirí go fánach in Albain chun an suirbhé a dhéanamh. Ba iad taighdeoirí ó St. Andrew’s University a chur an suirbhé le chéile. Rinne 200,000 duine óg as daichead a trí �r éagsúla an suirbhé.
Léitheoireacht: na déagóirí is sona san Eoraip.
Sleamhnán 6
Saol Sóisialta Léamhthuiscint 1. Cén fáth ar luadh na céatadáin seo: 91%, 87% agus
84.5%? 2. Cad a deirtear san alt faoi dhéagóirí a bhfuil saol maith
sóisialta acu? 3. Cé mhéad oíche sa tseachtain a chaitheann déagóirí
na hAlban lena gcuid cairde? 4. Cad iad na fadhbanna a bhíonn ag déagóirí na hAlban? 5. An ólann déagóirí na hAlban mórán alcóil?
Cuir an focal cuí ón liosta sna bearnaí. 1. Ar chuala tú an __________? D’éirigh le Michelle sna
scrúduithe.
2. Tá fadhb mhór óil ag muin�r na hÉireann __________ figiúirí a foilsíodh le déanaí.
3. Níl sí chomh sean sin, tá sí __________ liomsa.
4. Foilsíodh an leabhar __________, ach níor léigh mé é go fóill.
5. __________ nach mbeidh mé ábalta dul ann, tá an iomarca obair bhaile agam.
ar chomhaois
dea-‐scéala
is cosúil
ar na mallaibh
de réir
Tuiscint: ceisteanna ar an léitheoireacht; obair bheirt: freagraí a phlé le chéile; tasc scríofa/labhartha: bearnaí a líonadh.
89
Sleamhnán 7
Saol Sóisialta Iarphlé
Dé Luain
Dé Máirt
Dé Céadaoin
Déardaoin
Maidin
ar scoil
ar scoil
ar scoil
ar scoil
Lón
Iarnóin
ar scoil
ar scoil
ar scoil
ar scoil
Tráthnóna
Dé hAoine
Dé Sathairn
Dé Domhnaigh
Maidin
ar scoil
Lón
Iarnóin
ar scoil
Tráthnóna
Líon na bearnaí leis na himeachtaí a dhéanann tú nuair nach mbíonn tú ar an scoil.
Tasc aonair scríofa: Líon na bearnaí san amchlár; gramadach: dul siar ar an aimsir fháistineach; obair ghrúpa: na hamchláir a chur i gcomparáid lena chéile agus nótaí a bhreacadh síos; cur i láthair: an t-eolas a fuair siad a insint don rang.
Tasc scríofa: leathleathanach a scríobh faoi fhadhbanna/dheacrachtaí dhéagóirí na linne seo.
90
2H. Fear Lasta Lampaí: Nótaí an Mhúinteora (Réasúnta dúshlánach)
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Réasúnta dúshlánach
Spriocanna Cumas tuisceana, scríbhneoireachta, léitheoireachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – an dán Fear Lasta Lampaí
Stór focal Mothúcháin agus ag cur síos ar mhothúcháin
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar an dán ‘Fear Lasta Lampaí’ le Máirtín Ó Direáin. Tá cuid de na habairtí/coincheapa sa dán deacair ach caithfidh na daltaí dul i ngleic le dánta a léamh agus a thuiscint.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán ard Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin.
RéamhobairüMínigh do na daltaí nach gá go dtuigfeadh siad gach ní a léann siad an chéad bhabhta, gur leor éirim
an dáin a fháil.
üIarr orthu an pictiúr a roghnú a dhéanann an cur síos is fearr ar an dán.
üAbair leo líne a chur faoi na focail nach bhfuil siad cinnte fúthu agus ansin labhairt leis an duine in aice leo le feiceáil cad atá ag an duine sin.
üNá pléigh thusa míniú an dáin leo go fóill ach amháin é a léamh amach os ard.
LéamhüIarr ar gach beirt an dán a léamh le chéile ón sleamhnán a bhfuil an míniú breise air.
üCuir ceist ar an rang an dtuigeann siad an dán níos fearr anois.
üPléigh an dán leis an rang iomlán.
ScríobhüMínigh do na foghlaimeoirí go gcaithfidh siad na mothúcháin ar chlé a cheangal leis an líne cheart
den dán ar dheis. Abair leo nach bhfuil aon fhreagra cruinn ceart ann ach féach tú féin ar na freagraí thíos mar threoir.
üAbair leo cúpla abairt a scríobh faoin dán ag úsáid na mothúchán ag barr an leathanaigh agus na frásaí ag bun an leathanaigh.
üPléigh thusa abairtí gach duine tar éis tamaill agus scríobh cuid acu ar an gclár bán más gá.Pléigh thusa abairtí gach duine tar éis tamaill agus scríobh cuid acu ar an gclár bán más gá.
Iarphlé üAn aidhm atá leis an sleamhnán seo ná mothúcháin na ndaltaí a cheangal le mothúcháin an fhile. Tá
sé tábhachtach an fhilíocht agus an prós a chur i gcomhthéacs shaol na ndaltaí féin nuair is féidir.
(Réasúnta dúshlánach)
91
üLéigh tríd na ceisteanna ar fad le bheith cinnte go bhfuil an méid atá ar an sleamhnán ar eolas acu agus go dtuigeann siad cad atá le déanamh.
üCuir gach beirt ag obair le chéile chun an ghníomhaíocht a dhéanamh.
üPléigh na ceisteanna leis an rang iomlán.
Freagraí
Scríobh
1 2 3 4 5d e a b c
92
2H. Dán – Fear Lasta Lampaí
Sleamhnán 1
Saol Sóisialta -‐ Dán Réamhobair Féach ar an dán seo le Máir�n Ó Direáin. Cuir líne faoi gach focal nach bhfuil tú cinnte faoi. Roghnaigh an pic�úr ceart a léiríonn téama an dáin.
Fear Lasta Lampaí Ní raibh sé mór an fear,
Níor dheas a bhí ach gránna
Is cóip an bhaile mhóir,
Ag fonóid faoi gan náire.
Ach ghluais gan mhairg fós
Is ar chuaillí chuaigh in airde.
Ba dhraíodóir an fear beag,
A raibh solas ina ghlaic,
É ag tabhairt na gile leis,
Ó lampa go lampa sráide.
Buntuiscint: an chéad léamh, tascanna éasca, éirim an dain a fháil.
Sleamhnán 2
Saol Sóisialta -‐ Dán Léamh Léigh an dán arís.
Fear Lasta Lampaí Ní raibh sé mór an fear,
(fear beag a bhí ann)
Níor dheas a bhí ach gránna (ní raibh sé dathúil)
Is cóip an bhaile mhóir,
(daoine drochbhéasacha)
Ag fonóid faoi gan náire. (ag magadh faoi)
Ach ghluais gan mhairg fós
(lean sé leis)
Is ar chuaillí (poles) chuaigh in airde. (chuaigh sé suas na cuaillí)
Ba dhraíodóir an fear beag, (bhí draíocht ag baint leis)
A raibh solas ina ghlaic, (bhí solas ina lámh aige)
É ag tabhairt na gile leis,
(bhí an solas á thabhairt leis aige)
Ó lampa go lampa sráide.
Léitheoireacht i mbeirteanna, plé ranga: ciall an dáin.
Sleamhnán 3
Saol Sóisialta -‐ Dán Scríobh Ceangail na mothúcháin ar chlé leis na samplaí cuí ar dheis. Anois scríobh cúpla líne faoin dán ag úsáid na samplaí thuas agus na struchtúir thíos: Tá díomá / ionadh ar an bhfile mar deir sé... Tá uaigneas le mothú sa dán mar... Is léir go bhfuil meas ag an bhfile ar obair an �ir mar... Feictear dom go bhfuil trua ag an bhfile don �ear mar...
Na mothúcháin Samplaí
1. Díomá
2. Trua
3. Uaigneas
4. Meas
5. Ionadh
a) ‘Ach ghluais gan mhairg fós / Is ar chuaillí chuaigh in airde’
b) ‘É ag tabhairt na gile leis / Ó lampa go lampa sráide’
c) ‘Ba dhraíodóir an fear beag’
d) ‘Is cóip an bhaile mhóir’
e) ‘Níor dheas a bhí ach gránna’
1 2 3 4 5
Tasc aonair scríofa: mothúcháin a cheangal le himeachtaí an dáin; abairtí a scríobh faoi na mothúcháin sa dán.
93
Sleamhnán 4
Saol Sóisialta -‐ Dán Iarphlé 1. Roghnaigh an mothúchán is fearr ón mbosca a
dhéanann cur síos ar na cásanna éagsúla thíos.
An chéad lá ar scoil.
Cuireann an duine a bhfuil tú ag dul amach
leis/léi deireadh leis an gcaidreamh.
Insíonn do chara is fearr bréag.
Titeann tú os comhair gach duine.
Níl aon duine ag caint leat ag cóisir. 2. Cad a bhí ag an duine in aice leat?
3. Breac síos 3 chás a raibh ceann de na mothúcháin thuas ort féin.
4. Cuir an cheist seo ar an duine in aice leat:
An raibh ___________ ort riamh? Cén fáth?
uaigneas brón eagla fearg náire
Comhtháthú: taithí an dalta a cheangal le taithí an fhile; obair bheirte: ceisteanna a phlé; plé ranga: ceisteanna a phlé leis an rang ar fad.
94
2I. Iris na Scoile: Nótaí an Mhúinteora
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Bunúsach
Spriocanna Cumas tuisceana, scríbhneoireachta, léitheoireachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – saol sóisialta / imeachtaí sóisialta
Stór focal Imeachtaí sóisialta
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar shliocht a scríobh dalta d’iris na scoile i bPobalscoil Chorca Dhuibhne. Is teasc gearr é atá scríofa ar bhealach simplí.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán íseal Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin.
Réamhobair 1üLéigh a bhfuil ar an sleamhnán leis na foghlaimeoirí le bheith cinnte go dtuigeann siad gach rud agus
ansin lig dóibh an cleachtadh a dhéanamh leo féin. üAbair leo buille faoi thuairim a thabhairt mura bhfuil na freagraí ar eolas acu.üIarr ar gach beirt a gcuid freagraí a chur i gcomparáid le chéile.üPléigh na freagraí leis an rang ar fad. ü Pléigh na freagraí leis an rang ar fad.
LéamhüLéigh an t-alt leis an rang ar fad. üTéigh siar ar aon deacracht fuaime nó tuisceana a bheadh acu.üIarr ar dhalta éagsúla cuid den léitheoireacht a dhéanamh amach os ard. ü Iarr ar dhalta éagsúla cuid den léitheoireacht a dhéanamh amach os ard.
Iarphlé 1üIarr ar gach beirt an obair a dhéanamh le chéile. üPléigh na ceisteanna leis an rang ar fad agus na leaganacha malartacha a bheidh acu.ü Pléigh na ceisteanna leis an rang ar fad agus na leaganacha malartacha a bheidh acu.
Iarphlé 2üTabhair deis do na daltaí smaoineamh ar na saghsanna rannóg a bheadh in Iris Scoile (e.g. rannóg
spóirt, rannóg imeachtaí scoile, agallaimh le daltaí agus múinteoirí, rannóg litríochta etc). üPléigh a gcuid smaointe leis an rang ar fad maidir leis na saghas alt ba mhaith leo a chur san áireamh
in Iris Scoile.in Iris Scoile.
ScríobhüMínigh do na foghlaimeoirí go mbeidh siad ag scríobh cúpla alt ar a rogha féin de na topaicí ar an
sleamhnán (e.g. dráma a chonaic siad, cluiche spóirt ar ghlac siad páirt ann nó a chonaic siad, turas a thóg siad, gné ar bith dá saol sóisialta agus araile).
üAbair leo abairtí gearra, simplí a scríobh agus aird faoi leith a dhíriú ar an litriú.üAbair le cúpla dalta an méid a bheidh scríofa acu a léamh amach duit.
95
2I. Iris na Scoile
Sleamhnán 1
I gceann tamaill beidh tú ag léamh ailt a scríobh dalta d’Iris na Scoile i bPobalscoil Chorca Dhuibhne faoi Chomórtas Díospóireachtaí Uí Chadhain. Ar dtús, déan an cleachtadh seo: Conas a déarfá... 1. We were very happy to qualify... 2. The second year in a row. 3. Our supporters. 4. They deserved it.
Iris na Scoile Réamhobair
Saibhriú teanga, obair bheirte: nathanna a aistriú ón mBéarla.
Sleamhnán 2
Díospóireachtaí Uí Chadhain le hIseult Ní Lubhaing, Pobalscoil Chorca Dhuibhne
Thosaigh an chéad bhabhta de chomórtas díospóireachtaí Uí Chadhain i mí Mheán Fómhair i nGaelcholáiste Chiarraí. Thugamar na cosa linn i gCill Airne agus bhíomar ar mhuin na muice ag dul ar aghaidh go d� an tríú babhta i Luimneach. B’�earr ná san go raibh na sinsir in éineacht linn. Bhí áthas an domhain orainn cáiliú do Chraobh na hÉireann don dara bliain as a chéile agus chuireamar os ár gcomhair iarracht a dhéanamh é a bhuachan. Bhí an chraobh ar siúl i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath i mí Eanáir. Bhí caighdeán níos airde ann ná mar a bhí anuraidh. Bhíomar an-‐neirbhíseach nuair a bhí an díospóireacht ar siúl ach bhí ár lucht tacaíochta agus ár múinteoirí lais�ar dúinn an t-‐am ar fad. Rinneamar ár seacht ndícheall ach ar deireadh thiar thall bhuaigh Scoil Chuimsitheach Chiaráin agus bhí sé tuillte acu. Bhíomar bailithe go maith nár bhuamar an €1000 agus an turas thar lear ach fós fuaireamar duais as a bheith sa chraobh. Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil lenár múinteoir a thug treoir agus comhairle dúinn na díospóireachtaí a ullmhú. Táimid �orbhuíoch den lucht tacaíochta a thais�l go Baile Átha Cliath linn.
Iris na Scoile Léamh
Léitheoireacht ranga: fuaimeanna a chleachtadh/shoiléiriú, míniú ar fhocail deacra, léitheoireacht os ard.
Sleamhnán 3
Cad is brí leis na nathanna seo a bhí san alt: Thugamar na cosa linn Chuireamar os ár gcomhair Rinneamar ár seacht ndícheall Bhíomar bailithe go maith An bhfuil slite eile agatsa chun an bhrí chéanna a léiriú do gach nath thuas? Breac síos iad.
Iris na Scoile Iarphlé 1
Obair bheirte, saibhriú teanga: nathanna a mhíniú agus nathanna eile a aimsiú.
96
Sleamhnán 4
Samhlaigh gur tusa agus an duine in aice leat eagarthóirí Iris na Scoile i mbliana. Déan amach plean beag don Iris ag smaoineamh ar na nithe seo a leanas: na rannóga difriúla a bheidh san Iris na hailt dhifriúla ba mhaith libh a bheith san iris
na daltaí a scríobhfaidh na hailt sin daoibh
Iris na Scoile Iarphlé 2
Obair bheirte: iris scoile a phleanáil; plé ranga: iris scoile.
Sleamhnán 5
Scríobh alt gearr ar do rogha rud – (a) (b) nó (c) thíos. (a) Ócáid/ imeacht scoile a raibh baint agat leis (b) Léirmheas nó tuairisc ar ócáid / imeacht
scoile a raibh tú sa lucht féachana / lucht tacaíochta ann.
(c) Cuntas ar ócáid/imeacht éigin a raibh tú páirteach ann taobh amuigh den scoil
Iris na Scoile Scríobh
Scríbhneoireacht: cur síos ar imeacht scoile.
97
Fócas ar Theanga Litriú (Tíortha & Teangacha): Nótaí an Mhúinteora
Leibhéal An Teastas Sóisearach
Spriocanna Aird na bhfoghlaimeoirí a dhíriú ar litriú na Gaeilge
Stór focal Tíortha agus Teangacha
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Moltar na bileoga a úsáid leis na gníomhaíochtaí faoi Déagóirí Sásta, Aonad 2 (TS - Saol Sóisialta). Is gá i gcónaí córas agus struchtúr na teanga a chur i láthair na ndaltaí, agus más féidir é sin a dhéanamh ar bhealach loighciúil agus simplí is ea is fearr é. Cuir béim ar an struchtúr loighciúil seo sna gníomhaíochtaí agus ar an tslí ar féidir leis na foghlaimeoirí cur lena n-eolas féin faoin teanga nuair atá an córas ar eolas acu.
Freagraí Tá na tíortha baininscneach den chuid is mó sa Ghaeilge. Dírigh aird na bhfoghlaimeoirí ar dheirí na bhfocal chomh maith agus an tslí a gcríochnaíonn siad le consan caol – mar a bhíonn focail bhaininscneacha go minic.
Mínigh an difríocht idir sa agus i:
- sa = i + an (in the)
- cuirtear séimhiú ar chonsan tar éis sa
- cuirtear ‘n’ roimh ghuta agus ‘fh’
- cuirtear ‘t’ roimh fhocal baininscneach a thosaíonn le s
An Fhrainc sa Fhrainc
An Spáinn sa Spáinn
An Iodáil san Iodáil
An Ghearmáin sa Ghearmáin
An Iorua san Iorua
An tSualainn sa tSualainn
An Fhionlainn san Fhionlainn
An Danmhairg sa Danmhairg
An Tuirc sa Tuirc
An Pholainn sa Pholainn
An Ungáir san Ungáir
An Ghréig sa Ghréig
Éire in Éirinn
Sasana i Sasana
Na Stáit Aontaithe sna Stáit Aontaithe*
98
Albain in Albain
Tá na teangacha baininscneach i nGaeilge de ghnáth. Críochnaíonn siad le consan caol den chuid is mó.
An Fhrainc An Fhraincis
An Spáinn An Spáinnis
An Iodáil An Iodáilis
An Ghearmáin An Ghearmáinis
An Iorua An Ioruais
An tSualainn An tSualainnis
An Fhionlainn An Fhionlainnis
An Danmhairg An Danmhairgis
An Tuirc An Tuircis
An Pholainn An Pholainnis
An Ungáir An Ungáiris
An Ghréig An Ghréigis
99
Fócas ar Theanga: Litriú (Tíortha & Teangacha)
Sleamhnán 1
Litriú Tíortha agus Teangacha
Féach ar na �ortha thíos, an focail bhaininscneacha nó �irinscneacha iad? Conas atá a �ios agat?
An Fhrainc ______________ An Spáinn ______________ An Iodáil ______________ An Ghearmáin ______________ An Iorua ______________ An tSualainn ______________ An Fhionlainn ______________ An Danmhairg ______________ An Tuirc ______________ An Pholainn ______________ An Ungáir ______________ An Ghréig ______________ Éire ______________ Sasana ______________ Na Stáit Aontaithe* ______________ Albain ______________ Cuir sa nó i leis na �ortha anois, an féidir leat a rá cad is cúis le do rogha?
Gramadach: Firinscneach nó baininscneach – tíortha.
Sleamhnán 2
Féach air seo: An Fhrainc An Fhraincis
Anois, cad iad na teangacha is féidir a dhéanamh as na �ortha?
An Fhrainc ______________ An Spáinn ______________ An Iodáil ______________ An Ghearmáin ______________ An Iorua ______________ An tSualainn ______________ An Fhionlainn ______________ An Danmhairg ______________ An Tuirc ______________ An Pholainn ______________ An Ungáir ______________ An Ghréig ______________ An focail bhaininscneacha nó �irinscneacha iad na teangacha? Conas atá a �ios agat?
Litriú Tíortha agus Teangacha
Gramadach: teangacha a dhéanamh as ainmneach tíortha. Baininscneach nó firinscneach.
100
Fócas ar Theanga Na tuisil: Nótaí an Mhúinteora
Leibhéal An Teastas Sóisearach
Spriocanna Na tuisil a chur i láthair na ndaltaí
Stór focal Ginearálta
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Moltar na bileoga a úsáid leis na gníomhaíochtaí faoi Nuair a bhí mé i mo dhéagóir, Aonad 2 (An Saol Sóisialta).
Níl sé i gceist míniú iomlán agus cruinn a thabhairt do na daltaí ar na tuisil ar fad sa cheacht seo – tá ceachtanna ar gach tuiseal ar fáil ar leithligh sa rannóg Fócas ar Theanga. Níl anseo ach léargas ginearálta orthu.
An aidhm atá leis an gceacht seo ná díreach coincheap na dtuiseal a chur i láthair na ndaltaí. Níl sé i gceist go mbeidís an-eolach ar na tuisil ina dhiaidh ach díreach go mbeidh a fhios acu (i) go bhfuil a leithéid de rud ann; (ii) cé mhéad tuiseal atá ann agus (iii) a bheith ábalta buille faoi thuairim a thabhairt faoin tuiseal ina bhfuil ainmfhocal. Má tá grúpa daltaí agat a bhfuil cumas íseal acu sa teanga ní gá an ceacht ar fad a dhéanamh in aon rang amháin.
Is féidir aird a tharraingt ar na pointí seo a leanas má shíleann tú go mbeadh sé oiriúnach:
1. An tuiseal gairmeach: séimhítear ainmneacha cailíní agus buachaillí ach ní chaolaítear ach ainmneacha buachaillí. Ní chaolaítear ainmneacha cailíní.
2. An tuiseal tabharthach: má tá canúint Uladh in úsáid ag an ngrúpa daltaí abair leo an séimhiú a úsáid. Más ó Chonnachta nó ó Chúige Mumhan an grúpa, úsáid an t-urú. Muna bhfuil canúint ar leith ar an ngrúpa abair leo ceann amháin a roghnú agus cloí leis. Níor cheart riamh an dá chóras a mheascadh.
3. Bíonn sé deacair do dhaoine uaireanta a dhéanamh amach nuair atá ainmfhocal sa tuiseal ainmneach. Cuir ar fáil go leor samplaí dóibh mar sin, más gá.
101
Freagraí
1. Tá an cailín ina seasamh ar an mbord.
an cailín: tuiseal ainmneach mbord: tuiseal tabharthach
2. An raibh tú ag an gcluiche inné?
gcluiche: tuiseal tabharthach
3. Chaill mé an rang staire inniu.
staire: tuiseal ginideach (dhá ainmfhocal ag teacht i ndiaidh a chéile rang + stair)
4. Cad a shíl tusa den dráma, a Phádraig?
a Phádraig: tuiseal gairmeach
5. Tá an múinteoir céanna agam i gcomhair Gaeilge agus Mata.
an múinteoir: tuiseal ainmneach
6. Cá bhfuil an seomra eolaíochta?
eolaíochta: tuiseal ginideach (dhá ainmfhocal ag teacht i ndiaidh a chéile seomra + eolaíocht)
7. Tá sé seo ródheacair. Tá níos mó cabhrach ag teastáil uaim.
cabhrach: tuiseal ginideach (tar éis focal a chuireann méid in iúl níos mó)
8. Bíonn orainn éide scoile a chaitheamh sa scoil seo.
scoile: tuiseal ginideach (dhá ainmfhocal ag teacht i ndiaidh a chéile éide + scoil)
9. Caithfidh mé dul chuig an bhfiaclóir amárach.
bhfiaclóir: tuiseal tabharthach
10. Cogar anois, a Chiara, ná bí mar sin!
a Chiara: tuiseal gairmeach
102
Fócas ar Theanga: Na tuisil
Sleamhnán 1
Na tuisil Cén rud é tuiseal?
Is éard is tuiseal ann ná an t-‐athrú a thagann ar ainm�ocal ag brath ar na focail eile atá �mpeall air. Athraíonn focail eile chomh maith i.e. aidiachtaí ach ní tuiseal atá i gceist ansin. Ní bhaineann tuisil ach amháin le hainm�ocail. Tá tuisil in a lán teangacha ar fud an domhain, mar shampla, san Fhionlainnis agus sa Ghréigis. Bhíodh tuisil ann fadó sa Bhéarla ach níl níos mó.
Gramadach: na tuisil, réamhrá.
Sleamhnán 2
Na tuisil
Níl ach ceithre thuiseal sa Ghaeilge. Seo iad:
An tuiseal gairmeach An tuiseal ainmneach An tuiseal tabharthach An tuiseal ginideach
Gramadach: na tuisil sa Ghaeilge.
Sleamhnán 3
Na tuisil Gairmeach
An tuiseal gairmeach Seo an t-‐athrú a thagann ar ainmneacha Gaeilge nuair a bhíonn tú ag labhairt le duine (i.e. nuair a bhíonn ‘a’ rompu). Máire a Mháire Siobhán a Shiobhán Seán a Sheáin Ciarán a Chiaráin
Gramadach: an tuiseal gairmeach.
103
Sleamhnán 4
Na tuisil Ainmneach 1
An tuiseal ainmneach Bíonn ainm�ocal sa tuiseal ainmneach nuair a bhíonn sé sa ‘ghnáthstaid’ i.e. Nuair nach mbíonn aon rud ‘ag tarlú’ dó.
Tá buachaill ag imirt peile (Níl faic ag ‘tarlú’ don �ocal buachaill.)
Ach! Athraíonn an focal sa tuiseal ainmneach, ceart go leor, má bhíonn an focal ‘an’ roimhe...
Gramadach: an tuiseal ainmneach.
Sleamhnán 5
Na tuisil Ainmneach 2
... Féach ar na focail seo ar fad atá sa tuiseal ainmneach:
Athraíonn na hainm�ocail ag brath ar a bhfuil siad firinscneach nó baininscneach. Sin ceacht i gcomhair lá eile! Idir an dá linn, bí in ann a aithint má tá focal sa tuiseal ainmneach.
Firinscneach Baininscneach an fear an bhean an t-‐urlár an oifig an samhradh an tsochraid Gramadach: baininscneach agus firinscneach.
Sleamhnán 6
Na tuisil Tabharthach 1
An tuiseal tabharthach Cuirtear ainm�ocail sa tuiseal tabharthach nuair a bhíonn réamh�ocal agus an t-‐alt rompu (e.g. ag an, ar an, leis an, roimh an, faoin, chuig an etc.). bus ar an mbus cathaoir faoin gcathaoir féasóg ar an bhféasóg gasúr leis an ngasúr poi�géir ag an bpoi�géir Cuirtear urú ar an ainm�ocal ach amháin...
Gramadach: an tuiseal tabharthach.
104
Sleamhnán 7
Na tuisil Tabharthach 2
... Más ó Chúige Uladh tú cuirtear séimhiú ar an ainm�ocal in ionad urú sa tuiseal tabharthach. bus ar an bhus cathaoir faoin chathaoir féasóg ar an �éasóg gasúr leis an ghasúr poi�géir ag an phoi�géir
Gramadach, feasacht teanga: canúint Chúige Uladh.
Sleamhnán 8
Na tuisil Ginideach
An tuiseal ginideach Tá cúig chúis ann go mbeadh ainm�ocal sa tuiseal ginideach.
1. Dhá ainm�ocal i ndiaidh a chéile an samhradh: tús an tsamhraidh rang: seomra ranga
2. Tar éis réamh�ocal comhshuite
an bhliain: i rith na bliana an lá: tar éis an lae
3. Tar éis ainm briathartha
dinnéar: ag ithe dinnéir peil: ag imirt peile
4. Tar éis na focail ‘�mpeall’ agus ‘trasna’
an scoil: �mpeall na scoile an pháirc: trasna na páirce
5. Tar éis focail a chuireann méid in iúl
airgead: a lán airgid am: níos mó ama
Gramadach: an tuiseal ginideach – cén uair a úsáidtear é.
Sleamhnán 9
Na tuisil Cén tuiseal?
Abair cén tuiseal atá i gceist leis na hainm�ocail atá i gcló dorcha. 1. Tá an cailín ina seasamh ar an mbord. 2. An raibh tú ag an gcluiche inné? 3. Chaill mé an rang staire inniu. 4. Cad a shíl tusa den dráma, a Phádraig? 5. Tá an múinteoir céanna agam i gcomhair Gaeilge agus
Mata. 6. Cá bhfuil an seomra eolaíochta? 7. Tá sé seo ródheacair. Tá níos mó cabhrach ag teastáil
uaim. 8. Bíonn orainn éide scoile a chaitheamh sa scoil seo. 9. Caithfidh mé dul chuig an bhfiaclóir amárach. 10. Cogar anois, a Chiara, ná bí mar sin!
Gramadach: ceisteanna – cén tuiseal?
105
Fócas ar Theanga Na bunuimhreacha (10 -): Nótaí an Mhúinteora
Leibhéal An Teastas Sóisearach
Spriocanna Rialacha na mbunuimhreacha
Stór focal Ginearálta
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Moltar na bileoga a úsáid leis na gníomhaíochtaí faoi Déagóirí Sásta, Aonad 2 (An Saol Sóisialta). Léigh na treoracha leis na daltaí. Abair leis na foghlaimeoirí aithris a dhéanamh ar na samplaí tugtha mura bhfuil na rialacha ar eolas acu cheana féin. Déan druil leis na foghlaimeoirí ag cleachtadh rialacha na mbunuimhreacha, mar shampla:
Scríobh a leithéid seo ar an gclár bán agus iarr ar dhaltaí éagsúla an dá fhocal a chur le chéile:
12 + bróg17 + pláta3 + lampa
Is féidir amhlaidh a dhéanamh leis na hainmfhocail mhírialta. Is féidir chomh maith iarraidh ar na daltaí abairtí a chumadh leo.
Freagraí
Bunuimhreacha (10-)
Bliain Aon bhliain déag, dhá bhliain déag, trí bliana déag, ceithre bliana déag, cúig bliana déag, sé bliana déag, seacht mbliana déag, ocht mbliana déag, naoi mbliana déag
UairAon uair amháin, dhá uair déag, trí huaire déag, ceithre huaire déag, cúig huaire déag, sé huaire déag, seacht n-uaire déag, ocht n-uaire déag, naoi n-uaire déag
Seachtain Aon seachtain déag, dhá sheachtain déag, trí seachtaine déag, ceithre seachtaine déag, cúig seachtaine déag, sé seachtaine déag, seacht seachtaine déag, ocht seachtaine déag, naoi seachtaine déag
Na bunuimhreacha (10 -):
106
Fócas ar Theanga: Na bunuimhreacha (10 - )
Sleamhnán 1
Bunuimhreacha (10 -‐ ) Rialacha
1. Cad é an difríocht idir na focail sa dá cholún?
2. An féidir leat an difríocht a mhíniú? Pléigh leis an duine in aice leat é.
ocht mbord déag seacht gcupán déag trí ghluaisteán déag
naoi ngloine dhéag ceithre oíche dhéag cúig ghúna dhéag
Gramadach: na bunuimhreacha, riail faoi shéimhiú ar “déag”.
Sleamhnán 2
Lean na rialacha a bhaineann leis an ainm�ocal “Bliain” chun na bearnaí a líonadh.
Bunuimhreacha (eisceachtaí) Rialacha
Bliain
Aon bhliain déag, dhá bhliain déag, trí bliana déag, ceithre bliana déag, cúig bliana déag, sé bliana déag, seacht mbliana déag, ocht mbliana déag, naoi mbliana déag
Uair
Seachtain
Gramadach: eisceachtaí – bliain, uair, seachtain.
107
Plean Ceachta do Chaibidil 3
Caibidil 3: Mo Mhuintir agus mo Chairde
A. Ag cabhrú timpeall an tí (Réasúnta dúshlánach)B. Ag cur aithne ar dhaoineC. Ag tabhairt comhairle (Dúshlánach)D. Mo sheanmháthair (Dúshlánach)E. Mo theaghlach (Réasúnta dúshlánach)F. Tréithe daoine (Réasúnta dúshlánach)G. Tuismitheoirí bochta (Réasúnta dúshlánach)H. Fócas ar theanga: i. An tuiseal gairmeach ii. An modh ordaitheach iii. An t-ainm briathartha
108
3A. Ag cabhrú timpeall an tí: Nótaí an Mhúinteora (Réasúnta dúshlánach)
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Réasúnta dúshlánach
Spriocanna Cumas tuisceana, scríbhneoireachta, léitheoireachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – mo mhuintir agus mo chairde / obair tí
Stór focal Obair tí
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar mhír físe ina bhfuil dalta ag caint ar an gcabhair a thugann sé timpeall an tí sa bhaile. Canúint na Mumhan atá i gceist sa mhír.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán réasúnta ard Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin.
RéamhobairüMínigh do na daltaí go mbeidh siad ag éisteacht le dalta ag cur síos ar an obair a dhéanann sé
timpeall an tí.
üCuir i mbun oibre ina mbeirteanna ansin iad ar an réamhobair. Is minic nach mbíonn Gaeilge ag daltaí ar bhriathra laethúla den saghas seo mura bhfuil Gaeilge sa bhaile acu. Pléigh na freagraí leo ansin (féach Freagraí thíos).ansin (féach Freagraí thíos).
ÉisteachtüLéigh na ceisteanna don chleachtadh éisteachta leis an rang ar fad sula gcuireann tú ar siúl an mhír
ionas go mbeidh a fhios acu cén freagraí a bheidh á lorg acu agus iad ag éisteacht.
üMás féidir, fág na ceisteanna thuas ar an scáileán an fhaid is atá an mhír á seinm.
üPléigh freagraí na gceisteanna leis an rang ar fad ag an deireadh. Pléigh freagraí na gceisteanna leis an rang ar fad ag an deireadh.
Iarphlé 1üSeo deis chun na daltaí a chur ag machnamh ar leaganacha malartacha/canúnacha. Fiú más grúpa
Muimhneach atá sa rang iarr orthu smaoineamh ar shlite eile chun na frásaí atá ar an sleamhnán a rá (féach Freagraí thíos). Is maith an rud é deis a thabhairt do dhaltaí a gcuid stór focal a leathnú amach óna gcanúint féin/taithí féin.óna gcanúint féin/taithí féin.
ScríobhüLéigh a bhfuil ar an sleamhnán seo leis an rang ar fad le go dtuigfidh siad go díreach cad a bheidh le
déanamh acu.
üAbair leo tabhairt faoi chuid (a) ansin. Más rud é go bhfuil taithí ag an dalta ar obair feirme féadfaidh sé a phíosa a scríobh san aimsir láithreach. Mura bhfuil aon taithí ar obair feirme aige is sa mhodh coinníollach a scríobhfaidh sé an píosa. B’fhéidir go mbeadh cabhair bhreise ag teastáil ón dalta sa chás sin.
(Réasúnta dúshlánach)
109
üPléigh tuairimí na ndaltaí ar chuid (a) mar rang iomlán agus cuir stór focal nua/úsáideach ar an gclár chomh maith le samplaí den bhriathar sa mhodh coinníollach a tháinig chun cinn.
üFéadfaidh na daltaí tabhairt faoi chuid (b) ansin. Tar éis dóibh cúpla nóiméad a chaitheamh air pléigh a dtuairimí leo. Tá seans go dtiocfaidh stór focal nó nathanna úsáideacha chun cinn sa phlé.a dtuairimí leo. Tá seans go dtiocfaidh stór focal nó nathanna úsáideacha chun cinn sa phlé.
LéamhüCuir na daltaí ag obair le chéile ina mbeirteanna chun an píosa atá ar an sleamhnán a léamh.
üAnsin léigh an píosa leis an rang ar fad ag dul siar ar aon deacracht fuaime nó tuisceana a bheidh acu.
üMá theastaíonn uait dúshlán breise a thabhairt do na daltaí, abair leo na briathra atá san aimsir ghnáthchaite a phiocadh amach. Tá cúig shampla ann (féach Freagraí thíos).ghnáthchaite a phiocadh amach. Tá cúig shampla ann (féach Freagraí thíos).
Iarphlé 2üBheadh sé go maith dá bhféadfaí na daltaí a chur i ngrúpaí beaga (beirt nó triúr) chun na ceisteanna
atá ar an sleamhnán seo a dhéanamh le chéile ar feadh cúpla nóiméad. Mura bhfuil sé sin réalaíoch, déan iarracht plé ranga a chothú timpeall ar na ceisteanna atá ann. déan iarracht plé ranga a chothú timpeall ar na ceisteanna atá ann.
Iarphlé 3üBeidh ar na daltaí an ceistneoir seo a líonadh amach leo féin agus nuair a bheidh an méid sin déanta
acu beidh orthu a scóir a chomhaireamh. Tá eochair ag bun an tsleamhnáin do na scóir.
üGníomhaíocht éadrom atá anseo agus d’fhéadfá ceisteanna a chur ar dhaltaí sa rang faoi na freagraí a thug siad sa cheistneoir.a thug siad sa cheistneoir.
Iarphlé 4üBíonn deacrachtaí móra ag foghlaimeoirí leis na focail a chuireann suíomh agus treoir in iúl sa
Ghaeilge. Is iarracht atá sa sleamhnán seo é a shoiléiriú beagán dóibh.
üAbair leo tabhairt faoin gcleachtadh ina mbeirteanna agus abair leo an nod ag bun an tsleamhnáin a léamh sula dtosaíonn siad.
üMá tá rang cumasach agat d’fhéadfá samplaí breise a chur ar fáil d’fhocail a bhfuil an córas ‘t’; ‘s’ agus ‘a’ i bhfeidhm iontu, mar shampla thall, sall, anall; thuaidh, aduaidh; theas, aneas.
Freagraí
Réamhobair1. cleaning: ag glanadh
2. washing: ag ní
3. drying: ag triomú
4. tidying: ag gastú (Canúint na Mumhan)
5. polishing: ag cur snas ar
6. sweeping: ag scuabadh
110
7. setting the table: ag leagadh an bhoird
8. putting things away: ag cur rudaí i bhfearas
9. making the bed: ag cóiriú na leapa
10. ironing: ag iarnáil
11. organising: ag eagrú
12. preparing: ag ullmhú
13. peeling (glasraí): ag scamhadh / ag baint an chraicinn de
14. boiling: ag beiriú / ag bruith
Iarphlé 1 5. áraistí: gréithe/soithí
6. fallaí: ballaí
LéamhBriathra san aimsir ghnáthchaite:
1. Ní thugadh na leanaí...
2. Shuídís siar...
3. Nídeirtí rud ar bith leo.
4. Chaithidís na tuáillí...
5. Is í an mháthair a phiocadh suas ina ndiaidh iad.
111
3A. Ag Cabhrú Timpeall an Tí
Sleamhnán 1
I gceann tamaill, beidh tú ag éisteacht le hÓigí Ó Sé ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne, ag cur síos ar a bheith ag cabhrú sa bhaile. Sula n-‐éisteann tú leis, bain triail as an gcleachtadh seo...
Ag cabhrú �mpeall an �
Réamhrá
Sleamhnán 2
Conas a déarfá na rudaí seo as Gaeilge? Scríobh i do chóipleabhar iad agus bí cúramach leis an litriú! 1. cleaning: ____________________ 2. washing: ____________________ 3. drying: ____________________ 4. �dying: ____________________ 5. polishing: ____________________ 6. sweeping: ____________________ 7. se�ng the table: ____________________ 8. pu�ng things away: ____________________ 9. making the bed: ____________________ 10. ironing: ____________________ 11. organising: ____________________ 12. preparing: ____________________ 13. peeling (glasraí): ____________________ 14. boiling: ____________________
Ag cabhrú �mpeall an � Réamhobair
Stórfocalbunúsach: Iarrtar ar na daltaí Gaeilge a chur ar liosta focal i mBéarla. Jabanna beaga a dhéanann déagóirí go minic atá i gceist.
Sleamhnán 3
Éist le hÓigí agus freagair na ceisteanna seo:
1. Cén fáth a mbeadh cabhair ag teastáil ó thuismitheoirí Óigí sa bhaile?
2. Cé chomh minic a chóiríonn Óigí a leaba?
3. Cathain is mó a bhíonn Óigí ag cabhrú ar an bhfeirm?
4. An maith leis obair feirme? 5. Cén míbhuntáiste a
bhaineann le bheith ag obair le caoirigh?
Ag cabhrú �mpeall an � Éisteacht
Tasc éisteachta: Mír físe bunaithe ar dhéagóir ag caint faoi na dualgaisí oibre atá air sa bhaile. Tá ceisteanna simplí le freagairt ag na daltaí bunaithe ar an mhír seo.
112
Sleamhnán 4
Cén chanúint atá ag Óigí? Conas atá a �ios agat? Luaigh
cúis amháin. Deir Óigí rudaí cosúil le ‘Bíonn na hárais� le glanadh agus le triomú.’
Cén focal eile atá agatsa ar ‘árais�’? Agus an ceann seo? ‘...téann siad tríd na fallaí.’
Cén focal eile atá agatsa ar ‘fallaí’?
Ag cabhrú �mpeall an � Iarphlé 1 Abair ar shlí eile é...
Feasacht teanga: Canúint a aithint. Stór focal (áraistí agus fallaí).
Sleamhnán 5
(a) Tarraing na boscaí thíos i do chóipleabhar agus líon iad le do chuid tuairimí féin. Ní gá go mbeadh taithí phearsanta agat ar an bhfeirmeoireacht chun é sin a dhéanamh. (b) An bhfuil peata agat sa bhaile? Má tá, déan cur síos air. Mura bhfuil, abair ar mhaith leat peata a bheith agat nó nár mhaith agus cén fáth? Scríobh do chuid tuairimí i do chóipleabhar.
Ag cabhrú �mpeall an � Scríobh
Rudaí a thaitníonn / a thaitneodh liom faoi obair feirme
Rudaí nach dtaitníonn / nach dtaitneodh liom faoi obair feirme
Tasc scríbhneoireachta: Iarrtar ar na daltaí píosa gairid a scríobh faoi obair feirme; agus faoi pheataí.
Sleamhnán 6
Déagóirí boga! Féach an méid atá le rá ag déagóir Éireannach faoi thuras a thug sí ar theaghlach sa Fhrainc: “Chaith mé trí seachtaine le teaghlach thall sa Fhrainc an samhradh seo caite agus bhí siad an-‐deas ar fad. Bhí buachaill ceithre bliana déag ann agus cailín sé bliana déag. Rud amháin a chuir iontas orm ná é seo: Ní dhearna na déagóirí sa teach rud ar bith. Rinne an mháthair an chócaireacht ar fad agus ba é an t-‐athair a nigh na gréithe – ní thugadh na leanaí na plátaí ón mbord go d� an doirteal fiú amháin. Shuídís siar mar a bheadh prionsa agus banphrionsa ann agus ní deir� rud ar bith leo. Agus dá bhfeicfeá na seomraí leapa a bhí acu! Bhí siad bréan salach agus éadaí caite ar fud na háite. Ó, is ea, tar éis dóibh cith a thógáil chaithidís na tuáillí ar an urlár agus is í an mháthair a phiocadh suas ina ndiaidh iad. Tá beagán imní orm mar beidh siad ag teacht go d� mo theach féin i gceann cúpla seachtain agus níl aon slí go gcuirfidh mo mháthair ná m’athair suas leis sin! Beidh siad ag iarraidh ar na Francaigh gach rud a dhéanamh!”
Ag cabhrú �mpeall an � Léamh
Tasc léitheoireachta: Alt gairid faoi dhéagóirí áirithe sa Fhrainc agus an obair tí.
113
Sleamhnán 7
Pléigh na ceisteanna seo a éiríonn as an bpíosa Déagóirí Boga:
1. An bhfuil tusa cosúil leis na déagóirí Francacha a bhí sa phíosa atá díreach léite agat? Cén tslí?
2. Cén saghas polasaí atá agaibhse sa bhaile maidir leis an obair �? Cé a dhéanann na jabanna éagsúla �mpeall an �?
3. An dóigh leatsa go bhfuil saol níos éasca ag déagóirí anois ná mar a bhíodh? Cén fáth?
4. An dóigh leatsa go bhfuil sé ceart nó mícheart go ndéanfadh déagóirí méid áirithe obair �? Cén fáth?
Ag cabhrú �mpeall an � Iarphlé 3
Tasc labhartha: Plé oscailte ar roinnt ceisteanna bunaithe ar an alt thuas.
Sleamhnán 8
Cé chomh cabhrach is atá tú?
Do scór: 1-‐3 Fíor: Níl tú róchabhrach ar chor ar bith, ná níl? Tarraing amach an folús ghlantóir ó am go chéile nó cuimil éadach den bhord anois is arís. Ní mharóidh sé tú! 4-‐6 Fíor: Níl tú olc, is dócha. Níl tú go hiomlán gan úsáid! Foghlaim cúpla scil nua agus beidh tú ar �eabhas ar fad. 7-‐10 Fíor: Bhuel, ní bheidh aon �adhb agatsa nuair a �ágfaidh tú an baile! Beidh gach duine ag iarraidh a bheith ina gcónaí leatsa. Abair le duine éigin braon tae a dhéanamh duit – tá sé tuillte agat!
Ag cabhrú �mpeall an � Iarphlé 4
Fíor nó Bréagach?
1. Ullmhaím mo bhricfeasta féin ar maidin.
2. Ullmhaím mo lón féin le haghaidh scoile.
3. Bíonn mo sheomra deas glan den chuid is mó.
4. Déanaim mo chuid iarnála féin.
5. Ní bhíonn ar mo thuismitheoirí na gréithe a ní i mo dhiaidh, de ghnáth.
6. Glanaim an seomra folctha ó am go chéile.
7. Cabhraím le mo thuismitheoirí an teach a ghlanadh.
8. Réi�m an dinnéar don chlann ó am go chéile.
9. Tá a �ios agam conas cúpla rud a bhácáil.
10. Táim in ann �ne a lasadh.
Suirbhé gairid: iarrtar ar na daltaí tic a chur le haon obair ar liosta a dhéanann siad sa teach.
Sleamhnán 9
Cuir na frásaí beaga thíos in abair� lena mbrí a léiriú. Thuas staighre Thíos staighre Suas an staighre Síos an staighre Anuas an staighre Aníos an staighre Seo nod chun cabhrú leat: Nuair a thosaíonn an focal le ‘t’ ní bhíonn aon ghluaiseacht i gceist (e.g. thuas). Nuair a thosaíonn an focal le ‘s’ tá an duine ag dul áit éigin (e.g. suas). Nuair a thosaíonn an focal le ‘a’ tá an duine ag teacht ó áit éigin (e.g. anuas).
Ag cabhrú �mpeall an � Iarphlé 5
Obair bheirte/aonair, tasc scríofa: gramadach, thíos/síos/aníos.
114
3B. Ag cur aithne ar dhaoine: Nótaí an Mhúinteora
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Bunúsach
Spriocanna Cumas tuisceana, éisteachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – ag cur aithne ar dhaoine
Stór focal Ag bualadh le daoine
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar mhír éisteachta ina bhfuil páistí ag déanamh comhrá le chéile den chéad uair. Níl ábhar na míre deacair ach tá se canúnach go leor, agus tá na trí chanúint le cloisteáil inti. Moltar na gníomhaíochtaí a bhaineann leis An Tuiseal Gairmeach ó ‘Fócas ar Theanga’ a úsáid leis na gníomhaíochtaí seo.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán íseal Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin.
Réamhobair 1üAbair leis na daltaí a machnamh a dhéanamh ar conas hello agus how are you a rá i nGaeilge. Déan
plé ar dia duit agus an nós atá ann sa Ghaeilge Dia agus na naoimh a tharraingt isteach sa scéal. Pléigh chomh maith na difríochtaí idir na canúintí (féach Freagraí thíos).
üIarr ar gach beirt na ceisteanna a chur in ord. Is ceisteanna iad a chuirtear ar dhuine agus tú ag cur aithne air an chéad lá.
üPléigh na tuairimí a bhí acu, ní bheidh na tuairimí céanna ag gach duine.
üCuir ceist ar an rang a bhfuil aon cheist in easnamh dar leo.
Réamhobair 2üIarr ar gach beirt na bearnaí a líonadh le chéile. Caithfidh siad an nath oiriúnach a roghnú a théann le
gach scenario (féach Freagraí thíos).
üPléigh na nathanna a bhí acu agus scríobh aon cheann nach raibh ar eolas acu ar an gclár. Beidh níos mó ná nath amháin ann in amanna.
Réamhobair 3üLéigh a bhfuil ar an sleamhnán leis an rang ar fad le bheith cinnte go dtuigeann siad gach rud.
üIarr orthu a machnamh a dhéanamh ar na cásanna áirithe agus iad ag obair ina n-aonar ar dtús. Caithfidh siad marc (1-5) a chur in aice le gach scenario ag brath ar cé chomh cúthaileach is atá siad sna cásanna áirithe.
üAbair leo labhairt leis an duine in aice leo ansin le feiceáil cé chomh cúthaileach is atá siad féin.
üBí ag siúl timpeall le linn an phlé le cinntiú go bhfuil siad ag labhairt as Gaeilge agus le cuidiú leo más gá.
üPléigh na cásanna leis an rang iomlán agus scríobh aon fhrása nó aon fhocal nua a tháinig aníos le linn na gníomhaíochta ar an gclár.
3B. Ag cur aithne ar dhaoine:
115
ÉisteachtüMínigh do na daltaí go mbeidh siad ag éisteacht le páistí (déagóirí óga) ag cur aithne ar a chéile ar an
nguthán.
üAbair leo éisteacht leo uair amháin agus a rá cén chanúint atá ag na cainteoirí éagsúla.
üLéigh na ceisteanna 1-5 leo sula gcuirfidh tú an mhír ar siúl agus iarr orthu na ceisteanna a fhreagairt. Tuairimíocht atá i gceist le ceist 4 agus 5.
üTéigh siar ar na freagraí a bhí acu. Téigh siar ar na freagraí a bhí acu.
Iarphlé 1üPléigh an chéad cheist leis an rang iomlán. Tuairimíocht atá i gceist.
üPléigh na frásaí atá ar an sleamhnán leis na daltaí agus mínigh aon cheann nach bhfuil ar eolas acu.
üNíl sna frásaí seo ach an tús, déan iarracht a lán frásaí eile a tharraingt ó na daltaí a bhaineann leis an aimsir.
üIarr ar dhaltaí éagsúla cur síos a dhéanamh ar an aimsir inniu.
üSeo cúpla seanfhocal, ach is mó an méid atá ann:
Is olc an ghaoth nach séideann maith do dhuine.
Is samhradh gach síon go dtí an Nollaig.
Ní hé lá na gaoithe lá na scolb.
Ní hé lá na báistí lá na bpáistí.Ní hé lá na báistí lá na bpáistí.
Iarphlé 2üTabhair tamall do na daltaí chun an cleachtadh atá ar an sleamhnán seo a dhéanamh. Tuairimíocht
atá ann den chuid is mó.
üBíonn nós ag Éireannaigh, ag tús comhrá, a rá nach bhfuil aon ní nua sa saol acu, fiú má bhíonn. Go díreach cosúil leis an nós: Cad é mar atá tú? Tá mé go maith. Ach, tar éis tamaill tagann scéalta eile chun cinn a léiríonn b’fhéidir nach bhfuil sé nó sí rómhaith.
üCeartaigh cuid de na habairtí a bhí acu leis an rang ar fad.Ceartaigh cuid de na habairtí a bhí acu leis an rang ar fad.
Iarphlé 3üTabhair tamall do na daltaí chun an cleachtadh atá ar an sleamhnán seo a dhéanamh.
üNíl ann ach plé beag ar an Oireachtas, beidh tuilleadh plé ar an Oireachtas amach anseo.
ü‘Damhsa ar an sean nós’ agus ‘agallamh beirte’ atá sna pictiúir.
116
Freagraí
Réamhobair 1
Canúint na Mumhan Canúint Chonnachta Canúint Uladh
Conas atá tú? Cén chaoi a bhfuil tú? Cad é mar atá tú?
Réamhobair 1Ar maidin: maidin mhaith duit
Roimh am luí: oíche mhaith, codladh sámh
Agus tú ag imeacht: slán leat, slán go fóill, slán agus beannacht
Breithlá duine: breithlá sona duit
An Nollaig: Nollaig shona, Nollaig faoi shéan & faoi mhaise
Roimh scrúdú: ádh mór, go n-éirí leat
Tar éis scrúdaithe: comhghairdeas
Ligean duine sraoth: Dia leat
Ag cur duine in aithne: Seo Máire, deas bualadh leat
Níor thuig tú rud a dúirt duine: gabh mo leithscéal?
Tá cara tinn: go dtaca biseach ort
Tá duine sa bhealach ort: gabh mo leithscéal
117
3B. Ag Cur Aithne ar Dhaoine
Sleamhnán 1
Ag cur aithne ar dhaoine Réamhobair 1 Beidh tú ag éisteacht ar ball le déagóirí óga ag cur aithne ar a chéile. Conas a déarfá féin hello agus how are you? Cad faoi na canúin� eile: Féach ar na ceisteanna thíos a chuirfeá ar dhuine agus tú ag cur aithne air den chéad uair. Bí ag obair leis an duine in aice leat – cad é an chéad cheist a chuirfeá, dar libh? Cuirigí in ord iad.
Cá bhfuil tú i do chónaí? Cén chaoi a bhfuil tú?
Cén áit a bhfuil tú ar scoil? An maith leat ceol?
An bhfuil mórán deirfiúracha agus deartháireacha agat? Cé as tú?
Cén bhliain ina bhfuil tú ar scoil? An imríonn tú aon spórt?
Cad é an scannán is fearr leat? Cén aois atá tú?
Canúint na Mumhan
Canúint Chonnachta
Canúint Uladh
Stórfocalbunúsach:Iarrtar ar na daltaí nathanna
canúnacha ar “how are you” a thabhairt. Tugtar ceisteanna bunúsacha le cur ar dhuine a mbuaileann tú leis den chéad uair.
Sleamhnán 2
Ag cur aithne ar dhaoine Réamhobair 2 Ag obair leis an duine in aice leat fós – cad a déarfá le duine sna cásanna seo:
Ar maidin ________________________
Roimh am luí ________________________
Agus tú ag imeacht ________________________
Breithlá duine ________________________
An Nollaig ________________________
Roimh scrúdú ________________________
Tar éis scrúdaithe ________________________
Ligean duine sraoth ________________________
Ag cur duine in aithne ________________________
Níor thuig tú rud a dúirt duine ___________________
Tá cara �nn ________________________
Tá duine sa bhealach ort _______________________
Nathanna cainte: Iarrtar ar na daltaí nathanna a sholáthar a d’úsáidfí ag ócáidí éagsúla – ar maidin, ag imeacht dóibh, ag ligint sraotha agus araile.
Sleamhnán 3
Ag cur aithne ar dhaoine Réamhobair 3 An duine cúthaileach tú? Go háirithe agus tú ag bualadh le duine den chéad uair? Cuir uimhir in aice leis na rái�s seo le léiriú cé chomh cúthaileach is a bhíonn tú de ghnáth (1 – an-‐chúthaileach agus 5 – féinmhuiníneach) sna cásanna éagsúla. Do chéad lá ar scoil. Ag labhairt le duine ar an nguthán den chéad uair. I do shuí in aice le duine nach bhfuil aithne agat air ar scoil. Ag dul ar choinne le buachaill / cailín den chéad uair. Ag labhairt le tuismitheoirí do chairde. Ag labhairt le múinteoir leat féin, tar éis am scoile. Ag gearán i siopa nó i gcaife. Ag iarraidh cabhrach ó do mhúinteoir. Ag iarraidh treoracha ó chailín nó ó bhuachaill deas.
Cad atá ag an duine in aice leat? Déanaigí plé ar na tuairimí atá agaibh.
Obair aonair/beirte: Suirbhé, an duine cúthaileach tú? Plé ar na torthaí i mbeirteanna.
118
Sleamhnán 4
Éist leis an mír uair amháin agus abair cén chanúint atá ag na daoine seo: An buachaill ag an tús: _______________________ Pól: _______________________ Éilís: _______________________ Conas a bhí a �ios agat? Éist leis an mír arís agus freagair na ceisteanna: 1. Cén sloinne atá ar Éilís agus cá bhfuil sí ar scoil?
Cén t-‐ainm atá ar a múinteoir?
2. Cad é an caitheamh aimsire atá ag Éilís?
3. Cé chomh fada ón trá atá Pól agus Éilís?
4. Cén aois atá na triúr cainteoirí, dar leat? Tabhair buille faoi thuairim ach bí in ann a rá cén fáth a ndúirt tú amhlaidh.
5. An raibh aithne ag na cainteoirí ar a chéile roimhe, dar leat?
Ag cur aithne ar dhaoine Éisteacht
Tasc éisteachta: Triúr ag caint. Canúint gach duine acu le haithint. Ceisteanna simplí curtha.
Sleamhnán 5
Ar thug tú faoi ndeara riamh go mbíonn muin�r na hÉireann (go háirithe daoine níos sine) de shíor ag caint faoin aimsir? Cén fáth, dar leat? Anois, an dtuigeann tú na frásaí seo:
Tá sé ina ghála gaoithe Tá sé ag stealladh báis� Tá an lá go haoibhinn An bhfliuchfaidh sé? D’�eannfadh an aimsir seo gabhar Cad a dhéanfaidh sé inniu? Chonlódh sé tú Tá an ghrian ag scoilteadh na gcloch Cad iad na frásaí atá ar eolas agatsa mar gheall ar an aimsir? An bhfuil aon sean�ocal ar eolas agat faoin aimsir? Cad é?
Ag cur aithne ar dhaoine Iarphlé 1
D’�eannfadh an aimsir seo gabhar
Saibhriú teanga: nathanna cainte a bhaineann leis an aimsir. Iarrtar tuilleadh, agus iarrtar seanfhocail a bhaineann leis an aimsir.
Sleamhnán 6
An gceapann tú go bhfuil na rái�s seo �or nó bréagach? 1. Tá muin�r na hÉireann an-‐chairdiúil. 2. Ní maith leis na hÉireannaigh bheith ag gearán. 3. Tá ‘saol an phobail’ an-‐tábhachtach do na hÉireannaigh. 4. Caitheann muin�r na hÉireann go maith le daoine aosta. 5. Ní maith leis na hÉireannaigh bheith ag labhairt fúthu féin.
Cad a cheapann an duine in aice leat? Féachaigí beirt ar an gcomhrá seo: Máire: Cén chaoi a bhfuil tú a Sheáin? Seán: Go maith, go maith, agus tú féin? Máire: Á go breá, aon scéal agat? Seán: Muise, scéal ar bith ar chor ar bith. Agus agat féin? Máire: Diabhal mórán. Seán: Tá mo dheirfiúr le pósadh an tseachtain seo chugainn... Máire: An bhfuil? Go hiontach ar fad. An bhfuil aon ní aisteach faoi? Pléigí.
Ag cur aithne ar dhaoine Iarphlé 2
Obair bheirte: ceisteanna faoi na hÉireannaigh le plé.
119
Sleamhnán 7
Pléigh na ceisteanna i do ghrúpa: Cad atá ar eolas agat faoin Oireachtas? Cá mbíonn sé ar siúl de ghnáth? An dtéann tú chuige gach bliain? Cén fáth? Cad atá ar eolas agat faoi na pic�úir thíos:
Ag cur aithne ar dhaoine Iarphlé 4
Obair ghrúpa: Iarrtar ar dhaltaí an tOireachtas a phlé.
120
3C. Ag tabhairt comhairle: Nótaí an Mhúinteora (Dúshlánach)
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Dúshlánach
Spriocanna Cumas tuisceana, scríbhneoireachta, léitheoireachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – cairde agus an teaghlach
Stór focal Cairde agus an teaghlach
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna seo bunaithe ar na réaltchomharthaí agus ar chluiche darb ainm ‘Ag tabhairt comhairle’.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán ard Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin. Moltar an ghníomhaíocht seo a dhéanamh leis An Modh Ordaitheach agus An tAinm Briathartha i FócasarTheanga.dhéanamh leis
Réaltchomharthaí 1üLéigh na treoracha leis na daltaí agus iarr orthu an ceacht a dhéanamh.
üCeartaigh an ghníomhaíocht leo ansin.
üDéan cleachtadh ar an bhfoghraíocht ag an bpointe seo, go háirithe an ‘M’ leathan agus caol. Féach na freagraí. na freagraí.
Réaltchomharthaí 2üLéigh na treoracha leis na daltaí agus iarr orthu an ceacht a dhéanamh.
üCeartaigh an ghníomhaíocht leo ansin.
üDéan cleachtadh ar fhoghraíocht na míonna ag an bpointe seo. Féach na freagraí.Déan cleachtadh ar fhoghraíocht na míonna ag an bpointe seo. Féach na freagraí.
Réaltchomharthaí 3üLéigh na treoracha ar an mbileog ar fad agus iarr ar gach beirt an obair a dhéanamh le chéile.
üThiocfadh leat siúl siar a chaitheamh ar an tuiseal ginideach uatha ag an bpointe seo.
üFéach na freagraí.Féach na freagraí.
Réaltchomharthaí 4üTéigh siar ar na slite cearta chun dáta a scríobh agus a rá.
üBí cinnte go gcuireann tú béim ar an séimhiú a chuirtear ar ‘mí’ de bharr an réamhfhocail shimplí de.
üTabhair deis do na foghlaimeoirí na ceisteanna ag bun an tsleamhnáin a chur ar a chéile.
üBí ag siúl timpeall an ranga le bheith cinnte go n-éiríonn leis na daltaí a mbreithlá a rá i gceart.
(Dúshlánach)
121
Léamh 1 agus 2üCuir gach beirt ina suí le chéile agus tabhair cóip den sleamhnán Léamh 1 do dhuine amháin agus
Léamh 2 don duine eile. Abair leo gach réaltchomhartha a léamh amach le chéile ceann ar cheann. Caithfidh siad bheith cúramach mar tá difríocht bheag amháin idir gach réaltchomhartha agus caithfidh siad an difríocht sin a bhreacadh síos.
üNuair atá sé sin déanta ag na daltaí, iarr ar gach beirt difríochtaí éagsúla a sholáthar.
üPléigh aon deacracht a bhí acu.Pléigh aon deacracht a bhí acu.
Moladh eileüIs féidir an chéad sleamhnán Léamh 1 a chur ar an tréshoilseán agus iarraidh ar gach beirt é a
léamh amach le chéile, ag míniú dóibh gur cleachtadh ar an gcuimhne é seo, agus go gcaithfidh siad cuimhne a dhéanamh ar a bhfuil ar an sleamhnán.
üAnsin, nuair atá an sleamhnán sin léite ag gach beirt is féidir leat an chéad cheann eile a chur in airde, Léamh 2.
üCaithfidh gach beirt liosta de na difríochtaí idir an dá shleamhán a bhreacadh síos. Caithfidh gach beirt liosta de na difríochtaí idir an dá shleamhán a bhreacadh síos.
Cluiche 1 / 2 / 3 üBíodh na cártaí ar Cluiche 1 agus 2 gearrtha agat agus curtha i gclúdach litreach. Ba cheart go
mbeadh clúdach litreach agat do gach grúpa de thriúr nó de cheathrar.
üBíodh an sleamhnán Cluiche 3 ar an tréshoilseán agat. Bí cinnte go dtuigeann an rang na habairtí ar fad ar an sleamhán agus go dtuigeann siad go gcaithfidh siad na struchtúir úd a úsáid le linn an chluiche.
üRoinn an rang i ngrúpaí de thriúr nó de cheathrar agus tabhair clúdach litreach do gach grúpa.
üMínigh do na daltaí go bhfuil fadhbanna sa chlúdach litreach agus go mbeidh gach duine ag iarraidh comhairle ar na fadhbanna áirithe ó na daoine eile sa ghrúpa.
üRachaidh an cluiche ar aghaidh mar seo: Roghnóidh duine 1 cárta ón gclúdach litreach agus léifidh sé an fhadhb amach. Beidh ar na daoine eile sa ghrúpa comhairle a thabhairt maidir leis an bhfadhb sin. Tabharfaidh an duine leis an bhfadhb an cárta don duine sa ghrúpa a thugann an chomhairle is fearr dó. Is é an duine leis an méid is mó cártaí ag deireadh an chluiche an buaiteoir.
üBí ag siúl timpeall an ranga le linn an chluiche le cuidiú leo.
122
Freagraí
Réaltchomharthaí 1
An Reithe 4
An Tarbh 5
An Cúpla 8
An Portán 2
An Leon 12
An Mhaighdean 11
An Mheá 3
An Scairp 10
An Saighdeoir 1
An Gabhar 6
Iompróir an Uisce 9
Na hÉisc 7
Réaltchomharthaí 2
21 Aibreán – 21 Bealtaine (5)
24 Meán Fómhair – 23 Deireadh Fómhair (3)
22 Nollaig – 20 Eanáir (6)
21 Márta – 20 Aibreán (4)
23 Iúil – 22 Lúnasa (12)
20 Feabhra – 20 Márta (7)
23 Samhain – 21 Nollaig (1)
22 Bealtaine - 21 Meitheamh (8)
23 Lúnasa – 23 Meán Fómhair (11)
21 Eanáir – 19 Feabhra (9)
24 Deireadh Fómhair – Samhain (10)
22 Meitheamh – 22 Iúil (2)
Réaltchomharthaí 3Tá na míonna ar fad sa tuiseal ginideach tar éis an fhocail ‘mí’. Tarlaíonn sé nach bhfuil aon athrú ar chuid de na míonna sa tuiseal ginideach ach seo thíos na cinn a athraíonn:Mí an Mhárta nó Mí na Márta (ag brath ar an gcanúint)Mí (an) Aibreáin Mí an MheithimhMí Mheán Fómhair Mí Dheireadh FómhairMí na SamhnaMí na Nollag
123
3C. Ag Tabhairt Comhairle
Sleamhnán 1
Ag tabhairt comhairle Réaltchomharthaí 1
An féidir leat féin agus an duine in aice leat na réaltchomharthaí cearta a cheangal leis na pic�úir chuí?
An Reithe
An Tarbh
An Cúpla
An Portán
An Leon
An Mhaighdean
An Mheá
An Scairp
An Saighdeoir
An Gabhar
Iompróir an Uisce
Na hÉisc
Stórfocal,obairbheirte: na réaltchomharthaí agus na dátaí a bhaineann leo.
Sleamhnán 2
Ag tabhairt comhairle Réaltchomharthaí 2
Anois, an féidir leat féin agus an duine in aice leat na dátaí cearta a cheangal leis na pic�úir chuí?
21 Aibreán – 21 Bealtaine
24 Meán Fómhair – 23 Deireadh Fómhair
22 Nollaig – 20 Eanáir
21 Márta – 20 Aibreán
23 Iúil – 22 Lúnasa
20 Feabhra – 20 Márta
23 Samhain – 21 Nollaig
22 Bealtaine – 21 Meitheamh
23 Lúnasa – 23 Meán Fómhair
21 Eanáir – 19 Feabhra
24 Deireadh Fómhair – 22 Samhain
22 Meitheamh – 22 Iúil
Stórfocal,obairbheirte: na réaltchomharthaí agus na dátaí a bhaineann leo.
Sleamhnán 3
Ag tabhairt comhairle Réaltchomharthaí 3
1. Féach ar an dá cholún thíos, breac síos na difríochtaí a �eiceann tú idir an dá cholún. Cad atá ag an duine in aice leat.
Eanáir Mí Eanáir Feabhra Mí Feabhra Márta Mí an Mhárta / na Márta Aibreán Mí (an) Aibreáin Bealtaine Mí na Bealtaine Meitheamh Mí an Mheithimh Iúil Mí Iúil Lúnasa Mí Lúnasa Meán Fómhair Mí Mheán Fómhair Deireadh Fómhair Mí Dheireadh Fómhair Samhain Mí na Samhna Nollaig Mí na Nollag
2. An féidir libh na hathruithe thuas a mhíniú?
Stórfocal&Feasachtteanga: míonna na bliana m.sh. Meán Fómhair vs Mí Mheán Fómhair.
124
Sleamhnán 4
Ag tabhairt comhairle Réaltchomharthaí 4
Féach ar an tslí a scríobhtar na dátaí:
13/06/2012
nó
13 Meitheamh 2012
Ach féach conas a deirtear na dátaí:
An tríú lá déag de mhí an Mheithimh, dhá mhíle agus a dó dhéag.
Cuir na ceisteanna seo ar an duine in aice leat: 1. Cathain atá do bhreithlá / Cén breithlá atá agat? 2. Cén réaltchomhartha atá agat?
Gramadach: dátaí a scríobh vs dátaí a rá.
Sleamhnán 5
Tá na réaltchomharthaí ar fad anseo thíos agat agus tá 12 réaltchomhartha ag do chara chomh maith. Léigí na réaltchomharthaí amach os ard le chéile, ceann ar cheann agus aimsígí na difríochtaí atá idir an dá leagan.
Ag tabhairt comhairle Léamh 1
An Reithe Tá a lán fuinnimh agat, éireoidh go maith leat sa scrúdú matamai�ce.
An Tarbh Má thagann buachaill deas i do threo seachain é.
An Cúpla Tarlóidh �mpiste do do chara, caithfidh tú foláireamh a thabhairt dó.
An Portán Tá rath agus maoin i ndán duit, bain tairbhe maith as.
An Leon Is duine ceanndána tú, bain úsáid as an tréith sin inniu.
An Mhaighdean Tá an t-‐ádh ort na laethanta seo, bain triail as an lo�o.
An Mheá Bí san airdeall, tá cinneadh mór le déanamh agat inniu.
An Scairp Bain úsáid as d'eireaball nimhneach le do sprioc a bhaint amach.
An Saighdeoir Casfaidh tú le grá geal do chroí an tseachtain seo.
An Gabhar Má oibríonn tú go crua ní theipfidh ort sa scrúdú amárach.
Iompróir an Uisce Tiocfaidh duine gránna isteach i do shaol – bí cúramach.
Na hÉisc Seachain tú féin ar an duine a chuirfidh ar bhealach na haimhleasa tú.
Obair bheirte: Comhairle do na réaltachomharthaí éagsúla. Aimsigh na difríochtaí.
Sleamhnán 6
Tá na réaltchomharthaí ar fad anseo thíos agat agus tá 12 réaltchomhartha ag do chara chomh maith. Léigí na réaltchomharthaí amach os ard le chéile, ceann ar cheann agus aimsígí na difríochtaí atá idir an dá leagan.
Ag tabhairt comhairle Léamh 2
An Reithe Tá a lán fuinnimh agat, éireoidh go maith leat sa scrúdú Béarla.
An Tarbh Má thagann buachaill deas i do threo fáil�gh roimhe.
An Cúpla Tarlóidh �mpiste do d’ain�n, caithfidh tú foláireamh a thabhairt di.
An Portán Tá rath i ndán duit, bain tairbhe maith as.
An Leon Is duine séimh tú, bain úsáid as an tréith sin inniu.
An Mhaighdean Tá an t-‐ádh ort na laethanta seo, bain triail as an gcomórtas.
An Mheá Bí cúramach, tá cinneadh mór le déanamh agat inniu.
An Scairp Bain úsáid as d’eireaball nimhneach le dochar a dhéanamh do dhuine éigin.
An Saighdeoir Casfaidh tú le grá geal do chroí i mbliana.
An Gabhar Má oibríonn tú go crua ní theipfidh ort sa scrúdú amárach.
Iompróir an Uisce Tiocfaidh duine gránna isteach i do shaol – bí san airdeall.
Na hÉisc Seachain tú féin ar an duine a chuirfidh ar bhealach an leasa tú.
Obair bheirte: Comhairle do na réaltachomharthaí éagsúla. Aimsigh na difríochtaí.
125
Sleamhnán 7
Ag tabhairt comhairle cluiche 1
Le gearradh…
Tá cóisir mhór ar siúl ar an Satharn ach níl aon ní le caitheamh agam.
Ba mhaith liom dul ar an turas scoile ach níl mo chara is fearr ag dul.
Rinne mé m’obair bhaile Ghaeilge ach chaill mé í. Ní chreidfidh an múinteoir mé.
Tá mo chara is fearr ag siúl amach le duine nach maith liom.
Ní maith leis an múinteoir staire mé.
Is fuath liom an rang matamai�ce mar caitheann an múinteoir go holc liom.
Ní maith liom an rang corpoideachais mar ní duine aclaí mé in aon chor.
Sílim go bhfuil mo chailín/ bhuachaill ag siúl amach le duine eile chomh maith.
Tá dalta ag imirt bulaíochta ar mo chara ach tá eagla orm roimh an dalta céanna.
Tá mo mháthair ar Facebook agus feiceann sí gach rud a dhéanaim.
Tá guthán póca ag mo chuid cairde ar fad ach níl cead agamsa ceann a bheith agam.
Is fuath liom teangacha ach tá trí cinn le déanamh agam ar scoil.
Cluiche teanga: Cleachtadh ar chomhairle a thabhairt.
Sleamhnán 8
Ag tabhairt comhairle cluiche 2
Le gearradh…
Tá coinne agam amárach den chéad uair agus tá mé an-‐neirbhíseach.
Tá mé tar éis bogadh ó scoil eile agus níl aon chairde agam sa scoil nua.
Tá mé i bhfad níos lú ná gach duine eile sa bhliain agus bíonn na daltaí eile ag magadh fúm.
Tá mé i scoil lán-‐Ghaeilge ach níor tógadh le Gaeilge mé agus tá sé an-‐deacair.
Tá mé i scoil lán-‐Ghaeilge agus tá an ghráin agam ar an nGaeilge.
Tá mé i ngrá le duine ach níl aon suim ag an duine sin ionamsa.
Scríobh duine drochscéal fúm ar Facebook agus níl aon �írinne ag baint leis.
Níor mhaith liom freastal ar an ollscoil ach ní thuigeann mo thuismitheoirí é sin.
Tá an rang mata an-‐deacair dom ach ceapann an múinteoir go bhfuil mé leisciúil.
Bíonn an-‐bhrú orm aimsir na scrúduithe agus ithim seacláid gan stad gan staonadh
Níl aon chairde agam sa rang Fraincise agus ní maith liom an teanga dá bharr.
Tá spéaclaí móra �ubha agam agus bíonn gach duine ag spochadh asam.
Cluiche teanga: Cleachtadh ar chomhairle a thabhairt.
Sleamhnán 9
Ag tabhairt comhairle cluiche 3
Féach ar na slite éagsúla chun comhairle a thabhairt:
Ba cheart duit …………………………………….. a dhéanamh!
Ba chóir duit …………………………………….. a ithe!
Mholfainn duit labhairt le ……………………………………..!
An modh ordaithe
Téigh… Labhair… Faigh…. Déan…
Ná bac
Ná déan Ná hith Ná glac
Gramadach: an modh ordaitheach. Nathanna úsáideacha chun comhairle a thabhairt.
126
3D. Mo Sheanmháthair: Nótaí an Mhúinteora (dúshlánach)
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Dúshlánach
Spriocanna Cumas tuisceana, scríbhneoireachta, léitheoireachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – an teaghlach
Stór focal An Teaghlach
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar mhír éisteachta atá an-deacair ar fad. Seanbhean atá ag caint ar a saol fadó agus níl caighdeán an taifeadta rómhaith ach an oiread. Chomh maith leis sin ar fad, tá canúint (Uladh) na mná an-láidir ar fad agus labhraíonn sí go gasta. Níor baineadh úsáid as an mír ar mhaithe le ceacht cluastuisceana a dhéanamh ach ar mhaithe le plé a dhéanamh ar chaighdeán agus stíl na Gaeilge ó ghlúin go glúin.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán ard Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin.
Réamhphlé üAn aidhm atá leis an sleamhnán seo ná na daltaí a chur ag caint faoi na daoine fásta atá ina saol agus
an caidreamh atá acu leis na daoine sin. Beidh siad ag obair i mbeirteanna nó i ngrúpaí.
üLéigh a bhfuil ar an sleamhnán leis na foghlaimeoirí le bheith cinnte go dtuigeann siad a bhfuil le déanamh acu.
üIarr ar na daltaí cuid de na rudaí a dúirt siad a rá leat agus d’fhéadfá cúpla rud a deir siad a chur ar an gclár.
RéamhobairüIarr ar gach beirt a bheith ag obair le chéile chun na freagraí cearta a roghnú. Abair leo buille faoi
thuairim a thabhairt mura bhfuil siad cinnte.
üMínigh dóibh go bhfuil cúpla nod ann mura bhfuil na focail ar eolas acu, mar shampla, ag + briathar, an uimhir iolra, cosúlachtaí idir na focail agus araile.
üNuair atá na focail sa chéad dá cholún curtha le chéile acu iarr orthu aon leagan eile a chur ar fáil atá ar eolas acu, sa cholún deireanach.
üPléigh an foclóir leis an rang ar fad tar éis tamaill (féach Freagraí thíos).Pléigh an foclóir leis an rang ar fad tar éis tamaill (féach Freagraí thíos).
ÉisteachtüAbair leis na foghlaimeoirí go mbeidh siad ag éisteacht le mír an-deacair ar fad, gur seanbhean atá ag
caint ar a saol agus ar bhás a máthar. Abair leo gan a bheith buartha mura dtuigeann siad mórán.
üMínigh dóibh go gcaithfidh siad éisteacht leis an mír den chéad uair gan aon rud a scríobh síos fós.
üNuair atá an mhír críochnaithe iarr orthu aon ní a thuig siad a bhreacadh síos agus ansin feiceáil cad a bhí ag an duine in aice leo.
(dúshlánach)
127
üAbair leo ceist 3 agus 4 a phlé ina mbeirteanna ansin.
üPléigh na ceisteanna leis an rang iomlán ansin agus déanaigí plé ar an mír.
üTábhachtach: Má cheapann tú go bhfuil an píosa i bhfad ródheacair ar fad ar fad ní gá aon cheacht cluastuisceana a dhéanamh air. Is féidir an chéad chéim eile amháin a dhéanamh – is é sin, éisteacht leis an mír fad is atá na daltaí ag léamh na scripte. Ceacht ar fheasacht chultúrtha a bheadh i gceist amháin. amháin.
Éisteacht 2üCuir script na míre ar an tréshoilseán nó tabhair cóip deD do gach duine sa rang.
üIarr ar na daltaí an script a léamh a fhad is atá sí á seinm agat.
üTéigh siar ar an script leis an rang iomlán ansin.Téigh siar ar an script leis an rang iomlán ansin.
Plé 1/2/3/4üAbair leis na daltaí go mbeidh siad ag ligean orthu féin go bhfuil saol eile acu – gur daoine eile i
ngrianghraif iad sna blianta atá imithe.
üCuir gach triúr ina suí le chéile agus tabhair grianghraf amháin an duine do gach duine sa ghrúpa. Abair leo anois go gcaithfidh siad ligean orthu féin gur duine sa ghrianghraf iad.
üBíodh an sleamhnán Plé 4 ar an tréshoilseán agat agus téigh siar ar na ceisteanna ar fad. Pléigh freagraí na gceisteanna leo más gá.
üTabhair tamall do na foghlaimeoirí na ceisteanna a chur ar a chéile.
üBí ag siúl timpeall ag cuidiú leo le linn na gníomhaíochta. Bí ag siúl timpeall ag cuidiú leo le linn na gníomhaíochta.
ScríobhüIarr ar na daltaí leath-leathanach a scríobh faoina dteaghlaigh shínte.
Freagraí
Réamhobair
1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15
l g m k b j f o n i a c h e d
128
3D. Mo Sheanmháthair
Sleamhnán 1
Mo sheanmháthair Réamhphlé
Bí ag obair leis na daoine i do ghrúpa agus cuirigí na ceisteanna seo ar a chéile. 1. Cé mhéad seanmháthair nó seanathair atá agat?
2. Cén aois atá ag an duine is sine a bhfuil caidreamh agat leis?
3. An labhraíonn tú faoi gach rud leis an duine sin? Tabhair samplaí.
4. Cén teanga a labhraíonn tú leis an duine sin?
5. An mbaineann an duine sin úsáid as teanga agus foclóir atá beagáinín seanaimseartha, dar leat? Tabhair samplaí.
Obair ghrúpa: plé ar an chaidreamh idir duine óg agus seanduine.
Sleamhnán 2
Mo sheanmháthair Réamhobair
Sula n-‐éisteann tú leis an mír féach ar na focail seo thíos. An féidir leat féin agus an duine in aice leat na focail ar chlé a mheaitseáil leis na focail ar dheis. B’�éidir nach mbeidh na focail ar fad ar eolas agat ach tá cosúlachtaí eatarthu agus beidh sibh in ann buille faoi thuairim a thabhairt.
An Caighdeán Do leagan féin
1. dhá chloigeann déag 2. stócaigh 3. girseacha (í) 4. uilig 5. ar fostú 6. iontach maith 7. chun an bhaile 8. cha/cha/chan 9. fánár gcoinne 10. cha d�ocfadh 11. ag meas 12. achan rud 13. dhath ar bith 14. sa chisteanach 15. i dtólamh
a. ag ceapadh b. fostaithe c. gach rud d. i gcónaí e. sa chis�n f. abhaile g. buachaillí h. faic i. ní féidir j. an-‐mhaith k. ar fad l. dáréag m. cailíní n. ar ár son o. ní / níor
Leagan Ultach
Stórfocal: Comparáid idir focail i gcanúint Uladh agus focail sa chaighdeán
Sleamhnán 3
Mo sheanmháthair Éisteacht 1
Éist le Cáit Uí Fhearraigh (Cit Phroinsias) ag déanamh cur síos ar a teaghlach agus ar bhás a máthar. 1. Éist leis an mír uair amháin tríd síos gan stopadh agus ansin breac síos gach rud a thuig tú tar éis duit éisteacht léi.
2. Cad a bhí ag an duine in aice leat?
3. Is píosa an-‐deacair é seo, cén fáth?
4. Cén fáth a bhfuil sé níos deacra seandaoine a thuiscint ná daoine ar chomhaois leat féin, dar leat?
Tasc éisteachta: Seanbhean ó Thír Chonaill ag caint. Iarrtar ar dhaltaí gach rud a thuig siad a scríobh síos.
Plé oscailte: Dhá cheist ghairid le freagairt.
129
Sleamhnán 4
Mo sheanmháthair Éisteacht 2
Éist leis an mír arís anois agus an script á léamh agat.
Cáit Uí Fhearraigh (Cit Phroinsias) as an Ardaí Bheag, Gort a’ Choirce, Contae Dhún na nGall, ag cur síos ar a hóige.
Dhá chloigeann déag, seisear stócaigh agus seisear girseacha. Bhí teach ceann tuí againn agus leath de ina sclátaí, seomra sclátaí. Seomra amháin síos agus seomra eile suas, bhí muid uilig inár gcónaí ansin.
Cad é faoin chuid eile den teaghlach, an raibh siadsan ar fostú chomh maith nó…?
Bhí, bhí bhuel, bhí an chuid is sine den teaghlach. Bhí mise ar an naoú duine agus mo chuid deartháireacha cuid acu, chuaigh siadsan go hAlbain san am sin agus bhí siad iontach maith. Chuir siad airgead ‘na bhaile chugainn agus bhí m’athair, bhí m’athair, bhí sé iontach maith dúinn, bhí athair iontach maith againn.
Cad é an aois a bhí tú nuair a fuair do mháthair bás, a Chit?
Ceithre bliana déag, bhí mé ar fostú amuigh ar an Lagan agus cha
raibh a �ios agam go raibh sí marbh nó a dhath, agus char chuir siad
fánár gcoinne nó a dhath ar bith. Bhí dhá dheartháir dom amuigh ar
fostú, Seamus agus Eoin, agus sin an t-‐am a bhí na trioblóidí anseo
agus bhí na railleacha tógtha thuas ar na, de na, mar a déarfá, den
railroad agus cha d�ocfadh linn,
Feasacht teanga: Éistear arís leis an script. Téitear siar ar an script le pointí suimiúla a thaispeáint.
Sleamhnán 5
Mo sheanmháthair Éisteacht 3
char chuir siad scéala ar bith nó cha bheadh mé sa bhaile in am le í a
�eiceáil, chan �aca mise mo mháthair marbh riamh.
Cuireadh í, tá mé ag meas, lár an Aibreáin. Agus ansin, ag teacht isteach
ar an traein dom bhí bean (duine de na comharsa) fosta ar an
traein agus chuir sí ceist orm, chuir sí ceist ‘cé mé’ agus achan rud
mar sin agus dúirt sí ‘Arb é tusa ar cuireadh do mháthair? ‘Orú
chan mé’ a dúirt mise, ‘char cuireadh mo mháthair’ a dúirt mise.
‘Smaoineoidh mé anois’ a dúirt sí ‘an bhfuil bean ag d’uncail a
bhfuil Mary uirthi, Mary Colm?’ Agus dúirt mise ‘bhí’. ‘Ah bhuel’ a
dúirt sí, ‘sin an bhean a cuireadh’. But cha d�ocfadh liomsa a stad
a smaoin�ú air, agus ag smaoin�ú agus ag smaoin�ú air. Agus, mo
dheartháir, mheetáil sé mé abhus ag teach Pháidí Éamainn mar a
thug siad san am sin air agus char dhúirt sé dhath ar bith liom
agus char, cibé cén dóigh, bhí mise chomh scaraithe (scanraithe)
agus char chuir mé ceist ar bith air. Ach bhí leaba sa chisteanach
agus i dtólamh bhíodh mo mháthair ina luí sa chisteanach agus
nuair a chuaigh mé go d� an doras chonaic mé nach raibh sí sa
leaba. Bhí a �ios agam ansin go raibh sí marbh.
Feasacht teanga: Éistear arís leis an script. Téitear siar ar an script le pointí suimiúla a thaispeáint.
Sleamhnán 6
Mo sheanmháthair Plé 1
Is tusa an leanbh sa ghrianghraf. An bhliain 1950 atá ann. Féach ar na ceisteanna ar an sleamhnán ‘Plé 4’ agus bí in ann na ceisteanna a �reagairt. Bain úsáid as do shamhlaíocht!
Obair ghrúpa: Plé samhlaíoch le déanamh ar shaol fadó, bunaithe ar thrí ghrianghraf tugtha.
130
Sleamhnán 7
Mo sheanmháthair Plé 2
Is tusa duine de na páis� sa ghrianghraf. An bhliain 1969 atá ann. Féach ar na ceisteanna ar an sleamhnán ‘Plé 4’ agus bí in ann na ceisteanna a �reagairt. Bain úsáid as do shamhlaíocht!
Obair ghrúpa: Plé samhlaíoch le déanamh ar shaol fadó, bunaithe ar thrí ghrianghraf tugtha.
Sleamhnán 8
Mo sheanmháthair Plé 3
Is tusa duine de na páis� sa ghrianghraf. An bhliain 1990 atá ann. Féach ar na ceisteanna ar an sleamhnán ‘Plé 4’ agus bí in ann na ceisteanna a �reagairt. Bain úsáid as do shamhlaíocht!
Obair ghrúpa: Plé samhlaíoch le déanamh ar shaol fadó, bunaithe ar thrí ghrianghraf tugtha.
Sleamhnán 9
Mo sheanmháthair Plé 4
1. Cén aois atá tú sa ghrianghraf agus cén bhliain atá ann?
2. Cé mhéad deirfiúracha agus deartháireacha atá agat? Agus, an bhfuil mórán col ceathracha agus ain�ní agus uncailí agat?
3. Cá bhfuil tú i do chónaí agus cén cineál áite í?
4. Déan cur síos ar do scoil. Cén cineál scoile í agus an bhfuil na múinteoirí atá agat go deas?
5. An mbíonn tú ag cabhrú �mpeall an � sa bhaile? Cad iad na rudaí a bhíonn le déanamh agat?
6. An bhfuil mórán cairde agat? Inis dom faoi do chara is fearr.
Tasc scríofa: Tuairisc le scríobh ar theaghlach sínte an dalta.
131
3E. Mo theaghlach: Nótaí an Mhúinteora (Réasúnta dúshlánach)
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Réasúnta dúshlánach
Spriocanna Cumas tuisceana, scríbhneoireachta, léitheoireachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – mo mhuintir agus mo chairde / mo theaghlach
Stór focal An teaghlach agus ag réiteach le daoine
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna seo oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán réasúnta ard Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin.
Réamhobair 1üAn aidhm atá leis an sleamhnán seo ná go ndíreodh na daltaí ar chruinneas. Cinntigh, mar sin,
go mbeidh siad ábalta a rá i gceart (a) cé mhéad deartháir agus deirfiúr atá acu agus (b) cén áit a dtagann siad sa chlann ag baint an úsáid cheart as an mbriathar Is.
üMuna bhfuil rialacha speisialta ag baint leis na huimhreacha pearsanta i gceantar do scoile, bain úsáid as rialacha an Chaighdeáin atá breá simplí i.e. leanann an uimhir iolra den ainmfhocal na huimhreacha pearsanta (triúr deartháireacha, ceathrar deirfiúracha) seachas i gcás lagiolraí (triúr mac). Leanann séimhiú an focal beirt (beirt mhac) ach amháin i gcás na dentals (beirt deirfiúracha).
Réamhobair 2üBíonn deacrachtaí ag daltaí uaireanta leis an bhfocal ‘bliain’ a chomhaireamh. Abair leo scaoileadh
faoin gcleachtadh agus ceartaigh ansin leo é.
üMínigh dóibh go bhfuil patrún ar leith ag baint leis.
1-2 3-6 7-10
Séimhiú
Aon bhliain
Dhá bhliain
bliana
Trí bliana
Sé bliana
Urú ar ‘bliana’
Seacht mbliana
Deich mbliana.
Réamhobair 3üMínigh do na daltaí cad a bheidh le déanamh acu don chleachtadh seo agus cuir i mbun oibre iad.
D’fhéadfaidís é a dhéanamh mar obair bheirte os ard le chéile nó iad ar fad a scríobh amach ina gcóipleabhar.
üCeartaigh an ghníomhaíocht ansin ag cinntiú go mbeidh an méid a deir na daltaí cruinn.
(Réasúnta dúshlánach)
132
LéamhüAbair leis na daltaí an píosa a deir Róisín a léamh.
üPléigh an píosa leis an rang iomlán ansin agus cabhraigh leo le haon deacrachtaí a bheidh acu leis.Pléigh an píosa leis an rang iomlán ansin agus cabhraigh leo le haon deacrachtaí a bheidh acu leis.
Iarphlé 1üLéigh na ceisteanna atá ar an sleamhnán seo leis an rang ar fad le bheith cinnte go dtuigeann siad
cad a bheidh le déanamh acu.
üCuir gach beirt ag obair le chéile ansin chun na ceisteanna a fhreagairt.
üPléigh a gcuid freagraí mar rang iomlán ansin.Pléigh a gcuid freagraí mar rang iomlán ansin.
Iarphlé 2üCuir gach beirt ag obair le chéile ar an dá ghníomhaíocht atá ar an sleamhnán seo.
üCeartaigh leis an rang ar fad é ansin (féach Freagraí thíos).
üCinntigh go dtuigeann siad go gciallaíonn an focal ‘cúpla’ twin agus ní couple!Cinntigh go dtuigeann siad go gciallaíonn an focal ‘cúpla’
Iarobair 3üCuir gach beirt ag obair ar na nathanna cainte.
üScríobh na leaganacha nua a thabharfaidh siad duit ar an gclár agus cuir leo, más féidir.Scríobh na leaganacha nua a thabharfaidh siad duit ar an gclár agus cuir leo, más féidir.
Iarobair 4üAbair leis na daltaí tabhairt faoi chuid A ar an sleamhnán agus pléigh a gcuid freagraí leo ansin (féach
Freagraí thíos).
üMura bhfuil an rang i gceantar Gaeltachta cuir ar fáil cúpla sampla d’ainmneacha Gaeltachta dóibh (e.g. Johnny Mháirtín Learaí, Seán Phóil Shéamuis, Caitlín Phaddy Beag etc.). Cabhraigh leo ansin a n-ainm Gaeltachta féin a dhéanamh amach.n-ainm Gaeltachta féin a dhéanamh amach.
Iarobair 5üAbair leis na daltaí scaoileadh faoi na ceisteanna ar an sleamhnán seo agus ceartaigh ansin iad (féach
Freagraí thíos). Freagraí thíos).
Iarobair 6üBíodh cóip agat den sleamhnán seo le scaipeadh ar na daltaí. Tabhair seans dóibh an píosa atá air a
léamh agus cabhraigh leo le haon stór focal deacair atá ann.
üPléigh an méid atá sa phíosa mar rang iomlán agus déan iarracht a gcuid tuairimí a fháil faoi.
üPléigh an cheist atá faoi chuid B mar rang iomlán.
133
Iarobair 7üLéigh a bhfuil ar an sleamhnán seo leis an rang ar fad agus cuir ar a súile dóibh nach féidir ‘beirt
(etc.) daoine’ a rá!
Freagraí
Iarobair 2
A:1. How do you get on with one another?: Conas a réitíonn sibh le chéile?
2. Do you get on well with one another?: An réitíonn sibh go maith le chéile?
3. We’re very close: Táimid an-mhór le chéile (ní féidir ‘an-ghar’ ná ‘an-chóngarach’ a úsáid sa chomhthéacs seo).
4. We fight: Bímid i muineál a chéile. / Bímid ag troid.
B:1. first cousin: col ceathrar
2. second cousin: col seisir
3. mother in law: máthair chéile
4. father in law: athair céile
5. godmother: máthair bhaistí
6. godfather: athair baistí
7. twins / half-twin: cúpla / leathchúpla
8. a couple: lánúin
9. adopted: uchtaithe
Iarobair 4Ceist 1: Fíor
Ceist 2: Bréagach
Ceist 3: Fíor (mínigh do na daltaí gur minic anois a choimeádann mná a n-ainmneacha féin nuair a phósann siad nó nach mbacann siad leis an ‘Uí’)
Ceist 4: Bréagach (bíonn sloinnte níos comónta in áiteanna áirithe seachas a chéile).
Iarobair 51. Síle Uí Mhuirí agus Aoife Mhic Giolla Bhríde.
2. Ó Muirí agus Mac Giolla Bhríde.
3. Ní Mhuirí agus Nic Giolla Bhríde.
134
3E. Mo Theaghlach
Sleamhnán 1
1. An féidir leat a rá go cruinn cé mhéad deartháir agus deirfiúr atá agat?
Uaireanta bíonn an úsáid a bhaintear as na huimhreacha pearsanta (beirt, triúr, ceathrar etc.) beagán éagsúil ó Ghaeltacht go Gaeltacht agus sa Chaighdeán. Cinn�gh, mar sin, go bhfuil an méid a deir tú ceart ó thaobh na canúna de nó ó thaobh an Chaighdeáin de. Ná bíodh rud éigin á rá agat nach bhfuil anseo ná ansiúd! 2. An féidir leat a rá go cruinn cén áit a dtagann
tú sa teaghlach? i.e. An duine is sine, an duine sa lár, an duine is óige, páiste aonair agus araile. Beidh an briathar ‘Is’ ag teastáil uait.
Mo theaghlach Réamhobair 1
Cruinneas: Uimhreacha pearsanta. Áit sa teaghlach – is sine, is óige, sa lár.
Sleamhnán 2
Bí ag obair leis an duine in aice leat agus cuirigí an leagan ceart den �ocal ‘bliain’ sna bearnaí. 1. Aon ____________ déag 2. Dhá ____________ déag
3. Trí ____________ déag 4. Ceithre ____________ déag 5. Cúig ____________ déag 6. Sé ____________ déag
7. Seacht ____________ déag 8. Ocht ____________ déag 9. Naoi ____________ déag 10. Fiche ____________
Mo theaghlach Réamhobair 2
Cruinneas: Aoiseanna.
Sleamhnán 3
Lig ort féin gur tusa an duine atá i gceist le ‘Mise’ thíos i ngach cás. Abair cé mhéad deartháir agus deirfiúr atá agat agus cén áit a dtagann tú sa chlann. Bíodh an méid a deir tú cruinn, ceart. 1. Mise: 15, Pádraig: 13, Séamus: 11. 2. Caitríona:17, Mise: 14. 3. Michelle: 18, Sinéad: 16, Mise: 13. 4. Niall: 19, Donncha: 17, Mise: 15, Sorcha:
12, Jimí: 9. 5. Mise: 14.
Mo theaghlach Réamhobair 3
Obair bheirte, tasc labhartha nó obair aonair, tasc scríofa: Aoiseanna agus áit sa chlann.
135
Sleamhnán 4
Tá deartháir amháin ag Róisín Ní Chéileachair ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne. Léigh an cur síos seo a thugann sí ar an gcaidreamh atá eatarthu: An bhfuil deartháireacha agus deirfiúracha agat? Tá deartháir amháin agam. Tá sé níos óige ná mé. Tá sé sa tríú bliain. Agus conas a réi�onn sibh le chéile? Go maith, is dócha, ach uaireanta déanaimse rud éigin nó déanann sé sin rud éigin agus bímid i muineál a chéile. Conas a réi�gh sibh le chéile nuair a bhí sibh beag? Ó nuair a bhíomar beag bhí gach rud go breá. Ní chuirimis isteach ar a chéile go deo. Bhíomar an-‐mhór le chéile nuair a bhíomar óg. Cathain a d’athraigh rudaí ansin? Is dócha nuair a tháinig mé go d� an mheánscoil. Ní rabhamar chomh mór le chéile ansin is a bhíomar nuair a bhíomar níos óige. Agus ansin, is dócha nach raibh puinn ama againn dá chéile. D’athraigh rudaí an uair sin.
Mo theaghlach Léamh
Tasc léitheoireachta: Cailín ag caint faoina caidreamh lena deartháir.
Sleamhnán 5
Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat: 1. An bhfuil deartháireacha agus
deirfiúracha agat? 2. An réi�onn sibh go maith le chéile na
laethanta seo? 3. An bhfuil suim agaibh sna rudaí céanna?
Cén cineál rudaí a thaitníonn leo siúd (ceol, cláracha teili�se, caitheamh aimsire)?
4. An bhfuil dealramh agat le do dheartháireacha / deirfiúracha?
5. An tusa an duine is sine nó an duine is óige? Cé acu is fearr, dar leat?
Mo theaghlach Iarphlé 1
Obair bheirte: ag caint faoin chlann.
Sleamhnán 6
A: Gan féachaint siar ar an bpíosa a bhí le rá ag Róisín, an féidir leat na rudaí seo a leanas a rá as Gaeilge? Scríobh síos i do chóipleabhar iad.
1. How do you get on with one another? 2. Do you get on well with one another? 3. We’re very close. 4. We fight.
B: Cuir Gaeilge ar na focail seo:
1. first cousin: _______________________ 2. second cousin: _______________________ 3. mother in law: _______________________ 4. father in law: _______________________ 5. godmother: _______________________ 6. godfather: _______________________ 7. twins / half-‐twin: _______________________ 8. a couple: _______________________ 9. adopted: _______________________
Mo theaghlach Iarobair 2
Stór focal: nathanna le haistriú ó Bhéarla go Gaeilge.
136
Sleamhnán 7
Féach ar na nathanna cainte seo a úsáidtear chun cur síos ar chaidrimh. An dtuigeann tú iad ar fad? An féidir leat cur leis an liosta tú féin? Bímid i muineál a chéile. Bímid ag achrann. Éiríonn troideanna eadrainn. Bíonn sé/sí ag scéachtaint
(sceitheadh) orm go d� Mam is Daid.
Cuirimid isteach go mór ar a chéile. Réi�mid go breá. Táimid an-‐mhór le chéile. Ní chuirimid isteach ná amach ar a
chéile.
Mo theaghlach Iarobair 3
Saibhriú teanga: nathanna Gaeilge faoi réiteach le daoine.
Sleamhnán 8
Tá córas speisialta in Éirinn ann do shloinnte. Is córas é atá in úsáid leis na mílte bliain. A: Tugann sloinnte Éireannacha eolas dúinn faoin duine. Féach ar na rái�s thíos agus abair an bhfuil siad �or nó bréagach. 1. Bíonn a �ios againn ón sloinne pé acu an bean nó fear atá i gceist. FÍOR nó BRÉAGACH 2. Bíonn a �ios againn ón sloinne pé acu an bhfuil an fear pósta nó nach bhfuil. FÍOR nó BRÉAGACH 3. Bíonn a �ios againn ón sloinne pé acu an bhfuil an bhean pósta nó nach bhfuil. FÍOR nó BRÉAGACH 4. Bíonn na sloinnte céanna le fáil i ngach áit sa �r. FÍOR nó BRÉAGACH B: Úsáidtear córas speisialta ainmnithe sa Ghaeltacht – in ionad sloinne an duine a úsáid, úsáidtear ainm baiste a athar (nó uaireanta a mháthar). Pléigh é seo leis an duine in aice leat agus (i) smaoinígí ar shamplaí ó bhur gceantar féin (má tá sibh in bhur gcónaí sa Ghaeltacht) agus (ii) déanaigí amach cén t-‐ainm Gaeltachta atá/a bheadh ort féin!
Mo theaghlach Iarobair 4
Feasacht teanga, obair bheirte: Sloinnte na hÉireann. Nósanna Gaeltachta.
Sleamhnán 9
Féach ar an dá lánúin phósta agus freagair na ceisteanna:
Síle Ní Chonchúir agus Aodán Ó Muirí
Aoife Nic Craith & Seamus Mac Giolla Bhríde
1. Cén sloinne atá ar Shíle agus ar Aoife anois agus iad pósta? 2. Cén sloinne a bheadh ar mhic na lánúineacha? 3. Cén sloinne a bheadh ar iníonacha na lánúineacha? 4. Cén sloinne atá ort féin? An mbaineann tú úsáid as do shloinne i nGaeilge nó i mBéarla, cén fáth?
Mo theaghlach Iarobair 5
Tasc scríofa: Ceisteanna bunaithe ar thuiscint na ndaltaí ar shloinnte i nGaeilge.
137
Sleamhnán 10
D’ainm as Gaeilge A: Léigh an píosa gearr seo agus déan nóta de na focail nach
dtuigeann tú. Fadó, ní bhíodh cead ag muintir na Gaeltachta a n-‐ainm a thabhairt as Gaeilge le haghaidh aon ghnó oifigiúil. Bhíodh dualgas orthu an leagan Béarla dá sloinne a chur ar theastas breithe a leanaí, mar shampla, agus ar cháipéisí a bhain le húinéireacht tí – aon rud oifigiúil agus dlíthiúil. Deirtí le muintir na Gaeltachta a d’insíodh a n-‐ainm as Gaeilge, rudaí ar nós “You must put your name in English. This is an official document.” Tháinig athrú ar an riail sin de réir a chéile ach thóg sé tamall fada ar oifigigh rialtais a meon a athrú. Fiú sa lá atá inniu ann, cloisfidh tú oifigigh ag rá rudaí cosúil le ‘What’s that in English?” nó “The computer can’t do fadas.” Tá an drochnós sin ag laghdú i gcónaí a bhuíochas do chúrsaí traenála agus feasachta atá déanta le daoine atá ag obair san Earnáil Phoiblí. B: Pléigh an cheist seo leis an duine in aice leat. An mbíonn deacrachtaí agatsa riamh nuair a úsáideann tú do shloinne i nGaeilge? Tabhair samplaí.
Mo theaghlach Iarobair 6
Tasc léitheoireachta: Alt faoin chosc a bhíodh ar shloinnte i nGaeilge.
Plé oscailte: faoin alt.
Obair bheirte: plé ar dheacrachtaí a bhí(onn) ag daltaí lena na-ainm i nGaeilge.
Sleamhnán 11
Earráid chomónta! Uaireanta cloiseann tú foghlaimeoirí Gaeilge ag rá rudaí cosúil le *‘beirt dhaoine’ nó *‘ceathrar daoine’. Tá sé sin mícheart – is dócha gur aistriúchán díreach ón mBéarla is cúis leis an earráid. Ná déan dearmad go gciallaíonn an focal beirt two people agus triúr three people agus mar sin de. Dá bhrí sin, ní féidir an focal ‘daoine’ a úsáid leis na huimhreacha pearsanta. Is féidir, áfach, an cineál duine atá i gceist a lua. Mar shampla:
triúr daltaí ceathrar dochtúirí seisear peileadóirí
Mo theaghlach Iarobair 7
Feasacht teanga, cruinneas: botún comónta – “beirt daoine”.
138
3F. Tréithe Daoine: Nótaí an Mhúinteora (Réasúnta dúshlánach)
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Réasúnta dúshlánach
Spriocanna Cumas tuisceana, scríbhneoireachta, léitheoireachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – mo mhuintir agus mo chairde / tréithe daoine
Stór focal Tréithe daoine
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar mhír éisteachta ina bhfuil dalta ag caint ar a cara is fearr. Canúint Uladh atá i gceist sa mhír.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán réasúnta ard Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin.
Cluiche 1/2üMínigh do na daltaí go mbeidh siad ag cur na dtréithe cuí leis na sainmhínithe cearta.
üBíodh an sleamhnán cluiche 1 ar an tréshoilseán agat.
üBíodh na sainmhínithe gearrtha suas agat agus curtha i gclúdach litreach. Tabhair clúdach litreach do gach beirt.
üMínigh dóibh go gcaithfidh gach beirt an tréith cheart a mheaitseáil leis an sainmhíniú cuí.
üAbair leo gur comórtas atá ann agus gurb é an chéad bheirt a chríochnaíonn ar dtús na buaiteoirí. Bí cinnte go bhfuil na freagraí cearta acu. (féach Freagraí thíos).
RéamhphléüLéigh tríd na ceisteanna ar an sleamhnán leis na daltaí agus téigh siar ar na rialacha a bhaineann leis
an gcineál seo ceiste agus an chopail:
An duine sotalach tú? Is ea nó Ní hea.
üCaithfidh gach dalta ceithre thréith ón sleamhnán deireanach a roghnú atá fíor fúthu féin. Caithfidh siad ansin an cheist thuas a chur ar an duine in aice leo go dtí go n-aimsíonn siad na tréithe atá ag an duine eile.
üPléigh na ceisteanna leis an rang ar fad.Pléigh na ceisteanna leis an rang ar fad.
ÉisteachtüTabhair tamall do na daltaí machnamh a dhéanamh ar na focail sa chroí. Pléigh leo ansin iad.
üLéigh na ceisteanna don chleachtadh éisteachta leis an rang ar fad sula gcuireann tú an mhír ar siúl ionas go mbeidh a fhios acu cén freagraí a bheidh á lorg acu agus iad ag éisteacht.
üMás féidir, fág na ceisteanna thuas ar an scáileán an fhaid is atá an mhír á seinm.
üPléigh freagraí na gceisteanna leis an rang ar fad ag an deireadh.
(Réasúnta dúshlánach)
139
Éisteacht 2üPléigh na nathanna leis an rang ar fad.
üTéigh siar ar na leaganacha atá acu féin ar na nathanna atá ar an sleamhnán.
üCuir ceisteanna ar fhoghlaimeoirí éagsúla cé hiad na daoine a bhfuil siad mór leo agus cad a chuireann olc orthu. chuireann olc orthu.
Iarphlé 1üLéigh na treoracha agus na pointí ar fad atá ar an sleamhnán agus bí cinnte go dtuigeann na daltaí
cad atá le déanamh acu.
üIarr orthu na pointí a chur in ord tábhachta iad féin ar dtús agus ansin abair leo labhairt leis an duine in aice leo le fáil amach an raibh an dearcadh céanna acu.
üPléigh na pointí leis an rang ar fad tar éis tamaill. Pléigh na pointí leis an rang ar fad tar éis tamaill.
Iarphlé 2üLéigh na ceisteanna ar fad atá ar an sleamhnán leis an rang agus bí cinnte go dtuigeann na daltaí cad
atá le déanamh acu.
üTabhair deis dóibh freagraí na gceisteanna a ullmhú agus bí ag siúl timpeall chun cuidiú leo más gá.
üNuair atá tamall caite acu ag ullmhú iarr ar gach beirt na ceisteanna a chur ar a chéile.
üCuir ceisteanna éagsúla ar dhaltaí difriúla.
üScríobh aon stór focal nua a thagann aníos ar an gclár bán. Scríobh aon stór focal nua a thagann aníos ar an gclár bán.
Iarphlé 3üIs gníomhaíocht é seo le dul siar ar a bhfuil déanta sa rang go dtí seo.
üCaithfidh na daltaí, ina mbeirteanna nó i ngrúpaí beaga, cur síos a dhéanamh ar phearsantachtaí na ndaoine cáiliúla ar an sleamhnán. Níl ann ach a dtuairimí ar ndóigh.
üPléigh na tuairimí atá ag na foghlaimeoirí.
Freagraí
Cluiche 1/2
Is maith le Síle a bhfuil aici a roinnt le daoine eile (1)
Ní maith le Pól airgead a chaitheamh (2)
Tuigeann Máire gur duine cumasach í (3)
Bíonn Seán ag smaoineamh air féin i gcónaí (4)
Is cainteoir breá é Tom agus tá sé go maith ag díospóireacht (5)
Creideann Siobhán go bhfuil sí níos fearr ná daoine eile (6)
Is duine an-deas é Cian, caitheann sé go maith le daoine i gcónaí (7)
Ní maith le Fiona aon obair a dhéanamh (8)
Nuair is mian le hAoife rud a dhéanamh déanfaidh sí é is cuma cad a tharlóidh (9)
Deir Pádraig rudaí nach mbíonn go deas go minic (10)
Is cara an-mhaith í Niamh, seasfaidh sí leat i gcónaí (11)
Tuigeann Ian gach rud go héasca ar an scoil gan aon stró (12)
Ní chuireann aon ní isteach nó amach ar Bhríd (13)
Deir Laura ‘háigh’ le gach duine i gcónaí (14)
Insíonn Fionn an fhírinne i gcónaí (15)
Cuireann a ndeir daoine fúithi isteach ar Nuala go héasca (16)
140
3F. Tréithe daoine
Sleamhnán 1
Tréithe daoine cluiche 1
1. Flaithiúil 2. Suarach
3. Féinmhuiníneach 4. Leithleasach 5. Deisbhéalach
6. Sotalach 7. Cineálta / Cneasta
8. Leisciúil 9. Ceanndána
10. Searbhasach 11. Dílis
12. Cliste 13. Réchúiseach
14. Cairdiúil 15. Macánta / Ionraic
16. Goilliúnach
Cluiche foclóra: Tréithe daoine agus sainmhínithe.
Sleamhnán 2
Tréithe daoine cluiche 2
Is maith le Síle a bhfuil aici a roinnt le daoine eile
Ní maith le Pól airgead a chaitheamh
Tuigeann Máire gur duine cumasach í
Bíonn Seán ag smaoineamh air féin i gcónaí
Is cainteoir breá é Tom agus tá sé go maith ag díospóireacht
Creideann Siobhán go bhfuil sí níos fearr ná daoine eile
Is duine an-‐deas é Cian, caitheann sé go maith le daoine i gcónaí
Ní maith le Fiona aon obair a dhéanamh
Nuair is mian le hAoife rud a dhéanamh déanfaidh sí é is cuma cad a tharlóidh
Deir Pádraig rudaí nach mbíonn go deas go minic
Is cara an-‐mhaith í Niamh, seasfaidh sí leat i gcónaí
Tuigeann Ian gach rud go héasca ar an scoil gan aon stró
Ní chuireann aon ní isteach nó amach ar Bhríd
Deir Laura ‘háigh’ le gach duine i gcónaí
Insíonn Fionn an �írinne i gcónaí
Cuireann a ndeir daoine fúithi isteach ar Nuala go héasca
Cluiche foclóra: Tréithe daoine agus sainmhínithe.
Sleamhnán 3
Tréithe daoine Réamhphlé
1. Roghnaigh ceithre thréith ó na tréithe atá díreach
pléite agat atá �or fút féin agus scríobh síos i do chóipleabhar iad. Ná lig don duine in aice leat iad a �eiceáil, tá seisean ag déanamh amhlaidh.
2. Caithfidh sibh an cheist thíos a chur ar a chéile go d� go bhfuil na ceithre thréith faighte agaibh:
An duine _________________ tú?
3. Ní féidir ach an freagra gonta a thabhairt, an bhfuil a
�ios agat cad é?
4. Is é an duine a aimsíonn na ceithre thréith ar dtús an buaiteoir.
5. An síleann tú go bhfuil na tréithe a roghnaigh an duine in aice leat �or faoi? Cén fáth?
Cruinneas: An duine ____ tú? Is ea / Ní hea.
141
Sleamhnán 4
Tréithe daoine Éisteacht 1
An dtuigeann tú na focail seo? Cén leagan atá agat féin?
Mór le chéile, díspeagadh , d’aon ghnó, féith ghrinn, mo dhalta féin
Éist le Deirdre ag déanamh cur síos ar a cara is fearr anois agus freagair na ceisteanna thíos: 1. Cad is ainm do chara Dheirdre agus an gcaitheann siad mórán ama le chéile?
2. An bhfuil siad ag déanamh na n-‐ábhar céanna ar an scoil? Mínigh.
3. Cén fáth nach maith le daoine áirithe Máire?
4. Cad iad na tréithe dearfacha atá aici?
5. Cad iad na tréithe diúltacha atá aici?
Stór focal: caidreamh le daoine.
Tasc éisteachta: le ceisteanna simplí
Sleamhnán 5
Tréithe daoine Éisteacht 2
Féach ar an nath cainte seo a bhí sa mhír:
a bheith mór le duine An raibh sé ar eolas agat? An féidir leat féin agus an duine in aice leat smaoineamh ar shlite eile chun é a rá? Féach ar an nath seo anois:
ag cur olc ar dhuine An féidir leat féin agus an duine in aice leat smaoineamh ar shlite eile chun é a rá?
Saibhriú teanga: nathanna
Sleamhnán 6
Tréithe daoine Iarphlé 1
Féach ar na habair� seo thíos faoi na nithe a dhéanann cara maith agus cuir in ord tábhachta iad trí uimhir 1 a chur in aice leis an abairt a cheapann tusa atá tábhachtach ó thaobh cairdis de. Ansin cuir uimhir a dó in aice leis an gcéad abairt eile agus ar aghaidh mar sin go d� uimhir a deich.
Déanann sé/sí m’obair bhaile dom.
Éisteann sé/sí le mo chuid fadhbanna ar fad.
Is duine an-‐phrai�ciúil é/í.
Tá sé/sí an-‐saibhir.
Is breá leis/léi an ceol céanna liomsa.
Bíonn an-‐chraic againn le chéile.
Tá sé/sí an-‐dathúil.
Aontaíonn sé/sí le gach rud a deirim.
Tá aithne againn ar a chéile ó bhí muid bliain d’aois.
Is duine an-‐chliste é/í. Anois, labhair leis an duine in aice leat. An bhfuil an dearcadh (outlook) céanna agaibh ar cad is cara maith ann?
Obair aonair/bheirte: tréithe cara
142
Sleamhnán 7
Tréithe daoine Iarphlé 2
Cuir na ceisteanna seo ar an duine in aice leat faoi chara éigin dá c(h)uid. Bí in ann freagraí a thabhairt ar na ceisteanna tú féin mar beidh sé ag cur na gceisteanna ortsa chomh maith. 1. Cad is ainm dó/di? Cá bhfuil sé/sí ina c(h)ónaí?
2. Cad iad na dea-‐thréithe atá aige/aici? Tabhair samplaí.
3. An bhfuil aon tréith nach maith leat faoi/fúithi? Mínigh.
4. Cad a dhéanann sibh nuair a bhíonn am saor agaibh?
5. Cén chuma atá air/uirthi?
6. Cé chomh fada is atá sibh mór le chéile?
7. Ar chuir sé/sí olc ort riamh? Mínigh.
8. Déan cur síos ar an gcéad uair a chas sibh le chéile.
Obair bheirte, tasc labhartha: do chara is fearr.
Sleamhnán 8
Tréithe daoine Iarphlé 3
Bí ag obair leis na daoine eile i do ghrúpa. Cad iad na tréithe atá ag na daoine cáiliúla seo, dar libh? Bígí in ann a rá cén fáth a gceapann sibh amhlaidh.
Obair bheirte/ghrúpa: tréithe daoine cáiliúla
143
3G. Tuismitheoirí bochta: Nótaí an Mhúinteora (Réasúnta dúshlánach)
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Réasúnta dúshlánach
Spriocanna Cumas tuisceana, scríbhneoireachta, léitheoireachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – mo mhuintir agus mo chairde / tuismitheoirí agus déagóirí
Stór focal Saol an teaghlaigh
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar alt ar líne ag an seoladh seo: http://www.debretts.com/etiquette/home-life/the-family/teenagers/family-life-with-a-teen.aspx.
Aistríodh go Gaeilge é agus cuireadh in oiriúint é.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán réasúnta ard Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin.
RéamhobairüLéigh a bhfuil ar an sleamhnán seo leis an rang ar fad agus ansin cuir na daltaí ag obair le chéile ina
mbeirteanna chun ceist 1 agus 2 a fhreagairt.
üPléigh na freagraí a bheidh acu mar rang iomlán agus cuir aon stór focal úsáideach / nua ar an gclár.
LéamhüBa cheart go mbeadh cóip phriontáilte den alt ag gach dalta. Cuir i mbun léitheoireachta iad ina
mbeirteanna.
üPléigh an t-alt leis an rang iomlán ansin agus cabhraigh leo le haon deacrachtaí a bheidh acu leis.Pléigh an t-alt leis an rang iomlán ansin agus cabhraigh leo le haon deacrachtaí a bheidh acu leis.
Iarphlé 1üLéigh na ceisteanna atá ar an sleamhnán seo leis an rang ar fad le bheith cinnte go dtuigeann siad
cad a bheidh le déanamh acu.
üCuir gach beirt ag obair le chéile ansin chun na ceisteanna a fhreagairt.
üPléigh a gcuid tuairimí mar rang iomlán ansin.Pléigh a gcuid tuairimí mar rang iomlán ansin.
Iarphlé 2üLéigh a bhfuil ar an sleamhnán seo leis an rang agus cinntigh go dtuigeann siad an earráid chomónta
atá air agus conas é a sheachaint.
üFéadfaidh na daltaí tabhairt faoin gcleachtadh ansin. Ceartaigh leis an rang ar fad é ansin (féach Freagraí thíos) agus abair leo go mbeidh cluas le héisteacht ort don earráid sin agus go gceartóidh tú aon sampla de a chloisfidh tú!
(Réasúnta dúshlánach)
144
Scríobh üLéigh a bhfuil ar an sleamhnán seo leis an rang ar fad le go dtuigfidh siad go díreach cad a bheidh le
déanamh acu.
üAbair leo tabhairt faoin litir a scríobh ina gcóipleabhar ansin. Bí ar fáil chun cabhrú nuair is gá.
Freagraí
Iarphlé 2 5. I’m getting it: Táim á fháil.
6. I’m eating it: Táim á ithe.
7. Are you drinking that? An bhfuil tú á ól sin?
8. He was reading it: Bhí sé á leamh.
9. Are you keeping that? An bhfuil tú á choimeád sin?
10. They were hitting him: Bhí siad / Bhíodar á bhualadh
11. They were throwing it around: Bhí siad / bhíodar á chaitheamh timpeall na háite
12. Are you writing it down? An bhfuil tú á scríobh síos?
13. He was cleaning it: Bhí sé á ghlanadh.
14. Sinéad wasn’t driving it: Ní raibh Sinéad á thiomáint.
145
3G. Tuismitheoirí Bochta
Sleamhnán 1
I gceann tamaill, beidh tú ag léamh ailt ina dtugtar comhairle do thuismitheoirí a bhfuil déagóirí acu. Sula léann tú an t-‐alt déan liosta de: 1. Cúig rud faoi iompar déagóirí a shíleann tusa a chuireann isteach ar thuismitheoirí.
2. Cúig rud a chuireann isteach ar dhéagóirí faoi iompar a dtuismitheoirí.
Tuismitheoirí bochta! Réamhobair
Obair aonair, obair scríofa: iompar déagóirí agus iompar tuismitheoirí agus conas a chuireann an iompar sin isteach ar a chéile.
Sleamhnán 2
Nach mbíonn fonn ar gach tuismitheoir éirí as saol an teaghlaigh uaireanta? Nárbh �earr linn anois agus arís, ár ndéagóirí a �ágáil caite ina seomraí lena ríomhairí, fóin phóca, DVDanna agus boscaí pizza, go háirithe nuair a bhíonn siad ár gcrá? Ach ná déan é sin nó ceapfaidh siad gur mar sin ba cheart don saol a bheith agus beidh deireadh leis an saol teaghlaigh agaibh sa bhaile. Braithfidh an déagóir go bhfuiltear á chaitheamh ar leataobh – fiú más é a iompar féin ba chúis leis – agus beidh sibh ar fad cráite lena chéile. Ionas nach rachaidh tú as do mheabhair i do theach féin: 1. Ith béile amháin le chéile gach lá, gach duine sa teaghlach. B’�éidir nach mbeadh comhrá iontach ann, agus b’�éidir go mbeadh easaontas ann, ach ar a laghad bheadh sibh ar fad le chéile. 2. Más féidir, eagraigh rud amháin don chlann le déanamh le chéile ar a laghad uair sa tseachtain – béile áit éigin, turas go d� an phic�úrlann, siopadóireacht, cluiche spóirt éigin. Ba cheart iarracht a dhéanamh taitneamh a bhaint as comhluadar a chéile. B’�éidir go gcuirfeadh do dhéagóirí i gcoinne na bpleananna seo, ach ái�gh orthu – mura bhfuil sibh á dhéanamh ach uair sa tseachtain ní mór an trioblóid orthu é sin.
Tuismitheoirí bochta! Léamh
Tasc léitheoireachta: Comhairle do thuismitheoirí conas plé le déagóirí.
Sleamhnán 3
3. Abair le do dhéagóirí cabhrú le jabanna beaga �mpeall an � – na gréithe a ní, an bord a leagadh, an níochán a chrochadh amach etc. Is traenáil mhaith atá ann i gcomhair an lae a �ágfaidh siad an baile agus uaireanta is féidir comhrá réasúnta maith a bheith agat leo agus tú ag ní na ngréithe.
4. Ná héirigh as a bheith ag labhairt le do dhéagóirí. Is minic tuismitheoirí ag gearán go mbíonn déagóirí rúnda agus nach labhraíonn siad faoina saol, ach go minic ní bhíonn na tuismitheoirí céanna ag labhairt lena ndéagóirí faoina saol féin. Inis dóibh faoi do lá, inis na scéalta dóibh faoi cad a thit amach san oifig, bí ag tabhairt amach beagán faoi do chomhghleacaithe. Bainfidh do dhéagóirí sásamh as comhrá fásta (ach ná cuir aon imní orthu faoi rudaí dáiríre -‐ sláinte, airgead etc.)
5. Má bhíonn cabhair uait abair é sin le do dhéagóirí. Má tá tú trína chéile tar éis lá gnóthach san obair, lorg cabhair (na glasraí a ghearradh, dul go d� an siopa). Ná lig ort féin gur ‘superwoman’ nó ‘superman’ tú.
Comhairle ón suíomh idirlín www.debre�s.com
Tuismitheoirí bochta! Léamh
Tasc léitheoireachta: Comhairle do thuismitheoirí conas plé le déagóirí.
146
Sleamhnán 4
Freagair féin agus an duine in aice leat na ceisteanna seo le chéile: 1. Tá cúig phíosa comhairle sa alt do thuismitheoirí atá ag iarraidh saol deas teaghlaigh a bheith acu lena gclann. Pléigh gach píosa comhairle leis an duine in aice leat – an comhairle mhaith atá ann nó nach ea? Tabhair cúiseanna. 2. An dóigh leat go dtaitneodh sé le déagóirí dá gcuirfeadh tuismitheoirí an chomhairle ar fad atá san alt i bhfeidhm? Cén fáth? 3. Cén chomhairle eile a chuirfeadh sibhse ar thuismitheoirí? Déan liosta de 3 rud.
Tuismitheoirí bochta! Iarphlé 1
Obair bheirte, tasc labhartha: Plé le déanamh ar ar léigh siad faoi thuismitheoirí agus déagóirí.
Sleamhnán 5
Earráid chomónta! Féach ar an abairt seo ón alt a léigh tú ó chianaibh: “mura bhfuil sibh á dhéanamh ach uair sa tseachtain ní mór an trioblóid orthu é sin.” Is minic a deir foghlaimeoirí Gaeilge *ag déanamh é in ionad á dhéanamh. Is earráid chomónta í sin. Cuir Gaeilge ar na frásaí seo agus seachain an earráid chomónta! 1. I’m ge�ng it: _________________ 2. I’m ea�ng it: _________________ 3. Are you drinking that? _________________ 4. He was reading it: _________________ 5. Are you keeping that? _________________ 6. They were hi�ng him: _________________ 7. They were throwing it around: _________________ 8. Are you wri�ng it down? _______________ 9. He was cleaning it: _________________ 10. Sinéad wasn’t driving it: _________________
Tuismitheoirí bochta! Iarphlé 2
Cruinneas: Earráid chomónta – á dhéanamh, á chur, á bhualadh agus araile.
Sleamhnán 6
Tá tú ag obair do pháipéar nuachta mar chomhairleoir chroí cráite. Tabhair freagra ar an li�r seo a tháinig ó thuismitheoir i bponc!
“Táim cráite ag mo mhac na laethanta seo. Bhímis
an-‐mhór le chéile nuair a bhí sé níos óige. Deireadh
sé gach rud liom agus bhíodh craic agus gáire againn
le chéile go minic. Anois ní deir sé aon rud liom
faoina shaol ar scoil ná faoina chairde agus táim
buartha ar eagla go mbeadh fadhbanna aige agus
nach mbeadh a �hios agam cad iad. Caitheann sé a
chuid ama ar an ríomhaire nó ina sheomra agus
bíonn sé crosta liom nuair a dhéanaim iarracht
labhairt leis. Cad a dhéanfaidh mé?” Tuismitheoir cráite, Cúige Laighean.
Tuismitheoirí bochta! Scríobh
Obair aonair, tasc scríofa: Litir le scríobh ag tabhairt comhairle do thuismitheoir atá buartha faoina mhac.
147
Fócas ar theanga An Tuiseal Gairmeach: Nótaí an Mhúinteora
Leibhéal An Teastas Sóisearach
Spriocanna An tuiseal gairmeach a chur i láthair na ndaltaí
Stór focal Ginearálta
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Moltar na bileoga a úsáid leis na gníomhaíochtaí faoi Ag cur aithne ar dhaoine, Aonad 3 (Mo mhuintir agus mo chairde).
Níl anseo ach léargas ginearálta ar an tuiseal gairmeach. Ní dhéantar staidéar anseo ar an uimhir iolra nó ar na díochlaontaí ar fad.
Léigh na treoracha leis na daltaí agus tabhair an oiread samplaí breise agus is gá go dtí go dtuigeann na daltaí cad atá i gceist leis an tuiseal gairmeach.
148
Fócas ar Theanga: An tuiseal gairmeach
Sleamhnán 1
An Tuiseal Gairmeach Sula bpléifimid an tuiseal gairmeach déan na
ceisteanna seo leis an duine in aice leat: 1. Cén rud é tuiseal? 2. An mbaineann na tuisil leis an ainm�ocal
amháin? 3. An mbaineann na tuisil leis an nGaeilge
amháin?
Tabhair sampla do gach tuiseal:
An tuiseal ainmneach An tuiseal tabharthach An tuiseal gairmeach An tuiseal ginideach
Obair bheirte, tasc labhartha: na tuisil sa Ghaeilge a phlé.
Sleamhnán 2
An Tuiseal Gairmeach
An raibh an ceart agaibh? 1. Is éard is tuiseal ann ná an t-‐athrú a thagann ar
ainm�ocal ag brath ar na focail eile atá �mpeall air.
2. Athraíonn focail eile chomh maith i.e. aidiachtaí ach ní tuiseal atá i gceist ansin. Ní bhaineann tuisil ach amháin le hainm�ocail.
3. Tá tuisil in a lán teangacha ar fud an domhain, mar shampla, san Fhionlainnis agus sa Ghréigis. Bhíodh tuisil ann fadó sa Bhéarla ach níl níos mó.
An tuiseal ainmneach -‐ an bord, an t-‐uisce An tuiseal tabharthach -‐ ar an mbord, ar an uisce An tuiseal gairmeach -‐ a Phádraig, a Shíle An tuiseal ginideach -‐ dath an bhoird, méid an uisce
Feasacht teanga: míniú ar na tuisil.
Sleamhnán 3
An Tuiseal Gairmeach
Baintear úsáid as an tuiseal gairmeach nuair a ghlaoitear ar dhuine i nGaeilge. Seo thíos cúpla nód chun cuidiú leat an tuiseal gairmeach a úsáid!
Cuirtear ‘a’ roimh an ainm: a Sheáin, a Phádraig, a Shiobhán, a Bhríd
Cuirtear séimhiú ar an ainm: a Sheáin, a Phádraig, a Shiobhán, a Bhríd
Is minic ainmneacha fear a bheith firinscneach agus mar sin críochnaíonn siad go minic le consan leathan – más ea is gá an t-‐ainm a dhéanamh caol: a Sheáin, a Phádraig, a Shiobhán, a Bhríd
Is minic ainmneacha ban a bheith caol agus ní gá iad a chaolú mar sin: a Sheáin, a Phádraig, a Shiobhán, a Bhríd
Ach fiú má tá an t-‐ainm mná leathan ní chaolaítear é: a Sheáin, a Phádraig, a Shiobhán, a Bhríd
Feasacht teanga: an tuiseal gairmeach
149
Fócas ar theanga An Modh Ordaitheach: Nótaí an Mhúinteora
Leibhéal An Teastas Sóisearach
Spriocanna Rialacha don mhodh ordaitheach a mhúineadh do na foghlaimeoirí
Stór focal Ginearálta
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Moltar na bileoga a úsáid leis na gníomhaíochtaí faoi Ag Tabhairt Comhairle, Aonad 3 (Mo chairde agus mo mhuintir). Léigh na treoracha leis na daltaí agus tabhair an oiread samplaí breise agus is gá go dtí go dtuigeann na daltaí na rialacha faoin modh ordaitheach. Dírigh aird na bhfoghlaimeoirí ar an aidiacht shealbhach freisin.
Freagraí
An Modh Ordaitheach 4Bígí ciúin / ná bígí ciúin / ná bí ciúin
Ithigí bhur ndinnéar / ná hithigí bhur ndinnéar / ná hith do dhinnéar
Déanaigí bhur n-obair bhaile / ná déanaigí bhur n-obair bhaile / ná déan d’obair bhaile
Téigí amach ag siúl / ná téigí amach ag siúl / ná téigh amach ag siúl
Faighigí cupán tae dom / ná faighigí cupán tae dom / ná faigh cupán tae dom
Cuirigí glao ar an duine sin / ná cuirigí glao ar an duine sin / ná cuir glao ar an duine sin
Féachaigí amach an fhuinneog / ná féachaigí amach an fhuinneog / féach amach an fhuinneog
Bailígí bhur gcuid leabhar le chéile / ná bailígí bhur gcuid leabhar le chéile / ná bailigh do chuid leabhar le chéile
Ceannaígí an páipéar nuachta dom / ná ceannaígí an páipéar nuachta dom / ná ceannaigh an páipéar nuachta dom
Suígí síos / ná suígí síos / ná suigh síos
Seasaigí suas / ná seasaigí suas / ná seas suas
*Féach leathanach 71 – 73 sa leabhar Cogar Nua
150
Fócas ar Theanga: An Modh Ordaitheach
Sleamhnán 1
Tá sé chomh simplí ordú a thabhairt do dhuine amháin sa Ghaeilge. Níl le déanamh ach fréamh an bhriathair a úsáid, féach:
Bí ciúin Ith do dhinnéar!
Déan d’obair bhaile! Téigh amach ag siúl! Faigh cupán tae dom!
Cuir glao ar an duine sin! Féach amach an �uinneog!
Bailigh do chuid leabhar le chéile! Ceannaigh an páipéar nuachta dom!
Suigh síos! Seas suas!
Bí cúramach áfach, ní féidir leat orduithe mar sin a thabhairt do do mhúinteoir nó do do thuismitheoirí nó do dhuine nach bhfuil aithne rómhaith agat air. Baintear úsáid as an gcineál sin cainte le duine níos óige ná thú nó le do chuid cairde. Agus, má thugtar na horduithe ar bhealach an-‐bhorb is cosúil gur duine an-‐chrosta thú!
An Modh Ordaitheach 1
Cruinneas: an modh ordaitheach
Sleamhnán 2
Cad atá le déanamh más mian leat ordú nó comhairle a thabhairt do níos mó ná duine amháin? Tá sé an-‐simplí ar fad. Cuirtear na deirí seo leis na briathra:
An Modh Ordaitheach 2
An chéad réimniú (siolla amháin), leathan
-‐ aigí déanaigí tugaigí*
An chéad réimniú (siolla amháin), caol
-‐ igí cuirigí ithigí
An dara réimniú (níos mó ná siolla amháin), leathan
-‐ aígí ceannaígí bunaígí
An dara réimniú (níos mó na siolla amháin), caol
-‐ ígí aimsígí imrígí
Agus conas a d’iarrfá ar dhuine GAN rud éigin a dhéanamh? Arís níl sé chomh deacair sin. Féach:
Consan: Guta: Ná bac Ná habair Ná déan Ná hól Ná cuirigí Ná himígí Ná faighigí Ná hordaígí
Cruinneas: uimhir iolra den mhodh ordaitheach.
Sleamhnán 3
Na briathra mírialta:
Abair Abraigí Beir Beirigí Bí Bígí Clois Cloisigí Déan Déanaigí Faigh Faighigí Feic Feicigí Ith Ithigí Tabhair Tugaigí Tar Tagaigí Téigh Téigí
An Modh Ordaitheach 3
Cruinneas: Na briathra neamhrialta
151
Sleamhnán 4
Cuir na habair�: 1. San uimhir iolra 2. Sa diúltach
Bí ciúin Ith do dhinnéar!
Déan d’obair bhaile! Téigh amach ag siúl! Faigh cupán tae dom!
Cuir glao ar an duine sin! Féach amach an �uinneog!
Bailigh do chuid leabhar le chéile! Ceannaigh an páipéar nuachta dom!
Suigh síos! Seas suas!
An Modh Ordaitheach 4
Obair scríofa: Uimhir iolra agus an fhoirm dhiúltach.
152
Fócas ar theanga An tAinm Briathartha: Nótaí an Mhúinteora
Leibhéal An Teastas Sóisearach
Spriocanna Na patrúin a bhaineann leis an ainm briathartha a mhúineadh do na foghlaimeoirí
Stór focal Ginearálta
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Moltar na bileoga a úsáid leis na gníomhaíochtaí faoi Ag Tabhairt Comhairle, Aonad 3 (Mo chairde agus mo mhuintir). Léigh na treoracha leis na daltaí agus tabhair an oiread samplaí breise agus is gá go dtí go dtuigeann na daltaí na patrúin a bhaineann leis an ainm briathartha.
Freagraí
An tAinm Briathartha 1Tá mé ag glanadh an tí.
Ní maith liom an teach a ghlanadh.
Tá mé ag aistriú na haiste.
Ní maith liom rudaí a aistriú.
An tAinm Briathartha 2Níl deireadh na mbriathra mar an gcéanna mar baineann cuid acu leis an gCéad Réimniú agus cuid eile leis an Dara Réimniú.
Samplaí breise ón gCéad Réimniú:
Múin – múineadh
Glan – glanadh
Gearr – gearradh
Líon – líonadh
Cíor - cíoradh
Samplaí breise ón Dara Réimniú:
Éirigh – éirí
Fiosraigh – fiosrú
Cóirigh – cóiriú
Eagraigh – eagrú
Athraigh - athrú
153
An tAinm Briathartha 3
Fréamh Ainm Briathartha
BagairFreagair
BagairtFreagairt
FeicCloisFágFaighTóg
FeiceáilCloisteáil FágáilFáilTógáil
FéachTuig
FéachaintTuiscint
CaithDéanSeas
Caitheamh DéanamhSeasamh
LeagLigTréig
LeaganLigeanTréigean
CreidLeanOilOir
Creidiúint Leanúint OiliúintOiriúint
An tAinm Briathartha 4Abair: ag ráCeannaigh: ag ceannachCónaigh: ag cónaíCuardaigh: ag cuardachCuimhnigh: ag cuimhneamhÉirigh: ag éiríÉist: ag éisteachtFan: ag fanachtImigh: ag imeachtIth: ag itheSásaigh: ag sásamhSmaoinigh: ag smaoineamhCloígh: ag cloíGlaoigh: ag glaoch
Léigh: ag léamhLuigh: ag luíPléigh: ag pléTar: ag teachtTéigh: ag dulFéach leathanach 78 – 85 sa leabhar Cogar Nua
154
Fócas ar Theanga: An tAinm Briathartha
Sleamhnán 1
Féach ar na habair� seo agus cuir líne faoin ainm briathartha i ngach abairt:
Tá mé ag glanadh an �.
Ní maith liom an teach a ghlanadh.
Tá mé ag aistriú na haiste.
Ní maith liom rudaí a aistriú.
An tAinm Briathartha (Cuid A) 1
Feasacht teanga: an t-ainm briathartha
Sleamhnán 2
An féidir leat a rá cén fáth nach bhfuil deireadh na mbriathra mar an gcéanna? Féach:
An tAinm Briathartha (Cuid A) 2
An Chéad Réimniú An Dara Réimniú
Bris – briseadh Cáin – cáineadh
Críochnaigh – críochnú Aimsigh – aimsiú
Bí ag obair leis an duine in aice leat agus scríobh amach cúpla sampla eile.
Cruinneas: an chéad agus an dara réimniú
Sleamhnán 3
Seo samplaí eile. Bain úsáid as na samplaí tugtha chun an t-‐ainm briathartha a chumadh sna boscaí. Ná déan dearmad ar an riail ‘caol le caol’ agus ‘leathan le leathan’.
An tAinm Briathartha (Cuid A) 3
Fréamh Ainm Briathartha
Bagair Freagair
Bagairt
Feic Clois Fág Faigh Tóg
Feiceáil
Féach Tuig
Féachaint
Caith Déan Seas
Caitheamh
Leag Lig Tréig
Leagan
Creid Lean Oil Oir
Creidiúint
Obair scríofa: patrúin éagsúla den ainm briathartha.
155
Sleamhnán 4
An tAinm Briathartha (Cuid A) 4
Féach ar na cinn thíos atá an-‐choi�anta ar fad ach atá neamhrialta. An féidir leat an t-‐ainm briathartha a scríobh in aice le fréamh an bhriathair? Abair: Ceannaigh: Cónaigh: Cuardaigh: Cuimhnigh: Éirigh: Éist: Fan: Imigh: Ith: Sásaigh: Smaoinigh: Cloígh: Glaoigh: Léigh: Luigh: Pléigh: Tar: Téigh:
Tasc scríofa: Samplaí coitianta agus mírialta den ainm briathartha.
156
Plean Ceachta do Chaibidil 4
Caibidil 4: An Ghaeilge agus an Ghaeltacht
A. Ag sealbhú Gaeilge (Dúshlánach)B. An Ghaeilge agus mé féinC. An Ghaeilge thar lear (Measartha dúshlánach)D. An tOireachtas (Dúshlánach)E. Coimhthígh le chéileF. Na teangacha Ceilteacha (Dúshlánach)G. Réaltaí na Gaeilge (Measartha dúshlánach)H. Fócas ar theanga: i. Inscne ii. ‘sa’ agus ‘i’
157
4A. Ag sealbhú Gaeilge: Nótaí an Mhúinteora (Dúshlánach)
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Dúshlánach
Spriocanna Cumas tuisceana, scríbhneoireachta, léitheoireachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – ag sealbhú Gaeilge
Stór focal Ag sealbhú Gaeilge agus cumas teanga
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar mhír físe ón Tóstal 2013 ina bhfuil painéal ag plé na ndúshlán a bhaineann le leanaí a thógáil le Gaeilge sa Ghaeltacht.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán ard Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin. Is fearr a oireann na ceachtanna seo do chainteoirí dúchais agus do dhaltaí a bhfuil aithne acu ar/taithí acu ar chainteoirí dúchais nó bheith ag fás aníos sa Ghaeltacht.
Réamhobair 1üMínigh don rang cad is brí le ‘sealbhú teanga’.
üAbair leo buille faoi thuairim a thabhairt faoi na ceisteanna agus ansin fiafraigh díobh cad iad na freagraí a bhí acu.
üCuir na freagraí cearta ar fáil don rang (féach Freagraí thíos) agus fiafraigh díobh an gcuireann na huimhreacha ísle aon iontas orthu. Déan iarracht plé beag a chothú timpeall ar impleachtaí na n-uimhreacha ísle seo.
Réamhobair 2üCuir gach beirt ag obair le chéile ar an ngníomhaíocht seo. Seans maith go mbeidh sé deacair orthu.
üPléigh a gcuid freagraí leis na daltaí ansin (féach Freagraí thíos).Pléigh a gcuid freagraí leis na daltaí ansin (féach Freagraí thíos).
ÉisteachtüLéigh na ceisteanna don chleachtadh éisteachta leis an rang ar fad sula gcuireann tú an mhír ar siúl
ionas go mbeidh a fhios acu cén freagraí a bheidh á lorg acu agus iad ag éisteacht.
üMás féidir, fág na ceisteanna thuas ar an scáileán fad is atá an mhír á seinm.
üPléigh freagraí na gceisteanna leis an rang ar fad ag an deireadh.Pléigh freagraí na gceisteanna leis an rang ar fad ag an deireadh.
Iarphlé 1üLéigh a bhfuil ar an sleamhnán seo leis an rang ar fad agus ansin cuir gach beirt nó triúr ag plé na
gceisteanna le chéile.
üPléigh cuid de na ceisteanna leis an rang ar fad ansin. An aidhm atá leo ná na daltaí a chur ag machnamh ar an méid/easpa úsáide a bhaineann siad as an nGaeilge ina saol laethúil.
(Dúshlánach)
158
Iarphlé 2üNíl sé i gceist lagmhisneach nó ísle brí a chur ar na daltaí leis an sleamhnán seo! Pléigh go
tuisceanach leo é, mar sin. Má tá na ráitis atá air fíor fúthu déan iarracht a mhíniú dóibh gur seo an toradh a bhíonn go minic ann nuair a bhíonn cainteoirí mionteanga ina gcónaí i bpobal ina bhfuil an mionteanga sin faoi bhrú. Cuir ar a súile dóibh go gcaitheann cainteoirí mionteanga i bhfad níos mó iarrachta a dhéanamh ná cainteoirí mórtheanga (Béarla), chun líofacht agus cumas ard a bhaint amach ina dteanga féin. Tá sé sin fíor anois i gceantair Ghaeltachta níos mó ná mar a bhí, abair le linn an ama a bhí a dtuismitheoirí féin ag dul ar scoil.an ama a bhí a dtuismitheoirí féin ag dul ar scoil.
Iarphlé 3 & 4üLéigh a bhfuil ar shleamhnán Iarphlé 3 leis an rang ar fad agus cuir i mbun oibre iad. Abair leo é a
dhéanamh an-tapa. Ná habair leo fós cad atá ar an gcéad sleamhnán eile.
üAbair le cúpla dalta an méid a scríobh siad a léamh amach don rang. Bheifí ag súil go mbeadh abairtí mar “I’d introduce him to my friends” / “I’d talk to him” / “I’d find out what his name is” agus araile á rá acu.
üAnsin léigh a bhfuil ar shleamhnán Iarphlé 4 leis an rang agus cuir i mbun oibre iad. Tabhair an méid céanna ama dóibh chun é a dhéanamh.
üAbair le cúpla dalta an méid a scríobh siad a léamh amach duit. Beidh sé suimiúil a fheiceáil an mbeidh na struchtúir a mbeifeá ag súil leo acu e.g. “Chuirfinn in aithne do mo chairde é” / “Labhróinn leis” / “Gheobhainn amach cén t-ainm a bhí air” agus araile.“Labhróinn leis” / “Gheobhainn amach cén t-ainm a bhí air” agus araile.
Iarphlé 5üTabhair seans do na daltaí an machnamh a iarrtar orthu a dhéanamh ar an sleamhnán seo a
dhéanamh.
üPléigh na ceisteanna atá ar an sleamhnán leo – arís, níltear ag iarraidh lagmhisneach a chur orthu más rud é go raibh an tasc Béarla níos éasca dóibh ná an ceann Gaeilge. Táthar ag iarraidh tuiscint a thabhairt dóibh ar na brúnna atá orthu, ag súil ansin go mbeidh siad níos ábalta dul i ngleic leo iad féin.féin.
Iarphlé 6üSeo seans do na daltaí machnamh a dhéanamh ar nithe praiticiúla a d’fhéadfaidís féin a dhéanamh
chun a gcumas sa Ghaeilge a fheabhsú.
üTabhair seans dóibh é a phlé iad féin ar dtús agus ansin éist leis na moltaí a bheidh acu agus cothaigh plé ranga fúthu. Cinntigh go luafar an ceann is tábhachtaí – go labhródh na daltaí an Ghaeilge eatarthu féin.
159
Freagraí
Réamhobair 1Na freagraí atá i gceist anseo ná: Ceist 1: 26% agus Ceist 2: <1.5%.
Mar eolas duit féin, tá sé an-deacair figiúirí cruinne a fháil. Tá an 26% tógtha ó Staid Reatha na Scoileanna Gaeltachta (2004), bunaithe ar líon na ndaltaí i ranganna naíonáin bheaga a tuairiscíodh Gaeilge líofa nó Gaeilge mhaith a bheith acu. Is dócha go bhfuil an líon leanaí atá á dtógáil le Gaeilge sa bhaile níos ísle ná sin.
Réamhobair 2 1. dúshláin: challenges
2. aoichainteoirí: guest speakers
3. sealbhaithe: acquired / learnt
4. tacaíochtaí: supports
5. eagrais: organisations
6. aitheantas: recognition
7. feidhm: use / function
8. go hiondúil: usually
9. mórtheanga: majority language / dominant language
10. mionteanga: minority language
11. moladh: recommendation
12. creatlach: framework / skeleton
Éisteacht 1. bréagach
2. fíor
3. fíor
160
4A. Ag sealbhú teanga
Sleamhnán 1
Ag sealbhú Gaeilge Réamhobair 1 Cé mhéad páiste atá á thógáil le Gaeilge inniu sa Ghaeltacht, dar leat? 71% 54% 26% 10% Cé mhéad de dhaonra na hÉireann ar cainteoirí dúchais Gaeilge iad, dar leat? <20% <15% <10% <1.5% Anois tabharfaidh an múinteoir na freagraí cearta daoibh. An gcuireann siad iontas ort? Cén fáth?
Plé ranga: sealbhú teanga, sealbhú na Gaeilge, impleachtaí na n-uimhreacha sna freagraí.
Sleamhnán 2
Ag sealbhú Gaeilge Réamhobair 2
Beidh tú ag éisteacht le cainteoirí éagsúla ag caint ar na cúiseanna a bhfuil sé deacair do pháis� an Ghaeilge a shealbhú sa bhaile óna dtuismitheoirí sa lá atá inniu ann. Sula n-‐éisteann tú leis an bpíosa caith súil ar na focail seo le bheith cinnte go dtuigeann tú iad. 1. dúshláin: __________________________ 2. aoichainteoirí: __________________________ 3. sealbhaithe: __________________________ 4. tacaíochtaí: __________________________ 5. eagrais: __________________________ 6. aitheantas: __________________________ 7. feidhm: __________________________ 8. go hiondúil: __________________________ 9. mórtheanga: __________________________ 10. mionteanga: __________________________ 11. moladh: __________________________ 12. creatlach: __________________________
Stór focal, obair bheirte: focail a bhaineann leis an tasc éisteachta a mhíniú.
Sleamhnán 3
Ag sealbhú Gaeilge Éisteacht Éist leis na cainteoirí agus abair an bhfuil na rái�s thíos �or nó bréagach. Cuir ciorcal �mpeall ar an bhfreagra ceart. 1. Is leor Gaeilge a labhairt le do pháis� sa bhaile le go
mbeidh Gaeilge mhaith acu.
�or bréagach ní deirtear 2. I nGaeltachtaí an lae inniu, má shealbhaíonn gasúir
Béarla agus Gaeilge le chéile beidh a gcuid Béarla níos fearr ná a gcuid Gaeilge.
�or bréagach ní deirtear
3. Bíonn tuiscint níos fearr ag tuismitheoirí sa Ghalltacht
ar na dúshláin a bhaineann le páis� a thógáil le Gaeilge.
�or bréagach ní deirtear
Tasc éisteachta: ceisteanna le freagairt.
161
Sleamhnán 4
Ag sealbhú Gaeilge Iarphlé 1 “Ní leor a thuilleadh go mbeadh páis� ag labhairt Gaeilge sa mbaile le go gcinnteoimis go mbeadh an teanga sealbhaithe
acu i gceart.” Sorcha Ní Chéilleachair, Tuismitheoirí na Gaeltachta. Tá sé léirithe ag taighde go bhfuil an ráiteas thuas �or. Tá an-‐chuid i gceist le teanga a bheith agat i gceart agus ní �aigheann tú na rudaí ar fad atá ag teastáil chun é sin a dhéanamh ón mbaile. Faigheann tú iad ón scoil, ó bheith ag caint le do chairde, ó na meáin, ó scéalta agus seanchas, ó bheith ag léamh, ó bheith ag caint le daoine difriúla sa phobal agus chomh maith leis sin, ón mbaile. Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat.
1. Cé leis a labhraíonn tusa Gaeilge?
2. An labhraíonn tú Gaeilge le seanduine ar bith?
3. An labhraíonn tú Gaeilge le daoine atá ar chomhaois
leat féin?
4. An léann tú aon leabhair as Gaeilge?
5. An bhféachann tú ar TG4?
6. Cad iad na háiteanna i do phobal féin ar féidir leat
Gaeilge a labhairt iontu?
Obair ghrúpa/bheirte: plé ar ábhar an tsleamhnáin; feasacht teanga: iad a chur ag smaoineamh ar an úsáid nó easpa úsáide a bhaineann siad as an nGaeilge.
Sleamhnán 5
Ag sealbhú Gaeilge Iarphlé 2 An dtarlaíonn na rudaí seo riamh duitse? 1. Nuair a bhíonn tú ag iarraidh rud éigin a rá as Gaeilge, tagann
an rud chugat as Béarla ar dtús agus ansin aistríonn tú go Gaeilge é. Uaireanta Go minic
2. Tá sé níos éasca duit do chuid mothúchán a chur in iúl do do chairde as Béarla seachas as Gaeilge. Uaireanta Go minic
3. Bíonn tú réasúnta cinnte go bhfuil do chuid gramadaí i gceart agus tú ag scríobh i mBéarla ach ní hionann sa Ghaeilge. Uaireanta Go minic
4. Tá stór focal níos leithne agat i mBéarla ná mar atá i nGaeilge nuair a thagann sé go d� téamaí áirithe.
Uaireanta Go minic
5. Braitheann tú ait a bheith ag caint le do chairde as Gaeilge. Uaireanta Go minic
6. Braitheann tú go bhfuil Gaeilge níos fearr ag daoine níos sine ná mar atá agat féin. Uaireanta Go minic
Plé ranga: Is gá plé leis seo go tuisceanach. Feasacht teanga: cuir ar a súile do na daltaí gur gá iarracht níos mó a dhéanamh le mionteanga ná le mórtheanga lena shealbhú.
Sleamhnán 6
Ag sealbhú Gaeilge Iarphlé 3
TASC 1 Gan smaoineamh air ar chor ar bith, scríobh freagra an-‐tapa ar an gceist thíos i do chóipleabhar. Bíodh an freagra AS BÉARLA agus ná bíodh sé ach �mpeall 5 abairt ar �ad. If a new student came in to your class today and didn’t know anybody, what would you do to help him/her?
Obair aonair, scríofa i mBéarla: cuidiú le dalta nua sa rang; iarr ar dhaltaí cuid de na freagraí a léamh amach.
162
Sleamhnán 7
Ag sealbhú Gaeilge Iarphlé 4
TASC 2 Gan smaoineamh air ar chor ar bith, scríobh freagra an-‐tapa ar an gceist thíos i do chóipleabhar. Bíodh an freagra AS GAEILGE agus ná bíodh sé ach �mpeall 5 abairt ar �ad. Dá d�ocfadh dalta nua isteach i do rang inniu agus mura mbeadh aithne aige/aici ar aon duine, cad a dhéanfá chun cabhrú leis/léi?
Obair aonair, scríofa i nGaeilge: cuidiú le dalta nua sa rang; iarr ar dhaltaí cuid de na freagraí a léamh amach.
Sleamhnán 8
Ag sealbhú Gaeilge Iarphlé 5
Machnamh Cén tasc ab �usa duit le déanamh – an ceann as Béarla nó an ceann as Gaeilge? Cad iad na difríochtaí a thug tú faoi deara eatarthu – ar tháinig an rud a theastaigh uait a rá chugat níos tapúla i gceann amháin seachas sa cheann eile; an raibh an litriú níos fearr i gceann amháin seachas sa cheann eile; agus araile?
Feasacht foghlama: cén ceann ab éasca?; plé ranga: tuiscint ar na brúnna a bhíonn orthu le teanga.
Sleamhnán 9
Ag sealbhú Gaeilge Iarphlé 6 Dar le Brian Ó Curnáin, ar chuala tú ag caint é ar an mír ansin, tá níos mó úsáide ag an mBéarla anois sa Ghaeltacht ná mar atá ag an nGaeilge agus mar sin, sealbhaíonn páis� níos mó Béarla ná Gaeilge. An moladh atá ann, a deir sé, ná páis� a thógáil le Gaeilge amháin agus an teagmháil leis an mBéarla a chur siar chomh fada agus is féidir. Ach cad fút féin agus daoine atá ar chomhaois leat? Cad is féidir libhse a dhéanamh chun a chinn�ú go mbeidh bhur gcuid Gaeilge chomh maith le bhur gcuid Béarla? Déanaigí amach liosta de na ceithre rud is tábhachtaí agus féadfaidh sibh iad a phlé leis an rang iomlán ansin. 1. ______________________________________________ 2. ______________________________________________ 3. ______________________________________________ 4. ______________________________________________
Obair ghrúpa/bheirte: cad is féidir a dhéanamh le cumas Gaeilge a fheabhsú; plé ranga ar an ábhar céanna.
163
4B. An Ghaeilge agus mé féin: Nótaí an Mhúinteora
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Bunúsach
Spriocanna Cumas tuisceana, éisteachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – An Ghaeilge ina saol féin
Stór focal an Ghaeilge agus an Ghaeltacht
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar dhá mhír físe ina bhfuil déagóirí ag déanamh cur síos ar thábhacht na Gaeilge ina saol féin.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán íseal Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin. Tá canúint Chonnachta ag an mbeirt chainteoirí.
RéamhobairüLéigh a bhfuil ar an sleamhnán amach don rang agus bí cinnte go dtuigeann siad gach rud agus cad
atá le déanamh.
üBain úsáid as an sleamhnán seo chomh maith le dul siar a dhéanamh ar mo agus do, le míniú go mbíonn séimhiú ar chonsan ina ndiaidh agus go n-athraíonn mo agus do go dtí m’ agus d’ roimh ghuta.
üIarr ar gach beirt plé a dhéanamh ar na daoine a labhraíonn siad Gaeilge leo.
üCothaigh plé leis an rang ar fad ansin an oiread agus is féidir.
Éisteacht 1üMínigh do na daltaí go mbeidh siad ag éisteacht le déagóir óg ag caint faoin nGaeilge.
üAbair leo éisteacht leis uair amháin gan aon rud a scríobh.
üLéigh na ceisteanna 1-5 leo sula gcuirfidh tú an mhír ar siúl arís agus iarr orthu na ceisteanna a fhreagairt.
üTéigh siar ar na freagraí a bhí acu. Féach an script. Téigh siar ar na freagraí a bhí acu. Féach an script.
Éisteacht 2üMínigh do na daltaí go mbeidh siad ag éisteacht le déagóir óg eile ag caint faoin nGaeilge.
üAbair leo éisteacht leis uair amháin gan aon rud a scríobh.
üLéigh na ceisteanna 1-5 leo sula gcuirfidh tú an mhír ar siúl arís agus iarr orthu na ceisteanna a fhreagairt.
üTéigh siar ar na freagraí a bhí acu. Féach an script.
4B. An Ghaeilge agus mé féin:
164
Iarobair 1üLéigh a bhfuil ar an sleamhnán leo agus abair leo na gníomhaíochtaí a dhéanamh.
üNíl na gníomhaíochtaí an-deacair ach ba cheart go gcothódh siad caint ghinearálta ar na canúintí agus aon deacrachtaí atá ag na daltaí le canúintí áirithe. agus aon deacrachtaí atá ag na daltaí le canúintí áirithe.
Iarobair 2üLéigh a bhfuil ar an sleamhnán agus abair le gach beirt na ceisteanna a phlé le chéile.
üIs ceist dheacair í an chéad cheist agus bíonn deacracht ag foghlaimeoirí na Gaeilge leis an gclásal coibhneasta díreach agus indíreach. Ní gá dul isteach sa scéal go domhain ag an bpointe seo ach b’fhiú aird na bhfoghlaimeoirí a dhíriú air. Is féidir a rá go bhfuil ‘c ceisteanna’ ann sa Ghaeilge go díreach mar atá na ‘w questions’ i mBéarla. Leanann an fhoirm indíreach den bhriathar cuid acu agus leanann an fhoirm dhíreach cuid eile. Tá an fhoirm indíreach cosúil leis an bhfoirm cheisteach agus tá an fhoirm dhíreach cosúil leis an mbriathar le a + shéimhú. Féach:
IndíreachCén chaoi a bhfuil tú? (an bhfuil tú?)
Cén chaoi a ndéanann sé sin? (an ndéanann sé?)
Díreach Cad é mar atá tú (a tá tú)?
Conas a dhéanann tú (a dhéanann)?
üFaigh an oiread samplaí agus is féidir ó na daltaí d’fhocail nó d’fhrásaí ó chanúintí nach bhfuil acu féin. féin.
Iarphlé 3üTabhair tamall do na daltaí chun an cleachtadh atá ar an sleamhnán seo a dhéanamh.
üDeán plé leis an rang ar fad ar na hamanna a mhothaigh siad bródúil as Gaeilge a bheith acu.
165
4B. An Ghaeilge agus mé féin
Sleamhnán 1
Cé leis a labhraíonn tú Gaeilge?
Cuir in aice leis na daoine a leanas a labhraíonn tú Gaeilge leo, agus cuir in aice leis na daoine nach labhraíonn tú Gaeilge leo.
Mo thuismitheoirí Mo dheirfiúracha & mo dheartháireacha
Mo mhúinteoirí Mo chairde ar scoil Mo chomharsana
Na daoine a oibríonn sna siopaí ái�úla Mo chol ceathracha
Cad atá ag an duine in aice leat?
An Ghaeilge & mé féin Réamhobair
Gramadach: dul siar ar mo, do; obair bheirte: ceisteanna a fhreagairt; plé ranga: ar fhreagraí na gceisteanna.
Sleamhnán 2
An Ghaeilge & mé féin Éisteacht 1
Éist le Ciarán ag caint agus freagair na ceisteanna seo: 1. Cé leis a labhraíonn Ciarán Gaeilge?
2. Cad a deir sé faoi Ghaeilge na ndaoine a thagann isteach sa teach tábhairne?
3. Cad a deir sé faoi Ghaeilge a sheantuismitheoirí agus a thuismitheoirí?
4. Cad a deir sé faoi na canúin� eile?
5. An bhfuil sé bródúil as a bheith in ann Gaeilge a labhairt?
Tasc éisteachta: ceisteanna le freagairt.
Sleamhnán 3
An Ghaeilge & mé féin Éisteacht 2
Éist le hEoin ag caint agus freagair na ceisteanna seo: 1. Cé leis a labhraíonn Ciarán Gaeilge?
2. Cad a deir sé faoi Ghaeilge a thuismitheoirí?
3. Cad a deir sé faoi na canúin� eile?
4. An mbuaileann sé le daoine ó Ghaeltachtaí eile agus an dtuigeann sé iad?
5. Cad a deir sé faoi na hábhair scoile ar fad a dhéanamh trí Ghaeilge?
Tasc éisteachta: ceisteanna le freagairt.
166
Sleamhnán 4
An Ghaeilge & mé féin Iarobair 1
Féach ar an léarscáil agus scríobh isteach na canúin� atá coi�anta sna ceantair éagsúla.
CU: Canúint Uladh CC: Canúint Chonnachta CM: Canúint na Mumhan An labhraítear Gaeilge i dTuaisceart Éireann? Cén chanúint atá acu?
Scríobh isteach na canúin� ar an scála thíos maidir le cé chomh deacair is atá siad, i do thuairim féin. Éasca Deacair
Obair aonair: canúintí a mharcáil ar léarscáil; plé ranga: na canúintí agus na deacrachtaí a bhaineann leo.
Sleamhnán 5
An Ghaeilge & mé féin Iarobair 2
Féach ar na slite seo chun how are you? a rá sna canúin� éagsúla. Cén chanúint lena mbaineann siad?
Cén chaoi a bhfuil tú? Conas atá tú?
Cad é mar atá tú?
Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat: 1. Cén fáth a bhfuil leagan difriúil den
bhriathar ‘tá’ sna samplaí?
2. Déan liosta de nathanna cainte nó focail atá ar eolas agaibh ó na canúin� eile.
Obair bheirte, feasacht teanga: ceisteanna a phlé; canúintí.
Sleamhnán 6
An Ghaeilge & mé féin Iarobair 3
Dúirt Ciarán go raibh sé an-‐bhródúil as Gaeilge a bheith aige. An bhfuil tú féin bródúil as Gaeilge a bheith agat? Thug Ciarán sampla d’am nuair a bhí sé an-‐bhródúil as Gaeilge a bheith aige – an cuimhin leat é? An féidir leat féin smaoineamh ar eachtra nó am nuair a bhí tú an-‐bhródúil as Gaeilge a bheith agat?
Obair aonair/bheirte: plé ar na ceisteanna; plé ranga: bród as an nGaeilge.
167
4C. An Ghaeilge thar lear: Nótaí an Mhúinteora (measartha dúshlánach)
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Measartha dúshlánach
Spriocanna Cumas tuisceana, scríbhneoireachta, léitheoireachta, labhartha agus foghraíochta na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – An Ghaeilge thar lear
Stór focal An Ghaeilge thar lear
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán measartha maith Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin. Tá béim faoi leith ar an bhfoghraíocht sa rang seo agus baintear úsáid as na cainteoirí as tíortha eile chun aird na bhfoghlaimeoirí a dhíriú ar aon laige a bheadh acu féin ó thaobh na foghraíochta de. Tá sé tábhachtach gan lagmhisneach a chur ar na daltaí, ach is gá déileáil le fadhbanna foghraíochta ag an am céanna. chur ar na daltaí, ach is gá déileáil le fadhbanna foghraíochta ag an am céanna.
Éisteacht SAM 1üBíodh an sleamhnán seo in airde a fhad is a sheinneann tú an mhír ‘Is féidir linn’.
üAbair leis na daltaí go bhfuil fuaim faoi leith ag an l caol i nGaeilge agus nach bhfuil a leithéid d’fhuaim sa Bhéarla. Déan iarracht plé faoi fhoghraíocht nó fuaimeanna na Gaeilge a chothú anseo.
üPléigh na ceisteanna eile faoin nGaeilge sna Stáit Aontaithe. Cuir ceist ar na daltaí a bhfuil daoine muinteartha leo i Meiriceá an bhfuil Gaeilge acu. muinteartha leo i Meiriceá an bhfuil Gaeilge acu.
Éisteacht SAM 2üDéan plé ar an difríocht idir an dá ghrúpa focal, is é sin an l leathan agus an l caol.
üCuir gach beirt ag obair le chéile chun cleachtadh a dhéanamh ar an dá ghrúpa focal. Déan féin cleachtadh ar na focail leis an rang ar fad ansin.
üIarr ar na foghlaimeoirí na focail a rá arís ach an t-am seo aird a dhíriú ar an tslí a mbogann an teanga sa bhéal, mar shampla: l leathan – tá barr na teanga ag cuimilt na bhfiacla uachtaracha agus l caol – tá barr na teanga rud beag níos ísle sa bhéal. Faigh an t-eolas seo ó na daltaí iad féin sula gcuireann tusa ar an eolas iad. tusa ar an eolas iad.
Éisteacht SAM 3üMínigh do na daltaí go mbeidh siad ag déanamh rólghníomhaíochta le chéile ag cleachtadh na
bhfuaimeanna a bhaineann le l.
üBíodh na cártaí ar an sleamhnán seo gearrtha amach agat roimh an rang agus tabhair Ról A do dhuine amháin agus Ról B don duine eile. Abair leo gan na cártaí a thaispeáint dá chéile.
üLéigh trí na treoracha le cinntiú go dtuigeann siad cad atá le déanamh.
üBí ag siúl timpeall an ranga ag éisteacht go géar leis an bhfoghraíocht agus ag cuidiú leo más gá.
üTéigh siar ar na focail ar fad (ar an dá chárta) le cinntiú go bhfuil an fuaimniú ceart ag gach dalta.
üCuir ceist orthu an raibh aon fhocail níos deacra ná a chéile a rá agus cén fáth.
(measartha dúshlánach)
168
Éisteacht An Eoraip 1üBíodh an sleamhnán seo in airde a fhad is a sheinneann tú an mhír: ‘Copenhagen – TG4 Thar Sáile’.
üIarr ar dhaltaí éagsúla na focail a léamh amach agus bí cinnte go bhfuil siad á bhfuaimniú mar is ceart. Mínigh aon difríocht chanúna a bheadh i gceist maidir le fuaimniú na bhfocal, mar shampla: mairnéalaigh a fhuaimnítear mar mairnéalaig i gcanúint na Mumhan agus mairnéalaí i gcanúint Uladh.
üLéigh na ceisteanna 1-5 leo ansin agus abair le gach grúpa na ceisteanna a phlé le chéile. Tar éis tamaill déan plé leis an rang ar fad. Tuairimíocht atá ann den chuid is mó.
üDéan liosta de na fuaimeanna is deacra, de réir tuairimí na ndaltaí, ar an gclár agus déan cleachtadh orthu. orthu.
Éisteacht An Eoraip 2üBíodh an sleamhnán seo in airde fad is a sheinneann tú an mhír: ‘Vienna – TG4 Thar Sáile’.
üIarr ar na daltaí machnamh a dhéanamh ar ‘ba mhaith liom’ agus ‘thaitin liom’. Mínigh dóibh gur earráid chomónta é i gcaint na Gaeilge. Iarr orthu samplaí a thabhairt duit de na hamanna a úsáidtear an dá leagan:
Ba mhaith liom cupán tae! An modh coinníollach, ní féidir a úsáid san aimsir chaite. Thaitin an scannán liom! An aimsir chaite.
üLéigh na ceisteanna 1-3 leo ansin agus abair le gach grúpa na ceisteanna a phlé le chéile. Tar éis tamaill déan plé leis an rang ar fad. Tuairimíocht atá ann den chuid is mó.
üTéigh siar ar na fuaimeanna a bhaineann le c/ch ag bun an tsleamhnáin trí iarraidh ar dhaltaí éagsúla na focail a rá.na focail a rá.
Éisteacht An Eoraip 3üDéan plé ar an difríocht idir an dá ghrúpa focal, is é sin an t leathan agus an t caol.
üCuir gach beirt ag obair le chéile chun cleachtadh a dhéanamh ar an dá ghrúpa focal. Déan féin cleachtadh ar na focail leis an rang ar fad ansin.
üIarr ar na foghlaimeoirí na focail a rá arís ach an t-am seo aird a dhíriú ar an tslí a mbogann an teanga sa bhéal, mar shampla: t leathan – tá barr na teanga ag cuimilt na bhfiacla uachtaracha agus t caol – tá barr na teanga rud beag níos ísle sa bhéal. Faigh an t-eolas seo ó na daltaí iad féin sula gcuireann tusa ar an eolas iad.
üIarr ar an rang samplaí den s leathan agus caol a sholáthar duit: sean, sásta, silleadh agus araile.
üIarr ar an rang samplaí den b leathan agus caol a sholáthar duit: bád, beo, Bríd, agus araile.
169
Éisteacht An Eoraip 4üMínigh do na daltaí go mbeidh siad ag déanamh rólghníomhaíochta le chéile ag cleachtadh na
bhfuaimeanna a bhaineann le t.
üBíodh na cártaí ar an sleamhnán seo gearrtha amach agat roimh an rang agus tabhair Ról A do dhuine amháin agus Ról B don duine eile. Abair leo gan na cártaí a thaispeáint dá chéile.
üLéigh trí na treoracha le cinntiú go dtuigeann siad cad atá le déanamh.
üBí ag siúl timpeall an ranga ag éisteacht go géar leis an bhfoghraíocht agus ag cuidiú leo más gá.
üTéigh siar ar na focail ar fad (ar an dá chárta) le cinntiú go bhfuil an fuaimniú ceart ag gach dalta.
üCuir ceist orthu an raibh aon fhocail níos deacra ná a chéile agus cén fáth.
Cuir ceist orthu an raibh aon fhocail níos deacra ná a chéile agus cén fáth. Cuir ceist orthu an raibh aon fhocail níos deacra ná a chéile agus cén fáth.
Éisteacht & ScríobhüAbair leis an rang go mbeidh siad ag féachaint ar scannán gearr. Déan an seomra breá compordach
agus cuir na daltaí ar a gcompord chomh maith.
üIarr orthu a dtuairimí faoin scannán a scríobh síos mar obair bhaile nó sa rang tar éis dóibh an scannán a fheiceáil. Is féidir úsáid a bhaint as na habairtí mar theideal ar an bpíosa scríbhneoireachta ach ní gá.
170
4C. An Ghaeilge thar lear
Sleamhnán 1
Is féidir linn
Éist le Barack Obama ag labhairt Gaeilge. An bhfuaimníonn sé an focal ‘linn’ i gceart? Cén fáth, do bharúil? Tá nach mór 20 míle cainteoir Gaeilge sna Stáit Aontaithe – an gcuireann an �íric sin iontas ort? Cén fáth? Cén fáth a bhfuil Gaeilge ag an oiread sin daoine i Meiriceá, dar leat?
An Ghaeilge thar lear Éisteacht SAM 1
Feasacht teanga: l caol na Gaeilge nach bhfuil sa Bhéarla; plé ranga: an Ghaeilge i Méiriceá.
Sleamhnán 2
An Ghaeilge thar lear Éisteacht SAM 2
Féach ar an dá ghrúpa focal seo, conas atá siad difriúil óna chéile? Abair na focail amach os ard leis an duine in aice leat. An gcloiseann sibh an difríocht idir an l leathan agus an l caol? Cén chomhairle a thabharfeadh sibh do Barack Obama chun an focal linn a rá mar is ceart?
Libh Leat Liom
Liathróid Léargas Liosta
Bhuel Cuileach Coimhlint
Lom Lonn Luan Luath Lasta Lag
Buidéal Drogall Gall
Plé ranga: an difríocht idir l caol agus l leathan; obair bheirte: cleachtadh ar fhuaimeanna; feasacht fuaime: conas an dá fhuaim a dhéanamh.
Sleamhnán 3
An Ghaeilge thar lear Éisteacht SAM 3
Ról A Léigh amach na focail seo don duine in aice leat. Beidh air iad a scríobh síos agus a rá an bhfuil l leathan nó l caol iontu.
ail, balla, cuimilt, díolta, ealaín, fulaing, gleoite, inneall, liom, léinn, millteanach, Nollaig, ospidéal,
polai�úil, ról, sampla, tuirling Féach an raibh an ceart aige? Anois léifidh sé a chuid focal amach duit féin agus caithfidh tusa iad a scríobh síos.
Ról B Beidh an duine in aice leat ag léamh amach focail duit. Beidh ort iad a scríobh síos i do chóipleabhar agus a rá an bhfuil l leathan nó l caol iontu. Ansin, léigh amach na focail thíos don duine eile: alt, bhuel, callán, dílis, eitleán, féile, gealach, imlíne, leat, lámh, mallacht, níl, olc, píolóta, reilig, silleadh,
tromlach
Obair bheirte: cleachtadh foghraíochta.
171
Sleamhnán 4
An Ghaeilge thar lear Éisteacht An Eoraip 1
Féach ar an mír ón gclár Thar Sáile anois agus freagair na ceisteanna seo leis na daoine i do ghrúpa.
Abair na focail seo a bhí sa mhír: Danmhairgis Faoi cheantar Lár na cathrach I rith an tsamhraidh Mairnéalaigh
1. An bhfuil Gaeilge mhaith ag an bhfear seo? Cén fáth
a ndeir tú amhlaidh?
2. An bhfuil canúint faoi leith aige? Cad é? Cén fáth a ndeir tú sin?
3. Cén fáth a bhfuil Gaeilge ag an bhfear sa mhír, dar leat?
4. Tá na fuaimeanna go maith aige sa Ghaeilge. An bhfuil na fuaimeanna go maith agatsa sa teanga eile atá á staidéar agat?
5. Déan liosta de na fuaimeanna is deacra sa Ghaeilge.
Tasc éisteachta: mír físeáin; cleachtadh foghraíochta; obair bheirte/ghrúpa: ceisteanna le plé agus tuairimí le tabhairt.
Sleamhnán 5
An Ghaeilge thar lear Éisteacht An Eoraip 2
Féach ar an mír anois faoi bhean i Vín na hOstaire a bhfuil Gaeilge líofa aici.
Earráid Chomónta – Plé!
Ba mhaith liom
vs Thai�n liom
1. An gcuireann sé iontas ort go bhfuil daoine ann
agus nach bhfuil a �ios acu go bhfuil dhá theanga in Éirinn?
2. Bíonn an �uaim ‘ch’ níos éasca a rá do dhaoine a bhfuil teanga Ghearmáinice acu mar mháthairtheanga. An bhfuil a �ios agat cén fáth?
3. Abair na focail seo amach os ard leis an duine in aice leat:
cat, cosa an chait, lár na cathrach, chuaigh mé,
teachtaireacht
Tasc éisteachta: bean as an Ostair ag caint i nGaeilge; feasacht teanga: earráid choitianta - ba mhaith liom x / thaitin x liom; obair ghrúpa: ceisteanna le freagairt; cleachtadh foghraíochta: c vs ch.
Sleamhnán 6
An Ghaeilge thar lear Éisteacht An Eoraip 3
Féach ar an dá ghrúpa focal seo, conas atá siad difriúil óna chéile? Abair na focail amach os ard leis an duine in aice leat. An gcloiseann sibh an difríocht idir an t leathan agus an t caol? An féidir libh sampla a thabhairt de na fuaimeanna seo a leanas:
-‐s caol / -‐s leathan -‐b caol / -‐b leathan
Teangeolaí Teach Tine Tinn Tír
Trioblóid
Cuiteog Suite Clóite
Tá Tábhachtach
Toi�n Tóin Tuar
Tuairim
Babhta Fásta Iontas
Feasacht foghraíochta: t leathan vs t caol; cleachtadh foghraíochta, obair bheirte: an dá fhuaim a chleachtadh le chéile; s leathan vs s caol, ba leathan agus b caol.
172
Sleamhnán 7
An Ghaeilge thar lear Éisteacht An Eoraip 4
Ról A Léigh amach na focail seo don duine in aice leat. Beidh air iad a scríobh síos agus a rá an bhfuil t leathan nó t caol iontu. áit, hata, meilt, síoltaí, eisceacht, fuascailt, breoite,
iontach, liosta, mata, cis�n, nóta, oscailte, polai�ocht, riocht, sliste, �omáint
Féach an raibh an ceart aige? Anois léifidh sé a chuid focal amach duit féin agus caithfidh tusa iad a scríobh síos.
Ról B Beidh an duine in aice leat ag léamh amach focail duit. Beidh ort iad a scríobh síos i do chóipleabhar agus a rá an bhfuil l leathan nó l caol iontu. Ansin, léigh amach na focail thíos don duine eile: ai�nn, Briotánach, coiste, díoltas, eachtrannach,
fuilteach, galánta, imeartas, limistéar, lasta, mórtas, neart, Ostair, poi�géir, réalta, suite, trí
Obair bheirte, éisteacht/foghraíocht: focail le léamh ag duine A agus le scríobh ag duine B.
Sleamhnán 8
An Ghaeilge thar lear Éisteacht & Scríobh
Féach ar an scannán gearr anois faoin leaid óg a tháinig go hÉirinn. Tar éis duit an scannán a �eiceáil scríobh aiste ghairid faoi. Roghnaigh ceann amháin de na habair� thíos mar thús d’aiste.
Ní scéal �or é mar…
Tuigim don leaid óg mar…
Is léargas maith é an scannán ar chultúr na hÉireann mar…
Tasc éisteachta: féach ar an scannán.Obair bhaile, scríofa: tuairim a thabhairt faoin scannán.
173
4D. An tOireachtas: Nótaí an Mhúinteora (dúshlánach)
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Dúshlánach
Spriocanna Cumas tuisceana, scríbhneoireachta, léitheoireachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – cultúr ealaíona na Gaeilge
Stór focal Cultúr ealaíona na Gaeilge
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar mhír físe ina bhfuil dalta ag cur síos ar pháirt a ghlacadh i gcomórtas scéalaíochta (Canúint na Mumhan) agus ar alt ó www.gaeilge.ie ag cur síos ar an Oireachtas.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán ard Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin.
Réamhobair 1üLéigh a bhfuil ar an sleamhnán seo leis an rang ar fad agus tabhair cúpla nóiméad dóibh na
ceisteanna a phlé ina mbeirteanna.
üPléigh tusa na ceisteanna leis an rang ar fad ansin. Pléigh tusa na ceisteanna leis an rang ar fad ansin.
Éisteacht 1üLéigh na ceisteanna don chleachtadh éisteachta leis an rang ar fad sula gcuireann tú an mhír ar siúl
ionas go mbeidh a fhios acu cén freagraí a bheidh á lorg acu agus iad ag éisteacht.
üMás féidir, fág na ceisteanna thuas ar an scáileán fad is atá an mhír á seinm.
üPléigh freagraí na gceisteanna leis an rang ar fad ag an deireadh.Pléigh freagraí na gceisteanna leis an rang ar fad ag an deireadh.
Iarphlé 1üLéigh a bhfuil ar an sleamhnán seo leis an rang ar fad agus ansin tabhair seans dóibh na trí abairt a
aistriú go Gaeilge iad féin. Bí cinnte go mbeidh na freagraí cearta acu (féach thíos).
üMínigh don rang go bhfuil sé mícheart ‘An labhraíonn tú Fraincis?’ a rá sa chomhthéacs áirithe sin.
üCinntigh ansin go dtuigeann siad an úsáid a bhaintear as ‘aithne’ mar is minic a bhíonn deacrachtaí ag daltaí leis. ag daltaí leis.
Iarphlé 2üEarráid an-chomónta i measc daltaí ná ‘an bhliain seo’ a rá in ionad ‘i mbliana’. Déan iarracht an
earráid sin a ruaigeadh!
üIs minic, freisin, go mbíonn earráidí sa litriú acu agus iad ag scríobh ‘an bhliain seo caite’ (cuireann siad séimhiú go minic ar an ‘caite’) agus ‘an bhliain seo chugainn’.
(dúshlánach)
174
Léamh 1 & 2üBa cheart go mbeadh cóip phriontáilte den alt ag gach dalta. Cuir i mbun léitheoireachta iad, ina
mbeirteanna más féidir, agus abair leo sealanna a thógáil ag léamh os ard le chéile. Cuidíonn sé seo leo teacht isteach ar fhuaimeanna na Gaeilge chomh maith.
üBí ag siúl timpeall chun cabhrú leo más gá.
üIs leagan giorraithe an t-alt seo d’alt atá le fáil ag an seoladh seo: http://www.gaeilge.ie/Directory/spotlight_details.asp?id=52spotlight_details.asp?id=52
Iarphlé 3üIs cinnte go mbeidh méid áirithe focal/abairtí nach mbeidh na daltaí cinnte faoina mbrí. An aidhm
atá leis an sleamhnán seo ná cabhrú leo straitéisí a úsáid chun brí a bhaint as téacs dúshlánach.
üTabhair seans dóibh na tascanna éagsúla a dhéanamh. Leag béim ar straitéis úd abairt a léamh amach os ard chun brí a bhaint as. Is minic go gcabhraíonn sé sin, go háirithe más abairt fhada atá i gceist.gceist.
Iarphlé 4üAn aidhm atá leis an sleamhnán seo ná stór focal nua a dhaingniú in aigne na ndaltaí.
üTabhair seans dóibh iarracht a dhéanamh na focail nua a chur síos ó chuimhne ach mura n-éiríonn leo lig dóibh féachaint siar ar an alt arís.leo lig dóibh féachaint siar ar an alt arís.
Iarphlé 5üMá tá am agat sa rang nó an spéis ag na daltaí ann, is fiú cúpla físeán ó YouTube a thaispeáint dóibh
ar an rince ar an sean-nós. Ní gá na físeáin ina n-iomláine a thaispeáint – fiú 50 soicind de gach ceann. Bheadh sé go deas dóibh samplaí den chultúr beo a fheiceáil go háirithe mura raibh siad riamh in áit a bhfeicfidís an sean-nós ina stealladh beathaigh.
üFéadfaidh siad na ceisteanna atá ar an sleamhnán a phlé le chéile ina mbeirteanna tar éis dóibh féachaint ar na físeáin.
Freagraí
Iarphlé 1 1. An bhfuil an t-amhrán sin agat?
2. Níl an ceann sin agam in aon chor/ar chor ar bith 3. An bhfuil Fraincis agat?
175
4D. An tOireachtas
Sleamhnán 1
An tOireachtas Réamhobair I gceann tamaill beidh tú ag éisteacht le dalta a bhuaigh an chéad áit sa chomórtas scéalaíochta san Oireachtas in 2012. Roimhe sin, pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat. 1. Cén rud é Oireachtas na Gaeilge? 2. An féidir leat a rá cad iad na comórtais éagsúla a
bhíonn ag an Oireachtas? 3. An ndéanann tú aon chaitheamh aimsire
‘Gaelach’ tú féin i.e. damhsa, ceol a sheinm, amhránaíocht, scéalaíocht agus araile?
4. Cá mbíonn an tOireachtas ar siúl? 5. An raibh tú riamh ag an Oireachtas? Má bhí,
déan cur síos ar an am a chaith tú ann.
Obair bheirte: ceisteanna faoi Oireachtas na Gaeilge a phlé le chéile.
Sleamhnán 2
An tOireachtas Éisteacht Éist le Seán Ó Móráin ag cur síos ar an Oireachtas agus freagair na ceisteanna seo. 1. Cén comórtas ar ghlac Seán páirt ann
anuraidh? 2. Conas a d’éirigh leis? 3. Cén t-‐ullmhúchán a rinne sé roimh an
gcomórtas? 4. Cén fáth nár bhraith sé ró-‐neirbhíseach ag an
gcomórtas? 5. An bhfuil sé i gceist ag Seán páirt a ghlacadh i
gcomórtas Oireachtais amach anseo? Cén áit? Cathain?
6. An mbeidh aon deacrachtaí aige le canúint Dhún an nGall, an ndeir sé?
Tasc éisteachta: ceisteanna le freagairt.
Sleamhnán 3
An tOireachtas Iarphlé 1
Ar thug tú faoi deara Seán ag rá “Bhí sé agam ansin.” Sin slí an-‐nádúrtha chun “Bhí sé ar eolas agam” a rá. Má theastaíonn uait ceist a chur ar dhuine “Do you know ...?” abair “An bhfuil ... agat?” Cuir Gaeilge ar na frásaí seo: 1. Do you know that song? 2. I don’t know that one at all. 3. Do you speak French?
Ná déan dearmad gur leagan eile ar fad a bhíonn ag teastáil más ag caint ar dhaoine atá tú seachas eolas/rud: 1. An bhfuil aithne agat ar Sheán? 2. Níl aithne agam ar Nóra. Níor bhuail mé riamh
léi.
Feasacht teanga, saibhriú teanga: An bhfuil x agat? vs An bhfuil aithne agat ar Y?
176
Sleamhnán 4
An tOireachtas Iarphlé 2 Earráid chomónta!
San agallamh, dúirt Seán ‘i mbliana’. Sin an tslí cheart chun ‘this year’ a rá. Ach is minic a chloisfeá foghlaimeoirí Gaeilge ag rá *‘an bhliain seo’. Tá sé sin mícheart! Bí cúramach an earráid sin a sheachaint. Bain triail as na cleachtaí seo: 1. Slí eile chun anuraidh a rá (bí cúramach leis
an litriú): _____________
2. An Ghaeilge atá ar ‘next year’: _____________
Feasacht teanga: earráid chomónta – an bhliain seo (i mbliana an rud ceart); saibhriú teanga agus litriú: an bhliain seo caite, an bhliain seo chugainn.
Sleamhnán 5
An tOireachtas Léamh 1 Léigh an t-‐alt seo os ard leis an duine in aice leat. Ceiliúradh atá san Oireachtas ar gach aon cheann de na healaíona traidisiúnta – amhránaíocht, ceol, rince, litríocht, scéalaíocht, rince aonair ar an sean-‐nós, drámaíocht, scoraíocht, dreas cainte agus na �s-‐ealaíona ina measc. Déantar an ceiliúradh sin ag tráthanna éagsúla den bhliain trí imeachtaí, ócáidí agus comórtais a reáchtáil. Is iad seo a leanas na hócáidí bliantúla a reáchtálann an tOireachtas – Léacht an Oireachtais, Comórtais Liteartha an Oireachtais, Gradaim Chumarsáide an Oireachtais, Oireachtas na Samhna agus Scléip na hÓige. Tugann an tOireachtas tacaíocht do cheoltóirí, do rinceoirí, do chumadóirí, do scríbhneoirí, d’iriseoirí agus do scéalaithe agus faigheann siad siúd, a n–éiríonn leo sárchaighdeán a bhaint amach ina réimsí éagsúla saothair trí mheán na Gaeilge, aitheantas ón Oireachtas. Is é Oireachtas na Samhna mórócáid bhliantúil an Oireachtais, agus go deimhin mór�éile bhliantúil na nGael, ag a ndéantar ceiliúradh ar na healaíona dúchasacha éagsúla. Féile chomhaimseartha í, dírithe ar rannpháir�ocht leathan phobail, ina reáchtáiltear comórtais ardáin sna healaíona traidisiúnta mar aon le rogha leathan d’imeachtaí sainspéise do dhaoine fásta agus do dhaoine óga. Féile shiúlach í féile an Oireachtais, a théann trasna na �re, bliain i ndiaidh bliana, ag mealladh na sluaite léi agus ag cruthú Gaeltacht nádúrtha ar feadh thréimhse na féile pé áit in Éirinn a lonnaíonn sí mar gur trí mheán na Gaeilge a reáchtáiltear
Léitheoireacht, obair bheirte: alt a léamh os ard le chéile.
Sleamhnán 6
An tOireachtas Léamh 2 gach uile ghné den �éile. Is iad na comórtais ardáin croílár na féile, ag mealladh óg agus aosta as gach cearn den �r, agus cuid acu ón gcoigríoch, le bheith rannpháirteach sa cheiliúradh, le casadh le máistrí na n-‐ealaíona éagsúla agus le cairdis nua a chruthú agus a chothú. Cé go bhfuil na comórtais tábhachtach iontu féin is de bharr na rannpháir�ochta san �éile agus spleodar na hócáide a �illeann daoine arís agus arís eile ar Oireachtas na Samhna, agus is iad na hócáidí sóisialta eile – na seisiúin cheoil agus amhránaíochta, na seoltaí leabhar agus dlúthdhioscaí, na seimineáir, na léachtaí, na taispeántais agus na hócáidí ealaíon eile a spreagann an dílseacht seo sa lucht leanúna. Féile do dhaoine óga is ea Scléip na hÓige, a reáchtáiltear gach bliain le linn Oireachtas na Samhna. Is clár leathan imeachtaí sóisialta agus spóirt – foirmiúil agus neamh�oirmiúil – í Scléip na hÓige ina n-‐eagraítear cluichí, comórtais, ceardlanna, céilí, dioscó agus seó draíochta. Tá an �éile seo dírithe go hiomlán ar an óige, ag cur deiseanna sóisialta, cuideachta, spóirt agus foghlama ar fáil dóibh trí mheán na Gaeilge, ag cur le raon úsáidte na Gaeilge i measc na n-‐óg agus ag cothú deiseanna taitneamhacha cuí le heolas maidir le hoidhreacht chultúrtha agus ealaíne na hÉireann a thabhairt dóibh. Is i nGaeilge a reáchtáiltear imeachtaí uile Scléip na hÓige, agus déanann siad freastal ar bhaill chlubanna óige. Freastalaíonn baill as eagraíochtaí óige Ógras, Feachtas, Spleodar, Cumann na bhFiann, Óige na Gaeltachta agus eile ar imeachtaí Scléip na hÓige.
Léitheoireacht, obair bheirte: alt a léamh os ard le chéile.
177
Sleamhnán 7
An tOireachtas Iarphlé 3 Bíodh cóip den alt atá léite agat os do chomhair amach agus tabhair faoi na tascanna seo: 1. Cuir líne faoi aon �ocal san alt nach bhfuil tú 100% cinnte
faoina bhrí. 2. Cuir líne faoi aon abairt nach bhfuil tú 100% cinnte faoina brí. 3. Bí ag obair leis an duine in aice leat agus cabhraígí le chéile
leis na deacrachtaí atá agaibh. Bainigí triail as na straitéisí seo a leanas:
Mura bhfuil tú cinnte faoi bhrí �ocail, féadfaidh tú na rudaí seo a leanas a dhéanamh:
Léigh an cúpla abairt atá �mpeall ar an bhfocal. An
gcabhraíonn an comhthéacs leat buille faoi thuairim a thabhairt faoi bhrí an �ocail?
Murar féidir leat buille faoi thuairim a thabhairt, fiafraigh de
do mhúinteoir nó féach san �oclóir. Mura bhfuil tú cinnte faoi bhrí abairte, bain triail as an tsei� seo:
Abair an abairt amach os ard ag cur béime sna háiteanna cearta. An bhfuil sé níos soiléire anois? Bain triail as. Má theipeann oraibh, cuirigí ceist ar an múinteoir.
Tuiscint, feasacht tuisceana: conas cill a bhaint as téacs dúshlánach.
Sleamhnán 8
An tOireachtas Iarphlé 4 An bhfuil cuimhne mhaith agat? Gan féachaint siar ar do nótaí, scríobh amach na focail nua atá foghlamtha agat ón alt ar an Oireachtas. 1. ________________________________ 2. ________________________________ 3. ________________________________ 4. ________________________________ 5. ________________________________ 6. ________________________________ 7. ________________________________ 8. ________________________________ 9. ________________________________ 10. ________________________________
Stór focal: cuimhniú ar na focail nua san alt.
Sleamhnán 9
An tOireachtas Iarphlé 5 Féach ar na �seáin seo ar rince ar an sean-‐nós a tógadh ag an Oireachtas agus freagair na ceisteanna seo: 1. An bhfuil ranganna rince ar an sean-‐nós ar fáil i do cheantar
féin? 2. An bhfaca tú riamh rince na scuab? An bhfuil a �ios agat cad
é? 3. Dá mbeifeá le cur síos a dhéanamh d’eachtrannach ar cad is
rince ar an sean-‐nós ann, cad a déarfá mar gheall air? 4. Cén difríochtaí a �eiceann tusa idir rince ar an sean-‐nós agus
‘gnáth’ rince Gaelach?
Éisteacht/féachaint: taispeáin físeáin dóibh a léiríonn damhsa ar an sean-nós; obair bheirte: ceisteanna a phlé faoi damhsa ar an san-nós.
178
4E. Coimhthígh le chéile: Nótaí an Mhúinteora
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Bunúsach
Spriocanna Cumas tuisceana, éisteachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – an Ghaeltacht agus an Ghalltacht
Stór focal an Ghaeltacht agus an Ghalltacht
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar mhír físe ina bhfuil déagóir ag déanamh cur síos ar thábhacht na Gaeilge ina saol féin. Moltar na gníomhaíochtaí a bhaineann le Inscne an fhocail ó ‘Fócas ar Theanga’ a úsáid leis na gníomhaíochtaí seo.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán íseal Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin. Tá an rang níos oiriúnaí do dhaltaí Gaelscoileanna.
Réamhobair 1üLéigh an eochair agus na ráitis leis an rang iomlán le bheith cinnte go dtuigeann siad a bhfuil ar an
sleamhnán.
üAbair leis na foghlaimeoirí a bheith ag obair ina n-aonar ar dtús chun a dtuairimí faoi na ráitis a léiriú.
üIarr ar gach beirt a dtuairimí a chur i gcomparáid le chéile.
üPléigh na tuairimí a bhí acu, ní bheidh na tuairimí céanna ag gach duine.
üCuir ceist ar an rang an bhfuil aon cheist in easnamh, dar leo.
Réamhobair 2üIarr ar gach beirt na focail a mheaitseáil le chéile (féach Freagraí thíos).
üCeartaigh an ghníomhaíocht ansin.
Réamhobair 3üLéigh a bhfuil ar an sleamhnán leis an rang le bheith cinnte go dtuigeann siad gach rud.
üIarr orthu a machnamh a dhéanamh ar na ceisteanna atá air, mínigh dóibh gurb iad seo na ceisteanna a cuireadh ar an gcailín a bheidh sa mhír ar ball.
üMá cheapann tú go bhfuil na ceisteanna seo ródheacair don rang atá agat chun comhrá a dhéanamh iad féin, déan plé orthu leis an rang iomlán.
üDéan iarracht a oiread tuairimí agus is féidir a fháil ó na daltaí iad féin.
üScríobh aon fhoclóir nua a thagann chun cinn le linn na cainte ar an gclár.
4E. Coimhthígh le chéile:
179
ÉisteachtüMínigh do na daltaí go mbeidh siad ag éisteacht le déagóir óg ag caint faoin nGaeilge.
üAbair leo éisteacht léi uair amháin gan aon rud a scríobh.
üLéigh na ceisteanna 1-6 leo sula gcuirfidh tú an mhír ar siúl arís agus iarr orthu na ceisteanna a fhreagairt.
üTéigh siar ar na freagraí a bhí acu.
Iarobair 1üMínigh cad is briathar ann do na foghlaimeoirí agus tabhair samplaí d’úsáid an bhriathair sa Ghaeilge
dóibh.
üIarr orthu cuid A a dhéanamh (féach na freagraí).
üIarr orthu ansin cuid B a dhéanamh.
üIs cleachtadh é seo ar an bhfeasacht teanga, go díreach le haird na bhfoghlaimeoirí a dhíriú ar an mbriathar i gcásanna éagsúla.
üIs cinnte go bhfuil deacracht faoi leith ag daltaí meánscoile leis an ainm briathartha i samplaí mar seo: An féidir liom an leabhar (a fháil)! Bíonn an briathar (a fháil) in easnamh go minic. Déan cleachtadh breise air sin, más gá.
üTéigh siar ar na freagraí (féach thíos) leis an rang iomlán ansin.
Iarobair 2üBíodh cóipeanna déanta agat den sleamhnán seo agus tabhair cóip do gach duine sa rang.
üCuir an mhír ar siúl arís dóibh faoi dhó agus tabhair tamall do na daltaí chun an ghníomhaíocht a dhéanamh.
üCeartaigh cuid de na habairtí a bhí acu leis an rang ar fad. Féach ar an script. Ceartaigh cuid de na habairtí a bhí acu leis an rang ar fad. Féach ar an script.
Iarphlé 3üTabhair tamall do na daltaí chun an ghníomhaíocht ar an sleamhnán seo a dhéanamh.
üNíl ann ach plé beag ar an dearcadh a bhíonn ag déagóirí sa Ghaeltacht i rith an tsamhraidh nuair a thagann na daltaí a bhíonn ag freastal ar na coláistí samhraidh, agus an dearcadh a bhíonn acusan ar mhuintir na Gaeltachta.
üCuir gach beirt ag obair le chéile chun buille faoi thuairim a thabhairt ar cé a déarfadh na ráitis ar fad.
üPléigh na tuairimí a bhí ag an rang ar fad ansin. Pléigh na tuairimí a bhí ag an rang ar fad ansin.
ScríobhüIarr ar na daltaí an t-alt gearr ar an sleamhnán a léamh le chéile.
üBí cinnte go dtuigeann siad gach rud.
üIarr orthu alt cosúil leis an gceann ar an sleamhnán a scríobh.
180
Freagraí
Réamhobair 1- áis - foinse - oidhreacht - stair- freastail - téigh go dtí- ceapaim - sílim- iargúlta - cianda- tacaíocht - cúnamh- tuairim - barúil
Iarobair 1Caithfidh mé an leabhar a léamh roimh mhaidin.An féidir liom cupán caife a ól?Rinne mé m’obair bhaile aréir.Tá mé ag ithe mo bhricfeasta anois.Ní mór dom dul amach ag siúl.An féidir leat an fhuinneog a oscailt?Bím sa bhaile i gcónaí ag a seacht a chlog.Cuirfidh mé an litir sa phost amárach.An bhfuil an madra ag ithe mo dhinnéir?Tá orainn an sliocht ar fad a scríobh amach.
181
4E. Coimhthígh le chéile
Sleamhnán 1
Coimhthígh le chéile Réamhobair 1 A. Féach ar na habair� seo thíos, an aontaíonn tú leo? Féach ar an eochair agus cuir an uimhir a léiríonn do thuairim féin
in aice le gach rái�s. 1. Aontaím amach is amach 2. Aontaím 3. Tá mé idir dhá chomhairle 4. Easaontaím 5. Easaontaím amach is amach Ní bhíonn aon �oighne ag muin�r na Gaeltachta Gaeilge a labhairt liom.
Is breá liom dul ar saoire go d� an Ghaeltacht.
Tá an saol sa Ghaeltacht an-‐difriúil ón saol taobh amuigh den Ghaeltacht.
Bíonn muin�r na Gaeltachta ag caitheamh anuas ar mo chuid Gaeilge.
Bíonn náire orm Gaeilge a labhairt le muin�r na Gaeltachta.
Ní féidir Gaeilge a labhairt go maith gan tamall a chaitheamh sa Ghaeltacht.
B. Cad a deir an duine in aice leat?
Obair aonair: tuairim a léiriú faoi labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht; obair bheirte: comparáid a dhéanamh idir na freagraí.
Sleamhnán 2
Coimhthígh le chéile Réamhobair 2 Beidh tú ag éisteacht le cailín ag labhairt faoin nGaeilge ina scoil ar ball. Beidh na focail ar chlé le cloisteáil sa mhír. An féidir leat na focail chomhchiallacha leo a aimsiú ó na focail ar dheis?
-‐ áis -‐ sílim -‐ oidhreacht -‐ foinse -‐ freastail -‐ cúnamh -‐ ceapaim -‐ cianda -‐ iargúlta -‐ barúil -‐ tacaíocht -‐ stair -‐ tuairim -‐ téigh go d�
Obair bheirte, saibhriú teanga: comhchiallaigh a mheaitseáil.
Sleamhnán 3
Coimhthígh le chéile Réamhobair 3 Bí ag obair leis an duine in aice leat agus pléigí na freagraí a thabharfadh sibh ar na ceisteanna seo. Is iad na ceisteanna céanna iad a cuireadh ar an gcailín a mbeidh tú ag éisteacht léi ar ball.
1. Dar leatsa, cad atá i ndán don Ghaeltacht? An bhfuil sí tábhachtach mar áis, mar oidhreacht?
2. Cad faoi na canúin�, an gcloiseann sibh na canúin� ar fad ar scoil nó an mbíonn deacracht agat in amanna na canúin� a thuiscint nó aon rud mar sin?
Obair bheirte: ceisteanna le plé faoin nGaeltacht, faoi na canúintí; plé ranga: tuairimí na ndaltaí.
182
Sleamhnán 4
Coimhthígh le chéile Éisteacht Éist leis an mír cúpla uair agus freagair na ceisteanna seo a leanas.
1. Cén coláiste ar �reastail Aoife air?
2. Cad a cheap Aoife faoin nGaeltacht sula ndeachaigh sí ann?
3. An gceapann sí go bhfuil todhchaí ann don Ghaeltacht? Conas?
4. Cad a deir sí faoin Leas-‐Phríomhoide?
5. Cad a deir sí faoi chanúint Chonamara?
6. Luann sí Ciarraí, cén fáth?
Tasc éisteachta: ceisteanna le freagairt.
Sleamhnán 5
Coimhthígh le chéile Iarobair 1
A. Cad atá in easnamh sna habair� seo:
Caithfidh mé an leabhar roimh mhaidin.
An féidir liom cupán caife?
B. Cuir líne faoi na briathra sna habair� seo:
Rinne mé m’obair bhaile aréir.
Tá mé ag ithe mo bhricfeasta anois.
Ní mór dom dul amach ag siúl.
An féidir leat an �uinneog a oscailt?
Bím sa bhaile i gcónaí ag a seacht a chlog.
Cuirfidh mé an li�r sa phost amárach.
An bhfuil an madra ag ithe mo dhinnéir?
Tá orainn an sliocht ar fad a scríobh amach.
Gramadach, feasacht teanga: briathar
Sleamhnán 6
Coimhthígh le chéile Iarobair 2
Éist leis an mír arís agus líon na bearnaí leis an bhfoirm cheart den bhriathar.
Cad faoi na canúin�, _____________ (clois) sibh na canúin� ar fad ar scoil nó an mbíonn deacracht agat in amanna na canúin� a thuiscint nó aon rud mar sin?
Caithfidh mé a rá _____________ (tá) … tá… bhuel, tá canúint álainn ag an Leas-‐Phríomhoide, canúint ó Dhún na nGall, as Gaoth Dobhair is dóigh liom. Is breá liom _____________ (bí) ag éisteacht leis. Ach, sílim i ndáiríre like, táim go mór den tuairim nach bhfuil dóthain daoine as Conamara tar éis _____________ (tar) agus a gcanúin� a roinnt linn. Toisc, i ndáiríre is as Ciarraí formhór na múinteoirí Gaeilge atá againne. Agus cé go dtaitníonn an chanúint liom, _____________ (síl) go bhfuilimid saghas ag _____________ (caill) amach ar saghas saibhreas teanga i gConamara agus mar sin de. Ba bhreá liom dá _____________ (bí) níos mó múinteoirí againn anseo le canúin� Conamara.
Tasc éisteachta, scríofa: bearnaí a líonadh isteach ar script.
183
Sleamhnán 7
Coimhthígh le chéile Iarphlé 3
Bí ag obair leis an duine in aice leat. An tuairimí iad na tuairimí thíos ó dhéagóirí ón nGaeltacht nó ón nGalltacht? Cuirigí GE in aice leis na cinn a cheapann tú a bhaineann leis an nGaeltacht agus cuirigí GA in aice leis na cinn ón nGalltacht. Bígí in ann a rá cén fáth a gceapann sibh amhlaidh.
1. Bíonn an áit plódaithe ar feadh cúpla mí gach
samhradh. 2. Casaim lena lán cairde ó chathracha eile sa �r
gach samhradh. 3. Tá Gaeilge ghreannmhar ag na daltaí a thagann. 4. Ní thuigim an Ghaeilge a labhraíonn muin�r na
háite. 5. Bíonn na daltaí ag magadh faoinár d�the go minic. 6. Tá mé an-‐bhródúil as an nGaeilge. 7. Tá sé deacair aithne a �áil ar mhuin�r na háite
atá ar chomhaois liom.
Obair bheirte: tuairimí déagóirí sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht.
Sleamhnán 8
Coimhthígh le chéile Scríobh
Féach ar an sliocht beag thíos faoi thréimhse sa Ghaeltacht. Tar éis duit an sliocht a léamh, scríobh sliocht cosúil leis faoi thréimhse a chaith tú féin sa Ghaeltacht. Bain úsáid as do shamhlaíocht agus cum an scéal mura raibh tú sa Ghaeltacht riamh. Bain úsáid as an aimsir chaite ar ndóigh!
D’fhreastail mé ar choláiste samhraidh i gCiarraí an samhradh seo caite. Bhí ranganna againn gach maidin ach bhí muid saor ansin sa tráthnóna. Thaitin sé go mór liom. Chas mé lena lán daoine nua agus tá cúpla cara maith agam anois tar éis na míosa ansin. Bhí náire orm labhairt as Gaeilge ar dtús mar cheap mé go mbeadh muintir na háite ag magadh fúm, ach chaith gach duine go han-mhaith linn. Bhí na múinteoirí agus na mná tí chomh foighneach sin! Bhí iontas orm gur labhair gach duine Gaeilge le chéile, sa bhaile, sna siopaí agus gach áit i ndáiríre. Tháinig feabhas an-mhór ar mo chuid Gaeilge, caithfidh mé a rá.
Léitheoireacht: alt gairid faoi thréimhse i gColáiste Gaeilge; scríobh: alt samhlaíoch nó fíor faoi thréimhse sa Ghaeltacht.
184
4F. Na Teangacha Ceilteacha: Nótaí an Mhúinteora (Dúshlánach)
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Dúshlánach
Spriocanna Cumas tuisceana, scríbhneoireachta, léitheoireachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – na teangacha Ceilteacha
Stór focal Na Teangacha Ceilteacha agus cearta daonna
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar alt agus ar fhíricí a bhaineann leis na teangacha Ceilteacha. Moltar na gníomhaíochtaí a bhaineann le sa vs i ó ‘Fócas ar Theanga’ a úsáid leis na gníomhaíochtaí seo.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán ard Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin.
Réamhobair 1üAbair leis an rang na boscaí a líonadh leis na focail chuí. Ba cheart go mbeadh siad in ann buille faoi
thuairim a thabhairt mura bhfuil an t-eolas acu.
üTéigh siar ar na freagraí (féach Freagraí thíos).
üScríobh na tíortha ina labhraítear teangacha Ceilteacha ar an gclár, ainm na ndaoine sna tíortha sin agus an teanga atá i gceist:
Éire Éireannaigh An GhaeilgeAlbain Albanaigh Gàidhlig na hAlban An Bhreatain Bheag Breatnaigh An Bhreatnais Corn na Breataine daoine ó Chorn na Breataine An Choirnis An Mhanainn Manannaigh An Ghaeilge Mhanann nó Manainnis
üNí gá go mbeadh na focail ar fad ar eolas acu ach go mbeadh cur amach éigin acu orthu.
üAbair leo in Ireland, in Scotland agus araile a dhéanamh anois agus dírigh aird na bhfoghlaimeoirí ar an difríocht idir sa agus i, agus san agus in.
Réamhobair 2üCuir gach beirt ag obair le chéile ar an ngníomhaíocht seo. Abair leo buille faoi thuairim a thabhairt
mura bhfuil siad cinnte.
üPléigh na freagraí leis na daltaí ansin (féach Freagraí thíos).
Réamhobair 3üLéigh tríd na pointí atá ar an sleamhnán seo. Níl sna pointí ach leideanna chun cabhrú leis na
foghlaimeoirí focail nua a aimsiú.
üCuir leis na pointí más gá agus faigh tuairimí na ndaltaí faoi conas brí focal a aimsiú sula dtéann siad i muinín foclóra.
(Dúshlánach)
185
Réamhobair 4üLéigh amach na focail Ghaeilge ar chlé ar dtús agus cuir béim faoi leith ar an bhfoghraíocht. üIarr ar gach beirt ansin iarracht a dhéanamh na focail Ghaeilge a cheangal leis na focail Bhéarla.üTéigh siar ar na freagraí leis an rang iomlán ansin, féach sna freagraí thíos.
LéamhüLéigh an t-alt amach os ard leis an rang iomlán.üTá sé deacair go leor agus mar sin bí cinnte go dtuigeann gach foghlaimeoir an míniú fad is a théann
tú ar aghaidh.üIs féidir leat iarraidh ar dhaltaí éagsúla ailt a léamh amach os ard duit, ag cur béime ar an
bhfoghraíocht.
Iarobair 1üTéigh siar ar a bhfuil ar an sleamhán.üIarr orthu na pointí a bhfuil líne fúthu a scríobh ina gcóipleabhair.üAnsin, caithfidh siad na samplaí sin a chur i gcomparáid leis an saol in Éirinn. Mar shampla:
(1) Is sna caogaidí a tógadh an chéad ghlúin páistí le Fraincis i nGaeltacht na Briotáine. Is tar éis an Ghorta Mhóir a thosaigh céad mheath na Gaeilge. Tá Béarla níos fearr ná Gaeilge ag an gcuid is mó de mo ghlúinse anois.
üNíor ghá go mbeadh cur amach ag na daltaí ar stair na teanga nó fíricí faoin teanga. Ba cheart go mbeadh siad in ann pointí a rá faoina saol féin nó ar a laghad tuairimí a nochtadh faoi stádas na Gaeilge in Éirinn.
üIarr ar gach beirt na pointí a phlé le chéile ar dtús agus ansin pléigh thusa na tuairimí atá ag gach duine le chéile.
üScríobh aon fhoclóir nua nó nathanna cainte úsáideacha ar an gclár.
Iarobair 2üLéigh a bhfuil ar an sleamhnán leis an rang ar fad agus mínigh gur alt é seo a bhí i nGaelscéal agus
gur scéal fíor é. Bí cinnte go bhfuil na focail ar fad ar eolas acu.üMínigh dóibh go ndeachaigh an duine seo chun an phríosúin ar mhaithe le cearta teanga. üDéan iarracht comhrá a chothú sa rang faoi cé chomh tábhachtach is atá sé a bheith ag troid ar son
na teanga go ginearálta.üDéan suirbhé sa rang le haimsiú cé mhéad duine a dhéanfadh an rud céanna ar mhaithe leis an
nGaeilge. nGaeilge.
Iarphlé 3üBíodh an sleamhnán seo in airde agat fad is a sheinneann tú an mhír faoi Ghàidhlig na hAlban. Cuir
an mhír ar siúl faoi dhó.üAr chuala na daltaí na focail ar an sleamhnán sa mhír? üNíl i gceist leis an ngníomhaíocht seo ach feasacht chultúrtha na ndaltaí a fhorbairt faoi na teangacha
Ceilteacha timpeall orthu agus na cosúlachtaí idir na teangacha céanna.
186
Freagraí
Réamhobair 1
An Choirnis
An Bhreatnais
An Bhriotáinis
An Ghaeilge
An Ghaeilge Mhanann
Gáidhlig na hAlban
Teanga Ind-Eorpach
Q-Cheilteach
P-Cheilteach
Réamhobair 2üBhí na Teangacha Ceilteacha á labhairt go forleathan ar fud na hEorpa míle bliain ó shin. Bréagach (míle bliain RC)üBaineann na forainmneacha réamhfhoclacha leis na teangacha Ceilteacha amháin. FíorüTá Gaeilge na hÉireann agus Gaeilge na hAlban níos cosúla lena chéile ná na teangacha Ceilteacha
eile. FíorüIs í an Bhreatnais an teanga Cheilteach is mó a labhraítear sa lá atá inniu ann. Bréagach (Is í Gaeilge na hÉireann an teanga is láidre)üLabhraítear an Bhreatnais san Airgintín. Fíor (5,000 cainteoirí)üIs teanga oifigiúil í an Bhriotáinis sa Fhrainc. Bréagach (níl aon stádas oifigiúil aici)üTá 3 mhíle duine a labhraíonn Gaeilge Mhanann. Bréagach (1,823)
Réamhobair 3
1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20
g l m d s a o q h c n e k t f r j p b i
187
4F. Na Teangacha Ceilteacha
Sleamhnán 1
Na Teangacha Ceilteacha Réamhobair 1
Teanga Ind-‐Eorpach
P-‐Cheilteach
An Choirnis
An Bhriotáinis
Q-‐
An Ghaeilge
An Ghaeilge Mhanann
Féach ar an gcairt thuas faoi stair na dteangacha Ceilteacha. An féidir leat na boscaí a líonadh leis na focail chuí? Gàidhlig na hAlban -‐Cheilteach An Bhreatnais
Bearnaí le líonadh: tuairim a thabhairt mura bhfuil siad cinnte; Eolas a thabhairt: tíortha ina labhraítear na teangacha, ainm na ndaoine sna tíortha sin; gramadach: i/in vs sa/san.
Sleamhnán 2
Na Teangacha Ceilteacha Réamhobair 2 An bhfuil na �ricí thíos faoi na teangacha Ceilteacha �or nó bréagach? Bhí na Teangacha Ceilteacha á labhairt go forleathan ar fud na
hEorpa míle bliain ó shin.
Fíor Bréagach
Baineann na forainmneacha réamh�oclacha (orm, leis, aige) leis na teangacha Ceilteacha amháin.
Fíor Bréagach
Tá Gaeilge na hÉireann agus Gaeilge na hAlban níos cosúla lena chéile ná na teangacha Ceilteacha eile.
Fíor Bréagach
Is í an Bhreatnais an teanga Cheilteach is mó a labhraítear sa lá atá inniu ann.
Fíor Bréagach
Labhraítear an Bhreatnais san Airgin�n.
Fíor Bréagach
Is teanga oifigiúil í an Bhriotáinis sa Fhrainc.
Fíor Bréagach
Tá 3 mhíle duine a labhraíonn Gaeilge Mhanann. Fíor Bréagach
Obair bheirte: eolas faoi na teangacha Ceilteacha.
Sleamhnán 3
Na Teangacha Ceilteacha Réamhobair 3
Ag cuardach an �ocail Beidh tú ag cuardach míniú focal ar ball beag. Ná déan dearmad de na poin� seo a leanas agus tú ag déanamh na gníomhaíochta atá le teacht! An bhfuil líon agus méid na bhfocal mar an gcéanna?
teach – house
An bhfuil focail bheaga ann?
sa – in, an – the, ag – at
Cad faoi na haimsirí?
d’ordaigh – ordered
An bhfuil forainm (pronoun) nó briathar saor ann?
dúnfaidh sí – she will close, dúnfar – it will be closed
An bhfuil ‘ing’ an Bhéarla i gceist?
ag déanamh – doing
An bhfuil comh�ocal ann a thugann leid duit mar tá focal amháin ar eolas agat?
seanchuimhne (sean + cuimhne) – old memory
Tuiscint: conas teacht ar chiall fhocal nach bhfuil ar eolas.
188
Sleamhnán 4
Na Teangacha Ceilteacha Réamhobair 4 Féach ar na focail a bheidh san alt. Meaitseáil na focail Ghaeilge ar chlé leis na focail Bhéarla ar dheis.
1. Tíriúil 2. Dara Cogadh Domhanda 3. Dhá scór 4. Dornán 5. go saolófar 6. Léargas 7. Ainneoin sin 8. A scaipeadh & a cothaíodh 9. Neamhaird 10. Mún 11. Leathchéad 12. Chun na cille 13. Méadú 14. Meath 15. Ar chúl sceiche 16. Sciar 17. Aicme 18. Meánaicme ghairmiúil 19. Is mór idir 20. Ag druidim
a. Insight b. It’s a big difference c. Urine d. A few (handful) e. To the grave f. Secretly (behind a bush) g. Homely h. Ina�en�on i. Ge�ng close to j. Class k. Increase l. Second World War m. Forty (2 x score) n. Fi�y o. Notwithstanding p. Professional middleclass q. Spread and fostered r. Por�on / share s. That … will be born t. decline
1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20
Tuiscint, foghraíocht: éist le foghraíocht na bhfocal; obair bheirte: focal Gaeilge a cheangal le míniú Béarla.
Sleamhnán 5
Na Teangacha Ceilteacha Léamh Chaith Diarmuid Johnson an samhradh ar thóir na Briotáinise. Seo léargas ar a bhfaca sé. Paróiste beag �riúil atá sa Chapel Nevez (an ‘Séipéal Nua’). Ba í an Bhriotáinis teanga na ndaoine ann go d� an dara cogadh domhanda. Tharla athrú teanga sa mBriotáin tar éis an dara cogadh domhanda, faoi mar a tharla in Éirinn tar éis an Ghorta Mhóir. (1) Is sna caogaidí a tógadh an chéad ghlúin páis� le Fraincis i nGaeltacht na Briotáine. I dtús na haoise, bhí líon na gcainteoirí Briotáinise ag tarraingt ar mhilliún. I bhfad faoi bhun a leath oiread atá anois ann. (2) Faoi cheann dhá scór bliain, beidh dornán seandaoine sa Chapel Nevez fós ag labhairt na Briotáinise, faoi mar a bhí i roinnt iarGhaeltachtaí thall is abhus in Éirinn sna caogaidí. (3) As seo go ceann dhá scór bliain, ní cosúil go saolófar cainteoir Briotáinise ar bith sa Chapel Nevez. Sin léargas ar chás aon pharóiste amháin. Is sampla atá ann – micreacosma – den rud atá ag tarlú go forleathan. Go deimhin, ní dhá scór bliain an fad saoil atá ag an mBriotáinis i gceantair go leor, ach scór. Ainneoin sin is uile, tá muin�r na Briotáine an-‐dóchasach ar fad. (4) Ceaptar go slánóidh an t-‐oideachas an teanga. Ní hé an t-‐oideachas stáit atá i gceist, ach an t-‐oideachas a chuireann eagras neamhspleách ar bun. Diwan (‘eascairt’) an t-‐ainm atá ar an eagras seo.
Léitheoireacht: alt faoin mBriotáinis.
Sleamhnán 6
Na Teangacha Ceilteacha Léamh Bunaíodh Diwan i 1978, agus thosaigh siad ag cur scolaíochta ar naíonáin bheaga trí mheán na Briotáinise. De réir mar a chuaigh na naíonáin in aois, chuir Diwan oideachas trí Bhriotáinis ar fáil dóibh. Anuraidh, rinne cuid de scoláirí Diwan an bac (Ardteist) den chéad uair. Tá muin�r na Briotáine ar fad ar an eolas faoi Diwan. Is é an port atá ag an ngnáthdhuine go bhfuil ag éirí thar barr le Diwan. Is trí na meáin chumarsáide a scaipeadh is a cothaíodh an smaoineamh seo. Déarfadh duine gur sárobair phoiblíochta a bhí ansin. Ach déantar neamhaird ghlan de na stai�s�cí. Faoi bhun 2,000 páiste atá i scoileanna Diwan. Mún dreoilín sa bhfarraige. As seo go ceann leathchéad bliain, rachaidh os cionn ceathrú milliúin cainteoir Briotáinise chun na cille. Seans go d�ocfaidh méadú ar Diwan. Fiú má thagann méadú deich n-‐uaire air, ní chuirfidh sin cosc ar mheath na Briotáinise. Ní hé gur éirigh go maith le poiblíocht Diwan: is amhlaidh a bhain na meáin chumarsáide cor as an scéal (úsáid as) leis an meath a cheilt. D’éirigh leo bás teanga a chur ar chúl sceiche. Ní miste fiafraí an bhfuil cosúlacht idir seo agus cás na ngaelscoileanna in Éirinn. Is �or a rá go raibh oiread Gaeilge sa ngnáthbhunscoil tríocha bliain ó shin in Éirinn is atá sa ngnáthGhaelscoil inniu. Bhí líon mór foghlaimeoirí Gaeilge ann riamh, ach cén sciar díobh a thug an Ghaeilge leo? Tá líon na bhfoghlaimeoirí slán. Ní leor sin.
Léitheoireacht: alt faoin mBriotáinis.
189
Sleamhnán 7
Na Teangacha Ceilteacha Léamh (5) Níl aon stádas oifigiúil ag an mBriotáinis i bPoblacht na Fraince. Níl léamh ná scríobh a dteanga dhúchais ag na Briotánaigh. (6) Baineann an teanga le haicme faoi leith: na feirmeoirí. Níl aon mheánaicme ghairmiúil a chleachtann an Bhriotáinis. (7) Tuairim agus uair a’ chloig teili�se in aghaidh na seachtaine a bhíonn i mBriotáinis. Cloistear gach lá ar an raidió í. Múintear an Bhriotáinis i ndornán beag scoileanna stáit, (8) agus is ábhar roghnach breise í i meánscoileanna thall is abhus. Is féidir céim ollscoile a dhéanamh i mBriotáinis ó 1989. (9) Is mór idir Briotáinis na bhfoghlaimeoirí agus na gcainteoirí dúchais: is minic nach dtuigeann an dá dhream a chéile. Is í an Bhriotáinis an t-‐aon teanga Cheilteach atá fós á labhairt ar mhór-‐roinn na hEorpa. Tá sí á labhairt ann ón gceathrú haois i leith. Roimhe sin, bhí treibheanna Ceilteacha ag labhairt na Gaeilise ó tuairim agus 500 bliain roimh Chríost. De réir dealraimh, tá ré dhá mhíle go leith bliain ag druidim chun deiridh lenár linn féin.
Léitheoireacht: alt faoin mBriotáinis.
Sleamhnán 8
Na Teangacha Ceilteacha Iarobair 1 1. Léigh an t-‐alt arís agus breac síos na naoi bpoin� a
bhfuil líne fúthu i do chóipleabhar.
2. Cén tslí a bhfuil na poin� sin cosúil leis an saol atá agat féin, is é sin an saol mar chainteoir Gaeilge.
3. Labhair leis an duine in aice leat le fáil amach an bhfuil na tuairimí céanna agaibh beirt!
Más as an nGaeltacht tú labhair faoin nGaeltacht sin. Má tá tú i do chónaí taobh amuigh den Ghaeltacht labhair faoin nGaeltacht a bhfuil cur amach agat uirthi.
Scríbhneoireacht: na frásaí a bhfuil líne fúthu a bhreacadh síos; comparáid lena saol in Éirinn; obair bheirte: plé ar na tuairimí.
Sleamhnán 9
Na Teangacha Ceilteacha Iarobair 2
Príosún do ghníomhaire Breatnaise GAELSCÉAL 22 Lúnasa, 2012 Anton Mac Cába GEARRADH 45 lá príosúnachta ar Bhreatnach, mar gur dhiúltaigh sé glacadh le hordú cúirte i mBéarla. Bhí Jamie Bevin ar dhuine de dhream a ghlac seilbh ar oifig an Fheisire Chaomhaigh, Jonathan Evans, i gCaerdydd anuraidh. Rinneadh é sin mar agóid in éadan ciorruithe ar bhuiséad S4C. Scríobh Bevin mana ar an mballa agus d’ordaigh an chúirt dó cúiteamh £1,021 (€1,298) a dhíol as. Dúirt sé go raibh na hacmhainní aige leis an gcúiteamh a dhíol, ach nach ndéanfadh sé sin, mar go raibh an t-‐ordú i mBéarla, in ainneoin gur iarr sé trí huaire gur i mBreatnais a bheadh sé. Dúirt sé leis an gcúirt gur “pribhléid” a bhí ann dul faoi ghlas.
PLÉ Cad a cheapann sibh faoina bhfuil déanta ag an bhfear sa sliocht? An ndéanfá an rud céanna ar son na Gaeilge? Cén fáth?
Léitheoireacht: alt faoi chearta teanga; plé ranga: ábhar an ailt; troid ar son teanga.
190
Sleamhnán 10
Na Teangacha Ceilteacha Iarobair 3 Beidh tú ag éisteacht le bean óg as Albain ag caint. An féidir leat na focail seo a dhéanamh amach sa mhír?
Is mise Ag déanamh damhsa Gaelach
Tír mhór Oileán An áit
An bhfuil an Ghàidhlig cosúil leis an nGaeilge in Éirinn? An bhfuil sí cosúil le haon chanúint faoi leith in Éirinn? Cén fáth, dar leat?
Éisteacht: Gàidhlig na hAlbain; feasacht chultúrtha: cosúlachtaí idir Gaeilge agus teangacha Ceilteacha eile.
191
4G. Réaltaí na Gaeilge: Nótaí an Mhúinteora (Measartha dúshlánach)
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Measartha dúshlánach
Spriocanna Cumas tuisceana, scríbhneoireachta, léitheoireachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – An Ghaeilge agus daoine mór le rá
Stór focal An Ghaeilge agus daoine mór le rá
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán measartha maith Gaeilge acu don Teastas Soiséarach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin.
Réamhobair 1üAn aidhm atá leis an sleamhnán seo ná na daltaí a chur ag machnamh faoin nGaeilge sna meáin
chumarsáide.
üTabhair samplaí dóibh de dhaoine a bhfuil Gaeilge acu sna meáin mura féidir leo smaoineamh ar aon duine. Is é Gabriel Byrne an fear ar an sleamhnán agus tá sé ag foghlaim Gaeilge arís anois mar dhuine fásta.
üPléigh na ceisteanna leis an rang ar fad tar éis do na daltaí plé gearr a dhéanamh ina mbeirteanna.
Réamhobair 2üAn aidhm atá leis an sleamhnán seo ná na daltaí a chur ag machnamh faoi úsáid na Gaeilge sa
pholaitíocht agus an tábhacht a bhaineann le ceannairí na tíre an Ghaeilge a úsáid.
üPléigh na ceisteanna leis an rang ar fad tar éis do na daltaí plé gearr a dhéanamh ina mbeirteanna. Féach na freagraí.
Réamhobair 3üMínigh do na daltaí go mbeidh siad ag léamh ailt faoi bhean darb ainm Clíona Ní Chíosáin ar ball.
üIs féidir leat an sliocht ón gclár a thaispeáint dóibh chun tús a chur leis an gcaint.
üCuir gach beirt ag obair le chéile chun plé a dhéanamh ar an bhfoclóir a bheas san alt. Iarr orthu iarracht a dhéanamh buille faoi thuairim a thabhairt ar dtús, sula bhféachfaidh siad san fhoclóir.
üCeartaigh an ghníomhaíocht ansin ag cinntiú go bhfuil na focail ar fad ar eolas acu. Féach na freagraí.
LéamhüLéigh na treoracha ar an sleamhnán seo leis an rang ar fad.
üBí cinnte go dtuigeann siad cad a bheas le déanamh acu.
üRoinn an rang i mbeirteanna.
(Measartha dúshlánach)
192
üBíodh cóipeanna déanta agat den alt atá ag deireadh na moltaí seo. Tabhair an t-alt Clíona Ní Chíosáin Duine A do dhuine amháin agus Clíona Ní Chíosáin Duine B don duine eile.
üCaithfidh gach beirt sealanna a ghlacadh na hailt a léamh amach. Fad is a léifidh duine amháin alt amach beidh ar an duine eile éisteacht go cruinn agus na bearnaí a líonadh.
üLéigh an t-alt leis an rang ar fad agus bí cinnte go bhfuil na bearnaí líonta leis na focail chearta. Léigh an t-alt leis an rang ar fad agus bí cinnte go bhfuil na bearnaí líonta leis na focail chearta.
Iarphlé 1üIarr ar gach beirt cúpla pointe a bhreacadh síos faoi na rudaí deacra a bhí i saol Chlíona nuair a bhí sí
ag aisteoireacht.
üPléigh na pointí a bhí ag gach beirt.
üCuir gach beirt ag obair le chéile ansin chun na ceisteanna a fhreagairt.
üPléigh a gcuid freagraí mar rang iomlán ansin.
Iarobair 2üCuir gach beirt ag obair le chéile ar an ngníomhaíocht atá ar an sleamhnán seo.
üCuir leis an liosta post más féidir leat, nó iarr ar na daltaí cur leis más féidir.
üIs í aidhm an sleamhnáin seo ná na daltaí a chur ag machnamh faoin saol amach rompu agus na deiseanna atá ann anois do dhaoine a bhfuil Gaeilge líofa acu.
üDéan plé leis an rang iomlán nuair atá an ghníomhaíocht déanta acu. Is féidir leat plé a dhéanamh chomh maith ar na tréithe atá ag teastáil chun na poist áirithe a dhéanamh.
Iarobair 3üCuir gach beirt ag obair ar na ceisteanna ar an sleamhán.
üTuairimíocht atá ann agus feasacht chultúrtha.
üPléigh na ceisteanna leis an rang iomlán ansin.
193
Freagraí
Réamhobair 2Michael D. Higgins / Micheál D. Ó hUiginn
Uachtarán na hÉireann / An Taoiseach
Réamhobair 3tairbhe - benefit
iomráiteach – famous
aisteoireacht – acting
ar bís – excited / impatient
triail (le haghaidh na trialach) - audition
ainmniúchán – nomination
caonach – moss / mould
ar na bacáin – being prepared
éalú – escape / break
maoiniú – funding
guthán – phone
infheistiú – investment
ag stealladh báistí – pouring rain
taithí oibre – work experience
lách – kind
innealra – machinery
deighilt – gap / division
earnáil – sector
aigne phobail – community mind-set
gan choinne – without warning
imeallach – marginal / on the fringes
cinniúnach – fateful / deciding
blas canúna – accent
foighde (foighne) – patient
an t-ádh – luck
fuil – blood
194
4G. Réaltaí na Gaeilge
Sleamhnán 1
Réaltaí na Gaeilge Réamhobair 1
Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat: 1. An bhféachann tú ar TG4? Cén fáth?
2. An éisteann tú le Raidió na Gaeltachta? Cén fáth?
3. Cé hiad na daoine cáiliúla a bhfuil Gaeilge acu, go bhfios duit?
Obair bheirte: daoine mór le rá le Gaeilge.
Sleamhnán 2
Cé hé an fear seo thíos? An féidir leat a ainm a scríobh go cruinn i nGaeilge agus i mBéarla? Líon na bearnaí sna teidil anois:
U _ _ _ _ _ _ _ _ na hÉ _ _ _ _ _ _
A _ T _ _ _ _ _ _ _ _ An bhfuil Gaeilge ag Enda Kenny? An bhfuil sé tábhachtach go bhfuil Gaeilge ag an mbeirt �ear sin?
Réaltaí na Gaeilge Réamhobair 2
Feasacht chultúrtha: úsáid na Gaeilge sa pholaitíocht, agus an tábhacht a bhaineann léi.
Sleamhnán 3
Réaltaí na Gaeilge Réamhobair 3
Beidh tú féin agus an duine in aice leat ag léamh ailt faoi Chlíona Ní Chíosáin ar ball. Cad atá ar eolas agaibh fúithi?
An bhfuil na focail thíos ar eolas agaibh? Mura bhfuil féach san �oclóir!
tairbhe iomráiteach aisteoireacht ar bís triail (le haghaidh na trialach) ainmniúchán caonach ar na bacáin éalú maoiniú guthán in�eis�ú ag stealladh báis� taithí oibre lách innealra deighilt earnáil aigne phobail gan choinne imeallach cinniúnach blas canúna foighde (foighne) an t-‐ádh fuil
Obair bheirte: plé ar na focail.
195
Sleamhnán 4
Réaltaí na Gaeilge Léamh
Treoracha
Bí ag obair leis an duine in aice leat. Téigí siar ar an bhfoclóir ón sleamhnán
deireanach agus cuirigí ceisteanna mar seo ar a chéile: ‘Cad is brí leis an bhfocal….?
Tabharfaidh an múinteoir Cóip A do dhuine amháin agaibh agus Cóip B don duine eile.
Caithfidh sibh an t-‐alt a léamh amach os ard dá chéile, alt ar alt.
Fad is a bheidh do pháirtnéir ag léamh amach ailt duit beidh ortsa na bearnaí a líonadh i do leagan féin.
Beidh ortsa ansin alt a léamh amach don duine eile agus beidh ar an duine sin na bearnaí ina leagan féin a líonadh.
Obair bheirte: alt a léamh, bearnaí le líonadh.
Sleamhnán 5
Réaltaí na Gaeilge Iarphlé 1
Tar éis daoibh an t-‐alt a léamh faoi Chlíona, reacaigí síos cúpla rud a bhí deacair di nuair a bhí sí ag aisteoireacht agus cúpla rud a thai�n go mór léi ag an am.
Plé 1. Ar mhaith leat bheith i d’aisteoir? Cén
fáth? 2. Cad iad na tréithe is tábhachtaí a bheadh
ag teastáil le bheith i d’aisteoir? 3. An bhfuil saol deacair nó éasca ag
aisteoirí mór le rá? Cén fáth a ndeir tú amhlaidh?
Tar éis daoibh an t-‐alt a léamh faoi Chlíona, reacaigí síos cúpla rud a bhí deacair di nuair a bhí sí ag aisteoireacht agus cúpla rud a thai�n go mór léi ag an
Obair bheirte: pointí faoin alt a phlé, ceisteanna le freagairt.
Sleamhnán 6
Réaltaí na Gaeilge Iarphlé 2
Féach ar na poist ar fad atá ar fáil do dhaoine a bhfuil Gaeilge líofa acu. Cuir na poist sna boscaí atá �or fút féin. Mar shampla, dúirt Clíona gur shíl sí gur mhaith léi bheith ina múinteoir ach níl aon �oighne aici. Chuirfeadh sise an post Múinteoir sa bhosca Ní dóigh liom. Féach cad atá ag an duine in aice leat nuair atá tú críochnaithe.
Aisteoir Múinteoir Aistritheoir Scríbhneoir
File Iriseoir
Láithreoir nuachta Teangeolaí Ollamh
Go cinnte!
Tá seans maith ann…
Ní bheadh a �ios agat…
Ní dóigh liom…
Is cinnte nach…
Obair bheirte, stór focal: plé ar phoist le Gaeilge; feasacht fostaíochta: na féidearthachtaí atá ann do dhaoine le Gaeilge; plé ranga: tréithe pearsanta atá de dhíth i bpoist éagsúla.
196
Sleamhnán 7
Réaltaí na Gaeilge Iarphlé 3
Imeallach An bhfuil na daoine thíos imeallach, dar leat? Cén fáth? An bhfuil muin�r na Gaeltachta imeallach, dar leat? Cén fáth? An bhfuil cainteoirí Gaeilge i mBaile Átha Cliath imeallach, dar leat? Cén fáth?
Obair bheirte, feasacht chultúrtha: an t-imeallú.
197
Fócas ar Theanga Inscne an ainmfhocail: Nótaí an Mhúinteora
Leibhéal An Teastas Sóisearach
Spriocanna Aird na bhfoghlaimeoirí a dhíriú ar an ainmfhocal sa Ghaeilge
Stór focal Ginearálta
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Léigh na treoracha leis na daltaí agus tabhair a oiread samplaí breise agus is gá go dtí go dtuigeann na daltaí na rialacha ginearálta faoi na hainmfhocail bhaininscneacha agus fhirinscneacha.
Bí cinnte go míníonn tú dóibh nach bhfuil sna rialacha seo ach treoracha i ndáiríre agus gur cheart dóibh an foclóir a úsáid má tá siad in amhras. Abair leo go bhfuil go leor eisceachtaí ann agus mar sin gur chóir dóibh inscne an fhocail a fhoghlaim gach uair a fhoghlaimíonn siad focal nua.
Is fiú ag an bpointe seo dul siar ar an tslí an foclóir a úsáid mar is ceart.
Freagraí
Braitheann na freagraí ar na samplaí a bhíonn ag na daltaí féin.
*Féach leathanach 101 – 111 sa leabhar Cogar Nua
198
Fócas ar Theanga: Inscne an Ainmfhocail
Sleamhnán 1
An t-‐ainm�ocal baininscneach Seo thíos na grúpaí focal de na focail bhaininscneacha. An féidir leat féin agus an duine in aice leat cur leis an liosta? Focail a chríochnaíonn le –eog / -‐óg: fuinneog, bábóg
Focail a chríochnaíonn le consan caol: conclúid, sráid, prói�l, anáil, oscailt, tuiscint, �omáint, cúirt, sábháil, seic, céim, síocháin, cóip, stoirm
Focail a chríochnaíonn le –íocht agus –aíocht agus a mbíonn dhá shiolla nó níos mó iontu: filíocht, cleasaíocht
Focail a chríochnaíonn le –eacht agus –acht agus a mbíonn dhá shiolla nó níos mó iontu: gluaiseacht, daonnacht
Focail a chríochnaíonn le –chan: athbheochan
Focail a chríochnaíonn le –lann: pic�úrlann, bialann
Gramadach: focail bhaininscneacha.
Sleamhnán 2
Nuair a bhíonn inscne an �ocail ar eolas agat is féidir leat an t-‐alt a chur leis gan aon stró! Féach ar na samplaí seo:
Focal a thosaíonn le guta (ní chuirtear aon ní i bhfeidhm):
an áit
Focail a thosaíonn le consan (cuirtear séimhiú ar an bhfocal):
an bhábóg
Focail a thosaíonn le s (cuirtear t rompu):
an tsráid
Focail a thosaíonn le d agus t (ní chuirtear aon ní i bhfeidhm):
an duine
Cuir an t-‐alt roimh na focail ar fad ar an sleamhnán deireanach.
An t-‐ainm�ocal baininscneach
Gramadach: úsáid an ailt le hainmfhocail bhaininscneacha.
Sleamhnán 3
An t-‐ainm�ocal firinscneach Seo thíos na grúpaí focal de na focail �irinscneacha. An féidir leat féin agus an duine in aice leat cur leis an liosta?
Focail a chríochnaíonn le guta: iascaire, trócaire, ceo, páiste, scrúdú
Focail a chríochnaíonn le consan leathan: trealamh, pobal, amhrán, iarratas, buicéad, samhradh, scéal, staidéar, príosún, pic�úr, déantús
Focail a chríochnaíonn le –ín, nuair is ‘níos lú’ atá i gceist: cailín, toi�n
Focail a chríochnaíonn le –éir, -‐eoir, -‐óir, -‐úir agus a bhaineann le gairmeacha de ghnáth: siúinéir, múinteoir, dochtúir, cúntóir
Focail a chríochnaíonn le –eacht nó –acht ach nach bhfuil ach siolla amháin acu: ceacht, acht
Gramadach: ainmfhocail fhirinscneacha.
199
Sleamhnán 4
An t-‐ainm�ocal firinscneach
Nuair a bhíonn inscne an �ocail ar eolas agat is féidir leat an t-‐alt a chur leis gan aon stró! Féach ar na samplaí seo:
Focal a thosaíonn le guta (cuirtear t rompu):
an t-‐alt
Focail a thosaíonn le consan (ní chuirtear aon ní i bhfeidhm):
an bád
Focail a thosaíonn le s (ní chuirtear aon ní i bhfeidhm):
an sampla
Focail a thosaíonn le d agus t (ní chuirtear aon ní i bhfeidhm):
an duine
Cuir an t-‐alt roimh na focail ar fad a bhí ar an sleamhnán deireanach
Gramadach: úsáid an ailt le hainmfhocail fhirinscneacha.
200
Fócas ar Theanga sa agus i: Nótaí an Mhúinteora
Leibhéal An Teastas Sóisearach
Spriocanna Aird na bhfoghlaimeoirí a dhíriú ar sa agus i
Stór focal Ginearálta
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Léigh na treoracha leis na daltaí agus tabhair a oiread samplaí breise agus is gá go dtí go dtuigeann na daltaí cathain a úsáidtear sa / san / i / in.
Bí cinnte go míníonn tú dóibh go mbíonn urú tar éis i agus go bhfuaimnítear fh mar ghuta agus dá bhrí sin leantar na rialacha céanna le guta, mar shampla: san fhuacht.
Freagraí
1. Níl aon suim agam sa cheol.
2. Tá sí ina cónaí sa Ghearmáin.
3. An raibh tú riamh i Meiriceá?
4. Cad atá san uisce?
5. Ní raibh mé riamh in áit mar seo.
6. Cé atá sa bhaile?
7. Tá sé ar cuairt i gCorcaigh.
8. Cén teanga a labhraítear in Albain?
9. Labhraíonn siad Breatnais sa Bhreatain Bheag.
10. Tar isteach, ná fan san fhuacht.
agus
201
Fócas ar Theanga: sa agus i
Sleamhnán 1
Sa agus i
Féach:
i = in i gCúba
sa (i + an) = in the sa Spáinn
in roimh ghuta in Albain
san roimh ghuta san Iodáil
Gramadach: sa agus i le tíortha.
Sleamhnán 2
Sa agus i Roghnaigh an focal ceart le cur sna bearnaí.
sa san i in 1. Níl aon suim agam _____ cheol. 2. Tá sí ina cónaí _____ Ghearmáin. 3. An raibh tú riamh _____ Meiriceá? 4. Cad atá _____ uisce? 5. Ní raibh mé riamh _____ áit mar seo. 6. Cé atá _____ bhaile? 7. Tá sé ar cuairt _____ gCorcaigh. 8. Cén teanga a labhraíonn siad _____
Albain? 9. Labhraíonn siad Breatnais _____
Bhreatain Bheag. 10. Tar isteach, ná fan _____ �uacht.
Gramadach: sa agus i.
Plean Ceachta do Chaibidil 5
Caibidil 5: Mé Féin in Éirinn
A. An teilifísB. Facebook (Measartha dúshlánach)C. CeolD. An bochtanas (Dúshlánach)E. An béal bocht (Dúshlánach)F. Mé féin agus scrúduithe (Measartha dúshlánach)G. Ocáidí móra (dúshlánach)H. Fócas ar theanga: i. An tuiseal gairmeach ii. ‘ró’ agus ‘an-’
202
203
5A. An teilifís: Nótaí an Mhúinteora
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Bunúsach
Spriocanna Cumas tuisceana, éisteachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – an teilifís i saol an déagóra
Stór focal an teilifís
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar cheithre mhír físe ina bhfuil déagóirí ag déanamh cur síos ar an teilifís ina saol féin.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán íseal Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin.
Réamhobair 1üLéigh amach a bhfuil ar an sleamhnán don rang agus bí cinnte go dtuigeann siad gach rud agus cad atá
le déanamh.
üCaithfidh na daltaí na freagraí cearta san aimsir láithreach a aimsiú, idir dhiúltach agus dhearfach.
üIs fiú súil siar a dhéanamh ar an aimsir láithreach ag an bpointe seo, go háirithe ar an tslí chun ceisteanna a chumadh agus a fhreagairt.
üIarr ar gach beirt na freagraí cearta a aimsiú sula bpléann tú féin na freagraí leis an rang ar fad.
Réamhobair 2üLéigh amach a bhfuil ar an sleamhnán don rang agus bí cinnte go dtuigeann siad gach rud agus cad atá
le déanamh.
üCuir gach beirt ag obair le chéile arís agus iarr orthu an cheist: An bhféachann tú ar an teilifís go minic? a chur ar a chéile.
üCuir sampla den chomhrá ar an gclár más gá:
- An bhféachann tú ar an teilifís go minic?
- Féachaim, anois is arís.
üIarr ar gach beirt an comhrá gearr a dhéanamh os comhair an ranga.
üBí cinnte go bhfuil gach dalta in ann an cheist agus an freagra seo a thabhairt.
Réamhobair 3üCaithfidh gach dalta liosta de na cláir is breá leo, is maith leo agus is fuath leo a scríobh, ag tosú leis na
cinn is fearr leo.
üIarr ar dhaltaí éagsúla a liostaí a léamh amach.
üDéan iarracht rud beag cainte a spreagadh faoi na cláir áirithe, ag an bpointe seo.
204
ÉisteachtüMínigh do na daltaí go mbeidh siad ag éisteacht le déagóirí ag caint faoin teilifís.
üAbair leo éisteacht leis an mír uair amháin gan aon rud a scríobh.
üLéigh na treoracha sa bhosca leo le bheith cinnte go dtuigeann siad cad atá le déanamh.
üCuir an mhír ar siúl ar a laghad dhá uair eile, ag stopadh idir gach cainteoir.
üTéigh siar ar na freagraí a bhí acu (féach an script).
IarobairüLéigh a bhfuil ar an sleamhnán leo agus abair leo an ghníomhaíocht a dhéanamh.
üNíl an ghníomhaíocht an-deacair ach ba cheart go dtabharfadh sí seans do na daltaí labhairt faoi na cláir is fearr leo.
üBí ag siúl timpeall an ranga, ag tabhairt tacaíochta dóibh agus ag cuidiú leo, le linn na gníomhaíochta.
LéamhüIarr ar gach beirt an léirmheas a léamh le chéile.
üNíl sé an-deacair, ach cuidigh leo le haon fhocal nach bhfuil ar eolas acu.
üIs féidir leat iarraidh ar dhaltaí éagsúla abairtí a léamh amach os ard duit, ag cur béime ar an bhfoghraíocht.
ScríobhüAbair leis na daltaí léirmheas simplí a scríobh faoin gclár is fearr leo.
üAbair leo an ceann faoi The Americans a úsáid, mar shampla.
üIs féidir an ghníomhaíocht seo a thabhairt dóibh mar obair bhaile nó mar chuid den rang.
üBailigh na léirmheasanna agus ceartaigh iad. Téigh siar ar aon deacracht a bhí ag na daltaí, duine le duine.
205
5A. An Teilifís
Sleamhnán 1
Féach ar an gceist agus na freagraí seo:
An bhféachann tú ar an teili�s? Féachaim / Ní �éachaim
Cad iad na freagraí ar na ceisteanna seo:
An mbreathnaíonn tú ar an teili�s? ______________________
An amharcann tú ar an teili�s? ______________________
An teili�s Réamhobair 1
Gramadach: aimsir láithreach
Sleamhnán 2
An teili�s Réamhobair 2
Bain úsáid as an leagan atá agat féin (an bhféachann/an mbreathnaíonn/an amharcann), agus cuir an cheist ar an duine in aice leat. Beidh an duine sin ag cur ceiste ortsa freisin, bain úsáid as an bhfoclóir sa chiorcal chun an freagra ceart a thabhairt.
go minic anois is arís
go hannamh
uaireanta go rímhinic
in aon chor
gach lá / oíche / tráthnóna
Obair bheirte: comhrá faoi amharc ar an teilifís.
Sleamhnán 3
An teili�s Réamhobair 3
Líon isteach an dréimire thíos faoi chláir theili�se: Is breá liom… Tá sé ceart go leor… Is fuath liom…
Obair scríofa: cláir theilifíse.
206
Sleamhnán 4
An teili�s Éisteacht
Éist leis na cainteoirí agus líon na bearnaí cuí sa bhosca.
Ainm Cláir Cúiseanna Is maith nó ní maith?
Dara
Liam
Saoirse
Síle
Liam
Saoirse
Síle
Saoirse Saoirse
Tasc éisteachta: ceisteanna le freagairt.
Sleamhnán 5
An Teili�s Iarobair
Bí in ann freagraí a thabhairt ar na ceisteanna seo: Cad iad na cláir is fearr leat? Cén fáth? Anois, labhair le triúr eile sa rang agus cuir na ceisteanna thuas ar na daoine sin. Líon an bosca leis an eolas a bhailíonn tú.
Mé féin Duine 1 Duine 2 Duine 3
Na cláir
Cúiseanna
Tasc labhartha: na cláir is fearr leo agus na cúiseanna.
Sleamhnán 6
An teili�s Léamh
Léigh an léirmheas, amach os ard, leis an duine in aice leat. Is é The Americans an clár is fearr liom. Sraith teili�se atá ann, agus tá sé lonnaithe sna Stáit Aontaithe sna hochtóidí. Is scéal é faoi ghnáth-‐theaghlach Meiriceánach, ach ní Meiriceánaigh iad ar chor ar bith – is Rúisigh iad! Is spiairí Rúiseacha iad atá ag obair don KGB. Ligeann siad orthu féin gur saoránaigh mhaithe na Stát Aontaithe iad ach ní hea. Bíonn siad de shíor ag déanamh spiaireachta agus ag marú daoine ar son na Rúise. Is scéinséir (thriller) é, ach ag an am céanna is sobal é chomh maith, mar bíonn na gnáth�adhbanna acu mar a bhíonn ag teaghlach ar bith. Is breá liom an t-‐aisteoir Ma�hew Rhys, athair an teaghlaigh.
Léitheoireacht: alt le léamh.
207
Sleamhnán 7
An teili�s Scríobh
Scríobh léirmheas gearr anois cosúil leis an gceann ar an sleamhnán deireanach, faoin gclár is fearr leat féin. ________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________
Obair scríofa: léirmheas le scríobh.
208
5B. Facebook: Nótaí an Mhúinteora (Measartha dúshlánach)
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Measartha dúshlánach
Spriocanna Cumas tuisceana, scríbhneoireachta, léitheoireachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – na gréasáin shóisialta agus Facebook
Stór focal Na gréasáin shóisialta agus Facebook
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar bheirt daltaí scoile as Baile Átha Cliath ag caint faoi Facebook.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán ard Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin.
Réamhobair 1üAbair leis na daltaí an fhoirm a líonadh isteach leo féin ar dtús. Níor cheart dóibh a n-ainmneacha a
scríobh isteach. Féach an sampla sna Freagraí.
üBailigh na foirmeacha ó na daltaí ansin agus measc suas go maith iad.
üTabhair foirm amháin do gach dalta sa rang agus iarr orthu buille faoi thuairim a thabhairt faoi cé leis an fhoirm atá acu. Caithfidh siad a bheith in ann a rá cén fáth a gceapann siad amhlaidh.
üIs féidir leis na daltaí, nach bhfuil cuntas Facebook acu, an ghníomhaíocht seo a dhéanamh chomh maith.
üIarr ar dhaltaí éagsúla cur síos a dhéanamh ar an bhfoirm atá acu agus cé leis í.
üTéigh siar ar aon deacracht teanga a bhí acu le linn na gníomhaíochta agus má tháinig aon stór focal nua chun cinn, scríobh ar an gclár é.
Réamhobair 2 (A agus B)üTabhair bileog A dóibh siúd a bhfuil Facebook acu agus bileog B dóibh siúd nach bhfuil Facebook acu.
üLéigh tríd an dá bhileog leis na grúpaí agus abair leo na ceisteanna a phlé i mbeirteanna nó i ngrúpaí.
üBí ag siúl timpeall ag éisteacht leo agus ag cuidiú leo más gá.
üPléigh na ceisteanna ar fad (A agus B) le gach duine sa rang. Pléigh na ceisteanna ar fad (
ÉisteachtüAbair leis na foghlaimeoirí go mbeidh siad ag éisteacht le beirt ag caint faoi Facebook.
üMínigh dóibh go gcaithfidh siad éisteacht leis an mír den chéad uair gan aon rud a scríobh síos fós.
üAnsin, cuir an mhír ar siúl don dara huair agus abair leis na foghlaimeoirí na ceisteanna a fhreagairt.
üPléigh na freagraí leis an rang ar fad.
(Measartha dúshlánach)
209
Iarobair 1üTéigh siar ar a bhfuil ar an sleamhán.
üIarr orthu na ceisteanna faoin ainm briathartha a phlé ina mbeirteanna, is é sin na samplaí i gcló dubh. Mínigh dóibh go dtagraíonn an ‘á’ siar go dtí an chuspóir. Thiocfadh leat dul siar a dhéanamh ar an aidiacht shealbhach ag an bpointe seo agus a mhíniú dóibh gurb ionann na rialacha a bhaineann leis an ‘á’ + ainm briathartha agus an aidiacht shealbhach. Mar shampla:
- Tá an glanadh á dhéanamh aige. (glanadh = firinscneach)
- Tá an obair á déanamh aige. (obair = baininscneach)
- Tá na scrúduithe á ndéanamh aige. (scrúduithe = uimhir iolra)
üAnsin, caithfidh siad na bearnaí a líonadh sna habairtí faoi cheist 3 (féach na Freagraí).
Iarobair 2üLéigh a bhfuil ar an sleamhnán leis an rang ar fad agus roinn na daltaí i ngrúpaí chun an chéad cheist a
phlé.
üPléigh na tuairimí a bhí ag gach duine faoi cad is bulaíocht ann.
üIarr ar gach grúpa na téarmaí Gaeilge a cheangal leis na téarmaí Béarla (féach na Freagraí).
üIarr ar dhaltaí éagsúla samplaí de na cineálacha éagsúla bulaíochta a sholáthar duit.
Iarobair 3üRoinn an rang i ngrúpaí arís agus léigh tríd an sleamhnán leo.
üTabhair deis dóibh na ceisteanna a phlé sna grúpaí.
üBí ag siúl timpeall an ranga chun cuidiú leo.
üPléigh na pointí agus tuairimí ar fad leis an rang ina iomláine ansin.
üFéach ar na nótaí atá ar fáil ar an suíomh idirlín: http://www.watchyourspace.ie/ga/do-spas/gan-aghaidh-gan-ainm-gan-trocaire-bulaiocht-anaithnid-ar-line/
CibearbhulaíochtTarlaíonn seo nuair a bhaineann an bulaí úsáid as an idirlíon chun bulaíocht a dhéanamh. Tá an cineál seo bulaíochta ag éirí níos coitianta de réir mar atá an teicneolaíocht ag fás agus ag forbairt. Baintear úsáid as an téarma ‘cibearbhulaíocht’ nuair a dhéantar bulaíocht ar dhuine óg trí theicneolaíocht dhigiteach agus fóin shoghluaiste, trína náiriú, trí bhagairtí agus trí chiapadh.
Tá dhá chineál cibearbhulaíochta ann:Ionsaí díreach ina gcuirtear teachtaireachtaí díreacha go dtí an t-ógánach agus ionsaí trí úsáid a bhaint as duine nó daoine eile chun cibearbhulaíocht a dhéanamh ar an íospartach.
Samplaí d’iompar cibearbhulaíochta:Teachtaireachtaí ionsaitheacha nó magadh ar Facebook, Twitter agus araile.
• Tráchtanna, físeáin nó íomhánna maslacha ar líne
210
• Scaipeadh cúlchainte ar líne
• Briseadh isteach ar do chuntas ar líne
Chun cibearbhulaíocht a sheachaint:• Ná tabhair do phasfhocal d’aon duine.
• Logáil amach as do ríomhphost nó as Facebook i gcónaí.
• Bíodh sé de nós agat logáil amach go háirithe nuair a bhíonn tú ag úsáid ríomhaire poiblí.
• Roghnaigh do chairde go cúramach ar Facebook. Tá sé tábhachtach go smaoineofá ar cé leis a bhfuil tú ag iarraidh do chuid eolais a roinnt.
• Bí múinte le daoine eile ar Facebook. Smaoinigh ar céard atá á rá agat ar fhaitíos go ngortófá nó go náireofá duine eile.
Chun déileáil le cibearbhulaíocht:• Ná freagair aon duine atá ag déanamh cibearbhulaíochta ort.
• Ba cheart do ghuthán nó do ríomhaire a mhúchadh.
• Mura bhfaigheann an bulaí aon fhreagra, seans maith go n-éireoidh sé bréan den scéal agus go stopfaidh sé.
• Cuir do sholáthraí seirbhísí Idirlín ar an eolas. B’fhéidir go mbeidís in ann stop a chur le cuid de na teachtaireachtaí ar líne nó leis na glaonna agus teachtaireachtaí ar an bhfón.
• Athraigh do shonraí teagmhála. Roghnaigh ainm úsáideora, pasfhocal, seoladh ríomhphoist nó uimhir nua.
• Má tá na teachtaireachtaí tromchúiseach agus bagrach ba cheart dul go dtí na Gardaí.
• Chun cuidiú leis na Gardaí, ba cheart duit cuntas a choinneáil ar am agus ar dhátaí na dteachtaireachtaí.
Cén fáth a ndéanann daoine bulaíocht?Tá go leor tosc i gceist leis na fáthanna a ndéanann daoine bulaíocht. Bíonn tosca sa bhaile, ar scoil agus sa phobal i gcoitinne bainteach le hiompar ionsaitheach. Ar na tosca baile a d’fhéadfadh a bheith mar chúis tá, easpa ceana agus cúraim, an iomarca saoirse, cruálacht, tuismitheoirí foréigneacha agus ar na tosca scoile a d’fhéadfadh a bheith i gceist tá pionós ródhian, náireach agus maslach agus easpa feitheoireachta.
Tionchar na bulaíochta Seo cuid de na tionchair a d’fhéadfadh bulaíocht a chur ar mhic léinn:
• Strus• Laghdú cumais chun díriú isteach ar obair scoile• Easpa spreagtha agus fuinnimh• Obair scoile lag• Imní• Easpa goile nó gan a bheith ag ithe go leor• Dúlagar• Fadhbanna codlata• Fadhbanna boilg agus putóige
Céard is féidir a dhéanamh faoin bhulaíochtMá tá bulaíocht á déanamh ort ba cheart duit é a insint do thuismitheoir, do mhúinteoir nó do chara a bhfuil muinín agat astu. Nuair a insíonn tú do dhuine éigin faoin bhulaíocht ba cheart duit a insint cé atá á déanamh, cé chomh minic agus atá sé ag tarlú, cé eile atá ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú.
211
Freagraí
Réamhobair 1
Iarobair 1 - Tá an bruscar á chur amach aige.
- Cad atá á dhéanamh agat?
- Tá an fhuinneog á glanadh aici.
- Is mór an trua go bhfuil an timpeallacht á milleadh againn.
- Nach deas na pictiúir atá á dtarraingt agat?
Iarobair 2Bulaíocht chainte Verbal bullying
Bulaíocht fhisiciúil Physical bullying
Bulaíocht indíreach Indirect bullying
Bulaíocht Eisiaimh Social alienation
Cibearbhulaíocht Cyber bullying
Eolas ginearálta
Gnéas bean / fear
Lá breithe 17 Aibreán 1995
Áit chónaithe 9 An Bóthar Glas, An Daingean, Co. Chiarraí
Eolas pearsanta
Suimeanna teangacha, cispheil agus léitheoireacht
Ceol is fearr ceol indie – Vampire Weekend
Cláir theilifíse is fearr Homeland
Scannáin is fearr The Godfather
Leabhair is fearr Jane Eyre, Charlotte Bronte
Déan cur síos ar do
ghrianghraf próifíle Pictiúr díom féin agus mo chara is fearr ag cóisir bliain ó shin.
Déan cur síos ar do
ghrianghraf clúdaigh Pictiúr de mo theaghlach.
212
5B. Facebook
Sleamhnán 1
Réamhobair 1
Eolas ginearálta Gnéas ___________________________ Lá breithe ___________________________ Áit chónaithe ___________________________ Eolas pearsanta Suimeanna ___________________________ Ceol is fearr ___________________________ Cláir theili�se is fearr ___________________________ Scannáin is fearr ___________________________ Leabhair is fearr ___________________________ Déan cur síos ar do ghrianghraf prói�le ___________________________
___________________________ ___________________________
Déan cur síos ar do ghrianghraf clúdaigh ___________________________
___________________________ ___________________________
Líon isteach do phrói�l Facebook. Ná scríobh d’ainm.
Tasc scríofa: próifíl Facebook a líonadh isteach; obair labhartha: daoine a aithint ón gcur síos.
Sleamhnán 2
Réamhobair 2 (A) Líon isteach an ceistneoir seo faoi Facebook. 1. Cé chomh fada is atá cuntas Facebook agat?
2. Cé chomh minic is a bhíonn tú ar Facebook?
3. Cé mhéad cairde atá agat ar Facebook?
4. Cé chomh minic is a athraíonn tú do stádas, de ghnáth? Cén fáth?
5. Cé chomh minic is a chuireann tú grianghraif nua in airde ar do leathanach Facebook?
6. Cé chomh minic is a athraíonn tú do ghrianghraf prói�le nó clúdaigh? Cén fáth?
7. Cén fáth a mbaineann tú úsáid as Facebook?
8. Cén teanga a úsáideann tú de ghnáth ar Facebook? Cén fáth?
Obair bheirte: an ceistneoir faoi Facebook a líonadh isteach – daoine a bhfuil leathanach Facebook acu.
Sleamhnán 3
Réamhobair 2 (B) Líon isteach an ceistneoir seo faoi Facebook. 1. An bhfuil leathanach Facebook ag an gcuid is mó de
na daoine sa rang?
2. Cén fáth nach bhfuil Facebook agat féin?
3. Cad a dhéanann daoine ar Facebook, dar leat?
4. Cad iad na buntáis� a bhaineann le Facebook, dar leat?
5. Cad iad na míbhuntáis� a bhaineann le Facebook, dar leat?
Obair bheirte: an ceistneoir faoi Facebook a líonadh isteach – daoine nach bhfuil leathanach Facebook acu.
213
Sleamhnán 4
Éisteacht Éist le Liam agus Síle ag caint faoi Facebook agus freagair na ceisteanna. 1. Cad a deir Liam faoi Facebook? An aontaíonn tú
leis?
2. Cad a deir Síle faoi bhulaíocht?
3. Cad a deir Síle faoi aois na ndaoine a bhíonn ag úsáid Facebook? An aontaíonn tú léi?
4. Cé leis a mbíonn Síle i dteagmháil agus í ar Facebook?
Tasc éisteachta: ceisteanna le freagairt faoi bheirt daltaí atá ag caint faoi Facebook.
Sleamhnán 5
Iarobair 1
‘…an oiread sin úsáide á baint as Facebook…’
‘…tá am á chur amú ag daoine ar Facebook…’ Bí ag obair leis an duine in aice leat agus pléigí na ceisteanna seo a leanas. 1. Cén fáth a bhfuil séimhiú sa dara sampla i gcló dubh agus cén
fáth nach bhfuil ar an gcéad sampla?
2. Cad is féidir leat a rá faoin sampla seo?
Tá na scannáin ar fad á dtaispeáint i rith na seachtaine.
3. Líon na bearnaí leis an bhfoirm cheart den �ocal:
-‐ Tá an bruscar á (cur) __________ amach aige. -‐ Cad atá á (déanamh) __________ agat? -‐ Tá an �uinneog á (glanadh) __________ aici. -‐ Is mór an trua go bhfuil an �mpeallacht á
(milleadh) __________ againn. -‐ Nach deas na pic�úir atá á (tarraing)
__________ agat?
Gramadach: an t-ainm briathartha; an aidiacht shealbhach; obair scríofa: bearnaí le líonadh.
Sleamhnán 6
Pléigh na ceisteanna seo leis na daoine i do ghrúpa: 1. Cad is bulaíocht ann?
2. Féach ar na cineálacha éagsúla bulaíochta – ceangal na téarmaí Gaeilge leis na téarmaí Béarla.
3. Cad is brí leo? Bulaíocht chainte Physical bullying Bulaíocht �isiciúil Indirect bullying Bulaíocht indíreach Cyber bullying Bulaíocht eisiaimh Verbal bullying Cibearbhulaíocht Social aliena�on
Iarobair 2
Obair ghrúpa: bulaíocht a phlé; plé ranga: tuairimí a roinnt; tasc scríofa: téarmaí Gaeilge agus Béarla a cheangal.
214
Sleamhnán 7
Iarobair 3 Bí ag obair leis an duine in aice leat. Déanaigí liosta de na slite inar féidir bulaíocht a dhéanamh ar líne – cibearbhulaíocht? ____________________________________________________________________________________________________________________________________________________________ Conas is féidir déileáil le cibearbhulaíocht? ____________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________
Cén tslí a gcuireann cibearbhulaíocht isteach ar dhéagóir, dar leat? ____________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________
Obair bheirte/ghrúpa: pointí faoi chibearbhulaíocht a phlé.
215
5C. Cúrsaí ceoil: Nótaí an Mhúinteora
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Bunúsach
Spriocanna Cumas tuisceana, éisteachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – an ceol ina saol féin
Stór focal An ceol
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar dhá mhír físe ina bhfuil déagóirí ag déanamh cur síos ar chúrsaí ceoil.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán íseal Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin. Tá canúint Chonnacht ag an mbeirt chainteoirí.
Réamhobair 1üCuir an dá fhís ar siúl i ndiaidh a chéile agus cuir na daltaí ar a suaimhneas. Ní gá ach nóiméad de
gach mír a chur ar siúl, mar tuigtear cé chomh gearr is atá na ranganna.
üScríobh Sibéal Davitt agus Lurgan ar an gclár, agus breac síos ar an gclár na tuairimí a bhí ag na daltaí faoin dá fhís faoi na teidil sin.
Réamhobair 2üLéigh tríd na focail atá sa bhosca glas ar an sleamhnán. Mínigh aon fhocal nach bhfuil ar eolas ag na
daltaí.
üIarr orthu, ag obair leo féin ar dtús, na focail a chur faoi na teidil sna scamaill.
üAbair leo a gcuid oibre a chur i gcomparáid leis an duine in aice leo.
üPléigh thusa tuairimí an ranga ansin.
Réamhobair 3üIarr ar gach beirt na cineálacha ceoil ar chlé a cheangal leis na samplaí ceoil cearta ar dheis. Abair
leo gan a bheith buartha mura dtuigeann siad gach cineál ceoil ar chlé, ba cheart dóibh buille faoi thuairim a thabhairt.
üCeartaigh an méid sin (féach na Freagraí).
üAbair leo na cineálacha ceoil a chur in ord – uimhir 1 don chineál ceoil is fearr leo agus mar sin ar aghaidh.
üCuir ceisteanna ar dhaltaí éagsúla faoin gcineál ceoil is fearr leo. Cuir ceisteanna ar dhaltaí éagsúla faoin gcineál ceoil is fearr leo.
ÉisteachtüMínigh do na daltaí go mbeidh siad ag éisteacht le déagóirí óga ag caint faoin gceol.
üAbair leo éisteacht leis uair amháin gan aon rud a scríobh.
216
üLéigh na ceisteanna 1-4 leo sula gcuirfidh tú an mhír ar siúl arís agus iarr orthu na ceisteanna a fhreagairt.
üTéigh siar ar na freagraí a bhí acu. Féach an script.
Iarobair 1üBíodh an sleamhnán seo in airde agus iarr ar gach beirt na huirlisí ceoil a bhreacadh síos ina
gcóipleabhair.
üCeartaigh an ghníomhaíocht ansin. Féach na Freagraí.
Iarobair 2üAbair leis na daltaí na huimhreacha pearsanta (1-10) a scríobh ina gcóipleabhair. Téigh siar ar an
tábhacht a bhaineann leis na huimhreacha pearsanta agus cén uair a úsáidtear iad.
üCuir gach beirt le chéile arís agus iarr orthu na ceisteanna (1-10) a chur ar a chéile. Mínigh dóibh nach bhfuil ach focal amháin ag teastáil sna freagraí.
üBraitheann cuid de na freagraí ar shaol pearsanta na ndaltaí, ach féach na Freagraí chun na cinn eile a fháil.
PléüLéigh na ceisteanna ar an sleamhán agus bí cinnte go dtuigeann na daltaí ar fad iad.
üRoinn an rang i ngrúpaí de thriúr agus abair leo na ceisteanna a chur ar a chéile.
üMínigh dóibh arís go bhfuil sé nádúrtha sa Ghaeilge freagra a thabhairt ar cheist, ag baint úsáide as an mbriathra céanna.
üBí ag siúl timpeall ag éisteacht leis na foghlaimeoirí le linn na gníomhaíochta agus breac síos aon bhotún a chluineann tú, chun plé leo tar éis na gníomhaíochta.
217
Freagraí
Réamhobair 3
Ceol clasaiceach
Popcheol
Ceol ar an sean-nós
Ceol Hip Hap
Na gormacha
Ceol traidisiúnta
Rac-cheol
Ceol domhanda
Ríl
Ceol leictreonach
Vivaldi, Na Ceithre Shéasúr
Madonna, Hard Candy
Bruach na Carraige Báine
Jay-Z, American Gangster
John Lee Hooker, Boom Boom
Altan, Gleann Nimhe
The Rolling Stones, Sticky Fingers
Amadou & Mariam, Welcome to Mali
An Rógaire Dubh
Daft Punk, Random Access Memories
Iarobair 1An pianóAn fhidilAn bosca ceoilAn dordveidhilNa drumaíAn giotár An bodhránAn fheadóg stáinAn chláirseach/an chruit An trumpa An bainseó
1. Cé mhéad deirfiúr atá agat?
2. Cé mhéad deartháir atá agat?
3. Cé mhéad múinteoir Gaeilge atá sa scoil?
4. Cé mhéad cara maith atá agat?
5. Cé mhéad duine atá sa ghrúpa U2? Ceathrar
6. Cé mhéad duine atá i lánúin? Beirt
7. Cé mhéad seantuismitheoir atá agat?
8. Cé mhéad duine a leag cos ar Mhars? Duine ar bith
9. Cé mhéad ban-Uachtarán a bhí againn in Éirinn? Beirt
10. Cé mhéad páistí a bhí i gClann Lir? Ceathrar
218
5C. Ceol
Sleamhnán 1
Féach ar an dá �íseán:
Cé acu ab �earr leat?
Cén fáth?
Cúrsaí Ceoil Réamhobair 1
Féachaint: dhá fhíseán ceoil; obair ranga: tuairimí a lorg.
Sleamhnán 2
Féach ar an liosta focal seo thíos. Roghnaigh na focail is fearr a oireann do gach �seán agus cuir sna boscaí cearta iad!
Cúrsaí Ceoil Réamhobair 2
bríomhar traidisiúnta
comhaimseartha séimh
proifisiúnta banna ceoil
�onchar iasachtach nua-‐aimseartha Éireannach aistriúchán
Sibéal Davi� Lurgan
Stór focal: cur síos ar na físeáin.
Sleamhnán 3
Cúrsaí Ceoil Réamhobair 3
Ceangal na cineálacha ceoil leis na samplaí ceoil. Cén cineál ceoil a thaitníonn leat féin? Cuir na cineálacha ceoil ar chlé in ord, ag cur uimhir 1 in aice leis an gcineál ceoil is fearr leat, agus mar sin ar aghaidh.
Ceol clasaiceach Popcheol Ceol ar an sean-‐nós Ceol Hip Hap Na gormacha Ceol traidisiúnta Rac-‐cheol Ceol domhanda Ríl Ceol leictreonach
Amadou & Mariam, Welcome to Mali Da� Punk, Random Access Memories Altan, Gleann Nimhe Jay-‐Z, American Gangster The Rolling Stones, S�cky Fingers An Rógaire Dubh Madonna, Hard Candy Vivaldi, Na Ceithre Shéasúr Bruach na Carraige Báine John Lee Hooker, Boom Boom
Obair bheirte; stór focal: stíleanna ceoil; obair ranga: labhairt faoi na cineálacha ceoil a thaitníonn leo.
219
Sleamhnán 4
Cúrsaí Ceoil Éisteacht
Éist leis an mbeirt chainteoirí agus freagair na ceisteanna. 1. An bhfuil suim ar bith ag Ber�e sa cheol?
Mínigh!
2. An bhfuil mórán suime ag daltaí eile i scoil Bher�e sa cheol?
3. Cad iad na hócáidí sóisialta a bhíonn ar siúl i scoil Shaoirse?
4. An mbíonn baint ag Saoirse í féin leis na hócáidí sin?
Tasc éisteachta: ceisteanna le freagairt.
Sleamhnán 5
Cúrsaí Ceoil Iarobair 1
Cén Ghaeilge atá ar na huirlisí ceoil seo?
Obair bheirte, stór focal: uirlisí ceoil
Sleamhnán 6
Cúrsaí Ceoil Iarobair 3
Líon na bearnaí: _________ ___beirt___ _________ _________ _________
_________
_________
_________
_________
_________
Bí ag obair leis an duine in aice leat agus cuirigí na ceisteanna seo ar a chéile. Ná bíodh ach focal amháin mar �reagra agat. 1. Cé mhéad deirfiúr atá
agat? 2. Cé mhéad deartháir atá
agat? 3. Cé mhéad mú in teo i r
Gaeilge atá sa scoil? 4. Cé mhéad cara maith atá
agat? 5. Cé mhéad duine atá sa
ghrúpa U2? 6. Cé mhéad duine atá i
lánúin? 7. Cé mhéad seantuismitheoir
atá agat? 8. Cé mhéad duine a leag cos
ar Mhars? 9. Cé mhéad ban-‐Uachtarán a
bhí againn in Éirinn? 10. Cé mhéad páis� a bhí i
gClann Lir?
Gramadach: uimhreacha pearsanta; obair bheirte: ceisteanna le freagairt le focal amháin.
220
Sleamhnán 7
Cúrsaí Ceoil Plé
Cuir na ceisteanna seo ar na daoine eile i do ghrúpa: (Ná déan dearmad gach freagra a thabhairt leis an mbriathar céanna atá sa cheist.) 1. An bhfuil ceol agat? Tá / Níl…
2. An seinneann tú aon uirlis cheoil? Seinneann/ Ní sheinneann…
3. Cén cineál ceoil a thaitníonn leat? Cén fáth?
4. Cad é an banna ceoil nó an ceoltóir is fearr leat? Cén fáth?
5. An raibh tú riamh ag aon cheolchoirm? Cad é? Ar thai�n sé leat? Bhí / ní raibh…
Obair ghrúpa: ceisteanna le cur agus le freagairt.
221
5D. An Bochtanas: Nótaí an Mhúinteora (Dúshlánach)
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Dúshlánach
Spriocanna Cumas tuisceana, scríbhneoireachta, léitheoireachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – an tsochaí agus bochtanas
Stór focal Bochtanas
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar mhír éisteachta ina bhfuil dalta scoile ag tabhairt óráid díospóireachta. Tá an píosa dúshlánach go leor ó thaobh stór focal de agus ó thaobh canúna de.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán ard Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin.
Réamhphlé 1üAn aidhm atá leis an sleamhnán seo ná na daltaí a chur ag caint faoi bhochtanas go ginearálta. Beidh
siad ag obair i mbeirteanna nó i ngrúpaí.
üLéigh a bhfuil ar an sleamhnán leis na foghlaimeoirí le bheith cinnte go dtuigeann siad a bhfuil le déanamh acu.
üIarr ar na daltaí cuid de na rudaí a dúirt siad a rá leat agus cuir ar an gclár iad.
Réamhphlé 2 (agus ar lean)üNuair atá tamall maith cainte déanta ag na daltaí ar cad is bochtanas ann, agus nuair atá na sainmhínithe
a bhí acu pléite leis an rang ina iomláine, is féidir an chéad dá shleamhnán a thaispeáint.
üLéigh tríd na sainmhínithe ar fad leo agus déan plé leo ar conas atá na sainmhínithe éagsúil nó cosúil leis na cinn a bhí acu féin.
üIarr ar gach beirt ansin na nithe sna sleamhnáin a chur in ord tábhachta. Is dócha go mbeidh gach duine den tuairim go bhfuil bia agus uisce ar na cinn is tábhachtaí (uimhir 1 agus 2), ach ba cheart go mbeadh tuairimí difriúla ag grúpaí éagsúla maidir leis na cinn eile. An bhfuil oideachas níos tábhachtaí ná dídean i saol duine, mar shampla?
üPléigh na tuairimí a bhí ag an rang ar fad ansin. Scríobh aon stór focal nua a tháinig chun cinn ar an gclár.
Réamhobair 1üIs gníomhaíocht é seo a chuireann an stór focal is deacra a bheidh sa mhír éisteachta i láthair na
ndaltaí.
üAbair le gach beirt na focail a cheangal leis na sainmhínithe (féach na Freagraí).
üPléigh na focail leis an rang ina iomláine ansin.
(Dúshlánach)
222
Réamhobair 2üAn aidhm atá leis an ngníomhaíocht seo ná aird na bhfoghlaimeoirí a dhíriú ar struchtúr na bhfocal.
Feasacht teanga atá i gceist.üIarr ar gach beirt na focail atá cosúil lena chéile a cheangal le chéile, is é sin na focail ina bhfuil na deirí
cosúil lena chéile (féach na Freagraí). üAbair leo pointí a bhreacadh síos faoi na cosúlachtaí atá idir na focail. Bíodh na pointí seo san áireamh:
- Eagraíochtaí / Iasachtaí: Is minic a bhíonn –aí nó –í le deireadh an fhocail chun an uimhir iolra a chur in iúl. Má chríochnaíonn an focal le consan leathan, mar atá sa chás seo, cuirtear –aí leis. Má chríochnaíonn an focal le consan caol, cuirtear –í leis.
- An mhórchuid / Dúshraith: Críochnaíonn an dá fhocal seo le consan caol, rud a léiríonn gur focail bhaininscneacha iad. Cuirtear séimhiú ar an ainmfhocal baininscneach (a thosaíonn le consan) sa tuiseal ainmneach.
- Ganntanas / Dualgas: Críochnaíonn an dá fhocal seo le consan leathan, rud a léiríonn gur focail fhirinscneacha iad. Ní bhíonn aon rud ar an ainmfhocal (a thosaíonn le consan) sa tuiseal ainmneach.
- Carthanacht / Caimiléireacht: Focail a bhfuil níos mó ná dhá shiolla iontu is focail bhaininscneacha iad de ghnáth. Cuirtear séimhiú ar an ainmfhocal baininscneach (a thosaíonn le consan) sa tuiseal ainmneach. Mar is léir ó na samplaí seo, cuirtear an riail ‘caol le caol agus leathan le leathan’ i bhfeidhm i gcónaí.
üPléigh na pointí leis an rang ina iomláine ansin, agus iarr orthu na focail ag deireadh an sleamhnáin a chur leis na grúpaí ag barr an sleamhnáin, (féach na Freagraí).
üTá sé an-tábhachtach aird na bhfoghlaimeoirí a dhíriú ar struchtúr na bhfocal i nGaeilge an oiread agus is féidir, sa dóigh is go dtagann siad isteach ar litriú na Gaeilge. É sin ráite áfach, ní gá dul chomh domhain sin sa scéal má cheapann tú nach bhfuil do rang in ann dó. Mínigh na pointí thuas don rang chomh fada is nach gcuireann tú mearbhall orthu. chomh fada is nach gcuireann tú mearbhall orthu.
ÉisteachtüAbair leis na foghlaimeoirí go mbeidh siad ag éisteacht le mír atá deacair agus fada go leor.üMínigh dóibh go gcaithfidh siad éisteacht leis an mír den chéad uair gan aon rud a scríobh síos.üAnsin, cuir an mhír ar siúl arís, ag stopadh tar éis gach coda chun deis a thabhairt do na daltaí na
freagraí a bhreacadh síos. üCuir an mhír ar siúl arís, ag stopadh fós tar éis gach coda. üPléigh na ceisteanna leis an rang iomlán ansin agus déanaigí plé ar an mír.
Iarobair 1üTá an seans ann go mbeidh an sleamhnán seo ródheacair do ranganna áirithe, is féidir é a fhágáil ar lár
má cheapann tú nach bhfuil do rang in ann dó. üAbair leis na daltaí go mbeidh siad ag tuiscint agus ag míniú dhá ghraf faoin mbochtanas. Tá cuid de na
graif i mBéarla ach beidh orthu iad a mhíniú i nGaeilge amháin.üLéigh tríd na graif le bheith cinnte go dtuigeann siad gach rud.üIarr ar gach beirt cur síos a dhéanamh ar na graif le chéile ar dtús.üPléigh thusa na graif leis an rang iomlán ansin, mar shampla:
223
An chéad ghraf: Ba é 77 billiún dollar an OTI a bhí ag Éirinn sa bhliain 1999. Chuaigh sé i méid go leanúnach go dtí an bhliain 2007 go dtí beagnach 200 billiún dollar. Chuaigh sé i laghad arís ansin go dtí an bhliain 2010. Tháinig méadú beag ar an OTI idir 2010 agus 2011.
An dara graf: Bhí i bhfad níos mó daoine bochta sa tír sa bhliain 1997 (10% den daonra) ná mar a bhí sa bhliain 2008 (3.5%). Tháinig méadú mór ar líon na ndaoine bochta idir an bhliain 2008 agus 2009 áfach.
Iarobair 2üIs féidir díospóireacht ranga a dhéanamh ar théama an bhochtanais.
üIs féidir an rún atá ar an sleamhnán deireanach a úsáid nó rún cosúil leis a dhéanamh leo.
üTéigh siar ar an tslí chun tús agus deireadh a chur le díospóireacht leo.
Freagraí
Réamhobair 1
1. Eagraíochtaí deonacha Grúpaí a dhéanann obair gan aon íocaíocht.
2. An mhórchuid An chuid is mó.
3. Ganntanas Díobháil nó easpa rud éigin.
4. Carthanacht Ag cuidiú nó ag tabhairt airgid do dhaoine eile.
5. Dúshraith Bun rud éigin, nó an chéad sraith de theach.
6. Dualgas Oibleagáid.
7. Mangairí cogaí Daoine a chuireann tús le cogaí.
8. Caimiléireacht Nuair nach bhfuil duine macánta, nó mí-ionracas.
9. Gadaíocht Goid, nó ag glacadh rud éigin nach leat é.
10. Ús An t-airgead a íoctar ar iasachtaí.
11. Iasachtaí Airgead a fhaightear ón mbanc, mar shampla.
Réamhobair 2
1 2 3 4
d (mangairí) a b (ús) c (gadaíocht)
224
5D. An bochtanas
Sleamhnán 1
Bochtanas Réamhphlé 1
Cad is bochtanas ann? An bhfuil sainmhíniú agat? Bí ag obair leis an duine in aice leat. Féachaigí ar na fotheidil seo – an féidir libh a rá conas a bhaineann siad le bochtanas? Bia Uisce óil Saoráidí sláin�ochta (sanita�on facili�es) Sláinte Dídean Oideachas Eolas
Obair bheirte/ghrúpa: bochtanas a phlé; sainmhínithe a chumadh don bhochtanas faoi na ceannteidil atá tugtha.
Sleamhnán 2
Bochtanas Réamhphlé 2
Seo an sainmhíniú a bhí ag fear darbh ainm David Gordon ar riachtanais dhaonna, le bochtanas a sheachaint. Bia: Caithfidh an innéacs corpmhaise (body mass index) a bheith níos mó ná 16. Uisce óil: Ba cheart go mbeadh uisce óil ar fáil taobh is�gh de shiúlóid cheathrú uaire, agus níor cheart go d�ocfadh an t-‐uisce seo ó aibhneacha amháin. Saoráidí sláin�ochta (sanita�on facili�es): Ba cheart go mbeadh leithreas sa bhaile nó in aice leis an mbaile. Sláinte: Ba chóir go mbeadh cóir leighis ar fáil, má tá duine an-‐�nn nó ag iompar clainne. Dídean: Níor cheart go mbeadh níos mó ná ceathrar ina gcónaí in aon seomra amháin; níor cheart go mbeadh urlár salachair, láibe nó cré sa teach.
Obair ranga: plé ar shainmhínithe dhuine eile ar an mbochtanas; obair bheirte: na pointí a chur in ord tábhachta.
Sleamhnán 3
Bochtanas Réamhphlé 2 ar lean Oideachas: Ba chóir go mbeadh oideachas ar fáil do chách, nó ar a laghad go mbeadh léamh ag duine. Eolas: Ba cheart go mbeadh teacht ag gach duine ar pháipéir nuachta, ar an raidió, ar an teili�s, ar ríomhairí nó ar ghutháin.
An raibh na riachtanais chéanna luaite agaibh féin?
Cuirigí na teidil in ord tábhachta, de
réir bhur dtuairimí féin.
Stór focal: focail nua le scríobh ar an gclár.
225
Sleamhnán 4
Bochtanas Réamhobair 1
Beidh tú ag éisteacht le cailín ag caint faoin mbochtanas ar ball. An féidir leat na focail a cheangal leis na sainmhínithe cearta?
1. Eagraíochtaí deonacha
Díobháil nó easpa rud éigin.
2. An mhórchuid
An t-‐airgead a íoctar ar iasachtaí.
3. Ganntanas
Oibleagáid.
4. Carthanacht
Mímhacántacht nó mí-‐ionracas.
5. Dúshraith
Grúpaí a dhéanann obair gan aon íocaíocht.
6. Dualgas
Ag cuidiú le nó ag tabhairt airgid do dhaoine eile.
7. Mangairí cogaí
Bun rud éigin, nó an chéad sraith de theach.
8. Caimiléireacht
An chuid is mó.
9. Gadaíocht
Airgead a �aightear ón mbanc, mar shampla.
10. Ús
Daoine a chuireann tús le cogaí.
11. Iasachtaí
Goid, nó ag glacadh rud éigin nach leat é.
Stór focal: focail ón tasc éisteachta; obair bheirte: na focail a cheangal lena míniú.
Sleamhnán 5
Bochtanas Réamhobair 2
Féach ar na focail arís. Meaitseáil na focail a bhfuil na deirí céanna acu. Bí ag obair leis an duine in aice leat. An féidir libh aon rud a rá faoi na focail thuas -‐ a bhfuil na deirí céanna acu? Cad faoi na focail seo, cuirigí leis an ngrúpa is fearr a oireann thuas (1-‐4) iad! Mínígí bhur rogha!!
Mangairí Gadaíocht Ús
1. Eagraíochtaí 2. An mhórchuid 3. Ganntanas 4. Carthanacht
a. Dúshraith b. Dualgas c. Caimiléireacht d. Iasachtaí
1 2 3 4 Feasacht teanga: cosúlachtaí i bhfocail a aithint agus a mhíniú; plé ranga: na cosúlachtaí phlé agus a shoiléiriú.
Sleamhnán 6
Bochtanas Éisteacht 1
Éist le Sorcha, an dara cainteoir, i gcomórtas díospóireachta. Freagair gach ceist tar éis gach coda. Cuid 1 1. Cad é an rún, agus an bhfuil Sorcha i
gcoinne nó ar son an rúin? 2. Cad air a mbeidh sí ag caint? 3. Cad a deir sí faoi Trócaire?
Cuir 2 1. Cad a deir Sorcha faoin mbeirt i mBaile Átha
Cliath? 2. Déanann sí cur síos ar bhoicht na �re seo,
cad é? 3. Cad a deir sí faoi charthanacht?
Tasc éisteachta: ceisteanna le freagairt faoi ábhar díospóireachta.
226
Sleamhnán 7
Bochtanas Éisteacht 2
Cuid 3 1. Cén fáth nach n-‐aontaíonn Sorcha le
Helena?
Cuid 4 1. Cad a deir Sorcha faoi na rialtais san Afraic,
mar shampla? 2. Cén tuairim atá ag John O’Shea? 3. An aontaíonn sí le John O’Shea?
Cuid 5 1. Cén cineál rialtas iad rialtais na hAfraice, de
réir an chainteora? 2. Cé atá ag fáil iasachtaí ó bhaincéirí? 3. An bhfuil Sorcha den tuairim nár cheart aon
airgead a thabhairt don tríú domhan?
Tasc éisteachta: ceisteanna le freagairt faoi ábhar díospóireachta.
Sleamhnán 8
Bochtanas Iarobair 1
Bí ag obair leis an duine in aice leat arís. Déanaigí cur síos ar na graif seo.
GDP / OTI -‐ Olltáirgeacht in�re (billiúin dollar)
Daoine ar thairseach na bochtaineachta (%)
Réamhobair: mínigh na graif; obair bheirte: cur síos le déanamh ar na graif; plé ranga: na torthaí a phlé.
Sleamhnán 9
Bochtanas Iarobair 2
Díospóireacht Ranga
Tá caighdeán níos airde maireachtála ag muin�r na hÉireann sa lá atá inniu ann, ná mar a bhí deich
mbliana ó shin.
Ná déan dearmad de: ‘A chathaoirligh, a mholtóirí, a lucht an �reasúra agus a lucht éisteachta.’
Díospóireacht ranga: an bochtanas.
227
5E. An béal bocht: Nótaí an Mhúinteora (Dúshlánach)
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Dúshlánach
Spriocanna Cumas tuisceana, scríbhneoireachta, léitheoireachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – an tsochaí agus cúrsaí eacnamaíochta
Stór focal An tsochaí agus cúrsaí eacnamaíochta
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar óráid le linn díospóireachta, ó dhalta scoile as Gaoth Dobhair.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán ard Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin. Moltar na gníomhaíochtaí a bhaineann le ró / an- ó ‘Fócas ar Theanga’ a úsáid leis na gníomhaíochtaí seo.
Réamhobair 1üLéigh na treoracha agus na focail atá ar an sleamhnán. Ná mínigh na focail do na daltaí go fóill.
üIarr orthu na focail a chur faoi na teidil chearta iad féin ar dtús, sula bpléifidh siad na focail leis na daoine in aice leo.
üAnsin, téigh féin siar ar na focail ar fad (féach na Freagraí).
Réamhobair 2üLéigh na nathanna cainte leis an rang agus mínigh iad más gá. Pléigh aon leagan eile atá ag an rang.
üIarr ar na foghlaimeoirí abairtí a chumadh leis na nathanna agus ansin iarr orthu iad a chur i gcomparáid leis na daoine in aice leo.
üPléigh na freagraí leis na daltaí ansin (féach Freagraí thíos).
Réamhobair 3üLéigh tríd na nathanna atá ar an sleamhnán seo agus bí cinnte go bhfuil siad ar eolas ag na daltaí.
üTéigh siar ar na cinn eile (féach na Freagraí).
üIarr ar gach beirt an cheist ag bun an sleamhnáin a phlé le chéile ar dtús sula bpléifidh tú féin í leis an rang ar fad.
Réamhobair 4üTabhair deis do gach beirt sainmhíniú a chumadh ar an téarma: an béal bocht / the poor mouth.
Tabhair an leagan Béarla dóibh más gá. Sainmhíniú: ag rá go bhfuil tú níos boichte ná mar atá tú agus tú ag iarraidh airgid/cuidiú ó dhuine, nó tú ag iarraidh go mbeidh trua ag duine duit.
üLéigh na ráitis leis an rang ansin le cinntiú go dtuigtear gach ceann.
üRoinn an rang i ngrúpaí de bheirt agus tabhair tamall dóibh na ráitis a phlé le chéile.
(Dúshlánach)
228
üTá cúpla rogha agat anseo, ag brath ar chumas do ranga. Más rang é nach bhfuil ró-iontach ag déanamh plé ar thopaicí, is féidir a rá leo ceann de na freagraí (Aontaím, níl mé cinnte nó ní aontaím) a roghnú do gach ráiteas, agus sin é. Má tá cainteoirí maithe agat sa rang, bheifeá ag súil go mbeidís in ann forbairt éigin a dhéanamh ar a gcuid tuairimí.
üPléigh tusa tuairimí an ranga tar éis dóibh tamall maith cainte a dhéanamh leo féin.
üScríobh aon stór focal nua ar an gclár.Scríobh aon stór focal nua ar an gclár.
Éisteacht 1üLéigh na ceisteanna don chleachtadh éisteachta leis an rang ar fad sula gcuireann tú an mhír ar siúl
ionas go mbeidh a fhios acu cén freagraí a bheidh á lorg acu agus iad ag éisteacht.
üMás féidir, fág na ceisteanna thuas ar an scáileán fad is atá an mhír á seinm.
üCuir an mhír ar siúl cúpla uair, ag stopadh tar éis freagra gach ceiste más gá.
üPléigh freagraí na gceisteanna leis an rang ar fad ag an deireadh.
üTéigh siar ar na freagraí a bhí acu. Féach an script. Téigh siar ar na freagraí a bhí acu. Féach an script.
Éisteacht 2üMínigh don rang go mbeidh siad ag éisteacht leis an mír arís, ach an t-am seo go gcaithfidh siad na
focail a bhaineann le bochtanas agus na focail a bhaineann leis an mbéal bocht a scríobh síos.
üAbair leo nach bhfuil aon fhreagra beacht ann, go mbeidh tuairimí difriúla ag gach duine.
üPléigh na focail a roghnaigh siad. Féach na Freagraí mar threoir.Pléigh na focail a roghnaigh siad. Féach na Freagraí mar threoir.
Iarphlé 1üAbair le gach beirt an sleamhnán a léamh amach os ard le chéile.
üIarr ar dhaltaí éagsúla abairtí ón sleamhnán a léamh amach os ard ansin.
üIarr orthu aon eolas breise atá acu faoi Brian O’Nolan a sholáthar; nó/agus tabhair tuilleadh eolais dóibh faoin scríbhneoir. dóibh faoin scríbhneoir.
Iarphlé 2üLéigh a bhfuil ar an sleamhnán leis an rang ar fad agus mínigh aon ní nach dtuigeann siad.
üCuir gach beirt ina suí le chéile, ag plé na gceisteanna.
üBí ag siúl timpeall ag cuidiú leo más gá.
üPléigh na ceisteanna leis an rang ina iomláine ansin.
229
Freagraí
Réamhobair 1Stát na hÉireannpobal na hÉireanneagraíochtaí deonacha caiteachas stáitrannóg stáit
An tríú domhani mbéal forbartharialtas
Bochtanas / anrógannchuidráta féinmharaithe in umar na haimléise ag streachailt
Cúlú eacnamaíochtapábancbhriste gearradh siargéarchéim cáin
Réamhobair 2Ar aon intinn le duine – ag aontú le duine, den tuairim chéanna, ag teacht le duineI láthair na huaire – faoi láthairAg dul thar fóir – ag déanamh an iomarcaIn umar na haimléise – i mbéal na hainnise
Réamhobair 3Ar eagla na heaglaSona sástaAg cur agus ag cúiteamh
Éisteacht 2Bochtanas: ar an ghannchuid, ag streachailt leis an saol, ag brath ar thacaíocht ó thíortha saibhre, daoine ag fáil bháis in árasáin.
An béal bocht: rófhlaithiuil leis an tríú domhan, nuair nach bhfuil sé againn le tabhairt (airgead), bancbhriste, nach bhfuil an t-airgead againn, caithfidh muid ár gcuid fadhbanna féin a réiteach sula dtosaíonn muid ag iarraidh fadhbanna an tríú domhan a réiteach, má tá sé ar ár gcumas é (an t-airgead) a thabhairt.
230
5E. An béal bocht
Sleamhnán 1
An béal bocht Réamhobair 1
Beidh tú ag éisteacht ar ball beag le Megan as Gaoth Dobhair ag déanamh díospóireachta. Sula n-‐éisteann tú léi, cuir na focail seo thíos, atá le cloisteáil ina cuid cainte, sna rannóga cearta. i mbéal forbartha gearradh siar géarchéim gannchuid ráta féinmharaithe rialtas pobal na hÉireann eagraíochtaí deonacha ag streachailt pá caiteachas stáit cáin bancbhriste in umar na haimléise rannóg stáit
An tríú domhan
Cúlú eacnamaíochta
Bochtanas / anró
Stát na hÉireann
Stór focal: focail le míniú; obair aonair: focail a rangú.
Sleamhnán 2
An béal bocht Réamhobair 2
1. Tá a lán nathanna cainte deasa ag Megan, cad is brí leo?
-‐ ar aon in�nn le duine
-‐ i láthair na huaire
-‐ ag dul thar fóir
-‐ in umar na haimléise
2. An bhfuil leaganacha éagsúla agat féin? Cad iad? 3. Cuir na nathanna cainte in abair� lena mbrí a léiriú. 4. Cad iad na habair� a bhí ag an duine in aice leat?
Saibhriú teanga: nathanna cainte le míniú agus le plé; obair aonair: nathanna a chur in abairtí.
Sleamhnán 3
Tá an nós ann i nGaeilge, focail a bhfuil an chiall chéanna acu a úsáid i nathanna. Go minic tosaíonn siad leis an li�r chéanna freisin. Féach ar na cinn a bheidh le cloisteáil i ndíospóireacht Megan:
Go huile agus go hiomlán
Fial agus flaithiúil
Lá i ndiaidh lae
Cóir agus ceart An féidir leat deireadh a chur leis na cinn seo thíos?
Ar eagla ___________________
Sona ___________________
Ag cur agus ___________________ Cuireann na samplaí thuas le saibhreas na Gaeilge, conas? Déan plé leis an duine in aice leat faoi sin.
An béal bocht Réamhobair 3
Saibhriú teanga: nathanna cainte le míniú, le plé agus le críochnú.
231
Sleamhnán 4
An béal bocht Réamhobair 4 A. Bí ag obair leis an duine in aice leat. An féidir libh sainmhíniú a thabhairt ar an téarma: an béal bocht? B. Léigí na rái�s seo a leanas, an aontaíonn sibh leo? Abair: (i) Aontaím leis an ráiteas sin.
(ii) Níl mé cinnte faoin ráiteas sin. (iii) Ní aontaím leis an ráiteas sin.
1. Tosaíonn an charthanacht sa bhaile.
2. Bíonn an béal bocht ag muin�r na hÉireann go minic.
3. Is �r shaibhir í Éire.
4. Tá muin�r na hÉireann an-‐�laithiúil.
5. Tá an saol in Éirinn níos deacra anois ná mar a bhí deich mbliana ó shin.
6. Tá Éire bancbhriste.
7. Tá níos mó daoine bochta in Éirinn anois ná mar a bhí cúig bliana ó shin.
8. Tá daoine óga na �re ag dul ar imirce sa lá atá inniu ann.
Saibhriú teanga: an nath “an béal bocht” a mhíniú; obair bheirte: ráitis le plé agus aontú nó easaontú leo.
Sleamhnán 5
An béal bocht Éisteacht 1 Éist le díospóireacht Megan agus freagair na ceisteanna: 1. An bhfuil foireann Phobalscoil Ghaoth Dobhair i gcoinne nó
i bhfabhar an rúin?
2. Cén sainmhíniú a thugann Megan ar Stát na hÉireann agus ar an tríú domhan?
3. Cad is brí leis an nath Laidine a úsáideann Megan?
4. Cad a deir an stát le muin�r na hÉireann faoin staid eacnamaíochta ina bhfuil an �r faoi láthair, dar le Megan?
5. Liostaíonn Megan cuid de na fadhbanna atá ag muin�r na hÉireann faoi láthair. Cad iad?
Tasc éisteachta: ceisteanna le freagairt.
Sleamhnán 6
An béal bocht Éisteacht 2 Éist le Megan arís agus breac síos na focail / frásaí a luann sí a bhaineann le bochtanas sa �r; agus na focail / frásaí a bhaineann leis an mbéal bocht.
Bochtanas Béal bocht
Tasc éisteachta: stór focal a bhaineann leis an ábhar “an béal bocht” a scríobh síos.
232
Sleamhnán 7
An béal bocht Iarphlé 1 Léigh an píosa seo thíos faoin scríbhneoir Brian O’Nolan, a scríobh an leabhar cáiliúil An Béal Bocht. Léigh amach os ard é leis an duine in aice leat.
Ba scríbhneoir, drámadóir agus aorthóir mór le rá é Brian O’Nolan. Rugadh é ar an
Srath Bán i gContae Thír Eoghain sa bhliain 1911, ach chaith sé an chuid is mó dá shaol ina chónaí i mBaile Átha Cliath. Ba é an duine ba shine sa teaghlach é agus nuair a fuair a athair bás ba é a thug aire don teaghlach go léir, bhí aon duine dhéag sa teaghlach ar fad. Chomh maith le bheith ag obair sa stát seirbhís, scríobh sé colún san Irish Times, agus ba iad na húrscéalta ba cháiliúla a scríobh sé ná: At Swim-‐Two-‐Birds; The Third Policeman agus An Béal Bocht. Bhí a lán ainmneacha cleite (nom de plume) ag Brian O’Nolan. Scríobh sé a chuid úrscéalta Béarla faoin ainm Flann O’Brien, agus nuair a scríobh sé i nGaeilge bhain sé úsáid as an ainm Myles na gCopaleen.
Léitheoireacht: léamh os ard i mbeirteanna; eolas: tabhair eolas faoin údar.
Sleamhnán 8
An béal bocht Iarphlé 2 Pléigh na ceisteanna seo leis an duine in aice leat: 1. Ar chuala tú faoin scríbhneoir Brian O’Nolan riamh?
2. Cad is brí le Myles na gCopaleen, dar leat?
3. Cén sloinne atá ort féin? An sloinne coi�anta é?
4. Cén cúlra a bhaineann le do shloinne?
5. An bhfuil leagan eile (i mBéarla nó i dteanga eile) de d’ainm? Cad é?
6. Ar mhaith leat d’ainm a athrú? Cen fáth?
Obair bheirte: ceisteanna le plé faoi Brian O’Nolan agus sloinnte.
233
5F. Mé féin & scrúduithe: Nótaí an Mhúinteora (Measartha dúshlánach)
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Measartha dúshlánach
Spriocanna Cumas tuisceana, scríbhneoireachta, léitheoireachta, labhartha agus foghraíochta na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – na scrúduithe
Stór focal Na scrúduithe agus roinn IV i bpáipéar 1
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán measartha maith Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin. Ní rang é a phléann strus na scrúduithe amháin, téitear i ngleic go pointe le conas déileáil leis an gceist chumadóireachta sa scrúdú Gaeilge. Moltar cur leis na moltaí agus leis na tuairimí atá sa rang faoi conas dul i ngleic leis an gcuid sin den scrúdú.
Réamhobair 1üLéigh a bhfuil ar an sleamhnán amach don rang agus bí cinnte go dtuigeann siad cad atá le déanamh.üCaithfidh na daltaí na focail chuí a chur sna boscaí cearta (féach na Freagraí).üMínigh do na foghlaimeoirí gur minic a bhíonn mothúchán ort sa Ghaeilge, ar nós – tá ocras orm /
bíonn fearg orm. In amanna eile is ionann an struchtúr Gaeilge agus an struchtúr Béarla: briathar + aidiacht, mar shampla: Bím neirbhíseach.
üMínigh don rang gurb ionann ‘ag + briathar’ as Gaeilge agus ‘-ing’ an Bhéarla. üIs féidir a mhíniú do na foghlaimeoirí ag an bpointe seo freisin conas aidiacht a thuiscint: -each / -ach
/ -úil / -iúil / -te / -ta. üTabhair sampla amháin le haghaidh gach colúin, más gá.
Réamhobair 2üLéigh a bhfuil ar an sleamhnán amach don rang agus bí cinnte go dtuigeann siad cad atá le déanamh.üA – Iarr orthu breacadh síos conas a mhothaíonn siad féin faoi scrúduithe. Pléigh tuairimí gach duine
agus breac síos ar an gclár aon stór focal nua a thagann chun cinn. üB – Cuir an mhír ar siúl faoi dhó. Ba cheart go mbainfidís sult as an mír. Iarr orthu na mothúcháin ar
fad a ritheann leo le linn na míre a scríobh síos agus ansin na focail atá acu a chur i gcomparáid leis na daoine in aice leo.
üPléigh thusa an stór focal ar fad a bhíonn ag gach duine agus déan iarracht caint a spreagadh faoin mbrú a bhaineann le scrúduithe.
Réamhobair 3üRoinn an rang in dhá ghrúpa, grúpa A agus grúpa B.
üDéanfaidh grúpa A liosta de na buntáistí a bhaineann le scrúduithe agus déanfaidh grúpa B liosta de na míbhuntáistí a bhaineann le scrúduithe.
üIarr ar dhaltaí éagsúla ó ghrúpa A pointí difriúla a léamh amach agus scríobh ar an gclár iad. Abair leis na daltaí ó ghrúpa B na pointí sin a bhreacadh síos ina gcóipleabhair – murar scaip tú cóipeanna den sleamhnán (Réamhobair 3) orthu cheana.
(Measartha dúshlánach)
234
üAnsin, iarr ar dhaltaí éagsúla ó ghrúpa B pointí difriúla a léamh amach agus scríobh ar an gclár iad. Abair leis na daltaí ó ghrúpa A na pointí sin a bhreacadh síos ina gcóipleabhair.
üBíodh plé ginearálta agat ar na buntáistí agus ar na míbhuntáistí a bhaineann le scrúduithe. Bíodh plé ginearálta agat ar na buntáistí agus ar na míbhuntáistí a bhaineann le scrúduithe.
Léamh 1 / 2 /3üLéigh na treoracha atá ar shleamhnán Léamh 1 leis an rang sa dóigh is go dtuigeann siad go maith a
bhfuil le déanamh acu.üIarr ar gach beirt na treoracha a léamh ar dtús agus téigh siar ar aon stór focal nach dtuigeann siad.
Bí cinnte go dtuigeann gach dalta na treoracha ar fad. üIarr ar gach beirt na ceisteanna féin a léamh ansin agus téigh siar ar aon stór focal nach dtuigeann
siad. Bí cinnte go dtuigeann gach dalta na ceisteanna ar fad. siad. Bí cinnte go dtuigeann gach dalta na ceisteanna ar fad.
Iarphlé 1üLéigh a bhfuil ar an sleamhnán leo agus abair leo an ghníomhaíocht a dhéanamh.üCuir gach beirt ag obair le chéile arís, ach iarr orthu cuid A a dhéanamh ina n-aonar. üAbair le gach beirt na pointí a scríobh siad faoi chuid A a chur i gcomparáid le chéile, agus difríocht
amháin a bhí eatarthu a scríobh faoi chuid B. üPléigh na roghanna éagsúla a bhí ag na foghlaimeoirí.üIs é atá i gceist le cuid C ná deis a thabhairt do na daltaí machnamh a dhéanamh ar na deacrachtaí a
bhíonn acu tús a chur le píosa scríbhneoireachta. üBí ag siúl timpeall an ranga, ag tabhairt tacaíochta dóibh agus ag cuidiú leo, le linn na gníomhaíochta. Bí ag siúl timpeall an ranga, ag tabhairt tacaíochta dóibh agus ag cuidiú leo, le linn na gníomhaíochta.
Iarphlé 2üIarr ar gach beirt na pointí a léamh amach le chéile. üLéigh thusa na pointí leis an rang ar fad ansin agus pléigh aon ní nach dtuigeann siad.Léigh thusa na pointí leis an rang ar fad ansin agus pléigh aon ní nach dtuigeann siad.
ScríobhüIarr ar an rang plean a dhéanamh amach don cheist a roghnaigh siad.üMínigh dóibh gur cheart dóibh amhlaidh a dhéanamh agus iad i scrúdú.üBailigh na pleananna agus ceartaigh don chéad rang eile iad; nó ceartaigh gach plean os comhair an
ranga.üBa chóir cur leis an gcomhairle faoi scrúduithe más féidir.
Freagraí
Fearg, neirbhíseach, ag clamhsán, dallamullóg, áthas, eagla, sceon, anbhá, ag cur i gcéill, ag caoineadh, brón, faoiseamh, suaite, diongbháilte, ag cóipeáil, éadóchas, faoi dheifir, faoi bhrú.
Bíonn _______ orm. Bím ____________. Briathair:
fearg, dallamullóg, áthas, eagla, scéin, anbhá, brón, éadóchas
neirbhíseach, suaite, diongbháilte, faoi dheifir, faoi bhrú
ag clamhsán, ag cur i gcéill, ag caoineadh, ag cóipeáil
235
5F. Mé féin agus scrúduithe
Sleamhnán 1
Mé féin & scrúduithe Réamhobair 1 Féach ar na focail thíos a bhaineann le scrúduithe. Bí ag obair leis an duine in aice leat agus (i) aimsígí brí na bhfocal agus; (ii) athscríobhaigí faoi na teidil chearta iad.
Fearg, neirbhíseach, ag clamhsán, dallamullóg, áthas, eagla, scéin, anbhá, ag cur i gcéill, ag caoineadh, brón, faoiseamh, suaite, diongbháilte, ag cóipeáil, éadóchas, faoi dheifir, faoi bhrú.
Bíonn _______ orm.
Bím ____________. Briathair:
Feasacht teanga: bím neirbhíseach / bíonn fearg orm;
Sleamhnán 2
Mé féin & scrúduithe Réamhobair 2 A. Cad fút féin? Breac síos conas a bhíonn tú féin ag tús scrúduithe: ____________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________ Cad a bhí ag an duine in aice leat? B. Féach ar an sliocht ón gclár Mr Bean faoi dhó. Breac síos na focail ar fad a ritheann leat agus tú ag féachaint air don dara uair. Bain úsáid as na focail ón sleamhnán deireanach. An raibh na focail chéanna ag an duine in aice leat?
Obair aonair: nóta a scríobh faoina mothúcháin féin faoi scrúduithe; mír físeáin: Mr. Bean, obair scríofa: mothúcháin a ritheann leo a bhreacadh síos; plé ranga: an brú a bhaineann le scrúduithe.
Sleamhnán 3
Mé féin & scrúduithe Réamhobair 3 Grúpa A: Bí ag obair leis na daoine eile i do ghrúpa agus breacaigí síos ocht mbuntáiste faoi scrúduithe. Scríobh síos faoi Buntáis� iad. Ansin, éis�gí le tuairimí an ghrúpa eile agus breacaigí síos a dtuairimí faoi Míbhuntáis�. Grúpa B: Bí ag obair leis na daoine eile i do ghrúpa agus breacaigí síos ocht míbhuntáiste faoi scrúduithe. Scríobh síos faoi Míbhuntáis� iad. Ansin, éis�gí le tuairimí an ghrúpa eile agus breacaigí síos a dtuairimí faoi Buntáis�.
Buntáis� Míbhuntáis� Obair aonair: buntáistí (grúpa A)agus míbhuntáistí (grúpa B) scrúduithe a bhreacadh síos. Na pointí a chur ar an gclár; plé ranga: ar na buntáistí agus míbhuntáistí.
236
Sleamhnán 4
Mé féin & scrúduithe Léamh 1 Bí ag obair leis an duine in aice leat. Léigí cuid IV den scrúdú Gaeilge (ardleibhéal) ar an gcéad dá shleamhnán eile. Déanaigí na nithe seo a leanas agus sibh á léamh: Léigí na treoracha ar fad ar dtús agus cuirigí líne faoi aon �ocal nach dtuigeann sibh.
Tugaigí buille faoi thuairim faoi chiall na bhfocal nár thuig sibh (sna treoracha). Pléigí na focail ansin leis an múinteoir agus leis an rang ina iomláine.
Léigí na ceisteanna anois, agus cuirigí líne faoi aon �ocal nach dtuigeann sibh.
Tugaigí buille faoi thuairim faoi chiall na bhfocal nár thuig sibh (sna ceisteanna). Pléigí na focail ansin leis an múinteoir agus leis an rang ina iomláine.
Léitheoireacht: treoracha le léamh agus le míniú.
Sleamhnán 5
Mé féin & scrúduithe Léamh 2 ROINN IV CEAPADÓIREACHT 50 MARC Scríobh freagraí ROINN IV i do �reagarleabhar.
Ceist 3. Freagair do rogha ceann amháin de A, B, C anseo thíos.
(Ní gá níos mó ná leathanach go leith a scríobh.)
A. AISTE nó ALT NUACHTÁIN/IRISE
Scríobh ar do rogha ceann amháin díobh seo.
(i) Séasúir na bliana anseo in Éirinn. (ii) Foireann sacair na hÉireann. (iii) Na buntáis� agus na míbhuntáis� a
bhaineann le bheith cáiliúil. (iv) Turas scoile a raibh mé air le
déanaí. (v) Ócáid mhór phoiblí in Éirinn le
gairid.
Léitheoireacht: ceisteanna le léamh
Sleamhnán 6
Mé féin & scrúduithe Léamh 3 B. SCÉAL nó EACHTRA
Freagair do rogha ceann amháin díobh seo:
(i) Ceap scéal a mbeadh an giota seo thíos oiriúnach mar thús leis:
“ ‘Is bulaíocht í sin. Tá mé chun rud éigin a dhéanamh faoi anois,’ arsa m’athair liom.”
(ii) Eachtra a tharla duit nuair a bhí tú ag dioscó le do chairde.
C. DÍOSPÓIREACHT
Maidir le do rogha ceann amháin de na rúin seo thíos, scríobh an chaint a dhéanfá i ndíospóireacht scoile ar son nó in aghaidh an rúin sin:
(i) ‘Bíonn laethanta saoire ró�ada ag daltaí scoile sa samhradh.’
(ii) ‘Ba cheart cosc a chur le húsáid an �óin phóca in áiteanna poiblí.’
Léitheoireacht: ceisteanna le léamh
237
Sleamhnán 7
Mé féin & scrúduithe Iarphlé 1 A. Roghnaigh an cheist a dhéanfá féin, agus breac síos cúig chúis ar roghnaigh tú é: __________________________________________ ____________________________________________________________________________________ __________________________________________ __________________________________________ B. Cén cheist a roghnaigh an duine in aice leat? Éist leis na cúiseanna ar roghnaigh sé/sí é agus breac síos ar a laghad difríocht amháin a bhí eadraibh: __________________________________________ __________________________________________ C. Breac síos na deacrachtaí is mó a bhíonn agat tús a chur le ceist cosúil leis an gceist a roghnaigh tú: __________________________________________ ____________________________________________________________________________________ __________________________________________ __________________________________________
Obair aonair: breac síos cén cheist a roghnóidís agus cén fáth; obair bheirte: comparáid a dhéanamh idir cúiseanna, cosúlachtaí agus difríocht a bhreacadh síos; deacrachtaí a bhaineann le tús a chur le scríbhneoireacht.
Sleamhnán 8
Mé féin & scrúduithe Iarphlé 2 Ní féidir aiste mhaith a scríobh gan pleanáil mhaith! Féach ar na poin� seo: Léigh gach teideal go cúramach. Roghnaigh teideal a bhfuil cur amach agat air. Déan iarracht scríobh faoi theideal a bhfuil suim agat
ann. Déan ransú smaointe, agus breac síos na tuairimí ar fad
a ritheann leat. Scríobh amach plean ansin don aiste a scríobhfaidh tú.
Cuir na poin� a leanas san áireamh agus tú ag scríobh do phlean:
-‐ Alt 1: Cuireann tú tús leis an scéal nó argóint agus déanann tú
iarracht aird an léitheora a mhealladh. -‐ Alt 2 – 4: Is sna hailt seo a insíonn tú do scéal, go soiléir agus
go tarraingteach; nó is sna hailt seo a chuireann tú do chuid poin� agus tuairimí ina luí ar an léitheoir.
-‐ Alt 5: Cuireann tú críoch leis an aiste agus déanann tú iarracht suim an léitheora a choinneáil go d� an nóiméad deireanach. Más óráid díospóireachta nó píosa iriseoireachta í d’aiste, déanann tú achoimre ar do chuid poin� ar fad agus cuireann tú an dlaoi mhullaigh ar d’argóint san alt seo. Más ceapadóireacht atá i gceist, déanann tú iarracht geit a bhaint as an léitheoir le cor sa scéal.
Scríbhneoireacht a phleanáil: léigh na pointí, plé aon phointe is gá.
Sleamhnán 9
Mé féin & scrúduithe Scríobh Ransú smaointe:
Plean na haiste: Alt 1 (Intreoir): Alt 2: Alt 3: Alt 4: Alt 5 (Críoch, conclúid):
Teideal na haiste
Tasc scríofa: plean a scríobh don cheist a roghnaigh siad; cuir le comhairle phleanála más féidir.
238
5G. Ócáidí móra (Dúshlánach)
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Dúshlánach
Spriocanna Cumas tuisceana, scríbhneoireachta, léitheoireachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – traidisiúin agus ócáidí móra na hÉireann
Stór focal Traidisiúin agus ócáidí móra na hÉireann
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar alt atá ar www.beo.ie.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán ard Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin.
Réamhphlé 1üBíodh an sleamhnán seo in airde agat agus déan ransú smaointe ar na hócáidí móra agus na féilte is
tábhachtaí in Éirinn.
üDéan iarracht an stór focal a fháil ó na daltaí ar dtús sula gcuirfidh tú féin an t-eolas ar fáil. Dírigh aird na bhfoghlaimeoirí ar litriú na bhféilte ach go háirithe.
üBíodh na cinn seo san áireamh:
- An Nollaig
- An Nollaig Bheag, Oíche Nollag na mBan
- An Bhliain Úr, Oíche Chinn Bhliana, Lá Caille
- Lá Fhéile Bríde
- Lá Fhéile Pádraig
- Lá San Vailintín
- An Cháisc (Aoine an Chéasta, Domhnach Cásca)
- Lá Bealtaine
- An tSamhain
Réamhphlé 2üLéigh tríd an sleamhnán leis an rang, le bheith cinnte go dtuigeann siad a bhfuil air.
üCuir gach beirt ina suí le chéile chun na dátaí a chur leis na féilte cearta. Abair leo buille faoi thuairim a thabhairt mura bhfuil siad cinnte.
üCeartaigh an ghníomhaíocht agus pléigh an stór focal leis an rang ar fad tar éis tamaill (féach Freagraí thíos).
(Dúshlánach)
239
Réamhphlé 3üIarr ar gach beirt na fíricí a léamh amach os ard le chéile.
üAbair leo cinneadh a dhéanamh an bhfuil siad fíor nó bréagach, fiú mura bhfuil siad cinnte faoi bhrí na bhfíricí, nó mura dtuigeann siad iad.
üLéigh na fíricí leis an rang ar fad agus bí cinnte go dtuigeann siad iad.
üPléigh fírinne na bhfíricí ansin (féach Freagraí thíos).
Léamh 1 / 2 / 3üBíodh cóip déanta agat de na sleamhnáin Léamh (1-3) do gach duine sa rang.
üIarr ar gach beirt an t-alt a léamh amach os ard le chéile.
üAbair leo líne a chur faoi aon fhocal nach dtuigeann siad.
üTéigh siar ar aon stór focal a raibh deacracht ag an rang leis.
üLéigh an t-alt leis an rang ar fad ansin, ag iarraidh ar dhaltaí éagsúla ailt áirithe a léamh.
üIarr orthu ansin a machnamh a dhéanamh faoi na briathra a bhfuil líne fúthu! Cén chanúint lena mbaineann siad? An bhfuil leagan eile ar eolas acu? Féach na Freagraí.
IarphléüCuir an sliocht gearr ó na Bibeanna ar siúl uair amháin. Mínigh dóibh go bhfuil sé deacair go leor
na cainteoirí a thuiscint, ach gan a bheith buartha faoi. Is minic a bhíonn seandaoine níos deacra a thuiscint sa Ghaeilge mar bíonn canúint an-láidir acu.
üTar éis an sliocht a chur ar siúl faoi dhó, cuir ceist ar na daltaí faoin méid a thuig siad. Déan plé air sin.
üCuir an mhír ar siúl arís, ach an iarraidh seo iarr ar na daltaí an leagan Gaeilge de na focail seo a aimsiú: Salted fish, white sauce, night of fasting, ling, jar, electricity (féach na Freagraí).
üBíodh plé agaibh ansin faoi na difríochtaí idir an Nollaig inniu agus an Nollaig a bhí ag na mná sa mhír. Scríobh na difríochtaí ar an gclár agus déan iarracht plé a chothú ar chúis na ndifríochtaí.
240
Freagraí
Réamhphlé 2 o 1 Samhain – Día de Muertos / Lá na Marbh / All Souls’ Day, féile Chríostaí
o Idir deireadh mhí na Samhna agus deireadh mhí na Nollag – Hanukkah, féile Ghiúdach
o 25 Nollaig – An Nollaig, féile Chríostaí
o Márta nó Aibreán – Cáisc na nGiúdach / Passover, féile Ghiúdach
o An 3ú mí den bhliain Ioslamach – Mawlid-al-Nabi (Breithlá Mohammad), féile Ioslamach
o Idir deireadh na Márta agus deireadh mhí Aibreáin – An Cháisc, féile Chríostaí
o 5 Bealtaine – Lá an Lucht Oibre
o 28 Samhain – Thanksgiving / Lá Altaithe
o An 9ú mí den bhliain Ioslamach – Ramadan, féile Ioslamach
Réamhphlé 3 1) Fíor.
2) Fíor.
3) Bréagach. B’oilithrigh Phrotastúnacha iad.
4) Bréagach. Turcaí agus prátaí milse.
5) Bréagach. Is saoire shaolta í.
6) Fíor.
Léamh 1/2/3Dhéanfas – a dhéanfaidhNíor thuigeas – níor thuig méD’fhreagraíos – d’fhreagair méThreabhadar – threabh siad D’fhoghlaimíodar – D’fhoghlaim siad Chuamar – chuaigh muidShroicheamar – shroich muidChaitheamar – chaith muid
Iarphlé Salted fish – iasc garbhWhite sauce – anlann bánNight of fasting – oíche troscaidh Ling – langaJar – prócaElectricity – aibhléis
241
5G. Ócáidí móra
Sleamhnán 1
Ócáidí móra Réamhphlé 1
Breac síos na féilte is mó agus is tábhachtaí in Éirinn!
Ransú smaointe: feilte is tábhachtaí in Éirinn.
Sleamhnán 2
Ócáidí móra Réamhphlé 2
Féach ar na féilte thíos agus roghnaigh an dáta agus an reiligiún a bhaineann le gach féile. Baineann cuid de na féilte le ciogal na gealaí agus ní bhíonn an dáta céanna ann gach bliain dá bharr. Cáisc na nGiúdach Lá Altaithe Ramadan An Cháisc Día de Muertos An Nollaig Lá an Lucht Oibre (Lá Bealtaine) Hanukkah Mawlid-‐al-‐Nabi (Breithlá Mohammad)
o 1 Samhain o Idir deireadh mhí na Samhna
agus deireadh mhí na Nollag o 25 Nollaig o Márta nó Aibreán o An 3ú mí den bhliain Ioslamach o Idir deireadh na Márta agus
deireadh mhí Aibreáin o 5 Bealtaine o 28 Samhain o An 9ú mí den bhliain Ioslamach
Féile Ghiúdach Féile Ioslamach Féile Chríostaí
Obair bheirte: féilte a mheaitseáil lena ndátaí; plé ranga: plé ar an stór focal.
Sleamhnán 3
Ócáidí móra Réamhphlé 3
Beidh tú ag léamh ailt ar ball faoi Lá Altaithe (Thanksgiving) sna Stáit Aontaithe. An bhfuil na �ricí seo a leanas ceart nó mícheart? Pléigh leis an duine in aice leat iad. 1) Ní �ágtar aon duine leis féin Lá Altaithe.
2) Tá na Meiriceánaigh níos bródúla as Lá Altaithe ná mar atá siad as an 4 Iúil.
3) B’oilithrigh (pilgrims) Chaitliceacha a cheiliúir an �éile den chéad uair sa bhliain 1620.
4) Itear mairteoil rósta agus brúi�n ar an lá seo.
5) Freastalaítear ar an Aifreann ar an lá seo.
6) Ba é an tUachtarán Lincoln a chuir tús leis an bhféile go hoifigiúil sa bhliain 1863.
Obair bheirte: buille faoi thuairim a thabhairt faoi na fíricí faoi fhéilte a bheith fíor nó bréagach; plé ranga: na pointí seo a phlé agus freagraí a thabhairt faoi iad a bheith fíor nó bréagach.
242
Sleamhnán 4
Ócáidí móra Léamh 1
Lá Altaithe: an �éile is ansa leis na Meiriceánaigh
“Céard a dhéanfas tú Lá Altaithe?” a d’�iafraigh cara ollscoile díom, gan mé i Meiriceá ach cúpla mí, agus mé fós gan charr, gan treoir. Níor thuigeas Lá Altaithe, i ndáiríre. “Dheamhan a �ios agam,” a d’�reagraíos. “Beidh tú leat féin Lá Altaithe?” “Is cosúil go mbeidh.” “Bhuel, mura bhfuil pleananna eile agat, beidh tú ag teacht abhaile liomsa, mar sin.” Nós é i Meiriceá gan éinne a �ágáil leis féin Lá Altaithe. Cuirtear féastaí ar siúl fiú do dhaoine gan dídean ar an lá seo, agus is é Lá Altaithe ceann de thrí lá mhóra na bliana i Meiriceá (Lá Nollag agus an 4 Iúil na cinn eile, ar ndóigh). Lá tábhachtach is ea Lá Altaithe i miotaseolaíocht Mheiriceá. Tá pobal na �re an-‐bhródúil as, b’�éidir fiú níos bródúla ná mar atá siad as an 4 Iúil. Is ócáid é, tar éis an tsaoil, a cheiliúrann síocháin, cairdeas, agus carthanacht. Agus mar gheall ar an mbród sin, tá ceangal ar Mheiriceánaigh é a thaispeáint do dhaoine nach bhfaca a leithéid cheana.
Léitheoireacht: an t-alt a léamh amach os ard i mbeirteanna, líne a chur faoi fhocail nach dtuigeann siad; léitheoireacht os ard; foclóir: focail a mhíniú.
Sleamhnán 5
Ócáidí móra Léamh 2
An chéad cheiliúradh I ndeireadh an tsamhraidh 1620, tháinig grúpa oilithreach i d�r in Plymouth, Massachuse�s, agus iad ar a mbealach go Virginia, áit a raibh Sasanaigh ina gcónaí ó 1607 i leith. Níorbh �éidir leo seoladh thar Cape Cod in am don gheimhreadh, ámh, agus shocraíodar dul i d�r ansin. Fuair 49 den 102 oilithreach bás an geimhreadh sin, ach threabhadar leo (they ploughed on), agus le cúnamh Indiaigh darbh ainm Squanto, a raibh Béarla aige ó na blianta a chaith sé mar sclábhaí ag na Sasanaigh, d’�oghlaimíodar modhanna feirmeoireachta. Mhair an chuid is mó acu trí 1621, agus mar chomhartha buíochais, shocraíodar fleá a eagrú. Ba shin, chomh fada agus is eol dúinn, an chéad dinnéar altaithe i Meiriceá.
Léitheoireacht: an t-alt a léamh amach os ard i mbeirteanna, líne a chur faoi fhocail nach dtuigeann siad; léitheoireacht os ard; foclóir: focail a mhíniú.
Sleamhnán 6
Ócáidí móra Léamh 3
Maidin Lá Altaithe chuamar uilig amach ag siúl. Ullmhúchán, a dúradh liom, don �éasta a bhí le teacht. Agus, dar fia, b’�éasta é. Chomh luath agus a shroicheamar an teach arís, luíodh isteach ar réiteach bia sa chis�n, agus chaitheamar trí nó ceithre huaire an chloig ag ullmhú turcaí, prátaí, búiste (stuffing), anlann mónóg (cranberry), pióg puimcín, agus cá bhfios cad eile. Tá dhá rud a dhéanann gach éinne i Meiriceá Lá Altaithe. Téann siad ag siúl, agus itheann siad béile ollmhór. Le tamall anuas, faraor, tá an tríú rud sleamhnaithe isteach san �éile, is é sin, an Pheil Mheiriceánach. Imrítear dhá chluiche mhóra an lá sin, agus suíonn i bhfad an iomarca daoine os comhair an teili�seáin. An chéad cheann oifigiúil Níor ceiliúradh Lá Altaithe i Meiriceá ar bhonn náisiúnta go hoifigiúil go d� 1863, nuair a ghair an tUachtarán Lincoln lá altaithe do Dhéardaoin dheireanach mhí na Samhna an bhliain sin. Altú do Dhia a bhí ann ar dtús, is dócha, ach ós rud é gur �r shaolta (secular) í na Stáit Aontaithe go hoifigiúil, breathnaítear ar an bhféile anois mar ócáid cheiliúrtha do gach éinne ar an Oileán Úr. Tá an t-‐alt bunaithe ar alt ag Brian Ó Broin ar www.beo.ie. Tá Brian Ó Broin ag obair i Roinn an Bhéarla in Ollscoil William Paterson i Nua-‐Gheirsí, áit a bhfuil sé ag plé leis an Teangeolaíocht, Léann na Meánaoiseanna agus an Léann Éireannach. Is as cathair na Gaillimhe ó dhúchas é.
Léitheoireacht: an t-alt a léamh amach os ard i mbeirteanna, líne a chur faoi fhocail nach dtuigeann siad; léitheoireacht os ard; foclóir: focail a mhíniú.
243
Sleamhnán 7
Ócáidí móra Iarphlé
Féach ar na mná ag caint faoin Nollaig ar an gclár Na Bibeanna, a bhí ar TG4 sa bhliain 2011. Cén Ghaeilge atá acu ar na focail seo:
Salted fish, white sauce, night of fas�ng, ling, jar, electricity
Conas atá an Nollaig a bhíonn agat féin anois éagsúil ón Nollaig a bhfuil na mná ag caint uirthi sa mhír? Pléigh leis an duine in aice leat é.
Tasc éisteachta: sliocht as Bibeanna TG4 a sheinm; pléigh an méid a thuig siad; stór focail: focail áirithe a aimsiú; plé ranga: na difríochtaí idir an Nollaig inniu agus an Nollaig léirithe sa sliocht.
244
Fócas ar Theanga An Tuiseal Gairmeach: Nótaí an Mhúinteora
Leibhéal An Teastas Sóisearach
Spriocanna An tuiseal gairmeach a chur i láthair na ndaltaí
Stór focal Ginearálta
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Níl anseo ach léargas ginearálta ar an tuiseal gairmeach. Ní dhéantar staidéar anseo ar na díochlaontaí ar fad.
Léigh na treoracha leis na daltaí agus tabhair an oiread samplaí breise agus is gá go dtí go dtuigeann na daltaí cad atá i gceist leis an tuiseal gairmeach, san uatha agus san iolra.
Freagraí
üCuirtear ‘a’ roimh an ainm: a Sheáin, a Phádraig, a Shiobhán, a Bhríd
üCuirtear séimhiú ar an ainm: a Sheáin, a Phádraig, a Shiobhán, a Bhríd
üIs minic ainmneacha fear a bheith firinscneach agus mar sin críochnaíonn siad go minic le consan leathan – más ea is gá an t-ainm a dhéanamh caol:
a Sheáin, a Phádraig, a Shiobhán, a Bhríd
üIs minic ainmneacha ban a bheith caol agus ní gá iad a chaolú mar sin: a Sheáin, a Phádraig, a Shiobhán, a Bhríd
üAch fiú má tá an t-ainm mná leathan ní chaolaítear é: a Sheáin, a Phádraig, a Shiobhán, a Bhríd
245
Fócas ar Theanga: An Tuiseal Gairmeach
Sleamhnán 1
An Tuiseal Gairmeach súil siar ar an uatha
Cén fáth a mbaintear úsáid as an tuiseal gairmeach? Seo thíos cúpla nod chun cuidiú leat an tuiseal gairmeach a úsáid! Líon na bearnaí.
Cuirtear _ roimh an ainm: a Sheáin, a Phádraig, a Shiobhán, a Bhríd
Cuirtear ______ ar an ainm: a Sheáin, a Phádraig, a Shiobhán, a Bhríd
Is minic ainmneacha fear a bheith firinscneach agus mar sin críochnaíonn siad go minic le consan leathan – más ea is gá an t-‐ainm a dhéanamh ___: a Sheáin, a Phádraig, a Shiobhán, a Bhríd
Is minic ainmneacha ban a bheith caol agus ní gá iad a chaolú mar sin: a Sheáin, a Phádraig, a Shiobhán, a Bhríd
Ach, fiú má tá an t-‐ainm mná leathan ní _________ é: a Sheáin, a Phádraig, a Shiobhán, a Bhríd
Gramadach, feasacht teanga: an tuiseal gairmeach.
Sleamhnán 2
An Tuiseal Gairmeach Iolra
Tá ‘a’ agus séimhiú i gceist leis an tuiseal
gairmeach san iolra chomh maith: a chairde
Má chaolaítear an t-‐ainm san iolra de ghnáth, mar shampla: fear > fir, cuirtear a leis an leagan san uatha:
fear – fir a �eara Má chríochnaíonn an t-‐ainm le a san iolra,
mar shampla: bean – mná, ní chuirtear aon rud leis:
bean – mná a mhná
Má chríochnaíonn an t-‐ainm le í san iolra, mar shampla: moltóir – moltóirí, ní chuirtear aon rud leis:
moltóir – moltóirí a mholtóirí
Gramadach, feasacht teanga: an tuiseal gairmeach.
246
Fócas ar Theanga ró agus an-: Nótaí an Mhúinteora
Leibhéal An Teastas Sóisearach
Spriocanna Aird na bhfoghlaimeoirí a dhíriú ar ró agus an-
Stór focal Ginearálta
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Léigh na treoracha leis na daltaí agus tabhair an oiread samplaí breise agus is gá go dtí go dtuigeann na daltaí na rialacha a bhaineann le ró agus an-.
Freagraí
Sleamhnán 1Cuirtear séimhiú ar chonsan tar éis ró-, agus ní bhíonn fleiscín ann de ghnáth. Cuirtear fleiscín ann anois agus arís má bhíonn aon doiléire ann ó thaobh céille de, nó le dhá ghuta a scarúint óna chéile.
Sleamhnán 2Ní féidir a lán gutaí a bheith le chéile i bhfocail sa Ghaeilge.
Sleamhnán 3Cuirtear séimhiú ar chonsan tar éis an-. Ní féidir séimhiú a chur ar s/t/l/s/n tar éis an- áfach, agus ní féidir séimhiú a chur ar ghuta.
*Féach leathanach 71 – 73 sa leabhar Cogar Nua
ró agus an-:
247
Fócas ar Theanga: ró agus an-
Sleamhnán 1
Ró agus an-‐ 1
Féach:
rómhaith (maith) róchrua (crua) ródheacair (deacair) ró�uar (fuar) róthanaí (tanaí) róshean (sean)
Cad a tharla do na focail idir lúibíní?
Gramadach: ró gan fleiscín
Sleamhnán 2
Ró agus an-‐ 2
Féach:
ró-‐óg ró-‐aosta ró-‐ionraic ró-‐éasca ró-‐aibí ró-‐eagraithe
Cén fáth a bhfuil an fleiscín ann?
Gramadach: ró le fleiscín
Sleamhnán 3
Ró agus an-‐ 3
Féach:
an-‐mhaith (maith) an-‐chrua (crua) an-‐deacair (deacair) an-‐�uar (fuar) an-‐tanaí (tanaí) an-‐sean (sean) an-‐óg (óg) an-‐aosta (aosta)
Cad is féidir leat a rá faoi na hathruithe a thagann ar na focail tar éis an-‐?
Gramadach: an-
Plean Ceachta do Chaibidil 6
Caibidil 6: Mé Féin sa Saol Mór
A. An duine agus an nádúr (Measartha dúshlánach)B. An tríú domhan (Dúshlánach)C. An tríú domhan ar lean (Dúshlánach)D. Béasaí an domhain (Dúshlánach)E. Cúrsaí comhshaoilF. Inimirce (Measartha dúshlánach)G. Me féin agus an Eoraip (Measartha dúshlánach)H. Fócas ar theanga: i. An aimsir fháistineach ii. An briathar saor iii. Céimeanna comparáide na haidiachta
248
249
6A. An duine agus an nádúr: Nótaí an Mhúinteora (Measartha dúshlánach)
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Measartha dúshlánach
Spriocanna Cumas tuisceana, scríbhneoireachta, léitheoireachta, labhartha agus foghraíochta na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – an nádúr
Stór focal Spórt agus an nádúr
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán measartha maith Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin.
Réamhobair 1üLéigh a bhfuil ar an sleamhnán amach don rang agus bí cinnte go dtuigeann siad gach focal. Féach na
Freagraí.
üNuair atá na gníomhaíochtaí ar fad ar eolas ag na foghlaimeoirí, iarr orthu cuid A a dhéanamh ina n-aonar.
üCuir gach beirt ag obair le chéile ansin agus abair leo cuid B agus C a dhéanamh le chéile ansin.
üBí ag siúl timpeall ag cuidiú leo.
üPléigh na tuairimí a bhí acu maidir le gach cuid.
üScríobh aon fhocail nua a tháinig chun cinn ar an gclár.
Réamhobair 2üIarr ar na daltaí na habairtí a cheangal leis na pictiúir. Abair leo buille faoi thuairim a thabhairt mura
bhfuil siad cinnte.
üAbair leo a gcuid freagraí a phlé leis na daoine in aice leo sula bpléifidh tusa iad. Féach na Freagraí.
üPléigh aimsir an lae inniu, chomh maith le haimsir na seachtaine.
üBreac an stór focal a thagann aníos ar an gclár.
Réamhobair 3üRoinn an rang i mbeirteanna arís agus abair leo na ceannlínte a léamh amach os ard le chéile.
üBaineann na ceannlínte le timpistí a tharla nuair a bhí daoine ag déanamh spóirt áirithe. Caithfidh siad tuairimí a thabhairt faoin spórt lena mbaineann na ceannlínte, dar leo.
üPléigh na tuairimí a bhí acu.
üAnsin, iarr ar gach beirt plé a dhéanamh ar an gcineál aimsire a cheapann siad a bhí ann nuair a tharla na timpistí.
üBíodh plé ginearálta agat ar na spóirt éagsúla, agus an dainséar a bhaineann leis na spóirt sin.
(Measartha dúshlánach)
250
Éisteacht Mínigh do na daltaí go mbeidh siad ag éisteacht le déagóir ag caint faoin am a chaitheann sé amuigh faoin aer.
üAbair leo éisteacht leis an mír uair amháin gan aon rud a scríobh.
üLéigh na ceisteanna ar an sleamhnán leo le bheith cinnte go dtuigeann siad cad atá le déanamh.
üCuir an mhír ar siúl ar a laghad dhá uair eile, ag tabhairt deise dóibh freagraí ar cheisteanna 1-3 a scríobh síos.
üTéigh siar ar na freagraí a bhí acu (féach an script).
üAnsin, iarr orthu ceisteanna 4-7 a dhéanamh le chéile.
üTéigh siar ar a gcuid freagraí (féach na Freagraí).Téigh siar ar a gcuid freagraí (féach na Freagraí).
Iarphlé 1üCuir gach beirt ag obair le chéile arís, agus iarr orthu a ndeir Síle a léamh amach os ard le chéile.
üAbair leo ansin na ceisteanna ag bun an tsleamhnáin a phlé le chéile.
üBí ag siúl timpeall an ranga, ag tabhairt tacaíochta dóibh agus ag cuidiú leo, le linn na gníomhaíochta.
üPléigh na tuairimí a bhí ag an rang ar fad. Pléigh na tuairimí a bhí ag an rang ar fad.
Iarphlé 2üIarr ar gach beirt na pointí a léamh amach le chéile.
üMínigh dóibh go gcaithfidh siad na ceisteanna a fhreagairt go hionraic. Mínigh dóibh go gcaithfidh siad na ceisteanna a fhreagairt go hionraic.
Iarphlé 3üAbair leo go bhfuil torthaí an tsuirbhé ar an sleamhnán seo.
üCaithfidh duine amháin toradh an duine eile a léamh amach dó.
üCuir ceist ar dhaoine éagsúla faoi na torthaí a fuair siad féin.
üTéigh siar ar aon stór focal nua a tháinig chun cinn le linn na gníomhaíochta.
251
Freagraí
Réamhobair 1canúáil – canoeing boghdóireacht – archery tonnmharcaíocht choirp – body surfing seoltóireacht – sailing ziplíne – zip-lining, cable riding, canopying touring ailleadóireacht – rock climbing surfáil – surfing gaothshurfáil – windsurfing clárscimeáil sneachta – snow boarding sciáil – skiing iascaireacht – fishing dreapadóireacht – climbing fánaíocht – hiking raftú bánuisce – white water rafting marcaíocht ar chapall – horse riding cadhcáil – kayaking galf – golf rópadóireacht anuas – abseiling
Réamhobair 2
1
2
6
54
3
Éisteacht (ceist 4-7) 4. Beithíoch, bó nó eallach (cattle) i gCúige Uladh. 5. Horse. 6. Cattle. 7. Sicíní/cearca/coileach; muc agus cráin; coinín; gabhar; caora; capall agus lacha (lachain).
252
6A. An duine agus an nádúr
Sleamhnán 1
An duine & an nádúr Réamhobair 1 Féach ar na gníomhaíochtaí seo a dhéantar amuigh faoin aer. A. Cuir ciorcal �mpeall na ngníomhaíochtaí nach bhfuil chomh coi�anta sin in Éirinn. canúáil boghdóireacht tonnmharcaíocht choirp seoltóireacht ziplíne ailleadóireacht surfáil gaothshurfáil clárscimeáil sneachta sciáil iascaireacht dreapadóireacht fánaíocht ra�ú bánuisce marcaíocht ar chapall cadhcáil galf rópadóireacht anuas B. Cuir líne faoi aon cheann de na gníomhaíochtaí atá déanta agat agus bí in ann cur síos a dhéanamh uirthi. C. Labhair leis an duine in aice leat faoi na gníomhaíochtaí a rinne tú.
Stór focal: gníomhaíochtaí taobh amuigh; obair aonair: cuid A; obair bheirte: taithí pearsanta ar ghníomhaíochtaí.
Sleamhnán 2
An duine & an nádúr Réamhobair 2 Ceangal na pic�úir leis na habair� cearta! Tá níos mó pic�úr ná abair�. 1. Beidh stoirmeacha againn tráthnóna; agus �ntreach agus
toirneach. Beidh gaoth fórsa gála ann le linn na hoíche agus beidh sé ag stealladh báis�.
2. Lá te agus grianmhar a bheidh againn amárach.
3. Beidh sé scamallach agus beidh sealanna báis� againn.
4. Tá muid ag súil le sneachta ag an deireadh seachtaine.
5. Beidh sealanna báis� agus gréine ann.
6. Beidh ceathanna flichshneachta againn um thráthnóna.
Cén cineáil aimsire atá agaibh inniu?
Obair aonair: réamhaisnéis aimsire a thuiscint; obair bheirte: freagraí a chur i gcomparáid lena chéile; plé ranga: an aimsir.
Sleamhnán 3
An duine & an nádúr Réamhobair 3 Cén spóirt lena mbaineann na ceannlínte seo? Cén cineáil aimsire a bhí ann i ngach cás, dar leat?
Tá cúigear fear ar
iarraidh amach ó chósta
Chorcaí.
Thit an déagóir isteach i scáine a bhí lán de sneachta. D’�án sé ansin ar feadh dhá uair a chloig sular tarrtháladh é
Chaith an bhean an oíche ar fad léi féin ar an sliabh, sula raibh sí in ann a bealach a dhéanamh abhaile.
Chuir an criú glao ar an
nGarda Cósta nuair a
bhris an crann ar an
mbád.
Tugadh go d� an t-‐
ospidéal an fear tar éis
do shaighead é a
tholladh sa chos.
Mhaolaigh an ghaoth agus níor éirigh leis an mbean an trá a bhaint amach toisc go raibh an taoide ag trá.
Obair bheirte, léitheoireacht: na ceannlínte os ard le chéile, tuairimí a thabhairt faoi na spóirt lena mbaineann siad, an aimsir a bhí ann ag an am; plé ranga: spóirt éagsúla agus an dainséar a bhaineann leo.
253
Sleamhnán 4
An duine & an nádúr Éisteacht Éist le Ber�e agus freagair na ceisteanna: 1. Cad iad na hainmhithe ar fad a dtugann Ber�e aire
dóibh?
2. Cad iad na hainmhithe atá coi�anta sa cheantar?
3. Conas a thugann sé bia do na ba agus do na hasail?
xxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxxx
4. Baineann Ber�e úsáid as an bhfocal beithíoch – an bhfuil focal eile agat féin?
5. An bhfuil a �ios agat cad is brí le beithíoch i gcanúint Uladh?
6. Cad is brí leis an bhfocal eallach?
7. An bhfuil an Ghaeilge agat do na hainmhithe seo:
Tasc éisteachta: ceisteanna le freagairt.
Sleamhnán 5
An duine & an nádúr Iarphlé 1 Nuair a cuireadh ceist ar Shíle ó Choláiste Iosagáin an gcaitheann sí mórán ama amuigh faoin aer, seo an méid a dúirt sí: “Imrím peil Ghaelach agus imrím cispheil chomh maith ar son na scoile. Agus, i mbliana bhuaigh muid craobh na hÉireann – peil Ghaelach. “ “Tá mé sna Gasóga Mara, bíonn muid ag seoltóireacht agus ag rámhaíocht i rith an tsamhraidh. Is breá liom bheith amuigh ar an bhfarraige, tá sé ar �eabhas, bíonn sé an-‐�uar.” “Téann muid ag campáil i rith an tsamhraidh chomh maith agus i rith na Cásca. De ghnáth, bíonn muid ag campáil in aice le loch. Bíonn bricfeasta againn agus ansin téann muid amach ar na báid. Bíonn lón againn agus téann muid amach arís, ansin bíonn dinnéar againn agus téann muid amach ag siúl nó rud éigin mar sin ansin. Bíonn orainn ár ndinnéar a dhéanamh ar thine agus gach rud.” 1. An ndéanann tú féin aon cheann de na
gníomhaíochtaí a luann Síle? Cad iad?
2. Conas atá an t-‐am a chaitheann Síle amuigh faoin aer difriúil leis an am a chaitheann Ber�e amuigh faoin aer?
Obair bheirte: léitheoireacht os ard le chéile, ceisteanna le plé.
Sleamhnán 6
An duine & an nádúr Iarphlé 2 An duine tú arbh �earr ar fad leat fanacht is�gh sa teach, nó an duine thú ar bhreá leat bheith amuigh faoin spéir? Faigh amach…
1. Tá snámh agam agus is breá liom bheith ag snámh. Fíor / Bréagach
2. Dá n-‐iarrfaí orm cluiche beag peile a imirt, d'imreoinn go cinnte. Fíor / Bréagach
3. Cuireann luí agus éirí na gréine áthas an domhain orm. Fíor / Bréagach
4. B’�earr liom mo chuid prátaí féin a �ás ná iad a cheannach. Fíor / Bréagach
5. Tuigim cén fáth a dtaitníonn galf le daoine. Fíor / Bréagach
6. Nuair a �eicim clós súgartha, bíonn fonn orm a bheith ag súgradh. Fíor / Bréagach
7. B’�earr liom leabhar a léamh sa ghairdín ná i mo sheomra. Fíor / Bréagach
8. Tá rothar agam agus tá sé réidh le húsáid. Fíor / Bréagach
9. Tá mé in ann trí réaltbhuíon a ainmniú, ar a laghad. Fíor / Bréagach
10. Tá mé in ann cúig éan a ainmniú i mo cheantar, ar a laghad. Fíor / Bréagach
Obair bheirte: ceisteanna le freagairt faoin nádúr.
254
Sleamhnán 7
An duine & an nádúr Iarphlé 3 Torthaí an cheistneora: Idir 7-‐10 (�or): Is maith leat bheith amuigh faoin spéir agus is duine aclaí tú. Cuireann tú spéis sa nádúr agus is maith leat an méid atá ar eolas agat a léiriú do dhaoine eile. Idir 4-‐7 (�or): Is maith leat gníomhaíochtaí áirithe a dhéanamh amuigh faoin aer. Má chuirtear brú ort dul amach, téann tú amach, ach sin é. Is maith leat éin agus bláthanna agus mar sin, ach ní bheifeá rómhaith á n-‐ainmniú. Idir 1-‐4 (�or): Is sámhaí (couch potato) ceart tú! Ní maith leat bogadh amach as an teach, fiú agus an ghrian ag soilsiú. Ní maith leat spórt, ach amháin má tá cluiche maith ar siúl ar an teili�s. Is ar éigean a aithníonn tú an difríocht idir éan agus bláth.
Plé ranga: torthaí an cheistneora le plé le chéile sa rang; stór focal: focail nua a chur ar an gclár.
255
6B. An tríú domhan: Nótaí an Mhúinteora (Dúshlánach)
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Dúshlánach
Spriocanna Cumas tuisceana, scríbhneoireachta, léitheoireachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – forbairt agus an tríú domhan
Stór focal Forbairt agus an tríú domhan
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar mhír éisteachta ina bhfuil dalta scoile ag tabhairt óráid díospóireachta. Tá an píosa dúshlánach go leor ó thaobh stór focal de agus ó thaobh canúna de.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán ard Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin. Moltar na gníomhaíochtaí a nascadh le Céimeanna Comparáide na hAidiachta, Fócas ar Theanga.
RéamhphléüCuir na daltaí ag obair i mbeirteanna nó i ngrúpaí.
üLéigh a bhfuil ar an sleamhnán leis na foghlaimeoirí le bheith cinnte go dtuigeann siad a bhfuil le déanamh acu.
üIarr ar na daltaí a gcuid tuairimí a phlé le chéile. Féach na Freagraí.
Réamhobair 1üDéan plé oscailte, os comhair an ranga ar fad, ar na pointí éagsúla atá ar an sleamhnán.
üFéach na Freagraí.
Réamhobair 2üAn aidhm atá leis an ngníomhaíocht seo ná aird na bhfoghlaimeoirí a dhíriú ar an stór focal deacair a
bheidh sa mhír éisteachta.
üIarr ar gach foghlaimeoir na focail ar chlé a cheangal leis na focail ar dheis. Ansin iarr orthu a bhfreagraí a chur i gcomparáid leis an duine in aice leo.
üPléigh thusa na freagraí cearta ansin, féach na Freagraí. Pléigh thusa na freagraí cearta ansin, féach na Freagraí.
ÉisteachtüAbair leis na foghlaimeoirí go mbeidh siad ag éisteacht le mír atá deacair agus fada go leor.
üMínigh dóibh go gcaithfidh siad éisteacht leis an mír den chéad uair gan aon rud a scríobh síos fós.
üAnsin abair leo na ráitis ar an sleamhnán a léamh agus cuidigh le haon ní nach dtuigeann siad.
üMínigh dóibh go gcuirfidh tú an mhír ar siúl arís agus go gcaithfidh siad a bhreacadh síos ina gcóipleabhair a bhfuil na frásaí fíor nó bréagach.
(Dúshlánach)
256
üCuir stop leis an mír tar éis gach ráitis má cheapann tú go bhfuil gá leis sin.
üPléigh na freagraí (féach na Freagraí). Pléigh na freagraí (féach na Freagraí).
Éisteacht 2üAbair leis na foghlaimeoirí go mbeidh siad ag éisteacht leis an mír arís, agus go gcaithfidh siad na
ceisteanna a fhreagairt.
üLéigh na ceisteanna leo sula gcuirfidh tú an mhír ar siúl.
üPléigh na ceisteanna leis an rang iomlán ansin agus déanaigí plé ar an mír.Pléigh na ceisteanna leis an rang iomlán ansin agus déanaigí plé ar an mír.
Iarobair 1üCuir an sleamhnán seo in airde agus iarr ar gach beirt na ceisteanna a dhéanamh.
üNí gá duit féin aon ní a mhíniú dóibh, ba cheart go mbeadh siad in ann buile faoi thuairim a thabhairt faoi bhrí na gceisteanna, fiú mura bhfuil siad cinnte.
üTar éis tamaill, pléigh na tuairimí a bhí acu ar fad. Féach na Freagraí.Tar éis tamaill, pléigh na tuairimí a bhí acu ar fad. Féach na Freagraí.
Iarobair 2üLéigh a bhfuil ar an sleamhnán leis an rang iomlán.
üRoinn an rang i ngrúpaí agus abair leo na ceisteanna a phlé le chéile.
üBí ar fáil chun cuidiú leo nó chun aon cheist a fhreagairt le linn na gníomhaíochta.
üScríobh aon fhocail nua ar an gclár.
Freagraí
RéamhphléIs freagraí ginearálta a bheidh i gceist, mar shampla: Is iad tíortha san Afraic agus san Áise na tíortha is boichte.
Réamhobair 1Eas-: ex- nó dis- Iom- / Im-: in-Féin-: self-
I ngaireacht scread asail – to be within spitting distanceSeacht míle dícheall – doing the level best
Réamhobair 2
1 2 3 4 5 6 7 8 9 10
d h a e j i g c f b
257
Éisteacht 1 1. Fíor 2. Bréagach 3. Bréagach 4. Fíor 5. Fíor 6. Fíor 7. Bréagach 8. Bréagach
Iarobair 1An chéad domhan (gorm) – Tíortha forbartha An dara domhan (dearg) – Bloc an Oirthir. Tháinig deireadh le cumhacht an chumannachais le titim bhalla Beirlín sa bhliain 1989. An tríú domhan (glas) – Tíortha i mbéal forbartha
Script – An tríú domhanSinéadA Chathaoirligh, a mholtóir agus a chairde Gael, fairim fíorchaoin fáilte romhaibh go dtí an díospóireacht um thráthnóna. Sinéad is ainm domsa agus beidh mise ag plé gur ar scáth a chéile a mhaireann na daoine agus gur fearr beagán cúnaimh ná mórán trua.
Braithimid ar thíortha eile ó thaobh fhormhór na n-earraí a úsáidimid gach lá. Déantar an chuid is mó dár n-éadach agus dár n-amhábhar a iompórtáil. Is geilleagar sinn a bhraitheann go mór ar an easpórtáil. Tá muid go léir ag brath ar a chéile, ardaíonn teacht na taoide gach bád. Dá mhéad cabhrach a thugann muid dóibh is ea is fearr dúinn féin é amach anseo.
Príomhaidhm chúnamh na hÉireann is ea forbairt a dhéanamh ar gheilleagar an tríú domhan chun a chinntiú nach mbeidís ag brath ar chúnamh ón gcéad domhan a thuilleadh ionas go mbeidís féinchothabhálach. Agus anois, faoi mar a dúirt, is fearr beagán cúnaimh ná mórán trua. I 1970 gheall na tíortha is saibhre sa domhan go dtabharfaidís 0.7% dá GNP gach bliain don tríú domhan. Ghlac Éire leis an rún seo ó na Náisiúin Aontaithe agus thugadar geallúint go ndéanfaidís a seacht míle dícheall an 0.7% seo a thabhairt. I gcomhthéacs na bhfadhbanna atá ag an tríú domhan, faoi mar a léireoidh Aoife, níl dóthain anseo.
Cinnte a Chonchúir, tá muid i ngéarchéim eacnamaíochta, ach nach bhfuil sé soiléir ón méid a dúirt Helena go bhfuil fadhbanna an tríú domhan i bhfad Éireann níos measa ná ár bhfadhbanna beaga féin anseo. Ach, fiú go bhfuilimid i ngéarchéim eacnamaíochta is féidir an méid seo a láimhseáil gan dua, a chairde. Ach, daichead bliain ina dhiaidh sin nílimid i ngaireacht scread asail don sprioc seo a bhaint amach. I láthair na huaire 0.52% atá lamhálta ag an stát agus fós tá Meagan agus Bernard ag gearán faoin bhfíorbheagán a thugaimid. Ba í dearcadh mhuintir na hÉireann riamh ná gur fearr beagán cúnaimh ná mórán trua. Anuraidh bhíomar €227,000 faoi mbun an bhunsprice (an bunsprioc) a leagadar féinig amach. An mó beatha daonna a shábhálfadh an méid sin? An mó scoil a osclódh sé? An mó tionscnaimh sláinte a thosnódh sé? Téann ár n-airgead i bhfad Éireann níos faide thall sa tríú domhan ná mar a théann anseo. Bhí agus tá an fhlaithiúlacht agus an chomharsanúlacht (comharsanacht) i muintir na hÉireann. Níor dhúnadar an doras riamh ar éinne a bhí ag lorg cabhrach. Agus nach bhfuil an rialtas agus an stát ann chun ionadaíocht a dhéanamh thar ár gceann? Mar sin, níor chóir dúinn bheith ag gearán faoin bhfíorbheagán a thugann muid dóibh.
Go raibh míle maith agaibh as cluas na héisteachta a thabhairt dom agus táim chomh cinnte is go sníonn uisce síos, go n-aontóidh sibh liom féin agus le mo chomhghleacaithe nuair a deirimid nach bhfuil an stát rófhlaithiúil lena chúnamh (gcúnamh) don tríú domhan.
258
6B. An tríú domhan
Sleamhnán 1
An tríú domhan Réamhphlé
Féach ar an léarscáil agus freagair na ceisteanna:
Cad iad na �ortha is saibhre? Cad iad na �ortha is boichte?
Obair bheirte: ceisteanna le freagairt agus le plé.
Sleamhnán 2
An tríú domhan Réamhobair 1
Cad is brí leis na réimíreanna seo a leanas?
Eas-‐ Iom-‐ / Im-‐ Féin-‐ An bhfuil aon �ocal ar eolas agat leis na réimíreanna thuas iontu? Cad is brí leis na nathanna cainte seo:
‘i ngaireacht scread asail’
agus
‘seacht míle dícheall’
Plé ranga: réimíreanna agus nathanna cainte.
Sleamhnán 3
An tríú domhan Réamhobair 2
Beidh tú ag éisteacht le cailín ag caint faoin tríú domhan ar ball. An féidir leat na focail Ghaeilge a cheangal leis na focail Bhéarla?
1. amhábhar a. economy 2. iompórtáil b. neighbourliness 3. geilleagar c. easy 4. easpórtáil d. raw material 5. féinchothabhálach e. export 6. Na Náisiúin Aontaithe f. allowed 7. géarchéim g. crises 8. gan dua h. import 9. lamhála i. The United Na�ons 10. comharsanúlacht j. self-‐sustaining
1 2 3 4 5 6 7 8 9 10
Stór focal: an Tríú Domhan.
259
Sleamhnán 4
An tríú domhan Éisteacht 1
Éist le Sinéad ag tabhairt óráide i gcomórtas díospóireachta. An bhfuil na rái�s seo �or nó bréagach. Cuir sa bhosca ceart le do thuairim a léiriú. *GDP / OTI -‐ Olltáirgeacht in�re (billiúin dollar)
Ráiteas Fíor Bréagach
1. Is fearr beagán cúnaimh ná mórán trua, dar le Sinéad.
2. Déantar an chuid is mó dár n-‐éadaí agus dár n-‐amhábhar in Éirinn.
3. Creideann Sinéad go mbeadh an tríú domhan níos féinchothabhálaí gan chúnamh.
4. Gheall na �ortha saibhre go dtabharfaidís cúnamh (0.7% den *GNP) sa bhliain 1970.
5. Is dóigh le Sinéad gur féidir le hÉirinn an cúnamh seo a thabhairt.
6. Tugann an stát 0.52% den GNP faoi láthair.
7. Thug an stát €227,000 anuraidh.
8. Ní raibh muin�r na hÉireann flaithiúil riamh, dar le Sinéad.
Tasc éisteachta: ceisteanna le freagairt; plé ranga: freagraí le plé.
Sleamhnán 5
An tríú domhan Éisteacht 2
Éist le Sinéad arís agus freagair na ceisteanna seo. 1. Is é an rún ná: ‘Tugann an stát an iomarca
cúnaimh don tríú domhan’. An bhfuil Sinéad ar son nó i gcoinne an rúin?
2. Conas a mhíníonn Sinéad gur ar mhaithe lenár d�r féin é, cuidiú a thabhairt don tríú domhan?
3. Tugann Sinéad cúpla sampla dúinn faoi conas a chuideodh an t-‐airgead, nár íoc muid anuraidh (€277,000), leis na �ortha sa tríú domhan. Cad iad?
Tasc éisteachta: ceisteanna le freagairt; plé ranga: freagraí le plé.
Sleamhnán 6
An tríú domhan Iarobair 1
Cén dath a bhaineann leis na téarmaí seo ar an
léarscáil:
An chéad domhan An dara domhan An tríú domhan Ceangail na téarmaí ar chlé leis na téarmaí ar dheis: An chéad domhan: Bloc an oirthir An dara domhan: Tíortha i mbéal forbartha An tríú domhan : Tíortha forbartha Plé: Ní bhaintear an oiread sin úsáide as an téarma ‘An dara domhan’ níos mó. Cén fáth?
Obair bheirte: ceisteanna le plé; plé ranga: tuairimí.
260
Sleamhnán 7
An tríú domhan Iarobair 2
Pléigh na ceisteanna seo leis na daoine i do ghrúpa: 1. An mbailítear airgead sa scoil le haghaidh
�ortha sa tríú domhan? Cad iad?
2. An dtugann tú féin airgead ar bith do charthanacht ar bith? Cad é? Cén fáth?
3. Conas a chuidíonn an t-‐airgead a thugann an chéad domhan don tríú domhan, dar leat?
4. Ar mhaith leat féin obair dheonach a dhéanamh sa tríú domhan lá éigin? Cén fáth?
5. Cad is brí leis an téarma trócaire?
Obair ghrúpa: na ceisteanna faoin tríú domhan le freagairt agus le plé.
261
6C. An tríú domhan ar lean: Nótaí an Mhúinteora Dúshlánach
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Dúshlánach
Spriocanna Cumas tuisceana, scríbhneoireachta, léitheoireachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – an tríú domhan
Stór focal An tríú domhan agus tíortha i mbéal forbartha
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar óráid le linn díospóireachta, ó dhalta scoile as Coláiste Eoin.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán ard Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin.
Réamhobair 1üLéigh na treoracha agus na focail atá ar an sleamhnán. Ná mínigh na focail do na daltaí go fóill.
üIarr orthu na ceisteanna a dhéanamh ina mbeirteanna.
üAnsin, téigh féin siar ar na focail ar fad (féach na Freagraí).
Réamhobair 2üLéigh na ceisteanna atá ar an sleamhnán.
üIarr orthu na ceisteanna a dhéanamh ina mbeirteanna.
üAnsin, téigh féin siar ar na freagraí ar fad (féach na Freagraí). Ansin, téigh féin siar ar na freagraí ar fad (féach na Freagraí).
Éisteacht 1üLéigh na ceisteanna don chleachtadh éisteachta leis an rang ar fad sula gcuireann tú an mhír ar siúl
ionas go mbeidh a fhios acu cén freagraí a bheidh á lorg acu agus iad ag éisteacht.
üMás féidir, fág na ceisteanna thuas ar an scáileán fad is atá an mhír á seinm.
üCuir an mhír ar siúl cúpla uair, ag stopadh tar éis freagra gach ceiste más gá.
üPléigh freagraí na gceisteanna leis an rang ar fad ag an deireadh.
üTéigh siar ar na freagraí a bhí acu. Féach an script. Téigh siar ar na freagraí a bhí acu. Féach an script.
Éisteacht 2üMínigh don rang go mbeidh siad ag éisteacht leis an mír arís, ach an t-am seo go gcaithfidh siad na
bearnaí sa script a líonadh.
üPléigh na focail a roghnaigh siad. Féach an script mar threoir.
262
Iarphlé 1üLéigh na ceisteanna ar an sleamhnán ionas go dtuigfidh na foghlaimeoirí gach ní.
üIs féidir an rang a roinnt ina bheirteanna, i ngrúpaí nó is féidir na ceisteanna seo a phlé leis an rang ina iomláine.
üBa cheart píosa maith cainte a bheith agaibh leis na foghlaimeoirí faoi na ceisteanna seo. Is minic a bhíonn fonn ar dhéagóirí labhairt faoi na fadhbanna a bhíonn acu, go háirithe ó thaobh foghlamtha de.
üIs páirt an-tábhachtach iad an fheasacht foghlamtha agus an fheasacht teanga i bhfoghlaim teanga agus níor cheart faillí a dhéanamh iontu. agus níor cheart faillí a dhéanamh iontu.
Iarphlé 1 (A agus B)üRoinn an rang i mbeirteanna agus bíodh cóip phriontáilte agat de A agus B do gach duine sa rang.
üTabhair cóip A do dhuine A agus tabhair cóip B do dhuine B. Abair leo gan a gcuid bileoga a thaispeáint dá chéile.
üLéifidh duine A na ceisteanna amach do dhuine B agus beidh ar dhuine B freagraí na gceisteanna a thomhas. Tabharfaidh duine A an freagra ceart do dhuine B tar éis gach ceiste.
üAnsin, abair leo róil a mhalartú.
üBí ag siúl timpeall ag cuidiú leo más gá.
üPléigh na ceisteanna leis an rang ina iomláine ansin, agus bí cinnte go bhfuil cóip A agus B ag gach duine.duine.
Iarphlé 3üLéigh na ceisteanna ar an sleamhnán ionas go dtuigfidh na foghlaimeoirí gach ní.
üBíodh plé oscailte agaibh ar fad faoi na difríochtaí idir scoil i Mósaimbíc agus an scoil ina bhfuil sibh féin.
üScríobh an stór focal a thagann aníos ar an gclár.
Freagraí
Réamhobair 1
(1) comhbhádóir gnáthmhuintir míchothú bia riachtanach géarchéim caiteachas paiseanta vacsaíniú ragobair leigheas
263
soiléiriú Indiaigh maláire liúntais sainiúil
(2) Braitheann na freagraí ar gach foghlaimeoir.
(3) comhbhádóir – fellow speaker, mate gnáthmhuintir - ordinary people míchothú bia – malnutrition riachtanach – necessary caiteachas – expenditure géarchéim – crisis paiseanta – passionate (go paiseanta – passionately) vacsaíniú – vaccination ragobair – overtime leigheas – medicine soiléiriú – clarification Indiaigh – Indians maláire – malaria liúntais – allowances sainiúil – specific
(4) Cúrsaí Sláinte míchothú bia – malnutrition vacsaíniú – vaccination leigheas – medicine maláire – malaria Cúrsaí oibre caiteachas – expenditure géarchéim – crisis ragobair – overtime liúntais – allowances Daoine gnáthmhuintir - ordinary people comhbhádóir – fellow speaker, mate Indiaigh – Indians Eile riachtanach – necessary paiseanta – passionate soiléiriú – clarification sainiúil – specific
264
Réamhobair 2(1) Sainiúil, riachtanach agus paiseanta.(2) Comhbhádóirí.(3) Liúntais – liúntas agus Indiaigh – Indiach.(4) Comhbhádóir: comh=co / bádóir = sailor Géarchéim: géar=sharp, cutting / céim= step, phase Gnáthmhuintir: gnáth=usual / muintir=people
Script – An tríú domhanJack Lewis Coláiste EoinA chathaoirligh, a mholtóirí, a lucht an fhreasúra agus a dhaoine uaisle eile. Is mise Jack Lewis, an dara cainteoir ó fhoireann Choláiste Eoin agus táimse, le mo chaptaen Mícheál agus mo chomhbhádóir Conall, go hiomlán i gcoinne rún na hoíche anocht – go bhfuil an stát seo rófhlaithiúil lena chúnamh don tríú domhan. Labhair Mícheál go paiseanta agus go réadúil mar gheall ar an méid a chaitheann an stát sa tríú domhan, ag léiriú nach rófhlaithiúil ar chor ar bith é ach róriachtanach. Léireoidh Conall samplaí sainiúla de chúnamh an stáit, chomh maith le soiléiriú breise a dhéanamh ar fhadhbanna móra an tríú domhan, nach féidir linn a thuiscint i gceart anseo in Éirinn.
A dhaoine uaisle, mar is eol dúinn go léir tá fadhbanna móra sláinte agus leighis sa tríú domhan. Mar a dúirt Mícheál téann 90% de chúnamh an stáit don tríú domhan go tíortha sa Afraic. Ach, a dhaoine uaisle, i 2011 fuair 6.9 milliún páiste faoi chúig bás de bharr na bhfadhbanna seo. Níos mó ná daonra na hÉireann a dhaoine uaisle. Ar a laghad sa tír seo tá na hospidéil ar oscailt agus ag feidhmiú, a Bhernard. Níl ganntanas leighis agus vacsaíniú, tá córas agus tá cúnamh. Ní mar sin don tríú domhan a dhaoine uaisle, mar a léiríonn beagnach 7 milliún páiste marbh. Tá an cúnamh riachtanach mar a léiríonn rátaí damanta HIV, maláire agus míchothú bia. A Chonchúir ó Choláiste Rís, labhair tusa faoin difríocht iontach a dhéanfadh an cúnamh airgid a thug an stát don tríú domhan i seirbhísí leighis na hÉireann. Bhuel, an raibh a fhios agat a Chonchúir, gur chaith an HSE amháin i mbliana 610 milliún euro ar liúntais agus ragobair? Is flaithiúil sin, rófhlaithiúil b’fhéidir a dhaoine uaisle.
A dhaoine uaisle, de bharr chúnamh an stáit sa Mhósaimbíc tá laghdú 25% i méid (líon) na ndaoine a bhfuil HIV orthu. Faoi 2012 bhí ardú ó 150 míle go 250 míle i méid na ndaoine a bhfuil leigheas HIV á fháil acu. Ach tá 23 milliún duine sa Mhósaimbíc amháin a dhaoine uaisle, tá na milliúin fós i mbaol. Sin an fáth nach bhfuil an cúnamh rófhlaithiúil. A Mhegan, ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair, dúirt tú nach bhfuil an t-airgead againn le tabhairt don tríú domhan, mar a dúirt Mícheál, 0.5% dár gcaiteachas iomlán, agus deir tú go bhfuil sin rófhlaithiúil? Ní hionann géarchéim na tíre seo a dhaoine uaisle agus an fhulaingt, an bochtanas agus an bás sa tríú domhan, a dhaoine uaisle, mar a luaigh Mícheál romham.
A dhaoine uaisle, amannta deacra iad seo mar a léirigh Mícheál agus sna hamannta deacra léiríonn muid an-chuid fúinn féin sa chaoi is a gcaitheann muid le daoine níos boichte fós ná sinn. Ní rófhada siar inár stair féin, a dhaoine uaisle, go raibh daoine ag ithe féir ar thaobh an bhóthair, agus go raibh muid ag brath ar chúnamh ó Indiaigh dhúchasacha Mheiriceá, ó ghnáthmhuintir na Tuirce agus ó phobail bheaga ar fud na hEorpa. Daoine nach raibh mórán acu le tabhairt. A dhaoine uaisle, mar a léirigh Mícheál agus mar a léireoidh Conall arís i mo dhiaidh, tá cúnamh an stáit ag rá gur fiú agus gur féidir cabhrú leo siúd atá i bhfad níos measa as ná muid, a dhaoine uaisle, mar a dúirt Mícheál, ní dúinn féin ach do gach éinne. A dhaoine uaisle, ní fíor don rún, go raibh míle maith agaibh.
265
6C. An tríú domhan
Sleamhnán 1
An tríú domhan Réamhobair 1 Beidh tú ag éisteacht ar ball beag le Jack as Coláiste Eoin ag déanamh díospóireachta. Sula n-‐éisteann tú leis, déan na gníomhaíochtaí seo, atá bunaithe ar an stór focal is deacra sa mhír, leis an duine in aice leat.
comhbhádóir leigheas riachtanach sainiúil gnáthmhuin�r ragobair soiléiriú vacsaíniú caiteachas maláire liúntais paiseanta géarchéim míchothú bia Indiaigh
1. Cuir na focail in ord ó thaobh mhéid na bhfocal de, trí
uimhir 1 a chur in aice leis an gceann is faide.
2. Roinn na focail i ngrúpaí: (a) na cinn atá ar eolas agaibh; (b) na cinn ar féidir libh buile faoi thuairim a thabhairt fúthu agus (c) na cinn nach bhfuil ar eolas agaibh.
3. Bain úsáid as foclóir nó as www.focal.ie chun brí na bhfocal nach bhfuil ar eolas agaibh a aimsiú.
4. Roinn na focail i ngrúpaí arís: (a) na cinn a bhaineann le cúrsaí sláinte; (b) na cinn a bhaineann le cúrsaí oibre; (c) na cinn a bhaineann le daoine agus (d) na cinn atá fágtha.
Obair bheirte: ceisteanna a fhreagairt; stór focal: focail a mhíniú.
Sleamhnán 2
An tríú domhan Réamhobair 2
Féach ar na focail arís.
comhbhádóir leigheas riachtanach sainiúil gnáthmhuin�r ragobair soiléiriú vacsaíniú caiteachas maláire liúntais paiseanta géarchéim míchothú bia Indiaigh
1. Críochnaíonn aidiacht le –úil, le -‐a nó le –ach go minic, aimsigh ón liosta focal iad.
2. Is minic a chríochnaíonn focail a chuireann síos ar ghairmeacha nó ar dhaoine le –óir. Tá sampla amháin sa liosta – cuir san uimhir iolra é.
3. Tá dhá �ocal san uimhir iolra, cad iad? Cuir san uimhir uatha iad.
4. Tá trí chomh�ocal ann, cad iad? An féidir leat a rá cad is brí leis na focail atá taobh is�gh de na comh�ocail sin?
Obair bheirte, feasacht teanga: ceisteanna le freagairt.
Sleamhnán 3
An tríú domhan Éisteacht 1 Éist le díospóireacht Jack agus freagair na ceisteanna:
Cuid 1 Cén poin� atá ag Mícheál agus ag Conall?
Cuid 2
Breac síos an oiread poin� agus is féidir faoina ndeir Jack faoi chúrsaí sláinte.
Cuid 3
Cad a �oghlaimíonn muid faoi Mhósaimbíc?
Cuid 4 Conas a chuireann Jack ár d�r féin i
gcomparáid le �ortha sa tríú domhan?
Tasc éisteachta: ceisteanna le freagairt.
266
Sleamhnán 4
An tríú domhan Éisteacht 2 Éist le Jack arís agus líon na bearnaí sa script an t-‐am seo. Níl anseo ach cuid 2 agus cuid 3.
A dhaoine uaisle, mar is eol dúinn go léir tá fadhbanna móra
sláinte agus leighis sa tríú domhan. Mar a dúirt Mícheál téann
_______ de chúnamh an stáit don tríú domhan go �ortha sa
Afraic. Ach, a dhaoine uaisle, i 2011 fuair _______ milliún
páiste faoi chúig bás de bharr na bhfadhbanna seo. Níos mó ná
daonra na hÉireann, a dhaoine uaisle. Ar a laghad sa �r seo tá
na hospidéil ar oscailt agus ag feidhmiú, a Bhernard. Níl
ganntanas leighis agus vacsaíniú, tá córas agus tá cúnamh. Ní
mar sin don tríú domhan, a dhaoine uaisle, mar a léiríonn
beagnach _______ milliún páiste marbh. Tá an cúnamh
riachtanach mar a léiríonn rátaí damanta HIV, maláire agus
míchothú bia. A Chonchúir ó Choláiste Rís, labhair tusa faoin
difríocht iontach a dhéanfadh an cúnamh airgid a thug an stát
don tríú domhan i seirbhísí leighis na hÉireann. Bhuel, an raibh
a �ios agat a Chonchúir gur chaith an HSE amháin i mbliana
_______ milliún euro ar liúntais agus ragobair. Is flaithiúil sin,
ró�laithiúil b’�éidir, a dhaoine uaisle.
Tasc éisteachta: bearnaí sa script le líonadh.
Sleamhnán 5
An tríú domhan Éisteacht 2
A dhaoine uaisle, de bharr chúnamh an stáit sa Mhósaimbíc tá
laghdú _______ i méid (líon) na ndaoine a bhfuil HIV orthu.
Faoi 2012 bhí ardú ó 150 míle go _______ míle i méid na
ndaoine a bhfuil leigheas HIV á �áil acu. Ach tá _______
milliún duine sa Mhósaimbíc amháin, a dhaoine uaisle, tá na
milliúin fós i mbaol. Sin an fáth nach bhfuil an cúnamh
ró�laithiúil. A Mhegan, ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair, dúirt tú
nach bhfuil an t-‐airgead againn le tabhairt don tríú domhan,
mar a dúirt Mícheál, _______ dár gcaiteachas iomlán, agus deir
tú go bhfuil sin ró�laithiúil? Ní hionann géarchéim na �re seo,
a dhaoine uaisle, agus an �ulaingt, an bochtanas agus an bás
sa tríú domhan, a dhaoine uaisle, mar a luaigh Mícheál
romham.
Tasc éisteachta: bearnaí sa script le líonadh.
Sleamhnán 6
An tríú domhan Iarphlé 1 Ceisteanna faoi éisteacht. 1. An raibh an mhír éisteachta deacair, dar leat? Cén fáth?
2. An maith leat gníomhaíochtaí cluastuisceana? Cén fáth?
3. An maith leat gníomhaíochtaí cluastuisceana sa teanga eile a bhfuil staidéar á dhéanamh agat air? Cén fáth?
4. An gcuidíonn sé má bhíonn cur amach agat ar ábhar na míre roimh ré? Conas?
5. An gá an foclóir ar fad a bheith ar eolas agat sula n-‐éisteann tú le mír?
6. An gceapann tú go bhfuil mír raidió níos deacra ná mír theili�se? Cén fáth?
7. Cad is féidir leat a rá faoi na gnéithe seo a leanas agus tú ag éisteacht le mír ar scoil, i scrúdú, ar an raidió nó ar an teili�s:
canúint luas an chainteora uimhreacha stór focal
Plé, feasacht foghlama, feasacht teanga: tuairimí faoi thascanna éisteachta.
267
Sleamhnán 7
An tríú domhan Iarphlé 2 (A) Léigh amach na rái�s faoi Mhósaimbíc don duine in aice leat. Caithfidh sé a rá an bhfuil siad �or nó bréagach. 1. Tá Mósaimbíc chomh mór céanna le California.
2. Tá teorainn aici leis an Tansáin.
3. Tá aeráid theochriosach (tropical) agus fo-‐theochriosach ag Mósaimbíc.
4. Is é an abhainn a théann tríd an �r ná an Zambezi.
5. Ba choilíneacht Shasanach í tráth. Freagraí 1. Bréagach. Tá an �r beagnach dhá oiread níos mó ná California. 2. Fíor. 3. Fíor. 4. Fíor. 5. Bréagach. Ba choilíneacht Phortaingéalach í.
Obair bheirte: eolas a thomhas; plé ranga: ar an eolas.
Sleamhnán 8
An tríú domhan Iarphlé 2 (B) Léigh amach na rái�s faoi Mhósaimbíc don duine in aice leat. Caithfidh sé a rá an bhfuil siad �or nó bréagach. 1. Tá �mpeall 23 milliún duine ina gcónaí i Mósaimbíc.
2. Is é 50 bliain an t-‐ionchas saoil atá ag an ngnáthdhuine sa �r.
3. Bíonn �mpeall ochtar páis� ag mná.
4. Níl léamh ag níos mó ná leath an daonra.
5. Bhain siad neamhspleáchas amach sa bhliain 1995. Freagraí 1. Fíor. 2. Bréagach. 40 bliain. 3. Bréagach. Cúigear. 4. Fíor. 5. Bréagach. 1975.
Obair bheirte: eolas a thomhas; plé ranga: ar an eolas.
Sleamhnán 9
An tríú domhan Iarphlé 3 Féach ar an bpic�úr thíos de sheomra ranga i Mósaimbíc, leis an duine in aice leat. Breacaigí síos na difríochtaí idir seomra ranga in bhur scoil féin agus é sin sa phic�úr. An féidir libh smaoineamh ar aon difríochtaí eile?
Plé ranga: difríochtaí idir an scoil i Mósaimbíc agus an scoil anseo.
268
6D. Béasaí an domhain: Nótaí an Mhúinteora Dúshlánach
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Dúshlánach
Spriocanna Cumas tuisceana, scríbhneoireachta, léitheoireachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – béasaí, gnásanna agus nósanna
Stór focal Béasaí, gnásanna agus tíortha
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar shliocht a bhaineann le béasaí an domhain.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán ard Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin. Moltar na gníomhaíochtaí seo a nascadh leis An Briathar Saor, Fócas ar Theanga.
Réamhphlé 1 / 2üBeidh na tíortha sa liosta seo luaite san alt ar ball. üTabhair deis do na foghlaimeoirí iarracht a dhéanamh uimhir na dtíortha a chur ar an áit chuí ar an
léarscáil. Ba cheart go mbeadh an chuid is mó díobh ar eolas acu. üNuair atá siad críochnaithe, cuir an chéad sleamhnán eile in airde, a bhfuil na tíortha marcáilte ar an
léarscáil air. üTéigh siar ar shuíomh gach tíre, ar litriú gach tíre agus ar an bhfoghraíocht.üCuir ar a súile dóibh go mbíonn na tíortha baininscneach den chuid is mó.
Réamhphlé 3üLéigh na treoracha ar an sleamhnán seo agus mínigh do na foghlaimeoirí go mbeidh orthu abairt
amháin faoi gach tír a scríobh sna bearnaí. Abair leo gur leor píosa eolais faoi chultúr na tíre, níl aon ghá le fíricí casta. Beidh orthu an bosca a tharraingt ina gcóipleabhair mura bhfuil cóip déanta agat cheana do gach dalta.
üCuir gach beirt ag obair le chéile agus iarr orthu an tasc a dhéanamh. üPléigh na tuairimí a bhí ag an rang ar fad. Scríobh ar an gclár aon stór focal nua a tháinig chun cinn. üTá samplaí tugtha sna Freagraí.
Réamhphlé 4üIs gníomhaíocht é seo a chuireann an stór focal is deacra a bheidh san alt i láthair na ndaltaí.üAbair le gach beirt na focail a cheangal leis na pictiúir (féach na Freagraí). üPléigh na focail leis an rang ina iomláine. Pléigh na focail leis an rang ina iomláine.
LéamhüBa cheart go mbeadh cóip phriontáilte den alt ag gach dalta. Cuir i mbun léitheoireachta iad, ina
mbeirteanna.
269
üPléigh an t-alt leis an rang iomlán ansin agus cabhraigh leo le haon deacrachtaí a bheidh acu leis.üFiafraigh de na foghlaimeoirí faoi na pointí nach raibh eolas acu fúthu. Déan iarracht plé a chothú faoi
na béasaí éagsúla.üLéigh an t-alt leis an rang iomlán más gá. Léigh an t-alt leis an rang iomlán más gá.
Iarphlé 1üLéigh a bhfuil ar an sleamhnán leis an rang agus téigh siar ar aon fhocal nach bhfuil ar eolas acu.üMínigh dóibh go mbeidh ar gach beirt cúpla abairt a scríobh síos faoi na béasaí agus nósanna atá
muintir na hÉireann sna cásanna áirithe. Tá sampla tugtha.üPléigh na tuairimí a bhí acu agus scríobh aon stór focal nua a tháinig chun cinn ar an gclár. Pléigh na tuairimí a bhí acu agus scríobh aon stór focal nua a tháinig chun cinn ar an gclár.
Iarphlé 2üLéigh a bhfuil ar an sleamhnán leis an rang agus roinn i ngrúpaí de thriúr nó de cheathrar é.üAbair le duine amháin as gach grúpa na tuairimí atá ag gach duine sa ghrúpa a scríobh síos. üTéigh siar ar na tuairimí a bhí ag na grúpaí áirithe.
Freagraí
Réamhobair 3
Meiriceá Is tír réasúnta nua í. Ceanada Tá an Fhraincis ina teanga oifigiúil ann, chomh maith leis an mBéarla.An Fhrainc Tá Franҫois Hollande ina Uachtarán. An Iaráin Is é Tehran an phríomhchathair. An India Tagann an curaí ón tír seo.Vítneam Bhí droch-chogadh idir é agus na Stáit Aontaithe idir 1955 agus 1975.An Téalainn Is é an Búdachas an reiligiún is coitianta. An Iodáil Itear a lán pasta agus pizza ann. An Spáinn Glactar siesta i rith an lae go minic. Sasana Tá an mhonarcacht i gcónaí i mbéal an phobail.Éire Tá dhá theanga oifigiúil sa tír – an Béarla agus an Ghaeilge.An Rúis Óltar vodka ann. Meicsiceo Itear bia spíosrach ann. An tSín Tá geilleagar na tíre seo ag fás i gcónaí. An tSeapáin Bhí crith talún olc sa tír sa bhliain 2011. An Chóiré Tá an Chóiré Thuas agus Theas ann.
Réamhobair 4Croith lámha – shake handsUmhlaigh – bowCliabhrach – chestMoslamach – Muslim Cipíní itheacháin – chop sticks Óstach – host
270
6D. Béasaí an domhain
Sleamhnán 1
Béasaí an domhain Réamhphlé 1 An féidir leat na �ortha seo a líonadh isteach ar an léarscáil?
1. Meiriceá 2. An tSeapáin 3. An Spáinn 4. Ceanada 5. An Téalainn 6. An Iodáil 7. Sasana 8. An tSín 9. An Iaráin 10. An Áise 11. An Chóiré 12. Meicsiceo 13. An Fhrainc 14. Vítneam 15. An Ríocht Aontaithe 16. An India 17. An Rúis 18. Éire
Agus cad faoi: Meiriceá Theas, na Stáit Aontaithe agus an Meánoirthear?
Obair bheirte: suíomh na dtíortha liostáilte a aithint.
Sleamhnán 2
Béasaí an domhain Réamhphlé 2 An raibh an ceart agat?
1. Meiriceá 2. An tSeapáin 3. An Spáinn 4. Ceanada 5. An Téalainn 6. An Iodáil 7. Sasana 8. An tSín 9. An Iaráin 10. An Áise 11. An Chóiré 12. Meicsiceo 13. An Fhrainc 14. Vítneam 15. An Ríocht Aontaithe 16. An India 17. An Rúis 18. Éire
1 2 3
4
5
8
7 6 11
10 9
15
14
13
12
18 17
16
Na Stáit Aontaithe
An Meánoirthear Meiriceá Theas
Feasacht teanga, obair ranga: dul trí fhoghraíocht, litriú agus suíomh gach tíre.
Sleamhnán 3
Béasaí an domhain Réamhphlé 3
Bí ag obair leis an duine in aice leat. An féidir libh smaoineamh ar aon phíosa eolais amháin faoi gach �r? Breacaigí síos bhur gcuid tuairimí sna spásanna cuí. Tá sampla amháin déanta!
Meiriceá Is �r réasúnta nua í.
Ceanada
An Fhrainc
An Iaráin
An India
Vítneam
An Téalainn
An Iodáil
An Spáinn
Sasana
Éire
An Rúis
Meicsiceo
An tSín
An tSeapáin
An Chóiré
Obair bheirte: píosa eolais faoi na tíortha tugtha; plé ranga: na freagraí a phlé.
271
Sleamhnán 4
Béasaí an domhain Réamhphlé 4
Beidh tú ag léamh ailt ar ball beag. An féidir leat na focail a bheith ann a cheangal leis na pic�úir chearta?
Croith lámha Umhlaigh Cliabhrach Moslamach
Cipíní itheacháin Óstach
Stór focal, obair bheirte: focail agus pictiúir a cheangal le chéile.
Sleamhnán 5
Béasaí an domhain Léamh 1
Léigh an t-‐alt amach os ard leis an duine in aice leat.
Tá an domhan ina bhfuil muid inár gcónaí ar nós sráidbhaile beag na
laethanta seo. Tá daoine ag taisteal i bhfad níos minice anois ná riamh,
de bharr líon na n-‐aerlínte sa domhan atá ag cur ei�l� ar fáil ar chostas
an-‐bheag ar fad. Tugann an t-‐idirlíon léargas an-‐leathan dúinn chomh
maith ar chultúr agus ar stair thíortha eile. Ach, cad faoi na nósanna
áirithe atá ag daoine i d�ortha eile, nósanna atá an-‐éagsúil ó na béasaí
atá againn féin in Éirinn? Is minic a chothaíonn an easpa eolais seo ar
chultúr eile achrann idir daoine.
Ag beannú do dhaoine
Croitheann daoine lámh le chéile i Meiriceá, Ceanada agus i Sasana agus
iad ag féachaint sa tsúil ar a chéile ag an am céanna.
De ghnáth, ní bhíonn aon teagmháil �isiciúil ann nuair a chasann daoine
ón Áise le chéile den chéad uair.
Umhlaíonn daoine dá chéile sa tSeapáin, dá ísle a umhlaítear is ea is mó
measa a léirítear don duine eile. Ní �éachtar sa tsúil ar dhuine eile.
Sa Téalainn, ardaíonn muin�r na �re sin a lámha go d� an cliabhrach,
amhail is go raibh siad ag guí, agus umhlaíonn siad dá chéile. Ní
�éachann siad sa tsúil ar dhuine eile ach an oiread.
Tasc léitheoireachta, obair bheirte: os ard; plé ranga: ábhar an ailt.
Sleamhnán 6
Béasaí an domhain Léamh 2
Éadaí
San Áise agus i d�ortha Moslamacha moltar gan aon chuid den chorp a
nochtadh, go háirithe na mná.
Ní féidir bróga a chaitheamh sa teach sna �ortha seo: an tSeapáin, an
tSín, an Chóiré, an Téalainn nó an Iaráin. Ba cheart iad a �ágáil taobh
amuigh den doras tosaigh, agus iad fágtha go néata.
Sa tSín, deirtear gur droch-‐ádh é éadaí bána a chaitheamh.
Bia agus deoch
Is é an lón an béile is mó sa lá i Meiriceá Theas, sa Spáinn agus san
Iodáil.
Is minic a mhaireann an lón nó an dinnéar i ndeisceart na hEorpa níos
mó ná cúpla uair an chloig.
Is minic a dhéantar gnó le linn béile sa Ríocht Aontaithe.
Ní dhéanann na Meicsicigh nó na Sínigh gnó go deo agus iad ag ithe
béile. Glacann siad sos maith agus iad ag ithe.
Itheann na Francaigh a lán feola agus ní maith leo feoil atá ródhéanta.
Itear feoil madra sa tSín, i Vítneam agus i gCóiré Theas. D’i� madraí ar
fud an domhain fadó áfach, is as sin a thagann an téarma ‘hot dog’ i
mBéarla. Feoil madra a bhí san ispín an chéad lá riamh.
Féach ar na poin� seo a leanas a bhí i leabhar tais�l, chun comhairle a
chur ar dhaoine maidir le hócáidí sóisialta i d�ortha éagsúla.
Tasc léitheoireachta, obair bheirte: os ard; plé ranga: ábhar an ailt, béasaí an domhain.
272
Sleamhnán 7
Béasaí an domhain Léamh 3
Más mian leat a léiriú go bhfuil an bia an-‐mhaith ar fad i d�ortha
áirithe san Áise, is féidir leat do chuid beola a bhrú le chéile agus a
oscailt arís. Is fearr torann an-‐láidir a dhéanamh agus é sin idir lámha
agat.
Sa Fhrainc, má chasann tú le cairde i gcaifé, mar shampla, tá sé
drochmhúinte suí síos gan lámh a chroitheadh le gach duine nó gan
póg a thabhairt dóibh siúd a bhfuil aithne agat orthu.
San India agus sa Mheánoirthear, ní féidir leat ithe le do lámh chlé.
Mura gcuireann tú do chuid cipíní itheacháin ar bharr do bhabhla
nuair atá do dhóthain bia agat sa tSín, leanfaidh an t-‐óstach ar
aghaidh ag tabhairt bia duit.
Tá sé de nós ag na Meicsicigh agus ag formhór de mhuin�r Mheiriceá
Theas seasamh an-‐chóngarach duit agus iad ag caint leat. Is cuma cé
chomh míchompordach is a mhothaíonn tú, níor cheart duit bogadh.
Sa Rúis, mura n-‐ólann tú an méid céanna deochanna is a ólann an t-‐
óstach, glacfar leat mar dhuine an-‐drochmhúinte ar fad.
Go minic in Éirinn, críochnaíonn gach féasta le ceol agus damhsa. Bí
cinnte go n-‐iarrfaí ort amhrán a chasadh.
Agus tú sna Stáit Aontaithe, moltar duit do bhurgar a ithe chomh
gasta agus is féidir, agus le do dhá lámh. Níor cheart duit iarracht a
dhéanamh labhairt agus tú ag ithe.
Tasc léitheoireachta, obair bheirte: os ard; plé ranga: ábhar an ailt, béasaí an domhain.
Sleamhnán 8
Béasaí an domhain Iarphlé 1
Béasaí in Éirinn
Cad iad na béasaí a bhaineann leis na nithe seo a
leanas in Éirinn? Cúrsaí bia Éadaí Breithlaethanta Breitheanna Daoine Aosta Cóisirí Ceol Ag beannú do dhaoine Mar shampla: Ithimid dinnéar sách luath um thráthnóna, �mpeall a sé a chlog.
Obair bheirte: nósanna na hÉireann a bhreacadh síos; plé ranga: stór focal nua a chur ar an gclár.
Sleamhnán 9
Béasaí an domhain Iarphlé 2
An bhfuil páis� an lae inniu chomh múinte céanna is a bhí ár seantuismitheoirí?
Bí ag obair leis na daoine eile i do ghrúpa agus breacaigí síos bhur dtuairimí. Mar shampla: Tá páis� inniu níos millte.
Obair ghrúpa: tuairim a thabhairt agus a phlé.
273
6E. Cúrsaí Comhshaoil: Nótaí an Mhúinteora
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Bunúsach
Spriocanna Cumas tuisceana, éisteachta agus labhartha na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – cúrsaí comhshaoil
Stór focal An timpeallacht agus an comhshaol
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna bunaithe ar dhá mhír físe ina bhfuil déagóirí ag déanamh cur síos ar chúrsaí comhshaoil ina saol féin.
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán íseal Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin. Moltar na gníomhaíochtaí a nascadh le Céimeanna Comparáide na hAidiachta, Fócas ar Theanga.
Réamhobair 1üIarr ar gach beirt an stór focal ar fad a ritheann leo a scríobh síos ina gcóipleabhair agus iad ag féachaint
ar an sleamhnán.
üPléigh na focail ar fad atá ag na daltaí agus cuir leo más gá.
üBí cinnte go bhfuil liosta focal cuimsitheach ag gach foghlaimeoir.
Réamhobair 2üLéigh an stór focal atá ar an sleamhnán.
üAbair leis na daltaí aon fhocal sa liosta seo, nach bhfuil ar a liostaí féin, a chur lena liostaí féin.
üTabhair deis do na foghlaimeoirí an stór focal seo a fhoghlaim.Tabhair deis do na foghlaimeoirí an stór focal seo a fhoghlaim.
ÉisteachtüMínigh do na daltaí go mbeidh siad ag éisteacht le déagóirí ag caint faoin gcomhshaol.
üAbair leo éisteacht leis an mír uair amháin gan aon rud a scríobh.
üLéigh na ceisteanna leo le bheith cinnte go dtuigeann siad iad. Maidir le ceist 1, beidh orthu tic a chur leis na focail sa liosta ina gcóipleabhair, a bhfuil na focail ón sleamhnán deireanach mar chuid de.
üCuir an mhír ar siúl ar a laghad dhá uair eile, ag stopadh tar éis gach ceiste.
üTéigh siar ar na freagraí a bhí acu (féach an script).
274
Iarphlé 1üLéigh a bhfuil ar an sleamhnán leo agus abair leo an ghníomhaíocht a dhéanamh.
üB’fhéidir go mbeidh sé dúshlánach go leor do na daltaí plé a dhéanamh ar na topaicí seo, ach más ea b’fhiú iarracht mhór a dhéanamh iad a ghríosú, mar is topaicí an-tábhachtacha iad, go háirithe ó thaobh feasacht chultúrtha de.
üBí ag siúl timpeall an ranga, ag tabhairt tacaíochta dóibh agus ag cuidiú leo, le linn na gníomhaíochta. Bí ag siúl timpeall an ranga, ag tabhairt tacaíochta dóibh agus ag cuidiú leo, le linn na gníomhaíochta.
Iarphlé 2üIs tráth na gceist é seo a thástálann cé chomh glas is atá duine.
üLéigh na ceisteanna leo agus ansin tabhair tamall dóibh é a dhéanamh ina n-aonar ar dtús.
üIarr ar gach beirt a bhfreagraí a phlé le chéile.
üCuir ceist ar dhaoine éagsúla cé chomh glas is atá siad. Cuir ceist ar dhaoine éagsúla cé chomh glas is atá siad.
ScríobhüAbair leis na daltaí cúig phointe a scríobh, faoi na rudaí dearfacha a dhéanann siad chun an
timpeallacht a chaomhnú agus cúig phointe faoi na rudaí ar cheart dóibh a dhéanamh chun an timpeallacht a chaomhnú.
üIs féidir an ghníomhaíocht seo a thabhairt dóibh mar obair bhaile nó mar chuid den rang.
üBailigh na píosaí scríbhneoireachta agus ceartaigh iad. Téigh siar ar aon deacracht a bhí ag na daltaí, duine le duine.
275
6E. Cúrsaí Comhshaoil
Sleamhnán 1
Déan ransú smaointe ar an stór focal a bhaineann le cúrsaí comhshaoil
Cúrsaí comhshaoil Réamhobair 1
bhaineann le cúrsaí comhshaoil
Ransú smaointe, obair bheirte: cúrsaí comhshaoil; obair ranga: stór focal a bhailiú.
Sleamhnán 2
Cúrsaí comhshaoil Réamhobair 2
An raibh na focail seo agaibh? Timpeallacht Truailliú Athchúrsáil Bosca athchúrsála Bruscar Téamh domhanda Nádúr Dúlra An brat glas Ciseal ózóin Foraois bháis�
Obair ranga: cur leis an stór focal; foghlaim: aon fhocail nua.
Sleamhnán 3
Cúrsaí comhshaoil Éisteacht
Éist le beirt daltaí scoile ag caint faoi chúrsaí comhshaoil.
1. Éist leis an mír an chéad uair agus cuir �c leis na focail ón sleamhnán deireanach nuair a chloiseann tú iad.
2. Cad is féidir leat a chur sna boscaí athchúrsála i gceantar Ber�e?
3. Cad a rinne an club óige?
4. Cé a bhíonn ag caitheamh an bhruscair i gceantar Ber�e?
5. Cén fáth a bhfuil Dara ag moladh na múinteoirí?
6. Cén rud a bhfuil scoil Dhara ag súil leis i mbliana agus cén fáth?
Tasc éisteachta: ceisteanna le freagairt.
276
Sleamhnán 4
Cúrsaí Comhshaoil Iarphlé 1
Dúirt Ber�e ‘biní athchúrsála’. Pléigh na ceisteanna seo leis na daoine eile i do ghrúpa:
1. An mbaineann tú féin úsáid as focail
Bhéarla agus tú ag caint i nGaeilge? Cén fáth?
2. An mbíonn níos mó focal Béarla ag cainteoirí dúchasacha ná ag daoine atá ag foghlaim na Gaeilge, dar leat?
3. An cuma má bhíonn an Ghaeilge agus an Béarla measctha le chéile sa chaint? Cén fáth?
Feasacht chultúir, obair bheirte: ceisteanna le freagairt faoi Bhéarlachas.
Sleamhnán 5
Cúrsaí comhshaoil Iarphlé 2
Cé chomh glas is atá tú? Cuir leis na rudaí a dhéanann tú, agus leis na rudaí nach ndéanann tú.
1. An n-‐athchúrsálann tú na nithe seo a leanas: gloine ábhair phlaisteacha páipéar
2. Má théann tú ag siopadóireacht, an nglacann tú do mhála féin leat?
3. An gceannaíonn tú earraí nó éadaí athláimhe riamh?
4. An siúlann tú chun na scoile nó an dtéann tú ar an rothar?
5. An múchann tú gach solas nuair a �ágann tú seomra?
Obair aonair: ceisteanna le freagairt; obair bheirte, ranga: freagraí le plé.
Sleamhnán 6
Cúrsaí comhshaoil Iarphlé 2 (ar lean)
6. An ndúnann tú gach doras i do dhiaidh chun an teas a choinneáil is�gh?
7. An gcasann tú an sconna as, agus tú ag scuabadh do chuid fiacla?
8. An ndíphlugálann tú gach gléas leictreach gach oíche?
9. An ndéanann tú iarracht bia agus earraí ái�úla a cheannach?
10. Má �eiceann tú bruscar ar an talamh, an bpiocann tú suas é?
Cé mhéad as 10 a fuair tú? An duine glas tú? Cad faoin duine in aice leat?
Obair aonair: ceisteanna le freagairt; obair bheirte, ranga: freagraí le plé.
277
Sleamhnán 7
Cúrsaí Comhshaoil Scríobh
Scríobh 5 rud a dhéanann tú ar son na �mpeallachta; agus 5 rud ba cheart duit a dhéanamh níos fearr ar son na �mpeallachta: ________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________
Obair scríofa: an timpeallacht.
278
6F. Inimirce: Nótaí an Mhúinteora (Measartha dúshlánach)
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Measartha dúshlánach
Spriocanna Cumas tuisceana, scríbhneoireachta, léitheoireachta, labhartha agus foghraíochta na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – inimircigh in Éirinn
Stór focal Cultúr agus teangacha na n-inimirceach in Éirinn
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán measartha maith Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin. Ní rang é a phléann cultúir eile amháin, ach pléitear cultúr na hÉireann (agus an Ghaeltacht go háirithe) i gcomhthéacs na gcultúr seo.
Réamhobair 1üPléigh an chéad dá cheist leis an rang ina iomláine. Tá seans ann go mothóidh daltaí áirithe faoi bhrú
mura bhfuil Gaeilge ag a dtuismitheoirí agus ba cheart na ceisteanna a phlé go mothálach dá bharr sin.
üBí cinnte go bhfuil an struchtúr: Tá _____________ agam ag na daltaí. Bí cinnte chomh maith go bhfuil an forainm réamhfhoclach ag ar eolas ag na foghlaimeoirí: agam, agat, aige, aici, againn, agaibh, acu.
üIarr ar gach beirt an chéad dá cheist eile a phlé le chéile ar feadh tamaill.
üPléigh thusa na tuairimí a bhí ag gach duine os comhair an ranga ansin. Déan iarracht an oiread agus is féidir plé maith a chothú anseo.
Réamhobair 2üLéigh amach a bhfuil ar an sleamhnán don rang agus bí cinnte go dtuigeann siad cad atá le déanamh.
üIs é atá i gceist leis an sleamhnán seo ná a chur ina luí ar na daltaí go bhfuil fréamh amháin ag a lán focal, agus gur féidir a lán focal a chumadh má tá an fréamh ar eolas. Féach na Freagraí.
Réamhobair 3üLéigh amach a bhfuil ar an sleamhnán don rang agus bí cinnte go dtuigeann siad cad atá le déanamh.
üIs cleachtadh é an ceacht seo ar an struchtúr: Tá _____________ agam.
üCaithfidh na foghlaimeoirí tic a chur leis na scileanna / buanna má tá siad acu féin, ar dtús.
üCaithfidh siad ansin labhairt le gach duine sa rang le daoine a aimsiú a bhfuil na scileanna / buanna acu.
üScríobh an comhrá seo ar an gclár má cheapann tú go bhfuil deacracht ag na daltaí leis an struchtúr.
- An bhfuil ceol agat?
- Tá / níl. An bhfuil ceol agatsa (agat féin)?
- Tá / níl.
(Measartha dúshlánach)
279
üCuir béim chomh maith ar an bhfoirm threise, atá i gcló dubh sa chomhrá thuas.
üCuir ceist ar dhaoine éagsúla sa rang a bhfuil na scileanna áirithe acu.
üPléigh aon deacracht a tháinig chun cinn le linn na gníomhaíochta. Pléigh aon deacracht a tháinig chun cinn le linn na gníomhaíochta.
ÉisteachtüMínigh do na daltaí go mbeidh siad ag éisteacht le déagóir ag caint faoin nGaeilge agus faoi inimircigh
ina ceantar.
üAbair leo éisteacht leis an mír uair amháin gan aon rud a scríobh.
üLéigh na ceisteanna ar an sleamhnán leo le bheith cinnte go dtuigeann siad cad atá le déanamh.
üCuir an mhír ar siúl ar a laghad dhá uair eile, ag tabhairt deise dóibh a gcuid freagraí a scríobh síos.
üTéigh siar ar na freagraí a bhí acu (féach an script). Téigh siar ar na freagraí a bhí acu (féach an script).
Iarphlé 1üCuir gach beirt ag obair le chéile arís agus léigh a bhfuil ar an sleamhnán leis an rang ar fad.
üMínigh dóibh go dtuigeann tú nach mbeidh siad cinnte faoi líon na n-inimirceach in Éirinn ach go gcaithfidh siad buille faoi thuairim a thabhairt, bunaithe ar a gcuid taithí pearsanta féin.
üBí ag siúl timpeall an ranga, ag tabhairt tacaíochta dóibh agus ag cuidiú leo, le linn na gníomhaíochta. Féach na Freagraí. Féach na Freagraí.
Iarphlé 2 / 3üIarr ar na daltaí an bosca atá ar shleamhnán Iarphlé 2 a tharraingt ina gcóipleabhair. Bí cinnte go
dtuigeann siad gach rud ann.
üAnsin, cuir Iarphlé 3 in airde agus léigh trí gach píosa eolais le bheith cinnte go dtuigeann siad an t-eolas ar fad.
üIarr ar gach beirt ansin na bearnaí sa bhosca a líonadh isteach le chéile.
üAbair leo sleamhnán Iarphlé 1 a úsáid freisin, chun cuidiú leo.
üBí ag siúl timpeall an ranga, ag tabhairt tacaíochta dóibh agus ag cuidiú leo, le linn na gníomhaíochta. Féach na Freagraí.
280
Freagraí
Réamhobair 2Eisimirce – emigration Inimirce – immigration Imirceach – immigrant *Imircigh – immigrants
*Ní gá an ‘e’ a bheith ann mar is leor an ‘i’ in –igh chun an riail ‘caol le caol agus leathan le leathan a chomhlíonadh.
Iarphlé 1Na Polannaigh (Polannach)Muintir na Ríochta Aontaithe (duine ón Ríocht Aontaithe)Na Liotuánaigh (Liotuánach)Na Nigéaraigh (Nigéarach)Na Laitviaigh (Laitviach)Muintir na Stát Aontaithe (duine ó na Stáit Aontaithe / Meiriceánach)Na Sínigh (Síneach) Na Gearmánaigh (Gearmánach)Na Filipínigh (Filipíneach)Na Francaigh (Francach)
Iarphlé 2 / 3
An Tír An Duine An Teanga Gné chultúrtha
An Pholainn Polannach Polainnis Is tír Chaitliceach í.
An Ríocht Aontaithe Duine ón Ríocht Aontaithe Béarla Tá daonra de 62 milliún sa tír seo.
An Liotuáin Liotuánach Liotuáinis Is é Vilnius príomhchathair na tíre seo.
An Nigéir Nigéarach Béarla Tá 521 teanga cláraithe sa tír seo.
An Laitvia Laitviach LaitvisIs daoine an-phríobháideacha iad seo agus tá an ceol an-tábhachtach dóibh chomh maith.
Na Stáit Aontaithe Duine ó na Stáit Aontaithe Béarla
Áirítear cathracha na tíre seo mar shamplaí den chomhleá cultúr (melting pot culture).
An tSín Síneach Sínis Is í an ceathrú tír is mó sa domhan í.
An Ghearmáin Gearmánach GearmáinisTá sé an-tábhachtach do na daoine seo a bheith eagraithe agus an teach slachtmhar.
Na hOileáin Fhilipíneacha Filipíneach Filipínis
Nuair a chastar le daoine den chéad uair sa tír seo, beannaítear don duine is sine nó is tábhachtaí ar dtús.
An Fhrainc Francach Fraincis Óltar a lán fíona sa tír seo.
281
6F. Inimirce
Sleamhnán 1
Inimirce Réamhobair 1 Pléigí na ceisteanna:
Cad as do do thuismitheoirí?
An bhfuil Gaeilge ag do thuismitheoirí?
Anois, samhlaígí gur chuir duine ó thír eile na ceisteanna seo a leanas oraibh, cén freagra a thabharfadh sibh orthu?
Cad é an Ghaeltacht?
Inis dom faoin nGaeilge.
Obair ranga: dhá cheist le plé; gramadach: tá x agam; obair bheirte: dhá cheist eile le plé; plé ranga: an Ghaeltacht agus an Ghaeilge.
Sleamhnán 2
Inimirce Réamhobair 2 An féidir libh na píosaí beaga d’�ocail a chur leis an bhfocal Imirce chun focail nua a chumadh?
1. Cad is brí leis na focail nua?
2. Bhí athrú beag amháin le déanamh ar an bhfocal deireanach, cad é?
-‐imirce-‐
Eis-‐ In-‐ -‐ach -‐igh*
Feasacht teanga, obair ranga: fréamh agus a thábhacht.
Sleamhnán 3
Inimirce Réamhobair 3
Tá Gaeilge agam.
Aimsígí daoine sa rang a bhfuil na scileanna nó na buanna seo acu! Ach ar dtús, cuir �c leis na cinn atá agat féin!
Scil / bua Mé féin Ainmneacha daoine eile
Ceol
Bua ealaíne
Tiomáint
Fraincis nó Spáinnis
Bua na cainte
Clóscríobh
Scileanna maithe ríomhaireachta
Gramadach: tá x agam; an fhoirm threise – agamsa, agatsa; obair labhartha: ceisteanna le cur ar dhaoine eile.
282
Sleamhnán 4
Inimirce Éisteacht Éist le Saoirse ag caint agus freagair na ceisteanna seo a leanas: 1. An bhfuil Gaeilge ag tuismitheoirí na ndaltaí i scoil
Shaoirse?
2. An labhraítear Gaeilge sna siopaí i gceantar Shaoirse?
3. Cén éifeacht atá ag na daoine nua, atá ag bogadh isteach sa cheantar, ar an nGaeilge?
4. Cad iad na teangacha ar fad atá sa cheantar, dar le Saoirse?
5. Cad a cheapann sí faoi na teangacha nua atá le cloisteáil sa cheantar?
Tasc éisteachta: ceisteanna le freagairt.
Sleamhnán 5
Inimirce Iarphlé 1 Bí ag obair leis an duine in aice leat. Féachaigí ar an liosta de na grúpaí inimirceach atá againn anseo in Éirinn. Cad é an grúpa is mó, dar libh? Cuirigí an liosta in ord de réir líon na n-‐inimirceach in Éirinn, trí 1 a chur leis an ngrúpa is mó agus mar sin ar aghaidh.
Na Liotuánaigh Muin�r na Ríochta Aontaithe
Na Filipínigh Na Laitviaigh
Na Gearmánaigh Na Polannaigh Na Francaigh
Muin�r na Stát Aontaithe Na Nigéaraigh Na Sínigh
Cad é an uimhir uatha? Is é sin conas a scríobhfá duine amháin as gach �r? Mar shampla:
Liotuánaigh -‐ Liotuánach Ná déan dearmad den riail thábhachtach sin – caol le caol agus leathan le leathan!
Obair bheirte: imircigh in Éirinn, buille faoi thuairim a thógáil nuair nach bhfuil siad cinnte; gramadach: duine as tír faoi leith - uatha agus iolra.
Sleamhnán 6
Inimirce Iarphlé 2 Líon na bearnaí sa bhosca. Tá cuid den eolas ar an gcéad sleamhnán eile.
An Tír An Duine An Teanga Gné chultúrtha An Pholainn
An Ríocht Aontaithe
An Liotuáin
An Nigéir
An Laitvia
Na Stáit Aontaithe
An tSín
An Ghearmáin
Na hOileáin Fhilipíneacha
An Fhrainc
Obair bheirte: an bosca a líonadh isteach.
283
Sleamhnán 7
Inimirce Iarphlé 3 Seo roinnt eolais faoi na �ortha atá luaite ar an sleamhnán deireanach. Gearmáinis, Sínis, Béarla, Filipínis,
Liotuáinis, Fraincis, Laitvis, Polainnis. Labhraítear a lán teangacha eile sna �ortha luaite go minic, ach níl anseo ach na teangacha oifigiúla.
Is í an ceathrú �r is mó ar domhan í. Is é Vilnius príomhchathair na �re seo. Óltar a lán �ona sa �r seo. Nuair a chastar le daoine den chéad uair sa �r
seo, beannaítear don duine is sine nó is tábhachtaí ar dtús.
Is daoine an-‐phríobháideacha iad seo agus tá an ceol an-‐tábhachtach dóibh chomh maith.
Tá sé an-‐tábhachtach do na daoine seo a bheith eagraithe agus an teach slachtmhar.
Áirítear cathracha na �re seo mar shamplaí den chomhleá cultúr (mel�ng pot culture).
Tá 521 teanga cláraithe sa �r seo. Tá daonra de 62 milliún sa �r seo. Is �r Chaitliceach í.
Eolas: faoi thíortha agus faoi theangacha.
284
6G. Mé féin & an Eoraip: Nótaí an Mhúinteora (Measartha dúshlánach)
Leibhéal An Teastas Sóisearach – Measartha dúshlánach
Spriocanna Cumas tuisceana, scríbhneoireachta, léitheoireachta, labhartha agus foghraíochta na ndaltaí a fhorbairt sa réimse saoil – an Eoraip
Stór focal An Eoraip
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Tá na ceachtanna oiriúnach do rang a bhfuil caighdeán measartha maith Gaeilge acu don Teastas Sóisearach, ach is féidir leat féin iad a láimhseáil ar bhealach a oireann don rang atá agat féin.
Réamhobair 1üBa cheart cóip phriontáilte a thabhairt do gach dalta, ach an sleamhnán a bheith in airde le linn na
gníomhaíochta chomh maith.
üLéigh amach a bhfuil ar an sleamhnán don rang agus bí cinnte go dtuigeann siad cad atá le déanamh.
üDéan cleachtadh ar an bhfoghraíocht ag an bpointe seo, ag iarraidh ar na foghlaimeoirí na tíortha ar fad a léamh amach i do dhiaidh.
üCaithfidh na daltaí uimhreacha na dtíortha a mharcáil ar an léarscáil.
üTéigh siar ar a gcuid freagraí tar éis tamaill.
ScríobhüIarr ar an rang cúig thír a roghnú ón liosta agus cúpla abairt a scríobh faoi na tíortha sin.
üBeidh castacht na n-abairtí ag brath ar chumas do ranga, ar ndóigh. Tá na cinn sa sampla deacair go leor. Is leor abairtí faoin mbia agus faoin aimsir, mar shampla.
üBailigh na habairtí agus ceartaigh don chéad rang eile iad; nó ceartaigh os comhair an ranga iad.
Léamh 1 / 2üLéigh na treoracha atá ar shleamhnán Léamh 1 leis an rang sa dóigh is go dtuigeann siad go maith a
bhfuil le déanamh acu.
üIarr ar na foghlaimeoirí na ceannlínte a bhreacadh ina gcóipleabhair.
üCuir sleamhnán Léamh 2 in airde ansin agus iarr ar gach beirt na staitisticí a cheangal leis na ceannlínte a scríobh siad síos.
üMínigh dóibh gur leor buille faoi thuairim a thabhairt, ach go gcaithfidh siad a bheith in ann a rá cén fáth ar roghnaigh siad amhlaidh.
üDéan iarracht ansin plé a chothú sa rang faoi na fadhbanna éagsúla a bhíonn i saol an déagóra agus conas a bhíonn na fadhbanna sin éagsúil leis na fadhbanna i dtíortha eile.
(Measartha dúshlánach)
285
PléüLéigh a bhfuil ar an sleamhnán leo, ag iarraidh ar dhaltaí éagsúla abairtí a léamh amach os ard. Cuir
béim ar an bhfoghraíocht arís.
üTéigh siar ar an stór focal deacair.
üIarr ar gach beirt an dá cheist a phlé le chéile.
üBí ag siúl timpeall an ranga ag tabhairt tacaíochta dóibh agus ag cuidiú leo, le linn na gníomhaíochta.
üPléigh a gcuid tuairimí ar fad ansin.
üScríobh aon fhocail nua ar an gclár.
Quiz 1 / 2üLéigh na ceisteanna leis an rang ar fad agus pléigh aon ní nach dtuigeann siad. Ná tabhair na freagraí
dóibh go fóill.
üIarr ar gach beirt an quiz a dhéanamh le chéile.
üPléigh na freagraí leis an rang iomlán ansin.
Freagraí
Léamh 1 / 2Bosca 1: na déagóirí a mhí-úsáideann alcól.
Bosca 2: na déagóirí is aclaí.
Bosca 3: na déagóirí a fhaigheann bás foréigneach.
Quiz 1 / 2 1. 28
2. 12
3. 500
4. 17
5. 24
6. An Bheilg, An Ghearmáin, An Fhrainc, An Iodáil, An Ísiltír, Lucsamburg
7. An Bhruiséil
8. An Naoú Siansa le Beethoven
9. ‘Aontaithe san éagsúlacht’
10. Málta
286
6G. Mé féin & an Eoraip
Sleamhnán 1
Mé féin & an Eoraip Réamhobair Bí ag obair leis an duine in aice leat, agus scríobhaigí isteach uimhir gach �re san áit chuí ar an léarscáil. an Bheilg (1), an Bhulgáir (2), an Chipir (3), An Chróit (4), an Danmhairg (5), an Eastóin (6), an Fhionlainn (7), an Fhrainc (8), an Ghearmáin (9), An Ghréig (10), an Iodáil (11), an Ísil�r (12), an Laitvia (13), an Liotuáin (14), an Ostair (15), an Pholainn (16), an Phortaingéil (17), an Ríocht Aontaithe (18), an Rómáin (19), an Spáinn (20), an tSlóivéin (21), an tSlóvaic (22), an tSualainn (23), an Ungáir (24), Éire (25), Lucsamburg (26), Málta (27), Poblacht na Seice (28)
Obair bheirte: tíortha an AE a aimsiú ar léarscáil; foghraíocht: ainmneacha na dtíortha a fhuaimniú i gceart.
Sleamhnán 2
Mé féin & an Eoraip Scríobh Roghnaigh cúig thír ón liosta thíos agus scríobh cúpla líne faoi gach ceann acu. Bain úsáid as na pic�úir ar an sleamhnán deireanach chun cuidiú leat. Mar shampla: Is í Búdaipeist príomhchathair na hUngáire. Tá an �r suite in oirthear na hEorpa. Tír chumannach a bhí in� idir an dara cogadh domhanda agus 1989. Níl aon chósta ag an Ungáir. Itear gúlais san Ungáir. an Bheilg (1), an Bhulgáir (2), an Chipir (3), An Chróit (4), an Danmhairg (5), an Eastóin (6), an Fhionlainn (7), an Fhrainc (8), an Ghearmáin (9), An Ghréig (10), an Iodáil (11), an Ísil�r (12), an Laitvia (13), an Liotuáin (14), an Ostair (15), an Pholainn (16), an Phortaingéil (17), an Ríocht Aontaithe (18), an Rómáin (19), an Spáinn (20), an tSlóivéin (21), an tSlóvaic (22), an tSualainn (23), an Ungáir (24), Éire (25), Lucsamburg (26), Málta (27), Poblacht na Seice (28)
Obair aonair, scríofa: abairtí a scríobh faoi chúig thír ón liosta.
Sleamhnán 3
Mé féin & an Eoraip léamh 1 Féach ar na teidil seo thíos. An dtuigeann tú iad? Breac síos i do chóipleabhar iad.
An céatadán déagóirí is aclaí sa domhan forbartha
An líon déagóirí sa domhan
forbartha a fhaigheann bás go foréigneach.
An céatadán déagóirí a mhí-úsáideann alcól sa domhan
forbartha
Léamh: ceannlínte a cheangal le staitisticí, buille faoi thuairim a thógáil; plé ranga: fadhbanna déagóra i dtíortha éagsúla.
287
Sleamhnán 4
Mé féin & an Eoraip léamh 2 Bí ag obair leis an duine in aice leat. Ceanglaígí na �ricí cearta leis na teidil chuí ón sleamhnán deireanach. Mura bhfuil sibh cinnte tugaigí buille faoi thuairim, ach bí in ann a rá cén fáth ar roghnaigh sibh amhlaidh.
3. Amach as 100,000 Na Stáit Aontaithe: 17 Iosrael: 4 An Eilvéis: 4 Ceanada: 3 Éire: 3 An Nua-‐Shéalainn: 3 An Eastóin: 2 An tSualainn: 2
1. Na Stáit Aontaithe: 30% Éire: 29% An Ostair: 28% An Íoslainn: 26% Málta: 21% An Eilvéis: 16% Lucsamburg: 13% An Fhrainc: 12%
2. Na Stáit Aontaithe: 35% Ceanada: 31% Poblacht na Seice: 28% An Ostair: 27% Éire: 27% An Bheilg: 24% An Fhionlainn: 24% An Íoslainn: 24% Iosrael: 24% An Ísil�r: 24% An Ríocht Aontaithe: 24%
Léamh, obair bheirte: ceannlínte a cheangal le staitisticí, buille faoi thuairim a thógáil; plé ranga: fadhbanna déagóra i dtíortha éagsúla.
Sleamhnán 5
Mé féin & an Eoraip Plé “Déagóirí ón Ríocht Aontaithe gafa i
bhfáinne fí an aonteangachais” Sin ceannteideal a bhí in alt sa Telegraph. Féach ar na poin� eile a bhí san alt: Is iad na déagóirí is fearr a labhraíonn teanga
iasachtach ná déagóirí ón tSualainn, ó Mhálta agus ón Ísil�r.
Is iad na déagóirí ón mBreatain na déagóirí is measa ó thaobh scríobh i dteanga iasachta de.
Bhí déagóirí ón bhFrainc nach mór chomh holc le déagóirí ón mBreatain i labhairt i dteanga iasachtach.
1. Cén fáth a bhfuil na Briotanaigh agus na
Francaigh chomh holc ag labhairt teanga iasachta, dar leat?
2. An bhfuil déagóirí na hÉireann go maith ag labhairt teangacha dar leat? Cén fáth?
Léamh: os ard; stór focal: míniú agus soiléiriú; obair bheirte: plé ar na pointí; plé ranga: tuairimí a roinnt.
Sleamhnán 6
Mé féin & an Eoraip Quiz 1 1. Cé mhéad �r atá san Aontas Eorpach?
⧠ 21 ⧠ 24 ⧠ 27 ⧠ 28
2. Cé mhéad réalta atá ar an mbrat Eorpach? ⧠ 5 ⧠ 12 ⧠ 28 ⧠ 29
3. Cé mhéad duine a chónaíonn sa AE? ⧠ 400 ⧠500 ⧠ 600 milliún
4. Cé mhéad �r ina bhfuil an euro in úsáid? ⧠ 15 ⧠ 24 ⧠ 17
5. Cé mhéad teanga oifigiúil a labhraítear san AE? ⧠ 17 ⧠ 20 ⧠ 24 ⧠ 27
6. Cad iad na sé thír a bhunaigh an AE? ⧠ An Bheilg, An Iodáil, An Ísil�r, an Fhrainc, an Ghearmáin, An Spáinn
⧠ An Bheilg, An Ghearmáin, An Fhrainc, an Iodáil, an Ísil�r, Lucsamburg
⧠ An Bheilg, An Ghearmáin, An Fhrainc, an Iodáil, Málta, Lucsamburg
7. Cad í príomhchathair an AE (an chathair leis an líon is mó ins��úidí de chuid an AE)? ⧠ Páras ⧠ An Bhruiséil ⧠ Strasbourg
Obair bheirte: ceisteanna le freagairt faoin AE.
288
Sleamhnán 7
Mé féin & an Eoraip Quiz 2 8. Cén fonn ar a bhfuil amhrán náisiúnta an AE bunaithe? ⧠ An Naoú Siansa le Beethoven ⧠ An Éagnairc le Mozart
⧠ An Rapsóid Ghorm le Gershwin
9. Cad é mana an AE? ⧠ ‘Saoirse, ionannas, bráithreachas’ ⧠ ‘Aontaithe san éagsúlacht’ ⧠ ‘Dia agus mo chearta’
10. Is oileán ceann de na �ortha thíos i lár na Meánmhara, cé acu ceann?
⧠ An Chipir ⧠ An Liotuáin ⧠ Málta
Obair bheirte: ceisteanna le freagairt faoin AE; plé ranga: na freagraí a phlé.
289
Fócas ar Theanga An Aimsir Fháistineach: Nótaí an Mhúinteora
Leibhéal An Teastas Sóisearach
Spriocanna Rialacha faoin aimsir fháistineach a mhúineadh do na foghlaimeoirí
Stór focal Ginearálta
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Moltar na bileoga a úsáid leis na gníomhaíochtaí faoi An duine agus an nádúr, Aonad 6 (Mé féin sa saol mór). Léigh na treoracha leis na daltaí agus tabhair a oiread samplaí breise agus is gá go dtí go dtuigeann na daltaí na rialacha faoin aimsir fháistineach.
Bí cinnte go bhfuil na rialacha a bhaineann leis na briathra san aimsir láithreach ar eolas ag do rang sula dtosóidh tú ar an aimsir fháistineach.
Freagraí
Aimsir Fháistineachü Tá cuir sa chéad réimniú mar nach bhfuil ach siolla amháin ann.
ü Tá éirigh sa dara réimniú mar go bhfuil níos mó ná siolla amháin ann.
ü Seo na deirí:
An chéad réimniú - caol An chéad réimniú - leathan An dara réimniú - caol An dara réimniú - leathan
-fidh-fimid
- faidh- faimid
- eoidh- eoimid
- óidh- óimid
DúnDúnfaidh méDúnfaidh túDúnfaidh sé / síDúnfaimidDúnfaidh sibhDúnfaidh siad
An ndúnfaidh sé? Dúnfaidh / ní dhúnfaidh
CeannaighCeannóidh méCeannóidh túCeannóidh sé / síCeannóimid Ceannóidh sibhCeannóidh siad
An gceannóidh siad?Ceannóidh / ní cheannóidh
Aimsir fháistineach - ceisteannaAn ólfaidh tú?An gcaithfidh mé?An mbaileoidh sibh?An imeoidh siad?*Féach leathanach 1 – 20 sa leabhar Cogar Nua
290
Fócas ar Theanga: An Aimsir Fháistineach
Sleamhnán 1
Féach ar na briathra thíos san aimsir �áis�neach. Conas atá siad éagsúil lena chéile? An féidir leat a rá cén fáth a bhfuil siad éagsúil? Anois, cuir na deirí céanna i bhfeidhm ar na briathra seo agus ná déan dearmad den riail sin ‘caol le caol agus leathan le leathan’.
An Aimsir Fháis�neach
Cuir Cuirfidh mé Cuirfidh tú Cuirfidh sé / sí Cuirfimid Cuirfidh sibh Cuirfidh siad An gcuirfidh sibh Cuirfidh / ní chuirfidh
Éirigh Éireoidh mé Éireoidh tú Éireoidh sé / sí Éireoimid Éireoidh sibh Éireoidh siad An éireoidh tú? Éireoidh / ní éireoidh
Dún Ceannaigh
Gramadach: an aimsir fháistineach
Sleamhnán 2
An Aimsir Fháis�neach Ceisteanna
Féach ar an seicliosta thíos chun ceisteanna a chumadh san aimsir �áis�neach:
An gceannaíonn tú? An ndúnann tú?
Cum ceisteanna leis na briathra seo anois:
Ól Caith Bailigh Imigh
Baintear úsáid as ‘an’ chun ceist a chumadh san aimsir �áis�neach.
Cuirtear urú ar an mbriathar má thosaíonn sé le
consan.
Gramadach: an aimsir fháistineach
Sleamhnán 3
Anois, bí ag obair leis an duine in aice leat agus féachaigí ar na briathra mírialta (ceisteanna agus freagraí). Cuirigí ceisteanna ar a chéile ag úsáid na mbriathra thíos, mar shampla: An ndéarfaidh tú leis teacht anonn? Déarfaidh/Ní déarfaidh
abair An ndéarfaidh tú? Déarfaidh/Ní déarfaidh
beir An mbéarfaidh tú? Béarfaidh/Ní bhéarfaidh
clois An gcloisfidh tú? Cloisfidh/Ní chloisfidh déan An ndéanfaidh tú? Déanfaidh/Ní dhéanfaidh faigh An bhfaighidh tú? Gheobhaidh/Ní bhfaighidh
feic An bhfeicfidh tú? Feicfidh /Ní �eicfidh
ith An íosfaidh tú? Íosfaidh/Ní íosfaidh
tabhair An dtabharfaidh tú? Tabharfaidh/Ní thabharfaidh
tar An d�ocfaidh tú? Tiocfaidh/Ní thiocfaidh
téigh An rachaidh tú? Rachaidh/Ní rachaidh
bí An mbeidh tú? Beidh/Ní bheidh
An Aimsir Fháis�neach Freagraí
Gramadach: an aimsir fháistineach, na briathra neamhrialta.
291
Fócas ar Theanga An Briathar Saor: Nótaí an Mhúinteora
Leibhéal An Teastas Sóisearach
Spriocanna Rialacha faoin mbriathar saor a mhúineadh do na daltaí
Stór focal Ginearálta
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Moltar na bileoga a úsáid leis na gníomhaíochtaí faoi Béasaí an domhain, Aonad 6 (Mé féin sa saol mór). Léigh na treoracha leis na daltaí agus tabhair a oiread samplaí breise agus is gá go dtí go dtuigeann na daltaí na rialacha faoin mbriathar saor.
Fócas ar Theanga: An Briathar Saor
An Briathar Saor Féach ar an mbriathar saor sna haimsirí éagsúla sa bhosca.
An Briathar An Aimsir Chaite
An Aimsir Láithreach
An Aimsir Fháis�neach
Cuir Ar cuireadh? Cuireadh Níor cuireadh
An gcuirtear? Cuirtear Ní chuirtear
An gcuirfear? Cuirfear Ní chuirfear
Glan Ar glanadh? Glanadh Níor glanadh
An nglantar? Glantar Ní ghlantar
An nglanfar? Glanfar Ní ghlanfar
Fág Ar fágadh? Fágadh Níor fágadh
An bhfágtar? Fágtar Ní �ágtar
An bhfágfar? Fágfar Ní �ágfar
Ionsaigh Ar ionsaíodh? Ionsaíodh Níor ionsaíodh
An ionsaítear? Ionsaítear Ní ionsaítear
An ionsófar? Ionsófar Ní ionsófar
Bailigh Ar bailíodh? Bailíodh Níor bailíodh
An mbailítear? Bailítear Ní bhailítear
An mbaileofar? Baileofar Ní bhaileofar
Gramadach: an briathar saor
Cad is féidir leat a rá faoin mbriathar saor agus na poin� seo a leanas? Pléigh iad leis an duine in aice leat.
An riail – caol le caol agus leathan le leathan.
‘An’ nó ‘Ar’ san �oirm cheisteach?
An chéad réimniú vs an dara réimniú?
Séimhiú nó gan séimhiú?
An Briathar Saor
Gramadach: an briathar saor
292
Fócas ar Theanga An Aidiacht – Céimeanna Comparáide: Nótaí an Mhúinteora
Leibhéal An Teastas Sóisearach
Spriocanna Rialacha faoi chéimeanna comparáide na haidiachta a mhúineadh do na daltaí
Stór focal Ginearálta
Straitéisí Múinteoireachta Molta
Moltar na bileoga a úsáid leis na gníomhaíochtaí faoi Cúrsaí Comhshaoil, Aonad 6 (Mé féin sa saol mór). Léigh na treoracha leis na daltaí agus tabhair a oiread samplaí breise agus is gá go dtí go dtuigeann na daltaí na rialacha faoi chéimeanna comparáide na haidiachta.
Freagraí
Míniú Aidiacht Tar éis níos agus is
Ní athraíonn aidiachtaí a chríochnaíonn le guta. Buí, uaine níos buí, is uaine
Caolaítear na haidiachtaí seo agus cuirtear e leo. Saor, daor níos saoire, is daoire
Leathnaítear –(i)úil go –(i)úla Polaitiúil, suimiúil níos polaitiúla, is suimiúla
Athraíonn –each go dtí -í Faiteach, aisteach níos faití, is aistí
Athraíonn –ach go dtí -aí Torannach, glórach níos torannaí, is glóraí
Athraíonn –aíoch go dtí -aíche Ionadaíoch, eolaíoch níos ionadaíche, is eolaíche
Baintear amach an ‘i’ in aidiachtaí a chríochnaíonn le –air agus leathnaítear iad.
Socair, deacair níos socra, is deacra
293
Breischéim na haidiachta Sárchéim na haidiachta
Níos déine
Níos faide
Níos lú
Níos teo
Níos áille
Níos fearr
Níos measa
Níos fusa
Níos mó
Níos fliche
Níos tréine
Níos breátha
Níos saibhre
Níos leithne
Níos giorra
Níos raimhre
Is déine
Is faide
Is lú
Is teo
Is áille
Is fearr
Is measa
Is fusa
Is mó
Is fliche
Is tréine
Is breátha
Is saibhre
Is leithne
Is giorra
Is raimhre
*Féach leathanach 58 – 61 sa leabhar Cogar Nua
294
Fócas ar Theanga: An Aidiacht – Céimeanna Comparáide
Sleamhnán 1
An Aidiacht Céimeanna Comparáide
Aidiacht Tar éis níos agus is buí níos buí
Saor Polai�úil Faiteach torannach Ionadaíoch socair
Líon na bearnaí sa cholún ar dheis leis an bhfoirm cheart den aidiacht.
Gramadach: céimeanna comparáide na haidiachta.
Sleamhnán 2
Cad faoi na haidiachtaí seo a leanas? Bí cúramach, tá siad eisceachtúil, ach tá siad feicthe agat go minic! Dian __________ Mór __________ Fada __________ Fliuch __________ Beag __________ Tréan __________ Te __________ Breá __________ Álainn __________ Saibhir __________ Maith __________ Leathan __________ Olc __________ Gearr __________ Furasta __________ Ramhar __________
An Aidiacht Céimeanna Comparáide
Gramadach: céimeanna comparáide na haidiachta, na heisceachtaí.
Ceacht.ieCeacht.ieCeacht.ieCúrsa Gaeilge d’iar-bhunscoileanna
Gaeltachta agus lán-Ghaeilge
Treoir don mhúinteoir
Iarradh ar an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta ábhar oiriúnach do theagasc na Gaeilge in iar-bhunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge a chur ar fáil de bharr mí-oiriúnacht na dtéacsleabhar atá ar an margadh.
Cinneadh suíomh gréasáin a fhorbairt le hábhar físe, fuaime agus scríofa a bheadh oiriúnach do chainteoirí dúchais agus do chainteoirí líofa Gaeilge.
Faoi stiúir Shiuán Ní Mhaonaigh, scríobh Úna Nic Gabhann agus Aoife Ní Chonchúir an t-ábhar atá ar an suíomh. Treoir in úsáid an ábhair sin atá sa leabhar seo.