Post on 29-Jul-2020
1 |
Pobalscoil Ghaoth Dobhairoideachas den scoth tré mheán na Gaeilge
Halla Spóirt
3 |
FÁILTEa thuismitheoir/chaomhnóir dhílis
Is scoil lán Ghaelach co-oideachasúil i gceartlár chroí Ghaeltacht Iar-Thuaisceart Dhún na nGall í Pobalscoil Ghaoth Dobhair. Tuigeann an Phobalscoil tábhacht na Gaeilge mar ár dteanga náisiúnta agus an príomhtheanga oifigúil. Is tré mheáin na Gaeilge a reáchtálfar achan ghné de shaol na scoile agus is i nGaeilge amháin a bhéas teagasc an tseomra ranga.
Cuireann muid fáilte roimh na scoláirí uilig ón cheantar chomh maith le scoláirí ó na ceantracha maguird atá ag iarraidh oideachas den chéad scoth a fháil tré mheán na Gaeilge. Tá fás ollmhór tagtha ar líon na ndaltaí atá ag freastal ar an scoil ó 296 i 2011 go dtí 418 i mbliana.
Athrú anuraidh bhí muid thar a bheith bródúil nuair a d’fhoilsigh an ‘Sunday Independent’ leathanach iomlán ar dhul chun cinn na scoile ó thaobh cursaí acadúlachta de. Tá muid ar an scoil is mó ar feabhas sa tír, ag cur 100% dár gcuid scoláirí ar aghaidh chuig coláistí 3ú leibhéal le trí bliana anuas.
Sa Sunday Times i mbliana, fógraíodh go dtáinig PSGD sa chéad áit i nDún nan Gall agus sa triú áit i gCuige Uladh ag cur scolairí ar aghaidh go dtí an triú leibheál.
Is é an sprioc atá againn nó forbairt iomlán a dhéanamh ar achan scoláire a thagann chugainn. Le cinntiú go dtarlaíonn sin, tá an scoláire lárnach sa teagasc agus san fhoghlaim, chomh maith leis na himeachtaí scoile a bhíonn an scoil páirteach ann - Lúthchleasaíocht, Peil Ghaelach, Sacar, Cispheil, Comórtas BT An Eolaí Óg, Drámaíocht, Díospóireacht, Siamsaíocht agus araile.
Tá Curaclam cuimsitheach ar fáil sa scoil, áit a bhfuil 18 ábhar ar fáil don Teastas Sóisearach agus 19 ábhar ar fáil don Ardteistiméireacht. Chomh maith le sin tá an Ardteist Fheidhmeach (LCA), An Idirbhliain agus Gairm Chlár na hArdteiste (LCVP) ar fáil sa scoil. Tá an t-ádh orainn i bPobalscoil Ghaoth Dobhair go bhfuil foireann múinteoireachta den chéad scoth againn. Tá siad díograiseach, coinsiasach, tuisceanach, agus mar oideachasóirí, baineann siad an chuid is fearr as gach scoláire.
Tá bród ar na múinteoirí as a gcuid oibre agus as na torthaí sár-mhaithe a fhaigheann na scoláirí sna scrúduithe stáit gach bliain, gan eisceacht.
Tá polasaithe cúram agus smachta sa scoil a leantar ar mhodh atá cothrom, ach dian ag an am céanna, rud a chinntóidh go bhfuil an deis ag gach scoláire foghlaim, fás agus forbairt i dtimpeallacht shábháilte.
Cuireann muid fearadh na fáilte roimh thuismitheoirí/chaomhnóirí bualadh isteach againn le cíbe atá ag déanamh buartha nó imní dóibh, a chur in iúil dúinn agus a phlé linn sa dóigh go mbeidh múid ábalta achan chuidiú agus tacaíocht a thabhairt dóibh.
Tá forbairt agus méadú ollmhór tagtha ar an scoil le roinnt blianta anuas. Osclaíodh Seomraí Feistis úra na Pobalscoile i 2009, 2 Sheomra Ranga úra i 2010, an Halla Spóirt i 2011, Seomra Ealaíne úr i 2014 agus 3 Sheomra Ranga úra i 2016. Chomh maith leis sin tá na háiseanna is nua-aimseartha in sna seomraí ranga go léir.
Tá Pobalscoil Ghaoth Dobhair dírithe ar fhorbairt agus cúram achan uile scoláire, áit a bhfuil tús áite tugtha do mheas a bheith acu ar a chéile. Tá muid anseo le cuidiú libh ar dhóigh ar bith.
Má tá ceisteanna ar bith agat ná bíodh faitíos ar bith teagmháil a dhéanamh linn, beidh lúcháir orainn do chuid ceisteanna a fhreagairt.
Séamus Ó Briain Príomhoide Nigel Ó Fearraigh Leas Príomhoide
Séamus Ó Briain Nigel Ó Fearraigh
| 4
Stair na PobalscoileBunaíodh an Phobalscoil i 1973 nuair a cónascadh Ard Scoil Mhuire (meánscoil i Machaire Chlochair a bunaíodh i 1957) agus an Ghairm Scoil (Ceardscoil a bhí lonnaithe i Srath na Corcra ó 1966). Bhí an Phobalscoil ag reáchtáil idir an dá fhoirgnimh go 1980 nuair a tógadh scoil úr ar an Luinnigh a fosclaíodh go h-oifigiúl ar an 3ú Bealtaine 1982.
Ó shin cuireadh cuid mhór seomraí agus áiseanna breise leis an scoil. Páirc Peile i 2002, Seomraí Feistis i 2009, Halla Spóirt i 2011 agus Seomra Ealaíne i 2014.
Faoi LathairFaoi latháir tá suas le 418 scoláire ag freastal ar Phobalscoil Ghaoth Dobhair. Tá 33 muinteóir, 5 chúntóir riachtanaisí speisialta(SNA), 2 oibrí oifige, 1 cúramaí, 1 cúntóir teanga agus glantóirí. Tá réimse leathan ábhair agus cláir le fáil sa Phobalscoil agus leis an Teastas Sóisearach úr anois, tá an réimse seo ag fás leis.
An TódhchaíIs cinnte go bhfuil athruithe móra ag teacht ar an chóras oideachais sa tír seo. Caithfidh Pobalscoil Ghaoth Dobhair cinntiú cur leis an fhorbairt seo. Tá sé mar aidhm againn tuilleadh forbartha a dhéanamh i gcursaí acadúla agus cur lenár n-áiseanna sa dóigh go mbeidh oideachas den scoth tré mheán na Gaeilge a chur ar fáil do na glúnta atá le theacht.
5 |
Bainistíocht na ScoileIs é Bord Bainistíochta Phobalscoil Ghaoth Dobhair atá freagrach as an scoil a rachtáil. Bíonn toghchán achan trí bliana le Bord a roghnú. Bíonn ionadaithe ag an Easpag, Tuismitheoirí, Múinteoirí agus ETB Dhún na nGall ar an Bhord Bainistíochta.
Ionadaithe na Múinteoirí Emmet Mac Aoidh Sorcha Ní Mhaolchuallainn
Ionadaithe na dTuismitheóirí Suzanne Ní Ghallchóir Manus Ó Duibhir
Ionadaithe ETB Dún na nGall Daithí Alcorn Pádraig Mac a BhiocaireBernie Ní Dhuibhir (Cathaoirleach)
Ionadaithe an EaspaigRosaleen Nic Gairbheith Seamus Ó GallchóirAn tAthair Padraig Ó Baoighill
Rúnaí an Bhoird Séamus Ó Briain (Príomh Oide)
Coiste na dTuismitheóiríTá coiste na dtuismitheóirí láidir agus bríomhar ins an Phobalscoil agus teangmhal láidir acu leis an scoil. Buaileann siad le scolairí go rialta agus cuidíonn siad Prom na scoile a rachtáíl achan bhliain. Tógann siad airgead don scoil tríd imeachtaí eagsúla cosúil le 5K`s a rachtáíl achan bhliain. Tig said isteach ag cruinnithe Múinteoirí/Tuismitheóirí na chéad bhliana le iad féin a chur in aithne do thuismitheóirí úra.
| 6
Foireann na ScoilePríomh Oide Séamus Ó BriainLeas Phríomh Oide Nigel Ó Fearraigh
Cinn Bhliaina 1ú Nigel Mac Pháidín 2ú Seoirse ó Dochartaigh, Susan Uí Loinsigh 3ú Alison Nic a Leagha, Keith Ó Fearraigh 4ú Eileen Uí Fhríl, 5ú Brídín Uí Ghallchóir
Ard Teist Fheidhmeach Pól Mac CumhaillIdirbhliain Ita Uí Ghallchóir
Foireann na hOifige Síle Nic Aoidh Treasa De Búrca
Séiplíneach na scoile An tAthair Brian Ó Fearraigh
Múinteoirí eile Mary Grace Ní Dhomhnaill, Pól Ó Gallchóir, Suzanna Ní Ghallchóir, Emmet Mac Aoidh, Siobhan Uí Shearcaigh, Leanna Ní Bhaoill, Sally Ní Mhaolchullann, Shauna Ní Fhearraigh, Pádraigín Ní Ghallchóir, Ciaran J Mac Phaidín, Ciaran G Mac Pháidín, Catríona Nic Giolla Chomhaill, Treasa Kavanagh, Tómas Ó Gallchóir, Anjo Nic Giolla Chearra, Dana Nic Giolla Bhríde, Eibhlín Uí Shearcaigh, Fionnuala Ní Mhainnín, Pádraig Mac Fhionnghaile, Sarah Uí Róbéird agus Michelle Nic Fhearghusa
Cúntóirí Riachtanais Speisialta Cathal Ó Fearraigh, Grace Anne Mhic Giolla Chomhaill, Margaret Uí Dhomhnaill, Bríd Ní HIcí, Eibhlín Ní Dhomhnaill
Coiste Cúraim Susan Ní Loinsigh, Brídín Ní Ghallchóir, Suzanna Ní Ghallchóir, Ita Uí Ghallchóir, Nigel Ó Fearraigh, an tAthair Brian Ó Fearraigh, Seamus Ó Briain
7 |
Catríona Nic Giolla ChomhaillAlison Nic A Leagha
Brídín Ní Ghallchóir
Eibhlín Uí Shearcaigh
Nigel Mac Phaidín
An tAthair Brian Ó Fearraigh Michelle Ní Fhearghusa
Pádraig Mac FhionnghaileDana Nic Giolla Bhríde
Eileen Uí Fhríl
Sarah Uí Róbéird
Pól Mac Cumhaill
Ciaran G Mac Phaidín
Ita Ní Ghallchóir
Emmet Mac Aoidh
Seoirse Ó Dochartaigh
Ciaran J Mac Phaidín
Keith Ó Fearraigh
Fionnuala Ní Mhainnín
Susan Ní Loinsigh
| 8
Padraigín Ní Ghallchóir
Síle Nic Aoidh
Siobhan Uí Shearcaigh
Cathal Ó Fearraigh
Anjo Nic Giolla Chearra
Pól Ó Gallchóir
Treasa De Búrca
Suzanna Ní Ghallchóir
Eibhlín Uí Dhomhnaill
Leanna Ní Bhaoill
Sally Ní Mhaolchullain
Séan Ó Duibhir
Treasa Kavanagh
Grace Anne Mhic Giolla Chomhaill
Mary Grace Ní Dhomhnaill
Shauna Ní Fhearraigh
Bríd Ní hIcí
Tómas Ó Gallchóir
Margaret Uí Dhomhnaill Evelyn Mhic Gloinsigh
9 |
An Scoilbhliaintéarma 1Dé Luain 28ú Meán Fómhair go dtí Dé hAoine 22ú NollaigSos leath théarma 27ú Deireadh Fómhair go dtí 6ú Samhain
téarma 2Dé Luain 8ú Eanáir go dtí Dé hAoine 23ú MartaSos leath théarma 9ú Feabhra go dtí 19ú Feabhra
téarma 3Dé Luain 9ú Aibreán go dtí Dé hAoine 1ú Meitheamh
clár ama na seachtaine
Dé luain – Déardaoin Dé haoine
Rang 1 9.00-9.40 Rang 1 9.00-9.40
Rang2 9.40-10.20 Rang 2 9.40-10.20
Rang 3 10.20-11.00 Rang 3 10.20-11.00
Sos/Tionól 11.00-11.15 Sos/Tionól 11.00-11.15
Rang 4 11.15-11.55 Rang 4 11.15-11.55
Rang 5 11.55-12-35 Rang 5 11.55-12.35
Rang 6 12.35-1.15 Rang 6 12.35-1.15
Sos 1.15-1.45
Rang 7 1.45-2.25
Rang 8 2.25-3.05
Rang 9 3.05-3.45
scéim iompar scoileMá bhíonn do mhac/iníon ag taisteal le Bus Éireann, tá sé tábhachtach go ndéantar iarratas ar line ag buseireann.ie roimh 27/04/2018. Is féidir coinníollacha na scéime a fháil ar an suíomh sin chomh maith.
| 10
11 |
An ArdteistiméireachtCuireann Pobalscoil Ghaoth Dobhair trí rogha ar fáil do scolairí na hArdteistiméireachta. An gnáth Ardteist, Gairmchlár na hArdteistiméireachta agus an Ardteist Fheidhmeach. Glacann mór-chuid de na scolairí leis an chéad rogha, an gnáth Ardteistiméireacht agus piocann siad ar a laghad seacht n-ábhar le dul i mbun staidéir orthu.Faoi láthair, seo na hábhair agus na leibhéail átá muid ag tairscint do scolairí:
Glacfaidh achan scoláire na 3 hábhair seo ag leibhéal átá oiriúnach dóibh
Gaeilge Ard Gnáth BunBéarla Ard Gnáth BunMatamaitic Ard Gnáth Bun
Glacfaidh achan scoláire 4 cinn de na hábhair seo ag leibhéal átá oiriúnach dóibh
Fraincis Ard GnáthEacnamaíocht Bhaile**, Ceol Ard GnáthStair, Tír Eolas, Ealaín* Ard GnáthFoirg*, Innealltóireacht*, DCG Ard GnáthBitheolaíocht, Ceimic, Fisic Ard GnáthStaideár Gnó, Cuntasaíocht Ard Gnáth
Glacfaidh achan scolaire na hábhair seo nach bhfuil faoi scrúdú san Ardteistiméireacht
Ríomhaireacht, Gairmthreoir, Corp Oideachas, Teagasc Críostaí
* Tá uasmhéid de 24 ceadaithe sna ranganna practicúla.** Tá uasmhéid de 20 ceadaithe sna ranganna Eacnamaíocht Bhaile.
| 12
Torthaí na ScoileTorthaí sa scoil Ardteist
2012 2013 2014 2015 2016 2017
thar 500 1 6 3 10 7 5
thar 400 17 12 30 12 20 18
thar 300 11 14 18 9 19 26
thar 200 7 5 7 3 13 13
thar 100 2 1 2 1 3
Iomlan 38 38 61 35 59 65
Ardteist Fheidhmeach
2012 2013 2014 2015 2016 2017
Gradam 7 2 4 1 3 1
Fiuntas 1 2
Pass
Iomlan 8 2 4 3 3 1
Gairmchlár na hArdteiste
2012 2013 2014 2015 2016 2017
Gradam - 3 2 3 3 7
Fiuntas - 1
Pass -
Iomlan - 3 2 3 3 8
Caroline Ní Ghallchóir a ghnóthaigh an marc is airde in Óstan, Lónadóireacht agus Turasóireacht ins an LCA i 2016
Rang 2014• Bhí torthaí fíor mhaith san Ardteist.• Fuair 9 scoláire níos mó ná 475 pointe, 24 eile thar 400 pointe, 18
eile thar 300 pointe, 7 eile thar 200 pointe agus 2 eile thar 100 pointe.
• Fuair na micléinn scoláireachtaí éagsúla ina measc * Rosie Nic Gairbhigh All-Ireland Scholarship (J.P. Mc Manus) agus
Scoláireacht Sármhaitheasa ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, * Cian Ó Maolagáin Scoláireacht Spóirt Ollscoil Cathair Bhaile Átha
Cliath.
Rang 2015• Na torthaí ab fhearr a bhí sa scoil ariamh.• Fuair 10 scoláire níos mó ná 500, 12 thar 400, 9 thar 300, 3 thar 200
agus 1 thar 100.• Fuair Aodhán Laighneach Scoláireacht Sármhaitheasa ó Ollscoil na
hÉireann, Gaillimh.• Scoláirí a fuair scoláireachtaí go hOllscoil na hÉireann, Baile Átha
Cliath: * Jamie Mac Uiginn Scoláireacht Sármhaitheasa agus Bord na
Gaeilge * Ceithleann Ní Dhuibhir Ní Dhúlacháin – Scoláireacht Bhord na
Gaeilge agus * Caoimhe Nic Giolla Chomhaill Scoláireacht Sármhaitheasa.• Roghnaíodh Odhrán Mac Roibeard chun páirt a ghlacadh i gcomórtas
Olympiad de bharr a chuid torthaí sár mhaith sa Mhatamaitic agus Eolaíocht sa Teastas Sóisearach, 2015 a bheith ar cheann den mhuintir ab fhearr sa tír.
Rang 2016• Bhí torthaí fíor mhaith againn arais san Ardteist.• Fuair 7 scoláire níos mó ná 500 pointe, 20 eile thar 400 pointe, 19
eile thar 300 pointe, 13 eile thar 200 pointe. Ní raibh duine ar bith níos lú nó 200 pointe.
• Caroline Ní Ghallchóir an marc is airde sa tír in Óstán, Lónadóireacht agus Turasóirecht ins an LCA
• Scoláirí a fuair scoláireachtaí go Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath:
* Mícheal Ó Cearrbhuil Scoláireacht Spóirt• Scoláirí a fuair scoláireachtaí go Ollscoil na hÉireann, Magh Nuad: * Seaghan Ó Fearraigh Scoláireacht Spóirt * Dáire Ó Baoill Scoláireacht Spóirt
Rang 2017• Bhí torthaí fíor mhaith againn arais san Ardteist• Fuair 5 scoláire níos mó ná 500 pointe, 18 eile thar 400 pointe, 26
eile thar 300 pointe, 13 eile thar 200 pointe agus ní raibh scoláire ar bith níos lú na 150 pointe.
• Bronnadh gradam sármhaitheasa ar Eileen Bn Uí Fhríl, don teagasc agus torthaí i Staidear Gnó sa Teastas Sóiséarach ón Ollscoil Mhá Nuad.
• Bronnadh gradam `Intel Educator of Excellence`ar Siobhán Uí Shearcaigh ag Comórtas an BT Eolaí Óg 2017
13 |
Scolaire Ardteiste 2015- Aodán Laighneach a ghnóthaigh Scoláireacht Sármhaitheasa ó Ollscoil na hÉireann le Uachtarán na hOllscoile agus an Príomhoide, Séamus Ó Briain
Scoláirí Ardteiste 2015 a ghnóthaigh Scoláireachtaí Iontrála go Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath, Jamie Mac Uiginn, Ceithleann Ní Dhuibhir Ní Dhúlacháin agus Caoimhe Nic Giolla Chóill le Leas Phríomhoide na Pobalscoile, Nigel Ó Fearraigh
| 14
An Teastas SóisearachRinneadh an Teastas Sóisearach úr a sheoladh sna scoileanna in 2014 agus i mbliana glacfaidh scolairí scrúdú sa siollabus úr Béarla don chéad uair. De réir a cheile beidh athrú ag teacht ar gach ábhar. Tá sé mar sprioc go mbeidh na scoláirí uilig i bPobalscoil Ghaoth Dobhair ag déanamh an Teastas Sóisearach úr sa bhliain 2020.Faoi láthair seo na hábhair agus na leibhéail átá muid ag tairiscint do scoláirí
Glacfaidh achan scoláire na 7 n-ábhair seo ag leibhéal átá oiriúnach dóibh
Gaeilge Ard Gnáth BunBéarla Ard Gnáth BunMatamaitic Ard Gnáth BunStair, Tír Eolas, Eolaíocht Ard GnáthCSPE Coitianta
Glacfaidh achan scoláire 3 cinn de na hábhair seo ag leibhéal átá oiriúnach dóibh
Adhmadóireacht* Ard GnáthMiotalóireacht* Ard GnáthGraific Teicnicúil Ard GnáthEacnamaíocht Bhaile** Ard GnáthEalaín* Ard GnáthCeol Ard GnáthStaidéar Gnó Ard GnáthFraincis Ard Gnáth
Glacfaidh achan scoláire na hábhair seo nach bhfuil faoi scrúdú sa Teastas Sóiseareach
Ríomhaireacht, SPHE, Corp Oideachas, Teagasc Críostaí
* Tá uasmhéid de 24 ceadaithe sna ranganna practicúla.** Tá uasmhéid de 20 ceadaithe sna ranganna Eacnamaíocht Bhaile.
Tugadh aitheantais speisialta do Roinn Staideár Gnó na Pobalscoile i ndiaidh torthaí an Teastas Shóisirigh 2016. D`éirigh lena scolairí sár-thorthaí a bhaint amach, agus bhronn Ollscoil Mhá Nuad gradam ar an mhúinteoir Eileen Ní Fhríl agus na scolairí.
15 |
Foireann CúramTá an fhoireann chúraim ag cuidiú le scoláirí a bhfuil fadhbanna acu nó atá faoi strús nó a bhfuil deacrachtaí acu ar bhealach ar bith. Beidh an fhoireann ag déileáil le tuismitheoirí agus le heagrais taobh amuigh den scoil chun cuidiú le na scoláirí tabhairt faoi na dúshláin atá ós a gcomhar. Ar an fhoireann chúram tá an Príomh Oide, Leas Príomh Oide, Múinteoir Gairm Threoir, Múinteoir Acmhainní, an Séiplíneach, an Múinteoir Corp Oideachas agus Múinteoir Béarla.
| 16
MeantóireachtTá sé ar intinn ag an scoil tús a chur le córas meantóireachta i mbliana, áit a mbeidh an idirbhlian mar meantóirí ag scoláirí sa chéad bhliain. Beidh cruinnithe rialta idir na scoláirí úra agus na meantóirí go háirithe sa chéad téarma chun déileáil le fadhbanna ar bith a bhéas acu agus iad ag socrú isteach ina saol úr scoile sa Phobalscoil. Beidh aiseolas a fháil ag múinteoirí faoi leith a chuirfidh cuidiú, treoir agus comhairle ar fáil más gá. Tá muid cinnte go gcuideoidh seo go mór lena scoláirí úra.
17 |
Cinnirí RangaTá ról lárnach ag na cinnirí ranga i saol na Pobalscoile. Déanann siad ionadaíocht thar cheann na scoláirí ag ócáidí ar leith. Bíonn go leor dualgaisí agus tascanna le déanamh acu le linn na scoilbhliana chun nasc a chruthú idir scoláirí agus foireann na scoile.
Roghnaítear na ceannairí ranga ón tríú bliain ar aghaidh agus roghnaítear na príomh cheannairí ón 5ú bliain. Roghnaítear príomh cheannaire na ngasúraí agus príomh cheannaire na gcailíní mar gheall ar a ndea iompar, a ndearcadh ó thaobh oibre de i saol na scoile agus a dtreithe ceannasaíochta. Tá ról tábhachtach le h-imirt ag na ceannairí i saol na scoile agus is daoine óga iad a thugann dea shampla i gcónaí.
Comhairle na Mac LéinnIs foireann iad Comhairle na Mac Léinn a oibríonn go dícheallach as lámh a chéile chun atmaisféar agus timpeallacht na scoile a fheabhsú. Tugann sé deis do na scoláirí nithe a phlé agus tugann sé cluas éisteachta dóibh fósta. Bíonn toghchán sa scoil gach dara bliain agus toghtar beirt scoláire (buachaill agus cailín) ó achan bhliain don Chomhairle. Bíonn cruinnithe acu go rialta le linn na scoilbhliana.
| 18
An Ardteistiméireacht FheidhmeachIs é an rud atá i gceist le cúrsa na hArdteistiméireachta Fheidhmí ná cúrsa ar a bhfuil béim phracticiúil agus é d’aidhm aige na scoláirí a ullmhú le haghaidh an saol oibre agus saol an duine fásta thar thréimhse dhá bhliain.
Tá an cúrsa ann ar mhaithe le scoláirí nach mian leo dul díreach isteach san oideachas triú leibhéal nó dóibh siúd nach gcomhlíonaíonn an dá chlár Ardteistiméireachta eile a gcuid riachtanais.
19 |
Gairmchlár na hArdteistiméireachtaSeo cúrsa nó ábhar a ghlactar thar thréimhse dhá bhliain do scolairí átá i mbun scrúdú na hArdteistiméireachta. Déanann an scoláire obair leanúnach ar ‘portfolio’ chomh maith le scrúdú scríofa atá déanta roimh scrúdú na hArdteistiméireachta. Thig poinntí a ghnothú ón chúrsa seo agus tú ag tarraingt ar Choláistí Triú Leibhéal, Ollscoileanna nó Institiúidí Teicneolaíochta.
| 20
LúthchleasaíochtTá clú agus cáil ar lúthchleasaithe Phobalscoil Ghaoth Dobhair. Le roinnt blianta anuas d`eagraigh an scoil rásaí Tras Tíre sa chontae agus tá go leor duaiseanna bainte ag scoláirí na Pobalscoile.
Glacann scoláirí ón Phobalscoil páirt fósta in Luthchleasaíocht faoi dhíon. Bíonn comórtais ann idir scoltacha dírithe ar scoláirí na chéad bhliana. Bíonn na scoláirí páirteachi gCraobh an Chondtae, Craobh na hÉireann chomh maith le foireann Uladh agus UK Sportshall.
21 |
Spórt - Peil Ghaelach
| 22
23 |
Peil Ghaelach agus Sacar2011 Peil Ghaelach – 14 A Craobh an Chontae
Sacar na Chéad Bhliana Craobh / Sraith an Chontae
Sacar – 14 A Craobh an Chontae
Sacar – 16 B 2ú áit sa Chontae
Cispheil Cailíní An 1ú áit (Gaelscoileanna)
2012 Peil Ghaelach - 14 A Craobh an Chontae
Peil Ghaelach (Cailíní) 1ú Bliain: Craobh an Chontae
Sacar – 14 B Craobh an Chontae
Sacar -16 B Craobh an Chontae
2013 Sacar Cailíní – 18 Craobh Uladh
Sacar Gasúraí -18 Craobh Uladh
Niall Ó Fríl, agus Cian Ó Maolagáin ar fhoireann Mhionúr Dhún na nGall
2014 Sacar 1ú Bliain Craobh an Chontae
Mícheál Ó Cearbhaill, Gary Mac Phaidin, Ciaran Mac Giolla Easbuig, Niall Ó Fríl, Gavin Mac Giolla Bhríde, Cian Ó Maolagáin ar fhoireann Mhionúr Dhún na nGall
2015 Sacar -18 Craobh Uladh
Dáire Ó Baoill mar Chaptaen ar Fhoireann Sacar na hÉireann -17.
Mícheál Ó Cearbhaill mar Chaptaen ar fhoireann Mhionúr Dhún na nGall agus a d`imir ar fhoireann sinsear Dhún na nGall. Gary Mac Pháidín, Dáire Ó Baoill, Naoise Ó Baoill, Seaghan Ó Fearraigh ar fhoireann Mhionúr Dhún na nGall
2016 Sacar 1ú Bliain Craobh an Chontae
Seaghan Ó Fearraigh agus Ódhrán Mac Pháidín ar fhoireann Mhionúr Dhún na nGall
2017 Sacar -19 Craobh Uladh, Craobh na hÉireann
Sacar -17 Craobh Uladh, Craobh na hÉireann
Galf Craobh an Chondtae
| 24
Spórt - Sacair
25 |
Spórt - Galf
Spórt - Cispheil
Spórt - Rothaíocht
| 26
Formula 1
Ghlac scoláirí na chéad bhliana páirt i gComórtas Formula 1 anuraidh. D`éirigh leo an chéad babhta a bhaint i gCaisleán an Bharraigh agus ghlac siad páirt i mbabhta ceannais na h-Éireann a bhí ar súil san RDS i mBaile Átha Cliath.
27 |
Cómórtais Ealaíne
2015: Comórtas Jigsaw: 2 Bhuaiteoir sa chomórtas: Ella Ní Chasaide agus Natasha Nic Menamin. Comhar Creidmheasa: 9 mbuaiteoir sa Chomórtas Ealaíne
2013: Inné agus Inniu: Taispeántas Grianghrafadóireachta sa Ghailearaí. 2011, 2012, 2013 & 2014: ‘Junk Kouture’
2010: Doodle 4 Google: Duais Náisiúnta bainte ag Megan Nic Eamharcaigh
2010 Trash Couture
2010 Comórtas Ealaíne Tromaíochta – 2 dhuais Contae
| 28
Drámaíocht agus CultúrIs cuid thábhachtach de shaol oideachasúil agus shóisialta na scoile an drámaíocht i bPobalscoil Ghaoth Dobhair. Bíonn deis ag scoláirí na Pobalscoile ról a ghlacadh i ndráma Gaeilge agus páirt a ghlacadh san Fhéile Scoildrámaíochta. Is cuid lárnach den oideachas breise an drámaíocht agus tugann sé féin mhuinín agus spreagadh dóibh siúd a ghlacann páirt sna drámaí éagsúla a bhíonn ar siúl. Tá móran duaiseanna buaite ag scoláirí na Pobalscoile sa drámaíocht ó bunaíodh an Phobalscoil i 1973 agus cuimhní cinn ar dóigh ag iar scoláirí ar na drámaí a rinne siad agus iad ag freastal ar Phobalscoil Ghaoth Dobhair.
29 |
Scléip Náisiúnta: (Comórtas Talainne Ghaelscoileanna)2010, 2011, 2012: 2 Ghradam Náisiúnta2013: 3 Ghradam Náisiúnta (Amhránaíocht agus Aithriseoireacht)2014: 3 Gradam Náisiúnta agus Príomhdhuais ‘Scléip 2014’2015: Seó Aonair 1ú Áit – Cathal Ó Cuireáin Damhsóirí Cruthaíoch -14 Craobh na hÉireann – 1ú Áit. Sceitse Aonair Ilchineálach: Clodagh Ní Ghallchóir 1ú Áit.2016: `Táibhsí 1916` Craobh na hÉireann Sceitse Nuachumtha2017: `Ré úr do TG4` Craobh na hÉireann Sceitse Nuachumtha Aoibhinn Ní Dheagha 1ú ait i gCeol Aonair Comhaimgeartha
Scoildrámaí:2010, 2011, 2012: Aisteoir is Fearr ag an Fhéile Náisiúnta2012: Craobh na hÉireann - ‘Caitlín Ní hUallacháin’ agus ‘In Aimsir an Mháirtínigh’2013: 2 Chraobh na hÉireann – ‘Peadar ag an Dochtúir’ agus ‘An Fear a Phós Balbhán’2013: Scoth-léiriú na Féile ag an Fhéile Náisiúnta (as 44 dráma) ‘An Fear a Phós Balbhán’2014: 2 Chraobh na hÉireann - ‘Cúrsaí Cleamhnais’ agus ‘Filleann an Feall ar an Fheallaire’
2015: Féile Áitiúil: 4 dhráma: ‘An Cearrbhach Mac Cába,’ ‘Bealach na Saoirse’, ‘Péire Speaclóidí’ agus ‘Seal dár Saol’ (Dráma nua-scríofa ag an Idirbhliain) 3 dhuais agus ainmniúcháin2015: Féile Uladh: 3 dhráma: Buaiteoir agus 2
ainmniúcháin Féile Náisiúnta: 2 Chraobh na hÉireann –
‘Péire Speaclóidí’ – Buaiteoirí Sinsearach (Eoin Ó Fearraigh/Seosamh Ó Baoill/Sorcha Ní Dhubhcháin) ‘An Cearrbhach Mac Cába’
2016: `Táibhsí 1916` Script is fear ag an Fhéile Aitiúl2017: Ó Phriosún go Priosún` Craobh na hÉireann ̀Arís` Tarlach Ó Dochartaigh an tAisteoir is
fear ag an Fhéile Aitiúl, Uladh agus Craobh na hÉireann
Díospóireacht:2012: Craobh na hÉireann – Díospóireacht Ghael Linn2013: Craobh na hÉireann Díospóireacht Ghael
Linn (Sóisear & Sinsear)2013: Craobh na hÉireann – ‘Debating Science Issues’2014: Craobh na hÉireann – Díospóireacht Ghael Linn (Sóisear)2013: Debating Science Issues` Craobh na hÉireann2012-14: Cháiligh do Craobh na hÉireanni gComórtas Díopóireachta2016-17: Ghael Linn Sóisear agus Sinsear
| 30
Díospóireacht sa PhobalscoilBíonn deis ag scoláirí páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí le linn a dtréimhse sa Phobalscoil. Bíonn scoláirí na Pobalscoile páirteach i gComórtas Díospóireachta Uí Chadhain agus d`éirigh le foirne na Pobalscoile Craobh na hÉireann a bhaint amach le cúpla bliain anuas. Tugann an díospóireacht taithí don scoláire ar chaint phoiblí agus faigheann siad spreagadh agus féin mhuinín a chuidíonn leis/léi sa todhchaí agus iad ag dul i mbun an tsaoil.
31 |
Drámaí BéarlaCuireann scoláirí na Pobalscoile isteach ar an Chomórtas Náisiúnta Drámaíochta do scoltacha agus an Chomórtas Chontae i Halla Butt i mBealach Féich achan bhliain. Mar pháirt de ranganna Béarla san Idirbhliain, scríobhann na scoláirí a gcuid drámaí féin. De ghnáth éiríonn go h-iontach maith leo achan bhliain, ag baint boinn agus coirn go rialta.
| 32
33 |
Bia Folláin sa PhobalscoilIs iad comhlacht Get Fresh atá i mbun na bialainne i bPobalscoil Ghaoth Dobhair. Déanann Eamon agus na girseachaí cinnte nach mbíonn ocras ar na scoláirí in am ar bith. Seo sampla don Bhiachlár atá le fáil ag na scolairí.
8.30 – 9.00 - BricfeastaTae, Tósta, Iógairt agus Torthaí
11.00 - SosRollaí Muiceola, Rollaí Ispín, Rogha Ceapairí, Scónaí, Anraith agus Bagels le Liamhás agus Cáis
1.15 - LónFeoil an lae le Prátaí agus Glasraí, Curaí Sicín le Rís, Wrap Sicín le Sailéad, Baguette Sicín BBQ le Sailéad, Panini le Liamhás agus Cáis, Pasta Carbonara le Arán Gairleoige, Pizza Pepperoni le Sailéad, Goujons Sicín le Prátaí agus Glasraí, Sailéad Torthaí úra, Sailéad Sicín agus Liamhás.
| 34
IdirbhliainCuirtear cúrsa leathan ar fáil sa Phobalscoil, cúrsa a chuidíonn le scoláirí feabhas agus forbairt a chur ar a scileanna agus a bpearsantacht. Bíonn na scoláirí iontach gníomhach i rith na hIdirbhliana le cursaí eagsúla msh:• Gíotar • Cúrsa Caidrimh• Céad Cabhrach • Cúrsa Muiníne• An Gaisce • Cosaint Leanaí• FAI Coacháil • Cúrsa Tarrthála• Taithí Oibre.
Tá nasc láidir idir scoláirí na hIdirbhliana agus an Pobal. Déantar obair dheonach uair sa tseachtain.
Cuidíonn na scoláirí sna Bunscoltacha áitiúla, san Ionad Lae, sa Leabharlann, Cumann Cathaoir Rotha na hÉireann agus Ionad Traenála Tobar.
35 |
Gnó san IdirbhliainIs ábhar fíorthábhachtach é Gnó i saol an lae inniu. Tá sé mar aidhm ag Pobalscoil Ghaoth Dobhair cultúr na fiontraíochta a chothú i measc scoláirí na hIdirbhliaina. Tugann sé deis do scoláirí oibriú ar ghnó nuair nach mbíonn ann ach smaoineamh agus bíonn an scoláire rann pháirteach i ngach páirt den ghnó ó thús go deireadh.
D’éirigh thar barr le scoláirí na Pobalscoile a bhí páirteach í gcomórtasaí fiontraíochta le blianta beaga anuas.
Fuair grúpa amháin ‘Number Ninja’s’ ón scoil an dara háit i gCraobh na hÉireann don ‘Junior Achievement’. Scríobh siad leabhar tacaíochta Matamaitice ag cur síos ar na bun phrionsabail sa Mhatamaitic.
Bíonn na scoláirí páirteach i gComórtais eagsúla a bhíonn eagraithe ag Údarás na Gaeltachta, Bord Fionntraíochta Dhún na nGall agus ‘Dragons Den’Bíonn seans ag scoláirí sa scoil páirt a ghlacadh i gcomórtas ‘Build a Bank Challenge’ atá a reáchtáil ag Banc Aontas Éireann. Cuidíonn seo lena scoláirí scileanna airgeadais a fhorbairt.
| 36
37 |
Eolaí Óg agus ScifestTá scoláirí na Pobalscoile ag glacadh páirt rathúil i dtaispeántas an Eolaí Óg achan bhliain ó bhí 2004 ann. Bíonn an taispeántas ar súil i halla an RDS i mBaile Átha Cliath ar feadh ceithre lá i mí Eanáir achan bhliain. Bíonn na scoláirí i láthair ag an taispéantas ar feadh an tréimhse ama sin agus bíonn imeacht difriúil ar súil dóibh gach oíche m.sh Tráth na gCeist, Dioscó. Tá an taispeántas oscailte do achan scoláire dara leibhéal in Éirinn. Is iomaí duais bainte ag scoláirí na Pobalscoile ag taispeántas an Eolaí Óg thar na mblianta.
2016: Comórtas BT an Eolaí Óg: 2 ghrúpa páirteach san RDS – 1 Duais Ainmnithe2015: Comórtas BT an Eolaí Óg: 6 ghrúpa páirteach san RDS2014: Comórtas BT an Eolaí Óg: 4 ghrúpa páirteach san RDS – 1 Duais Náisiúnta2013: Comórtas BT an Eolaí Óg: 5 ghrúpa páirteach san RDS2012: Comórtas BT an Eolaí Óg: 5 ghrúpa páirteach san RDS – 2 Dhuais Náisiúnta
| 38
ScifestIs comórtas Eolaíochta do scoláirí dara leibhéal é Scifest a bhíonn ar súil go réigiúnach ar fud na tíre i mí Bealtaine. Bíonn an comórtas áitiuil ar siúl in Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn agus bíonn scoláirí na Pobalscoile páirteach ann go rialta. Faigheann gach scoláire a chuireann isteach ar Scifest seans páirt a ghlacadh ar an lá. D’éirigh lenár scoláirí duaiseanna a bhaint gach bliain go dtí seo.
2013: Scifest 1ú áit2012: Scifest – 3 Dhuais
39 |
Carthanacht Tá tradisiúin fíor láidir ag scolairí na Pobalscoile
a bheith ag tacú le carthanachtaí áitiúla achan
bhliain. Eagraíonn na scoláirí imeachtaí eagsúla ar
nós Lá gan Éide Scoile, Siúlóidí Urraithe, Lá Gruaig
Chraiceáilte, srl.
Is iad rangannaí na hIdirbhliana, an Ardteist
Fheidhmeach, Gairmchlár na hArdteiste agus
ranganna CSPE is mó a bhíonn i mbun na hoibre
seo. I measc na gcarthanachtaí ar bailíodh airgid
dóibh tá Coiste Alzheimers Ghaoth Dobhair,
Oispís Dhún na nGall, Our Ladys Hospital Crumlin,
Ionad Lae Ghaoth Dobhair, Cumann Áitiúil Naomh
Uinsinn de Pól chomh maith le hairgead a bhailiú
don tSiúr Caitlín sna Philippines.
| 40
Turais Scoile
41 |
Turais Scoile
| 42
Turais Scoile
43 |
| 44
Pobalscoil Ghaoth DobhairNa Doirí BeagaLeitir CeanainnContae Dhún na nGallTeil: (074) 9531311
www.facebook.com/PobalscoilGhaothDobhair
Ríomhphost: pobalscoilgd.ias@eircom.netSuíomh Idirlín www.psgd.ie
Desig
n+pr
int b
rown
eprin
ters
ltd T
: (07
4) 91
2138
7.